Monday, July 6, 2020

Ciclipéid na Réalteolaíochta arís: Baralár-Bórón

Baralár a thugtar ar mheáchanlár nó lárphointe maise an chórais imtharraingthe (tagraíonn an réimír sin bara- don fhocal Gréigise a chiallaíos ”trom”). Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b’fhearr a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí, nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.


Barón an téarma a thagraíos do bhuncháithníní troma, go háirithe don phrótón agus don neodrón. Glactar leis go bhfuil gach barón comhdhéanta as trí chuarc éagsúla.


Bealach na Bó Finne an Láir Bhán Claí Mór na Réaltaí a thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa chiall chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas trasna na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile is nach dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is ionann an crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a fheictear dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa diosca sin. Is é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.


Réaltra bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra – nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur codanna d’aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.


An Béar Beag Ursa Minor a thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is gile inti. Ní dhealrófá le haon bhéar í i ndáiríre, ach tá sí cosúil leis an gCamchéachta (astaireacht na réaltaí is gile sa Bhéar Mhór), ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre réalta ann chomh maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta Pholach, nó Alpha Ursae Minoris, suite i ndeireadh na ”coise”. Ceann de réaltaí an ”bhosca” í an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, Kochab nó Beta Ursae Minoris. Déréalta is ea an Réalta Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí í an phríomhréalta. Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul in aois cheana: K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos fuaire agus níos deirge ná an Ghrian s’againn.


An Béar Mór Ursa Major a thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach) suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag, an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak (Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.


Is í Alpha Ursae MajorisDubhe an dara réalta is gile sa Bhéar Mhór. Déréalta atá inti agus í suite faoi 123 solasbhliana dínn. Déréalta speictreascópach atá inti, is é sin, ní féidir an dá chomhbhall a aithint thar a chéile ach taighde a dhéanamh ar speictream an tsolais a thagas as an réalta. Fathachréalta K-aicme atá sa cheann is mó den dá chomhbhall, agus cé nach bhfuil sí ach ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, tá sí breis is trí chéad oiread chomh lonrúil. Mar sin is féidir glacadh leis gur réalta phríomhsheichimh a bhí inti ar dtús agus nár iompaigh sí ina fathach ach nuair a chaith sí deireadh na hidrigine sa chroílár – díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh. De réir chóras ainmniúcháin an lae inniu, ní thagraíonn an t-ainm úd Dubhe ach don phríomhréalta seo (Alpha Ursae Majoris A). Maidir leis an gcomhbhall eile, is é sin Alpha Ursae Majoris B, réalta phríomhsheichimh atá ann, agus í beagáinín níos teo ná an Ghrian, nó is F-réalta í. Níl sí mórán níos troime ná an Ghrian ach an oiread.


Alpha Ursae Majoris B ag imrothlú an chomhbhaill is mó, agus tógann sé ceithre bliana is dhá fhichid agus cúig mhí uirthi turas amháin a thabhairt timpeall na príomhréalta.


Merak an t-ainm traidisiúnta ar Beta Ursae Majoris, agus is A-réalta í. Áirítear ar ghrúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir í, is é sin, ar ghrúpa réaltaí sa Bhéar Mhór atá réasúnta cóngarach dá chéile, agus iad ag gluaiseacht sa treo chéanna. Níl baint ag Dubhe leis an ngrúpa seo. Cé gurb é Beta an litir Gréagach a sheasas di i gcóras ainmníochta Bayer, níl Merak ach ar an gcúigiú réalta is gile sa réaltbhuíon.


Réalta aonair í Merak, agus í suite faoi ochtó solasbhliain dínn. Réalta K-aicme í, agus í 2.7 oiread chomh téagartha leis an nGrian. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir a ga agus a trastomhais freisin, ach san am céanna, tá sí trí oiread agus trí scór chomh lonrúil.


PhekdaPhecdaPhad an t-ainm traidisiúnta ar Gamma Ursae Majoris, atá suite faoi thrí solasbhliana is ceithre scór dínn. Déréalta atá inti, agus de réir chleachtas comhaimseartha Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta ní thugtar ”Phecda” go hoifigiúil ach ar an gcomhbhall is mó den bheirt, mar atá, Gamma Ursae Majoris A. Réalta A-aicme í, agus cé nach bhfuil sí ach trí oiread chomh téagartha leis an nGrian, tá sí cúig oiread is trí scór chomh lonrúil. Mar sin féin áirítear ar na réaltaí príomhsheichimh í. Níl mórán cuid súl sa chomhbhall bheag, áfach, nó Gamma Ursae Majoris B. K-réalta í, agus í níos lú ná an Ghrian féin.


Níl Phecda ach ar an séú réalta is gile sa Bhéar Mhór, cé gurb í an tríú litir san aibítir Ghréagach, Gamma, a sheasas di in ainmníocht Bayer. Cosúil le Merak baineann Phecda le grúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir.


Maidir le Delta Ursae Majoris, nó Megrez (sin é an t-ainm traidisiúnta, ach luaitear an t-ainm Kaffa leis an réalta seo chomh maith), tá baint aicise leis an grúpa gluaisteach sin chomh maith. Tá Megrez ar an réalta is fainne sa Chamchéachta, agus is réalta phríomhsheichimh san A-aicme í. Tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian, ach níl sí mórán níos mó ná í: tá sí trí scór faoin gcéad níos téagartha ná í, agus tá sí 1.4 oiread chomh fairsing léi, de réir an gha is an trastomhais. Tá sí suite faoi cheithre scór solasbhliain dínn. Tríréalta í Delta Ursae Majoris go foirmeálta, ach le fírinne tá an dá chomhréalta eile chomh beag i gcomparáid le Megrez is gur féidir dearmad a dhéanamh díobh anseo.


AliothEpsilon Ursae Majoris an réalta is gile sa Bhéar Mhór. Baineann sí leis an nGrúpa Gluaisteach. Tá sí suite faoi thuairim is ceithre scór solasbhliain dínn, agus is réalta A-aicme í, cé go n-aithnítear línte aisteacha ar a speictream: tá an réalta seo saibhir i miotail áirithe, cosúil leis an gcróimiam, a fhágas a lorg ar an speictream. Tá Megrez beagnach trí oiread chomh trom leis an nGrian, ceithre oiread chomh fairsing, agus céad oiread chomh lonrúil. Chreidtí ar feadh i bhfad gur déréalta speictreach a bheadh i Megrez, ach níltear ábalta comhbhall ar bith a aithint: bíonn na línte speictreacha miotail ag teacht is ag imeacht go sciobtha, agus ba ghnách leis na heolaithe a shíleadh go dtagadh comhréalta eile idir sinn agus Megrez go tráthrialta lena speictream féin. Inniu glactar leis gurb é réimse maighnéadach na réalta a tharraingíos na hathruithe seo: níl poil mhaighnéadacha Mhegrez in aon chóngar do na poil rothlaithe – le fírinne tá siad níos gaire don mheánchiorcal. Bíonn an rothlú agus an maighnéadas ag dul i bhfeidhm ar na miotail ar dhóigheanna éagsúla, rud a mhíníos na hathruithe speictrim, dar leis na saineolaithe.


Scéal fada é scéal na réalta úd Zeta Ursae Majoris, nó Mizar. Ilréalta as ceithre chomhbhall í Mizar, ach thairis sin tá réalta eile á comóradh, mar atá, Alcor, nó 80 Ursae Majoris, nó g Ursae Majoris. Déréalta atá in Alcor.


Is gnách Mizar a dheighilt ina dhá dís, mar atá, Mizar A agus Mizar B, nó Zeta1 agus Zeta2 Ursae Majoris. An dá chomhréalta i Mizar A, glactar leis gur dhá réalta iad atá an-chosúil le chéile: is réaltaí A-aicme iad, dhá oiread agus cúpla deichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus an ga is an trastomhas dhá oiread agus ceithre dheichiú cuid chomh mór agus atá ag an nGrian. Tá gach ceann den beirt sin tuairim is tríocha oiread chomh lonrúil leis an nGrian fosta. Maidir le Mizar B, is réalta A-aicme í chomh maith, agus í saibhir i miotail, rud atá le haithint ar a speictream. Ní féidir í a aithint mar dhéréalta gan dul i dtuilleamaí speictreascópachta. Cosúil le réaltaí eile Ghrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir, tá Mizar suite faoi thuairim is ceithre scór solasbhliain dínn.


Is doiligh a rá, cé chomh fada atá Mizar agus Alcor ó chéile. Glactar leis go bhfuil timpeall is solasbhliain amháin eatarthu, ach tá sé incheaptha go bhfuil siad níos cóngaraí, fiú. Pé scéal é tá an chuma ar an scéal go bhfuil Alcor faoi ochtó éigin solasbhliain dínn freisin. Tá Alcor (nó Alcor A, an phríomhréalta) timpeall is 1.8 oiread chomh trom agus chomh fairsing (de réir an gha is an trastomhais) ná an Ghrian s’againn, ach tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil. Réalta A-aicme í. Níor aithin na réalteolaithe Alcor B (an chomhréalta bheag) ach sa bhliain 2009, agus níl inti ach abhacréalta dhearg. Níltear cinnte, an bhfuil nasc ceart imtharraingthe ag Mizar agus Alcor, ach tá siad – na comhréaltaí go léir – bainteach le Grúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir.


Réalta nach mbaineann leis an ngrúpa sin is ea Eta Ursae Majoris AlkaidBenetnasch. Tá sí suite faoi dhá nó trí solasbliana agus cúig scór dínn, is é sin, fiche éigin solasbhliain níos faide ná réaltaí an Ghrúpa Ghluaistigh. Réalta bhánghorm B-aicme í, agus í i bhfad níos teo ná an Ghrian mar sin. Tá sí sé oiread chomh trom leis an nGrian, agus trí oiread is ceithre dheichiú cuid chomh fairsing léi. Tá sí beagnach sé chéad oiread chomh lonrúil áfach. Is dealraitheach gur réalta aonair í.


Bearna Cassini a thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1675. Tá struchtúr inmheánach ag an mbearna, nó cé go bhfuil an damhna taobh istigh di i bhfad níos scaipthe ná sa dá fháinne ar an dá thaobh di, is féidir mionfháinní agus mionbhearnaí a aithint laistigh de Bhearna Cassini.


Tá an bhearna timpeall is ceithre mhíle seacht gcéad ciliméadar (4,700 km) ar leithead. Na leaca oighir ar an imeall taobh istigh den bhearna tá siad ag fithisiú an phláinéid in athshondas leis an ngealach úd Mimas, nó bíonn dhá thuras timpeall ar Shatarn críochnaithe acu san am a thógas sé ar Mhimas aon turas amháin a chur di. Tá an t-imeall sin suite faoi 117,600 ciliméadar (céad seacht míle déag agus sé chéad ciliméadar) de lárphointe Shatarn.


Bearnaí taobh istigh de Bhearna Cassini iad Bearna Huygens, Bearna Herschel, Bearna Russell, Bearna Jeffreys, Bearna Kuiper, Bearna Laplace, Bearna Bessel, agus Bearna Barnard.


Tá Bearna Huygens suite faoi 117,680 ciliméadar de lárphointe Shatarn, agus é trí nó ceithre chéad ciliméadar ar leithead. Tá an bhearna ainmnithe as Christiaan Huygens, an t-eolaí Ollannach a bhí beo sa tseachtú haois déag. Is deacair cur síos a thabhairt ar a ndearna Huygens ar mhaithe leis an eolaíocht, chomh bisiúil is a bhí sé: bhí sé ina optaiceoir, ina mhatamaiticeoir, ina réalteolaí, agus ina innealtóir; ba eisean a chuir an chéad sonrú i dTiotán, gealach mhór Shatarn, mar shampla; rinne sé forbairt thábhachtach ar an teileascóp; agus ba eisean a chéadcheap an clog luascadáin.


Bearna Herschel arís, tá sí suite faoi 117,848 gciliméadair de lárphointe Shatarn, agus í timpeall is céad ciliméadar ar leithead. Fuair sí a hainm ó William Herschel (1738-1822) – nó Wilhelm Herschel: Gearmánach a bhí ann a rugadh in Hannover, ach nuair a bhí sé ina fhear óg, d’aistrigh sé go Sasana. Ansin bhain sé amach cáil nár bheag mar réalteolaí agus mar cheolchumadóir araon. Rinne sé taighde ar ghealacha Shatarn agus Úránais.


Tá Bearna Russell suite faoi 118,234 ciliméadair de lárphointe Shatarn, agus í trí ciliméadair déag is scór ar leithead. An Ruiséalach, ansin, ba é an fear céanna a bhfuair Léaráid Hertzsprung-Russell a hainm uaidh: Henry Norris Russell (1877-1957) a chaith an chuid ba mhó ag léachtóireacht faoi réalteolaíocht in Ollscoil Princeton. Ní raibh mórán baint aige leis an taighde ar Shatarn ná ar na fáinní áfach, nó chuir sé an spéis ba mhó sna réaltaí, seachas sna pláinéid.


Tá Bearna Jeffreys suite faoi 118,950 ciliméadar de lárphointe Shatarn, agus í beagnach dhá scór ciliméadar ar leithead. Matamaiticeoir ab ea Harold Jeffreys (1891-1989), agus baineann an leabhar is clúití dár tháinig óna pheann le teoiric na dóchúlachta. San am chéanna bhí sé go mór mór in aghaidh theicteoinic na bplátaí agus teoiric na gluaiseachta ilchríochaí – is é sin, na teoiricí geolaíochta a deir go mbíonn na plátaí ilchríochacha ag bogadh is ag gluaiseacht leo in imeacht na milliún bliain. Mar is eol dúinn inniu, chaill sé a chogadh príobháideach in aghaidh na teicteoinice, ach san am chéanna maireann an taobh eile dá chuimhne beo i gcónaí i measc na matamaiticeoirí.


Níl Bearna Kuiper ach trí ciliméadair ar leithead, agus í suite faoi 119,405 ciliméadair de lárphointe Shatarn. Réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach ab ea Gerrit Pieter Kuiper, nó Gerard Peter Kuiper (1905-1973), mar a scríobhadh sé a ainm i mBéarla. Deirtear gurb iad a shúile géara a rinne réalteolaí de, nó nuair a bhí sé ina pháiste bhí sé in ann réaltaí fannlaga a fheiceáil nach n-aithneodh na daoine eile. Rinne sé staidéar ar an réalteolaíocht in Ollscoil Leiden ina thír dhúchais féin, ach sna tríochaidí chuaigh sé ag obair sna Stáit Aontaithe, agus bhain sé amach saoránacht na Stát in achomaireacht. Rinne sé cion fir, nó cúpla fear, ag cur le heolas na réalteolaithe ar an nGrianchóras s’againn agus ar na réaltaí chomh maith. Mar shampla, rinne sé fionnachtain dhá ghealach: Miranda, ar satailít de chuid Úránais í, agus Nereid, ar gealach de chuid Neiptiúin í. Uaidhsean a fuair Crios Kuiper a ainm chomh maith.


Is fiú cuimhne a choinneáil ar Pierre-Simon Laplace chomh maith. An bhearna a fuair a hainm ó Laplace tá sí beagnach dhá chéad is dhá scór ciliméadar ar leithead, agus í suite faoi 119,967 gciliméadair de lárphointe Shatarn. Fear léinn ón bhFrainc a bhí i Laplace a rugadh sa bhliain 1749 agus a cailleadh sa bhliain 1827. Ileolaí a bhí ann a d’fhág a lorg ar an matamaitic, ar an réalteolaíocht agus ar an bhfealsúnacht araon. Mar shampla, bhí sé ar an gcéad eolaí riamh ar rith smaoineamh an dúphoill leis: bhí sé incheaptha – ar seisean – go raibh réaltaí chomh trom téagartha ann nach bhféadfadh an solas féin imeacht óna n-imtharraingt, agus dá thoradh sin, go raibh na reanna neimhe ba throime dá raibh ann dofheicthe.


Níl Bearna Bessel ach deich gciliméadar ar leithead, agus í suite faoi 120,312 chiliméadar de lárphointe Shatarn. Fuair an bhearna seo a hainm ó Friedrich Wilhelm Bessel (1784-1846). Réalteolaí, fisiceoir agus matamaiticeoir ón nGearmáin a bhí ann. Ba eisean, roimh aon duine eile, a fuair amach conas is féidir úsáid a bhaint as an saobhdhiallas leis an bhfad ón nGrian go réalta eile ar leith a chomhaireamh.


Tá Bearna Barnard suite faoi 120,312 chiliméadar de lárphointe Shatarn, agus í trí ciliméadair déag ar leithead. Tagraíonn ainm na bearna seo d’Edward Emerson Barnard (1857-1923), an fear céanna ar baisteadh a shloinne ar Réalta Barnard. Ba é Barnard a thomhais dualghluaisne na réalta sin.


Bearna Encke – is bearna í taobh istigh d’A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna seo a hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann de ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna seo.


Bearna Hertzsprung – is éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an comhbhall is mó d’ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.


Bearnaí Kirkwood – Sa bhliain 1866 d’aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel Kirkwood bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa Ghrianchóras. Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh bheith in athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall na Gréine a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a thógas sé ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad bearnaí Kirkwood is toradh don chosc seo.


Beirilliam – Is é an beirilliam dúil cheimiceach uimhir a ceathair, agus é ar an gceann is éadroime de na miotail chré-alcaileacha. Is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ná Be, agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s2.


Tá an beirilliam 9.012 aonad ar mheáchan adamhach, agus is é beirilliam a naoi, nó 9Be, an t-aon iseatóp cobhsaí amháin. Tá beirilliam a deich, nó 10Be, réasúnta fadsaolach, agus é breis is milliún bliain ar leathré. Cruthaítear beirilliam a deich san atmaisféar de thoradh an phróisis ar a dtugtar spallúchán nó spallú: is iad na gathanna cosmacha is cúis leis an bpróiseas seo. An beirilliam radaighníomhach a ghintear ar an dóigh seo carntar in uachtar na hithreach é, agus is féidir leis na geolaithe tátail a bhaint i dtaobh ghníomhaíocht na Gréine as athruithe an chineál áirithe seo radaighníomhaíochta i gcisil na hithreach: go bunúsach, nuair a bhíos an ghrianghaoth láidir, bíonn an radaíocht chosmach lag, agus nuair a bhíos an radaíocht chosmach lag, ní tháirgtear mórán den iseatóp seo san atmaisféar.


Miotal liath sobhriste é an beirilliam le teocht an tseomra. Má thagann sé i dteagmháil leis an aer, fágfar brat ocsaigine air. Is féidir beirilliam a chur trí thine fosta, agus ar ndóigh is í an ocsaíd chéanna, BeO, is toradh don imoibriú seo.


Siúd is gur miotal atá ann, mar bheirilliam, ní bhíonn sé chomh haraiciseach chun iain a dhéanamh agus a shamhlófá le miotal cré-alcaileach – le fírinne tá sé níos cosúla leis an alúmanam ó thaobh na ceimice de, agus é ag ceangal naisc chomhfhiúsacha lena lán dúl. Is í an bheiril – sileacáit an bheirilliam agus an alúmanaim Be3Al2(SiO3)6 – an mianra beirilliam is tábhachtaí amuigh, agus aithne ag an gcine daonna uirthi ó thús na staire. Is féidir beirilliam a dhéanamh as beiril, ach baintear úsáid na seoide aisti chomh maith. Níl dath ar bith sa ghlanbheiril, ach is minic a fhágas truailleáin éagsúla dath éigin inti. Tugtar smaragaid ar an mbeiril uaine, agus is éard atá i gceist leis an gcloch mhuirghorm ná beiril ghorm. Tá an bheiril órga buí, agus is é an héileadór an leagan buí-uaine.


Is mór an t-éacht miotalóireachta é beirilliam a aonrú mar dhúil, agus níor éirigh an t-éacht sin le haon duine roimh an naoú haois déag. Bhí an ceimiceoir clúiteach Gearmánach Friedrich Wöhler ar an gcéad duine, thiar sa bhliain 1827, a d’aonraigh beirilliam. Eisean a bhaist an dúil fosta, ach ina dhiaidh sin thug ceimiceoirí eile taitneamh don ainm glúiciniam, atá bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”milis”, ó tá blas milis sna salainn bheirilliam. Níl sé ciallmhar an iomarca suilt a bhaint as an milseacht sin áfach, ós rud é gur nimh atá sa bheirilliam. Tá an beirilliam cosúil leis an maignéisiam ó thaobh na ceimice de, ionas gur dual dó dul in áit an mhaignéisiam sa cholainn, ach ar ndóigh níl sé in ann gnó an mhaignéisiam a dhéanamh in orgánach an duine. Mar sin, tá dochar sna comhdhúile beirilliam; thairis sin tá an miotal glan féin dainséarach go leor má análaítear isteach mar dhusta é, spreagann sé ailléirge agus ailse scamhóg.


Is iomaí úsáid a bhaintear as beirilliam sa teicneolaíocht. Ligeann an miotal seo an chuid is mó de na x-ghathanna tríd, agus mar sin, úsáidtear é i bhfuinneoga radaíochta na bhfeadán x-ghathach. Ní athraíonn toirt an bheirilliam mórán leis an teocht – ní fhorbraíonn an beirilliam mórán, mar a déarfá – agus mar sin is minic a úsáidtear páirteanna beaga beirilliam sa spásteicneolaíocht, mar shampla.


Bellatrix Gamma Orionis a thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth, ach d’éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta réasúnta athraitheach í.


BetelgeuseAlpha Orionis an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea, an dara ceann is gile acu, cé gurb é Alpha Orionis ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann, agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.


Na Bílidí – malairt ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is éard atá i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí Chóiméad Biela, ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa bhliain 1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach Wilhelm von Biela a d’aithin gur cóiméad tréimhseach a bhí ann (is é sin, cóiméad a thagas ar ais go tráthrialta). Cuid súl a bhí sna Bílídí faoi dheireadh na naoú haoise déag, ach is ar éigean a d’aithneofá inniu iad gan dul i dtuilleamaí teileascóip nó gléasra cianradhairc eile.


Biosmat a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla Peiriadach. Bi an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal sobhriste é an biosmat ach éireoidh sé pinc théann ocsaigin an aeir i bhfeidhm air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i mbiosmat nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air, ach tá leathré an iseatóip sin chomh fada (meastar go bhfuil sí níos faide ná aois na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh dainséarach ná díobhálach leis na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.


Tá biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait (Bi2S3) í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3) í an bhismít.


Baintear úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht, ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan chomh nimhiúil is atá sí. Ní féidir a rá nach mbeadh nimhiúlacht éigin ag baint leis an mbiosmat féin ach níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach leis an luaidhe.


Bís a thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh na bíse. Réaltra bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre. Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an Triantáin.


Bís bharrach a thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.


Bladhm a thugtar ar bhrúchtadh tobann a aithnítear mar laom láidir gile in aice le dromchla na réalta. Tugtar bladhmréaltaí ar réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan choinne. Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.


Bíonn bladhmanna le haithint ar an nGrian s’againn freisin, ó am go ham – grianbhladhmanna mar a thugtar orthu. Bíonn siad an-éagsúil ó thaobh an fhuinnimh de, agus is minic a scaoiltear saor damhna as coróin na Gréine de thoradh bladhma (rud ar a dtugtar mais-eisteilgean corónach).


Bliain a thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla, áfach.


Nuair a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an bhliain ghréine, nó an bhliain thrópaiceach, a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar an éiclipteach, mar a fheictear dúinn. Tá cineálacha eile bliana ann, áfach.


Is í an réaltbhliain an tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht bhliantúil na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na réaltaí” agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na réaltaí cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur féidir neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is fiche nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an difríocht seo.


Bliain aimhrialta a thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an Domhain).


Bliain Iúlach a thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, tá an bhliain 365.25 lá ar fad, go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an bhliain Iúlach seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í is bunús leis an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in aghaidh na bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.


Is í an bhliain Ghréagórach meánfhad na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, arb é an féilire a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97 mbliana as gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann an bhliain Ghréagórach agus 365.2425 lá.


Is ionann aon bhliain ghealaí amháin agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.


Bliain bhisigh a thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil, is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná 2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire Ghréagóra.


An Bodach an t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion, ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air, agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra, an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá, Alnilam, Alnitak agus Mintaka.


Ollfhathach dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.


RÉALTAÍ AN BHODAIGH

Ainm de réir Bayer

Ainm eile

Aicme speictreach

Ga (leath an trastomhais) i gcomparáid leis an nGrian

Mais i gcomparáid leis an nGrian

Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian

Fad uainn

Alpha Orionis

Betelgeuse

M (ollfhathach dearg)

Timpeall ar 700-1100 oiread (an-mhíchruinn)

Timpeall ar 8-17 oiread (an-mhíchruinn)

Timpeall ar nócha míle go céad is caoga míle oiread (an-mhíchruinn)

Timpeall ar sheacht gcéad solasbhliain

Beta Orionis

Rigel

B (ollfhathach gorm)

Ceithre scór oiread (réasúnta míchruinn)

Fiche oiread (réasúnta míchruinn)

60,000-300,000 oiread (an-mhíchruinn)

Timpeall ar 860 solasbhliain

Gamma Orionis

Bellatrix

B (fathach gorm)

Sé oiread (nó beagáinín níos lú)

8.6 oiread

9,200 oiread

Timpeall ar 250 solasbhliain

Delta Orionis

Mintaka

Ilréalta. Is O-réalta í an phríomhréalta (Aa1), agus is B-réaltaí iad na comhbhaill eile.

16.5 oiread (an phríomhréalta, Aa1), 6.5 oiread (Aa2), 10.4 oiread (Ab), 0.8 oiread (B), 5.7 oiread (HD 36485)

24 oiread (Aa1), 8.4 oiread (Aa2), 22.5 oiread (Ab), timpeall ar naoi n-oiread (HD 36485)

190,000 oiread (an phríomhréalta, Aa1), 16,000 oiread (Aa2), 63,000 oiread (Ab), 0.4 oiread (B), 3,300 oiread (HD 36485)

Timpeall ar 1,200 solasbhliain

Epsilon Orionis

Alnilam

B-réalta (ollfhathach gorm)

32.4 oiread

40 oiread

537,000 oiread

Dhá mhíle solasbhliain

Zeta Orionis

Alnitak

Tríréalta. O-réalta atá sa phríomhréalta (Aa), B-réaltaí iad an dá cheann eile (Ab agus B)

20 oiread (Aa; sách míchruinn), 7.3 oiread (Ab; sách míchruinn)

33 oiread (Aa; an-mhíchruinn), 14 oiread (Ab; réasúnta míchruinn)

250,000 oiread (Aa), 32,000 oiread (Ab)

Dhá nó trí chéad thar an míle solasbhliain (sách míchruinn)

Eta Orionis

Algjebba

Ilréalta atá i gceist. B-réaltaí iad na comhbhaill is lonrúla.

6.3 oiread, a bheag nó a mhór (Aa, an phríomhréalta), 5.2 oiread, a bheag nó a mhór (Ab)

11 oiread (Aa), 10.6 oiread (Ab)

timpeall ar 4,000 oiread”, a deir an dara himleabhar de Burnham’s Celestial Handbook, gan na comhbhaill a aithint thar a chéile

timpeall ar mhíle solasbhliain

Iota Orionis

Hatysa






















Bóilíd a thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige mhór agus í ag pléascadh san atmaisféar.


Boilsciú a thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar an dóigh a ndeachaigh an Ollchruinne i bhfairsinge go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe (10-36 go 10-32 soicind i ndiaidh na hOllphléisce).


Bóiriam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 107, agus is é Bh an giorrúchán ceimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil ghearrshaolach é an bóiriam a dtagann meath radaighníomhach uirthi go sciobtha, ionas nach furasta mórán a fháil amach faoi airíonna ceimiceacha na dúile. Níl an t-iseatóp is cobhsaí, bóiriam 270, ach nóiméad agus soicind ar leathré. Fuair an dúil a hainm ón Danmhargach Niels Bohr a bhain amach Duais Nobel san fhisic sa bhliain 1922.


Bólaiméadar a thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach, x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a bhuaileas í, agus is ar an téamh seo (nó ar an sruth leictreach is toradh don téamh) a aithnítear fuinneamh na radaíochta.


Tagraíonn na focail bólaiméadracht agus bólaiméadrach do bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál radaíochta in éineacht – le hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann san áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta in éineacht, agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a fhaighimid an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais infheicthe uaithi.


Bolcán a thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a bheith ann taobh istigh d’fhithis Mhearcair. Ba é an réalteolaí Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán, thiar sna 1840idí. Ba é ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán ná go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, garphointe Mhearcair don Ghrian, an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an phláinéid) ag bogadh traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir, de réir na fisice clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus lucht a chomhaimsire go míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht seo. Ba í teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh leis an tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na teoirice.


Bonner Durchmusterung (tabhair faoi deara nach bhfuil an leagan ...Dürchmusterung ceart ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-) nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung agus a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.


Bórón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a cúig, agus is é B an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p1, is é sin, tá trí leictreon ar an dara leictreonsceall. Mar sin, ní féidir leis an mbórón an t-ochtréad iomlán a bhaint amach ar an leictreonsceall is faide amuigh: ní bheadh sé réadúil cúig leictreon a fháil ar iasacht ó dhúile eile. Ina dhiaidh sin féin, is miotalóideach é an bórón.


Tá dhá iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an mbórón, mar atá, 10B agus 11B (bórón a deich agus bórón a haon déag). Go bunúsach, tá an dara ceann acu ceithre oiread chomh coitianta sa dúlra leis an gcéad cheann, ach bíonn an coibhneas seo ag luainiú go mór, agus mar sin is deacair meáchan adamhach an bhóróin a áireamh go cruinn. Tá an meáchan sin socraithe go hoifigiúil ar 10.81. Na raidiseatóip atá ag an mbórón, tiocfaidh meath radaighníomhach orthu go tapa: níl an ceann is fadsaolaí féin acu oiread is aon soicind amháin ar leath. Mar sin, níl teacht orthu sa dúlra ar aon nós.


Tá allatróip éagsúla ag an mbórón: bórón dímhorfach agus cineálacha éagsúla de bhórón chriostalda (dhá chineál de bhórón rombaihéidreach chomh maith le bórón ortarombach agus bórón teitreagánach). Tá na hallatróip go léir timpeall ar 2.3 go 2.5 g/cm3 ar tiús; is é an bórón rombaihéidreach den alpha-chineál an t-allatróp is troime.


Is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an mbórón sna dúile ceimiceacha ná +3. Comhdhúile coitianta de chuid an bhóróin iad an t-aigéad bórach, an ocsaíd bhóróin (an trí-ocsaíd débhóróin), an nítríd bhóróin, agus an bórás.


Is í an fhoirmle atá ag an aigéad bórach ná H3BO3. Tá trí hiodrocsalghrúpa (OH) timpeall ar an adamh bóróin sa mhóilín, agus dá réir sin thig linn an fhoirmle a scríobh mar B(OH)3 chomh maith. Substaint sholadach é an t-airgéad bórach, ach tá sé sothuaslagtha san uisce, agus ar ndóigh, is aigéad sách lag é. Tá sé ar fáil sa dúlra mar mhianra: sasóilít a thugtar ar an aigéad bórach nádúrtha.


Is iomaí sainúsáid a bhaintear as an aigéad bórach sa tionsclaíocht. Maraíonn sé baictéir chomh maith, agus is féidir an fhluairíd hidrigine a thabhairt chun neodrachta leis an aigéad bórach, nó ceapfar na hiain fhluairíde i gcomhdhúile casta san imoibriú.


Maidir leis an ocsaíd bhóróin, substaint dhímhorfach í de ghnáth (is é sin, substaint nach bhfuil struchtúr criostalda ná leáphointe cruinn aici, cosúil leis an ngloine), ach is féidir í a iompú ina criostail leis an modh oibre ar a dtugtar ainéaladh. Úsáidtear an ocsaíd i ndéantús cineálacha áirithe gloine, mar shampla.


Comhdhúil shuimiúil í an nítríd bhóróin. Tá adamh amháin bóróin sa nítríd bhóróin in aghaidh gach adamh nítrigíne, agus mar sin is í an fhoirmle cheimiceach atá aici ná BN. Is eol do chách, beagnach, go bhfuil dhá allatróp ag an gcarbón: an diamant agus an ghraifít. Thairis sin tá allatróp is annaimhe ná iad siúd ann, cosúil leis an lonsdaeilít, nó an ”diamant heicseagánach”. Anois, tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil cúig leictreon ar an leictreonsceall is fada amuigh ag an nítrigín, agus trí leictreon ag an mbórón – agus ceithre cinn ag an gcarbón. Mar sin, má tá na hadaimh bóróin agus charbóin scaipthe go cothrom ar fud an chriostail, is ionann a struchtúr agus struchtúr an charbóin – d’fhéadfá a rá go bhfuil siad ag déanamh aithrise ar an gcarbón. Dá réir sin, tá fáil ar fhoirmeacha éagsúla den nítríd bhóróin: ceann a bhfuil struchtúr criostalda an diamaint aige, ceann a bhfuil struchtúr criostalda na graifíte aige, agus ceann a bhfuil struchtúr criostalda na lonsdaeilíte aige.


An bórás arís, is éard atá ann ná teitreabóráit déshóidiam. Bóráití a thugtar ar shalainn an aigéid bhóraigh, ach má pholaiméirítear ceithre mhóilín den aigéad seo, gheofar aigéad teitreabórach nó aigéad pireabórach H2B4O7. Is é an bórás salann sóidiam an aigéid seo, Na2B4O7. De ghnáth bíonn deich móilín uisce i struchtúr criostalda an bhóráis in aon aonad foirmle amháin, agus mar sin, is féidir deiceahiodráit na teitreabóráite (pireabóráite) sóidiam a thabhairt ar an mbórás. Tá an bórás ar fáil go nádúrtha sa dúlra agus is iomaí úsáid a bhaintear as. Amhábhar is ea an bórás do na comhdhúile bóróin a bhíos ag teastáil sa tionsclaíocht.


Grúpa suimiúil comhdhúl iad na bóráin, is é sin, hidrídí an bhóróin, comhdhúile an bhóróin agus na hidrigine. Shílfeá nach mbeadh ach aon chomhdhúil amháin den chineál seo ann, is é sin an tríhidríd bhóróin nó BH3. Ní mar a shíltear a bhítear áfach, nó tá an bórán simplí seo éagobhsaí, agus is dual dó démhéiriú, is é sin rachaidh dhá mhóilín tríhidríde le chéile le séhidríd débhóróin B2H6 a dhéanamh. De réir na tuisceana traidisiúnta ar na naisc cheimiceacha idir na hadaimh, ní raibh an bórón in ann ach trí nasc a cheangal, agus ní raibh ach aon nasc amháin ag an hidrigin. Mar sin, fuair na ceimiceoirí an-deacair struchtúr na séhidríde sin a mhíniú, agus b’éigean dóibh teoiricí nua a cheapadh dá réir. Tá a lán hidrídí bóróin eile ann a bhfuil struchtúr neamhghnách acu ó thaobh na nasc de.


Tá na bóráin araiciseach chun imoibriúcháin, agus nimh iontu don duine dá réir. Tráth den tsaol bhí suim ag na hinnealtóirí aer- agus spástaistil iontu mar bhreosla, ach ní dhearnadh forbairt cheart ar na scéimeanna sin riamh.



No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...