Aigéan na Stoirmeacha nó Oceanus Procellarum atá ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare Cognitum nó ”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.
Aigéan na Stoirmeacha - Oceanus Procellarum, chomh maith leis na "farraigí" beaga ina aice. Foinse:Vicipéid an Bhéarla/NASA (údarás spáis na Stát Aontaithe)
No comments:
Post a Comment