Tuesday, February 26, 2019

Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh - sliocht as an úrscéal le Dostoevsky

This is my old translation of the introductory chapter of Dostoyevsky's Dead House, in a more standardized form.


***

Aon duine a dhéanfas críocha cúil na Sibéire a thaisteal, idir mhachairí móra, shléibhte agus choillte aistreánacha, is dual dó teacht trasna ar an gcorr-chathair bheag, áit a bhfuil míle nó cupla míle de dhaoine ag cur fúthu. Tithíocht adhmaid uile go léir a bhíos sna cathracha seo, agus sin a mbíonn de chuid súl iontu, maille le dhá theach pobail - ceann acu ina sheasamh i lár na háite, agus an ceann eile suite in aice na reilige. Is ar éigean a thig leat "cathair" a thabhairt ar a leithéid, nó is leis an gcuid is fearr de na sráidbhailte taobh amuigh de Mhoscó is cosúla iad. Bíonn a gcuid féin de státseirbhísigh ag obair sna cathracha seo, agus siúd is gurbh é a fuacht a thabhaigh a clú don tSibéir, is féidir leat bheith i do shuí go te teolaí ar fad sa taobh sin den tír, más státseirbhíseach thú. Na daoine a bhfuil cónaí orthu ansin, is macánta an cineál muintire iad nár bhuair a gcloigne riamh le smaointeachas na haoise nua; is fearr leo cloí go dian daingean leis an sórt saoil a chleachtaíodh a sinsir rompu. Is iad na státseirbhísigh a dhéanas cúis na huasaicme ansin, agus ní bheadh sé cuí ná óraice iad a dhiúltú faoin gcéimíocht sin. Daoine de thógáil na Sibéire féin atá i gcuid mhaith acu; an chuid eile, áfach, is muintir isteach iad a tháinig ó chroí na Rúise, ó na cathracha móra ach go háirithe, nó is é an tuarastal a mheall an bealach seo iad, chomh maith leis an dóchas atá acu as an todhchaí. An chuid acu a gheobhas amach cad é is ciall cheart don tsaol seo, fanfaidh a bhformhór anseo, agus teasghrá is taithneamh tugtha acu don tír seo a bhfuil siad á gcló léi. Dá réir sin, is dual dóibh go dtiocfaidh rath Dé ar a gcuid oibre. An chuid eile acu, áfach, níl iontu ach lucht aeraíochta, agus ós rud é nach bhfuil sé daite dóibh teacht isteach ar chuspóir ár mbeatha ar dhroim an domhain, ní bheidh siad i bhfad á dtuirsiú den tSibéir, agus iad á gceistiú féin, cad é an cineál cat mara a sheol sa taobh sin den tír iad an chéad uair riamh. Beidh mífhoighne orthu deireadh an téarma trí bliana a bhaint amach, agus nuair a bheas lá an chaighdeáin ann, fillfidh siad abhaile in áit na mbonn le conablach saoil a chur díobh ag caitheamh anuas ar an tSibéir agus ag draothadh gáire fúithi. Níl an ceart ag an dream seo, áfach. Ní hiad na státseirbhísigh an t-aon aicme amháin a bhfuil rath in aice láimhe acu sa tSibéir. Tá an aeráid go hiontach ar fad; tá an tír lán ceannaitheoirí agus trádálaithe saibhre nár theip a soicheall riamh orthu; agus go leor daoine de na bundúchasaigh féin ag déanamh go maith. Bíonn na mná óga chomh hálainn agus a bhíos siad geanmnaí; agus bíonn an géim ag siúl síos suas na sráideanna chomh flúirseach is nach bhfuil de dhíth ar an tsealgaire ach a ghunna a ardú. Bítear ag ól seaimpéine mar a bheadh uisce ann, agus tá an caibheár thar barr ar fad. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, tír í an tSibéir nach bhfuil a sárú ann, ar acht is go bhfuil tú in ann a barr a aithint is a bhaint. Agus níl máistir a muintire ann le barr a bhaint.


I gceann de na cathracha beaga suáilceacha seo, áit a raibh togha na ndaoine ina gcónaí chomh lách cineálta is a bhí siad, i gcruth is nach bhféadfainn cuimhne na muintire seo a ruaigeadh as mo chroí choíche, - ina leithéid d'áit a casadh Aleksandr Petrovich Goriachnikov orm. Ina fhear uasal agus ina oidhre fearainn a rugadh mo dhuine thall sa Rúis, ach nuair a mharaigh sé a bhean chéile, ba é an pionós a ghearr an dlí dó ná an díbirt go dtí an tSibéir ina phríosúnach daorbhroide den dara rang. Nuair a bhí an téarma deich mbliana istigh aige, d'fhan sé i gcathair C. ina chóilíneach shaorthoilteanach, agus b'ansin a chaith sé a shaol go síochánta suaimhneach. Déanta na fírinne, bhí sé cláraithe go hoifigiúil i gceann de na paróistí tuaithe taobh amuigh den chathair, ach ba sa bhaile mhór a chuir sé faoi, agus é ag saothrú a choda measartha maith ag múineadh scoile do na páistí. Is iomaí duine de lucht na díbeartha a bhíonn ag dul le múinteoireacht mar ghléas beatha sa tSibéir, agus ní gnách a leithéidí a chur ó dhoras ná a dhiúltú faon obair. An teanga Fraincise is mó a mhúintear, ós rud é nach féidir le haon duine mórán dul chun cinn a dhéanamh ina huireasa; agus is fánach duine sna críocha corracha cúil seo a mbeadh aon chur amach aige uirthi, murach na múinteoirí díbeartha. Casadh Aleksandr Petrovich orm an chéad uair i dteach Ivan Ivanovich Gvozdikov; státseirbhíseach maith mórintinneach a bhí ann, mar Gvozdikov, agus cúigear clainne aige: iníonacha uile go léir a bhí ann, agus an mhóréirim chéanna chun foghlama i ngach uile chailín acu, ainneoin éagsúlacht a n-aoise. Mhúineadh Aleksandr Petrovich ceachtanna dóibh ceithre huaire in aghaidh na seachtaine, ar dheich gcóipéice fichid an laisín. Ba í a chosúlacht a tharraing mo shúil ar mo dhuine an chéad uair. Fear seang mílítheach a bhí ann, ach ní raibh sé thar cúig bliana déag is fiche d'aois, an fear beag díomasach seo. B'fhearr leis riamh éadaí glana a chur air, éadaí ba mhó a shamhlófá le hIarthar na hEorpa ná leis an Rúis s'againn. An té a bhuailfeadh bleid air, d'ardódh mo dhuine a shúile go furchaidh faichilleach ina araicis, mar a bheifí ag iarraidh fuascailt fichille nó scaoileadh rúin a bhaint as. I ndeireadh na dála, d'fhreagraíodh sé go gonta giorraisc, agus é ag meá gach focal dá labhródh sé chomh cúramach is gur chuir sé míchompord ort, agus tú i bpianpháis ag fanúint le deireadh an chomhrá. Chuir mé ansin a sheanchas ar Ivan Ivanovich, agus fuair mé le cloisteáil gur duine dea-mhúinte ardbhéasach gan locht gan smál a bhí ann, ó thaobh an chineál saoil a bhí aige; nó ní bheadh Ivan Ivanovich sásta an fear seo a bheith ag múineadh scoile dá chuid iníonacha, dá mbeadh a mhalairt fíor. Chuala mé uaidh, fosta, gur éan corr a bhí ann a sheachnaíodh comhluadar na ndaoine eile; gur duine thar a bheith léannta a bhí ann, agus é ag léamh na scórtha leabhar; gur duine a bhí ann nach labhraíodh mórán, agus é chomh ciúin, chomh tostach is go rachadh sé rite le haon duine mórán thar an leathfhocal a bhaint as. Na daoine eile a cheistigh mé, bhí siad géarbharúlach gur gealt a bhí ann, siúd is nach raibh an duáilce áirithe seo ag cur isteach orthu ar aon dóigh ar leith. Bhí a lán de na daoine ba mheasúla amuigh sásta a bhféile a riar ar Aleksandr Petrovich, nó is amhlaidh gur fear úsáideach a bhí ann le litreacha molta agus a leithéid a scríobh. Bhíothas ag déanamh go raibh gaolta uaisle aige thiar sa Rúis, ach ba léir go raibh sé, agus é ina phríosúnach daorbhroide go fóill, i ndiaidh éirí as cibé caidreamh a bhíodh aige lena mhuintir. Fear a bhí ann, mar sin, nach n-aithneodh a leas féin. Thairis sion, bhí a fhios ag cách scéal a bheatha is a bhreithe: ní raibh sé bliain pósta ar a bhean chéile nuair a mharaigh sé í le teann éada, agus ansin chuir sé féin in iúl do na húdaráis gurbh eisean a rinne an choir. Bhain an admháil seo a lán blianta den téarma príosúnachta a bhí dlíte dó ar son an ainghnímh. Is gnách glacadh leis an gcineál seo dúnmharuithe mar ábhar bróin gan aon duine a mhilleánú mórán, agus is trua le cách an coirpeoir féin. Ina dhiaidh sin féin, sheachnaíodh mo dhuine cuideachta an tsaoil mhóir, agus b'fhearr leis gan dul i bhfianaise na ndaoine eile ach lena chuid ceachtanna a thabhairt uaidh.


Ar dtús, ba chuma liom faoi, a bheag nó a mhór, ach de réir a chéile, níl a fhios agam cad chuige, tháinig spéis agam ann. Bhí sé ag dul díom aon chiall nó tuiscint cheart a bhaint as an bhfear seo. Ní raibh lá áiméir agam é a bhréagadh chun comhrá liom. Ar ndóighe, agus tú ag cur ceist air, shílfeá gur ghlac sé leis mar phríomhdhualgas a shaoil freagra a thabhairt chomh réidh is a thiocfadh leis; ach má rinne mé iarracht tuilleadh cainte a fháscadh as mo dhuine i ndiaidh na bhfreagraí seo, tháinig gnúis na fulaingthe is na tuirse ar a cheannaithe. Is cuimhin liom oíche iontach álainn shamhraidh agus an bheirt againn ag fágáilt theach Ivan Ivanovich in éineacht. I dtoibinne, rith liom é a iarraidh isteach chugam féin le toitín a chaitheamh. Níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar an scanradh a d'aithin mé ar a aghaidh ansin. Rinneadh stangaire de, agus thosaigh sé ag monabhar focail scartha nach raibh ag teacht le chéile ar aon nós, agus ansin, i ndiaidh dó súil fheargach a chaitheamh ormsa, abhae go deo leis i malairt treo ar fad. Fuair mé mé féin faoi dhubhiontas. Ón uair sin i leith, agus é ag castáil ormsa, ba nós leis bheith ag stánú is ag starógacht orm agus cuma cineál sceimhlithe air. Níor ghéill mé féin, áfach; mhothaigh mé go raibh mo dhuine do mo tharraingt ina leith in ainneoin an bheirt againn; agus i ndiaidh aon mhíosa amháin, chuaigh mé i mo dheoin i bhfianaise Gorianchikov. Is léir go raibh mé do m'iompar go tútach mímhúinte. Bhí cónaí ar an bhfear seo ar imeall na cathrach i dteach seanmhná de phór na mbuirgéiseach, a raibh iníon aici, agus í ag éileamh le créachta. Bhí leanbh tabhartha ag an iníon seo féin, cailín a bhí thart ar dheich mbliana d'aois. Leanbh álainn cineálta a bhí ann. Nuair a tháinig mé isteach, bhí Aleksandr Petrovich ag múineadh léitheoireacht don pháiste seo. Ag fáil radhairc ormsa dó, tháinig a leithéid de náire air is go sílfeá gur i mbun míghnímh nó coire a bhí sé. Rinneadh stangaire de mo dhuine ar fad, sheas sé suas óna chathaoir agus sháigh sé orm a raibh de shúile ina cheann. Shuigh muid síos sa deireadh, ach d'fhan sé ag coinneáil diansúil orm, mar a bheadh sé in amhras go raibh plean éigin glactha agam lena chabhóg a dhéanamh. Thuig mé go raibh sé chomh drochamhrasach is nach raibh mórán idir é agus deargmhire. Mhair sé ag amharc go fuafar orm, agus é ag tabhairt in amhail a rá liom gur chóir domh greadadh liom anois. Labhair mé liom, agus mé ag trácht ar nuacht na háite, ach má labhair féin, is beag freagra a bhain mé as mo chéile comhrá ach amháin gur tháinig meangadh feargach draothgháire air. Tuigeadh dom go raibh sé aineolach ar fad ar an ngnáthshaol sa chathair ina thimpeall - gur chuma leis sa diabhal faoi, fiú. Ansin, tharraing mé orm cúrsaí na mbólaí ina raibh an áit suite, agus na rudaí a bhí de dhíth le saol a dhéanamh ansin. D'éist sé liom ina thost ar fad, agus an dóigh a raibh sé ag dearcadh orm tháinig náire agus aiféaltas orm gur labhair mé amach an chéad uair riamh. Le haisfhreagra éigin a bhréagadh ó mo dhuine, rith liom na hirisí agus na leabhartha a thairiscint dó a bhí mé a iompar liom ó oifig an phoist: bhí siad ar fad chomh húr is nach ndearna mé féin oiread is na leathanaigh a scaradh ó chéile go fóill. Ba bheag nár chuir an cineál seo flaithiúlachta fearg ar mo dhuine. Chaith sé súil chíocrach ar na leabhartha, ach tháinig sé chuige féin ansin, agus dhiúltaigh sé don tairiscint, siocair is nach raibh am saor aige. Sa deireadh thiar thall, d'fhág mé slán is beannacht ag mo dhuine, agus ag tréigean na háite dom, mhothaigh mé ualach trom ag titim de mo chroí. Ba náir liom an scéal ar fad ina dhiaidh, nó i ndiaidh an iomláin b'amaideach is ba drochmhúinte an mhaise dom a bheith ag cur isteach ar dhuine a bhí chomh meáite leis an bhfear seo ar é féin a choinneáil ceilte ar an saol mór. Ach anois, bhí an mordadh déanta agam, agus an giorria ina shuí. Is cuimhin liom nach minic a chonaic mé leabhar aige, rud a tháinig crosach ar an ngnáthchaint a luaigh léitheoireacht leis. Mar sin féin, an cupla uair a tharla mé ag dul thart lena áit chónaithe in antráth na hoíche, chuir mé sonrú ann go raibh lampa lasta ag soilsiú istigh aige i gcónaí. Cad é a bhí sé a dhéanamh ansin, agus é ag déanamh airneán aonair go teacht an lae? An ag breacadh síos scríbhinní a bhí sé? Agus má b'ea, cad é an cineál rudaí a bhí á scríobh aige?

Tharla go raibh gnó le socrú agam in áit eile, b'éigean dom an chathair s'againn a fhágáil ar feadh thréimhse cupla mí. Nuair a tháinig mé ar ais, agus an geimhreadh ann, fuair mé tásc mo dhuine in áit a thuairisce. Ina aonar a shíothlaigh sé, agus níor bhac sé le cur fá choinne an dochtúra. Bhí sé leath ligthe i ndearmad ag muintir na háite cheana féin. Bhí a árasán tréigthe ar fad. Ní raibh aon mhoill orm aithne a fháil ar bhean an tí, nó theastaigh uaim seanchas an mharbháin a chur, nó fáil amach fá dtaobh de, ar aon nós: cad é a bhíodh idir lámhaibh ag an tionónta, cén cineál scríbhneoireachta a bhí i gceist? D'íoc mé sciúrtóg airgid leis an tseanbhean le teacht i seilbh oidhreacht a tionónta, is é sin, a chuid scríbhinní. D'admhaigh an chailleach gur chlis uirthi teacht trasna ar dhá cheann de na leabhráin nótaí a bhí ann ar dtús. Bean dhuairc thostach a bhí ann nach raibh mórán eolais inbhainte aisti. Ní raibh sí ábalta ach beagáinín a rá i dtaobh a tionónta, thar a raibh cluinte agam ó fhaisnéiseoirí eile roimhe sin. Dar léi, chaitheadh an tionónta na míosa fada díomhaoin ar fad, gan leabhar a oscailt amach ná breith ar pheann. Nuair a bhuaileadh an tallann é, áfach, d'fhéadfadh sé na hoícheanta a chur de ag dul ó cheann ceann an tseomra i mbun a mhachnaimh, nó fiú ag caint leis féin. Thairis sin, bhí grá aige don chailín bheag, gariníon na caillí, go háirithe ó chuala sé gurb é Cáit ab ainm daoithi. Níor imigh bliain nach ndeachaigh mo dhuine ar aifreann le Féile Chaitríona a cheiliúradh. Ní raibh cuideachta ná cuairteoirí ag teastáil uaidh, agus ní fhágadh sé an baile ach le scoil a fhoghlaim do na páistí. Bhí sé cineál míshásta, fiú, leis an dóigh a dtagadh sí féin, bean an tí, isteach chuige uair in aghaidh na seachtaine leis an áit a scuabadh glan. Siúd is gur chaith sé trí bliana ar aíocht ag an tseanbhean, ní labhraíodh sé léi ach an-chorruair. Chuir mé ceist ar Cháit bheag, ar chuimhin léi a múinteoir. Stán sí orm gan gíocs ná míocs a ligean aisti, thug sí a droim liom agus thosaigh sí ag caoineadh. Dhealraigh sé go raibh an fear sin in ann grá a mhealladh ó aon chroí amháin ar a laghad.

Thug mé liom a chuid páipéar agus chaith mé lá iomlán ag cur ord is eagar orthu. Trí cinn as gach ceathrar, ní raibh ann ach truflais, ar nós ceachtanna scoile nó nótaí sealadacha eile; ach bhí leabhrán amháin ann, ceann sách mór, agus é á chur thar maoil le mionscríbhneoireacht. Níor tháinig mo dhuine go bun an leabhráin riamh: gach seans gur éirigh sé as an obair roimh a críochnú nó gur lig sé i ndearmad í. Cur síos a bhí ann, nó díolaim de chuimhní cinn fánacha, b'fhéidir, ar bhlianta a bhraighdeanais, an deich mbliana a chaith sé i ngeimhle. Uaireanta, thagadh athrach scéil i leaba na nótaí seo, áfach: scéal aisteach, uafásach fiú, a bhí breactha síos anseo agus ansiúd, mar a bheadh mo dhuine á scríobh ina ainneoin féin, agus tallann mire nó racht gealtachta ag luí air - sin é an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm orm, ar a laghad, agus iad léite agam cupla uair. Maidir leis na cuimhní cinn ó laethanta na daorbhroide, Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh mar a bhaist sé féin orthu in áit éigin den lámhscríbhinn, ba dóigh liom go raibh díol suime iontu agus gurbh fhiú iad a chur faoi bhráid an léitheora. Saol úr anaithnid a bhí ann, agus bhí draíocht orm agus mé ag teacht isteach ar thoscaí aisteacha an tsaoil áirithe sin, i gcruth is gur léigh mé féin cuid mhaith de le fiosracht mhór. Is féidir nach bhfuil an ceart agam. Leis an scéal a chur in aithne daoibh, roghnaím cupla caibidil ar dtús...

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...