Wednesday, March 17, 2021

An Béarlóir Deireanach (sliocht tosaigh as úrscéal)

 

An Béarlóir Deireanach


úrscéal sochtheangeolaíoch le Panu Petteri Höglund





Iarúsailéim


An rud is luaithe is cuimhin liom ó laethanta mo chéad óige ná mo sheanmháthair ag rá amhráin faoi Iarúsailéim. Ó nach raibh ionam san am sin ach tachrán trí bliana ní raibh a fhios agam ach ar éigean cá dó a raibh an dán ag tagairt, ach is éard a bhí sé a thabhairt le fios ná go raibh Iarúsailéim suite i Sasana, nó go mba chóir dúinn Iarúsailéim a thógáil i Sasana. Mar sin, nuair a chonaic mé an chéad fheasachán teilifíse ag tabhairt cur síos ar an dóigh a raibh na hIosraelaigh agus na Palaistínigh in adharca a chéile faoi Iarúsailéim, baineadh scanradh mór asam, ó shíl mé gurbh anseo, i Sasana, a bhí na buamaí á bpléascadh is na tancanna ag bagairt a gcuid gunnaí. D'fhéadfá a rá gur tháinig sórt feirge orm le lucht an dá thaobh freisin: cén teideal a bhí acusan ar Iarúsailéim, nuair ba léir d'aon duine a chuala an t-amhrán sin gur linne, muintir Shasana, an chathair lonrúil úd?


Ansin rinne Mamó gáire agus mhínigh sí dom nach raibh ach deisbhéalaí filíochta i gceist le hainm na cathrach san amhrán. Thrácht sí ar chomh tábhachtach is a bhí Iarúsailéim do lucht leanúna an trí chreideamh a bhí ag tabhairt urraime don aon Dia amháin a bhí ann, is é sin, an Chríostaíocht, an tIoslam agus an Giúdachas. Cé gur náisiúnaí Sasanach ab ea í, bhí sí lách leathanaigeanta mar dhuine agus í cairdiúil le daoine ó gach dream reiligiúnach dá raibh ar fáil inár gcathair. Mar sin, nuair a d'inis sí scéal Iarúsaileim dom, ní dhearna sí iarracht ar bith fabhrú d'aon taobh i gcoimhlint an Mheán-Oirthir.


Ba é an tátal a bhain sí as an iomlán, áfach, go raibh muidne, na Sasanaigh, na fíor-Ghaill, an oiread sin chun tosaigh ar na hIosraelaigh agus ar na Palaistínigh araon is go raibh muid ag iarraidh Iarúsailéim nua a chruthú inár dtír féin, in áit a bheith ag cur cogaidh ar a chéile faoin tseanchathair i lár an fhásaigh. Sin é an náisiúnachas Sasanach a bhí Daideo agus Mamó a chleachtadh, an cineál náisiúnachais lenar tógadh mise. Ní féidir liom a rá go mbeinn saor ó gach uile shórt ciníochais nó biogóideachta, nó tá mé torrach le peaca na sinsear díreach cosúil leis an gcine daonna ar fad; ach is é an mothúchán is mó a d'fhoghlaim mé a ghlacadh leis an dá dhream thuasluaite sin ná trua, ó bhí siad chomh ceangailte sin de rudaí saolta cosúil leis an gcathair bhocht úd, fiú i gcúrsaí creidimh. Sinne, na Sasanaigh, áfach, ba dhaoine de shaghas eile sinn: bhí muid in ann cathair bheannaithe dár gcuid féin a chur ar bun pé áit a raibh cónaí orainn.


Agus nach raibh ár gcuid cathrach tógtha againn ar fud an domhain? Bhí lorg láimhe an tSasanaigh le feiceáil ón Astráil go Meiriceá. Bhí bunadh na dtíortha eile ag plódú isteach sna cathracha a thóg daoine dár muintir féin. Le fírinne nuair a chuala mé an t-amhrán sin á chanadh ag Mamó cuireadh an chéad shíol leis an tuiscint i mo chroí istigh gurbh í Sasana fíorthír na tairngire agus go raibh grá ar leith ag an aon Dia amháin sin do mhuintir Shasana.


Bhí náisiún amháin ar dhroim an domhain seo áfach nach raibh Mamó ná Daideo ródhoirte dó: ba é náisiún na hÉireann é. Na Gaeil.


Is léir nach raibh an tseanlánúin báúil leis an Eaglais Chaitliceach, ”eaglais na nGael” mar a thugtar uirthi i leathchaint na sráide, nó bhí siad barúlach go raibh an locht céanna uirthi agus a bhí ar an dá chreideamh úd eile: go raibh na Caitlicigh ródhoirte don Róimh mar áit ar leith ar dhroim an domhain, díreach mar a bhí na Giúdaigh agus na Muslamaigh ag dul thar fóir ag urramú Iarúsailéim. Dream eile ab ea na Gaeil nár thuig go mba chóir do gach duine a leagan féin d'Iarúsailéim nó den Róimh a thógáil san áit ar tharla sé féin ina chónaí.


Scéal eile fós áfach go raibh na Gaeil tar éis ár dteanga a bhaint dár mbéal.


Sin é an scéal: a fhad is a d'fhan mé sa bhaile, ba é an Béarla príomhtheanga mo shaoil. Nuair a chuaigh mé thar tairseach amach, áfach, ba í an Ghaeilge an t-aon urlabhra a bhí le cloisteáil, Gaeilge sráide Shasana agus Bhaile Átha Cliath a fuair a fuaimniú ó Chúige Uladh, a gramadach ó Chúige Chonnacht agus a cuid eascainí ó gach contae idir Tigh Móire agus Donncha Daoi. Ba í teanga chrua chruálach na Tíre Duibhe í, teanga a bhí truaillithe le crístíní agus le cacamas cainte, díreach mar a bhí timpeallacht na mbólaí seo salaithe ag an ngual. Caithfidh mé a admháil gurb ar éigean a bhí mé féin in ann a shamhlú go bhféadfainn béarlagair breá bríomhar brúidiúil na sráideanna sin a aistriú go Béarla na Banríona choíche. Teanga ab ea an Béarla a bhí oiriúnach do na seanleabhair dhlí – díreach cosúil le sean-Fhraincis na Normannach – agus do na hóráidí oifigiúla. Níor ghnách leis an mBanríon féin ach cúpla focal Béarla a rá ar mhaith leis an nós imeachta; ansin chromadh sí ar an nGaeilge le go dtuigfeadh na géillsinigh í. Ní raibh mórán Béarla á labhairt sa chúirt ríoga ar na saolta seo: bhí an Bhreatnais féin ní ba líofa ag comharba na ríona.


Cé go mbíonn lucht athbheochana an Bhéarla ag áitiú gur rud dothuigthe doghlactha ar fad é náisiún chomh láidir, chomh hurrúnta leis na Sasanaigh a theanga a chailleadh, tá mé admhálach, cé gur le luachanna na gluaiseachta sin a tógadh mé, nach raibh a dhath mínádúrtha leis an bhforbairt úd. Nuair a thosaigh ár muintir ag socrú síos in Éirinn i ndiaidh ár ngabháltais ar an tír sin, ní raibh an dara rogha acu i ndáiríre ach dul leis an nGaeilge, ó bhí cultúr chomh saibhir, chomh suimiúil, chomh láidir ag bunadh na tíre. Cláirseacha mallaithe na nGael, mar a deir lucht athbheochana an Bhéarla – chuaigh na cláirseacha sin i bhfeidhm agus i bhfairsinge i Sasana féin, chomh maith le ceol na nGael, agus tháinig an teanga sna sálaí ag an gceol.


Na ceoltóirí agus na filí sin ó thír na nGael! Ba nós le maithe agus le móruaisle Shasana a shíleadh nach raibh iontu siúd ach sórt searbhóntaí ag baint an fhaobhair de chruatan laethúil an tsaoil lena gcuid fonnadóireachta. Le fírinne ba iadsan na ceannródaithe a chuir tús le gabháltas neamharmtha na nGael ar Shasana. B'iomaí fonn dá gcuid a d'fhoghlaim cosmhuintir Shasana ina n-ainneoin, agus nuair a rinne siad aithris ar na focail nár thuig siad go fóill, thosaigh Gaelú na nGall.


Ar ndóigh níor leor na ceoltóirí le Sasana a chur ag labhairt Gaeilge. Is dócha nach rachaimis leis an teanga iasachta sin chomh hiomlán seo choíche, ach go bé gurbh iad na Gaeil a thug Meiriceá chun míntíreachais. Ó bhí Éire suite idir sinn agus an tOileán Úr, ba dhual dúinn lucht coilínithe na mór-roinne sin a earcú as measc na nGael. Bhuel, admhaím gurbh iomaí duine acu a fuadaíodh óna mhuintir lena chur ar bhord an bháid bháin, sin é an cineál fruiliú a bhí i gceist dháiríre. Pé scéal é ní raibh lucht ár rialtais inbharúla riamh go raibh a dhath cearr le fairsinge na Gaeilge sna coilíneachtaí. Daoine praiticiúla a bhí iontu, mar ba dhual do mhuintir Shasana riamh. Bhí na Sasanaigh i dtaithí na Gaeilge sa bhaile cheana féin – ghlac siad leis gur ceann de theangacha tábhachtacha ár ríochta a bhí inti. Bhí muid ag rialú na hÉireann le fada an lá. Níorbh adhnua le haon duine Gaeilge a bheith á labhairt thar lear chomh maith.


Gaeilge Mheiriceá! Gaeilge ar leith a bhí inti. Iad siúd a chuir tús leis na Stáit Aontaithe, thugaidís Albanaigh Uladh orthu féin, agus ba í Gaeilge Uladh a dteanga, cé go mbídís sásta Béarla a labhairt leis na huaisle a thagadh ar cuairt ó Shasana. ”Chan fhuil”, ”cha dtuigim”, ”char glanadh an seomra go sea”, sin é an cineál Gaeilge a chloisfeá uathusan. Ba é sin an saghas Gaeilge a chuaigh ar fud an domhain i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na saighdiúirí gleoite gliondracha ó Mheiriceá leis an ruaig a chur ar shluaite Hitler, agus orgán béil le gach fear acu le fonn binn Gaelach a chrochadh mar chomhartha do dhíomua na Gearmáine agus don tsaoirse a d'fhill. Sin í an teanga a chluintí ar na scannáin Mheiriceánacha fosta, agus iad ag tonnadh isteach chugainn ó mhonarcha na n-aislingí ar chósta thiar Mheiriceá, Coill an Chuilinn i gCalafóirne in aice le Cathair na nAingeal.


Agus i dteach lucht athbheochana an Bhéarla féin ní féidir macalla na Gaeilge áirithe sin a sheachaint. Sasanaigh go smior ab ea Daideo agus Mamó, ach mar sin féin ba é an scannán ab fhearr leo ná Síobtha ar Shiúl. Tá a fhios agaibh an ceann a chaitheas súil an chumha (nó ”súil na cumhaidhe” mar a deir an Meiriceánach) ar an saol a bhí sa Deisceart timpeall ar bhlianta an Chogaidh Chathartha (inniu féin tugann bunadh an Deiscirt ”an Cogadh eadar na Státaí” air).


Ní deacair a rá cén fáth a ndearna Daideo agus Mamó an oiread sin comhionannú le cinniúint Scarlóidín Ní Eadhra agus a muintire. B'ionann, ar bhealach, oidhreacht chultúrtha na Sasanach agus seansaol an Deiscirt: d'fhuadaigh an dá dhúchas le gaoth, ní raibh ceachtar den dá ghrúpa – fíor-Ghaill Shasana agus plandóirí an Deiscirt – in ann stoirm na n-imeachtaí a sheasamh. Ní chanann aon duine an t-amhrán faoi Iarúsailéim i Sasana a thuilleadh, ní léann aon duine saothar Jane Austen ná Edgar Allan Poe féin, ach amháin in aistriúchán Gaeilge b'fhéidir.


Is éard is ábhar don scannán sin ná an cruatan a d'fhulaing plandóirí saibhre an Deiscirt nuair a baineadh a gcuid sclábhaithe gorma díobh. An mb'fhearr le Mamó is le Daideo, b'fhéidir, na Gormaigh a fhágáil in umar aimléise na daoirse go deo? Ní hea muis. Bhí Mamó in ann na deora goirte a dhoirteadh agus í ag smaoineamh ar sclábhaí gorm ar díoladh a bhean chéile le plandóir eile. Bhí sí tar éis leabhair ar nós Bothán Shean-Tomáis a léamh, sin nó Eachtraí Fhinn Óig. Thuig sí éagóir na daoirse go maith, mar sin. Bhí dáimh aici fosta le Máirtín Liútar Ó Cuinn, ceannaire na nGormach a bhí ag cur ar son a gceart thall sna Stáit. San am chéanna bhí sí inbharúla nach raibh sé ceart ná ciallmhar scód a ligean leis na Gormaigh gan iad a ullmhú d'éilimh na saoirse. Ba chóir do na plandóirí ceirdeanna agus scileanna proifisiúnta a mhúineadh do na Gormaigh, ar sise, in áit iad a chur ag baint an diabhal cadáis.


D'fhéadfá a rá go ndearna muid an botún céanna leis na Gaeil”, ar sise lá amháin. ”Níor mhúin muid léann ná Béarla dóibh, agus inniu níl léann ná Béarla ag aon duine inár dtír féin.”


Cé go raibh Mamó agus Daideo chomh ceanúil is a bhí ar eachtraí Scarlóidín, fuair siad locht ar ghnéithe áirithe den scannán agus den úrscéal araon. Meiriceánach de phór Chaitliceach na hÉireann ab ea Máiréad Ní Mhistéil, an bhean ar tháinig an scéal óna peann, agus ar ndóigh chuir sí teaghlach Gaelach Caitliceach i lár an aonaigh sa leabhar. ”B'fhearr seanuaisle Protastúnacha Sasanacha a dhéanamh díobh”, arsa Mamó, ”rud a bheadh ní ba chóngaraí d'fhíorimeachtaí na staire.” Sampla de shlítheántacht na nGael a bhí ann, dar leis an tseanbhean, an dóigh ar cham an bhean Éireannach sin an fhírinne. ”Ó muis”, arsa Daideo ansin. ”Is leis na Gael-Mheiriceánaigh na stiúideónna go léir i gCoill an Chuilinn.” Agus dá réir sin bhí na stiúideónna céanna sásta an leagan Éireannach den stair a chraobhscaoileadh fud fad an domhain: laochra Éireannacha a dhingeadh isteach san áit nach raibh bun ná bunús ceart leo, agus cinnte bhí an Ghaeilge á spalpadh ag carachtair stairiúla nach raibh focal den teanga sin acu de réir na fianaise comhaimseartha.


Ach cinnte ní rithfeadh le haon duine de ghróintíní na ceirde scannán Béarla a léiriú, agus ní bheadh maoiniú ná urraíocht ar fáil dá leithéid. Ó am go ham ar ndóigh d'fheicfeá an cúpla focal ar an scáileán, mar chuid den fheistiú stáitse agus de ghrá na ceartstairiúlachta, rud bacach éigin cosúil le NOT WAY IN HIM THIS HERE TOILETES TOO WOMANS, agus ansin bheadh gluaiseacht an Bhéarla sna trithí áthais go ceann coicíse, beag beann ar an drochghramadach ghránna.



An Chathair gan Ainm


An chathair bheag ina raibh cónaí orainn, ní raibh ainm ceart uirthi – is é sin bhí sraith ainmneacha uirthi, mar is gnách i Sasana ar na saolta seo, agus iad go léir mícheart. Bhí ainm amháin uirthi i gcanúint thraidisiúnta an cheantair, ainm eile i mBéarla na Banríona, agus dhá nó trí leagan Gaelaithe den dá cheann seo in úsáid. Léifeá leagan amháin acu os cionn dhoras mór na comhairle cathrach, leagan eile ar fhógrán na fáilte chois an bhealaigh mhóir agus leagan eile fós ar an bhfógrán a d'fhág slán agus beannacht ag an gcuairteoir. Níor bhac an Stát riamh le logainmníocht na tíre a léarscáiliú ná a chaighdeánú mar ba chóir. Bhí a fhios ag an uile dhomhan ainmneacha na gcathrach mór ar nós Londain nó Learphall, agus ba chuma nó vaits leis na húdaráis faoi ainmneacha oifigiúla na gcathrach beag. Bhí a fhios ag a mbunadh cá raibh siad ina gcónaí, agus ní raibh suim ná suaiméad ag daoine eile i bprochóga bochta den chineál sin cibé scéal é.


D'fhoghlaim mé léamh agus scríobh an Bhéarla sa bhaile, i bhfad sular thosaigh mé ar scoil. Bhí saint agam sna leabhair, nó bhí saol eile iontu, saol ba ghalánta, saol ab uaisle i bhfad ná gnáthlá ár gcathrach – saol Béarla, le fiche focal a chur in aon fhocal amháin. Bhí laochra na leabhar ag labhairt Béarla le chéile, Béarla a bhí ag cur thar maoil le hionracas agus le múineadh. Ní raibh a leithéid de ghlan-Bhéarla le cloisteáil sa teach s'againn féin. Fiú nuair a thagadh seanchairde ar cuairt chugainn, ní bhíodh ach Béarla mille maide á labhairt acu. A chanúint féin ag gach uile dhuine acu, í foghlamtha ó fhoinsí éagsúla nach raibh ag teacht le chéile ach ar éigean.


Duine amháin acu b'fhéidir gur chaith sé seal i Sír Eabhrac agus seal eile i Sír Dhorsait, agus é ag iarraidh na blúiríní a phioc sé leis ó chaint na nGalltachtaí difriúla go léir a chur in oiriúint dá chéile agus don chaighdeán scríofa – ach ar ndóigh ní dheachaigh an chuid ba mhó d'fhocail chanúnacha na gceantar sin i bprionta in aon leabhar riamh, amach ó fhoclóir mór Dhonaldson agus Wauldron b'fhéidir. Pé Béarla a chuala mé ón tseanlánúin ba bheag an cuidiú a bhí ann le hadhmad ceart a dhéanamh dá raibh le rá ag na cuairteoirí i bparlús ár dtí. Ar ndóigh bhí crampa gránna na Gaeilge ar an gcuid ba mhó de na cainteanna a chloisfeá uathu, gan aon trácht a dhéanamh ar an lorg a d'fhág teanga sin an tromlaigh mhóir ar dhul na bhfocal, ar an dóigh a mbíonn siad ag brath ar a chéile agus ag dul i bhfeidhm ar a chéile – ar an gcomhréir, mar a deir an teangeolaí.


Thou art a bhí ag duine acu, thou be'st ag duine eile, agus you are ag an tríú duine. Very good a dúirt an fear seo, ach má dúirt, ní raibh a chéile comhrá sásta leis sin, ó bhí sé tar éis unco good a fhoghlaim sa Ghalltacht ab ansa lena chroí féin, agus an tríú duine ag áitiú go mba chóir don bheirt eile sore good a rá ar mhaithe leis an gcomhréiteach (agus leis an gcanúint a bhí aige féin). Agus cad é ba chiall leis an aidiacht úd silly? ”Amaideach”, a d'áitíodh duine as an mbeirt, agus an chuid eile acu dianbharúlach gurbh é ”ádhúil” an cheartchiall.


Mar sin ní teanga a bhí sa Bhéarla ach iarsmaí teanga – rácáil agus scuabadh na nduillí a bhí scaipthe ar an talamh timpeall an tseanchrainn mhairbh. Ar mhaithe leis an litríocht, go bunúsach, a d'fhoghlaimeofá Béarla, ach an gcabhródh na canúintí labhartha leat, an beagán a bhí fágtha díobh, saothar na n-údar clasaiceach a thuiscint? Agus an bhféadfá an chaint chomhaimseartha a chur ar pár sa chaighdeán chlasaiceach?


Seoirse Óirbhéal ag labhairt


Is beag trácht ar an mBéarla a d'fheicfeá ag scríbhneoirí nua-aoiseacha Shasana, nó rinne an chuid ba mhó acu talamh slán den Ghaeilge mar ghnáthurlabhra phobail, ach is féidir liom tagairt a dhéanamh do cheann d'aistí móra Sheoirse Óirbhéal, scríbhneoir agus gníomhaí Sóisialach ar chuala an saol mór iomrá air.


Mar is eol do chách, intleachtóir meánaicmeach a bhí ann agus é idir an dá thine Bealtaine i leith a lán rudaí: ní raibh sé cinnte cé acu ab fhearr leis nósanna na meánaicme a thréigean ar mhaithe le béasa an lucht oibre, nó cultúr na meánaicme a mhúineadh don lucht oibre. Is é mo thuairim féin go raibh mo dhuine idir dhá chomhairle i dtaobh an Bhéarla chomh maith. I ndiaidh dó taighde a dhéanamh ar shaol na bprólatáireach Sasanach le haghaidh a leabhair An Bealach go Cé an Bhoigín rinne sé a mharana ar an teagmháil a bhí aige le cainteoirí dúchais deireanacha na háite, agus ansin bhreac sé síos cúpla alt faoi cheist an Bhéarla. Seo sliocht as a ndúirt sé san aiste Ceist na Teanga agus Cúis an Lucht Oibre i Sasana:


Bhí stádas réasúnta ard ag an teanga i Scoil Éatúin mar ábhar teagaisc, ach ar ndóigh ní rithfeadh le haon duine matamaitic, cuir i gcás, a mhúineadh i mBéarla. Go bunúsach is é an dearcadh a bhí ag lucht riaracháin na scoile ná gur teanga chlasaiceach a bhí sa Bhéarla cosúil leis an Laidin agus go gcaithfeadh an fear uasal Sasanach bheith in ann litríocht a léamh i dteanga na sinsear agus tagairt a dhéanamh don litríocht sin ó am go ham, ach sin a raibh ann. Níor fhoghlaim muid ceartfhuaimeanna na teanga ar aon nós, nó b'fhearr leis na múinteoirí an ”Fuaimniú Liteartha” nó litreary pronountiacion nach bhfuil cosúil le canúint ar bith. Sin é an tuiscint a bhí ag na hoideachasóirí uasalaicmeacha ar an mBéarla mar theanga.


Anseo a aithnímid brí an ”chultúir náisiúnta” mar choincheap, de réir thuiscint na huasalaicme: an dalta atá ag déanamh staidéir ar an gcultúr sin ní fhoghlaimíonn sé ach litríocht a léamh – litríocht nach bhfuil úimléid inti do lucht ár linne, litríocht atá scríofa i stíl nach bhfuil in aon chóngar do chaint na ndaoine.


Tá scríbhneoirí uasalaicmeacha ann i gcónaí agus iad ag iarraidh an tseanteanga a shaothrú ina gcuid scríbhinní. Chuaigh an Béarla in éag mar theanga labhartha i measc na maithe agus na móruaisle le fada, agus mar sin ní beotheanga é an Béarla caighdeánach in aon áit ná in aon aicme a thuilleadh. Gaeilge a labhraítear i gcúirt an Rí féin, cé go bhfuil an cuople of wurd ag an rítheaghlach go léir, ar mhaithe leis an gcur i gcéill. Níl de réalt eolais ag na scríbhneoirí sin ach traidisiún clasaiceach na litríochta Gallda, agus tá a fhios againn nach gcardálann scéalta na litríochta sin ach saol na huasalaicme anallód.


Is ar éigean a thiocfá ar chur síos ar bith ar obair choincréiteach sa chineál sin scríbhneoireachta, ar oibriú na n-uirlisí. Tháinig na leabhair sin ó pheann leisceoirí cruthanta, daoine nach ndearna bang oibre riamh ina saol. Mar sin ní raibh focail ná teilgeanacha cainte acu ar conas úsáid a bhaint as an tsluasaid nó as an gcasúr féin. Má dhéanann scríbhneoirí uasalaicmeacha Béarla ár linne trácht ar bith ar gharbhobair d'aon chineál nó fiú ar ghluaiseachtaí na ngéag – comharthaí láimhe mar shampla – aithneoidh an léitheoir ar an toirt lorg na Gaeilge ar an bhfoclaíocht.


Tá a lán scríbhneoirí nó smaointeoirí Sóisialacha sa tír seo barúlach gur teanga fhrithghníomhach fhrithdhaonlathach é an Béarla agus nach féidir litríocht lucht oibre a shamhlú sa teanga sin ar aon nós. Ní thig liom aontú leo siúd. Tá sé furasta go leor téarmaí Béarla a chumadh le cúrsaí ár ngluaiseachta a chardáil, agus tá focail ar nós internationall, soicialist, comunist laibour seanbhunaithe sa teanga. Scéal eile áfach go mbeadh stíl nua de dhíth le saol laethúil na n-oibrithe monarchan a chur i míotar sa teanga.


Chloisfeá canúintí Béarla á labhairt ag garbhrúpálaithe tionsclaíochta anseo agus ansiúd, cé gurb í an Ghaeilge an teanga is mó a shamhlaímid le cruinnithe Pháirtí an Lucht Oibre. Bíonn focail Bhéarla coitianta go maith i nGaeilge na mianadóirí agus iad ag comhrá faoi chúrsaí a gceirde. Is féidir a mhaíomh go bhfuil an tsaoltaithí, na cainteoirí agus an teanga ann le haghaidh litríocht lucht oibre as Béarla. Is í an fhadhb is mó ná nach bhfuil traidisiún liteartha na teanga oiriúnach don chineál sin scríbhneoireachta.


teacht ar scríbhneoirí maithe prólatáireacha i Sasana an lae inniu, fir ar nós Máirtín Maitland nó Seoirse Mac an tSiúinéara, agus iad ag iarraidh tuairisc a thabhairt ar shaol an fhir oibre ina gcuid gearrscéalta agus úrscéalta. Ach is í an Ghaeilge teanga a gcuid leabhar, cé go bhfuil an Béarla, nó canúint Shír Eabhrac, ó dhúchas ag Maitland, ar a laghad. Is í an Ghaeilge teanga na hoibre fónta folláine, dar le Tadhg an mhargaidh, agus is é an Béarla béarlagair na bhfalsóirí sna tithe móra maisiúla. Iad siúd a bhfuil Béarla canúnach ó dhúchas acu, ní thugann siad Béarla air ach ”an chaint shean-Ghallda”, ”seanchaint na nGall”, nó ”Gallchaint na seandaoine”.


Tugaigí faoi deara an dóigh a n-úsáideann an fear oibre an focal sin ”Gallda” agus é ag tagairt dá theanga dhúchais. Ní gnách leis a rá gurb í ”seanteanga na Sasanach” í mar shampla. Sinne, Sasanaigh an lae inniu agus teanga na hÉireann agus na hAlban á labhairt ag ár dtromlach, ní minic a dhéanaimid ár marana ar bhunbhrí an fhocail sin, ”Gall”. Is éard a bhí i gceist ag na Gaeil le ”Gall” ná forghabhálaí iasachta nó fiú Lochlannach nó Normannach, fánaí agus foghlaí mara nach raibh tír cheart dhúchais aige. Nuair a bhíos an Sasanach ag trácht ar na canúintí Béarla – ar chanúintí a theanga sinseartha féin – mar ”theanga Ghallda”, is sampla é de chomh nádúrtha is a bhímid ag dearcadh orainn féin le súil an Ghaeil inár n-ainneoin. Má choilínigh muid tír na nGael, choilínigh na Gaeil anam ár muintire féin.


Ar ndóigh ní féidir linn suáilcí na Gaeilge a shéanadh. Is í an Ghaeilge teanga ár gcuid iarchoilíneachtaí i Meiriceá agus san Astráil, agus í ag dul chun cinn ar fud an domhain mar theanga comhchumarsáide. An cultúr ceoil agus fonnadóireachta a fuair muid ó mhuintir na hÉireann in éineacht leis an teanga tabhaíonn sé cairde dár dtír ar fud an tsaoil mhóir. Is féidir a rá nach bhfuil gá againn le teanga náisiúnta ar leith, ó rinne muid ár gcuid féin den teanga idirnáisiúnta – an Ghaeilge.


Sinne, na Sóisialaithe, is dual dúinn bua na Gaeilge i Sasana a fháiltiú is a cheiliúradh mar réamhtheachtaire do bhua na prólatáireachta. Nuair a chaill an Béarla a ghreim ar an gcosmhuintir, bhí a phort seinnte, mar is léir dúinn inniu. Rinne na boic mhóra iarrachtaí leis an teanga a choinneáil beo agus na sluaite síoraí ag iompú chun an Bhéarla, ach ba é an fear oibre a shocraigh an scéal sa deireadh. Rug an Ghaeilge bua, díreach mar a bhéarfas an Sóisialachas féin bua an lá is faide anonn.


Is féidir a léamh ar an méid thuas go raibh tuiscint ag an Óirbhéalach ar ghluaiseacht an Bhéarla – a bhuntuiscint féin a chuaigh thar shean-nathanna na meán Gaeilge – agus é tar éis cuid mhaith ama a chur de ag déanamh a mharana ar cheist na teanga agus an dúchais. Nárbh eisean an t-aon scríbhneoir Sóisialach a raibh fíorshuim aige i gcoincheap an tSasanachais thiar sna tríochaidí? I ndiaidh an iomláin áfach ba é an dearcadh a bhí aige féin ná gurbh é an Béarla teanga na mboc mór agus gurbh í an Ghaeilge teanga an fhir ionraic oibre, agus sin a raibh de: thaobhaigh sé leis an lucht oibre, agus b'ionann sin agus taobhú leis an nGaeilge.


Mar is eol don tsaol mhór go léir fuair an tÓirbhéalach bás cúpla bliain i ndiaidh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an scríbhneoir dóchasach as an réabhlóid Shóisialach a bhí i ndán do Shasana, mar a shíl sé féin – nuair a bhí buamaí na n-eitleán Gearmánach ag titim anuas ar Londain bhí mo dhuine díreach cromtha ar leabhar a scríobh faoi bhaint an tSóisialachais le dúchas an tSasanaigh, An Leon agus an tAonbheannach. Chreid sé go daingean go raibh an cogadh tar éis a chruthú nach raibh maith ar bith sa chaipitleachas. Fuair lucht rialtais na tíre riachtanach, i mblianta an chogaidh, seilbh a ghlacadh ar acmhainní is ar scileanna an duine aonair le cúis an chatha a chur chun cinn – is é sin, ar mhaithe leis an gcomhleas. Ní raibh ann ach cineál Sóisialachais, dar leisean, agus fuair an Sóisialachas sin faomhadh an náisiúin go léir fad is a bhí an cogadh á chur. Agus nár ghnóthaigh an Sóisialachas seo an cogadh do Shasana? Nár léir don chosmhuintir, don daoscarshlua féin gur ghnóthaigh? Nuair a d'fhillfeadh na saighdiúirí ó mhachairí móra an áir, an mbeidís sásta seanslabhraí an chaipitleachais a ghlacadh orthu féin in athuair? Nár léir nach mbeidís – go mbeidís ag éileamh chothrom na Féinne? Agus ó bhí scileanna cogaíochta foghlamtha acu – ó bhí ciall an chogaidh ceannaithe acu – nach rachaidís á éileamh le lámh láidir?


Mar a d'iompaigh scéal Shasana amach, ní raibh an ceart ag an Óirbhéalach. Bhí mo dhuine ag tuar réabhlóide, ach má bhí féin, níor tháinig an tairngreacht sin isteach fíor riamh. Ba é an rud a tharla ná go bhfuair Páirtí an Lucht Oibre guthanna na cosmhuintire sna toghcháin, agus mar sin bhí cead ag an bpáirtí sin a rogha cuma a chur ar shaol súgach Shasana.


An raibh páirt ar bith ag an tseanteanga in aisling an Lucht Oibre? Ní raibh muis. An t-aon chúis a bheadh agat, dar le foireann idé-eolaíochta an Pháirtí, leis an mBéarla a chur chun cinn ná an náisiúnachas. Agus nach bhfaca muid, sa Ghearmáin i ré na Naitsithe, an deireadh atá i ndán don náisiúnachas? Fiú más náisiúnachas mín mánla é nach dtarraingíonn Uileloscadh ar bith ina dhiaidh, níl ann ach croitheadh na brataí ar a son féin, agus ní chuirfidh an bhratach sin oiread is goblach amháin bia i do bhéal. Obair tháirgiúil thionsclaíoch, sin é an rud atá de dhíth. Na hearraí is toradh don obair sin, díolfaidh tú leis na tíortha coimhthíocha iad, agus gheobhaidh tú luach a cheannós saol sona socair duit. Agus nuair a bhéas am saor agat féadfaidh tú leabhair – leabhair Ghaeilge ar ndóigh – a léamh a bhfuil eolas nó eachtraí iontu. Nó féadfaidh tú scannáin a fheiceáil – scannáin Ghaeilge ó fhód dúchais na n-aislingí thar lear.


Béarla a fhoghlaim? Bhuel, cén fáth nach gceadófaí don chorrdhuine, nó don chorr-éan chorr, staidéar a dhéanamh ar an tseanteanga? Is í Sasana tír na gcéadta caitheamh aimsire agus na mílte mireog, tar éis an tsaoil. Ach ar ndóigh ní hé gnó an Stáit aitheantas a thabhairt d'aon chaitheamh aimsire amháin thar an gcuid eile. Iad siúd a bhailíos stampaí, níl difríocht bhunúsach idir iad agus an dream a bhíos ag iarraidh cúpla focal Béarla a labhairt le chéile.

Wednesday, December 30, 2020

Nuacht Eolaíochta: Is féidir tonnta imtharraingthe a aithint

Ceann de na rudaí a bhí Albert Einstein in ann a thairngreacht ná go raibh tonnta imtharraingthe ann: is é sin, dá rachadh dhá réad an-troma, an-téagartha (cosúil le neodrónréaltaí nó dúphoill) i gcóngar a chéile, gan aon trácht a dhéanamh ar iad a bheith ag bualadh faoi chéile, go spreagfadh an teagmhas seo creathanna nó tonnta san imtharraingt. San am chéanna áfach, ba é barúil an tseanfhisiceora nach n-éireodh leis an gcine daonna an chorraíl seo a aithint choíche. Bhí sé sa mhícheart, áfach.

An teicneolaíocht ar a dtugtar trasnaimhéadracht léasair cuireann sí ar chumas na bhfisiceoirí turgnamhacha tonnta imtharraingthe ó imbhualtaí móra amuigh sa spás a thomhas. De réir mar a dúirt Yahoo News le déanaí, tá an gréasán taighde úd LIGO - gréasán idirnáisiúnta na réadlann imtharraingthe a úsáideas trasnaimhéadracht léasair - tar éis timpeall ar leathchéad imbhualadh den chineál sin a thabhairt faoi deara, agus an teicneolaíocht ag éirí níos cruinne in aghaidh an lae.

An buafhocal úd trasnaimhéadracht, céard is brí dó? Is é an rud a dtugtar trasnaíocht air san fhisic ná an dóigh a dtéann dhá thonn nó dhá thonnghluaiseacht i bhfeidhm ar a chéile - is é sin má tá tonnfhad an dá ghluaiseacht sin an-chóngarach dá chéile cé nach ionann é. Trasnaimhéadracht a thugtar ar an taighde atá bunaithe ar thomhas na trasnaíochta. Maidir leis an léasar, is éard atá ann ná solas atá go hiomlán ar aon mhinicíocht agus ar aon tonnfhad, rud a chiallaíos go bhfuil sé i bhfad níos comhleanúnaí ná an gnáthsholas ina bhfuil minicíochtaí éagsúla le fáil. Mar sin, má thagann mionathrú ar mhinicíocht an gha léasair de thoradh tionchair ón taobh amuigh, beidh sé so-aitheanta ar an trasnaíocht, agus é ag dul i bhfeidhm ar gha eile a bhfuil an tseanmhinicíocht coinnithe aige.

Roimh lá na trasnaimhéadrachta ba iad sorcóirí Weber an t-aon ghléas a bhí ar fáil leis na tonnta imtharraingthe a aithint, agus mar a tháinig chun solais, ní raibh siad ag obair i ndáiríre. Sorcóirí móra fada alúmanaim a bhí iontu. Fuair na sorcóirí seo a n-ainm ó Joseph Weber (1919-2000), fisiceoir Meiriceánach a chéadcheap iad. Go bunúsach, is é an modh oibre a bhí ag Weber ná tonnchreathanna na sorcóirí seo a thomhas, agus nuair a d'éirigh tonnchrith dóibh san am chéanna agus sa treo chéanna, ghlac Weber leis gur bhuail tonn imtharraingthe an gléasra.

Ar an drochuair ní raibh sna breathnuithe seo ag Weber ach brionglóidíocht i ndiaidh an iomláin, cé go ndearna an t-eolaí deimhin nach rachadh na torthaí chun laofachta faoina thionchar féin. Na saotharlanna a bhí curtha ar bun aige féin bhí siad ag aithint tonnta imtharraingthe i gcónaí, na cinn a bhí tógtha de réir a chuid sonraíochta gan a rannpháirtíocht dhíreach féin bhí ag dul díobh torthaí deimhneacha a fháil. Sampla suimiúil é seo den tionchar a imríos duine díograiseach ar a chuid comhoibrithe, b'fhéidir.

Cé nár éirigh leis na sorcóirí, ní mór cuimhne a choinneáil ar Weber mar fhisiceoir sciliúil. Bhí páirt nár bheag aige i bhforbairt an léasair agus na teicneolaíochta ar a dtugtar méasar - is é sin, comhdhlúthú na micreathonnta de réir na bprionsabal céanna atá i gceist le comhdhlúthú an tsolais infheicthe sna gléasraí léasair.

Thursday, August 13, 2020

Scéal an Spásgharda

(seo tús don scéal sci-fi a thosaigh mé ag scríobh deich mbliana ó shin; ar an drochuair d'éirigh mé as nuair a chrom mé ar An tSlaivéin agus níl a fhios agam an gcríochnóidh mé an ceann seo fós) 


Bhí Diarmuid Mac Cuarta díreach ar patról timpeall ar Sceolaing, nuair a fuair sé an chéad bholadh nach raibh gach uile shórt díreach mar ba chóir. Is éard a bhí mar chúram aige ná súil a choinneáil ar na réigiúin spáis timpeall ar an stáisiún mianadóireachta ar Sceolaing. Ba iad Bran agus Sceolaing an dá shatailít nádúrtha - an dá ghealach, más fearr leat - ba mhó a bhí ag fithisiú Chú Chulainn, an pláinéad ba toirtiúla i ngrianchóras na hAthÉireann, agus ba é Sceolaing an ceann ba saibhre acu i ngach sórt miotal agus mianraí - chomh saibhir, leoga, is go raibh suim ag muintir na teascóige seo go léir de Bhealach na Bó Finne ann.

Is amhlaidh a bhí an cine daonna tar éis foinsí nua fuinnimh a cheansú a cheadaigh dó duibheagáin an spáis a thrasnú agus claí mór na réaltaí a thaisteal, ach mar sin féin, ní raibh sé indéanta go fóill na dúile a chlaochlú go dúile eile ar an mórscála gan an iomarca fuinnimh a chailleadh. Ar ndóigh, bhí claochlú den chineál seo á chleachtadh i saotharlanna na bhfisiceoirí ó thosaigh ré an adaimh, ach níor iompaigh sé ina thionsclaíocht riamh. Mar sin, má tháinig tú ar chuasnóg ar nós Sceolaing - gealach a raibh gach cineál miotal trasdultach inti, samairiam agus eoraipiam, scaindiam agus itriam, platanam agus iarann, cróimiam agus vanaidiam, ór agus sinc, bain do rogha astu - má tháinig tú ar a leithéid de chuasnóg, choinnigh tú greim an fhir bháite uirthi, fiú i dtréimhse na n-inneall spásdúbailteach agus na ngathanna móilínphléascacha.

Ní raibh a fhios beo ag aon duine cén fáth ar fhlúirsigh na miotail lómhara luachmhara in úir na gealaí sin. Ní raibh na spásgheolaithe ná na cosmeolaithe féin ábalta míniú ceart a thabhairt. Bhí siad ag trácht ar iarmhairtí éagsúla a bhí ag obair in éineacht, ar imthoscaí neamhghnácha le linn fhoirmiú an ghrianchórais seo, agus araile. Go bunúsach, is é an léamh is túisce a bhainfeá as an iomlán seo ná gur de thimpiste a tharla na mianta is na mianraí go léir ansin, agus go raibh an dearg-ádh leis na sinsir a chinn ar choilíneacht na hAthÉireann a chur ar bun anseo thar aon áit eile.

Bhí Diarmuid díreach ag teacht amach ó scáth Chú Chulainn, agus las solas an trasfhreagróra suas sa chábán lena chur in iúl go raibh gléasra cumarsáide a spásnaomhóige ag dul i dteagmháil leis an stáisiún mianadóireachta go huathoibríoch. Ar dtús, bhí an solas buí, agus d’iompódh sé uaine nuair a gheobhadh an trasfhreagróir freagra ón stáisiún.

Ach níor iompaigh.

I ndiaidh cúpla nóiméad tháinig dath dearg sa solas. Theip ar an trasfhreagróir freagra a fháil!

Ní raibh dealramh ar bith leis seo.

Ar dtús, baineadh geit as Diarmuid, ach ó bhí oiliúint an spásgharda air, lean sé an liosta fabhtchuardaithe a bhí foghlamtha aige i dtús a ghairmréime, rud nach raibh sé ina ghá riamh roimhe seo. Chaithfeadh sé a sheiceáil, an ar an ngréasán cumarsáide a bhí an locht. A fhad seo ar shiúl ón stáisiún bhí sé i dtuilleamaí na mbaoithe spáis - satailítí beaga cumarsáide a bhí ag athsheachadadh comharthaí raidió na spásghardaí chuig a chéile go dtí go gceapfadh an stáisiún mianadóireachta an teachtaireacht ón athsheachadán deireanach.

Bhí an priacal ann go dteipfeadh ar cheann de na baoithe - go rachadh sé ar ainghléas, nó go mbuailfeadh dreige é. Ina leithéid de chás, chaithfí cumraíocht úr a chur ar na baoithe le slabhra nua athsheachadán a chur i dtoll a chéile. Bhí na ríomhairí leabaithe sna baoithe in ann an t-athshocrú seo a chur i gcrích as a stuaim féin, agus bhí an córas chomh hiomarcach is nach gcuirfeadh cailliúint aon bhaoi amháin ó mhaith é, ach má bhí an t-athsheachadán teipthe suite in áit thábhachtach, thógfadh sé tamall ar na cinn eile an athghrúpáil a dhéanamh a bhí de dhíth leis an gcumarsáid a chur ag obair arís.

Mar sin, chrom Diarmuid ar an ngréasán cumarsáide féin a sheiceáil. Chuir sé fiosrú chuig an gcéad nasc sa slabhra agus chonacthas na focail seo ar an scáileán:

NAOMHÓG SC5 MAC CUARTA DRMD AG FIOSRÚ…

Ar an toirt, fuair sé freagra ón athsheachadán ba chóngaraí:

BAOI CCH4/SC AG FREAGAIRT: CÉN FIOSRÚ?

Is é an freagra a thug Diarmaid don cheist seo ná:

FIOSRÚ: NAISC CHUMARSÁIDE AG OBAIR?

Chomharthaigh an t-athsheachadán dó go raibh sé ag seiceáil a chuid nasc leis na baoithe a bhí i raon aige féin.

BAOI CCH3/SC AG FREAGAIRT: NASC AG OBAIR.
BAOI CCH7/SC AG FREAGAIRT: NASC AG OBAIR.
BAOI CCH4/SC AG FREAGAIRT: NASC AG OBAIR.
BAOI CCH9/BR AG FREAGAIRT: NASC AG OBAIR...

Bhí gach athsheachadán i raon ag oibriú go maith. Mar sin, chaithfeadh sé go raibh an fhadhb as raon ón mbaoi áirithe seo. An chéad rud eile d’iarr Diarmuid ar an mbaoi fiosrú a chur ar fud an ghréasáin go léir. Bhí gach aon mhatán ina cholainn rite righin agus é ag coinneáil súile ar an scáileán ag fanacht le torthaí na bhfiosruithe tánaisteacha agus treasacha.

TÁ GRÉASÁN IOMLÁN NA nATHSHEACHADÁN AG OBAIR CGL. NÍ GÁ DUIT MALAIRT CUMRAÍOCHTA A CHUR AIR, NÁ SLABHRA NUA ATHSHEACHADÁN A SHAINIÚ.

Sin é an tátal a bhain ríomhaire a spásnaomhóige féin as an scéal, a tuigeadh do Dhiarmuid. Mar sin, ba é an stáisiún mianadóireachta féin a dhiúltaigh freagra a thabhairt d’fhiosrú a thrasfhreagróra. Ba é sin díogha an dá rogha, an rud a chuir fíor-mhíchompord ar mo dhuine.

Thuig sé go raibh an t-uaigneas ag cur leis an míchompord sin, agus go gcaithfeadh sé dul i dteagmháil leis na spásnaomhóga eile a bhí amuigh ansin le fáil amach cad é a bhí cearr. Seo an teachtaireacht a chuaigh i ngach treo uaidh i gceann tamaillín:

NAOMHÓG SC5 MAC CUARTA DRMD AG SCAIRT. NAOMHÓG SC5 MAC CUARTA DRMD AG SCAIRT. GAN TEAGMHÁIL LE STÁISIÚN SC. ATHSHEACHADADH AG OBAIR CGL. AON DUINE AGAIBH I dTEAGMHÁIL LE STÁISIÚN SC?

Bhí Diarmuid tar éis taispeáint nua a chur ar an scáileán, agus é in ann a aithint uirthi an dóigh ar las na baoithe suas ag tarchur na teachtaireachta seo uathu ionas go sroichfeadh sí iomlán an spáis timpeall Chú Chulainn. Cuid de na hathsheachadáin, bhí siad suite ar shatailítí beaga de chuid an phláinéid mhóir, agus iad ag obair chomh maith leis na baoithe anois. Bhí roinnt naomhóg eile amuigh ar stádar, agus súil ag Diarmuid le freagra uathu.

NAOMHÓG SC9 DE RÓISTE MRCS AG FREAGAIRT. GAN TEAGMHÁIL LE STÁISIÚN SC ACH AN OIREAD. NASC LABHARTHA CGL?

Marcas de Róiste a bhí ann, rud a mhaolaigh ar mhíchompord Dhiarmada ar an toirt. Chrothnaigh sé uaidh guth a chara go mór mór i gcruachás den chineál seo.

NAOMHÓG SC5 MAC CUARTA DRMD AG FREAGAIRT: NASC LABHARTHA CGL.

Agus ansin díreach, las solas uaine eile suas i measc na n-ionstraimí, agus na focail NASC LABHARTHA le feiceáil ar an scáileán. Chuala Diarmuid tormán an spáis sna cluasáin ar dtús, ach ansin, d’aithin sé guth Mharcais ag labhairt sách soiléir, sách sothuigthe.

Naomhóg Sceolaing a Naoi, Marcas de Róiste ag scairt. An bhfuil tú do mo chloisteáil, a Dhiarmuid? - Éistim!”

Léim croí Dhiarmada le teann faoisimh nuair a chuala sé guth a chara. Tamall roimhe sin bhí sé á chrá ag an smaoineamh craiceáilte gur tugadh an chuid eile den chine dhaonna uaidh ar bhealach neamhshaolta, ionas nár fágadh ach é féin ina aonar sa ghrianchóras seo.

Naomhóg Sceolaing a Cúig, Diarmuid Mac Cuarta ag freagairt. Tá mé do do chloisteáil go maith. Cogar, ní féidir liom teacht i dteagmháil leis an stáisiún, agus ní ar na baoithe atá an locht. Tá mé tar éis an fabhtcheartú a chur i bhfeidhm ar an ngréasán, agus tá gach athsheachadán ag oibriú go gleoite ar fad. Meas tú, cad é ba chóir dúinn a dhéanamh? Éistim.”

Thóg sé soicind nó dhó ar na comharthaí raidió slabhra na n-athsheachadán a chur díobh agus freagra a bhaint as Marcas. Ní raibh mórán moille ann, ach bhí croí Dhiarmada ag bualadh chomh tiubh agus gurbh ionann leis gach soicind agus leath na bliana. Nuair a chuala sé Marcas arís tháinig sé beagnach aniar aduaidh air.

Caithfidh muid tuirlingt ar an stáisiún cianchumarsáide ar an gCoileánach agus aláram a sheoladh ar fud an ghrianchórais. Ansin, tabharfaidh muid - an scuadrún iomlán againn - tabharfaidh muid aghaidh ar Sceolaing le fáil amach cad é atá ag titim amach ansin.”

Is éard a bhí i gceist leis an gCoileánach ná ceann de na gealacha beaga a bhí ag dul timpeall Chú Chulainn taobh istigh d’fhithis an dá shatailít mhóra. Bhí stáisiún ansin a raibh gabhdáin mhóra ag gobadh as, struchtúir a bhféadfadh na spásnaomhóga iad féin a chrochadh díobh, agus pasáistí taobh istigh de na crochadáin seo do na spásairí. Bhí cothabháil uathoibríoch ann, ionas nach raibh foireann sheasta ar bith ag teastáil, ach san am chéanna, d’fhéadfadh na spásghardaí úsáid a bhaint as na seomraí móra maithe istigh ansin gan trácht ar bith a dhéanamh ar na giuirléidí agus na ciútraimintí go léir, nó bhí gléasra maith cumarsáide agus réalteolaíochta ansin, chomh maith le stórais bhia agus bheatha, uisce agus ocsaigine.

Bhí an Coileánach sách cóngarach do Dhiarmuid faoi láthair, agus dá roghnódh an ríomhaire an chonair go fóirsteanach, thiocfadh an tsatailít píosa maith ina araicis ar a fithis, agus é ag cur de ina treo. Gheall sé do Mharcas go mbainfeadh sé amach an ghealach chomh luath in Éirinn agus ab fhéidir, agus go gcuirfeadh sé fios ar na fórsaí fortachta ar an toirt i ndiaidh dó a thuirlingt a dhéanamh. Ansin d’fhág sé slán ag a chara agus bhrúigh sé ar an gcnaipe i lámh a mhaide stiúrtha le go dtosódh an ríomhaire boird an turas réamhchuntaiste síos go dtí an Coileánach.

Las an ghealach suas ina ponc beag ar scáileán an ríomhaire, agus na comhordanáidí á líniú ina mórthimpeall. Bhí fiosruithe agus teachtaireachtaí uathoibríocha ag dul sa dá threo idir trasfhreagróir na spásnaomhóige agus an gléasra ar stáisiún an Choileánaigh, agus na huimhreacha thíos ar an taobh deis den scáileán ag taispeáint go raibh an naomhóg ag druidim isteach leis an ngealach bheag mar ba chóir.

Anois, agus an spásbhád ar an mbóthar ard go dtí an Coileánach, bhí a sháith ama ag Diarmuid leis an saol a ghlacadh ar nós na réidhe agus súil a chaitheamh ar cheann de na scéalta ar tháinig sé trasna orthu i leabharlann leictreonach a ríomhaire boird. Roghnaigh sé ceann a bhí áiféiseach ar fad, ceann a bhí ag tabhairt cur síos ar eachtraí ridirí. Is éard a bhí sna ridirí ná cineál laochra nó lucht cogaíochta a bhí ag maireachtáil i dtréimhse na Meán-Aoise thíos ar an Sean-Domhan, pláinéad miotasúil dúchais an chine dhaonna. Bhí dúil nimhe ag Diarmuid i scéalta eachtránaíochta den tsaghas sin, scéalta nach raibh baint ar bith lena shaol féin acu, ach anois, ní raibh sé in ann a intinn a dhíriú ar eachtraí na ridirí. Nuair a dúirt duine de na laochra gur shíl sé go raibh pláinéad anuas air - san am sin chreid na daoine go raibh tionchar neamhshaolta ag na pláinéid is na réaltaí ar imeachtaí a ngnáthshaoil - rith le Diarmuid go raibh a leithéid de rud agus an Fearghamhain sa ghrianchóras seo, agus é anuas ar lucht na cianchumarsáide go minic.

Pláinéad mór trom a bhí san Fhearghamhain agus é ag fithisiú na Réalta Eolais - an réalta ba ghrian don chóras phláinéadach seo - ar chonair chomh héalárnach, chomh leataobhach is nach mbíodh súil ná coinne leis an diabhal caor cloiche sin riamh nuair a thagadh sé i gcóngar duit. Bhí an-luas faoin bhFearghamhain freisin, nó ní thógadh sé ach ceithre mhí chaighdeánacha air aon imrothlú amháin a chur de timpeall na Réalta Eolais. Thairis sin, bhí sé ag tarraingt cúig shatailít leis - an Ghrafach, an Ghrubach, an Mhárach, an Loingseach agus Finngheal. Ba é an rud ba mhó a bhí ag déanamh scime do Dhiarmuid faoi láthair go bhféadfadh an Fearghamhain a bheith suite idir an Coileánach agus an chéad mhórstáisiún athsheachadta le haghaidh na gcomharthaí forsholais. Cé go raibh na teachtaireachtaí in ann an spás a dhúbailt agus luas an tsolais a shárú, níorbh ionann sin is a rá nach gcuirfeadh imtharraingt na reann neimhe isteach orthu, go háirithe más corpán trom téagartha a bhí i gceist, ar nós an Fhirghamhna agus an chúigir sin a bhí á thimpeallú. Le fírinne bhí corpáin chrua den chineál sin ina bhfadhb shíoraí acu siúd a bhí ag iarraidh spástaisteal nó cianchumarsáid forsholais a chleachtadh.

I ndiaidh cúpla soicind fuair Diarmuid amach nach raibh gá ar bith le míshuaimhneas a fhad is a bhí an Fearghamhain i gceist: bhí sé ag druidim isteach le leibhéal an éicliptigh, cinnte, ach anois bhí sé ag dul i dtreo a chianphointe ón Réalta Eolais. Thrasnódh sé an t-éiclipteach ar an taobh eile de Chú Chulainn, mar sin.

Níorbh impleacht dó sin nach mbeadh trioblóidí éigin ag baint leis an bpláinéad. Faoi thionchar na bhfórsaí athraitheacha taoide óna chéile agus ón bpláinéad féin, bhí cúig shatailít mhóra an Fhearghamhna ag coipeadh le bolcánachas, agus iad chomh corrach ó thaobh na geolaíochta de agus go raibh gach ceann acu ag cur isteach ar an gcumarsáid raidió agus ar an gcumarsáid forsholais féin. Bhí na gealacha go léir sách saibhir i mianraí maighnéadacha iarainn, rud a chuir leis an trasnaíocht agus an tormán raidió a bhí ag teacht astu. Bhí sé, fiú, ina shean-nath ag na spásairí gur chuala siad “Finngheal ag mairgnigh” ar an raidió, ó ba í Finngheal ba mhó a bhí á réabadh ag an mbolcánachas, dar leis na spásgheolaithe.

Bhí díospóireacht áirithe ann faoi cheist na mianadóireachta ar na gealacha sin. Is é an dearcadh a bhí ag na réalteolaithe gur tháinig an Fearghamhain agus a chuid satailítí ón spás anall i ndiaidh fhoirmiú an ghrianchórais seo, agus gurbh é sin ba chúis le fithis aisteach an phláinéid. Thairis sin, áfach, shíl a lán acu gur leis an bhFearghamhain a bhain Sceolaing féin ar dtús, agus gurbh é sin ba mhíniú leis an saibhreas mianraí ansin. Mar sin bhí sé incheaptha - bhí sé dealraitheach, fiú, dar le lucht na speictreascópachta - go raibh an saibhreas céanna ar fáil ar ghealacha eile an Fhirghamhna. Cén fáth nach rachaimis ag baint mianraí as na gealacha sin freisin? Bhí taobh eile na conspóide inbharúla, áfach, go raibh sé ródhainséarach i bhfianaise an bholcánachais mhillteanaigh.

Anois, bhí Diarmuid ag teannadh isteach leis an gCoileánach. Ar dtús, chonaic sé an ghealach bheag ar an scáileán, agus ansin d’aithin sé ponc beag solais amuigh nuair a chaith sé spléachadh amach ar an bhfuinneog. Níor thóg sé mórán ama anois an ghealach bheag a fheiceáil á leathadh amach roimhe, agus na struchtúir fhada dhaondéanta ag gobadh amach as an gcloch. Faoin am seo, bhí a thrasfhreagróir i dteagmháil raidió le stáisiún an Choileánaigh cheana féin, agus nuair a tháinig sé sách cóngarach don tsatailít bheag, shín ceann de na lámha fada meicniúla sin amach le breith ar a spásnaomhóg féin. Ansin, d’oscail an bealach roimhe le go bhféadfadh sé dul isteach ar an stáisiún.

Bhí sé sách cúng taobh istigh den ghabhdán mhór, ach ní raibh Diarmuid i bhfad ag teacht go deireadh an phasáiste. Bhí haiste mór cruinn ansin agus scáileán beag ríomhaire feistithe de a thaispeáin brú an aeir ar an taobh eile den haiste, chomh maith le sonraí eile ar nós chodán na hocsaigine san aer, an teocht, an bhogthaise choibhneasta agus leibhéal na radaíochta. Dá réir seo, ní raibh tachtadh, fuacht, triomú ná a dhath eile ag bagairt air, agus mar sin, chuaigh a mhéara thar shraith na mbrúchnaipí agus ghéill an haiste dó.

Mar ab eol dó agus mar ba chuimhin leis, bhí seomraí agus stórais an Choileánaigh chomh forleathan, chomh fairsing is go bhfuair Diarmuid an t-atmaisféar istigh ansin sách uaigneach, neamhshaolta fiú. Le fírinne, níor thug sé cuairt ar bith ar an stáisiún seo i ndiaidh a chúrsa oiliúna. San am sin, ní raibh ann ach dalta spásaireachta, ábhar óg spásgharda. Agus ar ndóigh, bhí an áit seo ag cur thar maoil le daoine, daoine óga, daltaí eile. Bhí an stáisiún spáis seo go léir beo acu. Rinneadh an chuid ba mhó den oiliúint i gcóngar do phláinéad na hAthÉireann, agus ba mhór an eachtra don dalta óg é teacht a fhad seo amach ón bpláinéad. Níor thuig Diarmuid i gceart roimhe sin chomh mór, chomh fairsing, chomh hinfinideach is a bhí an Spás - agus níor thuig sé roimhe sin chomh suaithní, chomh sceitimíneach a bhí sé go mbeadh cead a chos aige ar fud an ghrianchórais seo nuair a chríochnódh sé a chúrsa. Agus ba é an grianchóras seo an t-aon cheann amháin ab aithin dó.

Bhí ionstraimí ar na ballaí, chomh maith lena lán soilse agus iad ag lasadh suas nó ag dul as. Uaireanta, chonaic Diarmuid in eireaball a shúl biongadh nó glioscarnach éigin ar na scáileáin, rud a bhain stangadh as sular tuigeadh dó nach raibh a dhath cearr ná contráilte. Ansin, chuir sé caol air féin. Chaithfeadh sé teachtaireacht a sheoladh, agus ó bhí a fhios aige cá raibh an gléasra cumarsáide, ní raibh cúis ná siocair aige gan cromadh ar an obair sin láithreach bonn.

Sheiceáil sé ar dtús, an raibh a dhóthain fuinnimh ag teacht don ghléas cumarsáide forsholais, agus nuair a fuair sé amach go raibh, chuir sé an chéad cheiliúr ar an stáisiún eile.

AN COILEÁNACH AG GLAOCH. AN COILEÁNACH AG GLAOCH. GLAOCH PRÁINNE ÓN gCOILEÁNACH. GLAOCH PRÁINNE ÓN gCOILEÁNACH.

Chaithfeadh gach aon ghlacadóir forsholais an teachtaireacht sin a cheapadh ar an toirt. Bhí Diarmuid chomh mór i bpianpháis is go raibh sé báite ar fad ag bárcadh allais, agus mhothaigh sé go raibh a chuid méar ar bharr amháin creatha. Tháinig an chéad fhreagra go sciobtha, áfach, agus mhaolaigh sé ar an neirbhís a bhí ar mo dhuine.

STÁISIÚN CHOILM CHILLE AG FREAGAIRT. STÁISIÚN CHOILM CHILLE AG FREAGAIRT. A CHOILEÁNAIGH, TABHAIR DOM DO SCÉALA. ÉISTIM.

Bhí na méara ag creathnú i gcónaí, ach mar sin féin, bhí Diarmuid ábalta an méid seo a chlóscríobh ar mhéarchlár an ghléis:

A CHOILM CHILLE, SEO AN SPÁSGHARDA DIARMUID MAC CUARTA ÓN gCOILEÁNACH. CHAILL MUID GACH TEAGMHÁIL LE SCEOLAING. TÁ GRÉASÁN NA nATHSHEACHADÁN AG OBAIR CGL. IS É STÁISIÚN SCEOLAING FÉIN NACH bhFUIL AG FREAGAIRT. TIOCFAIDH NA SPÁSGHARDAÍ PATRÓIL EILE ANSEO GAN MHOILL AGUS BEIDH CRUINNIÚ AGAINN. TÁ FÁILTE ROIMH GACH UILE CHINEÁL TACAÍOCHTA UAIBHSE. ÉISTIM.

Ba léir go ndeachaigh an méid sin go mór i bhfeidhm ar fhoireann cumarsáide Choilm Chille, nó tháinig an freagra a thúisce agus ab fhéidir.

A SPÁSGHARDA MHIC CHUARTA, SEO COLM CILLE AG FREAGAIRT. CUIRFEAR DO SCÉALA IN IÚL DO LUCHT CEANNAIS AN STÁISIÚIN SEO. BEIDH MUID AG FANACHT LE TORTHAÍ BHUR gCRUINNITHE. TÉIGÍ I dTEAGMHÁIL LINN ARÍS NUAIR A BHEAS SCÉALA NUA AGAIBH. SLÁN GO FÓILL.

Níor thug Diarmuid ach SLÁN GO FÓILL mar fhreagra. Anois, bhí a dhualgas déanta, agus tamall ama ar a phraeic aige go dtí go dtosódh na spásghardaí eile ag tonnadh isteach. Ligfeadh sé a scíth idir an dá linn. Chuaigh sé ar lorg an tseomra folctha le dul faoi chith, más cith a bhí ann, agus an dóigh a raibh na deora uisce ar foluain in imtharraingt lag an Choileánaigh. Rinne sé a ghnó freisin - ar ndóigh, bhí píobáin lena aghaidh sin sa spáschulaith, ach ba mhór an saoradh ó bhráca gan a bheith ina dtuilleamaí. Nuair a mhothaigh sé é féin sách glan, shocraigh sé leis féin go raibh sé in am aige dreas deas codlata a dhéanamh. Tharraing sé amach ceann de na réleapacha i bpainéal balla an tseomra mhóir, agus chaith sé é féin uirthi. Ós spásgharda a bhí ann, bhí sé in ann a chodladh a dhéanamh díreach mar a theastódh, agus chomh luath is a bhí sé soiprithe ina luí, rinne sé dearmad glan dá raibh ina thimpeall.

Nuair a mhúscail sé arís, fuair sé nach raibh sé ina aonar a thuilleadh, nó chuala sé cúpla duine ag déanamh comhrá os íseal i seomra eile. Shíl sé gur spásghardaí eile a bhí ann, agus bhí an ceart aige. Ní raibh Marcas ann go fóill, nó ba iad seo Toirdhealbhach Mac Giolla Chomhaill agus Gormfhlaith Nic Thiarnáin, beirt nach raibh ach ballaíocht bheag aithne aige orthu. Is é sin, cé go raibh a fhios aige cérbh iad, ní raibh aon duine acu ina dhlúthchara aige.

Ó bhuel, tá tú i do dhúiseacht anois”, a scairt Gormfhlaith, nuair a d’aithin sí go raibh Diarmuid ag éirí ón réleaba. “An raibh codladh sámh agat?”

Bhí muis”, a d’fhreagair Diarmuid. Bhí sé cineál míshásta lena ceist-se: an raibh sí ag cur in iúl go raibh faillí éigin déanta aige? “Bhí mé díreach tar éis an chéad teachtaireacht a sheoladh chuig Stáisiún Choilm Chille agus freagra a fháil. Mar sin, shíl mé nár mhiste dom an tuirse a chur díom. An bhfuil a dhath ar bith ar an nglacadóir ó mhuintir Choilm Chille?”

Diabhal a dhath”, arsa Toirdhealbhach. “Nuair a tháinig mé féin anseo, sheiceáil mé taisce an ghlacadóra ar an toirt, ach má sheiceáil, níor tháinig mé ach ar na teachtaireachtaí a bhí agatsa leis an stáisiún sin. Ó, ar ndóigh, bhí seanteachtaireachtaí ann faoi chúrsaí na haimsire.” (Is éard a bhí i gceist leis an “aimsir” aige ná imthoscaí ginearálta an spáis, cosúil le radaíocht, réaltghaoth, dreigí agus a leithéid.)

Tuigim”, arsa Diarmuid. “Meas tú, an í an aimsir a chuir stop leis an gcumarsáid?”

Ní chreidfinn féin é”, a d’fhreagair Toirdhealbhach.

An chéad rud a rithfeadh leat…” a thosaigh Gormfhlaith.

An chéad rud a rithfeadh leat, - an Fearghamhain”, arsa Diarmuid. “Ní cheapaim féin gurb é an Fearghamhain a tharraing an ciúnas raidió sin. Níl sé in aon ghaobhair do leibhéal an éicliptigh faoi láthair, agus pé scéal é ní raibh mórán tormáin le cloisteáil ar na gnáthmhinicíochtaí.”

Caithfidh sé gur éirigh tionóisc éigin don stáisiún mianadóireachta”, arsa Gormfhlaith, agus imní ar a guth. “B’fhéidir gur buaileadh le cith dreigítí nó le cóiméad é.”

Ní chreidim go bhféadfadh a leithéid teacht in aon chóngar do Sceolaing gan sinn sonrú a chur ann i bhfad roimh ré”, arsa Toirdhealbhach, agus é suite siúráilte dá raibh á rá aige. “Is fíor go bhfuil an spás fairsing forleathan, agus nach féidir linn súil a choinneáil ach ar chuid bheag de, ach ní thiocfadh a leithéid chun solais as an neamhní. Mura dtabharfaimis féin faoi deara é, d’aithneodh na brathadóirí uathoibríocha é.”

An dóigh leat, mar sin”, arsa Gormfhlaith, “go bhfuil Sceolaing sealbhaithe ag foghlaithe spáis i nganfhios dúinn?”

D’fhan an triúr acu ina dtost ar feadh tamaill fhada. Bhí an focal mór ráite anois, an focal a raibh eagla orthu go léir roimhe: na foghlaithe spáis. Bhí na foghlaithe sin tar éis cúpla spástionlacan a stopadh is a chreachadh, ionas nach raibh le déanamh ach na spáslonga móra lastais a armáil le gunnaí móra móilínphléascacha. Chuir an téisclim chogaidh seo deireadh leis na hionsaithe creachadóireachta, ach má chuir féin, ní hionann sin is a rá go mbeadh na foghlaithe tar éis éirí as, nó deireadh súile a bhaint de shaibhreas na miotal tearc-chré ar Sceolaing. Ceanndána is uile mar a bhí siad, ba doiligh a shamhlú leo go bhféachfaidís le gealach iomlán a fhorghabháil. Ón taobh eile, b’fhollasach go raibh sciath chosanta Sceolaing ar bhagairtí den chineál sin mantach mórbhearnach. Dá nglacfadh spásloingeas naimhdeach an priacal orthu féin teacht as an bhforspás taobh istigh den ghrianchóras, d’fhéadfaí Sceolaing a ghabháil gan mhoill, agus súile na spásghardaí ag amharc an bealach eile. Bhí gunna mór éigin ag na mianadóirí ceart go leor, ach má bhí féin, ní raibh sé ceaptha ná deartha le spáslonga iasachta a stopadh ach le dreigítí a smiotadh.

Ná bímis ag trácht air seo”, arsa Toirdhealbhach sa deireadh. “Beidh ócáid go leor againn na cúrsaí dáiríre a chardáil nuair a thiocfaidh Marcas agus an chuid eile anseo. Ligfidh mise mo scíth anois.” Agus b’fhíor dó. Chaith sé é féin ar cheann de na réleapacha díreach mar a rinne Diarmuid roimhe sin, agus thit a chodladh air ar an toirt. Go bunúsach, d’fhág sé an bheirt eile i gcuideachta a chéile.

Ní raibh Gormfhlaith rófhonnmhar chun séis chomhrá a dhéanamh, agus is é an tátal a bhain Diarmuid as an mbeagán focal a labhair sí leis go raibh duine éigin amuigh ar Sceolaing ar chás léi é - fear a raibh sí mór leis, abair, nó deartháir b’fhéidir. Thuig Diarmuid nár mhaith léi cabaireacht a dhéanamh, agus chinn sé ar thamall a chaitheamh ina aonar.

Chuaigh Diarmuid ar na barraicíní go dtí an seomra breathnóireachta lena mharana a dhéanamh ar mhapa na réaltaí. Bhí muintir na hAthÉireann tar éis ainmneacha dá gcuid féin a thabhairt ar réaltbhuíonta a spéire féin. Bhí an chuid ba mhó de réaltbhuíonta an tSeanDomhain as aithne a fhad seo ar shiúl uaidh, sin nó ní raibh siad ag breathnú chomh suaithinseach anseo, ó bhí réaltaí eile ag dearscnamh tharstu, réaltaí ba chóngaraí ná iad d’AthÉirinn.

Ba í Coróin na nGael an réaltbhuíon ba suntasaí ar spéir na hAthÉireann - sin é an tuige go raibh an t-ainm sin uirthi, is dócha. Ceann cuidsúlach eile a bhí sa Rífhéinní, agus é ag bagairt a chlaímh trasna na spéire os cionn leath thuaidh an phláinéid. Iad siúd a bhí ag taisteal fharraigí móra an deiscirt, ní raibh éalú acu ó naoi réalta lonracha Dhiarmada agus Ghráinne.

Ní raibh Diarmuid agus Gráinne le feiceáil anseo anois, áfach, nó bhí Cú Chulainn díreach idir an réaltbhuíon sin agus an Coileánach. Mar sin féin, agus é ina sheasamh os comhair an réaltmhapa, ní fhéadfadh Diarmaid gan a bheith ag smaoineamh ar an ngrúpa réaltaí sin a bhí ar aon ainm leis féin, nó ar aon leathainm ar a laghad. Rugadh agus tógadh é féin i leathsféar thuaidh na hAthÉireann, ach cosúil lena lán ógánach, rinne sé cuid mhaith taistil ar fud an phláinéid nuair a bhí sé ag teacht i mbun a mhéide. Thar aon rud eile chuir sé turas mara timpeall na hAthÉireann in éineacht leis na daltaí eile ina ghrúpa teagaisc féin. Ansin, fuair sé aithne súl ar an réaltbhuíon úd.

Le fírinne, nuair a tháinig an long a fhad ó dheas agus an ceann deireanach de réaltaí móra na réaltbhuíne ag teacht ó scáth na léaslíne, bhí searmanas beag leathghreannmhar ann lena thabhairt le fios do na daoine óga go raibh siad sa deisceart anois. Ar ndóigh, bhí sceitimíní na heachtra móire ar na hógánaigh go léir, agus an long s’acu ag dul trasna na bhfarraigí. Bhí siad ag fanacht leis an searmanas féin le fada, agus ba mhór an comhlíonadh é go raibh a lá ann faoi dheireadh.

Chuaigh cuimhní an turais sin greamaithe go smior i ngach duine de na daltaí óga, agus ba spreagadh iad do Dhiarmaid féin dul sna spásghardaí, nó ba é sin an ghairmréim a chuirfeadh ar a chumas oideachas eolaíochta agus saol ilghnéitheach lán eachtraí a cheangal dá chéile. Sin é an cineál saoil a bhí aige ar an turas úd fadó, leis, nó bhí na daltaí ag cuidiú i ngnáthchúraimí cothabhála na loinge agus ag foghlaim uraiceacht na geoifisice araon.

Chaith Diarmuid tamall fada ag déanamh a mharana ar na réaltaí, go dtí gur chuala sé glór Mharcais. Chuaigh sé in araicis a chara le beannú dó, agus ansin chrom siad ar chomhrá.

Tá gach uile dhuine ag teacht anseo anois”, a dúirt Marcas. “D’éirigh liom dul i dteagmháil le Muiris Ó hEadhra féin, cé go raibh sé leath bealaigh go dtí an Fearghamhain nuair a fuair mé a ghlór le cloisteáil, agus an diabhal pláinéad sin ag cur isteach ar an nasc labhartha eadrainn.”

An raibh sé míshásta go gcaithfeadh sé éirí as na breathnuithe?”

Bhí muis. Ach tá a fhios aige na rialúcháin, ar nós gach aon duine eile againn. Caithfidh muid an t-inneall míleata a ghlacadh orainn anois.”

Caithfidh, cinnte. Ar chóir dom ‘A Shaoi’ a thabhairt ort cheana?” a d’fhiafraigh Diarmuid idir shúgradh is dáiríre.

Ná téigh roimh an nós imeachta”, a d’fhreagair Marcas. Tháinig buaireamh ar a ghnúis, nó ba léir go raibh freagracht an oifigigh ag déanamh scime dó roimh ré.

Bhí na spásghardaí deireanacha díreach ag baint amach an Choileánaigh. Bheannaigh siad go múinte béasach dóibh siúd a fuair siad ansin rompu. Chrom siad ar a gcuid gnóthaí, agus iad ag féachaint le tuiscint éigin a fháil ar a raibh ar obair. Stáisiún Sceolaing ina thost? Cad é ba chúis leis? Cith dreigí? Foghlaithe spáis? Gach duine ag tabhairt ballaíocht tuairime nó ag iarraidh an scéal a chur as a mheabhair fad nach raibh eolas ceart, cruinn nó deimhin ann. An té a bhí róthuirseach, tharraing sé amach ceann de na réleapacha, agus é ina chnap chodlata ar an toirt. Cé gur chuala na fir is na mná seo gurbh fhéidir go raibh práinn le gníomh, chaithfeadh an nádúr a cheart a fháil sula bhféadfaí an cruinniú a thionscnamh. Ní raibh inneall an tsaighdiúra orthu go fóill, agus mar sin, ba dhual dóibh an saol a ghlacadh ar nós na réidhe i gcónaí.

Ón taobh eile de, agus iad ag tuiscint na rudaí suaithní a d’fhéadfadh a bheith i gceist le tost raidió Sceolaing, bhí an neirbhís agus an buaireamh ag teacht ar gach mac máthar agus iníon athar acu, rud a bhí soiléir óna gcuid cainte. Bheidís breá sásta craiceann an tsibhialtaigh a chur díobh agus glacadh leis an gcéim mhíleata.

An stádas a bhí ag na spásghardaí i sochaí na hAthÉireann, bhí sé cineál idir eatarthu. De ghnáth, ba é an taighde ba mhó a choinníodh gnóthach iad. Nuair a thiocfadh orthu, d’iompóidís ina saighdiúirí. Díol iontais a bhí ann do Dhiarmaid, ar bhealach. Bhí a fhios aige go mbeadh sé ina “Leifteanant” dá rachadh an t-inneall míleata i bhfeidhm, agus nuair a fuair sé oiliúint an spásgharda, d’fhoghlaim sé fosta cad é an rud é an slabhra ceannais. Le fírinne ba mhinic a ghlac sé páirt in inlíochtaí a bhí dírithe ar an slabhra ceannais a chleachtadh go praiticiúil, ar eagla na heagla. Mar sin féin, níor aithin sé é féin ina “Leifteanant”, agus fuair sé an focal féin sách dothuigthe. Ní raibh ann ach lipéad. Chaithfeadh sé aird a thabhairt ar na horduithe a d’fhaigheadh sé ó dhuine a raibh lipéad an “Chaptaein” air, agus d’fhéadfadh sé féin orduithe a thabhairt do dhaoine a raibh lipéad an “Mheirgire” orthu, ach sin a raibh ann. Má bhí a leithéid de rud ann agus glóir an chogaidh, ní dheachaigh Diarmuid ar a lorg riamh, agus cé gur chuala sé trácht éigin air ó mhúinteoir Stair an Chine Dhaonna ar scoil fadó, is ar éigean má thuig sé an coincheap féin.

Sa deireadh, chuaigh Marcas i dtuilleamaí an lárchóras fuaime agus chuir sé gairm chruinnithe ar fud stáisiún an Choileánaigh. Ní raibh gach aon spásgharda sa limistéar seo tagtha go fóill, ach ar a laghad, bhí líon gnó acu ann. Mar sin, chuaigh siad i ndáil chomhairle le chéile. Ba é an chéad rún an t-inneall míleata a chur i bhfeidhm ar a raibh i láthair agus an ceannas a bhronnadh ar an gCaptaen Marcas de Róiste, ó ba eisean an duine ab airde céim. Ní raibh sa rún sin ach an nós imeachta foirmiúil, agus glacadh leis ar aon fhocal. Ansin, bhí ceisteanna ní ba conspóidí le socrú fós. Is é sin, conas a rachaidís ag fiosrú Sceolaing.

Bhí cuid acu den tuairim gur chóir don iomlán dhearg acu léim isteach ina gcuid spásnaomhóg agus aghaidh a thabhairt ar an stáisiún mianadóireachta in aon scuad mór amháin. An chuid eile, arís, ba é a mbarúil gur chiallmhaire triúr spásghardaí a chur ag smúrthacht timpeall an stáisiúin. Ar ndóigh, thit sé ar chrann an fhir cheannais a rogha a bhaint as an dá mholadh seo.

Is féidir a rá gur thug sé an dá thaobh in araicis a chéile, traidhfil bheag, nó nuair a labhair sé leis, bhí cineál comhghéilleadh ceaptha aige.

Rachaidh an chuid is mó againn ar an scuad. Fágfaidh mé beirt thiar anseo le pé eolas uainn a athsheachadadh chuig Stáisiún Choilm Chille agus chuig an bhfórsa fortachta atá le teacht anseo ón taobh sin.”

Bhí siad tar éis teachtaireacht a fháil cheana féin go raibh fórsa spáslong agus spásnaomhóg ag teacht le chéile in aice le Stáisiún Choilm Chille le teacht chun fortachta dóibh. Murab ionann agus tamall roimhe seo, ghlac an lucht rialtais bagairt na bhfoghlaithe spáis an-dáiríre anois, agus iad suite siúráilte gur cúis cheart imní a bhí i dtost tobann Sceolaing. Ba é teacht an chabhlaigh sin an chéad dea-scéala a chuala na spásghardaí ó cailleadh an teagmháil leis an stáisiún mianadóireachta.

Rachaidh mé féin i gceannas ar an scuad sin”, arsa an Captaen de Róiste. “Fanfaidh an Meirgire Ní Chualáin agus an Leifteanant Nic Thiarnáin anseo leis an teagmháil chumarsáide a choinneáil le Stáisiún Choilm Chille.”

Tháinig místá ar an mbeirt bhan, nó ní mó ná sásta a bhí siad leis an gcuma seo a theacht ar an scéal. Ní dhearna Gormfhlaith iarracht amhras a chur in orduithe an Chaptaein, ach maidir le hÍte Ní Chualáin bhí sise chomh mífhoighneach is a bhí sí óg, agus ghoill sé uirthi nach mbeadh sí ag tionlacan an scuaid go dtí Sceolaing, D’fhiafraigh sí go leathfheargach de Mharcas de Róiste, an raibh iontaoibh ar bith aige aisti, mar spásgharda.

Tá, a Mheirgire”, a d’fhreagair an Captaen. “Léigh mé ar do chuid cáipéisí pearsanta gur chríochnaigh tú ardchúrsa i gcianchumarsáid spáis go gairid sula bhfuair tú do choimisiún spásgharda. Is é is impleacht dó sin go bhfuil tú níos eolaí ar na ciútraimintí úd thall” - sméid sé a cheann i dtreo an ghléasra cumarsáide - “ná an chuid eile againn, agus nach ndearna tú dearmad go fóill dá bhfuil foghlamtha agat ar an gcúrsa sin. Mar sin, tá mé barúlach go bhfuil tusa ar an duine is fearr againn le haghaidh na hoibre áirithe sin.”

Bhí Íte breá sásta leis an míniúchán seo - le fírinne, d’fheicfeá uirthi gur chuir focail Mharcais sracadh úr inti agus bród uirthi. Agus nuair a tháinig an crú ar an tairne bhí a fhios aici féin nach moladh gan cur leis a bhí ann. Bhí suim aici in oibriú agus in ionathar na ríomhairí agus na ngléas leictreonach ó bhí sí ina cailín beag, agus ba í an tsuim seo a chuir i dtreo na spásghardaí í an chéad uair riamh. Más óg féin a bhí sí, bhí sí ina saineolaí déanta cheana féin. Ó nach raibh sí ach ina hábhar oifigigh go fóill, theastaigh aitheantas uaithi go mór mór. Le fiche focal a chur in aon focal amháin, ní fhéadfadh an Captaen rogha a dhéanamh ab fhearr ná Íte.

Bhí Íte meáite cheana ar an ngléas cumarsáide a sheiceáil ar eagla is go mbeadh fabhtcheartú de dhíth, rud a dhéanfadh sí chomh túisce is a bheadh an scuadrún glanta as an stáisiún. Le fírinne, bhí mífhoighne ag teacht uirthi cheana fréamhrochtain a fháil ar an gcóras agus a cuid cleas a imirt air - na clis nach raibh ar eolas ach ag bean na ceirde. Shamhlaigh sí roimpi féin na graif agus na táblaí nach raibh ach an-chorrdhuine - a cómhaith féin - in ann ciall a bhaint astu.

Maidir le lucht an scuaid, bhí fios a ngnó acu, agus iad ag déanamh téisclime chuige. Thuig siad gurbh fhéidir go mbeadh teagmháil troda i ndán dóibh, agus rinne gach duine acu a mharana féin ar an smaoineamh sin. Istigh ina gcroí, d’fhéach siad le slán a fhágáil ag an saol, ar eagla nach mbeidís le filleadh slán sábháilte ón misean seo. Bhí siad ag caitheamh suaitheantas an tsaighdiúra anois, agus is é an bás aingeal coimhdeachta an tsaighdiúra.

Chuala Íte fear óg ag puthaíl go brónach in aice léi, agus d’iompaigh sí ina leith. Ba é Diarmaid a bhí ann, agus é chomh domhain i mbun a mhachnaimh is nár thug sé an cailín faoi deara. Bhuail Íte bleid air.

Céard atá ag déanamh scime duit mar sin, a Dhiarmuid?”

D’ardaigh Diarmuid a shúile agus tháinig ábhairín beag aoibhe ar a cheannaithe buartha.

Cad eile ach Sceolaing”, a d’fhreagair sé. Le fírinne bhí sé buíoch beannachtach go raibh áiméar aige a racht a ligean. “Tá a fhios agat go bhfuil todhchaí ár bpláinéid go mór mór ag brath ar an ngealach sin. Nuair a bhí mé i mo bhuachaill bheag, bhí spéis agam sa spás toisc gur shíl mé gurbh í ríocht na heachtra í. Is dócha nár tuigeadh dom ach inniu gurb ionann eachtra agus dainséar. Agus ní hé an dainséar pearsanta is mó atá i gceist agam. Bhuel tá, ar ndóigh, ach tá rud eile ann fós. Ár bpláinéad féin. Is é sin, tá freagracht mhór orm anois. Tá mé ag dul sa bhearna bhaoil anois, le mé féin a chur idir an urchóid agus pláinéad mo dhúchais. Má theipeann orm, caillfear rud fiúntach is mó, is tábhachtaí ná m’anam féin.”

Tháinig an méid seo aniar aduaidh ar Íte. Ar ndóigh, bhí a tuiscint féin aici ar an bhfocal mór sin “tírghrá”. Focal a bhí ann a chloisfeá in óráidí sollúnta, ag ócáidí féile, nuair a bhí Lá na Fionnachtana á cheiliúradh: “Tugaimis grá don phláinéad seo a d'fhionn na sinsir dúinn tráth” - placadh siollaí den tsaghas sin. Ach anois, chonaic sí agus chuala sí os a comhair an fear óg seo ag iarraidh a chanúint shimplí ionraic a chur ar an gcoincheap sin. An tírghrá. Grá don phláinéad ar ar tháinig tú chun saoil, ar ar fhoghlaim tú do theanga dhúchais ó do mhuintir agus ó na páistí a raibh tú ag súgradh ina measc. An eagla go dtiocfadh foghlaithe míthrócaireacha isteach ón spás lena n-ionradh is a gcreach a dhéanamh ar an bpláinéad ba dhúchas duit, ionas nach bhféadfadh na glúine nua de bhuachaillí beaga agus cailíní caomha saol chomh sona céanna a chaitheamh ansin feasta.

Ag éisteacht le focail chiúine Dhiarmada di thuig Íte an rud a tuigeadh dá macasamhla roimhe sin nuair a chonaic siad an chuma nua a tháinig ar a muintir i bhfianaise an dainséir mhóir: nach raibh sa laoch ba churata amuigh ach buachaill comharsan a d’aithin misneach agus meanma a chroí istigh féin. Fear óg a bhí i nDiarmuid, agus é réasúnta cúthail, ach nuair a tháinig air, níor theip a chuid laochais air.

Ar an nóiméad sin ba dhóbair d’Íte a rá go raibh sí i ngrá le Diarmuid. Bhí sí sách tuisceanach ar a cuid mothúchán féin is gur aithin sí cé dó ar thug sí grá, áfach. Dá muintir féin, dá pláinéad féin, do na buachaillí cotúla go léir a bheadh in ann a ndícheall a dhéanamh in am an ghátair, cé nach rithfeadh leo riamh a mhaíomh gur lucht mór troda a bhí iontu.

Dhéanfadh Íte féin a dícheall, ar mhaithe leis an mbuachaill deas seo, ar mhaithe le buachaillí na hAthÉireann, ar son na hAthÉireann ar fad.

Sa deireadh thiar thall, bhí an téisclim istigh, agus chuaigh fir an scuaid ar bhord a gcuid spásnaomhóg. Ceann i ndiaidh a chéile d'imigh na naomhóga leo. Réab an spás ina chaor thine lán dathanna neamhghnácha nuair a las na hinnill suas, agus thug spásnaomhóga aghaidh ar Sceolaing arís. Le himbhualadh a sheachaint, bhí na spásnaomhóga ag déanamh a mbealaigh ina n-ealta a bhí chomh scaipthe is nach raibh aon duine de na spásghardaí in ann an ceann ba chóngaraí féin de na naomhóga eile a aithint agus é ag amharc amach ar an bhfuinneog. Cé go raibh an t-eolas ag dul ina shruth leanúnach idir na naomhóga, agus na ríomhairí boird i síortheagmháil le chéile, gan trácht ar an sás cumarsáide a chuir ar do chumas d'intinn a labhairt leis na spásghardaí eile, bhí gach aon duine acu ina aonar ina spásárthach féin, agus anois, ó bhí siad ag eitilt i dtreo an dainséir anaithnid, ba dual dóibh an naomhóg a dhealramh le cónra.


Thiar ar an gCoileánach bhí Íte díreach ag cromadh ar a cuid oibre ag an ngléas cumarsáide. Fabhtcheartú den ghnáthchineál a bheadh ann, ach ós speisialtóir a bhí in Íte, níorbh ionann a gnáthchineál féin agus gnáthchineál na ndaoine eile. Nó nuair a fuair sí oiliúint an tsaoir chumarsáide, ghlac sí páirt i séisiún faisnéise faoi cheannas Bhrainse Speisialta Slándála na hOifige um Choimeád na Síochána. Ba í an Oifig sin údarás póilínithe na hAthÉireann, agus Brainse Speisialta na Slándála ag coinneáil súile ar na contúirtí tromchúiseacha a bhí ag bagairt ar shlándáil an phláinéid go léir. An bhagairt ba mhó a cuireadh in aithne d'Íte ag an gcruinniú sin, is é an t-ainm a bhí uirthi ná BRICRIU.


Is éard a bhí i gceist le BRICRIU ná cineál sindeacáit choiriúil - an t-aon cheann a raibh tábhacht ar bith leis i saol na hAthÉireann. Tháinig BRICRIU chun saoil i nGaoth an Mhúin Lofa, baile beag bocht iargúlta ar an gcósta thoir in ilchríoch Úr-Uladh, an ilchríoch ba dearóile, ab fhuaire den triúr. Sna cúlriasca sin a tháinig taoisigh an tsaoil choiriúil ó cheithre cearna Úr-Uladh le chéile cúig bliana déag ó shin, mar a chuala Íte ar an seimineár. Agus ní raibh spéis ar bith ag BRICRIU in aon chineál mionghadaíochta, a mhalairt ar fad.


Theastaigh ó na bithiúnaigh seo gnó mórscála a dhéanamh, agus is í an chamscéim is mó a bhí idir chamánaibh acu ná smuigléireacht na miotal tearc-ithreach, na cineálacha miotal a bhí á mbaint as ionathar Sceolaing, mar shampla. Bhí siad de dhíth le haghaidh dheantús na n-inneall spásdúbailteach a chuir ar chumas an daonnaí luas an tsolais a shárú, nó teacht timpeall ar bhalla an tsolais, mar ab fhearr a rá. Mar sin, bhí praghas as compás ar na miotail seo ar fud Bhealach na Bó Finne, an chuid de ina raibh áitreabh daonna ón sean-Domhan, agus daoine neamhscrupallacha sásta na hamhábhair thábhachtacha seo a cheannach ó sholáthróirí neamhdhleathacha le hiad a dhíol le déantúsóirí dleathacha spásinneall.



Sunday, August 9, 2020

Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh - Dostoyevsky

This is my old translation of the introductory chapter of Dostoyevsky’s Dead House, in a more standardized form.

Aon duine a dhéanfas críocha cúil na Sibéire a thaisteal, idir mhachairí móra, shléibhte agus choillte aistreánacha, is dual dó teacht trasna ar an gcorr-chathair bheag, áit a bhfuil míle nó cupla míle de dhaoine ag cur fúthu. Tithíocht adhmaid uile go léir a bhíos sna cathracha seo, agus sin a mbíonn de chuid súl iontu, maille le dhá theach pobail – ceann acu ina sheasamh i lár na háite, agus an ceann eile suite in aice na reilige. Is ar éigean a thig leat “cathair” a thabhairt ar a leithéid, nó is leis an gcuid is fearr de na sráidbhailte taobh amuigh de Mhoscó is cosúla iad. Bíonn a gcuid féin de státseirbhísigh ag obair sna cathracha seo, agus siúd is gurbh é a fuacht a thabhaigh a clú don tSibéir, is féidir leat bheith i do shuí go te teolaí ar fad sa taobh sin den tír, más státseirbhíseach thú. Na daoine a bhfuil cónaí orthu ansin, is macánta an cineál muintire iad nár bhuair a gcloigne riamh le smaointeachas na haoise nua; is fearr leo cloí go dian daingean leis an sórt saoil a chleachtadh a sinsir rompu. Is iad na státseirbhísigh a dhéanas cúis na huasaicme ansin, agus ní bheadh sé cuí ná óraice iad a dhiúltú faoin gcéimíocht sin. Daoine de thógáil na Sibéire féin atá i gcuid mhaith acu; an chuid eile, áfach, is muintir isteach iad a tháinig ó chroí na Rúise, ó na cathracha móra ach go háirithe, nó is é an tuarastal a mheall an bealach seo iad, chomh maith leis an dóchas atá acu as an todhchaí. An chuid acu a gheobhas amach cad é is ciall cheart don tsaol seo, fanfaidh a bhformhór anseo, agus teasghrá is taithneamh tugtha acu don tír seo a bhfuil siad á gcló léi. Dá réir sin, is dual dóibh go dtiocfaidh rath Dé ar a gcuid oibre. An chuid eile acu, áfach, níl iontu ach lucht aeraíochta, agus ós rud é nach bhfuil sé daite dóibh teacht isteach ar chuspóir ár mbeatha ar dhroim an domhain, ní bheidh siad i bhfad á dtuirsiú den tSibéir, agus iad á gceistiú féin, cad é an cineál cat mara a sheol sa taobh sin den tír iad an chéad uair riamh. Beidh mífhoighne orthu deireadh an téarma trí bliana a bhaint amach, agus nuair a bheas lá an chaighdeáin ann, fillfidh siad abhaile in áit na mbonn le conablach saoil a chur díobh ag caitheamh anuas ar an tSibéir agus ag draothadh gáire fúithi. Níl an ceart ag an dream seo, áfach. Ní hiad na státseirbhísigh an t-aon aicme amháin a bhfuil rath in aice láimhe acu sa tSibéir. Tá an aeráid go hiontach ar fad; tá an tír lán ceannaitheoirí agus trádálaithe saibhre nár theip a soicheall riamh orthu; agus go leor daoine de na bundúchasaigh féin ag déanamh go maith. Bíonn na mná óga chomh hálainn agus a bhíos siad geanmnaí; agus bíonn an géim ag siúl síos suas na sráideanna chomh flúirseach is nach bhfuil de dhíth ar an tsealgaire ach a ghunna a ardú. Bítear ag ól seaimpéine mar a bheadh uisce ann, agus tá an caibheár thar barr ar fad. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, tír í an tSibéir nach bhfuil a sárú ann, ar acht is go bhfuil tú in ann a barr a aithint is a bhaint. Agus níl máistir a muintire ann le barr a bhaint.

 
I gceann de na cathracha beaga suáilceacha seo, áit a raibh togha na ndaoine ina gcónaí chomh lách cineálta is a bhí siad, i gcruth is nach bhféadfainn cuimhne na muintire seo a ruaigeadh as mo chroí choíche, – ina leithéid d’áit a casadh Aleksandr Petrovich Goriachnikov orm. Ina fhear uasal agus ina oidhre fearainn a rugadh mo dhuine thall sa Rúis, ach nuair a mharaigh sé a bhean chéile, ba é an pionós a ghearr an dlí dó ná an díbirt go dtí an tSibéir ina phríosúnach daorbhroide den dara rang. Nuair a bhí an téarma deich mbliana istigh aige, d’fhan sé i gcathair C. ina chóilíneach shaorthoilteanach, agus b’ansin a chaith sé a shaol go síochánta suaimhneach. Déanta na fírinne, bhí sé cláraithe go hoifigiúil i gceann de na paróistí tuaithe taobh amuigh den chathair, ach ba sa bhaile mhór a chuir sé faoi, agus é ag saothrú a choda measartha maith ag múineadh scoile do na páistí. Is iomaí duine de lucht na díbeartha a bhíonn ag dul le múinteoireacht mar ghléas beatha sa tSibéir, agus ní gnách a leithéidí a chur ó dhoras ná a dhiúltú faoi obair. An teanga Fraincise is mó a mhúintear, ós rud é nach féidir le haon duine mórán dul chun cinn a dhéanamh ina huireasa; agus is fánach duine sna críocha corracha cúil seo a mbeadh aon chur amach aige uirthi, murach na múinteoirí díbeartha. Casadh Aleksandr Petrovich orm an chéad uair i dteach Ivan Ivanovich Gvozdikov; státseirbhíseach maith mórintinneach a bhí ann, mar Gvozdikov, agus cúigear clainne aige: iníonacha uile go léir a bhí ann, agus an mhóréirim chéanna chun foghlama i ngach uile chailín acu, ainneoin éagsúlacht a n-aoise. Mhúineadh Aleksandr Petrovich ceachtanna dóibh ceithre huaire in aghaidh na seachtaine, ar dheich gcóipéice fichid an laisín. Ba í a chosúlacht a tharraing mo shúil ar mo dhuine an chéad uair. Fear seang mílítheach a bhí ann, ach ní raibh sé thar cúig bliana déag is fiche d’aois, an fear beag díomasach seo. B’fhearr leis riamh éadaí glana a chur air, éadaí ba mhó a shamhlófá le hIarthar na hEorpa ná leis an Rúis s’againn. An té a bhuailfeadh bleid air, d’ardódh mo dhuine a shúile go furchaidh faichilleach ina araicis, mar a bheifí ag iarraidh fuascailt fichille nó scaoileadh rúin a bhaint as. I ndeireadh na dála, d’fhreagraíodh sé go gonta giorraisc, agus é ag meá gach focal dá labhródh sé chomh cúramach is gur chuir sé míchompord ort, agus tú i bpianpháis ag fanúint le deireadh an chomhrá. Chuir mé ansin a sheanchas ar Ivan Ivanovich, agus fuair mé le cloisteáil gur duine dea-mhúinte ardbhéasach gan locht gan smál a bhí ann, ó thaobh an chineál saoil a bhí aige; nó ní bheadh Ivan Ivanovich sásta an fear seo a bheith ag múineadh scoile dá chuid iníonacha, dá mbeadh a mhalairt fíor. Chuala mé uaidh, fosta, gur éan corr a bhí ann a sheachnaíodh comhluadar na ndaoine eile; gur duine thar a bheith léannta a bhí ann, agus é ag léamh na scórtha leabhar; gur duine a bhí ann nach labhraíodh mórán, agus é chomh ciúin, chomh tostach is go rachadh sé rite le haon duine mórán thar an leathfhocal a bhaint as. Na daoine eile a cheistigh mé, bhí siad géarbharúlach gur gealt a bhí ann, siúd is nach raibh an duáilce áirithe seo ag cur isteach orthu ar aon dóigh ar leith. Bhí a lán de na daoine ba mheasúla amuigh sásta a bhféile a riar ar Aleksandr Petrovich, nó is amhlaidh gur fear úsáideach a bhí ann le litreacha molta agus a leithéid a scríobh. Bhíothas ag déanamh go raibh gaolta uaisle aige thiar sa Rúis, ach ba léir go raibh sé, agus é ina phríosúnach daorbhroide go fóill, i ndiaidh éirí as cibé caidreamh a bhíodh aige lena mhuintir. Fear a bhí ann, mar sin, nach n-aithneodh a leas féin. Thairis sion, bhí a fhios ag cách scéal a bheatha is a bhreithe: ní raibh sé bliain pósta ar a bhean chéile nuair a mharaigh sé í le teann éada, agus ansin chuir sé féin in iúl do na húdaráis gurbh eisean a rinne an choir. Bhain an admháil seo a lán blianta den téarma príosúnachta a bhí dlíte dó ar son an ainghnímh. Is gnách glacadh leis an gcineál seo dúnmharuithe mar ábhar bróin gan aon duine a mhilleánú mórán, agus is trua le cách an coirpeoir féin. Ina dhiaidh sin féin, sheachnaíodh mo dhuine cuideachta an tsaoil mhóir, agus b’fhearr leis gan dul i bhfianaise na ndaoine eile ach lena chuid ceachtanna a thabhairt uaidh.

 

Ar dtús, ba chuma liom faoi, a bheag nó a mhór, ach de réir a chéile, níl a fhios agam cad chuige, tháinig spéis agam ann. Bhí sé ag dul díom aon chiall nó tuiscint cheart a bhaint as an bhfear seo. Ní raibh lá áiméir agam é a bhréagadh chun comhrá liom. Ar ndóighe, agus tú ag cur ceist air, shílfeá gur ghlac sé leis mar phríomhdhualgas a shaoil freagra a thabhairt chomh réidh is a thiocfadh leis; ach má rinne mé iarracht tuilleadh cainte a fháscadh as mo dhuine i ndiaidh na bhfreagraí seo, tháinig gnúis na fulaingthe is na tuirse ar a cheannaithe. Is cuimhin liom oíche iontach álainn shamhraidh agus an bheirt againn ag fágáilt theach Ivan Ivanovich in éineacht. I dtoibinne, rith liom é a iarraidh isteach chugam féin le toitín a chaitheamh. Níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar an scanradh a d’aithin mé ar a aghaidh ansin. Rinneadh stangaire de, agus thosaigh sé ag monabhar focail scartha nach raibh ag teacht le chéile ar aon nós, agus ansin, i ndiaidh dó súil fheargach a chaitheamh ormsa, abhae go deo leis i malairt treo ar fad. Fuair mé mé féin faoi dhubhiontas. Ón uair sin i leith, agus é ag castáil ormsa, ba nós leis bheith ag stánú is ag starógacht orm agus cuma cineál sceimhlithe air. Níor ghéill mé féin, áfach; mhothaigh mé go raibh mo dhuine do mo tharraingt ina leith in ainneoin an bheirt againn; agus i ndiaidh aon mhíosa amháin, chuaigh mé i mo dheoin i bhfianaise Gorianchikov. Is léir go raibh mé do m’iompar go tútach mímhúinte. Bhí cónaí ar an bhfear seo ar imeall na cathrach i dteach seanmhná de phór na mbuirgéiseach, a raibh iníon aici, agus í ag éileamh le créachta. Bhí leanbh tabhartha ag an iníon seo féin, cailín a bhí thart ar dheich mbliana d’aois. Leanbh álainn cineálta a bhí ann. Nuair a tháinig mé isteach, bhí Aleksandr Petrovich ag múineadh léitheoireacht don pháiste seo. Ag fáil radhairc ormsa dó, tháinig a leithéid de náire air is go sílfeá gur i mbun míghnímh nó coire a bhí sé. Rinneadh stangaire de mo dhuine ar fad, sheas sé suas óna chathaoir agus sháigh sé orm a raibh de shúile ina cheann. Shuigh muid síos sa deireadh, ach d’fhan sé ag coinneáil diansúil orm, mar a bheadh sé in amhras go raibh plean éigin glactha agam lena chabhóg a dhéanamh. Thuig mé go raibh sé chomh drochamhrasach is nach raibh mórán idir é agus deargmhire. Mhair sé ag amharc go fuafar orm, agus é ag tabhairt in amhail a rá liom gur chóir domh greadadh liom anois. Labhair mé liom, agus mé ag trácht ar nuacht na háite, ach má labhair féin, is beag freagra a bhain mé as mo chéile comhrá ach amháin gur tháinig meangadh feargach draothgháire air. Tuigeadh dom go raibh sé aineolach ar fad ar an ngnáthshaol sa chathair ina thimpeall – gur chuma leis sa diabhal faoi, fiú. Ansin, tharraing mé orm cúrsaí na mbólaí ina raibh an áit suite, agus na rudaí a bhí de dhíth le saol a dhéanamh ansin. D’éist sé liom ina thost ar fad, agus an dóigh a raibh sé ag dearcadh orm tháinig náire agus aiféaltas orm gur labhair mé amach an chéad uair riamh. Le haisfhreagra éigin a bhréagadh ó mo dhuine, rith liom na hirisí agus na leabhartha a thairiscint dó a bhí mé a iompar liom ó oifig an phoist: bhí siad ar fad chomh húr is nach ndearna mé féin oiread is na leathanaigh a scaradh ó chéile go fóill. Ba bheag nár chuir an cineál seo flaithiúlachta fearg ar mo dhuine. Chaith sé súil chíocrach ar na leabhartha, ach tháinig sé chuige féin ansin, agus dhiúltaigh sé don tairiscint, siocair is nach raibh am saor aige. Sa deireadh thiar thall, d’fhág mé slán is beannacht ag mo dhuine, agus ag tréigean na háite dom, mhothaigh mé ualach trom ag titim de mo chroí. Ba náir liom an scéal ar fad ina dhiaidh, nó i ndiaidh an iomláin b’amaideach is ba drochmhúinte an mhaise dom a bheith ag cur isteach ar dhuine a bhí chomh meáite leis an bhfear seo ar é féin a choinneáil ceilte ar an saol mór. Ach anois, bhí an mordadh déanta agam, agus an giorria ina shuí. Is cuimhin liom nach minic a chonaic mé leabhar aige, rud a tháinig crosach ar an ngnáthchaint a luaigh léitheoireacht leis. Mar sin féin, an cupla uair a tharla mé ag dul thart lena áit chónaithe in antráth na hoíche, chuir mé sonrú ann go raibh lampa lasta ag soilsiú istigh aige i gcónaí. Cad é a bhí sé a dhéanamh ansin, agus é ag déanamh airneán aonair go teacht an lae? An ag breacadh síos scríbhinní a bhí sé? Agus má b’ea, cad é an cineál rudaí a bhí á scríobh aige?

 

Tharla go raibh gnó le socrú agam in áit eile, b’éigean dom an chathair s’againn a fhágáil ar feadh thréimhse cupla mí. Nuair a tháinig mé ar ais, agus an geimhreadh ann, fuair mé tásc mo dhuine in áit a thuairisce. Ina aonar a shíothlaigh sé, agus níor bhac sé le cur fá choinne an dochtúra. Bhí sé leath ligthe i ndearmad ag muintir na háite cheana féin. Bhí a árasán tréigthe ar fad. Ní raibh aon mhoill orm aithne a fháil ar bhean an tí, nó theastaigh uaim seanchas an mharbháin a chur, nó fáil amach fá dtaobh de, ar aon nós: cad é a bhíodh idir lámhaibh ag an tionónta, cén cineál scríbhneoireachta a bhí i gceist? D’íoc mé sciúrtóg airgid leis an tseanbhean le teacht i seilbh oidhreacht a tionónta, is é sin, a chuid scríbhinní. D’admhaigh an chailleach gur chlis uirthi teacht trasna ar dhá cheann de na leabhráin nótaí a bhí ann ar dtús. Bean dhuairc thostach a bhí ann nach raibh mórán eolais inbhainte aisti. Ní raibh sí ábalta ach beagáinín a rá i dtaobh a tionónta, thar a raibh cluinte agam ó fhaisnéiseoirí eile roimhe sin. Dar léi, chaitheadh an tionónta na míosa fada díomhaoin ar fad, gan leabhar a oscailt amach ná breith ar pheann. Nuair a bhuaileadh an tallann é, áfach, d’fhéadfadh sé na hoícheanta a chur de ag dul ó cheann ceann an tseomra i mbun a mhachnaimh, nó fiú ag caint leis féin. Thairis sin, bhí grá aige don chailín bheag, gariníon na caillí, go háirithe ó chuala sé gurb é Cáit ab ainm daoithi. Níor imigh bliain nach ndeachaigh mo dhuine ar aifreann le Féile Chaitríona a cheiliúradh. Ní raibh cuideachta ná cuairteoirí ag teastáil uaidh, agus ní fhágadh sé an baile ach le scoil a fhoghlaim do na páistí. Bhí sé cineál míshásta, fiú, leis an dóigh a dtagadh sí féin, bean an tí, isteach chuige uair in aghaidh na seachtaine leis an áit a scuabadh glan. Siúd is gur chaith sé trí bliana ar aíocht ag an tseanbhean, ní labhraíodh sé léi ach an-chorruair. Chuir mé ceist ar Cháit bheag, ar chuimhin léi a múinteoir. Stán sí orm gan gíocs ná míocs a ligean aisti, thug sí a droim liom agus thosaigh sí ag caoineadh. Dhealraigh sé go raibh an fear sin in ann grá a mhealladh ó aon chroí amháin ar a laghad.

 

Thug mé liom a chuid páipéar agus chaith mé lá iomlán ag cur ord is eagar orthu. Trí cinn as gach ceathrar, ní raibh ann ach truflais, ar nós ceachtanna scoile nó nótaí sealadacha eile; ach bhí leabhrán amháin ann, ceann sách mór, agus é á chur thar maoil le mionscríbhneoireacht. Níor tháinig mo dhuine go bun an leabhráin riamh: gach seans gur éirigh sé as an obair roimh a críochnú nó gur lig sé i ndearmad í. Cur síos a bhí ann, nó díolaim de chuimhní cinn fánacha, b’fhéidir, ar bhlianta a bhraighdeanais, an deich mbliana a chaith sé i ngeimhle. Uaireanta, thagadh athrach scéil i leaba na nótaí seo, áfach: scéal aisteach, uafásach fiú, a bhí breactha síos anseo agus ansiúd, mar a bheadh mo dhuine á scríobh ina ainneoin féin, agus tallann mire nó racht gealtachta ag luí air – sin é an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm orm, ar a laghad, agus iad léite agam cupla uair. Maidir leis na cuimhní cinn ó laethanta na daorbhroide, Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh mar a bhaist sé féin orthu in áit éigin den lámhscríbhinn, ba dóigh liom go raibh díol suime iontu agus gurbh fhiú iad a chur faoi bhráid an léitheora. Saol úr anaithnid a bhí ann, agus bhí draíocht orm agus mé ag teacht isteach ar thoscaí aisteacha an tsaoil áirithe sin, i gcruth is gur léigh mé féin cuid mhaith de le fiosracht mhór. Is féidir nach bhfuil an ceart agam. Leis an scéal a chur in aithne daoibh, roghnaím cupla caibidil ar dtús…

An Béarlóir Deireanach (sliocht tosaigh as úrscéal)

  An Béarlóir Deireanach úrscéal sochtheangeolaíoch le Panu Petteri Höglund Iarúsailéim An rud is luaithe is cuimhin l...