(seo tús don scéal sci-fi a thosaigh mé ag scríobh deich mbliana ó shin; ar an drochuair d'éirigh mé as nuair a chrom mé ar An tSlaivéin agus níl a fhios agam an gcríochnóidh mé an ceann seo fós)
Bhí
Diarmuid Mac Cuarta díreach ar patról timpeall ar Sceolaing, nuair
a fuair sé an chéad bholadh nach raibh gach uile shórt díreach
mar ba chóir. Is éard a bhí mar chúram aige ná súil a
choinneáil ar na réigiúin spáis timpeall ar an stáisiún
mianadóireachta ar Sceolaing. Ba iad Bran agus Sceolaing an dá
shatailít nádúrtha - an dá ghealach, más fearr leat - ba mhó a
bhí ag fithisiú Chú Chulainn, an pláinéad ba toirtiúla i
ngrianchóras na hAthÉireann, agus ba é Sceolaing an ceann ba
saibhre acu i ngach sórt miotal agus mianraí - chomh saibhir,
leoga, is go raibh suim ag muintir na teascóige seo go léir de
Bhealach na Bó Finne ann.
Is
amhlaidh a bhí an cine daonna tar éis foinsí nua fuinnimh a
cheansú a cheadaigh dó duibheagáin an spáis a thrasnú agus claí
mór na réaltaí a thaisteal, ach mar sin féin, ní raibh sé
indéanta go fóill na dúile a chlaochlú go dúile eile ar an
mórscála gan an iomarca fuinnimh a chailleadh. Ar ndóigh, bhí
claochlú den chineál seo á chleachtadh i saotharlanna na
bhfisiceoirí ó thosaigh ré an adaimh, ach níor iompaigh sé ina
thionsclaíocht riamh. Mar sin, má tháinig tú ar chuasnóg ar nós
Sceolaing - gealach a raibh gach cineál miotal trasdultach inti,
samairiam agus eoraipiam, scaindiam agus itriam, platanam agus
iarann, cróimiam agus vanaidiam, ór agus sinc, bain do rogha astu -
má tháinig tú ar a leithéid de chuasnóg, choinnigh tú greim an
fhir bháite uirthi, fiú i dtréimhse na n-inneall spásdúbailteach
agus na ngathanna móilínphléascacha.
Ní
raibh a fhios beo ag aon duine cén fáth ar fhlúirsigh na miotail
lómhara luachmhara in úir na gealaí sin. Ní raibh na
spásgheolaithe ná na cosmeolaithe féin ábalta míniú ceart a
thabhairt. Bhí siad ag trácht ar iarmhairtí éagsúla a bhí ag
obair in éineacht, ar imthoscaí neamhghnácha le linn fhoirmiú an
ghrianchórais seo, agus araile. Go bunúsach, is é an léamh is
túisce a bhainfeá as an iomlán seo ná gur de thimpiste a tharla
na mianta is na mianraí go léir ansin, agus go raibh an dearg-ádh
leis na sinsir a chinn ar choilíneacht na hAthÉireann a chur ar bun
anseo thar aon áit eile.
Bhí
Diarmuid díreach ag teacht amach ó scáth Chú Chulainn, agus las
solas an trasfhreagróra suas sa chábán lena chur in iúl go raibh
gléasra cumarsáide a spásnaomhóige ag dul i dteagmháil leis an
stáisiún mianadóireachta go huathoibríoch. Ar dtús, bhí an
solas buí, agus d’iompódh sé uaine nuair a gheobhadh an
trasfhreagróir freagra ón stáisiún.
Ach
níor iompaigh.
I
ndiaidh cúpla nóiméad tháinig dath dearg sa solas. Theip ar an
trasfhreagróir freagra a fháil!
Ní
raibh dealramh ar bith leis seo.
Ar
dtús, baineadh geit as Diarmuid, ach ó bhí oiliúint an spásgharda
air, lean sé an liosta fabhtchuardaithe a bhí foghlamtha aige i
dtús a ghairmréime, rud nach raibh sé ina ghá riamh roimhe seo.
Chaithfeadh sé a sheiceáil, an ar an ngréasán cumarsáide a bhí
an locht. A fhad seo ar shiúl ón stáisiún bhí sé i dtuilleamaí
na mbaoithe spáis - satailítí beaga cumarsáide a bhí ag
athsheachadadh comharthaí raidió na spásghardaí chuig a chéile
go dtí go gceapfadh an stáisiún mianadóireachta an teachtaireacht
ón athsheachadán deireanach.
Bhí
an priacal ann go dteipfeadh ar cheann de na baoithe - go rachadh sé
ar ainghléas, nó go mbuailfeadh dreige é. Ina leithéid de chás,
chaithfí cumraíocht úr a chur ar na baoithe le slabhra nua
athsheachadán a chur i dtoll a chéile. Bhí na ríomhairí
leabaithe sna baoithe in ann an t-athshocrú seo a chur i gcrích as
a stuaim féin, agus bhí an córas chomh hiomarcach is nach
gcuirfeadh cailliúint aon bhaoi amháin ó mhaith é, ach má bhí
an t-athsheachadán teipthe suite in áit thábhachtach, thógfadh sé
tamall ar na cinn eile an athghrúpáil a dhéanamh a bhí de dhíth
leis an gcumarsáid a chur ag obair arís.
Mar
sin, chrom Diarmuid ar an ngréasán cumarsáide féin a sheiceáil.
Chuir sé fiosrú chuig an gcéad nasc sa slabhra agus chonacthas na
focail seo ar an scáileán:
NAOMHÓG
SC5 MAC CUARTA DRMD AG FIOSRÚ…
Ar
an toirt, fuair sé freagra ón athsheachadán ba chóngaraí:
BAOI
CCH4/SC AG FREAGAIRT: CÉN FIOSRÚ?
Is
é an freagra a thug Diarmaid don cheist seo ná:
FIOSRÚ:
NAISC CHUMARSÁIDE AG OBAIR?
Chomharthaigh
an t-athsheachadán dó go raibh sé ag seiceáil a chuid nasc leis
na baoithe a bhí i raon aige féin.
BAOI
CCH3/SC AG FREAGAIRT: NASC AG OBAIR.
BAOI CCH7/SC AG FREAGAIRT:
NASC AG OBAIR.
BAOI CCH4/SC AG FREAGAIRT: NASC AG OBAIR.
BAOI
CCH9/BR AG FREAGAIRT: NASC AG OBAIR...
Bhí
gach athsheachadán i raon ag oibriú go maith. Mar sin, chaithfeadh
sé go raibh an fhadhb as raon ón mbaoi áirithe seo. An chéad rud
eile d’iarr Diarmuid ar an mbaoi fiosrú a chur ar fud an ghréasáin
go léir. Bhí gach aon mhatán ina cholainn rite righin agus é ag
coinneáil súile ar an scáileán ag fanacht le torthaí na
bhfiosruithe tánaisteacha agus treasacha.
TÁ
GRÉASÁN IOMLÁN NA nATHSHEACHADÁN AG OBAIR CGL. NÍ GÁ DUIT
MALAIRT CUMRAÍOCHTA A CHUR AIR, NÁ SLABHRA NUA ATHSHEACHADÁN A
SHAINIÚ.
Sin
é an tátal a bhain ríomhaire a spásnaomhóige féin as an scéal,
a tuigeadh do Dhiarmuid. Mar sin, ba é an stáisiún mianadóireachta
féin a dhiúltaigh freagra a thabhairt d’fhiosrú a
thrasfhreagróra. Ba é sin díogha an dá rogha, an rud a chuir
fíor-mhíchompord ar mo dhuine.
Thuig
sé go raibh an t-uaigneas ag cur leis an míchompord sin, agus go
gcaithfeadh sé dul i dteagmháil leis na spásnaomhóga eile a bhí
amuigh ansin le fáil amach cad é a bhí cearr. Seo an
teachtaireacht a chuaigh i ngach treo uaidh i gceann tamaillín:
NAOMHÓG
SC5 MAC CUARTA DRMD AG SCAIRT. NAOMHÓG SC5 MAC CUARTA DRMD AG
SCAIRT. GAN TEAGMHÁIL LE STÁISIÚN SC. ATHSHEACHADADH AG OBAIR CGL.
AON DUINE AGAIBH I dTEAGMHÁIL LE STÁISIÚN SC?
Bhí
Diarmuid tar éis taispeáint nua a chur ar an scáileán, agus é in
ann a aithint uirthi an dóigh ar las na baoithe suas ag tarchur na
teachtaireachta seo uathu ionas go sroichfeadh sí iomlán an spáis
timpeall Chú Chulainn. Cuid de na hathsheachadáin, bhí siad suite
ar shatailítí beaga de chuid an phláinéid mhóir, agus iad ag
obair chomh maith leis na baoithe anois. Bhí roinnt naomhóg eile
amuigh ar stádar, agus súil ag Diarmuid le freagra uathu.
NAOMHÓG
SC9 DE RÓISTE MRCS AG FREAGAIRT. GAN TEAGMHÁIL LE STÁISIÚN SC ACH
AN OIREAD. NASC LABHARTHA CGL?
Marcas
de Róiste a bhí ann, rud a mhaolaigh ar mhíchompord Dhiarmada ar
an toirt. Chrothnaigh sé uaidh guth a chara go mór mór i gcruachás
den chineál seo.
NAOMHÓG
SC5 MAC CUARTA DRMD AG FREAGAIRT: NASC LABHARTHA CGL.
Agus
ansin díreach, las solas uaine eile suas i measc na n-ionstraimí,
agus na focail NASC LABHARTHA le feiceáil ar an scáileán. Chuala
Diarmuid tormán an spáis sna cluasáin ar dtús, ach ansin,
d’aithin sé guth Mharcais ag labhairt sách soiléir, sách
sothuigthe.
“Naomhóg
Sceolaing a Naoi, Marcas de Róiste ag scairt. An bhfuil tú do mo
chloisteáil, a Dhiarmuid? - Éistim!”
Léim
croí Dhiarmada le teann faoisimh nuair a chuala sé guth a chara.
Tamall roimhe sin bhí sé á chrá ag an smaoineamh craiceáilte gur
tugadh an chuid eile den chine dhaonna uaidh ar bhealach
neamhshaolta, ionas nár fágadh ach é féin ina aonar sa
ghrianchóras seo.
“Naomhóg
Sceolaing a Cúig, Diarmuid Mac Cuarta ag freagairt. Tá mé do do
chloisteáil go maith. Cogar, ní féidir liom teacht i dteagmháil
leis an stáisiún, agus ní ar na baoithe atá an locht. Tá mé tar
éis an fabhtcheartú a chur i bhfeidhm ar an ngréasán, agus tá
gach athsheachadán ag oibriú go gleoite ar fad. Meas tú, cad é ba
chóir dúinn a dhéanamh? Éistim.”
Thóg
sé soicind nó dhó ar na comharthaí raidió slabhra na
n-athsheachadán a chur díobh agus freagra a bhaint as Marcas. Ní
raibh mórán moille ann, ach bhí croí Dhiarmada ag bualadh chomh
tiubh agus gurbh ionann leis gach soicind agus leath na bliana. Nuair
a chuala sé Marcas arís tháinig sé beagnach aniar aduaidh air.
“Caithfidh
muid tuirlingt ar an stáisiún cianchumarsáide ar an gCoileánach
agus aláram a sheoladh ar fud an ghrianchórais. Ansin, tabharfaidh
muid - an scuadrún iomlán againn - tabharfaidh muid aghaidh ar
Sceolaing le fáil amach cad é atá ag titim amach ansin.”
Is
éard a bhí i gceist leis an gCoileánach ná ceann de na gealacha
beaga a bhí ag dul timpeall Chú Chulainn taobh istigh d’fhithis
an dá shatailít mhóra. Bhí stáisiún ansin a raibh gabhdáin
mhóra ag gobadh as, struchtúir a bhféadfadh na spásnaomhóga iad
féin a chrochadh díobh, agus pasáistí taobh istigh de na
crochadáin seo do na spásairí. Bhí cothabháil uathoibríoch ann,
ionas nach raibh foireann sheasta ar bith ag teastáil, ach san am
chéanna, d’fhéadfadh na spásghardaí úsáid a bhaint as na
seomraí móra maithe istigh ansin gan trácht ar bith a dhéanamh ar
na giuirléidí agus na ciútraimintí go léir, nó bhí gléasra
maith cumarsáide agus réalteolaíochta ansin, chomh maith le
stórais bhia agus bheatha, uisce agus ocsaigine.
Bhí
an Coileánach sách cóngarach do Dhiarmuid faoi láthair, agus dá
roghnódh an ríomhaire an chonair go fóirsteanach, thiocfadh an
tsatailít píosa maith ina araicis ar a fithis, agus é ag cur de
ina treo. Gheall sé do Mharcas go mbainfeadh sé amach an ghealach
chomh luath in Éirinn agus ab fhéidir, agus go gcuirfeadh sé fios
ar na fórsaí fortachta ar an toirt i ndiaidh dó a thuirlingt a
dhéanamh. Ansin d’fhág sé slán ag a chara agus bhrúigh sé ar
an gcnaipe i lámh a mhaide stiúrtha le go dtosódh an ríomhaire
boird an turas réamhchuntaiste síos go dtí an Coileánach.
Las
an ghealach suas ina ponc beag ar scáileán an ríomhaire, agus na
comhordanáidí á líniú ina mórthimpeall. Bhí fiosruithe agus
teachtaireachtaí uathoibríocha ag dul sa dá threo idir
trasfhreagróir na spásnaomhóige agus an gléasra ar stáisiún an
Choileánaigh, agus na huimhreacha thíos ar an taobh deis den
scáileán ag taispeáint go raibh an naomhóg ag druidim isteach
leis an ngealach bheag mar ba chóir.
Anois,
agus an spásbhád ar an mbóthar ard go dtí an Coileánach, bhí a
sháith ama ag Diarmuid leis an saol a ghlacadh ar nós na réidhe
agus súil a chaitheamh ar cheann de na scéalta ar tháinig sé
trasna orthu i leabharlann leictreonach a ríomhaire boird. Roghnaigh
sé ceann a bhí áiféiseach ar fad, ceann a bhí ag tabhairt cur
síos ar eachtraí ridirí. Is éard a bhí sna ridirí ná cineál
laochra nó lucht cogaíochta a bhí ag maireachtáil i dtréimhse na
Meán-Aoise thíos ar an Sean-Domhan, pláinéad miotasúil dúchais
an chine dhaonna. Bhí dúil nimhe ag Diarmuid i scéalta
eachtránaíochta den tsaghas sin, scéalta nach raibh baint ar bith
lena shaol féin acu, ach anois, ní raibh sé in ann a intinn a
dhíriú ar eachtraí na ridirí. Nuair a dúirt duine de na laochra
gur shíl sé go raibh pláinéad anuas air - san am sin chreid na
daoine go raibh tionchar neamhshaolta ag na pláinéid is na réaltaí
ar imeachtaí a ngnáthshaoil - rith le Diarmuid go raibh a leithéid
de rud agus an Fearghamhain sa ghrianchóras seo, agus é anuas ar
lucht na cianchumarsáide go minic.
Pláinéad
mór trom a bhí san Fhearghamhain agus é ag fithisiú na Réalta
Eolais - an réalta ba ghrian don chóras phláinéadach seo - ar
chonair chomh héalárnach, chomh leataobhach is nach mbíodh súil
ná coinne leis an diabhal caor cloiche sin riamh nuair a thagadh sé
i gcóngar duit. Bhí an-luas faoin bhFearghamhain freisin, nó ní
thógadh sé ach ceithre mhí chaighdeánacha air aon imrothlú
amháin a chur de timpeall na Réalta Eolais. Thairis sin, bhí sé
ag tarraingt cúig shatailít leis - an Ghrafach, an Ghrubach, an
Mhárach, an Loingseach agus Finngheal. Ba é an rud ba mhó a bhí
ag déanamh scime do Dhiarmuid faoi láthair go bhféadfadh an
Fearghamhain a bheith suite idir an Coileánach agus an chéad
mhórstáisiún athsheachadta le haghaidh na gcomharthaí forsholais.
Cé go raibh na teachtaireachtaí in ann an spás a dhúbailt agus
luas an tsolais a shárú, níorbh ionann sin is a rá nach
gcuirfeadh imtharraingt na reann neimhe isteach orthu, go háirithe
más corpán trom téagartha a bhí i gceist, ar nós an Fhirghamhna
agus an chúigir sin a bhí á thimpeallú. Le fírinne bhí corpáin
chrua den chineál sin ina bhfadhb shíoraí acu siúd a bhí ag
iarraidh spástaisteal nó cianchumarsáid forsholais a chleachtadh.
I
ndiaidh cúpla soicind fuair Diarmuid amach nach raibh gá ar bith le
míshuaimhneas a fhad is a bhí an Fearghamhain i gceist: bhí sé ag
druidim isteach le leibhéal an éicliptigh, cinnte, ach anois bhí
sé ag dul i dtreo a chianphointe ón Réalta Eolais. Thrasnódh sé
an t-éiclipteach ar an taobh eile de Chú Chulainn, mar sin.
Níorbh
impleacht dó sin nach mbeadh trioblóidí éigin ag baint leis an
bpláinéad. Faoi thionchar na bhfórsaí athraitheacha taoide óna
chéile agus ón bpláinéad féin, bhí cúig shatailít mhóra an
Fhearghamhna ag coipeadh le bolcánachas, agus iad chomh corrach ó
thaobh na geolaíochta de agus go raibh gach ceann acu ag cur isteach
ar an gcumarsáid raidió agus ar an gcumarsáid forsholais féin.
Bhí na gealacha go léir sách saibhir i mianraí maighnéadacha
iarainn, rud a chuir leis an trasnaíocht agus an tormán raidió a
bhí ag teacht astu. Bhí sé, fiú, ina shean-nath ag na spásairí
gur chuala siad “Finngheal ag mairgnigh” ar an raidió, ó ba í
Finngheal ba mhó a bhí á réabadh ag an mbolcánachas, dar leis na
spásgheolaithe.
Bhí
díospóireacht áirithe ann faoi cheist na mianadóireachta ar na
gealacha sin. Is é an dearcadh a bhí ag na réalteolaithe gur
tháinig an Fearghamhain agus a chuid satailítí ón spás anall i
ndiaidh fhoirmiú an ghrianchórais seo, agus gurbh é sin ba chúis
le fithis aisteach an phláinéid. Thairis sin, áfach, shíl a lán
acu gur leis an bhFearghamhain a bhain Sceolaing féin ar dtús, agus
gurbh é sin ba mhíniú leis an saibhreas mianraí ansin. Mar sin
bhí sé incheaptha - bhí sé dealraitheach, fiú, dar le lucht na
speictreascópachta - go raibh an saibhreas céanna ar fáil ar
ghealacha eile an Fhirghamhna. Cén fáth nach rachaimis ag baint
mianraí as na gealacha sin freisin? Bhí taobh eile na conspóide
inbharúla, áfach, go raibh sé ródhainséarach i bhfianaise an
bholcánachais mhillteanaigh.
Anois,
bhí Diarmuid ag teannadh isteach leis an gCoileánach. Ar dtús,
chonaic sé an ghealach bheag ar an scáileán, agus ansin d’aithin
sé ponc beag solais amuigh nuair a chaith sé spléachadh amach ar
an bhfuinneog. Níor thóg sé mórán ama anois an ghealach bheag a
fheiceáil á leathadh amach roimhe, agus na struchtúir fhada
dhaondéanta ag gobadh amach as an gcloch. Faoin am seo, bhí a
thrasfhreagróir i dteagmháil raidió le stáisiún an Choileánaigh
cheana féin, agus nuair a tháinig sé sách cóngarach don
tsatailít bheag, shín ceann de na lámha fada meicniúla sin amach
le breith ar a spásnaomhóg féin. Ansin, d’oscail an bealach
roimhe le go bhféadfadh sé dul isteach ar an stáisiún.
Bhí
sé sách cúng taobh istigh den ghabhdán mhór, ach ní raibh
Diarmuid i bhfad ag teacht go deireadh an phasáiste. Bhí haiste mór
cruinn ansin agus scáileán beag ríomhaire feistithe de a
thaispeáin brú an aeir ar an taobh eile den haiste, chomh maith le
sonraí eile ar nós chodán na hocsaigine san aer, an teocht, an
bhogthaise choibhneasta agus leibhéal na radaíochta. Dá réir seo,
ní raibh tachtadh, fuacht, triomú ná a dhath eile ag bagairt air,
agus mar sin, chuaigh a mhéara thar shraith na mbrúchnaipí agus
ghéill an haiste dó.
Mar
ab eol dó agus mar ba chuimhin leis, bhí seomraí agus stórais an
Choileánaigh chomh forleathan, chomh fairsing is go bhfuair Diarmuid
an t-atmaisféar istigh ansin sách uaigneach, neamhshaolta fiú. Le
fírinne, níor thug sé cuairt ar bith ar an stáisiún seo i
ndiaidh a chúrsa oiliúna. San am sin, ní raibh ann ach dalta
spásaireachta, ábhar óg spásgharda. Agus ar ndóigh, bhí an áit
seo ag cur thar maoil le daoine, daoine óga, daltaí eile. Bhí an
stáisiún spáis seo go léir beo acu. Rinneadh an chuid ba mhó den
oiliúint i gcóngar do phláinéad na hAthÉireann, agus ba mhór an
eachtra don dalta óg é teacht a fhad seo amach ón bpláinéad.
Níor thuig Diarmuid i gceart roimhe sin chomh mór, chomh fairsing,
chomh hinfinideach is a bhí an Spás - agus níor thuig sé roimhe
sin chomh suaithní, chomh sceitimíneach a bhí sé go mbeadh cead a
chos aige ar fud an ghrianchórais seo nuair a chríochnódh sé a
chúrsa. Agus ba é an grianchóras seo an t-aon cheann amháin ab
aithin dó.
Bhí
ionstraimí ar na ballaí, chomh maith lena lán soilse agus iad ag
lasadh suas nó ag dul as. Uaireanta, chonaic Diarmuid in eireaball a
shúl biongadh nó glioscarnach éigin ar na scáileáin, rud a bhain
stangadh as sular tuigeadh dó nach raibh a dhath cearr ná
contráilte. Ansin, chuir sé caol air féin. Chaithfeadh sé
teachtaireacht a sheoladh, agus ó bhí a fhios aige cá raibh an
gléasra cumarsáide, ní raibh cúis ná siocair aige gan cromadh ar
an obair sin láithreach bonn.
Sheiceáil
sé ar dtús, an raibh a dhóthain fuinnimh ag teacht don ghléas
cumarsáide forsholais, agus nuair a fuair sé amach go raibh, chuir
sé an chéad cheiliúr ar an stáisiún eile.
AN
COILEÁNACH AG GLAOCH. AN COILEÁNACH AG GLAOCH. GLAOCH PRÁINNE ÓN
gCOILEÁNACH. GLAOCH PRÁINNE ÓN gCOILEÁNACH.
Chaithfeadh
gach aon ghlacadóir forsholais an teachtaireacht sin a cheapadh ar
an toirt. Bhí Diarmuid chomh mór i bpianpháis is go raibh sé
báite ar fad ag bárcadh allais, agus mhothaigh sé go raibh a chuid
méar ar bharr amháin creatha. Tháinig an chéad fhreagra go
sciobtha, áfach, agus mhaolaigh sé ar an neirbhís a bhí ar mo
dhuine.
STÁISIÚN
CHOILM CHILLE AG FREAGAIRT. STÁISIÚN CHOILM CHILLE AG FREAGAIRT. A
CHOILEÁNAIGH, TABHAIR DOM DO SCÉALA. ÉISTIM.
Bhí
na méara ag creathnú i gcónaí, ach mar sin féin, bhí Diarmuid
ábalta an méid seo a chlóscríobh ar mhéarchlár an ghléis:
A
CHOILM CHILLE, SEO AN SPÁSGHARDA DIARMUID MAC CUARTA ÓN
gCOILEÁNACH. CHAILL MUID GACH TEAGMHÁIL LE SCEOLAING. TÁ GRÉASÁN
NA nATHSHEACHADÁN AG OBAIR CGL. IS É STÁISIÚN SCEOLAING FÉIN
NACH bhFUIL AG FREAGAIRT. TIOCFAIDH NA SPÁSGHARDAÍ PATRÓIL EILE
ANSEO GAN MHOILL AGUS BEIDH CRUINNIÚ AGAINN. TÁ FÁILTE ROIMH GACH
UILE CHINEÁL TACAÍOCHTA UAIBHSE. ÉISTIM.
Ba
léir go ndeachaigh an méid sin go mór i bhfeidhm ar fhoireann
cumarsáide Choilm Chille, nó tháinig an freagra a thúisce agus ab
fhéidir.
A
SPÁSGHARDA MHIC CHUARTA, SEO COLM CILLE AG FREAGAIRT. CUIRFEAR DO
SCÉALA IN IÚL DO LUCHT CEANNAIS AN STÁISIÚIN SEO. BEIDH MUID AG
FANACHT LE TORTHAÍ BHUR gCRUINNITHE. TÉIGÍ I dTEAGMHÁIL LINN ARÍS
NUAIR A BHEAS SCÉALA NUA AGAIBH. SLÁN GO FÓILL.
Níor
thug Diarmuid ach SLÁN GO FÓILL mar fhreagra. Anois, bhí a
dhualgas déanta, agus tamall ama ar a phraeic aige go dtí go
dtosódh na spásghardaí eile ag tonnadh isteach. Ligfeadh sé a
scíth idir an dá linn. Chuaigh sé ar lorg an tseomra folctha le
dul faoi chith, más cith a bhí ann, agus an dóigh a raibh na deora
uisce ar foluain in imtharraingt lag an Choileánaigh. Rinne sé a
ghnó freisin - ar ndóigh, bhí píobáin lena aghaidh sin sa
spáschulaith, ach ba mhór an saoradh ó bhráca gan a bheith ina
dtuilleamaí. Nuair a mhothaigh sé é féin sách glan, shocraigh sé
leis féin go raibh sé in am aige dreas deas codlata a dhéanamh.
Tharraing sé amach ceann de na réleapacha i bpainéal balla an
tseomra mhóir, agus chaith sé é féin uirthi. Ós spásgharda a
bhí ann, bhí sé in ann a chodladh a dhéanamh díreach mar a
theastódh, agus chomh luath is a bhí sé soiprithe ina luí, rinne
sé dearmad glan dá raibh ina thimpeall.
Nuair
a mhúscail sé arís, fuair sé nach raibh sé ina aonar a
thuilleadh, nó chuala sé cúpla duine ag déanamh comhrá os íseal
i seomra eile. Shíl sé gur spásghardaí eile a bhí ann, agus bhí
an ceart aige. Ní raibh Marcas ann go fóill, nó ba iad seo
Toirdhealbhach Mac Giolla Chomhaill agus Gormfhlaith Nic Thiarnáin,
beirt nach raibh ach ballaíocht bheag aithne aige orthu. Is é sin,
cé go raibh a fhios aige cérbh iad, ní raibh aon duine acu ina
dhlúthchara aige.
“Ó
bhuel, tá tú i do dhúiseacht anois”, a scairt Gormfhlaith, nuair
a d’aithin sí go raibh Diarmuid ag éirí ón réleaba. “An
raibh codladh sámh agat?”
“Bhí
muis”, a d’fhreagair Diarmuid. Bhí sé cineál míshásta lena
ceist-se: an raibh sí ag cur in iúl go raibh faillí éigin déanta
aige? “Bhí mé díreach tar éis an chéad teachtaireacht a
sheoladh chuig Stáisiún Choilm Chille agus freagra a fháil. Mar
sin, shíl mé nár mhiste dom an tuirse a chur díom. An bhfuil a
dhath ar bith ar an nglacadóir ó mhuintir Choilm Chille?”
“Diabhal
a dhath”, arsa Toirdhealbhach. “Nuair a tháinig mé féin anseo,
sheiceáil mé taisce an ghlacadóra ar an toirt, ach má sheiceáil,
níor tháinig mé ach ar na teachtaireachtaí a bhí agatsa leis an
stáisiún sin. Ó, ar ndóigh, bhí seanteachtaireachtaí ann faoi
chúrsaí na haimsire.” (Is éard a bhí i gceist leis an “aimsir”
aige ná imthoscaí ginearálta an spáis, cosúil le radaíocht,
réaltghaoth, dreigí agus a leithéid.)
“Tuigim”,
arsa Diarmuid. “Meas tú, an í an aimsir a chuir stop leis an
gcumarsáid?”
“Ní
chreidfinn féin é”, a d’fhreagair Toirdhealbhach.
“An
chéad rud a rithfeadh leat…” a thosaigh Gormfhlaith.
“An
chéad rud a rithfeadh leat, - an Fearghamhain”, arsa Diarmuid. “Ní
cheapaim féin gurb é an Fearghamhain a tharraing an ciúnas raidió
sin. Níl sé in aon ghaobhair do leibhéal an éicliptigh faoi
láthair, agus pé scéal é ní raibh mórán tormáin le cloisteáil
ar na gnáthmhinicíochtaí.”
“Caithfidh
sé gur éirigh tionóisc éigin don stáisiún mianadóireachta”,
arsa Gormfhlaith, agus imní ar a guth. “B’fhéidir gur buaileadh
le cith dreigítí nó le cóiméad é.”
“Ní
chreidim go bhféadfadh a leithéid teacht in aon chóngar do
Sceolaing gan sinn sonrú a chur ann i bhfad roimh ré”, arsa
Toirdhealbhach, agus é suite siúráilte dá raibh á rá aige. “Is
fíor go bhfuil an spás fairsing forleathan, agus nach féidir linn
súil a choinneáil ach ar chuid bheag de, ach ní thiocfadh a
leithéid chun solais as an neamhní. Mura dtabharfaimis féin faoi
deara é, d’aithneodh na brathadóirí uathoibríocha é.”
“An
dóigh leat, mar sin”, arsa Gormfhlaith, “go bhfuil Sceolaing
sealbhaithe ag foghlaithe spáis i nganfhios dúinn?”
D’fhan
an triúr acu ina dtost ar feadh tamaill fhada. Bhí an focal mór
ráite anois, an focal a raibh eagla orthu go léir roimhe: na
foghlaithe spáis. Bhí na foghlaithe sin tar éis cúpla
spástionlacan a stopadh is a chreachadh, ionas nach raibh le déanamh
ach na spáslonga móra lastais a armáil le gunnaí móra
móilínphléascacha. Chuir an téisclim chogaidh seo deireadh leis
na hionsaithe creachadóireachta, ach má chuir féin, ní hionann
sin is a rá go mbeadh na foghlaithe tar éis éirí as, nó deireadh
súile a bhaint de shaibhreas na miotal tearc-chré ar Sceolaing.
Ceanndána is uile mar a bhí siad, ba doiligh a shamhlú leo go
bhféachfaidís le gealach iomlán a fhorghabháil. Ón taobh eile,
b’fhollasach go raibh sciath chosanta Sceolaing ar bhagairtí den
chineál sin mantach mórbhearnach. Dá nglacfadh spásloingeas
naimhdeach an priacal orthu féin teacht as an bhforspás taobh
istigh den ghrianchóras, d’fhéadfaí Sceolaing a ghabháil gan
mhoill, agus súile na spásghardaí ag amharc an bealach eile. Bhí
gunna mór éigin ag na mianadóirí ceart go leor, ach má bhí
féin, ní raibh sé ceaptha ná deartha le spáslonga iasachta a
stopadh ach le dreigítí a smiotadh.
“Ná
bímis ag trácht air seo”, arsa Toirdhealbhach sa deireadh. “Beidh
ócáid go leor againn na cúrsaí dáiríre a chardáil nuair a
thiocfaidh Marcas agus an chuid eile anseo. Ligfidh mise mo scíth
anois.” Agus b’fhíor dó. Chaith sé é féin ar cheann de na
réleapacha díreach mar a rinne Diarmuid roimhe sin, agus thit a
chodladh air ar an toirt. Go bunúsach, d’fhág sé an bheirt eile
i gcuideachta a chéile.
Ní
raibh Gormfhlaith rófhonnmhar chun séis chomhrá a dhéanamh, agus
is é an tátal a bhain Diarmuid as an mbeagán focal a labhair sí
leis go raibh duine éigin amuigh ar Sceolaing ar chás léi é -
fear a raibh sí mór leis, abair, nó deartháir b’fhéidir. Thuig
Diarmuid nár mhaith léi cabaireacht a dhéanamh, agus chinn sé ar
thamall a chaitheamh ina aonar.
Chuaigh
Diarmuid ar na barraicíní go dtí an seomra breathnóireachta lena
mharana a dhéanamh ar mhapa na réaltaí. Bhí muintir na
hAthÉireann tar éis ainmneacha dá gcuid féin a thabhairt ar
réaltbhuíonta a spéire féin. Bhí an chuid ba mhó de
réaltbhuíonta an tSeanDomhain as aithne a fhad seo ar shiúl uaidh,
sin nó ní raibh siad ag breathnú chomh suaithinseach anseo, ó bhí
réaltaí eile ag dearscnamh tharstu, réaltaí ba chóngaraí ná
iad d’AthÉirinn.
Ba
í Coróin na nGael an réaltbhuíon ba suntasaí ar spéir na
hAthÉireann - sin é an tuige go raibh an t-ainm sin uirthi, is
dócha. Ceann cuidsúlach eile a bhí sa Rífhéinní, agus é ag
bagairt a chlaímh trasna na spéire os cionn leath thuaidh an
phláinéid. Iad siúd a bhí ag taisteal fharraigí móra an
deiscirt, ní raibh éalú acu ó naoi réalta lonracha Dhiarmada
agus Ghráinne.
Ní
raibh Diarmuid agus Gráinne le feiceáil anseo anois, áfach, nó
bhí Cú Chulainn díreach idir an réaltbhuíon sin agus an
Coileánach. Mar sin féin, agus é ina sheasamh os comhair an
réaltmhapa, ní fhéadfadh Diarmaid gan a bheith ag smaoineamh ar an
ngrúpa réaltaí sin a bhí ar aon ainm leis féin, nó ar aon
leathainm ar a laghad. Rugadh agus tógadh é féin i leathsféar
thuaidh na hAthÉireann, ach cosúil lena lán ógánach, rinne sé
cuid mhaith taistil ar fud an phláinéid nuair a bhí sé ag teacht
i mbun a mhéide. Thar aon rud eile chuir sé turas mara timpeall na
hAthÉireann in éineacht leis na daltaí eile ina ghrúpa teagaisc
féin. Ansin, fuair sé aithne súl ar an réaltbhuíon úd.
Le
fírinne, nuair a tháinig an long a fhad ó dheas agus an ceann
deireanach de réaltaí móra na réaltbhuíne ag teacht ó scáth na
léaslíne, bhí searmanas beag leathghreannmhar ann lena thabhairt
le fios do na daoine óga go raibh siad sa deisceart anois. Ar
ndóigh, bhí sceitimíní na heachtra móire ar na hógánaigh go
léir, agus an long s’acu ag dul trasna na bhfarraigí. Bhí siad
ag fanacht leis an searmanas féin le fada, agus ba mhór an
comhlíonadh é go raibh a lá ann faoi dheireadh.
Chuaigh
cuimhní an turais sin greamaithe go smior i ngach duine de na daltaí
óga, agus ba spreagadh iad do Dhiarmaid féin dul sna spásghardaí,
nó ba é sin an ghairmréim a chuirfeadh ar a chumas oideachas
eolaíochta agus saol ilghnéitheach lán eachtraí a cheangal dá
chéile. Sin é an cineál saoil a bhí aige ar an turas úd fadó,
leis, nó bhí na daltaí ag cuidiú i ngnáthchúraimí cothabhála
na loinge agus ag foghlaim uraiceacht na geoifisice araon.
Chaith
Diarmuid tamall fada ag déanamh a mharana ar na réaltaí, go dtí
gur chuala sé glór Mharcais. Chuaigh sé in araicis a chara le
beannú dó, agus ansin chrom siad ar chomhrá.
“Tá
gach uile dhuine ag teacht anseo anois”, a dúirt Marcas. “D’éirigh
liom dul i dteagmháil le Muiris Ó hEadhra féin, cé go raibh sé
leath bealaigh go dtí an Fearghamhain nuair a fuair mé a ghlór le
cloisteáil, agus an diabhal pláinéad sin ag cur isteach ar an nasc
labhartha eadrainn.”
“An
raibh sé míshásta go gcaithfeadh sé éirí as na breathnuithe?”
“Bhí
muis. Ach tá a fhios aige na rialúcháin, ar nós gach aon duine
eile againn. Caithfidh muid an t-inneall míleata a ghlacadh orainn
anois.”
“Caithfidh,
cinnte. Ar chóir dom ‘A Shaoi’ a thabhairt ort cheana?” a
d’fhiafraigh Diarmuid idir shúgradh is dáiríre.
“Ná
téigh roimh an nós imeachta”, a d’fhreagair Marcas. Tháinig
buaireamh ar a ghnúis, nó ba léir go raibh freagracht an oifigigh
ag déanamh scime dó roimh ré.
Bhí
na spásghardaí deireanacha díreach ag baint amach an Choileánaigh.
Bheannaigh siad go múinte béasach dóibh siúd a fuair siad ansin
rompu. Chrom siad ar a gcuid gnóthaí, agus iad ag féachaint le
tuiscint éigin a fháil ar a raibh ar obair. Stáisiún Sceolaing
ina thost? Cad é ba chúis leis? Cith dreigí? Foghlaithe spáis?
Gach duine ag tabhairt ballaíocht tuairime nó ag iarraidh an scéal
a chur as a mheabhair fad nach raibh eolas ceart, cruinn nó deimhin
ann. An té a bhí róthuirseach, tharraing sé amach ceann de na
réleapacha, agus é ina chnap chodlata ar an toirt. Cé gur chuala
na fir is na mná seo gurbh fhéidir go raibh práinn le gníomh,
chaithfeadh an nádúr a cheart a fháil sula bhféadfaí an cruinniú
a thionscnamh. Ní raibh inneall an tsaighdiúra orthu go fóill,
agus mar sin, ba dhual dóibh an saol a ghlacadh ar nós na réidhe i
gcónaí.
Ón
taobh eile de, agus iad ag tuiscint na rudaí suaithní a d’fhéadfadh
a bheith i gceist le tost raidió Sceolaing, bhí an neirbhís agus
an buaireamh ag teacht ar gach mac máthar agus iníon athar acu, rud
a bhí soiléir óna gcuid cainte. Bheidís breá sásta craiceann an
tsibhialtaigh a chur díobh agus glacadh leis an gcéim mhíleata.
An
stádas a bhí ag na spásghardaí i sochaí na hAthÉireann, bhí sé
cineál idir eatarthu. De ghnáth, ba é an taighde ba mhó a
choinníodh gnóthach iad. Nuair a thiocfadh orthu, d’iompóidís
ina saighdiúirí. Díol iontais a bhí ann do Dhiarmaid, ar
bhealach. Bhí a fhios aige go mbeadh sé ina “Leifteanant” dá
rachadh an t-inneall míleata i bhfeidhm, agus nuair a fuair sé
oiliúint an spásgharda, d’fhoghlaim sé fosta cad é an rud é an
slabhra ceannais. Le fírinne ba mhinic a ghlac sé páirt in
inlíochtaí a bhí dírithe ar an slabhra ceannais a chleachtadh go
praiticiúil, ar eagla na heagla. Mar sin féin, níor aithin sé é
féin ina “Leifteanant”, agus fuair sé an focal féin sách
dothuigthe. Ní raibh ann ach lipéad. Chaithfeadh sé aird a
thabhairt ar na horduithe a d’fhaigheadh sé ó dhuine a raibh
lipéad an “Chaptaein” air, agus d’fhéadfadh sé féin
orduithe a thabhairt do dhaoine a raibh lipéad an “Mheirgire”
orthu, ach sin a raibh ann. Má bhí a leithéid de rud ann agus
glóir an chogaidh, ní dheachaigh Diarmuid ar a lorg riamh, agus cé
gur chuala sé trácht éigin air ó mhúinteoir Stair an Chine
Dhaonna ar scoil fadó, is ar éigean má thuig sé an coincheap
féin.
Sa
deireadh, chuaigh Marcas i dtuilleamaí an lárchóras fuaime agus
chuir sé gairm chruinnithe ar fud stáisiún an Choileánaigh. Ní
raibh gach aon spásgharda sa limistéar seo tagtha go fóill, ach ar
a laghad, bhí líon gnó acu ann. Mar sin, chuaigh siad i ndáil
chomhairle le chéile. Ba é an chéad rún an t-inneall míleata a
chur i bhfeidhm ar a raibh i láthair agus an ceannas a bhronnadh ar
an gCaptaen Marcas de Róiste, ó ba eisean an duine ab airde céim.
Ní raibh sa rún sin ach an nós imeachta foirmiúil, agus glacadh
leis ar aon fhocal. Ansin, bhí ceisteanna ní ba conspóidí le
socrú fós. Is é sin, conas a rachaidís ag fiosrú Sceolaing.
Bhí
cuid acu den tuairim gur chóir don iomlán dhearg acu léim isteach
ina gcuid spásnaomhóg agus aghaidh a thabhairt ar an stáisiún
mianadóireachta in aon scuad mór amháin. An chuid eile, arís, ba
é a mbarúil gur chiallmhaire triúr spásghardaí a chur ag
smúrthacht timpeall an stáisiúin. Ar ndóigh, thit sé ar chrann
an fhir cheannais a rogha a bhaint as an dá mholadh seo.
Is
féidir a rá gur thug sé an dá thaobh in araicis a chéile,
traidhfil bheag, nó nuair a labhair sé leis, bhí cineál
comhghéilleadh ceaptha aige.
“Rachaidh
an chuid is mó againn ar an scuad. Fágfaidh mé beirt thiar anseo
le pé eolas uainn a athsheachadadh chuig Stáisiún Choilm Chille
agus chuig an bhfórsa fortachta atá le teacht anseo ón taobh sin.”
Bhí
siad tar éis teachtaireacht a fháil cheana féin go raibh fórsa
spáslong agus spásnaomhóg ag teacht le chéile in aice le Stáisiún
Choilm Chille le teacht chun fortachta dóibh. Murab ionann agus
tamall roimhe seo, ghlac an lucht rialtais bagairt na bhfoghlaithe
spáis an-dáiríre anois, agus iad suite siúráilte gur cúis
cheart imní a bhí i dtost tobann Sceolaing. Ba é teacht an
chabhlaigh sin an chéad dea-scéala a chuala na spásghardaí ó
cailleadh an teagmháil leis an stáisiún mianadóireachta.
“Rachaidh
mé féin i gceannas ar an scuad sin”, arsa an Captaen de Róiste.
“Fanfaidh an Meirgire Ní Chualáin agus an Leifteanant Nic
Thiarnáin anseo leis an teagmháil chumarsáide a choinneáil le
Stáisiún Choilm Chille.”
Tháinig
místá ar an mbeirt bhan, nó ní mó ná sásta a bhí siad leis an
gcuma seo a theacht ar an scéal. Ní dhearna Gormfhlaith iarracht
amhras a chur in orduithe an Chaptaein, ach maidir le hÍte Ní
Chualáin bhí sise chomh mífhoighneach is a bhí sí óg, agus
ghoill sé uirthi nach mbeadh sí ag tionlacan an scuaid go dtí
Sceolaing, D’fhiafraigh sí go leathfheargach de Mharcas de Róiste,
an raibh iontaoibh ar bith aige aisti, mar spásgharda.
“Tá,
a Mheirgire”, a d’fhreagair an Captaen. “Léigh mé ar do chuid
cáipéisí pearsanta gur chríochnaigh tú ardchúrsa i
gcianchumarsáid spáis go gairid sula bhfuair tú do choimisiún
spásgharda. Is é is impleacht dó sin go bhfuil tú níos eolaí ar
na ciútraimintí úd thall” - sméid sé a cheann i dtreo an
ghléasra cumarsáide - “ná an chuid eile againn, agus nach
ndearna tú dearmad go fóill dá bhfuil foghlamtha agat ar an gcúrsa
sin. Mar sin, tá mé barúlach go bhfuil tusa ar an duine is fearr
againn le haghaidh na hoibre áirithe sin.”
Bhí
Íte breá sásta leis an míniúchán seo - le fírinne, d’fheicfeá
uirthi gur chuir focail Mharcais sracadh úr inti agus bród uirthi.
Agus nuair a tháinig an crú ar an tairne bhí a fhios aici féin
nach moladh gan cur leis a bhí ann. Bhí suim aici in oibriú agus
in ionathar na ríomhairí agus na ngléas leictreonach ó bhí sí
ina cailín beag, agus ba í an tsuim seo a chuir i dtreo na
spásghardaí í an chéad uair riamh. Más óg féin a bhí sí, bhí
sí ina saineolaí déanta cheana féin. Ó nach raibh sí ach ina
hábhar oifigigh go fóill, theastaigh aitheantas uaithi go mór mór.
Le fiche focal a chur in aon focal amháin, ní fhéadfadh an Captaen
rogha a dhéanamh ab fhearr ná Íte.
Bhí
Íte meáite cheana ar an ngléas cumarsáide a sheiceáil ar eagla
is go mbeadh fabhtcheartú de dhíth, rud a dhéanfadh sí chomh
túisce is a bheadh an scuadrún glanta as an stáisiún. Le fírinne,
bhí mífhoighne ag teacht uirthi cheana fréamhrochtain a fháil ar
an gcóras agus a cuid cleas a imirt air - na clis nach raibh ar
eolas ach ag bean na ceirde. Shamhlaigh sí roimpi féin na graif
agus na táblaí nach raibh ach an-chorrdhuine - a cómhaith féin -
in ann ciall a bhaint astu.
Maidir
le lucht an scuaid, bhí fios a ngnó acu, agus iad ag déanamh
téisclime chuige. Thuig siad gurbh fhéidir go mbeadh teagmháil
troda i ndán dóibh, agus rinne gach duine acu a mharana féin ar an
smaoineamh sin. Istigh ina gcroí, d’fhéach siad le slán a
fhágáil ag an saol, ar eagla nach mbeidís le filleadh slán
sábháilte ón misean seo. Bhí siad ag caitheamh suaitheantas an
tsaighdiúra anois, agus is é an bás aingeal coimhdeachta an
tsaighdiúra.
Chuala
Íte fear óg ag puthaíl go brónach in aice léi, agus d’iompaigh
sí ina leith. Ba é Diarmaid a bhí ann, agus é chomh domhain i
mbun a mhachnaimh is nár thug sé an cailín faoi deara. Bhuail Íte
bleid air.
“Céard
atá ag déanamh scime duit mar sin, a Dhiarmuid?”
D’ardaigh
Diarmuid a shúile agus tháinig ábhairín beag aoibhe ar a
cheannaithe buartha.
“Cad
eile ach Sceolaing”, a d’fhreagair sé. Le fírinne bhí sé
buíoch beannachtach go raibh áiméar aige a racht a ligean. “Tá
a fhios agat go bhfuil todhchaí ár bpláinéid go mór mór ag
brath ar an ngealach sin. Nuair a bhí mé i mo bhuachaill bheag, bhí
spéis agam sa spás toisc gur shíl mé gurbh í ríocht na heachtra
í. Is dócha nár tuigeadh dom ach inniu gurb ionann eachtra agus
dainséar. Agus ní hé an dainséar pearsanta is mó atá i gceist
agam. Bhuel tá, ar ndóigh, ach tá rud eile ann fós. Ár bpláinéad
féin. Is é sin, tá freagracht mhór orm anois. Tá mé ag dul sa
bhearna bhaoil anois, le mé féin a chur idir an urchóid agus
pláinéad mo dhúchais. Má theipeann orm, caillfear rud fiúntach
is mó, is tábhachtaí ná m’anam féin.”
Tháinig
an méid seo aniar aduaidh ar Íte. Ar ndóigh, bhí a tuiscint féin
aici ar an bhfocal mór sin “tírghrá”. Focal a bhí ann a
chloisfeá in óráidí sollúnta, ag ócáidí féile, nuair a bhí
Lá na Fionnachtana á cheiliúradh: “Tugaimis grá don phláinéad
seo a d'fhionn na sinsir dúinn tráth” - placadh siollaí den
tsaghas sin. Ach anois, chonaic sí agus chuala sí os a comhair an
fear óg seo ag iarraidh a chanúint shimplí ionraic a chur ar an
gcoincheap sin. An tírghrá. Grá don phláinéad ar ar tháinig tú
chun saoil, ar ar fhoghlaim tú do theanga dhúchais ó do mhuintir
agus ó na páistí a raibh tú ag súgradh ina measc. An eagla go
dtiocfadh foghlaithe míthrócaireacha isteach ón spás lena
n-ionradh is a gcreach a dhéanamh ar an bpláinéad ba dhúchas
duit, ionas nach bhféadfadh na glúine nua de bhuachaillí beaga
agus cailíní caomha saol chomh sona céanna a chaitheamh ansin
feasta.
Ag
éisteacht le focail chiúine Dhiarmada di thuig Íte an rud a
tuigeadh dá macasamhla roimhe sin nuair a chonaic siad an chuma nua
a tháinig ar a muintir i bhfianaise an dainséir mhóir: nach raibh
sa laoch ba churata amuigh ach buachaill comharsan a d’aithin
misneach agus meanma a chroí istigh féin. Fear óg a bhí i
nDiarmuid, agus é réasúnta cúthail, ach nuair a tháinig air,
níor theip a chuid laochais air.
Ar
an nóiméad sin ba dhóbair d’Íte a rá go raibh sí i ngrá le
Diarmuid. Bhí sí sách tuisceanach ar a cuid mothúchán féin is
gur aithin sí cé dó ar thug sí grá, áfach. Dá muintir féin,
dá pláinéad féin, do na buachaillí cotúla go léir a bheadh in
ann a ndícheall a dhéanamh in am an ghátair, cé nach rithfeadh
leo riamh a mhaíomh gur lucht mór troda a bhí iontu.
Dhéanfadh
Íte féin a dícheall, ar mhaithe leis an mbuachaill deas seo, ar
mhaithe le buachaillí na hAthÉireann, ar son na hAthÉireann ar
fad.
Sa
deireadh thiar thall, bhí an téisclim istigh, agus chuaigh fir an
scuaid ar bhord a gcuid spásnaomhóg. Ceann i ndiaidh a chéile
d'imigh na naomhóga leo. Réab an spás ina chaor thine lán
dathanna neamhghnácha nuair a las na hinnill suas, agus thug
spásnaomhóga aghaidh ar Sceolaing arís. Le himbhualadh a
sheachaint, bhí na spásnaomhóga ag déanamh a mbealaigh ina
n-ealta a bhí chomh scaipthe is nach raibh aon duine de na
spásghardaí in ann an ceann ba chóngaraí féin de na naomhóga
eile a aithint agus é ag amharc amach ar an bhfuinneog. Cé go raibh
an t-eolas ag dul ina shruth leanúnach idir na naomhóga, agus na
ríomhairí boird i síortheagmháil le chéile, gan trácht ar an
sás cumarsáide a chuir ar do chumas d'intinn a labhairt leis na
spásghardaí eile, bhí gach aon duine acu ina aonar ina spásárthach
féin, agus anois, ó bhí siad ag eitilt i dtreo an dainséir
anaithnid, ba dual dóibh an naomhóg a dhealramh le cónra.
Thiar
ar an gCoileánach bhí Íte díreach ag cromadh ar a cuid oibre ag
an ngléas cumarsáide. Fabhtcheartú den ghnáthchineál a bheadh
ann, ach ós speisialtóir a bhí in Íte, níorbh ionann a
gnáthchineál féin agus gnáthchineál na ndaoine eile. Nó nuair a
fuair sí oiliúint an tsaoir chumarsáide, ghlac sí páirt i
séisiún faisnéise faoi cheannas Bhrainse Speisialta Slándála na
hOifige um Choimeád na Síochána. Ba í an Oifig sin údarás
póilínithe na hAthÉireann, agus Brainse Speisialta na Slándála
ag coinneáil súile ar na contúirtí tromchúiseacha a bhí ag
bagairt ar shlándáil an phláinéid go léir. An bhagairt ba mhó a
cuireadh in aithne d'Íte ag an gcruinniú sin, is é an t-ainm a bhí
uirthi ná BRICRIU.
Is
éard a bhí i gceist le BRICRIU ná cineál sindeacáit choiriúil -
an t-aon cheann a raibh tábhacht ar bith leis i saol na hAthÉireann.
Tháinig BRICRIU chun saoil i nGaoth an Mhúin Lofa, baile beag bocht
iargúlta ar an gcósta thoir in ilchríoch Úr-Uladh, an ilchríoch
ba dearóile, ab fhuaire den triúr. Sna cúlriasca sin a tháinig
taoisigh an tsaoil choiriúil ó cheithre cearna Úr-Uladh le chéile
cúig bliana déag ó shin, mar a chuala Íte ar an seimineár. Agus
ní raibh spéis ar bith ag BRICRIU in aon chineál mionghadaíochta,
a mhalairt ar fad.
Theastaigh
ó na bithiúnaigh seo gnó mórscála a dhéanamh, agus is í an
chamscéim is mó a bhí idir chamánaibh acu ná smuigléireacht na
miotal tearc-ithreach, na cineálacha miotal a bhí á mbaint as
ionathar Sceolaing, mar shampla. Bhí siad de dhíth le haghaidh
dheantús na n-inneall spásdúbailteach a chuir ar chumas an daonnaí
luas an tsolais a shárú, nó teacht timpeall ar bhalla an tsolais,
mar ab fhearr a rá. Mar sin, bhí praghas as compás ar na miotail
seo ar fud Bhealach na Bó Finne, an chuid de ina raibh áitreabh
daonna ón sean-Domhan, agus daoine neamhscrupallacha sásta na
hamhábhair thábhachtacha seo a cheannach ó sholáthróirí
neamhdhleathacha le hiad a dhíol le déantúsóirí dleathacha
spásinneall.