Tuesday, September 28, 2021

Mo sheanaiste faoi theicneachabaireacht an Réaltaistir

Ceann de na foinsí Béarlachais is mó i saol na Gaeilge í an tsiamsaíocht Mheiriceánach – sin rud chomh follasach agus is féidir. Ní gnách Gaeilge a chur ar na sraithscéalta teilifíse a bhfuil gnaoi an phobail orthu, ná fiú ar na leabhair mhór-ratha le scríbhneoirí éadroma. Ró-annamh a bhactar leis an teanga a chur ar leabhair nach raibh iontu ar dtús ach ficsean sainseánra (nó genre fiction mar a deir an Béarla) nó garrfhicsean (pulp fiction) agus a bhain amach clú an chlasaicigh idir an dá linn. (Tá mé féin tar éis leabhar amháin den chineál sin,  Foundation le hIsaac Asimov, a aistriú go Gaeilge. Thairis sin, tá Foundation and Empire leis an údar céanna agus A Princess of Mars le hEdgar Rice Burroughs á n-aistriú go Gaeilge agam i láthair na huaire.) Is beag an sólás do lucht na Gaeilge é, ach is féidir an fhadhb chéanna a aithint i saol na dteangacha eile – teangacha, fiú, a bhfuil stádas cobhsaí acu i saol cultúrtha agus poiblí a dtíortha.

San Fhionlainn, mar shampla, chloisfeá cliséanna na sraithscéalta Meiriceánacha go léir – sa bhunteanga – i gcoimhthéacs an chomhrá Fionlainnise. Tá an Béarla á fhoghlaim ón tríú rang bunscoile i leith. Thairis sin, ní gnách linn na sraithscéalta teilifíse a dhubáil: is fearr linn fotheidil ná athghuth. Mar sin, chuala muid criú an Enterprise, na Friends, agus laochra na sraithscéalta eile ag labhairt Béarla ar an teilí riamh, agus d’éirigh muid cleachtach ar a gcuid buafhocal. Ní hé sin an scéal atá fíor ina lán tíortha Eorpacha eile. Cé go bhfuil Gearmáinis an lae inniu torrach le focail Bhéarla, dealraíonn sé gurb as Gearmáinis a labhraíos Picard, Janeway, Worf agus Troi, gan tagairt a dhéanamh don chuid eile acu, ar theilifís na Gearmáine.

Luaigh mé an Enterprise, agus ceart go leor beidh an Star Trek go mór mór faoi chaibidil agam san aiste seo. Nó an Réaltaistear – sin é an leagan Gaeilge a múineadh dom thiar sna nóchaidí, nuair nach raibh mé ach díreach i ndiaidh ballraíocht a bhaint amach ar an bhfóram Gaeilge úd Gaelic-L.

Tá sé ina sheandeilín smolchaite ag lucht na Gaeilge ná nach bhfuil maith ar bith sna téarmaí eolaíochta a thagas as ceárta an Choiste Téarmaíochta. Cé nach bhfuil mé féin sásta le gach moladh dá n-eisíonn siad, caithfidh mé a rá go bhfuil mé tinn tuirseach de bhéal bhocht seo na nGaeilgeoirí i dtaobh na téarmaíochta oifigiúla ar na saoltaibh seo. Déarfainn go raibh téarmaí ar choincheapanna nua-aimseartha amscaí i ngach teanga ó thús. Nuair a chuaigh na cainteoirí ina dtaithí thréig an coimhthíos. Sin, nó chuir siad a gcasadh féin ar an bhfocal lena dhéanamh níos nádúrtha sa teanga.

Mar sin is é is bunrúta leis an bhfadhb áirithe seo – arís – ná nach n-úsáidtear an Ghaeilge ná na téarmaí eolaíocha Gaeilge go fairsing. Dá gcloisfeá téarmaí Gaeilge ar an teilifís an t-am ar fad, dá mbeifeá ag léamh leabhair fhaisnéise faoi bhrainsí éagsúla eolaíochta agus a gcúrsaí, agus dá mbeadh cultúr léitheoireachta an chineál sin leabhar forleathan i measc lucht na Gaeilge (ar ndóigh ba mhór an chabhair dá mbeadh na leabhair sin ann!), is dócha nach mbeadh na daoine chomh míshásta is atá siad leis na téarmaí, cé go mba iad na “drochthéarmaí” céanna a bheadh i gceist. Is é an locht is mó atá ar na téarmaí Gaeilge ná go bhfanann siad sna foclóirí in áit a bheith i gcúrsaíocht choitianta.

Patrick Stewart ina Bhorg
“Ní fiú cur inár n-aghaidh! Déanfar cuid den chnuasphobal díot!” (“Resistance is futile! You will be assimilated”) Sin é an chaint a chloisfeá ó na “Borg“. Is iad na Borg cine na gcibearg in ollchruinne fhicseanúil an Réaltaistir – daoine agus iad iompaithe ina róbait. Níl pearsantacht ná indibhidiúlacht acu, agus is é an t-aon chuspóir atá acu ná na daoine go léir a “Bhorgú” nó a “chomhshamhlú” le comhphobal agus cnuasintinn na mBorg. San eipeasóid dhúbailte “The Best of Both Worlds” (“Rogha an Dá Shaol” – is iad sin saol na ndaoine daonna agus saol na mBorg) den tsraith “Star Trek: The Next Generation”, d’éirigh leis na Borg captaen an Enterprise, Jean-Luc Picard, a chimiú agus a “chomhshamhlú”, ionas go ndearnadh Borg de. “Locutus” an t-ainm a bhí air agus é ina chibearg – focal Laidine a chiallaíos “An Té a Labhair”. Sa deireadh, d’éirigh le criú an Enterprise Picard a tharrtháil agus gléasra na mBorg a bhaint de. Ba é Patrick Stewart a rinne páirt Jean-Luc Picard sa tsraith ST:TNG. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Is minic a bhíos na téarmaí Béarla ar choincheapanna eolaíochta lán chomh hamscaí leis na téarmaí Gaeilge. Scéal eile é áfach go gcloiseann na Béarlóirí na téarmaí seo i gcoimhthéacs na teanga nádúrtha, agus nuair atá Béarla dúchasach timpeall ar an bhfocal deacair, is furasta duit do chuid féin a dhéanamh de. Bítear ag fáil lochta ar an “teicneachabaireacht” (technobabble) ar na sraithscéalta ficsin eolaíochta, cosúil leis an Réaltaistear, go minic, nó ag gáire fúithi, ach b’fhearr liom sibhse stad den scigiúlacht sin le bhur marana a dhéanamh ar an bhfíric seo leanas: is í an teicneachabaireacht a chuireas an chosmhuintir i dtaithí na bhfocal eolaíoch agus a dhéanas cuid nádúrtha den ghnáthchaint díobh. Is é an fhadhb ná nach mbíonn na focail nuachumtha nó na téarmaí eolaíochta le cloisteáil i sruth na cainte líofa ná le léamh i gcoimhthéacs na dea-Ghaeilge. A mhalairt ar fad.

Is minic a chloiseas muid iomrá ar an dá rud “Gaeilge uafásach scoile” agus “Gaeilge Gaeltachta”, ach ar an drochuair dealraíonn sé nár bhac aon duine riamh le comparáid chórasach a dhéanamh idir an stíl a chleachtas na scríbhneoirí dúchasacha agus an cineál Gaeilge a bhíos le léamh i scríbhinní na n-údar nár fhoghlaim Gaeilge ach ar scoil. Mar sin, níl treoirleabhair ná téacsleabhair againn a mhíneodh don ghnáthléitheoir, don ghnáthscríbhneoir agus don ghnáth-Ghaeilgeoir bhocht conas a d’fhéadfadh sé “an Ghaeilge uafásach scoile” a dhí-fhoghlaim. (An ar mo chrann-sa a thitfeas sé, meas tú?)

Is deacair a rá ar ndóigh céard is dea-Ghaeilge ann, an cineál Gaeilge a mba chóir dúinn aithris a dhéanamh air, an stíl neodrach. Ina lán teangacha tá stíl na teanga liteartha chomh cobhsaí, chomh seanbhunaithe, is nach bhfuil mórán easaontais ann faoin gcineál teanga ba chóir a fhoghlaim is a chleachtadh. Bíonn scríbhneoirí cruthaitheacha ann agus a gcuid turgnamh is trialach idir lámhaibh acu ach tríd is tríd tá a fhios agat céard is dea-stíl ann mar a thuigfeadh clasaicigh na teanga an coincheap sin. Maidir le dea-stíl na Gaeilge, arís, chinn mé, na blianta ó shin, mo thuiscint féin ar na cúrsaí seo a thógáil ar dhúshraith an bhéaloidis agus na scéalaíochta traidisiúnta.

B’fhéidir nach raibh traidisiún liteartha ag muintir na Gaeltachta fadó, ach ar a laghad bhí traidisiún scéalaíochta agus seanchais acu, agus cé gur gnách linn mar Ghaeilgeoirí bheith ag caí, ag cáiseamh agus ag caoineadh an tsaibhris a cailleadh nuair a d’imigh an teanga, is é lomlán na fírinne ná go bhfuil cuid mhór den tsaibhreas chéanna againn i gcónaí. San am a chaith mé féin i mo Ghaeilgeoir chuaigh a lán ábhar béaloidis i gcló faoi chlúdach leabhair, agus de réir is mar a rinne mé staidéar ar na cinn a cheannaigh mé i rith an ama seo tháinig ciall agam do Ghaeilge na Gaeltachta. Ní féidir liom a rá go mbeinn ar aon leibhéal leis na máistrí móra ach sílim go bhfuil mé in ann aithris éigin a dhéanamh ar a bhfuil léite agam agus na hamscaíochtaí is dual do scríbhneoirí na Galltachta a sheachaint.

Cé go bhfuil na nuathéarmaí riachtanach agus géar-riachtanach, is é an rud is tábhachtaí, an rud is géire a theastaíos, ná an Ghaeilge thraidisiúnta. Caithfidh an scríbhneoir maith bheith eolach ar an ábhar agus ar na téarmaí riachtanacha, ach san am chéanna caithfidh sé a bheith ábalta na saintéarmaí a sheachaint nuair nach bhfuil gá leo. Níl sna téarmaí sin ach uirlisí de chuid na ceirde go bunúsach. Mar is eol dúinn, is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim agus bíonn an uirlis is úsáidí dainséarach díobhálach i lámh an duine nach bhfuil an dóigh cheart aige uirthi.

Is iomaí cineál Béarlachais a chuireas isteach ar léitheoir na Gaeilge, ar ndóigh. Ceann acu an rómhuinín a bhíos ag scríbhneoirí maithe féin as na téarmaí nuachumtha i gcoimhthéacsanna neamhoiriúnacha. Bíonn an Béarla scríofa an-difriúil leis an teanga líofa labhartha, agus na focail teibí teicniúla ag ruaigeadh na gnáthchainte as, agus is rómhinic a fheicim daoine a bhfuil a gcuid Gaeilge go hiontach ar fad nuair a labhraíos siad ag cur seaicéad ceangail an Bhéarla fhoirmiúil orthu féin nuair a thosaíos siad ag scríobh – ag scríobh Gaeilge.

Teastaíonn uathu téarmaí casta “liteartha” a chur in áit na bhfocal nádúrtha, in aithris ar nós an Bhéarla. Ní féidir leo anáil a tharraingt ná a ligean amach mar is dual don duine – tosaíonn siad ag ionanálú agus ag easanálú, nó fiú ag cleachtadh ríospráide. Anois, admhaím go mbíonn focail cosúil leis an mbeirt seo ag teastáil agus sinn ag iarraidh cúrsaí eolaíochta a phlé – shílfínn nach ndéanfá in uireasa “ionanálú”, “easanálú” nó “ríospráid” i dtráchtas leigheaseolaíochta nó fiseolaíochta. Ach má bhímid ag plé na rudaí seo i gcomhthéacs na gnáthchainte, is é an rud is tábhachtaí ná na gnáthfhocail nó na gnáthleaganacha a fhoghlaim is a úsáid, is é sin, tarraingt na hanála agus ligean amach na hanála.

Is mór an trua ar ndóigh má bhaineann daoine úsáid as “ionanálú” agus “easanálú” toisc nach bhfuil na leaganacha dúchasacha ar eolas acu agus iad ag gabháil leor leis an gcéad fhocal (nó fiú leis an aon fhocal!) a dtagann siad air san fhoclóir. Má théann siad ar lorg “inhale” agus “exhale” – focail mhóra Laidineacha sa Bhéarla féin, gheobhaidh siad ansin “ionanálaigh” agus “easanálaigh”, téarmaí troma Gaeilge nach bhfuil inghlactha ach i dtéacs foirmiúil leigheaseolaíochta, má scríobhtar téacsanna den chineál sin sa teanga ar aon nós.

Má chuirimid Gaeilge i mbéal na mBorg ar an Réaltaistear, is é an chéad leagan a mholfas lucht na Gaeilge scoile dúinn ná “comhshamhlófar sibh” nó rud éigin cosúil leis sin, Cúpla mí ó shin bhí pictiúrchomhad á scaoileadh timpeall ar an bhFacebook le haistriúcháin droch-Ghaeilge ar roinnt frásaí ón Réaltaistear – más buan mo chuimhne ní raibh oiread is ceann amháin acu in aon neasacht do bheith ceart ná intuigthe mar Ghaeilge, ach is díol suntais é gur bhain an duine bocht ónar tháinig an iarracht thruamhéileach seo – gur bhain sé úsáid as “comhshamhlú” le “assimilate” an Bhéarla a aistriú. Léiriú maith scigphictiúrtha é seo ar an meon a bhíos ag a lán agus iad ag iarraidh “an Ghaeilge a chur in oiriúint don aonú haois fichead”: is cuma faoi cheart na comhréire, faoi dhul nádúrtha na bhfocal, is é an rud is tábhachtaí ná úsáid a bhaint as téarma nuachumtha.

Is é an chéad phrionsabal atá ag gach aon aistritheoir maith ná go bhfuil sé leis an gciall a aistriú seachas malairt focail a chur ar an mbuntéacs. Ar ndóigh más ag cur malairt teanga ar fhicsean eolaíochta ar nós an Réaltaistir atáimid, is cuid den atmaisféar iad na focail mhóra nach dtuigtear ach ar éigean. Le fírinne thig a rá nach mbíonn an cineál Béarla a labhraíos na Borg ar an Réaltaistear rónádúrtha, toisc go bhfuiltear ag tabhairt le fios gur cnuaschine, cnuasphobal agus cnuasintinn iad nach dtugann aitheantas d’indibhidiúlacht ar aon nós. Is féidir a rá go bhfuilimid i gcall Gaeilge chomh mínádúrtha céanna leis an smaoineamh seo a chur in iúl.

Mar sin féin, dá mbeinnse le Gaeilge a chur ar scannáin nó ar scéalta a bhaineas le coincheap an Réaltaistir, is dócha go mbeinn ag iarraidh téarmaí speisialta a sheachaint a fhad agus ab fhéidir.  Ar ndóigh, ní féidir déanamh in uireasa rudaí ar nós “féasar” (phaser), ach níl ina leithéidí ach ainmneacha ar rudaí nach bhfuil ann ar aon nós ach taobh istigh d’ollchruinne fhicseanúil an Réaltaistir féin – ainmneacha is féidir a dhealramh le hainmneacha dílse. Cuid de na téarmaí meafaracha is féidir iad a aistriú focal ar fhocal (wormhole mar shampla – ní thuigim cén fáth nach bhféadfainn “poll péiste” a thabhairt air as Gaeilge). Maidir leis na Borg, is dóigh liom gur fearr coincheap an assimilation a aistriú go Gaeilge gan dul i muinín leis an bhfocal “comhshamhlú”: Déanfar cuid den chnuasphobal díot! Ní fiú cur inár n-aghaidh!

An focal resistance, dála an scéil. Cé gur chaith na Gaeil seacht n-aois laochais (seven heroic centuries,mar a dúirt Yeats) ag cur troda ar na Gaill, níor ceapadh focal ar leith le resistance a aistriú sa chiall mhíleata – ba leor do na Gaeil troid nó cath. Is é an focal a chuireas ligeadóirí agus casadóirí na téarmaíochta ar fáil dúinn inniu ná “frithbheartaíocht”, agus cé go bhfuil sé cineál trom, níl locht ar bith agamsa air. Scéal eile áfach go bhfaca mé an téarma “friotaíocht” go rómhinic sa chiall seo ag daoine ar mó a ngrá don Ghaeile ná a n-eolas uirthi. Is éard atá i gceist leis an bhfriotaíocht ná resistance na leictreoireachta. Dá mbeadh an teanga go maith ag an té a chrothnaigh uaidh an focal Gaeilge ar resistance, thuigfeadh sé go mb’fhearr an téarma a sheachaint agus an coincheap a chur in iúl le gnáthfhocal éigin (troid, cath, spairn lann…) mura bhfuil tú cinnte faoi aistriúchán ceart an téarma Béarla.

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...