Tuesday, February 26, 2019

Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh - sliocht as an úrscéal le Dostoevsky

This is my old translation of the introductory chapter of Dostoyevsky's Dead House, in a more standardized form.


***

Aon duine a dhéanfas críocha cúil na Sibéire a thaisteal, idir mhachairí móra, shléibhte agus choillte aistreánacha, is dual dó teacht trasna ar an gcorr-chathair bheag, áit a bhfuil míle nó cupla míle de dhaoine ag cur fúthu. Tithíocht adhmaid uile go léir a bhíos sna cathracha seo, agus sin a mbíonn de chuid súl iontu, maille le dhá theach pobail - ceann acu ina sheasamh i lár na háite, agus an ceann eile suite in aice na reilige. Is ar éigean a thig leat "cathair" a thabhairt ar a leithéid, nó is leis an gcuid is fearr de na sráidbhailte taobh amuigh de Mhoscó is cosúla iad. Bíonn a gcuid féin de státseirbhísigh ag obair sna cathracha seo, agus siúd is gurbh é a fuacht a thabhaigh a clú don tSibéir, is féidir leat bheith i do shuí go te teolaí ar fad sa taobh sin den tír, más státseirbhíseach thú. Na daoine a bhfuil cónaí orthu ansin, is macánta an cineál muintire iad nár bhuair a gcloigne riamh le smaointeachas na haoise nua; is fearr leo cloí go dian daingean leis an sórt saoil a chleachtaíodh a sinsir rompu. Is iad na státseirbhísigh a dhéanas cúis na huasaicme ansin, agus ní bheadh sé cuí ná óraice iad a dhiúltú faoin gcéimíocht sin. Daoine de thógáil na Sibéire féin atá i gcuid mhaith acu; an chuid eile, áfach, is muintir isteach iad a tháinig ó chroí na Rúise, ó na cathracha móra ach go háirithe, nó is é an tuarastal a mheall an bealach seo iad, chomh maith leis an dóchas atá acu as an todhchaí. An chuid acu a gheobhas amach cad é is ciall cheart don tsaol seo, fanfaidh a bhformhór anseo, agus teasghrá is taithneamh tugtha acu don tír seo a bhfuil siad á gcló léi. Dá réir sin, is dual dóibh go dtiocfaidh rath Dé ar a gcuid oibre. An chuid eile acu, áfach, níl iontu ach lucht aeraíochta, agus ós rud é nach bhfuil sé daite dóibh teacht isteach ar chuspóir ár mbeatha ar dhroim an domhain, ní bheidh siad i bhfad á dtuirsiú den tSibéir, agus iad á gceistiú féin, cad é an cineál cat mara a sheol sa taobh sin den tír iad an chéad uair riamh. Beidh mífhoighne orthu deireadh an téarma trí bliana a bhaint amach, agus nuair a bheas lá an chaighdeáin ann, fillfidh siad abhaile in áit na mbonn le conablach saoil a chur díobh ag caitheamh anuas ar an tSibéir agus ag draothadh gáire fúithi. Níl an ceart ag an dream seo, áfach. Ní hiad na státseirbhísigh an t-aon aicme amháin a bhfuil rath in aice láimhe acu sa tSibéir. Tá an aeráid go hiontach ar fad; tá an tír lán ceannaitheoirí agus trádálaithe saibhre nár theip a soicheall riamh orthu; agus go leor daoine de na bundúchasaigh féin ag déanamh go maith. Bíonn na mná óga chomh hálainn agus a bhíos siad geanmnaí; agus bíonn an géim ag siúl síos suas na sráideanna chomh flúirseach is nach bhfuil de dhíth ar an tsealgaire ach a ghunna a ardú. Bítear ag ól seaimpéine mar a bheadh uisce ann, agus tá an caibheár thar barr ar fad. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, tír í an tSibéir nach bhfuil a sárú ann, ar acht is go bhfuil tú in ann a barr a aithint is a bhaint. Agus níl máistir a muintire ann le barr a bhaint.


I gceann de na cathracha beaga suáilceacha seo, áit a raibh togha na ndaoine ina gcónaí chomh lách cineálta is a bhí siad, i gcruth is nach bhféadfainn cuimhne na muintire seo a ruaigeadh as mo chroí choíche, - ina leithéid d'áit a casadh Aleksandr Petrovich Goriachnikov orm. Ina fhear uasal agus ina oidhre fearainn a rugadh mo dhuine thall sa Rúis, ach nuair a mharaigh sé a bhean chéile, ba é an pionós a ghearr an dlí dó ná an díbirt go dtí an tSibéir ina phríosúnach daorbhroide den dara rang. Nuair a bhí an téarma deich mbliana istigh aige, d'fhan sé i gcathair C. ina chóilíneach shaorthoilteanach, agus b'ansin a chaith sé a shaol go síochánta suaimhneach. Déanta na fírinne, bhí sé cláraithe go hoifigiúil i gceann de na paróistí tuaithe taobh amuigh den chathair, ach ba sa bhaile mhór a chuir sé faoi, agus é ag saothrú a choda measartha maith ag múineadh scoile do na páistí. Is iomaí duine de lucht na díbeartha a bhíonn ag dul le múinteoireacht mar ghléas beatha sa tSibéir, agus ní gnách a leithéidí a chur ó dhoras ná a dhiúltú faon obair. An teanga Fraincise is mó a mhúintear, ós rud é nach féidir le haon duine mórán dul chun cinn a dhéanamh ina huireasa; agus is fánach duine sna críocha corracha cúil seo a mbeadh aon chur amach aige uirthi, murach na múinteoirí díbeartha. Casadh Aleksandr Petrovich orm an chéad uair i dteach Ivan Ivanovich Gvozdikov; státseirbhíseach maith mórintinneach a bhí ann, mar Gvozdikov, agus cúigear clainne aige: iníonacha uile go léir a bhí ann, agus an mhóréirim chéanna chun foghlama i ngach uile chailín acu, ainneoin éagsúlacht a n-aoise. Mhúineadh Aleksandr Petrovich ceachtanna dóibh ceithre huaire in aghaidh na seachtaine, ar dheich gcóipéice fichid an laisín. Ba í a chosúlacht a tharraing mo shúil ar mo dhuine an chéad uair. Fear seang mílítheach a bhí ann, ach ní raibh sé thar cúig bliana déag is fiche d'aois, an fear beag díomasach seo. B'fhearr leis riamh éadaí glana a chur air, éadaí ba mhó a shamhlófá le hIarthar na hEorpa ná leis an Rúis s'againn. An té a bhuailfeadh bleid air, d'ardódh mo dhuine a shúile go furchaidh faichilleach ina araicis, mar a bheifí ag iarraidh fuascailt fichille nó scaoileadh rúin a bhaint as. I ndeireadh na dála, d'fhreagraíodh sé go gonta giorraisc, agus é ag meá gach focal dá labhródh sé chomh cúramach is gur chuir sé míchompord ort, agus tú i bpianpháis ag fanúint le deireadh an chomhrá. Chuir mé ansin a sheanchas ar Ivan Ivanovich, agus fuair mé le cloisteáil gur duine dea-mhúinte ardbhéasach gan locht gan smál a bhí ann, ó thaobh an chineál saoil a bhí aige; nó ní bheadh Ivan Ivanovich sásta an fear seo a bheith ag múineadh scoile dá chuid iníonacha, dá mbeadh a mhalairt fíor. Chuala mé uaidh, fosta, gur éan corr a bhí ann a sheachnaíodh comhluadar na ndaoine eile; gur duine thar a bheith léannta a bhí ann, agus é ag léamh na scórtha leabhar; gur duine a bhí ann nach labhraíodh mórán, agus é chomh ciúin, chomh tostach is go rachadh sé rite le haon duine mórán thar an leathfhocal a bhaint as. Na daoine eile a cheistigh mé, bhí siad géarbharúlach gur gealt a bhí ann, siúd is nach raibh an duáilce áirithe seo ag cur isteach orthu ar aon dóigh ar leith. Bhí a lán de na daoine ba mheasúla amuigh sásta a bhféile a riar ar Aleksandr Petrovich, nó is amhlaidh gur fear úsáideach a bhí ann le litreacha molta agus a leithéid a scríobh. Bhíothas ag déanamh go raibh gaolta uaisle aige thiar sa Rúis, ach ba léir go raibh sé, agus é ina phríosúnach daorbhroide go fóill, i ndiaidh éirí as cibé caidreamh a bhíodh aige lena mhuintir. Fear a bhí ann, mar sin, nach n-aithneodh a leas féin. Thairis sion, bhí a fhios ag cách scéal a bheatha is a bhreithe: ní raibh sé bliain pósta ar a bhean chéile nuair a mharaigh sé í le teann éada, agus ansin chuir sé féin in iúl do na húdaráis gurbh eisean a rinne an choir. Bhain an admháil seo a lán blianta den téarma príosúnachta a bhí dlíte dó ar son an ainghnímh. Is gnách glacadh leis an gcineál seo dúnmharuithe mar ábhar bróin gan aon duine a mhilleánú mórán, agus is trua le cách an coirpeoir féin. Ina dhiaidh sin féin, sheachnaíodh mo dhuine cuideachta an tsaoil mhóir, agus b'fhearr leis gan dul i bhfianaise na ndaoine eile ach lena chuid ceachtanna a thabhairt uaidh.


Ar dtús, ba chuma liom faoi, a bheag nó a mhór, ach de réir a chéile, níl a fhios agam cad chuige, tháinig spéis agam ann. Bhí sé ag dul díom aon chiall nó tuiscint cheart a bhaint as an bhfear seo. Ní raibh lá áiméir agam é a bhréagadh chun comhrá liom. Ar ndóighe, agus tú ag cur ceist air, shílfeá gur ghlac sé leis mar phríomhdhualgas a shaoil freagra a thabhairt chomh réidh is a thiocfadh leis; ach má rinne mé iarracht tuilleadh cainte a fháscadh as mo dhuine i ndiaidh na bhfreagraí seo, tháinig gnúis na fulaingthe is na tuirse ar a cheannaithe. Is cuimhin liom oíche iontach álainn shamhraidh agus an bheirt againn ag fágáilt theach Ivan Ivanovich in éineacht. I dtoibinne, rith liom é a iarraidh isteach chugam féin le toitín a chaitheamh. Níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar an scanradh a d'aithin mé ar a aghaidh ansin. Rinneadh stangaire de, agus thosaigh sé ag monabhar focail scartha nach raibh ag teacht le chéile ar aon nós, agus ansin, i ndiaidh dó súil fheargach a chaitheamh ormsa, abhae go deo leis i malairt treo ar fad. Fuair mé mé féin faoi dhubhiontas. Ón uair sin i leith, agus é ag castáil ormsa, ba nós leis bheith ag stánú is ag starógacht orm agus cuma cineál sceimhlithe air. Níor ghéill mé féin, áfach; mhothaigh mé go raibh mo dhuine do mo tharraingt ina leith in ainneoin an bheirt againn; agus i ndiaidh aon mhíosa amháin, chuaigh mé i mo dheoin i bhfianaise Gorianchikov. Is léir go raibh mé do m'iompar go tútach mímhúinte. Bhí cónaí ar an bhfear seo ar imeall na cathrach i dteach seanmhná de phór na mbuirgéiseach, a raibh iníon aici, agus í ag éileamh le créachta. Bhí leanbh tabhartha ag an iníon seo féin, cailín a bhí thart ar dheich mbliana d'aois. Leanbh álainn cineálta a bhí ann. Nuair a tháinig mé isteach, bhí Aleksandr Petrovich ag múineadh léitheoireacht don pháiste seo. Ag fáil radhairc ormsa dó, tháinig a leithéid de náire air is go sílfeá gur i mbun míghnímh nó coire a bhí sé. Rinneadh stangaire de mo dhuine ar fad, sheas sé suas óna chathaoir agus sháigh sé orm a raibh de shúile ina cheann. Shuigh muid síos sa deireadh, ach d'fhan sé ag coinneáil diansúil orm, mar a bheadh sé in amhras go raibh plean éigin glactha agam lena chabhóg a dhéanamh. Thuig mé go raibh sé chomh drochamhrasach is nach raibh mórán idir é agus deargmhire. Mhair sé ag amharc go fuafar orm, agus é ag tabhairt in amhail a rá liom gur chóir domh greadadh liom anois. Labhair mé liom, agus mé ag trácht ar nuacht na háite, ach má labhair féin, is beag freagra a bhain mé as mo chéile comhrá ach amháin gur tháinig meangadh feargach draothgháire air. Tuigeadh dom go raibh sé aineolach ar fad ar an ngnáthshaol sa chathair ina thimpeall - gur chuma leis sa diabhal faoi, fiú. Ansin, tharraing mé orm cúrsaí na mbólaí ina raibh an áit suite, agus na rudaí a bhí de dhíth le saol a dhéanamh ansin. D'éist sé liom ina thost ar fad, agus an dóigh a raibh sé ag dearcadh orm tháinig náire agus aiféaltas orm gur labhair mé amach an chéad uair riamh. Le haisfhreagra éigin a bhréagadh ó mo dhuine, rith liom na hirisí agus na leabhartha a thairiscint dó a bhí mé a iompar liom ó oifig an phoist: bhí siad ar fad chomh húr is nach ndearna mé féin oiread is na leathanaigh a scaradh ó chéile go fóill. Ba bheag nár chuir an cineál seo flaithiúlachta fearg ar mo dhuine. Chaith sé súil chíocrach ar na leabhartha, ach tháinig sé chuige féin ansin, agus dhiúltaigh sé don tairiscint, siocair is nach raibh am saor aige. Sa deireadh thiar thall, d'fhág mé slán is beannacht ag mo dhuine, agus ag tréigean na háite dom, mhothaigh mé ualach trom ag titim de mo chroí. Ba náir liom an scéal ar fad ina dhiaidh, nó i ndiaidh an iomláin b'amaideach is ba drochmhúinte an mhaise dom a bheith ag cur isteach ar dhuine a bhí chomh meáite leis an bhfear seo ar é féin a choinneáil ceilte ar an saol mór. Ach anois, bhí an mordadh déanta agam, agus an giorria ina shuí. Is cuimhin liom nach minic a chonaic mé leabhar aige, rud a tháinig crosach ar an ngnáthchaint a luaigh léitheoireacht leis. Mar sin féin, an cupla uair a tharla mé ag dul thart lena áit chónaithe in antráth na hoíche, chuir mé sonrú ann go raibh lampa lasta ag soilsiú istigh aige i gcónaí. Cad é a bhí sé a dhéanamh ansin, agus é ag déanamh airneán aonair go teacht an lae? An ag breacadh síos scríbhinní a bhí sé? Agus má b'ea, cad é an cineál rudaí a bhí á scríobh aige?

Tharla go raibh gnó le socrú agam in áit eile, b'éigean dom an chathair s'againn a fhágáil ar feadh thréimhse cupla mí. Nuair a tháinig mé ar ais, agus an geimhreadh ann, fuair mé tásc mo dhuine in áit a thuairisce. Ina aonar a shíothlaigh sé, agus níor bhac sé le cur fá choinne an dochtúra. Bhí sé leath ligthe i ndearmad ag muintir na háite cheana féin. Bhí a árasán tréigthe ar fad. Ní raibh aon mhoill orm aithne a fháil ar bhean an tí, nó theastaigh uaim seanchas an mharbháin a chur, nó fáil amach fá dtaobh de, ar aon nós: cad é a bhíodh idir lámhaibh ag an tionónta, cén cineál scríbhneoireachta a bhí i gceist? D'íoc mé sciúrtóg airgid leis an tseanbhean le teacht i seilbh oidhreacht a tionónta, is é sin, a chuid scríbhinní. D'admhaigh an chailleach gur chlis uirthi teacht trasna ar dhá cheann de na leabhráin nótaí a bhí ann ar dtús. Bean dhuairc thostach a bhí ann nach raibh mórán eolais inbhainte aisti. Ní raibh sí ábalta ach beagáinín a rá i dtaobh a tionónta, thar a raibh cluinte agam ó fhaisnéiseoirí eile roimhe sin. Dar léi, chaitheadh an tionónta na míosa fada díomhaoin ar fad, gan leabhar a oscailt amach ná breith ar pheann. Nuair a bhuaileadh an tallann é, áfach, d'fhéadfadh sé na hoícheanta a chur de ag dul ó cheann ceann an tseomra i mbun a mhachnaimh, nó fiú ag caint leis féin. Thairis sin, bhí grá aige don chailín bheag, gariníon na caillí, go háirithe ó chuala sé gurb é Cáit ab ainm daoithi. Níor imigh bliain nach ndeachaigh mo dhuine ar aifreann le Féile Chaitríona a cheiliúradh. Ní raibh cuideachta ná cuairteoirí ag teastáil uaidh, agus ní fhágadh sé an baile ach le scoil a fhoghlaim do na páistí. Bhí sé cineál míshásta, fiú, leis an dóigh a dtagadh sí féin, bean an tí, isteach chuige uair in aghaidh na seachtaine leis an áit a scuabadh glan. Siúd is gur chaith sé trí bliana ar aíocht ag an tseanbhean, ní labhraíodh sé léi ach an-chorruair. Chuir mé ceist ar Cháit bheag, ar chuimhin léi a múinteoir. Stán sí orm gan gíocs ná míocs a ligean aisti, thug sí a droim liom agus thosaigh sí ag caoineadh. Dhealraigh sé go raibh an fear sin in ann grá a mhealladh ó aon chroí amháin ar a laghad.

Thug mé liom a chuid páipéar agus chaith mé lá iomlán ag cur ord is eagar orthu. Trí cinn as gach ceathrar, ní raibh ann ach truflais, ar nós ceachtanna scoile nó nótaí sealadacha eile; ach bhí leabhrán amháin ann, ceann sách mór, agus é á chur thar maoil le mionscríbhneoireacht. Níor tháinig mo dhuine go bun an leabhráin riamh: gach seans gur éirigh sé as an obair roimh a críochnú nó gur lig sé i ndearmad í. Cur síos a bhí ann, nó díolaim de chuimhní cinn fánacha, b'fhéidir, ar bhlianta a bhraighdeanais, an deich mbliana a chaith sé i ngeimhle. Uaireanta, thagadh athrach scéil i leaba na nótaí seo, áfach: scéal aisteach, uafásach fiú, a bhí breactha síos anseo agus ansiúd, mar a bheadh mo dhuine á scríobh ina ainneoin féin, agus tallann mire nó racht gealtachta ag luí air - sin é an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm orm, ar a laghad, agus iad léite agam cupla uair. Maidir leis na cuimhní cinn ó laethanta na daorbhroide, Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh mar a bhaist sé féin orthu in áit éigin den lámhscríbhinn, ba dóigh liom go raibh díol suime iontu agus gurbh fhiú iad a chur faoi bhráid an léitheora. Saol úr anaithnid a bhí ann, agus bhí draíocht orm agus mé ag teacht isteach ar thoscaí aisteacha an tsaoil áirithe sin, i gcruth is gur léigh mé féin cuid mhaith de le fiosracht mhór. Is féidir nach bhfuil an ceart agam. Leis an scéal a chur in aithne daoibh, roghnaím cupla caibidil ar dtús...

An Sách is an Seang - the Irish translation of a short story by Anton Chekhov

Anton Chekhov

An Sách is an Seang

This is a translation I made years ago of Anton Chekhov's short story, Tolstyi i Tonkii, It is a product of my years of promoting Ulster Irish, and it shows. The Irish title of the story is based on the proverb ní thuigeann an sách an seang, the well-fed man does not understand the starving man.

Earlier I tried to transliterate the Russian names by using a system of my own, but these days I usually use the English system. I am not at all happy with the attempts of the terminology committee at providing piecemeal Irish transliterations of names such as Gorbachov, because it is too obvious they don't have any idea of the Russian language.


Casadh beirt seancharad* ar a chéile ar stáisiún an bhóthar iarainn** i dtreo Nikolayevo. Fear acu, bhí sé sách sáite, agus an fear eile, bhí sé seang stiúgtha. Bhí an Sách go díreach i ndiaidh béile a chaitheamh i seomra itheacháin an stáisiúin, agus loinnir an ime ina chuid fiacal. Bhí boladh na seirise is na liomanáide oráiste as***. An Seang, áfach, bhí sé ag tuirlingt ón gcarbad, agus é ag tarraingt a chuid bagáiste ina dhiaidh. An boladh a tháinig as an bhfear seo, bagún agus dríodar caife ba mhó a bhí le haithint tríd. Bhí scrogaire stiúgtha mná ag siúl sna sálaí aige, – ba í sin bean chéile mo dhuine, – chomh maith le scoláire ard meánscoile a bhí ag amharc ar an saol mór le súile leathdhúnta – ba eisean mac na lánúine seinge, gan amhras.

*) This is the genitive plural of seanchara, used after beirt. However, using it might be old-fashioned of me.


**) You'd think it should be stáisiún an bhóthair iarainn, but my gut tells me not to use the genitive ending of bóthar here, as bóthar iarainn is such a close-knit entity.


***) Smells are thought to emanate out of you, thus as.

”A Phorfiri!” a scairt an Sách, ag feiceáil an fhir eile dó*. ”A sheanchara, an tusa atá agam ansin dáiríribh? Nach fada ar shiúl uaim thú!”


*) when he was seeing the other man. The preposition do refers to the notional agent of an action in a verbal noun construction such as this.

”Dia dár réiteach, nach é Mikhail atá ann?” arsa an Seang. ”Mo chara cléibh! Cá has ar tháinig tusa, chomh tobann sin?”

Thug an bheirt fhear trí phóg dá chéile agus iad ag stánadh ar a chéile tríd na deora. Bhí draíocht dheas orthu. 

”Anois, ní raibh súil ar bith agam leis seo!” arsa an Seang. ”Bain sásamh do shúl asam* agus feicfidh tú nár tháinig aon athrú ar an seanrógaire idir an dá linn! Agus tú féin, cad é mar a d'éirigh an saol leat féin? An bhfuil tú ag saothrú go maith? Ar sháigh tú do mhéar i sealán cheana?** Chuaigh brat pósta orm féin le fada***, mar a fheiceas tú: seo mo bhean chéile, Wanzenbach ba sloinne di roimh an phósadh****, de phór na Liútaránach í... agus seo Nafanail, mo mhac: tá sé sa tríú leabhar***** ar scoil inniu, an stócach. Féach, a Nafanail, seo mo chara scoile! Chuaigh muid in aon mheánscoil le chéile, tráth den tsaol!”


*) "derive the satisfaction of your eyes out of me", i.e. look at me as much as you want.


**) "did you put your finger into the hangman's noose (sealán) already?" is a facetious way of asking "did you get married already?"


***) "I got married a long time ago".

****) roimh an phósadh in Ulster, roimh an bpósadh in other dialects. Both variants are accepted in the standard language.
*****) this is a somewhat old-fashioned way to say that he was a third-grader at school - I picked it up from my favourite Ulster authors.

D'éirigh Nafanail smaointiúil ina ghnúis agus bhain sé a bhairéad de.

”Chuaigh muid ar scoil in éineacht!” a lean an Seang leis. ”An cuimhin leat an dóigh a mbítí ag spochadh asat? Thugtaí Herostratos ort, ó chuir tú leabhar de chuid na scoile trí thine le bun toitín. Agus mise, ba mise Ephialtes, ó bhí mé i mo spiaire mór. Hó, hó... Inár bpáistí a bhí muid san am sin. Ná bíodh eagla ort, a Nafanailín! Tar ar aghaidh agus sín lámh chuig an uncail deas! Agus seo mo bhean chéile, de mhuintir Wanzenbach - de phór na Liútaránach...”

D'fhan Nafanail ina thost ag smaoineamh leis, ach ansin, chuaigh sé i bhfolach taobh thiar de dhroim a athara*.


*) athara rather than athar is the genitive of athair "father" in Ulster.

”Cogar, a chara, cad é mar atá tú?” a d'fhiafraigh an Sách, agus é ag amharc go maorga ar an bhfear eile. ”An i do státseirbhíseach atá tú? An bhfuil céim ard bainte amach agat?"

”I mo státseirbhíseach, ar ndóigh! Tá mé i mo Mheasúnóir Barra* i Stanislav le conablach dhá bhliain** anuas. Níl mé ag saothrú go rómhaith, ach is cuma, nó tá mo bhean chéile ina múinteoir pianó, agus mé féin ag saoirsiniú boscaí todóg as adhmad. Agus níl aon chaill ar na boscaí sin! Díolaim ar rúbal an bosca iad, ach, ar ndóigh, aon duine a bhfuil níos mó ná deich gcinn de dhíth air, gheobhaidh sé lacáiste. Tá muid ag streachailt linn go measartha. An bhfuil a fhios agat, chaith mé seal i seirbhís na Roinne, ach ansin, hathlonnaíodh anseo mé le dul i gceannas ar an gcraobhoifig a fhreastlós ar an taobh seo den tír. Anseo a bheas mé ag obair feasta. Agus tú féin, caithfidh sé go bhfuil tú i do Chomhairleoir Stáit*** cheana féin!”


*) measúnóir barra is my attempt at translating kollezhskii asessor into Irish. A kollezhskii asessor was the civilian equivalent of a major in the imperial Russian army.


**) conablach dhá bhliain "the most part of two years", i.e. almost two years.


***) comhairleoir stáit means "state councillor" or statskii sovetnik, the civilian equivalent of a brigadier in the imperial army.

”Ní hea, a chara, ardaigh d'aidhm”, a d'fhreagair an Sách. ”Tá mé i mo Rún-Chomhairleoir* anois, agus dhá réalta óir ar mo bhrollach.


*) rún-chomhairleoir is my attempt to translate tainyi sovetnik, Privy Councillor, which is the civilian equivalent of a lieutenant general.

D'éirigh an Seang mílítheach* ar fad anois, agus rinneadh staic de mar a bheadh cloch ann. Ansin, áfach, leath meangadh ar a cheannaithe, meangadh a sháraigh faoi thrí an aoibh a bhí air roimhe seo. Shílfeá go raibh sé ag splancarnaigh ar fad, idir aghaidh agus shúile; ach san am chéanna, chuach sé agus chúb sé isteach chuige féin, thit na guaillí aige, agus é ag éirí ní ba seinge, ní ba stiúgtha ná mar a bhí roimhe seo... A chuid bagáiste, idir mhála is mhealbhóga, tháinig tuilleadh roicneacha orthu, agus iad ag titim i ngaire dá chéile... Má bhí smig chaol fhada ag a bhean chéile ó thús, chuaigh sé an oiread eile i bhfad agus chun caoladais... Tháinig Nafanail chun tosaigh, agus é ag iamh an chnaipe dheireanaigh ar a éide scoile...


*) pale in a sickly way

”A Fhoruaisleacht Mhórga, le do thoil uasal... Mór an pléisiúr! Seanchara a bhí ionat, tráth dár saol, le do thoil uasal, agus tú i do thiarna mhór anois, le do thoil uasal, hí-hí-hí...”

”Anois”, arsa an Sách, agus roicneacha ag teacht ina éadan, ”cuir uait na geáitsí sin! Chuaigh muid ar scoil in éineacht, b'olc an seanadh dúinn bheith ag buaireamh ár gcloigne fá dtaobh de thábla na gcéimíochtaí*!”


*) tábla na gcéimíochtaí is the official table of ranks in Imperial Russia.

”Más é do thoil uasal... Do thoil uasal...”, arsa an Seang, agus é ag gáirí go neirbhíseach i gcónaí is ag umhlú ní ba doimhne fós. ”Más é toil uasal d'Fhoruaisleachta Mórga... is ionann d'fhabhar uasal agus deoch na híocshláinte... Seo anois, a Fhoruaisleacht, mo mhac Nafanail... agus seo mo bhean chéile, Louise, de phór na Liútaránach, i gciall fhoirmiúil áirithe*...”


*) The Starving One wants to hint that his wife, while being a Lutheran, was as good and loyal a subject as an Orthodox Christian would be, and only "in a certain formal sense" a Lutheran.

Thug an Sách in amhail* cur in aghaidh an lústair seo, ach staon sé, nuair a fuair sé radharc ceart ar ghnúis a sheanchara: chuir an lútáil is an béal bán sin samhnas ar an Rún-Chomhairleoir. Ghread sé leis**, gan ach an lámh a chroitheadh leis an Seang le slán a fhágáil aige.


*) i.e. he almost did it, but didn't do it


**) he left, "he hit the road". (You could also say bhuail sé bóthar in Irish.)

D'airdigh an Seang trí mhéar, d'umhlaigh sé leath go talamh agus é ag miongháirí i gcónaí mar a bheadh Síneach ann: hí-hí-hí. Dhrann an bhean aoibh gháire, í féin. Bhain Nafanail tailm as talamh le leathchos, agus thit a hata de. Bhí draíocht dheas ar an tríúr acu.

Ciclipéid na Réalteolaíochta: Io - X-radaíocht


Io an ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d'Iúpatar, agus is minic a thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí (cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile taobh istigh ag na fórsaí taoide, is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an tsulfair.

Tá Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s'againn, agus í ar an dara ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus níos lú ná Ganymede agus Callisto.

Lárainciam – Is é an lárainciam dúil uimhir a 103, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Lr. Fuair sé a ainm ó Ernest Orlando Lawrence (an t-eolaí a chéadcheap an cioglatrón), agus glactar leis go bhfuil sé cosúil leis an lúitéitiam, an dúil atá os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl, ó thaobh na ceimice de: is é an lúitéitiam an ceann is troime de na lantanóidigh, agus is é an lárainciam an ceann is troime de na hachtanóidigh. Sin a bhfuil le rá i dtaobh an lárainciam i ndáiríre, nó is dúil éagobhsaí radaighníomhach é, agus is beag úsáid phraiticiúil a thig a bhaint as. An t-iseatóp is cobhsaí atá aige is é lárainciam a 266 é, agus é aon uair déag ar leathré.

Leaptón a thugtar ar bhuncháithnín éadrom, cosúil leis an leictreon. Ní féidir leis na leaptóin páirt a ghlacadh san idirghníomhú láidir (is é an t-idirghníomhú láidir is cúis leis an bhfórsa a choinníos núicléas an adaimh le chéile). Ba é an leictreon an chéad leaptón a haithníodh. Leaptón eile é an múón, agus é i bhfad níos troime ná an leictreon, cé nach bhfuil sé chomh trom leis na baróin.

Léaráid Hertzsprung-Russell a thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d'fhorbair í tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b'as na Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí, na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá réasúnta scartha ó chéile.

Línte Fraunhofer a thugtar ar na línte dubha a d'aithin agus a mhapáil an t-optaiceoir Gearmánach Joseph Fraunhofer ar speictream na Gréine ón mbliain 1814 ar aghaidh. (Breis is deich mbliana roimhe sin, chuir an fisiceoir Sasanach William Hyde Wollaston sonrú sna línte mar rud, ach ní dhearna sé miontaighde orthu mar a rinne Fraunhofer.) Mar a tuigeadh do Gustav Kirchhoff agus Robert Bunsen leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá na línte seo suite in aon áit ar scála na dtonnfhad nó na minicíochtaí agus línte ionsúcháin a lán dúl ceimiceach coitianta, agus mar sin is é is cúis leis na línte seo ná go bhfuil solas na Gréine ag dul trí atmaisféar na Gréine agus an Domhain ina bhfuil na dúile seo ar fáil.

Litiam a thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 aonad ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht, nó 7Li, an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li, sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh timpeall ar a cúig sna heiseamail nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1. Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán (níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+, a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin, cosúil leis na miotail alcaileacha eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam. Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.

Níl an litiam ach 0.53 g/cm3 ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn an imoibriúcháin.

Is gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin áfach tá an litiam ábalta imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid litiam Li3N a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin. Is féidir nítrid sóidiam le struchtúr cosúil (Na3N) a tháirgeadh, ach is comhdhúil iontach éagobhsaí í a thitfeas as a chéile ar an toirt agus nach bhfuil inti go bunúsach ach éacht saotharlainne gan tábhacht phraiticiúil ar bith.

Is é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach. Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.

Livearmóiriam atá againn ar dhúil uimhir a 116, agus is é Lv an tsiombail cheimiceach. Dúil radaighníomhach é agus níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ach 57 milleasoicind ar leathré. Mar sin, is dócha nach bhfaighidh na heolaithe amach mórán faoi airíonna ceimiceacha na dúile seo choíche. Fuair an dúil a hainm ó Livermore i gCalifornia, áit a bhfuil saotharlann thábhachtach fisice núicléiche.

An Mhaighdean – Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé, an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Mangainéis a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 25. Ceann de na miotail trasdultacha í an mhangainéis, agus is é an giorrúchán a shiombalaíos í sna foirmlí ceimiceacha ná Mn. 54.94 an meáchan adamhach, agus is é an t-aon iseatóp nádúrtha atá ann ná mangainéis a cúig déag is dhá scór. Miotal liath sobhriste í an mhangainéis atá araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin tagann smúid ocsaíde uirthi agus aer nó uisce ag dul i bhfeidhm uirthi.

Tá an mhangainéis réasúnta coitianta sa dúlra. Ba é an ceimiceoir Gearmánach Johann Gottfried Gahn a d'aonraigh an chéad eiseamal mangainéise sa bhliain 1772, ach roimhe sin féin bhí ceimiceoirí eile ag déanamh go raibh dúil cheimiceach ar leith ar fáil sna mianraí mangainéise, cé nach raibh siad ábalta an dúil sin a scaradh ó na dúile eile.

Is féidir leis an mangainéis a lán staideanna éagsúla ocsaídiúcháin a bheith aici ina cuid comhdhúl, ach is í +2 an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta. Bíonn dath pinc ag dul leis an staid ocsaídiúcháin áirithe sin. Is é +7 an uimhir ocsaídiúcháin is airde atá ag an mangainéis, agus í ag baint leis an ian sármhanganáite MnO4+. Tá dath corcra san ian seo. Is í an tsármhanganáit photaisiam KMnO4 an chomhdhúil is tábhachtaí ina bhfuil teacht ar an ian seo. Baintear úsáid as an tsármhanganáit photaisiam mar imoibreán sna saotharlanna, ós rud é gur ocsaídeoir maith í. Thairis sin, is féidir sármhanganáití a mheascadh tríd an ngloine leáite ar mhaithe leis an dath. Is iomaí comhdhúil eile de chuid na mangainéise a bhfuil dath inti áfach: mar shampla úsáidtear an dé-ocsaíd mhangainéise MnO2 le dath donn a chur sa ghloine. Tugtar pirealúisít ar an dé-ocsaíd seo mar mhianra nádúrtha.

Úsáidtear mangainéis i gcómhiotalú – cuirtear leis an gcruach agus leis an alúmanam í. Bíonn iarsmaí beaga mangainéise ag teastáil ó orgánach an duine, ach san am chéanna tá dáileoga ró-arda dainséarach go leor, nó déanann siad dochar do na néaróga.

Markab Markeb a thugtar ar cheithre réalta éagsúla:
  • Alpha Pegasi. Cé gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is fiche dínn.
  • Tau Pegasi. Tugtar Salm Kerb ar an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • k Puppis (tabhair faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa atá againn ansin, ach an ghnáthlitir k!). Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad go leith de sholasbhlianta dínn.
  • Kappa Velorum. Déréalta i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a rachaidís i bhfeidhm ort.

Mars atá ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad sa ghrianchóras s'againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s'againn, agus dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.

Tá Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb'fhearr ”an pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré” Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.

Bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an oiread.

Maidir le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh ar na caidhpeanna go tráthrialta.

Tá bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain, ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin – dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh an Domhan i gcuimhne duit.

Ceist mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d'aon chineál ar fáil ar Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla, cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht taobh thíos de dhromchla Mharsa.

Is dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc gur bhain sé úsáid an orláiste nó an chloig as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major, de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.

Maidir le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad. Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.

ATMAISFÉAR MHARSA
Brú an aeir ar dhromchla Mharsa
0.6 % de mheánbhrú an aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
Dé-ocsaíd charbóin, CO2
96 %
Argón, Ar
1.9 %
Nítrigin, N2
1.9 %
Ocsaigin, O2
(iarsmaí beaga)
Aonocsaíd charbóin, CO
Meatán, CH4


An MheáLibra a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í – trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile, nó Zubenelgenubi (Alpha Librae), is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach sin, is é sin, α2 Librae. Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.

Tríd is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá, NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.

Mearcair atá ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín níos mó ná Mearcair.

Tá rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar dhroim an phláinéid féin, áfach, d'fheicfeadh sé aon lá is aon oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d'fheicfeadh sé an Ghrian ag éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a mhaintlín réasúnta tanaí.

Ní féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós. Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.

Tá Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht, nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012 d'aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear – oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.

Mearcair a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó airgead beo, agus is é Hg an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na saolta seo, toisc gur trom-mhiotal nimhiúil dainséarach atá ann. Is iad +2 (na comhdhúile mearcaracha) agus +1 (na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair Hg+-Hg+. Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair is tábhachtaí.

Meathshlabhra a thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam, beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath radaighníomhach eile uirthi.

Seo an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le cobhsaíocht a bhaint amach:

  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná prótachtainiam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná úráiniam a 234;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 230;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná raidiam a 226;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná radón a 222;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 218;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná luaidhe a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná biosmat a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná polóiniam a 214;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná luaidhe a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 210;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná luaidhe a 206;
  • agus is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an meathshlabhra a fhad lena dheireadh.


Ní mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218 an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán do bhealaí malartacha den chineál seo.

Nuair a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna, gnás a d'fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam a thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach iseatóip thóiriam a bhí i gceachtar acu ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón ar an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam. Iainiam a bhí acu ar thóiriam a 230.

MegrezKaffaDelta Ursae Majoris atá ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin. A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te. Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.

Meindiléiviam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 101, agus is é Md an tsiombail cheimiceach. Ceann de na hachtanóidigh thrasúránacha é, agus mar sin is dúil éagobhsaí radaighníomhach é. Tá an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige aon lá déag is dhá scór ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde áirithe a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha an mheindiléiviam: is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin is féidir a aithint. Fuair an dúil seo a hainm ó Dmitrii Mendeleyev, an t-eolaí Rúiseach a chuir an chéad leagan de thábla peiriadach na ndúl i dtoll le chéile.

Meitniriam an t-ainm a baisteadh ar dhúil cheimiceach uimhir a 109, agus is é an tsiombail cheimiceach ná Mt. Fuair an dúil a hainm ó Lise Meitner, fisiceoir Ostarach agus an chéad ollamh mná le fisic sa Ghearmáin. Ba iad Meitner, Otto Hahn agus Otto Robert Frisch na chéad fhisiceoirí a fuair amach go raibh núicléas úráiniam a 235 claonta chun eamhnú a dhéanamh agus neodrón á bhualadh. Dúil throm thrasúránach, éagobhsaí radaighníomhach, é an meitniriam.

Merope23 Tauri – Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.

An Micreascóp a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d'ainmnigh an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í Gamma Microscopii an réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.

Mimas – ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann eile sa Ghrianchóras.

Mira Ceti Omicron Ceti – réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo b'ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin baisteadh Mira, ”An Mhiorúilt”, uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite tuairim is trí chéad solasbhliain uainn.
Mirfak Alpha Persei atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Tá Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí – B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó, agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.

Mizar Zeta Ursae Majoris an réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha. Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.

Moscóiviam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 115, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Mc. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir tá an moscóiviam chomh radaighníomhach is go dtagann meath air sular féidir mórán a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha – níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige oiread is soicind amháin ar leathré. Fuair an dúil a hainm ó Mhoscó, nó tá institiúid Dubna suite i gcóngar don chathair sin, agus is san institiúid sin a bhí na heolaithe in ann an chéad adamh moscóiviam a ghineadh.

Muir an Fhuachta Mare Frigoris a thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí Giovanni Riccioli a d'ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus Harpalus.

Muir an Neachtair Mare Nectaris atá ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.

Muir an tSuaimhnisMare Serenitatis a thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis – is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe. Uaidhsean a d'fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith le duine.

Muir na Báistí Mare Imbrium a thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar dhroim na Gealaí i gcoitinne.

Muir na Gaile Mare Vaporum an mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus, cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná é.

Muir na Lionnta Mare Humorum – ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre chéad ciliméadar ar leithead.

Muir na nGábh Mare Crisium an ”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead, agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é Giovanni Riccioli a d'ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú haois déag.

Muir na Sáimhe Mare Tranquillitatis an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí. Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong, Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.

Muir na Scamall Mare Nubium a thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha ansin iad Bullialdus agus Pitatus.

Muir na Torthúlachta Mare Fecunditatis – ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang'e a hAon. Bhí Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang'e nuair a bhuail siad dromchla na Gealaí.

Neiptiún atá ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s'againn – ní áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh, rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Maidir le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar Neiptiún leis an teas istigh.

Néiriad an tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter) Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar fad, a bheag nó a mhór.

Niohóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 113, agus is é Nh an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Nihon, arb é an leagan gnáthchainte d'ainm Seapáinise na Seapáine; is é Nippon an leagan foirmiúil. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil radaighníomhach é an niohóiniam a dtagann meath uirthi chomh luath is nach furasta mórán taighde a dhéanamh ar a saintréithe ceimiceacha. Ba iad na fisiceoirí Seapánacha in Institiúid Riken i Wako a ghin an chéad adamh niohóiniam, rud a mhíníos an t-ainm. Tá Wako suite i Maoracht Saitama, díreach taobh amuigh de Thóiceo.

Nóbailiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 102. Ceann de na hachtanóidigh é, agus is é No an tsiombail cheimiceach a sheasas dó. Fuair an dúil a hainm ó Alfred Nobel, an fear céanna a chuir tús leis na duaiseanna clúiteacha eolaíochta agus litríochta. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile tá an nóbailiam an-éagobhsaí, an-radaighníomhach, ach is féidir taighde éigin a dhéanamh ar a iompraíocht cheimiceach, ós rud é go bhfuil an t-iseatóp is cobhsaí, nóbailiam a 258, ocht nóiméad déag is dhá scór ar leathré. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin.

Is éard atá sa Nua-Chatalóg Ghinearálta (NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg réalteolaíoch a d'fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”, is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D'fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”Innéacs-Chatalóg” (Index Catalogues, IC) leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d'eisigh an leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.

Núiclíd a thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.

Tugtar iseatóip ar núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin iad na núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair iad na núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón agus na neodrón in éineacht.

Mar shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam (hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí. Agus ar ndóigh is iseatóip iad an próitiam, an deoitéiriam agus an tritiam.

Ní bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtaí méiseatóiriam, is é sin méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é). Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá iontu.

Oberon atá ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus tagraíonn an t-ainm do A Midsummer Night's Dream, an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis) amháin san am chéanna. Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint: na cainneoin (chasma an téarma Laidine a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá dhráma.

Ocsaigéad a thugtar ar aigéid neamhorgánacha ina bhfuil adaimh ocsaigine timpeall an adaimh lárnaigh. Ocsaigéid iad, mar shampla, an t-aigéad nítreach HNO3, an t-aigéad sulfarach H2SO4, an t-aigéad fosfarach H3PO4, agus an t-aigéad sárchlórach HClO4. Ar ndóigh, níl nasc díreach idir an hidrigin agus an t-adamh lárnach sna hocsaigéid seo, agus mar sin b'fhearr na foirmlí a scríobh mar seo: HONO2, (HO)2SO2, (HO)3PO, HOClO3. Le fírinne áfach tá ocsaigéid ag an bhfosfar ina bhfuil cuid de na hadaimh hidrigine ceangailte go díreach den adamh lárnach, rud a chiallaíos nach féidir leo imoibriú aigéadach a dhéanamh ar aon nós.

Ocsaigin atá ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is éadroime de na calcaiginí. O an tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná an dá cheann eile.

Is ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin – fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an dóchán.

Tá ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar iasacht ón dúil eile.

Tá dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an ”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2), agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3). Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.

Tá ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá). Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium, nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd Clostridium botulinum an cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha seo ón tréimhse roimh Réabhlóid na hOcsaigine. Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó shin, nuair a d'éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am. Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta, a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.

Chomh himoibritheach is atá an ocsaigin d'imeodh sí as an atmaisféar go sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d'ocsaigin an Domhain tá sí ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is comhdhúil ocsaigine agus sileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.

Óganasan a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 118; is é Og an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Rúiseach Yuri Oganessian, agus sin a bhfuil le rá ina leith i ndáiríribh, nó tá an dúil seo chomh radaighníomhach is nach féidir taighde a dhéanamh ar a hairíonna ceimiceacha. Tá an t-óganasan suite i ngrúpa na dtriathghás i dtábla peiriadach na ndúl, áfach.

Na hOirínidí: Cith dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na hEta-Acuairídí.

Oismiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a sé déag is trí scór. Is é Os an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Tá an t-oismiam 190.23 aonad ar mheáchan adamhach, agus is ceann de na miotail phlatanamchosúla é. Tá sé ar an dúil is dlúithe amuigh, nó is é an dlús atá aige ná 22.6 g/cm3. Mar sin, tá sé beagnach dhá oiread chomh dlúth leis an luaidhe.

Fuair an t-oismiam a ainm ón bhfocal Gréigise a chiallaíos ”drochbholadh”. Bíonn drochbholadh as an oismiam, go háirithe as an bpúdar oismiam, nó is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir agus teatrocsaíd oismiam, OsO4, a dhéanamh. Comhdhúil nimhiúil í an teatrocsaíd oismiam a bhfuil drochbholadh so-aitheanta aisti.

An tOllaomthóir (Matt Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard atá ann ná rud dofheicthe agus é an-trom. Tá an tOllaomthóir suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na réaltraí.

Ór a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus is é Au an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).

Ní furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua regia nó ”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4-. Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid ocsaídiúcháin an óir. Is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach H2SeO4, ar ocsaídeoir láidir é.

Pallas atá ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras, taobh istigh d'fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara mionphláinéad is luaithe a d'aithin súil an duine, nó ba é an réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)

Parsoic: Tá an focal féin parsoic bunaithe ar parsec an Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax second, is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d'aon aonad réalteolaíoch amháin d'fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i gcéin uainn (le fírinne áfach níl Proxima Centauri féin suite chomh cóngarach sin). Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar.

Pasiphaë: Ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge, a rinne a fiannachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta, an-éalárnach aici – tá a garphointe d'Iúpatar suite seacht milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.

Peirséas – réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide, an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar atá, NCG869 agus NCG884.

An Phéacóg – réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán. Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha Pavonis freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn, agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.

An Phéist a thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar: Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste. Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear na bPéisteanna, suite idir an Ceann agus an tEireaball. Is é Unukalhai nó Alpha Serpentis an réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor Serpentis an t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta, is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine, rud atá i ndán don Ghrian s'againn féin i ndeireadh ama. Tá Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn. Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta Serpentis an ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í, díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh. Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de sholasbhlianta dínn.

Sa bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134 agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le bheith infheicthe againne. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt ar an réigiún sin den néal inniu.

An Phéist Bheag a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn, an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce – le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta Hydri an réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán don Ghrian s'againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre solasbhliana is fiche dínn.

An Phéist Uisce a thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú, an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha Hydrae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta Hydrae atá suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn; fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt sa déréalta. Maidir le Gamma Hydrae, is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an nGrian s'againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.

Tá Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát Acre.

Tá trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá, M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua – tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.

Phekda Phecda Phad Gamma Ursae Majoris a thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta, taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian. Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir í.

An Phléadach An Streoillín An Croimfhleiscín An tÉillín An Scuaidrín Na Cearrbhaigh – ”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven Sisters a chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh, agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope (Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a chuireas luan le loinnir na réaltaí.

Tugann na Seapánaigh Subaru ar an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an réaltbhraisle seo. Na Maori sa Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach ná Makali'i. Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali'i i gcultúr traidisiúnta na Maori, bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki. Is éard a bhí i gceist le Makahiki ná tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na méithe i seanchreideamh na Maori.

Príomhsheicheamh a thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí. D'fhéadfá a rá gurb iad na gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian, Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána.

Tá gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh (”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh chuige, nó ”imphléascadh imtharraingthe” a dhéanamh, agus an dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt – neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach (nó cothromaíocht hidreastatach) air.

Tá ”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.

Prótachtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór, is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige (prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.

Tá ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4 agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.

Ba iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a d'aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis an focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin ”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh. ”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.

Radaí – is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (mar shampla) ag teacht as, mar a fheictear dúinne.

Radaighníomhaíocht atá i gceist leis an dóigh a gclaochlaíonn adaimh áirithe go dúil eile. Is éard a thagas orthu ná meath radaighníomhach, rud a chiallaíos go n-astaíonn núicléas an adaimh cáithnín éigin. Ina dhiaidh sin beidh líon na núicléón – na bprótón is na neodrón sa núicléas – athraithe, nó ar a laghad beidh a gcoibhneas athraithe, ionas nach ionann an dúil atá i gceist.

Cineálacha den mheath radaighníomhaíocht iad an t-alfa-mheath, an béite-mheath, an cnuasmheath, an t-eamhnú spontáineach, an gáma-mheath, an tiontú inmheánach agus an leictreonghabháil.

Is éard atá i gceist leis an alfa-mheath ná an núicléas a bheith ag astú alfa-cháithnín. Is éard atá ann ná cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón greamaithe dá chéile ag an bhfórsa núicléach ann: mar sin is ionann é agus núicléis an iseatóip is cóitianta atá ag an héiliam. Is ar na dúile troma is mó a thagas alfa-mheath, an t-úráiniam féin cuir i gcás.

Maidir leis an mbéite-mheath, ní aon chineál amháin meatha atá ann. Sa bhéite-mheath dhiúltach astóidh an núicléas leictreon amháin (a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) chomh maith le neoidríonó (nó ”leictreon-fhrithneoidríonó”), agus tiontóidh ceann de na neodróin sa núicléas ina phrótón. Sa bhéite-mheath dheimhneach astóidh an núicléas posatrón amháin (a bhfuil lucht leictreach deimhneach aige) agus tiontóidh ceann de na prótóin ina neodrón. Astóidh an núicléas neoidríonó (”leictreon-neoidríonó”) sa chineál seo béite-mheatha chomh maith. Cáithníní an-éadroma iad na neoidríonónna nach ndéanann mórán idirghníomhaíochta leis an damhna.

Is éard atá i gceist leis an gcnuasmheath astú mion-núicléis atá níos troime ná an t-alfa-cháithnín: núicléis charbóin (radacarbón nó gnáthcharbón), ocsaigine, maignéisiam, neoin agus eile a astaítear. Is annamh a thagas cnuasmheath ar aon núiclíd, ach is núiclídí troma iad a bhíos i gceist, agus is é an t-alfa-mheath an gnáthmheath acu. D'fhéadfá an tátal a bhaint as an scéal nach bhfuil san alfa-mheath féin ach an cineál is coitianta i bhfad den chnuasmheath, mar sin.

Eamhnú spontáineach arís, is éard atá i gceist leis sin ná scoilteadh spontáineach an núicléis. Ní mór an t-eamhnú seo a scaradh ón eamhnú spreagtha sna himoibreoirí núicléacha agus sna buamaí adamhacha. Núicléis troma amháin a dhéanas eamhnú spontáineach, agus níl sé róchoitianta acu féin.

Is éard is cúis leis an ngáma-mheath ná aistriú an núicléis ó isiméir amháin go hisiméir eile. Sa cheimic, is é is ciall leis an isiméireacht ná go bhfuil struchtúr an mhóilín difriúil ag comhdhúile arb ionann líon na n-adamh éagsúla iontu – mar sin, is isiméirí iad an t-aicéatón CH3C(O)CH3 agus an t-aicéataildéad CH3CH2C(H)O. Maidir leis na hisiméirí núicléacha, is ionann líon agus coibhneas na neodrón is na bprótón iontu, ach san am chéanna tá isiméir amháin ar leibhéal fuinnimh is airde ná an isiméir eile, agus is dual di an fuinneamh breise a astú mar chandam radaíochta – gáma-radaíocht.

Is féidir leis an núicléas an bhreis fuinnimh sin a ”bhronnadh” ar cheann de leictreoin an adaimh freisin (tiontú inmheánach). Ansin scaoilfear an leictreon sin – an leictreon tiontaithe – agus nuair a thitfeas leictreon eile isteach ó leictreonsceall níos airde, astófar candam x-radaíochta. Is féidir go mbuailfidh an candam sin leictreon eile ionas go n-astófar é chomh maith. Na leictreoin a astaítear ar an dóigh seo, tugtar leictreoin Auger orthu – ón bhfisiceoir Francach Pierre-Victor Auger a fuair siad an t-ainm seo.

Leictreonghabháil a bheas ann má cheapann an núicléas ceann de na leictreoin is gaire dó le prótón a iompú ina neodrón – go bunúsach, beidh lucht leictreach diúltach an leictreoin de dhíth le lucht deimhneach an phrótóin a neodrú. Astófar leictreon-neoidríonó sa teagmháil. Beidh an núicléas féin flosctha le fuinneamh i ndiaidh na leictreonghabhála, agus astóidh sé candam gáma-radaíochta nó déanfaidh sé tiontú inmheánach ionas go scaoilfear leictreoin saor ón néal leictreon (leictreon tiontaithe chomh maith le leictreoin de chuid Auger). Is iad an K-sceall agus an L-sceall an dá leictreonsceall is cóngaraí don núicléas, agus mar sin labhraítear faoi K-ghabháil agus L-ghabháil dá réir.

Réalta Barnard an ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í – is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í. Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an réalta ainmnithe as an bhfear a d'aithin í roimh aon duine eile, mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar shampla.

Réalta Kapteyn an gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp. Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1898.

Réalta Teegarden a thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite i réaltbhuíon an Reithe.

Réaltra a thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl s'againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí bíseacha barracha iad mar sin.

Réaltra an Ghuairneáin – is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D'fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

RigelBeta Orionis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta, Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil ón gcuid is mó d'fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm den aicme speictreach B atá inti.

Ainm Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos” – cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim is naoi gcéad solasbhliain dínn.

Rointginiam atá ar dhúil uimhir a 111, agus is é Rg an tsiombail cheimiceach. Tugann an t-ainm aitheantas don fhisiceoir Ghearmánach Wilhelm Conrad Röntgen, a rinne fionnachtain na n-x-ghathanna (”radaíocht Röntgen” mar a thugtar orthu ina lán teangacha). Maidir leis na saintréithe ceimiceacha, tá an rointginiam in aon ghrúpa leis na miotail lómhara, is é sin, an copar, an t-airgead geal agus an t-ór, agus is féidir a thuairimiú gur miotal lómhar é féin. Níl ann ach teoiriceoireacht dáiríribh, ós rud é gur dúil éagobhsaí radaighníomhach é an rointginiam. Is é rointginiam a 282 an t-iseatóp is cobhsaí: níl sé féin ach céad soicind ar leathré.

Rutarfoirdiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 104, agus is é Rf an giorrúchán a shiombalaíos an dúil. Bhí ainm na dúile seo ina chnámh spairne idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe i ré an Chogaidh Fhuair, agus na Sóivéadaigh ag tabhairt cuirtseatóiviam (Ku) uirthi, in ómós d'Igor Kurchatov, a bhí i gceannas ar thaighde núicléach an Aontais Shóivéadaigh go lá a bháis sa bhliain 1960. Maidir leis an ainm atá ar an dúil inniu, tagraíonn sé d'Ernest Rutherford, fisiceoir Sasanach a bhí ina cheannródaí san fhisic adamhach. Níl mórán eile le rá faoin rutarfoirdiam, nó cosúil leis an gcuid is mó de na dúile trasúránacha is dúil shaorga radaighníomhach é a dtagann meath uirthi go sciobtha.

An SciathSciath Sobieski Scutum Scutum Sobiescianum (Polainnis: Tarcza Sobieskiego) a thugtar ar an réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan Heweliusz) a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a bhreith i gCath Vín, 1683.

Níl mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti, ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í. Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá chéad solasbhliain dinn.

Seaboirgiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 106, agus is é Sg an giorrúchán. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Glenn Seaborg. Is beag eile is féidir a rá i leith an tseaboirgiam, nó is dúil shaorga é atá chomh radaighníomhach is nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a saintréithe ceimiceacha, chomh gearrshaolach is atá na hiseatóip is cobhsaí féin.

Siorcóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr an giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha. Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón, an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta siorcóiniam.

Miotal insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

Is iad an dé-ocsaíd (ZrO2), nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4), an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór (2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na hollchruinne, níl cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Is féidir iarsmaí d'iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór, nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.

Sirius: Is é Sirius nó Sotis Sopdet Alpha Canis Majoris Réalta an Mhadra an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin, ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis an nGrian s'againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla. Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos gasta ná an Ghrian s'againn.

Maidir le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán: tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh, ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.

Deir téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius, rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin, ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Tá Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Mato Grosso in iarthar na tíre.

Sóidiam: Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na – Natrium an t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta. 22.99 an meáchan adamhach, agus is é sóidiam a trí is fiche (23Na) an t-aon iseatóp cobhsaí atá ann. Is é an t-iseatóp radaighníomhach is faide leathré ná sóidiam a dó is fiche (22Na), agus é dhá mhíle chéad bliain ar leathré. Is é an béite-mheath deimhneach a thagas air, is é sin, is dual dó posatrón a astú, agus is é neon a dó is fiche (22Ne) is toradh don mheath seo. Iseatóp cobhsaí é an neon seo.

Cosúil leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.

Is é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is coitianta dá bhfuil aige, agus is é +1 an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+ a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin (décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3) agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).

Má chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann, agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd sóidiam, NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san uisce.

Is féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá, agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.

Spica: Is í Spica nó Alpha Virginis an réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

Sraith Balmer: Is í sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite i mbanda an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanda ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer a d'aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag brath ar a chéile agus a d'oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.

Is í cothromóid Rydberg ná:

(1/λ) = RZ2[(1/n12)-(1/n22)]

inarb ionann:
  • λ agus tonnfhad na líne speictrí
  • R agus tairiseach Rydberg
  • Z agus an uimhir adamhach, is é sin uimhir na bprótón i núicléas an adaimh (don hidrigin, is ionann í agus a haon)
  • n1 agus an leibhéal fuinnimh óna léimeann an leictreon
  • n2 agus an leibhéal fuinnimh a léiméann an leictreon go dtí é

Nuair atá n2 ag dul i dtreo na héigríche (), tá (1/n22) ag dul go hasamtóiteach i dtreo an neamhní. Mar sin, má ligtear (1/n22) ar lár sa chothromóid, is féidir íosteorainn a chomhaireamh do thonnfhad na sraithe. Tabhair faoi deara nach bhfuil an chothromóid seo i bhfeidhm ach i gcóras atá comhdhéanta as núicléas agus aon leictreon amháin – go praiticiúil is ionann sin agus adamh hidrigine. Dá mbeadh tuilleadh leictreon ann rachadh castacht na cothromóide thar acmhainn na matamaiticeoirí féin.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Balmer ná 656 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 364.6 nanaiméadar.

Sraith Brackett: Is í sraith Brackett an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an ceathrú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil fhuinnimh os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Frederick Sumner Brackett (1896-1988) a d'aithin an tsraith seo sa bhliain 1922.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Brackett ná 4051 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 1458 nanaiméadar.

Sraith Humphreys: Is í sraith Humphreys an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an séú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Curtis Humphreys (1898-1986) a rinne a fionnachtain.

Is é tonnfhad an chéad líne sa tsraith ná 12.37 micriméadar (12,370 nanaiméadar) , agus is í an teorainn ná 3.282 micriméadar (3,282 nanaiméadar).

Sraith Lyman: Is í sraith Lyman an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda ultraivialait, is é sin, níl siad infheicthe. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Theodore Lyman.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Lyman ná 121.6 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 91.18 nanaiméadar.

Sraith Paschen: Is í sraith Paschen an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an tríú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda infridhearg, is é sin, tá a dtonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe, agus dá réir sin, tá a minicíocht níos ísle. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Gearmánach Friedrich Paschen.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Paschen ná 1875 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 820.4 nanaiméadar.

Sraith Pfund: Is í sraith Pfund an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an cúigiú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach August Herman Pfund.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Pfund ná 7460 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 2279 nanaiméadar.

Tagratagra geodasaíochta a thugtar ar an leibhéal tagartha airde a bhfuil meas an ”neamhní” air – ar an ”dromchla farraige” a luaitear, abair, le hairde na sléibhte. Le fírinne áfach is féidir an tagra a shainiú ar dhóigheanna éagsúla.

Teicnéitiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is dhá scór i dTábla Peiriadach na nDúl, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Tc. Is miotal trasdultach é, agus é in aon ghrúpa leis an mangainéis agus an réiniam. Thar aon rud eile, áfach, is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná teicnéitiam a naoi ndéag is ceithre scór (99Tc), agus é 211,000 bliain ar leathré.

Ba é an fisiceoir Iodálach Emilio Segrè a d'aithin an teicnéitiam an chéad uair riamh, cé go raibh torthaí bréagdheimhneacha tugtha roimhe sin ag eolaithe a shíl go raibh dúil a 43 fionnta acu. Ar cuairt sna Stáit Aontaithe dó chuir Segrè suim sa chioglatrón (luasaire cáithníní) i Saotharlann Berkeley, agus thug Ernest Lawrence, an fear a chéadcheap an gléas, scragall úsáidte ón gcioglatrón dó, le go bhféadfadh sé taighde a dhéanamh ar na núiclídí radaighníomhacha a d'fhág an úsáid sa scragall. Bhí an scragall déanta as molaibdéineam, dúil uimhir a 42, agus teoiric ag Segrè gur iseatóp de chuid dhúil a 43 a bhí ar fáil sa scragall. Le cuidiú óna chara Carlo Perrier, a bhí ina mhianreolaí, chruthaigh sé gurbh amhlaidh.

Bhí Segrè ag obair in Ollscoil Palermo, agus d'iarr lucht rialtais an bhardais go mbaistfeadh sé panóirmiam ar an dúil nua, ainm a bhí bunaithe ar an leagan Laidine d'ainm na cathrach, Panormus. Sa bhliain 1947, aon bhliain déag i ndiaidh do Segrè an fhionnachtain a dhéanamh, bhaist eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí teicnéitiam ar an dúil, ós rud é gur dúil shaorga (tekhnetos an focal Sean-Ghréigise a chiallaíos ”saorga, daondéanta”) í nach bhfuil ar fáil sa dúlra go nádúrtha – tá gaol ag an ainm le teicneolaíocht, ar ndóigh.

Miotal trom é an teicnéitiam a gcuirfeadh a chosúlacht platanam i gcuimhne duit. Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta a bhíos aige ina chuid comhdhúl ná +4, +5, agus +7. Tagann smúid ocsaíde ar an teicnéitiam le taise an aeir, agus is féidir an miotal a chur trí thine in atmaisféar glanocsaigine.

Teinisín a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 117, agus is é an giorrúchán a sheasas don teinisín ná Ts. Fuair an dúil a hainm ó stát Tennessee sna Stáit Aontaithe, nó tá saotharlann fisice núicléiche Oak Ridge suite sa stát sin. Dúil throm thrasúránach é an teinisín agus é chomh radaighníomhach is nach bhfuil na heolaithe ábalta mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha.

Triantán an Gheimhridh: Is é Triantán an Gheimhridh astaireacht na réaltaí úd Sirius, Betelgeuse, agus Procyon – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Mhadra Mhóir, an Bhodaigh, agus an Mhadra Bhig.

Triantán an tSamhraidh a thugtar ar Altair, Vega, agus Deneb in éineacht – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Iolair, na Líre, agus na hEala.

Úfó an giorrúchán Béarla a chiallaíos ”réad eitilte gan aithint”. Is minic a shíltear gurb ionann úfó agus spásbhád eachtardhomhanda, ach ní mar sin atá: dá n-aithneofaí mar spáslong de chuid na bhfear beag uaine é, ní bheadh sé ina úfó (is é sin, gan aithint) a thuilleadh!

Cé go mbítear ag cur sonrú i rudaí aisteacha thuas san aer ó tháinig an cine daonna chun saoil, ní dhearnadh coincheap ar leith den úfó ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1947 chonaic an t-eitleoir amaitéarach Meiriceánach Kenneth Arnold dioscaí aisteacha ina thimpeall agus é díreach ag eitilt thart le Sliabh Rainier (nó Sliabh Tacoma), an sliabh is airde sna Sléibhte Cascáideacha i Stát Washington, Iarthuaisceart na Stát Aontaithe. Is minic a chreidtear gurbh é Arnold a bhaist ainm an ”tsásair eitilte” ar na dioscaí seo, ach is deacair a rá an mar sin a bhí – is féidir gurbh iad na nuachtáin a bhain an chéad úsáid as an téarma sin flying saucer.

Níorbh é Arnold an t-aon duine a thug tuairisc ar an gcineál seo breathnuithe san am, agus ghlac Aerfhórsa na Stát Aontaithe imní: an raibh sibhialtaigh tar éis sonrú a chur in aerárthaí rúnda de chuid an Aerfhórsa féin, nó an raibh gléasra spiaireachta de chuid na Sóivéadach i gceist? Nó an ea nach raibh ann tar éis an tsaoil ach iomrall súl? Chuir an tAerfhórsa tús le Project Sign, tionscadal taighde a bhí dírithe ar a fháil amach cad é ba chúis leis na sásair eitilte. Dealraíonn sé gur rith an míniú ”eachtardhomhanda” le daoine acu siúd a raibh baint acu leis an tionscadal seo, cé go raibh a lán d'oifigigh an Aerfhórsa barúlach gurbh ón Aontas Sóivéadach a tháinig na sásair, agus córas tiomána acu nach raibh ar eolas ag innealtóirí na Stát Aontaithe. Iad siúd a chreid sa teoiric Shóivéadach, bhí siad ag déanamh gur cineál cogaíocht shíceolaíoch a bhí idir lámhaibh ag na Rúisigh chomh dána dalba is a bhí na húfónna ag eitilt in aerspás na Stát.

Ní raibh údaráis an Aerfhórsa sásta le torthaí Project Sign, agus thosaigh siad ar thionscadal nua, Project Grudge. Sa bhliain 1949 d'eisigh Grudge a chuid torthaí: glacadh leis nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, a fhad agus a d'fhéadfaí a mheá, agus nach raibh iontu go bunúsach ach míthuiscintí ar rudaí nádúrtha nó ar réadanna neamhurchóideacha eile.

Ba é tionscadal an Leabhair Ghoirm, nó Project Blue Book, an tríú hiarracht oifigiúil a rinneadh sna Stáit le taighde a dhéanamh ar na húfónna. Chaith lucht an Leabhair Ghoirm na blianta fada ag bailiú scéalta faoi úfónna agus á n-anailísiú, agus sa bhliain 1968, foilsíodh tuairisc faoin teideal ”Staidéar Eolaíoch ar na Réadanna Eitilte gan Aithint”, nó ”Tuairisc Condon”, mar is gnách í a ainmniú, ós fisiceoir darbh ainm Edward Condon a bhí i gceannas ar an gcoiste a dhréachtaigh an tuairisc. Is iad na torthaí a bhí le léamh ar an tuairisc seo ná nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, ná teicneolaíocht ardfhorbartha nó cuairteoirí eachtardhomhanda ag baint leo, de réir na fianaise a bhí ann.

Idir an dá linn áfach tháinig cultas na n-úfónna ar an bhfód, agus dreamanna beaga díograiseoirí ag fógairt gur spásbháid ó phláinéid eile a bhí i gceist. Le fírinne chuir an CIA – lárúdarás faisnéise na Stát Aontaithe – ar bun coiste taighde dá gcuid féin faoi cheannas an fhisiceora Howard Percy Robertson, ”Painéal Robertson”, sa bhliain 1951. Ba iad torthaí oibre an phainéil seo ná nach sna húfónna a bhí an bhagairt, ach sna díograiseoirí: dá mbeadh lucht an Aerfhórsa, na réadlanna réalteolaíocha agus na stáisiúin bhreathnóireachta eile curtha thar a n-acmhainn ag tuairiscí seafóideacha faoi úfónna, ní fhéadfaidís súil a choinneáil ar eitleáin spiaireachta an Aontais Shóivéadaigh. Thairis sin, d'fhéadfadh na Sóivéadaigh dochar a dhéanamh do shíocháin inmheánach na Stát Aontaithe trí spreagadh a thabhairt do chultas na n-úfónna – mar a dúirt paínéal Robertson.

Tríd is tríd, ba é toradh na bhfiosruithe seo ná nach raibh rud osnádúrtha, neamhshaolta nó neamhghnách ar bith i gceist leis na húfónna. D'admhaigh na taighdeoirí nach raibh siad ábalta gach uile bhreathnú a mhíniú go fóill ach san am chéanna bhí siad dóchasach go bhfreagródh an eolaíocht gach aon cheist sa deireadh.

Xeanón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 54. Xe an tsiombail cheimiceach, agus is é an meáchan adamhach atá aige ná 131.29. Ceann de na triathgháis é an xeanón, agus ochtréad iomlán ar an sceall is faide amuigh sa néal leictreon aige, rud a fhágas nach bhfuil sé araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin féin is féidir leis an xeanón dul i gcomhdhúile ceimiceacha áirithe, go háirithe leis an bhfluairín, arb é an t-ocsaídeoir is láidre de na dúile go léir. Úsáidtear xeanón i bhfeadáin solais, nó is dual dó solas gorm a dhéanamh má chuirtear réimse leictreachais i bhfeidhm air.

Tá a lán iseatóp cobhsaí ag an xeanón, ocht gcinn acu ar fad. Thairis sin, tá aon raidiseatóp nádúrtha amháin aige, agus é chomh fadsaolach is gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.

ISEATÓIP NÁDÚRTHA AN XEANÓIN
Maisuimhir
Céatadán i xeanón an dúlra
Radaighníomhaíocht
124
0.1
Ar chúiseanna teoiriciúla táthar ag déanamh go dtagann béite-mheath dúbailte ar an iseatóp seo. Níl fianaise ar bith ann leis an teoiric seo a fhíorú, agus mar sin glactar leis gur núiclíd chobhsaí atá ann go praiticiúil.
126
0.09
cobhsaí
128
1.9
cobhsaí
129
26.4
cobhsaí
130
4.1
cobhsaí
131
21.2
cobhsaí
132
26.9
cobhsaí
134
10.4
Ar chúiseanna teoiriciúla táthar ag déanamh go dtagann béite-mheath dúbailte ar an iseatóp seo. Níl fianaise ar bith ann leis an teoiric seo a fhíorú, agus mar sin glactar leis gur núiclíd chobhsaí atá ann go praiticiúil.
136
(iarsmaí beaga)
béite-mheath dúbailte, leathré timpeall is 2 x 1011 bliain
Níl flúirse xeanóin in atmaisféar an Domhain, agus níl an triathghás áirithe seo róraidhsiúil ar na pláinéid eile ach an oiread. Is é Iúpatar an pláinéad is saibhre sa xeanón, rud is ábhar suime agus suntais do na heolaithe.

X-radaíocht a thugtar ar an radaíocht atá níos tonnfhaide ná an gháma-radaíocht, níos tonnghiorra ná an radaíocht ultraivialait. Ba é Wilhelm Konrad Röntgen a d'aithin an X-radaíocht an chéad uair sa bhliain 1895, agus ina lán teangacha tugtar ”radaíocht Röntgen” ar an gcineál seo radaíochta. Úsáidtear X-ghathanna (is é sin, gathanna X-radaíochta) sa dochtúireacht (le pictiúirí a thógáil de chnámha an duine bheo, ach go háirithe) agus sna seiceálacha slándála ar na haerfoirt (le fáil amach faoina bhfuil istigh i mála dúnta). Chomh saibhir is atá na gathanna seo i bhfuinneamh áfach baineann priacal áirithe ailse leo, nó déanann siad dochar do na comhdhúile íogaire bithcheimiceacha sna cealla beo .






Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...