Thursday, November 24, 2022

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair 

Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus faoi shaol na tíre sin inniu. Ós eisean Uachtarán na Rúise, ní féidir neamhshuim a dhéanamh d’aon téacs dár tháinig óna pheannsan. Tá trácht fada ar an stair i dtús an ailt, ach is é an lá inniu is mó atá i gceist sa deireadh de. Rud soiléir é ná nach bhfuil an t-údar agus an fear a shínigh an t-alt – nach bhfuil siad sásta ach neamhspleáchas foirmeálta a cheadú don Úcráin, ar acht is go bhfanfaidh an tír sin i ndlúth-chomhghuaillíocht leis an Rúis agus í ag cloí leis na polasaithe is mian leis an Rúis. Is é príomhthéama an ailt ná gurb aon náisiún amháin iad na Rúisigh agus na hÚcránaigh agus nach bhfuil ach ciméara saorga i gceist le haon saindúchas Úcránach, scartha ón Rúis.

Is díol suime don staraí phroifisiúnta dhá ghné den alt:

1. Is dóigh leis an údar gur féidir náisiúntacht a shainmhíniú go hoibiachtúil. Má tá dhá fhéiniúlacht náisiúnta in iomaíocht le chéile tá ceann acu ceart agus an ceann eile mícheart. Seo an cineál tuiscint a bhí ag lucht leanúna na rómánsaíochta náisiúnta thiar sa naoú haois déag, tuiscint a d’imigh le fada an lá agus staidéar ceart á déanamh ar an náisiúntacht agus ar na féiniúlachtaí náisiúnta mar rudaí. Ní féidir a rá go bhfuil féiniúlacht náisiúnta ar bith ceart nó mícheart inti féin, is é an rud tábhachtach ná an bhfuil sí ag obair, is é sin an bhfuil na sluaite síoraí sásta faomhadh a thabhairt di. Níor éirigh le haon duine sainmhíniú oibiachtúil uile-oiriúnach a oibriú amach do choincheap na náisiúntachta. Ní hionann sin is a rá gur féidir linn ár rogha rud a rá – go hiarnua-aoiseach mar a déarfá – i dtaobh na náisiúntachtaí ná stair na náisiúntachtaí, ach is ionann é is a rá gurb í an tacaíocht ón bpobal a shocrós, cé acu atá féiniúlacht áirithe ann nó nach bhfuil. 


2. Deir an t-údar nach bhfuil i gceist leis an bhféiniúlacht Úcránach atá scartha ón Rúiseachas ach toradh d’insíothlú frith-Rúiseach ón gcoigríoch. Is dóigh leis gurb iad ríocht dhúbailte na Polainne agus na Liotuáine, impireacht na hOstaire is na hÚngáire agus, ina dhiaidh sin, bloc an Iarthair a chruthaigh an tÚcránachas. Ní thráchtann sé ar an ról a bhí ag an Rúis féin i bhfás agus i bhforbairt an Úcránachais. Má ghlactar leis mar fhíric bhunaidh gurb ionann iad an Rúis agus an Úcráin ó dhúchas agus nach bhfuil i gceist le féiniúlacht scartha na hÚcráine ach strainséirí naimhdeacha ón iasacht ag cur na réaltachta as a riocht, cad é mar a d’éirigh leis na naimhde sin a leithéid a chur i bhfeidhm ar an Úcráin chomh hiomlán? Cén fáth a bhfuil tacaíocht chomh forleathan, chomh fairsing ag muintir na hÚcráine leis an staid mhínádúrtha faoi láthair agus cén fáth nár éirigh leis an Rúis uilechumhachtach scéim fhrith-Rúiseach seo na naimhde a chosc, ar a bhfuil staid an lae inniu bunaithe, dar leis? 


Is iomaí botún atá san alt, is iomaí ciallú aibhéileach atá ann agus is iomaí rud ábhartha nach luaitear ann: ní féidir trácht ar gach uile rud den chineál sin i dtéacs gairid. Ní chuirfidh mé sonrú ach sa chuid is tábhachtaí acu. 

Deir an t-údar go dtéann fréamha na náisiúntachta Rúisí-Úcránaí, arb aon náisiúntacht amháin í dar leisean – deir sé go dtéann fréamha na náisiúntachta seo go blianta na Rúise Cíovaí ón 10ú go dtí an 13ú haoise. Bhí an rítheaghlach céanna ag rialú an dá thír agus b’ionann an reiligiún agus an teanga sa dá thír – chomh deireanach leis an tseachtú haois déag ba bheag an difríocht idir an Rúisis agus an Úcráinis. Tá ceist na teanga casta, áfach. An teanga a d’úsáidtí i scríbhinní na Meánaoise, ba í an tSean-Slaivis Eaglasta í. Ní teanga labhartha a bhí inti ach teanga scríofa amháin agus í bunaithe ar an gcineál Sean-Bhulgáirise a chloisfeá timpeall ar Theisealoinicé san am. Tá an teanga labhartha ina cúis achrainn idir na teangeolaithe, ach maidir le Soiscéal Peresopnytsa a breacadh síos faoi dheireadh na séú haoise déag is léir gur Úcráinis atá ann. Ní rabhthas ar aon bharúil faoin gcreideamh ach an oiread, mar ghné den chultúr a bhí ag aontú bhunadh Mhoscó agus na Polainne-Liotuáine. Sa tséú haois déag ba ghnách le muintir Mhoscó inimirceánaigh Ortadocsacha ón bPolainn-Liotuáin a athbhaisteadh, toisc nár glacadh leo mar lucht ceartchreidimh; thairis sin ní raibh eaglais Ard-Phrionsacht Mhoscó i dteagmháil leis an Eaglais Ortadocsach Dhomhanda. 

Is deacair comhnáisiúntacht na hÚcráine is na Rúise a mhíniú le tagairt don Rúis Chíovach ar chúis eile fós: is féidir cúiseanna chomh láidir céanna, agus níos láidire fós, a lua leis an Úcráin mar náisiúntacht scartha. Bhí limistéir lárnacha na Rúise Cíovaí suite san Úcráin, de réir gheograife an lae inniu, agus an Rúis nua-aimseartha i bhforimeall an stáit (Novgorod an t-aon eisceacht). Chuaigh na prionsachtaí beaga san Úcráin agus sa Rúis ó chéile nuair a d’fhorghabh na Mongólaigh an Rúis sna blianta 1237-40, nó roimhe sin féin. Deir Putin go bhfuair an Rúis Iarthar na hÚcráine “ar ais” nuair a rinneadh críochdheighilt ar an bPolainn sna blianta 1793-1795. Deir sé, fiú, go “bhfuair an tAontas Sóivéadach ar ais” (!) na críocha a ghabh sé ón bPolainn sa bhliain 1939. Bhí na críocha seo scartha ón Rúis le 500-700 bliain: cén fáth nach mbeadh an scarúint seo chomh tábhachtach le 300 bliain na haontachta le críocha na Rúise nua-aimseartha nach raibh iontu ach forimeall na ríochta san am sin? Na críocha a “fuair an Rúis ar ais” sa bhliain 1939 níor chuid de stát na Rúise iad riamh roimhe sin. Bhí trá thoir Abhainn Dnepr féin taobh amuigh de stát na Rúise ar feadh ceithre chéad bliain, ón tríú haois déag go dtí an bhliain 1654 – ina dhiaidh sin féin bhí rialtas dúchais faoi smacht na Rúise ag an limistéar sin go dtí na 1760idí. Cén fáth nach mbeadh tábhacht leis seo agus sinn ag iarraidh náisiúntacht mhuintir an limistéir a shainaithint? 

Ghlac Cosacaigh na hÚcráine, agus Bohdan Khmelnytskyi i gceannas orthu, le cumhacht na Rúise dá ndeoin féin sa bhliain 1654. Is é an chiall a bhaineas Putin as seo gur tháinig muintir na hÚcráine faoi bhratach na Rúise agus go raibh tucaidí náisiúnta nó náisiúnaíocha acu leis. Na tucaidí a bhí ag na Cosacaigh áfach bhí siad fréamhaithe sa pholaitíocht phraiticiúil den chuid ba mhó. Bhí Khmelnyts’kyi ina ghéillsineach do Ríocht na nOsmánach, is é sin don Tuirc, ar dtús, ach ansin chuaigh sé ar lorg tacaíochta ó Shár na Rúise nuair nach raibh sabhdán na Tuirce Osmánaí sásta teacht chun fortachta chuige in aghaidh na Polainne-Liotuáine. Fiú ina ghéillsineach don Rúis dó chuaigh Khmelnyts’kyi i gcomhghuaillíocht fhrith-Pholannach leis an tSualainn, cé go raibh an tSualainn díreach sáite i gcogadh eile in aghaidh na Rúise. Sna blianta a bhí chugainn bhí cuid de na Cosacaigh ina ngéillsinigh don Pholainn-Liotuáin, don Rúis agus do Ríocht na nOsmánach araon.

Deir Putin go dtugadh Khmelnytskyi russkii air féin agus ar a mhuintirsean ina chuid comhfhreagrais beag beann ar cé chuige ar seoladh an litir. Is fíor sin, ach ní mór a chur san áireamh nárbh ionann brí an fhocail ag na Cosacaigh agus inniu. Is sárannamh a d’úsáididís an focal céanna le tagairt do bhunadh na Rúise, a dtugaidís “muintir Mhoscó” orthu. Thairis sin cuireann Putin in iúl gur focal coitianta ar “imeall na tíre” ab ea ukraina san am sin. Botún amach is amach é seo. Cé go raibh de nós “slua cogaidh Zaporozhie” a thabhairt ar an bpobal a raibh Khmelnytskyi i gceannas air i gcomhthéacs an stáit, bhí “an Úcráin” in úsáid chomh maith mar ainm ar an limistéar a raibh na Cosacaigh ina sheilbh. Thiocfá ar an bhfocal i gcomhthéacs an stáit fosta, sna forógraí a dhírigh Khmelnytskyi ar an bpobal go léir, agus é ag tabhairt “hetman na hÚcráine” air féin mar theideal. 

Thrácht Putin ar ghabháltas na Rúise ar chósta na Crimé agus na Mara Duibhe sna 1780idí agus bhí an ceart aige nuair a dúirt gurbh é Novorossiia nó an Nua-Rúis a bhí ar an ngabháltas seo. B’fhíor dó fosta gur tháinig plandóirí nua ó gach taobh d’Impireacht na Rúise le socrú síos sna críocha seo. Sa choimhthéacs seo, áfach, d’fhág sé dhá fhíric thábhachtacha gan lua. An chéad rud: Cuid den limistéar seo, ba le Slua Cogaidh Zaporozhie é ó thús, agus ní fhéadfaí plandóirí nua a thabhairt isteach ansin, ach go bé gur cealaíodh an Slua Cogaidh féin agus gur díbríodh na Cosacaigh. An dara rud: amach ón gCrimé, lucht labhartha Úcráinise a bhí sa chuid is mó den mhuintir isteach sna críocha seo, rud a deimhníodh san aon daonáireamh a rinneadh anseo, sa bhliain 1897. 

Tá Putin admhálach gur cuireadh srianta leis na foilsiúcháin Úcráinise sa bhliain 1863 agus sa bhliain 1876, ach san am chéanna tá sé ag déanamh plána mín díobh agus ag cur na gcúiseanna as a riocht a bhí taobh thiar díobh. Seo rud atá seiceáilte agam féin sna bunfhoinsí cartlainne. Sa bhliain 1863 chuir Aire na gCúrsaí Inmheánacha Pyotr Valuev imlitir chuig na cinsirí inar choisc sé aon chineál litríocht Úcráinise a fhoilsiú a bheadh dírithe ar na gnáthdhaoine. Mar a chuir Valuev an imlitir i bhfoclaibh níor cheadaigh sí ach litríocht a bheadh dírithe ar an lucht ardoideachais chomh maith le caipéisí stairiúla; ní raibh sé ceadaithe a dhath eile a fhoilsiú as Úcráinis. Tá Putin ag iarraidh an nimh a bhaint den chosc seo agus é ag rá nach raibh ach “litríocht reiligiúnach agus pholaitiúil” coiscthe, cé go raibh na haibidlí agus litríocht faisnéise eile i gceist chomh maith. Deir Putin nach gcuirfí a leithéid de chosc i gcrích ar aon nós, ach go bé go ndearna na Polannaigh, agus iad ag éirí amach in aghaidh na Rúise sa bhliain 1863 – go ndearna siad iarracht a n-úsáid féin a bhaint as “ceist na hÚcráine” (le Putin na huaschamóga). Sin é an rud a dúirt Valuev, ach bhí a fhios aige féin nach mar sin a bhí. Bhí na Polannaigh cheannairceacha glan in aghaidh ghluaiseacht náisiúnta na nÚcránach, ó bhí siad féin barúlach gur leis an bPolainn críocha Iarthar na hÚcráine fad leis an abhainn úd Dnepr. Thairis sin, na srianta a cuireadh leis an bhfoilsitheoireacht Úcráinise d’fhan siad i bhfeidhm go dtí an bhliain 1905 – rud is deacair a dhlisteanú le tagairt don éirí amach a cuireadh faoi chois sa bhliain 1864.

Tá Putin ag teacht salach air féin: ar dtús luaigh sé gur ghair Lár-Chomhairle na hÚcráine, nó an Rada, Daonphoblacht den Úcráin i Mí na Samhna 1917, agus gur fhógair an Chomhairle chéanna neamhspleáchas na tíre i Mí Eanáir 1918, ach ina dhiaidh sin chuir Putin in iúl gurbh é an tAontas Sóivéadach a chruthaigh an Úcráin mar atá sí, seachas muintir na tíre féin. Thosaigh forbairt an stáit Úcránaigh i Mí an Mheithimh 1917 nuair a d’fhógair an Rada rialtas dúchais san Úcráin gan cead a lorg ón Rúis; ina dhiaidh sin chuaigh an Úcráin agus Rialtas Sealadach na Rúise i gceann comhchainteanna, agus ba é toradh na gcomhchainteanna seo gur thug an Rialtas Sealadach faomhadh don rialtas dúchais. Pé ciall a bhaintear as na himeachtaí seo, tháinig stát na hÚcráine ar an bhfód, ar a dhéanaí, nuair a gaireadh daonphoblacht den tír – is é sin, tháinig an stát sin chun saoil sular cuireadh cumhacht na mBoilséiveach i bhfeidhm ar an Úcráin. I dtoghcháin Chomhthionól Bunreachtúil na hUile Rúise ba iad Páirtí Sóisialta Réabhlóideach na hÚcráine agus Páirtí Daonlathach Sóisialta na hÚcráine a bhain amach tromlach na suíochán ón Úcráin. Mar sin bhí tacaíocht láidir ag an Daonphoblacht san Úcráin féin. Nuair a bhunaigh na Boilséivigh Poblacht Shóivéadach na hÚcráine ina dhiaidh sin, níorbh é sin chéad bhunú an stáit Úcránaigh, ach iarracht na mBoilséiveach freagra réadúil a thabhairt do na himthoscaí sa tír. 

Cháin Putin go géar an chomhghuaillíocht a shocraigh an Úcráine leis na Cumhachtaí Láir i Mí Feabhra 1918, agus é á dealramh le suíomh an lae inniu, cé nach bhfuil cúis cheart leis an analach seo: iad siúd atá ag iarraidh “cumhacht ón taobh amuigh” a chur i bhfeidhm ar an Úcráin, deir sé go mba chóir dóibh  cuimhneamh ar an dóigh ar chuir na Cumhachtaí Láir ruaig ar rialtas na tíre sa bhliain 1918 agus puipéad dá gcuid féin, an hetman Pavlo Skoropads’kyi, ag rialú na tíre ina dhiaidh sin. Is fíor go raibh an hetman seo i dtuilleamaí na gCumhachtaí Láir agus é beag beann ar mhuintir na tíre. Scéal ar fad é áfach a scéal siúd atá i gceannas ar an Úcráin inniu: fuair siad a mandáid i dtoghcháin shaora ilpháirtithe. Má fhágann an t-údar fíricí eile ar lár, is anseo a fheictear an t-easnamh is suntasaí den chineál sin: an chomhghuaillíocht a socraíodh leis na Cumhachtaí Láir, ba é ba chúis leis ná an t-ionsaí a rinne an Rúis Shóivéadach ar an Úcráin i Nollaig na bliana 1917 gan spreagadh ar bith. I dtús an chogaidh cheap an Rúis a rialtas malartach féin don Úcráin, agus ní raibh de rogha ag fíor-rialtas na tíre ach cabhair a lorg ó na Cumhachtaí Láir.

Rinne Putin trácht fada cuimsitheach ar bhunú an Aontais Shóivéadaigh sa bhliain 1922 agua ar chéad bhunreacht an Aontais chéanna ón mbliain 1924. Na stáit a d’fhág slán ag an Aontas, ba chóir dóibh, dar leisean, na críocha a thabhairt uathu ar ais a cuireadh leo i ndiaidh bhunú an Aontais. Dearcadh spéisiúil é seo más í an Úcráin atá faoi chaibidil, nó nuair a chuaigh an Úcráin san Aontas Sóivéadach go foirmiúil, ba chuid den Úcráin é limistéar Taganrog, a haistríodh sa bhliain 1926 chuig an Rúis. An bhfuil Putin fonnmhar anois limistéar Taganrog a thabhairt ar ais don Úcráin? Níos tábhachtaí fós, ní raibh stáit neamhspleácha sna poblachtaí Sóivéadacha agus ní dheachaigh siad san Aontas Sóivéadach ina ndeoin féin. Deir Putin go ndearnadh leatrom agus éagóir ar an Rúis nuair a socraíodh teorainneacha na bpoblachtaí – le fírinne áfach rinne na Boilséivigh a ndicheall teorainneacha na náisiúntachtaí agus na dteangacha a urramú. Ar ndóigh, eisceacht ab ea é an dóigh ar hathraíodh an Chrimé ón Rúis chuig an Úcráin ar chúiseanna praiticiúla eacnamaíochta sa bhliain 1954. 

Deir Putin go raibh an tAontas Sóivéadach sna 1920idí agus sna 1930idí ag dul le polasaí an Úcránachais, is é sin ag iarraidh daoine a thabhairt chun Úcránachais in aghaidh a dtola. Is aisteach an dearcadh é seo, nó, más fíor gur thosaigh polasaí an Úcránachais sa bhliain 1922, cuireadh deireadh leis an bpolasaí céanna. Cuireadh céim ar an Rúisis mar phríomhtheanga arís, agus daoradh rogha an aos intleachta san Úcráin i dtriail bréige. Faoin am céanna bhí ocras mór ag siúl na hÚcráine, gorta ba trúig bháis do 3.9 milliún duine, de réir is mar a deir feadhain taighde Acadamh na hÚcráine. Is é tuairim na staraithe Úcránacha, chomh maith lena lán staraithe Iartharacha, gur cinedhíothú a bhí ann agus é dírithe ar na hÚcránach, rud nach dtugann na staraithe Rúiseacha ná an chuid eile de staraithe an Iarthair faomhadh dó. Is léir go raibh lucht rialtais an stáit Shóivéadaigh dírithe ar dhaoine a mharú le hocras thar an ngeimhreadh 1932-1933, ach is ábhar conspóide é, arbh í an náisiúntacht an tucaid. An dóigh a rabhthas ag géarleanúint an aos intleachta áitiúil agus ag cur coireanna bréige ina leith tugann sé le fios go mór mór gurbh í an náisiúntacht Úcránach siocair na géarleanúna. Ní luann Putin an gorta ar aon nós, ach amháin nuair a bhíos sé ag cánadh na nÚcránach as a bheith ag tabhairt cinedhíothú ar “ár gcomhthragóid”. 

Ag scríobh faoi na himeachtaí sa bhliain 2014 agus ina dhiaidh sin, áfach, fágann an t-údar slán ag an réaltacht go hiomlán. Cuireann sé locht ar an Úcráin faoi na trí dhéag míle de dhaoine a maraíodh sa chogadh, agus ní luann sé beag ná mór gurbh í an Rúis a d’ionsaigh an Úcráin. Is é barúil an údair n ná, nuair a cuireadh daonphoblachtaí Donetsk agus Luhansk (mar a thugtar orthu) ar bun, gurbh iad muintir na mbólaí céanna a bhunaigh iad le teacht slán ó fhoréigean rialtas na hÚcráine. Is é fírinne an scéil áfach nach bhfuair ach aon duine amháin bás de thoradh an fhoréigin pholaitiúil idir an 23ú lá de Mhí Feabhra 2014 (nuair a tháinig deireadh le réabhlóid Maidan) agus an 12ra lá de Mhí Aibreáin sa bhliain chéanna – agus an duine seo a maraíodh, bhí sé ag glacadh páirte i léirsiú ar mhaith le neamhspleáchas na hÚcráine in Donetsk.

Is é an tátal ginearálta a bhainfeá as an alt ná gurb é barúil an údair gur aon náisiún amháin iad na Rúisigh agus na hÚcránaigh beag beann ar an tuairim atá ag na hÚcránaigh. Imprisiún láidir eile é ná nach bhfuil an t-údar ábalta locht ar bith a fháil ar pholasaithe na Rúise san Úcráin inniu ná inné. Más dóigh lena lán Úcránach gur namhad í an Rúis, an bhfuil baint ag an alt seo leis sin, meas túY?





Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...