Tuesday, April 20, 2021

Agena

 

Agena a thugtar ar an dá rud seo:

  • An réalta úd Beta Centauri nó Hadar i réaltbhuíon an Cheinteáir. Tríréalta atá i gceist agus de réir mar is gnách inniu ní thugtar Hadar go hoifigiúil ach ar an gcomhbhall is gile, is é sin, Beta Centauri Aa – is iad Beta Centauri Ab agus Beta Centauri B an dá cheann eile. (Dealraíonn sé nár shainigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta stádas ar bith don ainm Agena, rud a chiallaíos gur féidir é a thabhairt ar an réaltchóras go léir i gcónaí.) an réalta suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn. Fathachréaltaí teo bána nó bánghorma iad an trí chomhbhall. Tá Aa agus Ab deich n-oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus gach ceann acu fiche éigin míle chomh lonrúil léi. Maidir le B, tá sí ceithre nó cúig oiread chomh téagartha leis an nGrian. Ní cúis iontais é mar sin go bhfuil Agena ar réaltaí geala na spéire.

  • An gléas spáis úd Agena Target Vehicle. Gléas gan chriú a bhí ann agus é ag iompar trealaimh, agus é in úsáid in éineacht leis na spásbháid den chineál Gemini. Ba nós dhá roicéad a scaoileadh, ceann acu ag iompar Gemini agus an ceann eile ag iompar Agena, agus ansin rachadh criú an Gemini ar lorg an Agena sa spás le nascadh leis an ”bhfeithicil targaide”. Baineadh an chéad triail as gléas den chineál sin nuair a bhí Gemini a Sé le scaoileadh chun bóthair, i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1965, ach phléasc an tAgena sular bhain sé amach an fhithis. Bhí fadhbanna le cuid de na gléis den déanamh seo ina dhiaidh sin freisin.


Gléas spáis den déanamh Agena. Tabhair faoi deara nárbh ionann gach gléas den chineál seo, nó baineadh úsáid as dearthaí agus gléasraí éagsúla i rith na misean éagsúil. Seo an gléas ar cheangail an spásbhád úd Gemini 12 nasc leis i Mí na Nollag 1966. Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla.


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...