Aeróg Yagi: Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá comhdhéanta as sraith d’aeróga dépholacha agus iad suite go comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a bhain siad amach paitinn don dearadh seo.
Aeróg Yagi le haghaidh an teilifíseáin, pictiúr ón mbliain 1954. As Vicipéid an Bhéarla. |
No comments:
Post a Comment