Aimeiriciam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 95 (uimhir a cúig déag is ceithre scór). Is é Am an giorrúchán a shiombalaíos an dúil seo sna foirmlí ceimiceacha. Cosúil leis na hachtanóidigh thrasúránacha eile is dúil shaorga shintéiseach é a mbaineann radaighníomhaíocht léi, ach san am chéanna is féidir a lán a rá i leith shaintréithe ceimiceacha an aimeiriciam, toisc go bhfuil iseatóip aige atá na céadta, nó fiú na mílte blianta ar leathré. Is é aimeiriciam a 243 (aimeiriciam dhá chéad a trí is dhá scór) an t-iseatóp is cobhsaí, agus é 7270 bliain (seacht míle dhá chéad deich mbliana déag is trí scór) ar leathré.
Úsáidtear aimeiriciam sna brathadóirí deataigh (na haláraim dhóiteáin). Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla |
Is féidir aimeiriciam a aonrú mar ghlanmhiotal, ach ar ndóigh ní bhíonn sé róchiallmhar, chomh radaighníomhach is atá sé mar dhúil. Go tipiciúil ní astaíonn an t-aimeiriciam féin ach alfa-cháithníní, ar cáithníní troma iad nach féidir leo mórán dochair a dhéanamh, ach is scéal eile é ar fad cuid de na hiníon-núiclídí, agus iad in ann gáma-radaíocht a astú.
Tá an t-aimeiriciam ainmnithe as ilchríoch Mheiriceá, ar ndóigh. Tá an t-aimeiriciam suite taobh thíos den eoraipiam i dtábla peiriadach na ndúl, agus sin é an fáth ar bronnadh a leithéid d’ainm air.
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an aimeiriciam ina chuid comhdhúl ceimiceach ná +3, rud is gnách do na lantainídí agus na hachtainídí.
OCSAÍDÍ AN AIMEIRICIAM |
|||
Ainm |
Foirmle |
Uimhir ocsaídiúcháin an aimeiriciam sa chomhdhúil |
Nótaí |
Aonocsaíd aimeiriciam |
AmO |
+2 |
Níor éirigh leis na heolaithe ach beagán beag bídeach den ocsaíd seo a aonrú, agus mar sin is deacair a dhath a rá faoina cuma is faoina cosúlacht |
Seisce-ocsaíd aimeiriciam (trí-ocsaíd dé-aimeiriciam) |
Am2O3 |
+3 |
Solad ruadhearg atá san ocsaíd seo. Is é an leáphointe atá aici ná 2205 °C (dhá mhíle dhá chéad agus cúig chéim de réir Celsius). |
Dé-ocsaíd aimeiriciam |
AmO2 |
+4 |
Solad dubh atá san ocsaíd seo. Comhdhúil thábhachtach í an dé-ocsaíd aimeiriciam ó thaobh na húsáide praiticiúla de, mar fhoinse alfa-radaíochta. |
Is
léir go bhfuil cuid mhaith halaiginídí ag an aimeiriciam chomh
maith: an trífhluairíd aimeiriciam AmF3,
an tríchlóiríd aimeiriciam AmCl3,
an tríbhróimíd aimeiriciam AmBr3,
an trí-iaidíd aimeiriciam AmI3,
an teitreafhluairíd aimeiriciam AmF4,
an déchlóiríd aimeiriciam AmCl2,
an débhróimíd aimeiriciam AmBr2,
agus an dé-iaidíd aimeiriciam AmI2.
Tá dath bándearg (pinc) sa
dhá fhluairíd agus sa tríchlóiríd, agus tá na déhalaiginídí
dubh ar fad. Maidir leis an tríbhróimíd agus sa trí-iaidíd, tá
siad bán.
Cé gur dúil éagobhsaí thrasúránach é an t-aimeiriciam, baintear úsáid as go coitianta sna brathadóirí deataigh. An t-aláram dóiteáin atá greamaithe den tsíleáil sa bhaile agat féin, is dócha go bhfuil beagán beag aimeiriciam ann a chuidíos leis an deatach a aithint.
No comments:
Post a Comment