Aicme speictreach: Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:
Aicme |
Dath na réalta |
Teocht an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC) |
Sampla |
Réaltbhuíon |
Nótaí |
O |
Bánghorm (an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait) |
30,000-50,000 K |
Meissa (Heka, Al Haka, Lambda Orionis) |
An Bodach |
Fathachréalta |
Mintaka (Delta Orionis) |
An Bodach |
Fathachréalra |
|||
Alnitak (Zeta Orionis) |
An Bodach |
Ollfhathach |
|||
B |
Gorm, bánghorm |
10,000-30,000 K |
Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris) |
An Béar Mór |
Réalta phríomhsheichimh |
Rigel (Beta Orionis) |
An Bodach |
Ollfhathach |
|||
Alnilam (Epsilon Orionis) |
An Bodach |
Ollfhathach |
|||
A |
Bán, bánghorm |
7,600-11,500 K |
Vega (Alpha Lyrae) |
An Lir |
Réalta phríomhsheichimh |
Altair (Alpha Aquilae) |
An tIolar |
Réalta phríomhsheichimh |
|||
Sirius (Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris) |
An Madra Mór |
Réalta phríomhsheichimh |
|||
Phad (Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris) |
An Béar Mór |
Réalta phríomhsheichimh |
|||
Deneb (Alpha Cygni) |
An Eala |
Ollfhathach |
|||
Fomalhaut (Alpha Piscis Austrini) |
Iasc an Deiscirt |
Réalta phríomhsheichimh |
|||
F |
Bánbhuí |
6,000-7,600 K |
Procyon (Alpha Canis Minoris) |
An Madra Beag |
Réalta phríomhsheichimh |
Porrima (Gamma Virginis, Arich) |
An Mhaighdean |
Réalta phríomhsheichimh |
|||
G |
Bánbhuí, buí |
5,300-6,000 |
An Ghrian |
- |
Réalta phríomhsheichimh |
Vindemiatrix (Epsilon Virginis) |
An Mhaighdean |
Fathachréalta |
|||
Sadalsuud (Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum) |
Iompróir an Uisce (An tUisceadóir) |
Ollfhathach |
|||
Mebsuta (Epsilon Geminorum) |
An Cúpla |
Ollfhathach |
|||
K |
Flannbhuí |
3,900-5,200 |
Epsilon Eridani |
An Abhainn |
Réalta phríomhsheichimh |
Pollux (Beta Geminorum) |
An Cúpla |
Fathachréalta |
|||
Alsafi (Sigma Draconis) |
An Dragan |
Réalta phríomhsheichimh |
|||
Gienah (Gienah Cygni, Epsilon Cygni) |
An Eala |
Fathachréalta |
|||
Eltanin (Gamma Draconis, Etamin) |
An Dragan |
Fathachréalta |
|||
M |
Flannbhuí, dearg |
4,000 nó níos fuaire |
Antares (Alpha Scorpii) |
An Scairp |
Ollfhathach |
Betelgeuse (Alpha Orionis) |
An Bodach |
Ollfhathach |
|||
Aldebaran (Alpha Tauri) |
An Tarbh |
Fathach |
|||
Arcturus (Alpha Bootis) |
An tAoire |
Fathach |
|||
Gacrux (Gamma Crucis) |
Cros an Deiscirt |
Fathach |
|||
Mirach (Merak, Beta Andromedae) |
Andraiméide |
Fathach |
|||
Gliese 581 |
An Mheá |
Abhac dearg |
|||
Wolf 359 |
An Leon |
Abhac dearg |
|||
Lalande 21185 (Gliese 411) |
An Béar Mór |
Abhac dearg |
Ba iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d’oibrigh amach an córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar ”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).
No comments:
Post a Comment