An Bosca Seod a thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle Kappa Crucis, is é sin an réaltbhraisle oscailte atá le feiceáil i réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta úd Kappa Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle. Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a d’ainmnigh í.
Bósón a thugtar ar bhuncháithnín nach fearmón é. Bósóin iad na fótóin, mar shampla. Is féidir leis na bósóin an áit chéanna sa spás a ghlacadh, agus mar sin, is dual dóibh fuinneamh a iompar. Dá réir sin is leis an radaíocht is mó a shamhlaítear na bósóin, agus is leis an damhna a shamhlaítear na fearmóin.
Is iad na bósóin is tábhachtaí ná:
an fótón
na glúóin éagsúla a choinníos na cuarcanna le chéile
na bósóin laga (W+, W-, Z)
bósón Higgs
Níor éirigh leis na heolaithe an graibheatón – an buncháithnín arb é iompróir na himtharraingthe é – a aithint go fóill, is é sin níl ann ach coincheap teoiriciúil, ach is éard a thugas a lán teoiricí candambhunaithe faoi nádúr na himtharraingthe le fios ná gur bósón é an graibheatón chomh maith.
Tá bósóin ilchodacha ann chomh maith, is é sin, cinn a bhfuil saintréithe agus iompraíocht na mbósón acu mar shlánaonaid, cé nach bósóin iad na cáithníní as a bhfuil siad comhdhéanta. Samplaí de seo iad na measóin, núicléas an ghnáth-héiliam (héiliam a ceathair), núicléas an ghnáth-charbóin (carbón a dó déag), agus an deoitéarón (núicléas na tromhidrigine). Na feiniméin aisteacha a bhaineas leis an héiliam, cosúil leis an dóigh a n-iompaíonn sé ina fhorshreabh agus é á shioc i dtreo an dearbhnialais, glactar leis gur dual don núicléas mar bhósón iad.
Fuair na bósóin a n-ainm ón bhfisiceoir Indiach Satyendra Nath Bose.
Braisle is féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle) nó ar bhraisle réaltraí.
Is éard atá i gceist le braisle réaltaí nó réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach nó réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús. D’fhéadfá a rá go bhfuil siad ”gaolmhar” le chéile ar dhóigh ar leith, agus sin é an tuige go dtugtar ”réaltghaolmhaireacht” orthu, nó ar an mbaint atá acu le chéile.
Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.
An Bhrasaíl – An tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna sa bhliain 1889, nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí éagsúla do stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:
Is í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden e progresso, is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b’fhéidir ”Síocháin sa tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios. Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém príomhchathair an stáit.
Ar chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl. Manaus an phríomhchathair.
Síos ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris), Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus Adhara (Epsilon Canis Majoris).
Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle. Cuiabá an phríomhchathair.
Seasann Mirzam d’Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d’Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí. Macapá an phríomhchathair.
Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv. Porto Velho an phríomhchathair.
Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre. Boa Vista an phríomhchathair.
Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988. Palmas an phríomhchathair.
In aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha Carinae), mar shiombail do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle. Goiânia an phríomhchathair.
Ar dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.
Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – an réalta ar dhath an rúibín – mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi) do Bahia in oirthear na tíre.
Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.
Tá réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis, le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain 1960.
Ar dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí réalta ar fad.
Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d’ainm an stáit.)
Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D’fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.
Is í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na Brasaíle, ocht réalta ar fad.
Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí bundúchasacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d’Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b’fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na réigiúin is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr, go háirithe ar chuma na tithíochta, i bPernambuco.
Feictear dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus Gamma Hydrae.
Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
Seasann Gamma Hydrae d’Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d’Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d’ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.
Maidir le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639, ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d’athghabh na Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain 1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta. hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a thuill a chlú d’Einstein) a chruthú.
Ní mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi ”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov), réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais – Urca atá ar an gceantar ina raibh an áit aeraíochta sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh an próiseas.
Breacsholas a thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche. Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.
Nuair atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas oifigiúil ann. Ina lán teangacha tugtar ”breacsholas buirgéiseach” ar an mbreacsholas oifigiúil, toisc go bhfuil sé chomh geal amuigh, le linn an chineál seo breacsholais, is gur féidir ”ceirdeanna buirgéiseacha” a chleachtadh i gcónaí.
Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne, tá muir-bhreacsholas ann. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách sofheicthe, sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit na loinge a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.
Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag, níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá breacsholas réalteolaíoch ann. Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh, cé go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.
Bremsstrahlung a thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin, an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal Gearmáinise Bremsstrahlung.
Bróimín a thugtar ar dhúil uimhir a 35, arb é Br an tsiombail a sheasas di sna foirmlí ceimiceacha. Le teocht an tseomra is leacht dearg é, ach is dual dó galú go réidh. Ceann de na halaiginí é an bróimín, cosúil leis an gclóirín, agus mar sin, tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh aige – níl ach aon leictreon amháin de dhíth le hochtréad iomlán a fháil. Cosúil leis an gclóirín, tá an bróimín araiciseach chun imoibriúcháin leis an leictreon deireanach sin a fháil ar iasacht ó dhúile eile. Mar sin, is nimh láidir é an bróimín agus é aonraithe ina dhúil.
An t-ian bróimíde áfach, Br-, a bhfuil ochtréad aige, tá sé sách cobhsaí, agus dealraíonn sé gur riandúil é an bróimín san fhoirm ianach seo – is é sin, go dteastaíonn rianta beaga bróimín ó orgánach an duine le hoibriú go maith. Baintear úsáid áirithe as bróimídí (comhdhúile bróimín a bhfuil an t-ian seo iontu) mar chógaisí in aghaidh an titimis.
Tá na bróimídí cosúil leis na clóirídí ó thaobh na ceimice de: is comhdhúil chobhsaí ianach í bróimíd an tsóidiam, NaBr, a chuirfeadh clóiríd an tsóidiam (an gnáthshalann, NaCl) i gcuimhne duit. Sa chiall cheimiceach, is salainn iad na bróimídí miotail – salainn de chuid an aigéid hiodrabrómaigh. Is éard atá san aigéad hiodrabrómach ná tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, HBr. Aigéad láidir é an t-aigéad hiodrabrómach, díreach cosúil leis an aigéad hiodraclórach, HCl. Gás í an bhróimíd hidrigine.
Tá ocsaigéid ag an mbróimín chomh maith: an t-aigéad hipeabrómúil (HBrO, nó HOBr, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad brómúil (HBrO2, nó HOBrO), an t-aigéad brómach (HBrO3, nó HOBrO2) agus an t-aigéad sárbhrómach (HBrO4 nó HOBrO3). Ní féidir aon cheann de na hocsaigéid seo a aonrú ón uisce gan na móilíní a bhriseadh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar a n-airíonna san uisce. Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh san aigéad sárbhrómach ach comhdhúil theoiriciúil nárbh fhéidir a tháirgeadh ar aon nós; sa bhliain 1968, d’éirigh leis na heolaithe an chéad eiseamal d’iain sárbhrómáite BrO4- a chruthú, ach ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé nach féidir úsáid ar bith a bhaint as an aigéad sárbhrómach ná as na sárbhrómáití sa tionsclaíocht, chomh deacair is atá sé na comhdhúile seo a tháirgeadh. (Na comhdhúile sárchlóracha, cosúil leis an aigéad sárchlórach HClO4, is scéal eile ar fad iad.)
Níl na hipeabróimítí ná na bróimítí (salainn an aigéid hipeabrómúil agus an aigéid bhrómúil) cobhsaí ar aon nós, agus ní thig mórán leas a bhaint astu. Tá an t-ian brómáite BrO3- cobhsaí go maith, áfach, agus tá tábhacht éigin ag baint le brómáit an tsóidiam NaBrO3 mar ocsaídeoir i ruaimniú na dteicstílí. Truailleáin iad na brómáití freisin: is dual do na hiain bhróimíde ocsaídiú go brómáití le solas na gréine agus an t-uisce óil a chur ó mhaith. Tá dochar sa bhróimín do chiseal an ózóin chomh maith, cosúil leis na halaiginí eile.
Tá bróimín ar fáil san áit a mbíonn clóirín ar fáil chomh cosúil is atá an dá dhúil le chéile ó thaobh na ceimice de, agus is gnách bróimín a bhaint as salann na farraige, ó tá iain bhróimíde measctha tríd na hiain chlóiríde.
Bruthcharraig a thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch leáite) i bhfuacht. Is é an basalt an cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.
Buaile an Bhodaigh an t-ainm Gaeilge ar réaltnéal Oiríon (M42 i gCatalóg Messier, NCG 1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta). Tá Buaile an Bhodaigh suite faoi thuairim is míle agus ceithre chéad solasbhliain dínn, agus í ar an réigiún spáis is mó a bhfuil taighde agus staidéar déanta air.
Bun-fhadlíne a thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige a dtugtar ”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.
Bunghluaisne: Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne araon. Is iad na focail Laidine úd primum mobile is bunús leis an téarma.
Buningear a thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.
Caidhpeanna polacha a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu gnáthoighear (uisce reoite) nó oighear tirim (dé-ocsaíd charbóin) a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an oighear uisce.
Caidmiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht is dhá fhichid. Cd an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil seo a hainm ó Cadmus nó Kadmos, an prionsa seanársa a chuir an aibítir Fhéiníceach in oiriúint don Ghréigis agus a chuir tús le scríobh na teanga sin, mar a deir miotaseolaíocht na sean-Ghréige (tagraítear don ”aibítir a rinne Cadmus” i seanchas na Gaeilge féin). Miotal é atá in aon ghrúpa leis an tsinc agus leis an mearcair, agus cosúil leis an mearcair, is nimh dhainséarach é an caidmiam a áirítear ar na trom-mhiotail.
Miotal insínte é an caidmiam, agus leáphointe níos ísle aige ná ag an gcuid is mó de na miotail trasdultacha, mar atá, 321 °C. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta dá bhfuil aige ina chuid comhdhúl ná +2. Is féidir leis an gcaidmiam, áfach, iain a dhéanamh a bhfuil dhá adamh iontu, is é sin, (Cd2)2+, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gcaidmiam sna hiain seo ná +1. Tá iain dé-adamhacha den chineál seo ag an mearcair freisin.
Tá an caidmiam sách tearc i screamh an Domhain. An chuid is mó de tá sé ar fáil mar thruailliú i suilfíd nádúrtha na since, ZnS, ar a dtugtar sfalairít, seac dubh nó sincbhleind. Mar sin is mar sheachthoradh is mó a fhaightear caidmiam, nuair a bhítear ag aonrú since.
Tá an caidmiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp: 106Cd (1.25 % de chaidmiam an dúlra), 108Cd (0.9 %), 110Cd (12.5 %), 111Cd (12.8 %), 112Cd (24.1 %), 113Cd (12.2 %), 114Cd (28.75 %) agus 116Cd (17.5 %). Dhá cheann de na hiseatóip sin is núiclídí radaighníomhacha iad, ach le fírinne is féidir neamhshuim a dhéanamh de sin, toisc go bhfuil leathré an-fhada acu (na billiúin blianta – más nimh féin atá sa chaidmiam, ní hí an radaighníomhaíocht is cúis leis). Is é an meáchan adamhach atá ag an gcaidmiam ná 112.4 aonad.
Cé gur nimh é an caidmiam, is iomaí cineál úsáid a bhaintear as sa teicneolaíocht, go háirithe i mbatairí leictreachais agus sa leictreaplátáil (is é sin, mar chosaint ar an meirg).
Cailciam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca an tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach, Ca2+, a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 aonad ar mheáchan adamhach, agus mar sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca, cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca. Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá gur truailleán dainséarach a bheadh ann.
Ceann de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian cailciam, Ca2+, a dhéanamh.
Miotal bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach furasta é a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin – mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.
Is iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit an chailciam, CaCO3), an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an chailciam, CaMg(CO3)2), an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO4 + 2H2O), an ainhidrít (an tsulfáit thirim nó CaSO4), an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2) agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X, inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clóiríd – clórapaitít), OH (hiodrocsaíd – hiodracsalapaitít) nó F (fluairíd – fluarapaitít). Is iad an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas cailciam.
Teastaíonn iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as comhdhúile éagsúla cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin, úsáidtear mar chómhiotal é.
An Caimileon nó Chamaeleon a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle, an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl d’ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha Bayer: Alpha Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus Delta Chamaeleontis.
Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh agus a d’ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán, rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na spéire chomh maith le mapáil an Domhain.
Bhí Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe sin.
Réalta phríomhsheichimh F-aicme í Alpha Chamaeleontis, agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn – is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.
Maidir le Beta Chamaeleontis, tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh í.
Gamma Chamaeleontis arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn. An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin, is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an Ghrian.
Maidir le Delta Chamaeleontis, seasann an t-ainm sin do dhá réaltchóras, Delta a hAon agus Delta a Dó. Déréalta atá in Delta a hAon, agus an dá chomhréalta suite chomh cóngarach dá chéile is gur deacair iad a aithint thar a chéile. Fathachréaltaí K-aicme iad. Réalta aonair atá in Delta a Dó, agus speictream B-aicme aici. Réalta phríomhsheichimh í, agus í ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian; san am chéanna tá sí i bhfad níos lonrúla. An triúr acu tá siad suite faoi thrí chéad deich solasbhlian is dhá scór dínn, a bheag nó a mhór, ach má tá, níl Delta a Dó sách gar do Delta a hAon le haon chóras imtharraingthe amháin a dhéanamh.
Cairt Franklin-Adams a thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha (grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh. Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.
Cairteacha Wolf-Palisa a thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a fuair bás sa bhliain 1925 i Vín.
Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna hastaróidigh chomh maith, agus d’aithin is a d’ainmnigh siad cuid mhór acu.
Caiseoipé a thugtar ar an réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha Cassiopeiae), Caph (Beta Cassiopeiae), Gamma Cassiopeiae (nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah (Ksora, Delta Cassiopeiae), agus Segin (Epsilon Cassiopeiae).
Tríd is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar, ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de chomhbhaill na hilréalta, agus mar is gnách inniu, ní thugann cumann idirnáisiúnta na réalteolaithe ”Schedar” go hoifigiúil ach ar an bpríomhréalta seo, seachas ar chóras Alpha Cassiopeiae go léir. Tá an réalta seo suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.
Réalta athraitheach ar aon chineál le Delta Scuti í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta. Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir, coimhdire ná comhréalta ar bith aici. Tá sí ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an meánchiorcal ná idir na poil.
Réalta athraitheach eile í Gamma Cassiopeiae, agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í. Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na gile, is dócha.
Bhí Gamma Cassiopeiae tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa spás. Bhaist an spásaire Virgil ”Gus” Grissom Navi ar an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation (loingseoireacht) a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27 Eanáir 1967, le linn druileála. Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an spástaistil.
Maidir le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é Rukbat, a thagraíos d’Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.) Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.
Segin, arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh fairsing.
Tá cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta – í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.
Calafoirniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 98. Cf an tsiombail, agus fuair an dúil a hainm ó stát California sna Stáit Aontaithe, ós rud é gur ansin, i Saotharlann Lawrence Berkeley, a sintéisíodh an chéad uair í.
Cosúil leis na dúile trasúránacha eile is dúil éagobhsaí radaighníomhach é an calafoirniam – is é sin níl ach iseatóip radaighníomhacha aige. Tá an t-iseatóp is cobhsaí beagnach naoi gcéad bliain ar leathré, áfach, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha an chalafoirniam. Is iad +2, +3 agus +4 na huimhreacha ocsaídiúcháin, agus is é +3 an staid ocsaídiúcháin is coitianta, mar a bhíos ag na lantanóidigh agus ag na hachtanóidigh.
Baintear úsáid as calafoirniam a 252 mar fhoinse neodrón, leis an slabhra imoibriúcháin a thosú sna himoibreoirí núicléacha mar shampla.
Callisto: Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus Europa). Ní raibh d’ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon Mayr an leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.
Tá Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos éadroime ná é. Is í an ceann is faide ó Iúpatar de ghealacha Galileo, agus níl sí in athshondas leis na gealacha eile acu – ní bhíonn na fórsaí taoide ag dul i bhfeidhm ar Challisto an dóigh a mbíonn siad, abair, ag rúscadh Io taobh istigh. Chomh fada is atá Callisto ón triúr eile, is dócha nár imir a n-imtharraingt mórán uirthi riamh.
Tá Callisto comhdhéanta as cloch agus as leac oighir, agus chomh héadrom is atá sí, is dócha go bhfuil sí níos saibhre in oighear ná gealacha eile an ghrúpa. Tá sí breac le cráitéir, agus is féidir go bhfuil leacht uisce, sórt ”aigéan faoi thalamh”, taobh istigh den ghealach. Is dócha go bhfuil croí cloiche (sileacáite) timpeall ar lár Challisto, áfach.
An Camchéachta nó an Céachta nó an tSeisreach a thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid.
RÉALTAÍ AN CHAMCHÉACHTA |
|||||
Ainm |
Litir Ghréagach in ainmníocht Bayer |
Aicme speictreach |
Méid dhealraitheach |
Fad na réalta uainn (solasbhlianta) |
Lonrachas/mais i gcomparáid leis an nGrian |
Dubhe |
Alpha Ursae Majoris |
K |
1.8 |
124 |
316/4.25 |
Merak |
Beta Ursae Majoris |
A |
2.4 |
79 |
64/2.7 |
Phekda (Phecda, Phad) |
Gamma Ursae Majoris |
A |
2.4 |
84 |
?*/3.0 |
Megrez |
Delta Ursae Majoris |
A |
3.3 |
58 |
14/1.6 |
Alioth |
Epsilon Ursae Majoris |
A |
1.8 |
81 |
4/2.9 |
Mizar |
Zeta Ursae Majoris |
A |
2.1 |
78 |
(ilréalta) |
Alkaid (Benetnasch) |
Eta Ursae Majoris |
B |
1.9 |
101 |
1.4/6 |
*) Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.
Candam a thugtar ar phacáiste beag fuinnimh, cosúil leis an bhfótón (an candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog chruinn fhuinnimh – candam - a fháil a fhreagraíos don difríocht idir an dá leibhéal.
Mar sin, má théann solas na gréine trí ghás – gás hidrigine, cuir i gcás – fágfaidh an gás línte tanaí dubha i speictream an tsolais. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil na hadaimh ag ionsú (ag sú isteach, ag ól isteach) fuinnimh ón solas agus go bhfuil an fuinneamh seo ag floscadh na leictreon, is é sin á gcur ó leibhéal amháin go leibhéal eile, agus go bhfuil dáileog chruinn fuinnimh – candam – ag teastáil leis an gcineál seo léim a chur i gcrích.
Freagraíonn fuinneamh an chandaim do thonnfhad áirithe, do mhinicíocht áirithe agus do dhath áirithe, agus fágann an t-ionsú líne ionsúcháin san áit ar an speictream a bhfuil an dath áirithe seo suite. Dá mb’amhlaidh nach mbeadh sa solas ach fuinneamh leanúnach, d’fhéadfadh an leictreon fuinneamh a fhlosctha a ól isteach go leanúnach chomh maith, beag beann ar an tonnfhad agus ar an minicíocht, agus ní fheicfí línte ionsúcháin ar bith.
Is éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach – an solas infheicthe, an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht – candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.
Canóin na nÉiclipsí nó Canon der Finsternisse (Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor von Oppolzer i dtoll le chéile. D’fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí féin bás a fháil. D’oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí faoi ocht míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207 roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i bhfad roimh lá na ríomhairí.
Ostarach a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus d’éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás réasúnta óg.
Canopus nó Alpha Carinae nó Soheil atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na Sean-Ghréige.
Tá Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.
Caor thine nó bóilíd a thugtar ar dhreige is gile ná gnáthréalta reatha.
An Capall Beag nó Equuleus a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce, Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha Equulei nó Kitalpha atá ar an réalta is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190 solasbhliain dínn.
Capella atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha Aurigae. Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.
Carbón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a sé, agus is é C an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is iomaí foirmle cheimiceach ina bhfeictear an tsiombail seo, nó tá an carbón in ann naisc cheimiceacha a cheangal beagnach gan teorainn gan chuimse. Dá thoradh sin is é an carbón is bunús leis an mbeatha féin: na móilíní is na comhdhúile ríchasta a bhíos i mbun sainoibre sna cealla beo, ní fhéadfá a leithéidí a bhunú ar aon dúil cheimiceach eile.
Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an gcarbón ná 1s22s22p2. Ciallaíonn an méid sin go bhfuil ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon ag an adamh carbóin, agus go bhfuil ceithre nasc ceimiceacha ag teastáil leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Go bunúsach, is dual don charbón naisc chomhfhiúsacha a cheangal de dhúile neamh-mhiotalacha eile – gan aon trácht a dhéanamh ar na hadaimh charbóin eile.
Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an gcarbón, mar atá, 12C (carbón a dó dhéag) agus 13C (carbón a trí dhéag). Is é an chéad cheann acu an t-iseatóp is coitianta, mar is léir ón meáchan adamhach 12.011. Is é carbón a ceathair déag, nó 14C (carbón a ceathair déag), an raidiseatóp nádúrtha, agus iarsmaí de ar fáil i gcarbón an dúlra – radacarbón a thugtar ar an iseatóp seo freisin.
Níl an radacarbón ach 5730 bliain ar leathré, agus mar sin, thiocfadh meath radaighníomhach ar gach adamh de i rith na n-aeón geolaíoch, ach go bé go bhfuil buansoláthar radacarbóin ann: nuair a bhuaileas neodróin ón radaíocht chosmach núicléis nítrigine in uachtar an atmaisféir, is é is toradh dó seo ná núicléis radacarbóin, agus na núicléis seo á meascadh tríd an gcarbón i ndúlra an Domhain. Mar sin bíonn leibhéal cobhsaí radaighníomhaíochta ag carbón nádúrtha na neachanna beo go léir: bíonn siad ag ithe bia (a bhfuil carbón nádúrtha ann) agus ag baint carbóin óna dtimpeallacht ar dhóigheanna eile, agus is é an cineál seo idirghníomhaíochta a sheachnaideas tuilleadh radacarbóin in éiric na núicléas ar tháinig meath radaighníomhach orthu. Nuair a gheobhas an neach beo bás, áfach, tiocfaidh deireadh leis an malartú carbóin seo, agus tosóidh leibhéal na radaighníomhaíochta ag dul síos sa charbón atá in iarsmaí an neacha sin. Air seo atá an dátú radacarbóin bunaithe, is é sin, dátú na seaniarsmaí trí thomhas na radaighníomhaíochta iontu.
Ní hé an radacarbón an t-aon iseatóp radaighníomhaíoch atá ag an gcarbón, ach is núiclídí saorga gearrshaolacha iad na cinn eile ar fad. Is é 11C (carbón a haon déag) an ceann is fadsaolaí acu, agus níl sé féin ach fiche nóiméad ar leathré.
Tá dhá allatróp nádúrtha coitianta ag an gcarbón agus é aonraithe ina dhúil ghlan: an diamant agus an ghraifít. Tá struchtúr tríthoiseach ag criostail an diamaint, agus gach adamh timpeallaithe ag ceithre cinn eile go siméidriúil. Naisc chomhfhiúsacha iad na naisc idir na hadaimh sa chriostal, agus mar sin ní seoltóir maith leictreachais é an diamant, toisc nach bhfuil leictreoin dílogánaithe ann. Mar is eol do chách, tá an diamant an-chrua freisin. Scéal eile ar fad í an ghraifít. Tá criostal na graifíte comhdhéanta as cisil déthoiseacha agus na leictreoin dílogánaithe ag sní go saor eatarthu. Mar sin tá an ghraifít sobhriste, agus í i bhfad níos fearr ag iompar sruth leictreachais ná na neamh-mhiotail tipiciúla.
Allatróp neamhchoitianta de chuid an charbóin is ea an lonsdaeilít a fuair a hainm ó Kathleen Lonsdale, criostalagrafaí Éireannach. Is gnách ”diamant heicseagánach” a thabhairt ar an lonsdaeilít, toisc go bhfuil struchtúr heicseagánach (sé-uilleach) ag an gcriostal lonsdaeilíte. Tá an lonsdaeilít an-chrua, cosúil leis an diamant. Níl lonsdaeilít ar fáil i ndúlra an Domhain, ach is féidir teacht uirthi ar dhreigítí ón spás ó am go ham.
Maidir le comhdhúile an charbóin, is féidir a rá gur eolaíocht ar leith é a dtaighde – eolaíocht ar a dtugtar ”an cheimic orgánach”, agus is í an cheimic neamhorgánach atá i gceist leis an taighde ar chomhdhúile na ndúl eile. Is iad na naisc idir na hadaimh charbóin, na slabhraí fada carbóin, is bunús leis an idirdhealú seo. Mar sin féin, is féidir a rá gur fearr comhdhúile áirithe carbóin a áireamh ar na substaintí ”neamhorgánacha”, cosúil leis an dé-ocsaíd charbóin CO2 agus an aonocsaíd charbóin CO. Ní mór an cheimic orgánach a aithint thar an mbithcheimic: is í an bhithcheimic ná ceimic na n-orgánach beo. D’fhéadfá a rá gur brainse den cheimic orgánach í an bhithcheimic, ach ar ndóigh tá ról ag substaintí áirithe neamhorgánacha féin sa bhithcheimic (is substaint neamhorgánach í an ocsaigin ghlan, O2, mar shampla).
Is féidir leis an adamh carbóin nasc dúbailte nó triarach a cheangal de cheann eile. Mar sin tá nasc dúbailte i móilín na heitéine C2H4, agus nasc triarach i móilín na haiceitiléine C2H2. Hiodracarbóin iad an dá chomhdhúil seo, chomh maith leis an meatán CH4 agus an t-eatán CH3CH3, nach bhfuil ach naisc shimplí iontu. Is féidir na mílte móilíní éagsúla a thógáil as adaimh charbóin agus hidrigine, ar acht is go gcuirfidh tú san áireamh nach féidir le haon adamh carbóin ach ceithre nasc a cheangal, agus nach bhfuil ach aon nasc amháin ag an hidrigin. Na móilíní a chuirfeas tú le chéile agus a tharraingeos tú ar an bpáipéar de réir an dá phríomhriail seo, gach seans go bhfuil teacht orthu sna meascáin nádúrtha hiodracarbón cosúil leis an ngás nádúrtha agus an artola, ar acht is nach bhfuil na móilín chomh plódach le craobhacha is nach bhfuil siad cobhsaí a thuilleadh.
Na feidhmeanna casta a bhíos ag na comhdhúile bithcheimiceacha sna cealla beo, tá siad bunaithe ar adamhghrúpaí a bhfuil saintréithe speisialta acu – feidhmghrúpaí, mar a thugtar orthu. Samplaí d’fheidhmghrúpaí iad an grúpa aildéadach -C(H)O (úsáidtear na lúibíní lena chur in iúl nach bhfuil nasc ar bith idir an adamh hidrigine H agus an t-adamh ocsaigine O), an grúpa hiodrocsaile -OH ar a n-aithnítear na halcóil is na feanóil (féach an t-eatanól, is é sin, an gnáthalcól C2H5OH), an grúpa carbocsaile -C(O)OH a bhíos ag na haigéid charbocsaile cosúil leis an aigéad formach HC(O)OH nó an t-aigéad aicéiteach CH3C(O)OH, agus a lán eile. Is féidir leis na comhdhúile orgánacha dhá fheidhmghrúpa nó níos mó a bheith acu: sampla maith de seo is ea na haimínaigéad, a bhfuil idir aimínghrúpa -NH2 agus carbocsailghrúpa -C(O)OH iontu.
Castor an t-ainm traidisiúnta ar Alpha Geminorum, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Chúpla. Le fírinne is ilréalta (séréalta) é Castor. Tá trí dhéréalta ann: Castor A, Castor B, agus Castor C, cé gur mar aon réalta amháin a aithníos súil an duine an t-iomlán. Glactar leis go bhfuil Castor C ag fithisiú an dá dhéréalta eile. Déréaltaí speictreascópacha iad na déréaltaí seo go léir, is é sin ní féidir iad a aithint mar dhéréaltaí gan breathnuithe a dhéanamh ar an speictream. Tá an córas go léir suite cuíosach cóngarach dúinn, is é sin, níl sé ach faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.
Is A-réaltaí iad Castor Aa agus Castor Ba (is é sin, an dá chomhréalta is gile), agus an dá cheann acu dhá-trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir na maise. Abhaic dhearga iad Castor Ab agus Castor Bb (is é sin, compánaigh an dá chomhréalta is gile). Maidir le Castor C, tá dhá abhac dearga ann. Bladhmréaltaí iad na habhaic dhearga go léir i gcóras Castor.
Catalóg Ghinearálta Boss an chatalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC (General Catalogue an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d’fhoilsigh athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh maith lena athair roimhe.
No comments:
Post a Comment