Alúmanam a thugtar ar dhúil uimhir a trí déag i dtábla peiriadach na ndúl. Al an tsiombail cheimiceach, agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p1. Mar sin, tá trí leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus is dual don alúmanam an trí cinn sin a thabhairt ar iasacht uaidh. Mar sin, is é +3 an staid ocsaídiúcháin is dual don dúil seo, agus ní féidir +1 ná +2 a aithint ag an alúmanam ach amháin i gcomhdhúile díomuana. Tá an t-alúmanam 26.981 aonad ar mheáchan adamhach, agus ní díol iontais é mar sin gurb é alúmanam a 27, nó 27Al, an t-aon iseatóp nádúrtha amháin atá aige. Tá an raidiseatóp is cobhsaí, 26Al, seacht gcéad míle bliain ar leathré, agus is féidir iarsmaí de a aithint sa ghás idir-réaltach, ach más féidir féin, tá sé sábháilte a rá nach bhfuil a dhath fágtha de i ndúlra an Domhain. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ann, ní mór iad a tháirgeadh sa tsaotharlann, agus ní bhíonn siad fadsaolach ar aon nós – bíonn siad cúpla nóiméad nó cúpla soicind ar leathré, nó níos éagobhsaí fós.
Miotal éadrom é an t-alúmanam. Seoltóir maith teasa agus leictreachais atá ann, agus níl nimh ná dochar ann don orgánach dhaonna. Táthar buartha faoin mbaint atá ag an alúmanam le galar Alzheimer, ach níl na saineolaithe ar aon fhocal faoin mbaint sin. Ocsaídítear an t-alúmanam go héasca, agus mar sin bíonn brat ocsaíde ar an miotal a fhágas liath é – ar an dath sin is fusa a aithnítear an t-alúmanam. Tá an ocsaíd alúmanaim, Al2O3, an-chrua, an-láidir mar shubstaint, agus díonann an brat sin an miotal ar thuilleadh ocsaídiú. Deirtear go n-éighníomhaíonn an brat ocsaíde an miotal.
Cé go bhfuil an t-alúmanam ar ceann de na dúile is coitianta i screamh an domhain, agus aithne ag na daoine ar mhianraí éagsúla alúmanaim (alúm, mar shampla) ó thús na staire, níor éirigh leis an gcine daonna alúmanam a aonrú mar dhúil ach sa naoú haois déag. Ba é an Danmhargach Hans Christian Ørsted a rinne an t-éacht. Ar feadh i bhfad, áfach, ní raibh sé furasta an miotal a tháirgeadh, agus bhíodh sé ní ba dhaoire ná an t-ór féin.
Ba iad an Meiriceánach Charles Martin Hall agus an Francach Paul Héroult a tháinig ar an modh oibre le halúmanam a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, i ndeireadh na naoú haoise déag. Is éard atá i gceist le próiseas Hall-Héroult – mar a thugtar air – ná leictrealú na hocsaíde alúmanaim go hocsaigin agus alúmanam. Níl sé praiticiúil an ocsaíd a leá lena leictrealú, áfach, toisc go dteastaíonn teocht breis is dhá mhíle céim Celsius chuige sin. Ba é an rud a rith le Hall agus Héroult, beag beann ar a chéile, ná an ocsaíd a thuaslagadh i gcrióilit leáite. Mianra alúmanaim í an chrióilit féin – is éard atá inti ná fluairíd potaisiam agus alúmanaim (an heicseafluaralúmanáit tríphotaisiam, K3AlF6), agus í i bhfad níos soleáite ná an ocsaíd alúmanaim.
An leagan den ocsaíd alúmanaim a úsáidtear le haghaidh táirgíochta is é an bháicsít é. Ocsaíd alúmanaim neamhghlan atá sa bháicsít. Tugtar corandam ar na glanchriostail ocsaíde alúmanaim, agus úsáidtear sa tseodóireacht iad. Níl dath ar bith sa ghlanchorandam, ach fágann truailleáin dathanna éagsúla ann. Tugtar rúibín ar an gcorandam dearg, agus is é an cróimiam is cúis leis an dath. Tagraíonn an focal saifír do na cineálacha daite eile den chorandam, go háirithe don chorandam ghorm.
Tá a lán mianraí alúmanaim eile sa dúlra chomh maith – na hiathchlocha, mar shampla, ar sileacáití alúmanaim iad. As an mbáicsít a bhaintear an chuid is mó den alúmanam, áfach.
Níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar chomh húsáideach is atá an t-alúmanam, ós miotal éadrom é agus an-teacht aniar ann. Go coitianta, measctar miotail eile tríd lena dhéanamh níos oiriúnaí d’úsáid ar leith. Baintear leas as an nglanalúmanam freisin, áfach – sa leictreonaic, ar a laghad. Go bunúsach, is é an glanalúmanam atá de dhíth más í an díontacht ar an gcreimeadh (ar an ocsaídiú) is mó atá ag teastáil, ach más í an chruacht agus an díontacht ar bhuaillí nó ar bhrú meicniúil atá de dhíth, is é an cómhiotal – an miotal measctha – a roghnaítear.
Amalthea (Amailtia an leagan Gaelaithe a bhí ag Matt Hussey sa leabhar úd Fréamh an Eolais) a thugtar ar shatailít bheag de chuid Iúpatair; Iúpatar a Cúig an t-ainm córasach. Ba é an Meiriceánach Edward Emerson Barnard a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1892 – an fear céanna a bhfuair Réalta Barnard a hainm uaidh. Tá sí ag timpeallú Iúpatair níos gaire ná gealacha aithnidiúla Galileo, agus í níos lú ná iad: tá déanamh neamhrialta uirthi, is é sin, níl sí ar déanamh liathróide. Shuigh an scríbhneoir ficsin eolaíochta Arthur C. Clarke a ghearrscéal Jupiter Five ar Amalthea, mar is léir ón teideal.
Amharcmhéid an téarma a thagraíos do mhéid na réalta mar a fheictear dúinn í, is é sin, de réir ghile a cuid solais.
Am Iarthar na hEorpa: an t-am a gcloítear leis in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Ríocht Aontaithe. Is ionann é go bunúsach agus an tAm Uilíoch, is é sin, Meán-Am Greenwich, ach amháin go n-aistrítear na cloig uair amháin ar aghaidh le teacht an Earraigh (am coigilte sholas an lae, is é sin, an t-am samhraidh) agus ar ais le teacht an Fhómhair.
Am Lár na hEorpa: an t-am a gcloítear leis sa chuid is mó den Eoraip. Tá sé ag dul uair amháin chun tosaigh ar Am Iarthar na hEorpa.
Amóinia a thugtar ar hidríd shimplí dhénártha na nítrigine, NH3. Tá an amóinia ina gás le teocht an tseomra, nó is é an fiuchphointe atá aici ná -33°C. Chomh haraiciseach is atá sí chun imoibriúcháin is gás nimhe í a dhéanas dochar do chomhdhúile bithcheimiceacha an orgánaigh dhaonna, ach is furasta an dainséar a aithint ar dhrochbholadh an gháis. Oibríonn sí ar na scamhóga ar nós na ngás tachtach eile, is é sin tarraingíonn sí éidéime na scamhóg ar an othar – líontar na scamhóga le huisce a thachtas é.
Tá an amóinia sothuaslagtha san uisce, agus í ag imoibriú mar bhun scothláidir leis na haigéid sa tuaslagán. Mar is dual don bhun de réir theoiric Brønsted agus Lowry, glacann an amóinia le hian hidrigine ón aigéad, ionas go gcruthaítear ian deimhneach amóiniam, NH4+. Ansin is féidir leis an ian seo dul i gcomhdhúil le hiain diúltacha – salainn amóiniam, mar a thugtar ar na comhdhúile seo. Samplaí de shalainn den chineál sin iad an chlóiríd amóiniam NH4Cl agus an charbónáit amóiniam (NH4)2CO3 (an salann fia-adhairce).
Maidir le hamóinia san ollchruinne, tá eolaithe áirithe barúlach go bhféadfadh an amóinia gnó an uisce a dhéanamh do bhithsféar ar phláinéad eile agus do chóras bithcheimiceach de chineál eile. Tá fadhbanna ag baint leis an hipitéis seo, áfach. Thar aon rud ba chóir don phláinéad sin bheith ní b’fhuaire ná an Domhan, ionas go bhfanfadh an amóinia ina leacht, agus ba chóir nach mbeadh ocsaigin le fáil in atmaisféar an phláinéid, toisc gur substaint sho-adhainte, sho-dhóite í an ghlanamóinia.
An tAm Uilíoch: is ionann é agus Meán-Am Greenwich, a bheag nó a mhór. Is í an difríocht is mó idir an dá rud ná go bhfuil an tAm Uilíoch níos cruinne ná rothlú an Domhain féin, toisc go bhfuil sé bunaithe ar chloig adamhacha. Le fírinne is gnách an tAm Uilíoch a cheartú le soicindí bisigh ó am go ham le féachaint chuige nach rachaidh an dá am sin ó chéile. Cloíonn an Íoslainn leis an Am Uilíoch ó thús go deireadh na bliana, is é sin, níl am samhraidh ar leith (is é sin, am coigilte sholas an lae) acu.
Anaileime – Má thógtar grianghraf san áit chéanna, sa treo céanna, an t-am céanna den lá, uair amháin in aghaidh an lae i rith na bliana, agus áit na Gréine ar na grianghraif seo á cur i gcomparáid, aithneofar go bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht ar chonair a chuirfeadh cruth uimhir a hocht i gcuimhne duit. Is é an t-ocht sin an anaileime.
Anailís speictreach a thugtar ar na modhanna oibre a bhíos ag na réalteolaithe le hairíonna na réalta a aithint ar a speictream. Ó tá a cuid línte speictreacha ag gach dúil cheimiceach, is féidir a fheiceáil ar an speictream cé hiad na dúile atá ar fáil i réalta áirithe. Thairis sin, thig linn a aithint an bhfuil an réalta ag éalú uainn nó ag druidim linn. An réalta atá ag éalú uainn, is dealraitheach dúinn go bhfuil na línte speictreacha go léir aistrithe i dtreo na deirge (deargaistriú), agus an réalta atá ag druidim linn, feicimid go bhfuil na línte speictreacha aistrithe i dtreo na goirme (gormaistriú). Is í iarmhairt Doppler is cúis leis an dá aistriú seo.
Andraiméide is ainm don dá rud seo: Réaltra Andraiméide agus Réaltbhuíon Andraimeide.
Réaltra Andraiméide, nó M31, nó NCG 224, atá ar an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, is é sin, i gcomharsanacht Bhealach na Bó Finne. Réaltra bíseach é. Tá sé suite dhá mhilliún go leith de sholasbhlianta ónár réaltra féin, agus é tuairim is dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Heber Curtis (1872-1942) a d’aithin roimh aon duine gur réaltra ar leith a bhí ann, seachas réaltnéal taobh istigh dár réaltra féin.
Réaltbhuíon Andraiméide – is é Andromeda an leagan Laidine a úsáidtear sa Bhéarla chomh maith. Tá an réaltnéal le feiceáil sa réaltbhuíon áirithe seo. Tá Andraiméide suite idir Peirseas, Caiseoipé, an Laghairt, Peigeasas, na hÉisc, agus an Triantán. Réaltaí aithnidiúla sa bhuíon seo iad Alpheratz agus Almach. Bíonn dreigechith na nAndraiméidídí (nó na mBílídí) le feiceáil sa réaltbhuíon i Mí na Samhna.
Angstram an leagan Gaeilge de shloinne an fhisiceora Shualannaigh Anders Jonas Ångström (1814-1874) – nó den aonad faid a fuair a ainm ón bhfear seo. Is ionann deich n-angstram agus aon nanaiméadar amháin. Ar an solas agus ar an speictream ba mhó a dhírigh Ångström ina chuid taighde, agus dá réir sin is gnách tonnfhaid na gcineálacha éagsúla radaíochta a thomhas in angstraim. Ba é Ångström a mhapáil roimh aon duine eile na tonnfhaid a fhreagraíos do dhathanna éagsúla an tsolais infheicthe.
Anóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach deimhneach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu – ainiain a thugtar orthu siúd.
Antamón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 51, agus is é Sb an tsiombail cheimiceach (tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm an antamóin, stibiam). Miotalóideach é an t-antamón, agus allatróip éagsúla aige: is é an t-allatróp miotalach an ceann is cobhsaí acu. Tá an t-antamón 121.76 aonad ar mheáchan adamhach, rud a thugas le tuiscint gurb é antamón a 122 (antamón céad a dó is fiche) an t-iseatóp is coitianta, ach ní mar sin atá: le fírinne is iad antamón a 121 (antamón céad a haon is fiche) agus antamón a 123 (antamón céad a trí is fiche) an dá iseatóp cobhsaí, agus is iseatóp radaighníomhach é antamón a 122 (antamón céad a dó is fiche) a dtagann béite-mheath air.
Is iad +3 (na comhdhúile antamónúla) agus +5 (na comhdhúile antamónacha) na staideanna ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an antamón ina chuid comhdhúl. Is é an tsuilfíd antamónúil, Sb2S3, nó an stibnít, an mhian is tábhachtaí. Cól (nó kohl) a thugtar ar an tsuilfíd chéanna nuair a úsáidtear mar smideadh í.
Úsáidtear seisce-ocsaíd an antamóin (trí-ocsaíd dé-antamóin, trí-ocsaíd antamóin, ocsaíd antamónúil Sb2O3) mar lasairdhíonadh. Maidir leis an dúil féin, úsáidtear i gcóimhiotalú í – is é sin measctar trí mhiotail éagsúla é le hiad a dhéanamh níos crua nó níos láidire.
Antares nó Alpha Scorpii atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathach dearg atá ann agus é breis is leathchéad míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s’againn. Is é is ciall don ainm úd Antares ná ”frith-Mhars” (is é Ares ainm na nGréagach ar dhia an chogaidh, Mars ag na Rómhánaigh), rud a thugas le fios go bhfuil Antares cosúil le Mars chomh dearg is atá sé. Dá gcuirfí Antares in áit na Gréine, bheadh fithis Mharsa féin fágtha taobh istigh den réalta. Tá leathbhádóir beag aige, mar atá, Antares B – más féidir a rá go bhfuil sé beag, nó tá sé féin i bhfad níos mó ná an Ghrian. Réalta ghorm nó bhánghorm é Antares B, agus mar sin tá sé i bhfad níos teo ná an phríomhréalta. Tá Antares suite cúig chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus glactar leis go bhfuil i ndán dó pléasc ollnóva a dhéanamh. Réalta athraitheach atá ann.
Tá Antares le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag siombalú stát Piauí in oirthuaisceart na tíre.
An tAoire nó Boötes atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Coróin an Tuaiscirt, Earcail, an Dragan, an Béar Mór, na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Mhaighdean, agus Ceann na Péiste. Arcturus atá ar an réalta is gile sa réaltbhuíon áirithe seo.
Aois na cruinne, aois na hollchruinne: is ionann aois na cruinne agus an t-am a d’imigh ón Ollphléasc. Creidtear faoi láthair go bhfuil an ollchruinne tuairim is 13.8 billiún bliain d’aois.
I dtús na fichiú haoise bhí cuid mhór de na fisiceoirí barúlach gur rud éigríochta neamhathraitheach a bhí san ollchruinne. Ba í an teirmidinimic a thug an chéad leid nárbh amhlaidh i ndiaidh an iomláin. Is é dara prionsabal na teirmidinimice ná gur dual d’eantrópacht na cruinne dul i méadaíocht i ngach próiseas nádúrtha, is é sin, dá mbeadh an chruinne ann riamh, gan tús gan deireadh, bheadh sí tar éis uasmhéid na heantrópachta a shroicheadh cheana féin, nó mar a deirtear freisin, bheadh an chruinne tar éis teasbhás a fháil – bheadh an fuinneamh go léir scaipthe go cothrom ar fud na cruinne, agus gach cearn den chruinne ar aon teocht le chéile. Mar sin, tuigeadh go bhfuil aois theoranta ag an gcruinne, agus go bhfuil an chruinne ag athrú – go bhfuil a stair féin aici.
Aomadh nó aomachán a thugtar ar fhórsa atá ag tarraingt cáithníní, reanna neimhe nó réadanna eile – imtharraingt, aomadh maighnéadach nó pé cineál eile. (Focal é ”aomadh” ar tháinig an Duinníneach air i nGaeilge Oirthear Uladh, agus mar sin, níl leithscéal ná siocair ag bunadh an Tuaiscirt gan úsáid a bhaint as.) Is féidir a rá go n-aomann an Domhan sinn go léir, toisc go bhfuil imtharraingt (domhantarraingt) ag an Domhan. Cosúil leis sin, aomann an lucht leictreach deimhneach agus an lucht leictreach diúltach a chéile. Aomann pol thuaidh agus pol theas an mhaighnéid a chéile freisin.
Aonad réalteolaíoch a thugtar ar mheánfhad an Domhain ón nGrian. Inniu, tá luach an aonaid réalteolaíoch socraithe go hoifigiúil ar 149,597,870.7 ciliméadar (céad agus naoi milliún déag is ceithre scór, cúig chéad agus seacht míle déag is ceithre scór, ocht gcéad agus deich gciliméadar is trí scór, agus seacht gcéad méadar) – is é sin, cé go mbítear ag mioncheartú an mheánfhaid de réir na mbreathnuithe is úire, ní athraítear sainmhíniú an aonaid réalteolaíoch dá réir a thuilleadh.
An tAonbheannach nó Monoceros atá ar an réaltbhuíon idir an Cúpla, an Madra Beag, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, an Madra Mór, an Giorria, agus an Bodach. Ritheann an meánchiorcal neamhaí tríd an Aonbheannach. Níl an tAonbheannach ró-chuidsúlach ó thaobh na réaltaí de, ach tá roinnt réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil sa réaltbhuíon seo, ar nós Réaltnéal an Róiséid, Réaltbhraisle Chrann na Nollag, Réaltnéal na Coirceoige, agus Réaltnéal Athraitheach Hubble.
An tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta a thugaimid ar eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe proifisiúnta. Bunaíodh sa bhliain 1919 é, agus is i bPáras atá ceanncheathrú an Aontais. Is é an tAontas, nó foireann ar leith taobh istigh den Aontas, a shocraíos na hainmneacha réalteolaíocha a bhaistear ar reanna neimhe agus ar réadanna spéire, nó a bhronnas stádas oifigiúil ar leagan áirithe de sheanainm.
Apafócas: malairt ainm ar an gcianphointe (apalár).
Apaigí an téarma a thagraíos do chianphointe na satailíte (na Gealaí, cuir i gcás) ar a fithis timpeall an Domhain.
Apaihéilean (nó aiféilean) a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an chóiméid nó an astaróidigh ar a fhithis timpeall na Gréine.
Apairéaltracan is ea cianphointe na Gréine ar a fithis timpeall lárphointe Bhealach na Bó Finne.
Apalár a thugtar ar chianphointe na rinne neimhe ar a fithis – is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach (ón rinn neimhe eile a bhfuil sí ag dul ina timpeall). Samplaí den apalár iad an t-apaigí, an t-apaihéilean, an t-apastrón agus an t-apairéaltracan.
Apalló an t-ainm Gaeilge ar astaróideach uimhir a 1862. Tá grúpa iomlán d’astaróidigh ainmnithe as Apalló: trasnaíonn siad fithis an Domhain ar a gcamchuairt timpeall na Gréine, agus dainséar i gcuid mhaith acu (Apalló féin san áireamh) don Domhan, mar is eagal leis na réalteolaithe.
Apastrón a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an astaróidigh nó an chóiméid ar a fhithis timpeall na réalta.
An tAra nó Auriga atá ar an réaltbhuíon idir an Lincse, an Cúpla agus Peirséas.
Is í Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, agus í ar na réaltaí is lonrúla amuigh. Le fírinne is córas ceithre réalta í, agus an dá cheann is gile acu is fathachréaltaí buí iad.
Déréalta uraitheach í an dara réalta is gile san Ara, mar atá, Menkalinan; réalta athraitheach ar déanamh Algol í.
Díol suime í Almaaz (Epsilon Aurigae) freisin mar ilréalta athraitheach. Tá roinnt réaltbhraislí oscailte san Ara fosta agus iad ina n-ábhar spéise ag na réalteolaithe amaitéaracha.
Tabhair faoi deara fosta gurb é Ara ainm Laidine na hAltóra freisin. Ainmneacha Laidine cosúil le Alpha Arae, Beta Arae agus araile, níl siad ag tagairt do réaltaí an Ara, ach don Altóir. Auriga an t-ainm Laidine ar an Ara.
Arcturus nó Alpha Boötis atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Aoire. Fathachréalta fhlannbhuí den aicme speictreach K é, agus é ar aon mhais leis an nGrian s’againn, cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná í – cúig oiread is fiche ar trastomhas – agus i bhfad bhfad níos lonrúla, is é sin, céad is seachtó oiread. Mar sin, cé gur fathachréalta é anois, is dócha go raibh sé ina réalta phríomhsheichimh tráth den tsaol. Tá Arcturus ar réaltaí geala na spéire, agus ba é an chéad réalta riamh ar a ndearnadh breathnuithe teileascóip de lá.
Argóint an pheirihéilin a thugtar ar an uillinn idir an nód éiritheach agus an peirihéilean.
Argón a thugtar ar dhúil uimhir a hocht déag, agus is é Ar an tsiombail cheimiceach. Is triathghás é, is é sin, tá ochtréad iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige – ocht leictreon ar fad. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p6. Struchtúr an-chobhsaí é an t-ochtréad nach gceadaíonn don argón dul i gcomhdhúile le dúile ceimiceacha eile ach ar éigean. Le comhdhúile argóin a chruthú tá imthoscaí neamhghnácha agus ocsaídeoirí láidire (fluairín ach go háirithe) ag teastáil, agus ní bhíonn na comhdhúile argóin fadsaolach ná úsáideach – sórt éachtóireachta é ag na ceimiceoirí argón a nascadh de dhúile eile. Scéal eile é go bhfuil na réalteolaithe tar éis sonrú a chur i gcomhdhúile argóin sa spáis: d’aithin siad iain argóiniam ArH+ ar speictream an ábhair idir-réaltaigh thart ar Réaltnéal an Phortáin.
Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 36Ar, 38Ar, agus 40Ar. Is é 40Ar an ceann is coitianta, mar is léir ó mheáchan adamhach an argóin, 39.948. Is é is cúis leis seo go bhfuil iseatóp radaighníomhach ag an bpotaisiam, 40K, atá cuíosach coitianta sa dúlra, agus nuair a thiocfas béite-mheath ar adamh den chineál seo, is é an t-argón úd 40Ar a gheofar mar thoradh.
Is é an t-argón an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain, agus dá réir sin ba é an chéad triathghás a d’aithin na heolaithe. Ba iad John William Strutt (Tiarna Rayleigh) agus William Ramsay a d’aonraigh an chéad eiseamal argóin sa bhliain 1894, éacht a thabhaigh Duais Nobel dóibh. Nuair a bhítear ag dealú nítrigine ón aer go crióigineach (is é sin, nuair a bhítear ag reo an aeir leis na gáis éagsúla a aonrú de réir a bhfiuchphointe), faightear argón mar sheachthoradh nádúrtha. Mar sin bíonn argón ar fáil réasúnta saor (i bhfarradh is na triathgháis eile ar a laghad, nó níl siad leath chomh flúirseach céanna san atmaisféar), agus leas á bhaint as nuair a bhíos gás támh ag teastáil. Astaíonn an t-argón solas corcra nuair a leictrítear é, agus mar sin is féidir é a úsáid i soilse daite cosúil leis an neon.
Ariel atá ar an gceathrú satailít is mó atá ag Úránas. Ba é an réalteolaí Sasanach William Lassell a chuir an chéad sonrú in Ariel thiar sa naoú haois déag. Satailít sféarúil é – is é sin tá sé ar dhéanamh liathróide, a bheag nó a mhór – agus is é an tsatailít is lú den chineál seo sa Ghrianchóras. Tá fithis Ariel suite beagnach in aon leibhéal le meánchiorcal Úránais. Creidtear go bhfuil Ariel comhdhéanta as oighear agus as cloch araon: is dócha go bhfuil croí cloiche ann agus maintlín oighir ina thimpeall. Níl ach cuid de dhromchla Ariel léarscáilithe, ach is féidir a rá go bhfuil sé breac ar fad le cainneoin agus le cráitéir.
Aristarchus atá ar an gcráitéar is mó ailbéideacht ar an taobh den Ghealach atá iompaithe linn. Chomh geal is atá sé i gcomparáid leis an timpeallacht is féidir é a aithint le súile do chinn féin faoi imthoscaí fabhracha. Tá sé suite in Ardchlár Aristarchus, in Aigéan na Stoirmeacha, agus é daichead ciliméadar ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Riccioli a d’ainmnigh sa bhliain 1651 é as an réalteolaí Aristarchus ó Samos a mhair sna blianta 310-230 roimh Chríost. Ceannródaí héilealárnachais a bhí ann mar Aristarchus – is é sin bhí sé ar na heolaithe is moiche a thuig gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais.
Arsanaic a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 33. As an tsiombail cheimiceach sna foirmlí. Tá sí in aon ghrúpa leis an nítrigin agus leis an bhfosfar i dtábla peiriadach na ndúl, agus cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aici. Miotalóideach í an arsanaic, is é sin tá sí idir eatarthu idir na miotail agus na dúile neamh-mhiotalacha ar a lán dóigheanna. Tá allatróip éagsúla ag an arsanaic, cosúil leis an bhfosfar – is é sin, an arsanaic liath mhiotalach, an arsanaic bhuí, agus an arsanaic dhubh. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aici, agus is é an t-aon iseatóp arsanaice atá le fáil sa dúlra.
Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +5, mar is léir ón dá ocsaíd, mar atá, an trí-ocsaíd dé-arsanaice As2O3 (”an arsanaic bhán”) agus an peantocsaid dé-arsanaice As2O5. Comhdhúile nádúrtha arsanaice iad an tríshuilfíd dé-arsanaice As2S3 (an óirpimint) agus an teitreashuilfíd teatrarsanaice As4S4 (an rialgar). Tá dath dearg sa rialgar, agus dath órbhuí san óirpimint, agus mar sin d’úsáidtí sa dathadóireacht iad ar feadh i bhfad, go dtí gur chuir ábhair dhatha eile – cinn nach bhfuil arsanaic iontu – an ruaig orthu.
Nimh í an arsanaic, an dúil féin chomh maith leis na comhdhúile. Go bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná go bhfuil sí chomh cosúil leis an bhfosfar is gur féidir léi dul in áit an fhosfair i mbeothach an duine, ach san am chéanna chomh difriúil is nach féidir léi gnó an fhosfair a dhéanamh sna próisis bhithcheimeacha. Thar aon rud eile cuireann sí táirgíocht na trífhosfáite adanaisín ó mhaith. Is éard atá i gceist leis an trífhosfáit adanaisín ná comhdhúil a iompraíos fuinneamh sa cholainn – cineál ”airgeadra fuinnimh” sna teagmhálacha idir na cealla – agus mar is léir ón ainm tá trí adamh fosfair de dhíth le móilín trífhosfáite adanaisín a chur i dtoll le chéile.
Cé gur nimh atá san arsanaic don duine, tá eisibhitheolaithe áirithe – is é sin daoine acu siúd atá ag tuairimíocht faoin mbeatha eachtardhomhanda – barúlach go bhféadfadh foirmeacha eachtardhomhanda beatha leas a bhaint as an arsanaic ina mbithcheimic, ionas nach nimh a bheadh inti ach riandúil riachtanach. Is é an fhianaise atá acu ná go bhfuil baictéir agus fungais ar an Domhan s’againn féin atá ábalta arsanaic a sheasamh, agus sa bhliain 2010 chuaigh alt eolaíochtúil i bprionta ag tabhairt le fios go bhféadfadh baictéar áirithe úsáid a bhaint as an arsanaic ina mheitibileacht in áit an fhosfair. Bhí an chuid ba mhó de na bitheolaithe barúlach, áfach, nach raibh sa méid sin ach áibhéil – go ndeachaigh na húdair thar fóir ina gcuid tátal – agus an taighde a rinneadh ar an mbaictéar ina dhiaidh sin chruthaigh sé go raibh an ceart ag lucht lochtaithe an ailt: cé go raibh an baictéar ábalta cur suas le saibhreas arsanaice sa timpeallacht, bhí sé i dtuilleamaí an fhosfair i gcónaí cosúil leis na neachanna beo eile ar an bpláinéad seo.
Sna scéalta bleachtaireachta is minic a mharaítear daoine le harsanaic, ach déanta na fírinne ní bheadh sé praiticiúil ag aon dúnmharfóir arsanaic a úsáid ar na saolta seo, ós dúil cheimiceach ar leith í agus í so-aitheanta ag na saineolaithe.
Fadhb thromchúiseach é an truailliú arsanaice sa screamhuisce. Truailliú nádúrtha ón úir é go coitianta, is é sin, ní hí tionsclaíocht an duine is cúis leis. Tá an truailliú seo as pabhar dona in Iarthar na Stát Aontaithe, sa Bhanglaidéis, san Airgintín agus sa Mhongóil, mar shampla.
Asamat an uillinn a thugas treoshuíomh na réalta ar an gcompás. Céim stua (céim uillinne) an t-aonad a úsáidtear leis an asamat a thomhas, agus is é an tuaisceart an nialas.
Astaireacht nó réaltlach a thugtar ar ghrúpa suntasach réaltaí a gcoinnítear cuimhne ar leith air cé nach réaltbhuíon é. Astaireachtaí aithnidiúla iad an Camchéachta (Merak, Dubhe, Phecda/Phad, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus Alkaid), Triantán an tSamhraidh (Altair, Deneb, agus Vega), Triantán an Gheimhridh (Betelgeuse, Sirius, agus Procyon), an Muileata Mór (Croí Shéarlais, Spica, Denebola, agus Arcturus), Heicseagán an Gheimhridh (Pollux, Procyon, Capella, Aldebaran, Sirius, agus Rigel), agus Slat an Bhodaigh nó Crios Oiríon (Alnitak, Mintaka, agus Alnilam).
Is féidir a rá gur astaireacht agus réaltbhuíon araon í Cros an Deiscirt, nó fuair an réaltbhuíon a hainm ó astaireacht na gceithre réaltaí is gile inti.
Astaitín a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 85. At an tsiombail cheimiceach. Mar is léir ó ainm na dúile, a chiallaíos ”éagobhsaí”, is dúil an-radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh sciobtha is nach féidir mórán a fháil amach faoina hairíonna ceimiceacha – tá an t-astaitín suite faoin iaidín i dtábla peiriadach na ndúl, rud a thugas le fios gur dócha go bhfuil sé cosúil leis an iaidín. Is í an chumraíocht leictreonach atá aici ná 1s22s22p63s23p63d104s24p64d105s25p64f145d106s26p5. Mar sin, tá seacht leictreon (dhá s-leictreon agus cúig p-leictreon) ar an sceall is faide amuigh, mar is dual do na halaiginí go léir. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an astaitín ná astaitín a 210 (nó 210At), atá tuairim is ocht n-uaire ar leathré. Is idirchéim nádúrtha é an t-astaitín i meathshlabhra radaighníomhach an úráiniam, ach is dócha nach bhfuil ach cúpla dosaen gram de ar fáil i screamh an Domhain ar fad – an-chorr-adamh anseo agus ansiúd go bunúsach.
Astaróidigh (uatha: astaróideach) a thugtar ar reanna neimhe atá ag fithisiú na Gréine, agus iad níos lú ná na pláinéid. Ní astaróidigh iad na cóiméid, áfach. Sa chiall is cúinge, is astaróidigh iad na cinn atá suite idir Mars agus Iúpatar, san áit a bhfuil crios na n-astaróideach, ach tá grúpaí eile astaróideach ann, cosúil leis na Traígh agus na Gréagaigh (na hastaróidigh a leanas Iúpatar nó a ghabhas roimhe), nó na hastaróidigh neas-Domhain (na cinn a thagas i gcóngar dár bpláinéad féin).
Athshondas a thugtar (i gcoimhthéacs na réalteolaíochta) ar an tionchar tráthrialta a imríos reanna neimhe ar a chéile lena n-imtharraingt, go háirithe más é is toradh don idirghníomhú seo ná go bhfuil a dtréimhsí imrothluithe i gcoibhneas simplí a chéile. Sampla den athshondas é go gcríochnaíonn Neiptiún trí imrothlú timpeall na Gréine san am chéanna a thógas sé ar Phlútón dhá imrothlú a chur de.
Taobh amuigh den réalteolaíocht, tugann lucht na fisice athshondas ar an dóigh a bhfuil dhá thonnchrith ag dul i bhfeidhm ar a chéile, agus tonnchrith nua á chruthú mar chomhthoradh.
Aurora borealis agus aurora australis a thugtar ar na gealáin a fheictear timpeall an dá phol agus an ghrianghaoth ag bualadh faoi mhaighnéadsféar an Domhain. Is cuid súl iad na gealáin seo go minic, agus iad ag cur na n-ildathanna díobh. Seasann aurora borealis do na gealáin a bhíos le feiceáil timpeall an phoil thuaidh – an chaor aduaidh – agus is ionann aurora australis agus an chaor aneas. Bíonn gealáin chosúla le feiceáil ar na pláinéid eile freisin. Saighneáin a thugtar ar na gealáin freisin.
Bairiam a thugtar ar dhúil cheimiceach a 56. Ba an tsiombail cheimiceach. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é an bairiam, cosúil leis an maignéisiam, an cailciam, agus an strointiam: tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh aige, agus ochtréad ar an dara ceann, agus mar sin is dual dó an dá leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaidh, ionas go gcruthófar ian bairiam Ba2+. Is í an t-aon staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an mbairiam ina chuid comhdhúl ná +2. Miotal airgeadgheal é an bairiam, ach nuair a oibreos an t-aer air, ní bheidh an loinnir sin i bhfad ag imeacht: chomh haraiciseach is atá an bairiam chun imoibriúcháin, is dual dó dul i gcomhdhúil le hocsaigin an aeir agus brat liath ocsaíde a tharraingt. Is féidir an bairiam a aithint ar an dath uaine a chuireas sé leis an tine, agus úsáidtear comhdhúile bairiam sna roicéid tine ealaíne ar an gcúis seo. Nimh é an bairiam, nó oibríonn na hiain bhairiam ar na néaróga.
An Balla Díreach a thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes Recta an t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.
An Balla Mór – Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:
Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.
Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.
Bá na mBoghanna Báistí nó Sinus Iridum a thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an nGealach.
Bandaí cianaigine: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus nítrigine í an chianaigin, C2N2. Is iad an dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar na bandaí cianaigine is tábhachtaí. Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le bandaí cianaigine.
Bandaí ocsaíde tíotáiniam: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme) is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.
Bandaspeictream a thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de línte speictreacha.
Banda stoidiacach an banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir gheal ann.
An Bhanlámh – ceann de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.
No comments:
Post a Comment