Aimeiriciam
atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 95 (uimhir a cúig déag is
ceithre scór). Is é Am an
giorrúchán a shiombalaíos an dúil seo sna foirmlí ceimiceacha.
Cosúil leis na hachtanóidigh thrasúránacha eile is dúil shaorga
shintéiseach é a mbaineann radaighníomhaíocht léi, ach san am
chéanna is féidir a lán a rá i leith shaintréithe ceimiceacha an
aimeiriciam, toisc go bhfuil iseatóip aige atá na
céadta, nó fiú na mílte blianta ar leathré. Is é aimeiriciam a
243 (aimeiriciam dhá chéad a trí is dhá scór) an t-iseatóp is
cobhsaí, agus é 7270 bliain (seacht míle dhá chéad deich mbliana
déag is trí scór) ar leathré.
|
Úsáidtear aimeiriciam sna brathadóirí deataigh (na haláraim dhóiteáin). Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla |
Is
féidir aimeiriciam a aonrú mar ghlanmhiotal, ach ar ndóigh ní
bhíonn sé róchiallmhar, chomh radaighníomhach is atá sé mar
dhúil. Go tipiciúil ní astaíonn an t-aimeiriciam féin ach
alfa-cháithníní, ar cáithníní troma iad nach féidir leo mórán
dochair a dhéanamh, ach is scéal eile é ar fad cuid de na
hiníon-núiclídí, agus iad in ann gáma-radaíocht a astú.
Tá
an t-aimeiriciam ainmnithe as ilchríoch Mheiriceá, ar ndóigh. Tá
an t-aimeiriciam suite taobh thíos den eoraipiam i dtábla
peiriadach na ndúl, agus sin é an fáth ar bronnadh a leithéid
d’ainm air.
Is
í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an aimeiriciam
ina chuid comhdhúl ceimiceach ná +3, rud is gnách do na lantainídí
agus na hachtainídí.
OCSAÍDÍ
AN AIMEIRICIAM
|
Ainm
|
Foirmle
|
Uimhir
ocsaídiúcháin an aimeiriciam sa chomhdhúil
|
Nótaí
|
Aonocsaíd
aimeiriciam
|
AmO
|
+2
|
Níor
éirigh leis na heolaithe ach beagán beag bídeach den ocsaíd
seo a aonrú, agus mar sin is deacair a dhath a rá faoina cuma is
faoina cosúlacht
|
Seisce-ocsaíd
aimeiriciam (trí-ocsaíd dé-aimeiriciam)
|
Am2O3
|
+3
|
Solad
ruadhearg atá san ocsaíd seo. Is é an leáphointe atá aici ná
2205 °C
(dhá
mhíle dhá chéad agus cúig chéim de réir Celsius).
|
Dé-ocsaíd
aimeiriciam
|
AmO2
|
+4
|
Solad
dubh atá san ocsaíd seo. Comhdhúil thábhachtach í an
dé-ocsaíd aimeiriciam ó thaobh na húsáide praiticiúla de,
mar fhoinse alfa-radaíochta.
|
Is
léir go bhfuil cuid mhaith halaiginídí ag an aimeiriciam chomh
maith: an trífhluairíd aimeiriciam AmF3,
an tríchlóiríd aimeiriciam AmCl3,
an tríbhróimíd aimeiriciam AmBr3,
an trí-iaidíd aimeiriciam AmI3,
an teitreafhluairíd aimeiriciam AmF4,
an déchlóiríd aimeiriciam AmCl2,
an débhróimíd aimeiriciam AmBr2,
agus an dé-iaidíd aimeiriciam AmI2.
Tá dath bándearg (pinc) sa
dhá fhluairíd agus sa tríchlóiríd, agus tá na déhalaiginídí
dubh ar fad. Maidir leis an tríbhróimíd agus sa trí-iaidíd, tá
siad bán.
Cé
gur dúil éagobhsaí thrasúránach é an t-aimeiriciam, baintear
úsáid as go coitianta sna brathadóirí deataigh. An t-aláram
dóiteáin atá greamaithe den tsíleáil sa bhaile agat féin, is
dócha go bhfuil beagán beag aimeiriciam ann a chuidíos leis an
deatach a aithint.