Monday, July 6, 2020

Ciclipéid na Réalteolaíochta arís: A-an Altóir

Abhac abhacréalta a thugtar ar réalta nach fathach d’aon chineál í. Mar sin is abhaic iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s’againn, mar shampla.


Rud eile é abhac bán, nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go bunúsach cé go mbíonn an t-abhac bán tipiciúil ar aon mhéid leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais leis an nGrian. Tá na réaltaí den chineál sin bán toisc go bhfuil siad te. Níl an teas seo ag teacht as aon imoibriú núicléach, áfach – níl ann ach iarsmaí teasa ó na laethanta a bhí an réalta gníomhach go fóill.


Abhac donn atá i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a haon a choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach is dual do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá hidrigin a dó (comhleá an deoitéiriam) mar shampla.


An Abhainn Eridanus a thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach, an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an Siséal agus an Giorria.


Tá an réalta is gile sa réaltbhuíon, Alpha EridaniAchernar, suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”. Réalta bhánghorm í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil sí an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh geal sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad go leith de sholasbhlianta.


Beta Eridani Cursa (leagan Laidinithe den fhocal Araibise a chiallaíos ”stól coise”) suite faoi naoi solasbhliana is ceithre scór dínn. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread is fiche chomh lonrúil. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán.


Fathach M-aicme, nó fathach dearg, atá i nGamma Eridani, nó Zaurak (”Bád” as Araibis). Réalta phríomhsheichimh a bhí inti ar dtús, ach tá sí iompaithe ina fathach, mar a dhéanfas an Ghrian s’againn i ndeireadh ama. Réalta athraitheach í. Tá sí suite faoi dhá chéad solasbhliain dínn.


K-réalta í Delta Eridani, agus í díreach ar tí iompú ina fathachréalta. Tá sí beagáinín níos troime ná an Ghrian, agus í suite sách gar dúinn, nó níl sí ach faoi thríocha solasbhliain dínn. Réalta athraitheach í.


Réalta thábhachtach de chuid na hAbhann í Epsilon Eridani Ran, nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn a bhfuil pláinéad aici, de réir mar a chreidtear. Tá a lán astaróidigh agus mionábhar eile ag dul timpeall na réalta seo chomh maith. Níl sí ach faoi dheich solasbhliana dínn, agus í beagáinín níos lú ná an Ghrian, de réir na maise agus an trastomhais de. Tá an Ghrian trí oiread chomh lonrúla ná Epsilon Eridani, ach tá réaltghaoth Epsilon Eridani tríocha oiread chomh láidir agus an ghrianghaoth. Réalta K-aicme í Epsilon Eridani, is é sin, beagáinín níos fuaire ná an Ghrian.


Tá réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.


Ábhar idir-réaltach a thugtar ar an damhna atá ar fáil sa spás idir na réaltaí. Gás is mó a bhíos ann, agus hidrigin atá sa chuid is mó den ghás seo – nócha faoin gcéad, a bheag nó a mhór. Héiliam atá sa chuid eile, chomh maith le hiarsmaí beaga de dhúile eile. Sa bhreis ar na cineálacha éagsúla gáis tá dusta ann. Bíonn dlús an ábhair idir-réaltaigh iontach éagsúil, agus é ag brath ar an teocht ach go háirithe: an áit a dtéann sé i bhfuacht téann sé chun dlúis. Ar meán tá adamh amháin i gceintiméadar ciúbach amháin den ábhar idir-réaltach, ach mar a dúradh bíonn sé difriúil i dtimpeallachtaí difriúla. Ianaítear an t-ábhar idir-réaltach timpeall na réaltaí ”óga” teo.


Acamar an t-ainm traidisiúnta ar Theta Eridani, ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann. Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”, agus tá Acamar agus Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Déréalta í Acamar, ach is mar A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Tá Acamar suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.


Achernar atá ar an réalta is gile san Abhainn, agus is é is brí leis an ainm ná Deireadh na hAbhann – tá an t-ainm sin bunaithe ar an Araibis. B-réalta atá in Achernar de réir a speictrim, is é sin, réalta the ghorm. Tá sí ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is nach bhfuil sí róchosúil le liathróid a thuilleadh – dhealrófá le milseán den déanamh Smarties í dháiríre. Sféaróideach oblátach a thugtar ar a leithéid de chruth. Tá sí suite faoi chéad is dhá scór de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór, agus í seacht n-oiread chomh trom leis an nGrian s’againn. Scéal eile é áfach go sáraíonn sí lonrachas na Gréine glan oscartha ar fad: tá Achernar breis is trí mhíle oiread níos gile ná í. Is déréalta í Achernar, agus leathbhádóir ag an bpríomhréalta nach bhfuil ach dhá Ghrian-mhais inti. Achernar B a thugtar ar an gcomhréalta seo, agus í ag dul timpeall na príomhréalta faoi dhá aonad réalteolaíoch déag di, a bheag nó a mhór.


Achtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 89, a chuireas tús le sraith na n-achtainídí, nó na n-achtanóideach, i dtábla peiriadach na ndúl. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an achtainiam, agus níl ach iarsmaí de le fáil sa dúlra, mar thruailleán i mianraí úráiniam. Is é achtainiam a 227 an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige, nó tá sí breis is fiche bliain ar leathré, ach is é achtainiam a 225 an t-iseatóp is mó a úsáidtear – mar fhoinse radaíochta sa radaiteiripe, is é sin, le cealla ailse a mharú. Pé achtainiam a theastaíos táirgtear go saorga in imoibreoirí núicléacha é. Foinse radaíochta é an t-achtainiam a úsáidtear uaireanta le cealla ailse a mharú. Miotal é an t-achtainiam, agus le teacht na hoíche is féidir loinnir ghorm a aithint timpeall ar gach cnap achtainiam, ós rud é go mbíonn na cáithníní radaíochta ag bualadh na móilíní san aer.


Tagann alfa-mheath agus béite-mheath araon ar achtainiam a 227. Na hiseatóip atá níos troime, is fearr leo an béite-mheath, agus na cinn atá níos éadroime, is dual dóibh an t-alfa-mheath. Maidir le hachtainiam a 226, is féidir leis alfa-mheath, béite-mheath nó leictreonghabháil a dhéanamh.


Ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, tá an t-achtainiam cosúil go maith leis an lantanam, an dúil atá suite os a chionn sa tábla peiriadach. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an achtainiam (agus ag an lantanam) ina chuid comhdhúl: mar sin tá tríchlóiríd AcCl3, tríbhróimíd AcBr3, trífhluairíd AcF3 agus seisce-ocsaíd (nó trí-ocsaíd dé-achtainiam) Ac2O3 ann.


Tugtar ”sraith achtainiam” nó ”cascáid achtainiam” ar an meathshlabhra is dual do phlútóiniam a 239. Ceann de na céimeanna idir eatarthu é achtainiam a 227 sa slabhra seo.


Achtanaiméadar a thugtar ar ionstraim a thomhaiseas cumhacht na radaíochta – go bunúsach, bíonn imoibriú ceimiceach i gceist a gcuireann solas nó cineál eile radaíochta luas faoi, agus ansin aithnítear an chumhacht ar thorthaí an imoibrithe.


Achtanóideach achtainíd – Is iad na hachtanóidigh nó na hachtainídí na dúile a thagas i ndiaidh an achtainiam i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an lárainciam (Lr) an ceann deireanach acu. Tá sé idir eatarthu cé acu a áirítear an t-achtainiam féin orthu nó nach n-áirítear. Seo iad na hachtanóidigh:


Dúil

Siombail cheimiceach

Uimhir na dúile

Meáchan adamhach (nó an t-iseatóp is cobhsaí)

Achtainiam

Ac

89

(227)

Tóiriam

Th

90

232.04

Prótachtainiam

Pa

91

231.04

Úráiniam

U

92

238.03

Neiptiúiniam

N

93

(237)

Plútóiniam

Pu

94

(244)

Aimeiriciam

Am

95

(243)

Ciúiriam

Cm

96

(247)

Beircéiliam

Bk

97

(247)

Calafoirniam

Cf

98

(251)

Éinstéiniam

Es

99

(252)

Feirmiam

Fm

100

(257)

Meindiléiviam

Md

101

(258)

Nóbailiam

No

102

(259)

Láirinciam

Lr

103

(266)


Mar is léir ón tábla thuas, is dúile radaighníomhacha iad na hachtanóidigh, agus is beag is féidir a rá faoi na cinn deireanacha acu: mar shampla, is í an leathré atá ag an iseatóp is cobhsaí atá ag an láirinciam ná aon uair déag, agus dá réir sin, tá sé deacair dainséarach taighde a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha na dúile, nó tagann meath ar do chuid láirinciam go tiubh, agus an t-eiseamal chomh te ag astú radaíochta uaidh is go bhfuil trealamh trom cosanta de dhíth ort. Ón taobh eile de, tá leathré an úráiniam agus an tóiriam chomh fada is go bhfuil siad ar fáil go nádúrtha sa dúlra, agus mar sin is féidir meáchan adamhach a áireamh, a shocrú is a shainiú dóibh. Maidir leis an bprótachtainiam, is í an leathré atá ag an iseatóp is fadsaolaí aige ná breis is tríocha míle bliain, agus é ar fáil mar thruailleán in úráiniam an dúlra agus mar dhramhaíl sna himoibreoirí núicléacha.



Acoindrít a thugtar ar dhreigít (cloch a thit ón spéir) nach bhfuil coindriúil le haithint uirthi. Is éard atá i gceist le coindriúl ná deoir bheag cloiche a ghreamaigh don dreige amuigh sa spás. Acoindrítí iad na dreigítí a tháinig ón nGealach agus ó Mhars, mar shampla. Bíonn na hacoindrítí cosúil le basalt (bruthcharraig) an Domhain.


Acróiniciúil: An réalta a tháinig chun radhairc ó scáth na léaslíne thoir díreach nuair a bhí an Ghrian ag dul faoi, deirimid go ndearna sí éirí acróiniciúil.


Acrux an t-ainm atá ar an réalta is gile i gCros an Deiscirt. Córas ilréaltach atá ann i ndáiríre, agus é suite faoi thrí chéad is fiche solasbhliain dínn, sin nó céad parsoic.


Acuairidí: Dreigechith iad na hAcuairidí atá le feiceáil i réaltbhuíon Iompróir an Uisce (réaltbhuíon an Uisceadóra), nó Aquarius. Le fírinne ní aon dreigechith amháin iad na hAcuairidí: aithnítear seacht ndreigechith éagsúla, ar a laghad, a bhíos ag teacht as pointe (radaí) éigin sa réaltbhuíon sin. Is dócha gurb iad na hEta-Acuairidí an cith is clúití acu: bíonn siad le feiceáil i Mí an Aibreáin agus i Mí na Bealtaine. Creidtear gur bhain imtharraingt na Gréine na dreigí áirithe seo ó scuabréalta Halley na céadta bliain ó shin.


Adamh: An t-aonad is lú d’aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin. Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach seo de dhíth leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir, nó an fórsa núicléach.


Taobh amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon, agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.


Tá ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite; an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.


Is iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2, 3... Más ionann n agus an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach asamataí (l) agus 0, 1, 2,...(n – 1). Más ionann l agus an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,...l, -l. Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil di: ½ agus -½.


Ní mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine, nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon déag is ceithre scór aige).


Is féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin is bunús leis an nasc ianach.


Adamh cianaosta: Ba é an fisiceoir Francach Georges Lemaître (1894-1966) an chéad duine ar rith smaoineamh na hOllphléisce leis. É féin thug sé ”hipitéis an adaimh chianaosta” air. Dúirt sé go raibh a leithéid de rud ann i dtús stair na hollchruinne agus ”adamh cianaosta” nó ”ubh chosmach”, agus gurb as an adamh cianaosta seo a d’eascair an ollchruinne.


Adhara: Is é Adhara, nó Epsilon Canis Majoris, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé suite faoi 430 solasbhliain dinn, agus is déréalta é. Maidir leis an aicme speictreach, is B-réalta í príomhréalta an chórais, agus mar sin, is réalta an-te í agus dath bánghorm inti. Tá Adhara le feiceáil i mbratach na Brasaíle freisin, agus é ag seasamh do stát Tocantins.


Adonis: Ceann de na hastaróidigh neas-Domhain é Adonis, is é sin, is astaróideach é a thagas an-chóngarach don Domhan s’againn ar a fhithis timpeall na Gréine. Ón taobh eile de, tá a chianphointe suite tuairim is cúig chéad milliún ciliméadar ón nGrian (tá an Domhan timpeall is céad is caoga milliún ciliméadar ón nGrian). Tógann sé beagnach trí bliana ar Adonis imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Ba é an réalteolaí Beilgeach Eugène Delporte a chuir an chéad sonrú san astaróideach seo, thiar sa bhliain 1936. Creidtear go bhfuil sé timpeall is ciliméadar amháin ar trastomhas.


Aeón: Sa réalteolaíocht is ionann aeón agus billiún (mórmhilliún) bliain (1,000,000,000 bliain).


I dteoiric na cruinne ascalaí, glactar leis go dtiocfaidh deireadh le fairsingiú na cruinne agus go dtosóidh an chruinne ag crapadh chuici féin arís, go dtí go dtitfidh sí isteach in aon phonc amháin – an ollbhrúisc a thugtar air seo. Ansin tiocfaidh ollphléasc eile. Duine de na cosmeolaithe ba mhó a rinne forbairt ar an teoiric seo, mar atá, an fisiceoir Sasanach Roger Penrose, thug seisean aeón ar an tréimhse ama idir dhá ollphléasc.


Aerailít: malairt ainm ar dhreigít. ”Cloch ón aer” is brí leis an bhfocal seo, go bunúsach. Focal Gréigise a bhí ann ó thús.


Aeranomaíocht: Is éard atá i gceist leis an aeranomaíocht ná taighde ar uachtar an atmaisféir – ar an teirmisféar agus ar an méisisféar – go háirithe ar na díluchtuithe leictreacha thuas ansin.


Aeraspás: Tagraíonn an focal aeraspás d’iarrachtaí na ndaoine eitilt a dhéanamh san aer nó sa spás agus do na scileanna innealtóireachta a bhaineas leo. Ní mór é a choinneáil scartha ón aerspás a thagraíos don aer os cionn áit ar leith – os do chionn féin, cuir i gcás.


Aerastad: Tugtar aerastad ar theorainn an atmaisféir ó thaobh na heitlíochta de – is é sin, nuair a shroichfeas gnátheitleán an t-aerastad, ní bheidh fórsa ardaithe faoi na sciatháin a thuilleadh, chomh tanaí is atá an t-aer thuas ansin.


An tAerchaidéal: Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia atá dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d’ainmnigh an réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha Antliae, níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian s’againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise. Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha Antliae.


Aerloinnir: Is í an aerloinnir an dóigh a n-astaíonn an t-atmaisféar féin solas. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an aerloinnir: go bunúsach fágann solas na Gréine an t-atmaisféar luchtaithe le leictreachas, agus nuair a dhíluchtófar an fuinneamh leictreach sin, aithneofar mar sholas é. Go tipiciúil scoilteann gathanna na Gréine móilíní nítrigine no ocsaigine de chuid an aeir thuas san atmaisféar, agus nuair a rachas na hadaimh aonair le chéile le móilíní nua a dhéanamh, scaoilfear fuinneamh mar sholas. Ní féidir an aerloinnir a aithint de ló, ó tá solas scaipthe na Gréine i bhfad níos gile ná í, ach is feiniméan í a chuireas isteach ar na réalteolaithe le dorchadas na hoíche féin agus iad ag déanamh a gcuid breathnuithe.


Aeróg: Gléas a úsáidtear le tonnta leictreamaighnéadacha a ghlacadh agus a chlaochlú go bíoganna leictreacha, nó a mhalairt, is é sin, le tonnta leictreamaighnéadacha a tharchur trí bhíoganna leictreacha a chlaochlú go radathonnta (mar shampla). Tá aeróg de shórt éigin ag teastáil le craolacháin raidió nó teilifíse a tharchur nó a ghlacadh. Cineál aeróige é an soitheach satailíte, mar shampla.


Aeróga móra millteanacha iad na radaiteileascóip freisin. Úsáidtear iad le foinsí radathonnta a aithint ar an spéir, rud ar a dtugtar radairéalteolaíocht. Bíonn radathonnta ag teacht as réaltaí, réaltraí, cuasáir agus pulsáir, mar shampla.


Aeróg dhépholach: Déanamh simplí aeróige is ea an aeróg dhépholach. Dhá shlat mhiotail atá ann agus iad ag aimpliú na radathonnta eatarthu trí athshondas.


Aeróg Yagi: Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá comhdhéanta as sraith d’aeróga dépholacha agus iad suite go comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a bhain siad amach paitinn don dearadh seo.


Aga: I dtéarmaíocht na réalteolaíochta is ionann an t-aga agus am tagartha na gcomhordanáidí. Bíonn athruithe beaga ag teacht ar an spéir gan stad (de thoradh na dualghluaisne ach go háirithe) agus mar sin nuair a chromfas an réalteolaí ar réaltmhapa a úsáid caithfidh sé a bheith eolach ar aga an mhapa, is é sin, cathain go beacht a bhí an mapa agus comhordanáidí an mhapa bord ar bhord le cuma na spéire.


Agena a thugtar ar an dá rud seo:

  • An réalta úd Beta Centauri nó Hadar i réaltbhuíon an Cheinteáir. Tríréalta atá i gceist agus de réir mar is gnách inniu ní thugtar Hadar go hoifigiúil ach ar an gcomhbhall is gile, is é sin, Beta Centauri Aa – is iad Beta Centauri Ab agus Beta Centauri B an dá cheann eile. (Dealraíonn sé nár shainigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta stádas ar bith don ainm Agena, rud a chiallaíos gur féidir é a thabhairt ar an réaltchóras go léir i gcónaí.) an réalta suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn. Fathachréaltaí teo bána nó bánghorma iad an trí chomhbhall. Tá Aa agus Ab deich n-oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus gach ceann acu fiche éigin míle chomh lonrúil léi. Maidir le B, tá sí ceithre nó cúig oiread chomh téagartha leis an nGrian. Ní cúis iontais é mar sin go bhfuil Agena ar réaltaí geala na spéire.

  • An gléas spáis úd Agena Target Vehicle. Gléas gan chriú a bhí ann agus é ag iompar trealaimh, agus é in úsáid in éineacht leis na spásbháid den chineál Gemini. Ba nós dhá roicéad a scaoileadh, ceann acu ag iompar Gemini agus an ceann eile ag iompar Agena, agus ansin rachadh criú an Gemini ar lorg an Agena sa spás le nascadh leis an ”bhfeithicil targaide”. Baineadh an chéad triail as gléas den chineál sin nuair a bhí Gemini a Sé le scaoileadh chun bóthair, i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1965, ach phléasc an Agena sular bhain sé amach an fhithis. Bhí fadhbanna le cuid de na gléis den déanamh seo ina dhiaidh sin freisin.


Aichill: Ba é Aichill an chéad astaróideach Traíoch ar cuireadh sonrú ann riamh. Grúpa astaróideach iad na Traígh atá ag timpeallú ceathrú pointe Lagrange ar fhithis Iúpatair – is é sin, an pointe roimh an bpláinéad. Tá Aichill timpeall ar 130 ciliméadar ar trastomhas, agus é ar an séú Traíoch is mó. Ba é an réalteolaí Gearmánach a d’aithin Aichill roimh aon duine eile, thiar sa bhliain 1906.


Aicme speictreach: Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:




Aicme

Dath na réalta

Teocht an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC)

Sampla

Réaltbhuíon

Nótaí

O

Bánghorm (an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait)

30,000-50,000 K

Meissa (Heka, Al Haka, Lambda Orionis)

An Bodach

Fathachréalta

Mintaka (Delta Orionis)

An Bodach

Fathachréalra

Alnitak (Zeta Orionis)

An Bodach

Ollfhathach

B

Gorm, bánghorm

10,000-30,000 K

Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris)

An Béar Mór

Réalta phríomhsheichimh

Rigel (Beta Orionis)

An Bodach

Ollfhathach

Alnilam (Epsilon Orionis)

An Bodach

Ollfhathach

A

Bán, bánghorm

7,600-11,500 K

Vega (Alpha Lyrae)

An Lir

Réalta phríomhsheichimh

Altair (Alpha Aquilae)

An tIolar

Réalta phríomhsheichimh

Sirius (Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris)

An Madra Mór

Réalta phríomhsheichimh

Phad (Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris)

An Béar Mór

Réalta phríomhsheichimh

Deneb (Alpha Cygni)

An Eala

Ollfhathach

Fomalhaut (Alpha Piscis Austrini)

Iasc an Deiscirt

Réalta phríomhsheichimh

F

Bánbhuí

6,000-7,600 K

Procyon (Alpha Canis Minoris)

An Madra Beag

Réalta phríomhsheichimh

Porrima (Gamma Virginis, Arich)

An Mhaighdean

Réalta phríomhsheichimh

G

Bánbhuí, buí

5,300-6,000

An Ghrian

-

Réalta phríomhsheichimh

Vindemiatrix (Epsilon Virginis)

An Mhaighdean

Fathachréalta

Sadalsuud (Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum)

Iompróir an Uisce (An tUisceadóir)

Ollfhathach

Mebsuta (Epsilon Geminorum)

An Cúpla

Ollfhathach

K

Flannbhuí

3,900-5,200

Epsilon Eridani

An Abhainn

Réalta phríomhsheichimh

Pollux (Beta Geminorum)

An Cúpla

Fathachréalta

Alsafi (Sigma Draconis)

An Dragan

Réalta phríomhsheichimh

Gienah (Gienah Cygni, Epsilon Cygni)

An Eala

Fathachréalta

Eltanin (Gamma Draconis, Etamin)

An Dragan

Fathachréalta

M

Flannbhuí, dearg

4,000 nó níos fuaire

Antares (Alpha Scorpii)

An Scairp

Ollfhathach

Betelgeuse (Alpha Orionis)

An Bodach

Ollfhathach

Aldebaran (Alpha Tauri)

An Tarbh

Fathach

Arcturus (Alpha Bootis)

An tAoire

Fathach

Gacrux (Gamma Crucis)

Cros an Deiscirt

Fathach

Mirach (Merak, Beta Andromedae)

Andraiméide

Fathach

Gliese 581

An Mheá

Abhac dearg

Wolf 359

An Leon

Abhac dearg

Lalande 21185 (Gliese 411)

An Béar Mór

Abhac dearg


Ba iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d’oibrigh amach an córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar ”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).


Aicmiú Trumpler: córas aicmithe na réaltbhraislí oscailte. Ba é an réalteolaí Robert Julius Trumpler (nó Trümpler – Eilvéiseach a bhí ann a chuir faoi sna Stáit Aontaithe) a cheap an córas seo sa bhliain 1930. In aicmiú Trumpler tá uimhir Rómhánach a thugas le fios cé acu atá an bhraisle scaipthe nó dlúth (I, II, III nó IV; seasann I don bhraisle dhlúth, agus is é IV an cineál is scaipthe); uimhir Arabach a sheasas do mheánghile na réaltaí sa bhraisle (1, 2 nó 3 – is é 3 an cineál is gile); agus litir a deir cé acu atá an bhraisle saibhir (r, ó rich an Bhéarla) i réaltaí, daibhir (p, ó poor) nó idir eatarthu (m, ón bhfocal medium). Ina dhiaidh sin cuirtear an litir n le tagairt a dhéanamh don néalmhaireacht (nebulosity), is é sin, le tabhairt le fios go bhfuil an bhraisle suite i néal gáis. Is é an t-aicmiú atá ag an bPléadach, mar sin, ná I3rn – réaltbhraisle dhlúth gheal, í saibhir i réaltaí agus néalmhaireacht ag roinnt léi.


Aigéan na Stoirmeacha Oceanus Procellarum atá ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare Cognitum nó ”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.


Ailbéideacht: An codán den tsolas (nó de chineál eile radaíochta) a fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá ailbéideacht an Domhain, mar shampla, timpeall ar 0.3, is é sin, frithchaitheann an Domhan tuairim is tríocha faoin gcéad den tsolas a bhuaileas é.


Is léir nach ionann ailbéideacht na rinne neimhe i ngach ball di. Mar shampla, má iompaíonn an Domhan taobh na farraige – taobh an Aigéin Chiúin – leat, beidh an ailbéideacht, mar a fheictear duitse í, níos mó ná meánailbéideacht ár bpláinéid.


Aimeiriciam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 95 (uimhir a cúig déag is ceithre scór). Is é Am an giorrúchán a shiombalaíos an dúil seo sna foirmlí ceimiceacha. Cosúil leis na hachtanóidigh thrasúránacha eile is dúil shaorga shintéiseach é a mbaineann radaighníomhaíocht léi, ach san am chéanna is féidir a lán a rá i leith shaintréithe ceimiceacha an aimeiriciam, toisc go bhfuil iseatóip aige atá na céadta, nó fiú na mílte blianta ar leathré. Is é aimeiriciam a 243 (aimeiriciam dhá chéad a trí is dhá scór) an t-iseatóp is cobhsaí, agus é 7270 bliain (seacht míle dhá chéad deich mbliana déag is trí scór) ar leathré.


Is féidir aimeiriciam a aonrú mar ghlanmhiotal, ach ar ndóigh ní bhíonn sé róchiallmhar, chomh radaighníomhach is atá sé mar dhúil. Go tipiciúil ní astaíonn an t-aimeiriciam féin ach alfa-cháithníní, ar cáithníní troma iad nach féidir leo mórán dochair a dhéanamh, ach is scéal eile é ar fad cuid de na hiníon-núiclídí, agus iad in ann gáma-radaíocht a astú.


Tá an t-aimeiriciam ainmnithe as ilchríoch Mheiriceá, ar ndóigh. Tá an t-aimeiriciam suite taobh thíos den eoraipiam i dtábla peiriadach na ndúl, agus sin é an fáth ar bronnadh a leithéid d’ainm air.


Is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an aimeiriciam ina chuid comhdhúl ceimiceach ná +3, rud is gnách do na lantainídí agus na hachtainídí.


OCSAÍDÍ AN AIMEIRICIAM

Ainm

Foirmle

Uimhir ocsaídiúcháin an aimeiriciam sa chomhdhúil

Nótaí

Aonocsaíd aimeiriciam

AmO

+2

Níor éirigh leis na heolaithe ach beagán beag bídeach den ocsaíd seo a aonrú, agus mar sin is deacair a dhath a rá faoina cuma is faoina cosúlacht

Seisce-ocsaíd aimeiriciam (trí-ocsaíd dé-aimeiriciam)

Am2O3

+3

Solad ruadhearg atá san ocsaíd seo. Is é an leáphointe atá aici ná 2205 °C (dhá mhíle agus cúig chéim de réir Celsius).

Dé-ocsaíd aimeiriciam

AmO2

+4

Solad dubh atá san ocsaíd seo. Comhdhúil thábhachtach í an dé-ocsaíd aimeiriciam ó thaobh na húsáide praiticiúla de, mar fhoinse alfa-radaíochta.



Is léir go bhfuil cuid mhaith halaiginídí ag an aimeiriciam chomh maith: an trífhluairíd aimeiriciam AmF3, an tríchlóiríd aimeiriciam AmCl3, an tríbhróimíd aimeiriciam AmBr3, an trí-iaidíd aimeiriciam AmI3, an teitreafhluairíd aimeiriciam AmF4, an déchlóiríd aimeiriciam AmCl2, an débhróimíd aimeiriciam AmBr2, agus an dé-iaidíd aimeiriciam AmI2. Tá dath bándearg (pinc) sa dhá fhluairíd agus sa tríchlóiríd, agus tá na déhalaiginídí dubh ar fad. Maidir leis an tríbhróimíd agus sa trí-iaidíd, tá siad bán.


Cé gur dúil éagobhsaí thrasúránach é an t-aimeiriciam, baintear úsáid as go coitianta sna brathadóirí deataigh. An t-aláram dóiteáin atá greamaithe den tsíleáil sa bhaile agat féin, is dócha go bhfuil beagán beag aimeiriciam ann a chuidíos leis an deatach a aithint.


Aimhrialtacht: Sa réalteolaíocht tagraíonn an focal aimhrialtacht dá lán coincheapanna éagsúla, mar atá:


  • Aimhrialtacht an Atlantaigh Theas

  • Aimhrialtacht éalárnach

  • Aimhrialtacht fhíor

  • Aimhrialtacht Pioneer

  • Aimhrialtacht tareitilte

  • Meán-aimhrialtacht


Is éard atá i gceist le haimhrialtacht an Atlantaigh Theas ná an aimhrialtacht a aithnítear ar an gceann inmheánach den dá chrios radaíochta timpeall an Domhain a fuair a n-ainm ón spáseolaí Meiriceánach James Van Allen. De ghnáth, ní shroicheann an crios inmheánach níos ísle síos ná sé chéad ciliméadar, ach is eisceacht (nó aimhrialtacht!) é Deisceart an Atlantaigh, áit nach mbíonn an crios radaíochta sin ach dhá chéad ciliméadar os cionn dhroim ár bpláinéid. Is é is cúis leis an aimhrialtacht seo ná nach bhfuil réimse maighnéadach an Domhain chomh siméadrach le réimse an bharra-mhaighnéid.


Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht éalárnach, an aimhrialtacht fhíor, agus an mheán-aimhrialtacht ná na comhordanáidí a thugas cur síos ar an áit a bhfuil an rinn neimhe ar a fithis, de réir na ndlíthe matamaitice a d’oibrigh Johannes Kepler amach. Uillinneacha iad an aimhrialtacht éalárnach agus an aimhrialtacht fhíor. Ní uillinn í an mheán-aimhrialtacht, cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil le huillinn. Tá an mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab an líne ón réad go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach a chuaigh an réad thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid agus uasmhéid na meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π raidian. Aonad stua é an raidian. Is ionann an raidian agus timpeall ar 57.295 céim stua, nó an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.


Maidir le haimhrialtacht Pioneer, is éard atá i gceist léi ná an géarú a tháinig ar luas an dá spástaiscéalaí úd Pioneer 10 agus Pioneer 11 nuair a shroich siad fad áirithe ón nGrian (timpeall ar fhiche aonad réalteolaíoch). Ní raibh súil ag na réalteolaithe leis an luasghéarú san am, ná míniú sásúil acu air, agus mar sin bhí sé ina chúis spéise acu ar feadh tamaill. Ba é an brú radaíochta ba chúis leis an aimhrialtacht – bhí na taiscéalaithe ag cailleadh teasa, ach níorbh ionann an cailleadh seo ar gach taobh den ghléas, agus mar sin bhí an brú radaíochta ag cur le luas an ghléis.


Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht tareitilte ná ardú fuinnimh a aithnítear agus spásbhád ag eitilt thart leis an Domhan. Má eitlíonn an spásbhád thart le rinn neimhe sách cóngarach, cuirfidh imtharraingt na rinne neimhe sin cor i mbealach an spásbháid, agus sa teagmháil chéanna géarófar ar a luas. Cuid bheag den luasghéarú sin áfach ní féidir leis na fisiceoirí é a mhíniú i láthair na huaire, agus tugtar aimhrialtacht tareitilte ar an gcuid sin.


Aimplitiúid a thugtar, go bunúsach, ar ”airde” na dtonnta, más é an ”tonnfhad” fad na dtonnta céanna.


Ainmníocht Bayer a thugtar ar an gcóras ainmníochta a cheap an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer thiar i dtús na seachtú haoise déag. Sa chóras seo is éard atá in ainm na réalta ná litir Ghréagach (nó ainm ar litir Ghréagach), agus ainm Laidine na réaltbhuíne ag teacht i ndiaidh na litreach sin i dtuiseal gineadach. Mar shampla, Alpha Centauri, Beta Ursae Majoris, Gamma Andromedae.


Is minic a chreidtear go seasann Alpha sa chóras seo don réalta is gile sa réaltbhuíon, agus gurb é Beta an dara ceann is gile, agus araile: Gamma, Delta, Epsilon... Le fírinne ní raibh Bayer féin ag iarraidh ordú gile na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a thabhairt go mionchruinn, nó ní raibh ar chumas réalteolaithe a linne an ghile sin a thomhas go róbheacht. Ní dhearna sé ach na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a aicmiú de réir a ngile. Má bhí, cuir i gcás, cúig réalta sa réaltbhuíon san aicme ba ghile, bhaist sé Alpha, Beta, Gamma, Delta agus Epsilon ar na cinn seo, agus ansin thug sé Zeta ar an gcéad réalta sa dara haicme, ach ní hionann sin is a rá go dtabharfadh sé Alpha ar an réalta ba ghile acu go léir. Ba mhinic a bhí a aird ar imthoscaí eile freisin: mar shampla, má bhí réalta áirithe ar an gcéad cheann sa réaltbhuíon a thagadh ó scáth na léaslíne, bhí de chlaonadh in Bayer alpha (nó an chéad litir Gréigise san aicme bhainteach gile) a bhronnadh ar an réalta sin thar aon cheann eile.


Thairis sin, rinne na réalteolaithe athruithe ar theorainneacha na réaltbhuíonta ina ndiaidh sin: thar aon rud eile, roinneadh an Long nó Argo Navis go réaltbhuíonta éagsúla, mar atá, an Chíle (Carina), Deireadh na Loinge (Puppis), Compás an Mhairnéalaigh (Pyxis), agus na Seolta (Vela). Ansin, choinnigh gach réalta a litir Ghréagach, cé gur cuireadh ainm na réaltbhuíne nua léi.


Níor chuir Bayer an córas ainmníochta s’aige i bhfeidhm ach amháin ar na réaltbhuíonta a bhí le feiceáil ón nGearmáin. Thit sé ar chrann réalteolaithe eile an córas a chur i bhfeidhm ar réaltaí an leathsféir theas.


Aipsis: Tugtar aipsisí ar chianphointe is ar gharphointe na satailíte, is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach agus an pointe is cóngaraí don phríomhúlach ar fhithis na satailíte.


Airgead: Is é an t-airgead, nó an t-airgead geal, dúil cheimiceach uimhir a seacht is dhá scór, agus is é an giorrúchán a sheasas don airgead sna foirmlí ceimiceacha ná Ag. Ceann de na miotail lómhara i ngrúpa uimhir a haon déag i dtábla peiriadach na ndúl é an t-airgead, in éineacht leis an gcopar agus an t-ór.


Miotal bog insínte é an t-airgead, agus loinnir gheal ann, mar is eol do na daoine go coitianta. Tagann smúid air, áfach, nuair a bhíos comhdhúile sulfair ag dul i bhfeidhm air. Seoltóir maith teasa agus leictreachais é an t-airgead geal – le fírinne is é an seoltóir leictreachais is fearr atá ann, ach ar ndóigh tá sé chomh tearc, chomh daor, is nach féidir úsáid a bhaint as sa ghléasra leictreonach chomh minic is mar a bhaintear as an gcopar.


Is é an meáchan adamhach atá ag an airgead geal ná 107.87 aonad. D’fhéadfá an tátal a bhaint as sin gurb é airgead geal a hocht is cúig scór, nó 108Ag, an t-iseatóp is coitianta, ach dá mbainfeá, bheifeá sa mhícheart. Nó is iad an dá iseatóp cobhsaí atá ann ná airgead geal a seacht is cúig scór (107Ag, tuairim is 52 % d’airgead geal an dúlra) agus airgead geal a naoi is cúig scór (109Ag, tuairim is 48 % d’airgead geal an dúlra). Is radanúiclíd shaorga é airgead geal a hocht is cúig scór.


Ais leathbheag a thugtar ar an líne a ritheas ó lárphointe na héilipse go dtí ceann den dá phointe ar an éilips is cóngaraí don lárphointe. Is ionann an ais leathbheag agus leath an trastomhais is lú atá ag an éilips.


Ais leathmhór a thugtar ar an líne arb ionann í agus leath an trastomhais is mó atá ag an éilips, is é sin, ritheann sí ó lárphointe na héilipse go ceann den dá phointe ar an éilips is faide ón lárphointe.


Ais neamhaí a thugtar ar an ais a bhfuil an sféar neamhaí ag rothlú timpeall uirthi – go bunúsach, is ionann í agus ais rothlaithe an Domhain.


Ais optúil a thugtar ar an ais a ritheas trí chóras optaice agus a bhfuil an córas sin siméidreach ina timpeall. (Rud eile í an ais optach, a bhaineas leis an dóigh a n-athraontar an solas sna criostail.)


Aistiogmatacht atá i gceist nuair nach ionann an fócas (fócas an lionsa nó fócas an chórais optúil) do na línte ceartingearacha agus na línte cothrománacha.


Aistriú Doppleriarmhairt Doppler a thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag druidim chugainn, is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag druidim uainne atá an fhoinse sin.


Ba é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain 1842. D’aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh. Tugtar deargaistriú ar an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na réaltaí agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim uainn, agus gormaistriú an téarma a thagraíos d’aistriú Doppler ag réaltaí atá ag gluaiseacht chugainn.


Aladáid géag shnáthaide a thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.


Albireo: Is é Albireo nó Beta Cygni an cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo Ac ar an dá réalta sin inniu.


Fathachréalta fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí iad – is é sin, réaltaí teo gorma.


Alcor: Is é Alcor nó 80 Ursae Majoris Arundhati leathbhádóir na réalta úd Mizar Zeta Ursae Majoris. Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach abhac fann.


Alcyone: Is í Alcyone nó Eta Tauri an ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh. Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.


Aldebaran: Is é Aldebaran nó Alpha Tauri an réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl sé mórán níos troime ná an Ghrian s’againn cé go bhfuil sé i bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é a d’fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.


Alderamin: Is é Alderamin nó Alpha Cephei an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann. Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta phríomhsheichimh.


Alfa-cháithnín a thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.


Nuair a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá leictreon óna thimpeallacht agus iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá thoradh sin bíonn boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta úráiniam.


Alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas, astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d’uimhir adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).


Ar dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Dealraíonn sé gurb é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.


Alfa-radaíocht an cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir le maolú uirthi go substaintiúil.


Na halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.


Algenib an t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:


  • Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.

  • Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.


Algol an Deamhanréalta a thugtar ar an réalta úd Beta Persei; ainm eile as Béarla é Winking Demon, is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí leis an ainm Araibise úd Al-Ghul, agus is ionann sin mar fhocal agus ghoul an Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo a bhí i gceist.


Is é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach. Mar sin féin tugtar déréalta speictreach ar Algol, toisc gurb ar na hathruithe speictrim is lonrachais a d’aithin na réalteolaithe an chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.


Le fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí aon cheann den dá réalta eile.


Réaltaí príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is réalta den B-aicme í. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais agus an téagair, agus beagnach dhá chéad oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1, tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta, baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná níos mó, ná an Ghrian.


Bhí an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le hAlgol.


Alioth Epsilon Ursae Majoris atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s’againn. Tá Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i ”mbreosla” hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.


Alkaid Benetnasch Eta Ursae Majoris atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht, in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid, nó ní ball den ghrúpa sin é.


Allatróp: Is éard atá i gceist leis na hallatróip ná leaganacha éagsúla d’aon dúil cheimiceach amháin a bhfuil a saintréithe fisiciúla difriúil toisc go bhfuil eagar éagsúil ar na hadaimh i struchtúr an chriostail nó sna móilíní. Cé gurb í an dúil chéanna atá i gceist sna hallatróip éagsúla agus na hairíonna ceimiceacha céanna acu go léir, is féidir leo bheith an-difriúil, abair, ó thaobh na nimhiúlachta de, agus allatróp amháin níos araicisí chun imoibriúcháin ná an ceann eile. Mar shampla, is substaintí nimhiúla iad an t-ózón agus an fosfar bán ar an gcúis áirithe seo.


Samplaí den allatrópacht iad seo:

  • Allatróip an charbóin: an diamant, an ghraifít, an lonsdaeilít, na fullairéiní...

  • Allatróip na hocsaigine: an ghnáthocsaigin agus an t-ózón.

  • Allatróip an fhosfair: an fosfar bán, an fosfar dearg, an fosfar dubh, an fosfar corcra...

  • Allatróip an stáin: an stán miotalach agus an stán neamh-mhiotalach.

  • Allatróip an tseiléiniam: an seiléiniam miotalach, an seiléiniam liath, an seiléiniam dearg.


Almach Gamma Andromedae atá ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon Andraiméide í. (Is é moladh oifigiúil Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe inniu ná gan an t-ainm sin Almach a thabhairt ach ar an gcomhréalta is mó, is é sin, Gamma Andromedae A.) D’aithin na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú céad déag gur déréalta a bhí ann. Ceann den dá réalta sin áfach, is dóigh le lucht na ceirde inniu gur córas trí réalta ann féin é. Mar sin, is córas ceithre réalta í Almach, agus é suite faoi trí chéad is caoga solasbhliain dínn. Is iad na ceithre réaltaí sin ná:


  • γ Andromedae A (”Almach” de réir is mar a mholas aontas na réalteolaithe inniu). Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.

  • γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.

  • γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.



Alnair (focal Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:


  • Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s’againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d’fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

  • Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.



Alnilam Epsilon Orionis atá ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá ann, is é sin, réalta the ghorm é. Tá sé suite faoi thuairim is dhá mhíle solasbhliain dínn, agus é tríocha oiread chomh trom leis an nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an lá is faide anonn.


Alnitak Zeta Orionis a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sé suite faoi thuairim is ceithre chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta ann féin é.


Alpha Centauri Toliman Bungula a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ar aon dóigh.


Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A. Cosúil leis sin is fearr leis an Aontas gan ”Toliman”, ainm traidisiúnta eile a thagraíos d’Alpha Centauri, a thabhairt ach ar Alpha Centauri B feasta.


Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.


Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.


Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.


Alphekka Alphecca Gemma An tSeoid Alpha Coronae Borealis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig ciliméadair déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian, agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.


Is gnách Alphecca Meridiana a thabhairt ar Alpha Coronae Australis, is é sin, an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.


Alpheratz Sirah Alpha Andromedae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat, agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.


Tá Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.


Tá roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta, mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le haithint ar a speictream.


Alphonsus – Cráitéar mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh thoir de Mhuir na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus Alpitragus. Tá Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón mbliain 1221 go 1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna heolaíochtaí, agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná Sabio, nó an Fear Críonna, agus Astrólogo, nó an tAstralaí.


Altair Alpha Aquilae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn – níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.


Altasamat is ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde (altitude), agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál altasamat é an túirín gunna chomh maith.


An Altóir atá ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d’ainmneacha againn ar a cuid réaltaí ach Alpha Arae, Beta Arae, Gamma Arae agus araile.


Ara an t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann ar a dtugtar Auriga as Laidin.


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...