Ceann de na rudaí a bhí Albert Einstein in ann a thairngreacht ná go raibh tonnta imtharraingthe ann: is é sin, dá rachadh dhá réad an-troma, an-téagartha (cosúil le neodrónréaltaí nó dúphoill) i gcóngar a chéile, gan aon trácht a dhéanamh ar iad a bheith ag bualadh faoi chéile, go spreagfadh an teagmhas seo creathanna nó tonnta san imtharraingt. San am chéanna áfach, ba é barúil an tseanfhisiceora nach n-éireodh leis an gcine daonna an chorraíl seo a aithint choíche. Bhí sé sa mhícheart, áfach.
An teicneolaíocht ar a dtugtar trasnaimhéadracht léasair cuireann sí ar chumas na bhfisiceoirí turgnamhacha tonnta imtharraingthe ó imbhualtaí móra amuigh sa spás a thomhas. De réir mar a dúirt Yahoo News le déanaí, tá an gréasán taighde úd LIGO - gréasán idirnáisiúnta na réadlann imtharraingthe a úsáideas trasnaimhéadracht léasair - tar éis timpeall ar leathchéad imbhualadh den chineál sin a thabhairt faoi deara, agus an teicneolaíocht ag éirí níos cruinne in aghaidh an lae.
An buafhocal úd trasnaimhéadracht, céard is brí dó? Is é an rud a dtugtar trasnaíocht air san fhisic ná an dóigh a dtéann dhá thonn nó dhá thonnghluaiseacht i bhfeidhm ar a chéile - is é sin má tá tonnfhad an dá ghluaiseacht sin an-chóngarach dá chéile cé nach ionann é. Trasnaimhéadracht a thugtar ar an taighde atá bunaithe ar thomhas na trasnaíochta. Maidir leis an léasar, is éard atá ann ná solas atá go hiomlán ar aon mhinicíocht agus ar aon tonnfhad, rud a chiallaíos go bhfuil sé i bhfad níos comhleanúnaí ná an gnáthsholas ina bhfuil minicíochtaí éagsúla le fáil. Mar sin, má thagann mionathrú ar mhinicíocht an gha léasair de thoradh tionchair ón taobh amuigh, beidh sé so-aitheanta ar an trasnaíocht, agus é ag dul i bhfeidhm ar gha eile a bhfuil an tseanmhinicíocht coinnithe aige.
Roimh lá na trasnaimhéadrachta ba iad sorcóirí Weber an t-aon ghléas a bhí ar fáil leis na tonnta imtharraingthe a aithint, agus mar a tháinig chun solais, ní raibh siad ag obair i ndáiríre. Sorcóirí móra fada alúmanaim a bhí iontu. Fuair na sorcóirí seo a n-ainm ó Joseph Weber (1919-2000), fisiceoir Meiriceánach a chéadcheap iad. Go bunúsach, is é an modh oibre a bhí ag Weber ná tonnchreathanna na sorcóirí seo a thomhas, agus nuair a d'éirigh tonnchrith dóibh san am chéanna agus sa treo chéanna, ghlac Weber leis gur bhuail tonn imtharraingthe an gléasra.
Ar an drochuair ní raibh sna breathnuithe seo ag Weber ach brionglóidíocht i ndiaidh an iomláin, cé go ndearna an t-eolaí deimhin nach rachadh na torthaí chun laofachta faoina thionchar féin. Na saotharlanna a bhí curtha ar bun aige féin bhí siad ag aithint tonnta imtharraingthe i gcónaí, na cinn a bhí tógtha de réir a chuid sonraíochta gan a rannpháirtíocht dhíreach féin bhí ag dul díobh torthaí deimhneacha a fháil. Sampla suimiúil é seo den tionchar a imríos duine díograiseach ar a chuid comhoibrithe, b'fhéidir.
Cé nár éirigh leis na sorcóirí, ní mór cuimhne a choinneáil ar Weber mar fhisiceoir sciliúil. Bhí páirt nár bheag aige i bhforbairt an léasair agus na teicneolaíochta ar a dtugtar méasar - is é sin, comhdhlúthú na micreathonnta de réir na bprionsabal céanna atá i gceist le comhdhlúthú an tsolais infheicthe sna gléasraí léasair.
No comments:
Post a Comment