Monday, July 6, 2020

Ciclipéid na hOllchruinne arís: Catalóg Messier-Comhlionsa

Catalóg Messier a thugtar ar an gcatalóg réalteolaíoch a chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d’oibrigh sé amach catalóg de réadanna a d’fhéadfaí a thógáil in ainriocht cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige Ginearálta).

AN CHÉAD DEICH RÉAD I gCATALÓG MESSIER...
Uimhir i gCatalóg Messier
Ainmneacha eile
Réaltbhuíon
Fad ón Domhan
Cineál
M1
Réaltnéal an Phortáin, NCG 1952
An Tarbh
6300 solasbhliain
Iarsmaí ollnóva
M2
NCG 7089
Iompróir an Uisce
36 000 solasbhliain
Réaltbhraisle chruinneogach
M3
NCG 5272
Na Madraí Fiaigh
31 000 solasbhliain
Réaltbhraisle chruinneogach
M4
NCG 6121
An Scairp
7000 solasbhliain
Réaltbhraisle chruinneogach
M5
NCG 5904
An Phéist
23 000 solasbhliain
Réaltbhraisle chruinneogach
M6
Braisle an Fheileacáin, NCG 6405
An Scairp
2000 solasbhliain
Réaltbhraisle oscailte
M7
Braisle Tholamaeis, NCG 6475
An Scairp
1000 solasbhliain
Réaltbhraisle oscailte
M8
Réaltnéal an Mhurlaigh, NCG 6523
An Saigheadóir
6500 solasbhliain
Réaltnéal agus réaltbhraisle leis
M9
NCG 6333
Fear na bPéisteanna
26 000 solasbhliain
Réaltbhraisle chruinneogach
M10
NCG 6254
Fear na bPéisteanna
13 000 solasbhliain
Réaltbhraisle chruinneogach
...AGUS ROINNT RÉADANNA TÁBHACHTACHA EILE
M27
Réaltnéal an Tromáin Lúith, NCG 6853
An Sionnach
1250 solasbhliain
Réaltnéal pláinéadach
M31
Réaltra Andraiméide, NCG 224
Andraiméide
2 500 000 solasbhliain
Réaltra
M33
Réaltra an Triantáin, NCG 598
An Triantán
2 810 000 solasbhliain
Réaltra
M44
An Choirceog, Praesepe, NCG 2632
An Portán
600 solasbhliain
Réaltbhraisle oscailte
M45
An Phléadach, an Croimfhleiscín, an Dreoilín, an tÉillín, an Scuaidrín, an Streoillín, an Tréidín, na Cearrbhaigh
An Tarbh
400 solasbhliain
Réaltbhraisle oscailte


Is í an Chatalóg Réaltghrafach an chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an Chatalóg Réaltghrafach), nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná sin, síos go 14 ar mhéid (Carte du Ciel nó ”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan). Bhí an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte seo.

Bhí an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh sí chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha bliain á tabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sí bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte du Ciel, i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt a ghlacadh san obair a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.

Ar feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na réaltaí go tuiscint theoiriciúil a bhforbartha) le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.

Catóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu – caitiain, mar a thugtar orthu.

Ceann na Péiste a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na bPéisteanna. Is í Alpha Serpentis, nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa dromchla ná an Ghrian s’againn.

Ceantar na Gréine a thugtar ar an réigiún spáis timpeall ár ngrianchórais. Is féidir a rá go bhfuil na réaltaí úd Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar sin de réir gach sainmhíniú.

Cearnóg Mhór Pheigeasais a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:
  • Alpha Pegasi, nó Markab;
  • Beta Pegasi, nó Scheat;
  • Gamma Pegasi, nó Algenib;
  • agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.

Ceartairde (dronairde, ceartéirí, dronéirí) a thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí), ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Uillinn nó stua í an cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama (uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna, stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire is fiche agus ciorcal iomlán. úsáidtear aonaid stua seachas aonaid ama leis an gcomhordanáid seo a thabhairt le fios, ní ghlaofar ceartairde/dronairde uirthi ach uair-uillinn.

Is iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a d’fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí maithe a bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí” agus ”dronairde” a úsáid. Ina lán teangacha tá ainm an choincheapa seo bunaithe ar ascensio recta (”éirí ceart”) na Laidine (right ascension as Béarla, Rektaszension as Gearmáinis, ascension droite as Fraincis, rektascensja as Polainnis, rektaskensio as Fionlainnis).

Ceathramhán: Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo. Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí a úsáidtear.

Focal é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar an Réalt-Aistear (Star Trek) freisin, mar chuid den ”teicneachabaireacht” – is é sin, de na focail a bhfuil cuma na heolaíochta orthu agus iad ceaptha le craiceann na hinchreidteachta a chur ar chomhrá na n-aisteoirí. sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí, de réir mar is dealraitheach, go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina cheathramháin, agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an nós seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san fhíor-réalteolaíocht.

An Ceathramhán, nó An Ceathramhán Múrach, a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na gCuadraintídí ainmnithe as. Quadrans Quadrans Muralis an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.

Ceathrú an téarma a thagraíos don chuma atá ar an ngealach nuair atá leath a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is é sin, is ionann ”ceathrú” i gcaint na réalteolaithe agus ”leathghealach” i gcaint na ngnáthdhaoine. Tá an ghealach i mbéal ceathrún nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin roimh an ngealach lán. Is í an cheathrú dheireanach atá ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad, is é sin roimh an nua-ré. D’fhéadfá an dara ceathrú a thabhairt ar an ngealach lán, ach ní gnáthúsáid a bheadh ann: níl sé coitianta ”ceathrú” a thabhairt ach ar an dá leathghealach.

Ceiféas a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf, Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í Alderamin, nó Alpha Cephei, an réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil. Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.

Errai, nó Gamma Cephei, an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.

Alfirk, nó Beta Cephei, an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.

Réalta athraitheach de chineál ar leith í Delta Cephei. Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta – d’fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di. Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla, ó F go G agus ar ais.

Tá aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar atá, na Ceifidí. Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.

Ceilt a bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil an Ghealach idir sinn agus í.

Más í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt air sin, ach éiclips nó urú (gréine).

Céimeanna na Gealaí a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an nua-ré ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin ar an nGealach, agus í ag teacht ann, nó ag líonadh. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na nua-ré tá an Ghealach i mbéal ceathrún, agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán. Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-réiomlán gealaí ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís, agus í ag dul ar gcúl, nó ag caitheamh, anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh na nua-ré, níl ach leath an diosca soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an cheathrú dheireanach. Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.

Tugtar mí shionadach mí ghealaí ar an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá sé naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag luainiú idir 29.8 lá agus 29.26 lá, de réir is mar a bhíos imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.

Céim stua a thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is seascadú cuid) den chiorcal iomlán.

An Ceinteár (Centaurus an leagan Laidine, Centauri an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.

Is í an tríréalta úd Alpha Centauri, an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Toliman, nó Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is ciall le proxima na Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad: is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Toliman, agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i gcónaí, cé acu atá baint cheart imtharraingthe ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag dul thar bráid. Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn, ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.

Tá Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile. Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri.

Maidir le Beta Centauri, is tríréalta í. Ainmneacha eile ar Bheta Centauri iad Agena agus Hadar – glacann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe leis an ainm Hadar go hoifigiúil mar mhalairt ainm ar an gcomhbhall is mó, Beta Centauri Aa. Fathachréaltaí B-aicme iad an triúr acu, agus iad suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Tá an tríréalta iomlán breis is dhá scór míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s’againn. Maidir leis an mais, tá an dá chomhréalta is troime – Beta Centauri Aa agus Beta Centauri Ab – timpeall ar dheich n-oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus an tríú ceann – Beta Centauri B – cúig oiread chomh téagartha léi. Mar is dual do na réaltaí B-aicme, tá siad go léir bánghorm, agus iad i bhfad níos teo ná an Ghrian agus i bhfad níos sciobtha ag spíonadh a gcuid hidrigine.

Gamma Centauri arís, is déréalta í. Muhlifain an t-ainm traidisiúnta. Fathaigh nó fo-fhathaigh iad an dá chomhbhall, agus is A-réaltaí iad – réaltaí bánghorma, cé nach bhfuil siad chomh te leis na B-réaltaí. Tá Gamma Centauri suite faoi chéad agus dhá scór solasbhliain dínn.

Ceinteáir a thugtar ar aicme ar leith d’astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir dearcadh ar na ceinteáir mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat – níl sí ar déanamh na liathróide).

Ba é Hidalgo an chéad cheinteár a d’aithin na réalteolaithe, thiar sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo réadanna go fóill – d’aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é. Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus agus Amycus.

Ceres an ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le fírinne ní dhearctar uirthi mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chiliméadair ar trastomhas. Tá an tríú cuid de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres. Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn an chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres, nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den dromchla oighir.

Chiron a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977. Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí – na ”ceinteáir”. Dá réir sin d’ainmnigh siad as ceann de cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d’fhithis Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean, an t-apaihéilean) taobh amuigh d’fhithis Úránais.

Ciantréimhseach: Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil tréimhsiúil nó peiriadach. (Athruithe tréimhsiúla nó peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta agus an peiriad, an tréimhse nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil, áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha, ach amháin go bhfuil siad chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an timthrialla a thomhas.

Is é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular. Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma réalteolaíochta sa Ghaeilge.

Cignídí: dreigechith iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala (Cygnus) i Mí Lúnasa.

An Chíle (ainm Laidine: Carina, ginideach: Carinae) atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta ina timpeall, ba chuid den Long (Argo Navis) í ar dtús.

Is é Canopus, nó Alpha Carinae, an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá cóngarach dúinn).

Maidir le Beta Carinae nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith. Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cosúil le placid an Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan, agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil. A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.

Níl a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma Argus Navis, agus baisteadh Gamma Velorum ar an réalta sin (Vela an t-ainm Laidine ar na Seolta).

Eta Carinae ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s’againn. Tagann athruithe móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór” a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a chéile – tógann sé cúig bliana go leith orthu timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach – mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae a cuid fuinnimh.

Chomh mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i stíl Eta Carinae”).

Cill fhótaileictreach: is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtagann athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.

Cineálacha lonrachais: Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtína cúig. Sa chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian s’againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd = sub-dwarf an Bhéarla, nó fo-abhac, agus D = dwarf an Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).

Ba iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith Kellman a d’oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na 1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan-Kellman” nó ”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid d’Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu téann sé siar go dtí na caogaidí.

Ciogal Mheatóin: Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D’aithin an réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi mbliana déag agus 235 mhí gealaí: níl de dhifríocht ach dhá uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na seanársaíochta.

Ciogal na ngrianspotaí: peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal den chineál seo a chur di.

Ciogal Sótach: Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig lá is trí scór (365 lá), beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé aon chiogal Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís. Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach bunaithe ar Sotis, arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne, is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet), nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain Shótach uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)

Ciorcal an diallais: an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a socraítear an diallas, is é ciorcal an diallais é.

Ciorcal comhlárnach: Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne ar an réigiún eatarthu.

Ciorcal éalárnach: Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile, agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.

Ciorcal polach: Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach. Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana chomh maith.

Ciseal cúlaithe: Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine atá suite díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte ionsúcháin ar speictream na Gréine.

Ciseal Kennelly-Heaviside: Cuid d’ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo, agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.

Fuair an ciseal a ainm ó Arthur Edwin Kennelly, innealtóir leictreach Gael-Mheiriceánach, agus ón bhfisiceoir féinteagasctha Sasanach Oliver Heaviside.

Ciseal vialait: Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní sa chuid is airde thuas d’atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.

Cisghealaí: An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é, is é sin, an spás ar ár dtaobh féin (cis) den Ghealach. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is é an cianspás é. Gineadach baininscneach é an focal sin cisghealaí go foirmiúil, ach ní úsáidfeá an fhoirm cisghealach. D’fhéadfá ”an spás trasghealaí” a thabhairt ar an gcianspás chomh maith.

Claíomh Oiríon: Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon comhdhéanta as 42 Orionis, Theta Orionis, agus Iota Orionis chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).

Clann chóiméad: Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean) an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach í clann Iúpatair, cuir i gcás.

Claonadh fithise: Is éard atá i gceist le claonadh na fithise ná an uillinn idir fithis an phláinéid (nó a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid, is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó plána Laplace (an leibhéal a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).

Clóirín: Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus is é Cl an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Ceann de na halaiginí é an clóirín, cosúil leis an bhfluairín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, agus mar sin, tá aon leictreon amháin de dhíth air leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Is gás uaine nó buí-uaine é an clóirín le teocht an tseomra, agus é comhdhéanta as móilíní dhá adamh, Cl2. Fuair an clóirín a ainm ó dhath an gháis, nó is é is brí leis an bhfocal Gréigise úd khloros ná ”bánuaine”.

Tá an clóirín 35.45 aonad ar mheáchan adamhach. Is iad na hiseatóip chobhsaí ná 35Cl (trí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus 37Cl (aon cheathrú cuid amháin de chlóirín an dúlra). Tá a leithéid d’iseatóp ann agus 36Cl freisin, ach is radanúiclíd (iseatóp radaighníomhach) é nach bhfuil ach rianta di le fáil sa dúlra.

Is í an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an gclóirín ná an chlóiríd hidrigine, HCl. Má thuaslagtar san uisce é, gheofar aigéad hidreaclórach. Aigéad láidir é an t-aigéad hidreaclórach, agus mar sin, is gás nimhe í an chlóiríd hidrigine. Tagann an t-aigéad seo isteach úsáideach sa tionsclaíocht, áfach, agus mar sin is ceimiceán é a tháirgtear go forleathan ar fud an domhain.

Tugtar aqua regia nó ”uisce an rí” ar thuaslagán measctha an aigéid nítrigh agus an aigéid hidreaclóraigh. Creimeann an tuaslagán seo ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór. Is í an tríchlóiríd óir, AuCl3, is toradh don imoibriú sin.

Ocsaídeoir láidir é an clóirín agus é araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin is nimh dhainséarach é an gás clóirín, agus le fírinne ba é an chéad ghás nimhe ar baineadh triail as i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda mar arm ceimiceach ollscriosta. Aon duine a léigh, abair, an dán Dulce et Decorum Est le Wilfred Owen, tá a fhios aige nach ábhar magaidh é an t-ionsaí clóirín. D’éirigh an dá thaobh as an gclóirín go sciobtha, áfach, nuair a tháinig gáis ab fhearr ná é chun úsáide: an fhoisgéin (an chlóiríd charbóinile), ach go háirithe – tá dhá adamh clóirín i móilín na foisgéine chomh maith le hadamh amháin carbóin agus ceann amháin ocsaigine, is é sin, Cl2CO an fhoirmle. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an fhoisgéin ar na scamhóga, ionas go líontar le leacht iad – mar a bheadh an duine á bhá ar talamh tirim. Níl boladh chomh láidir as an bhfoisgéin agus atá as an gclóirín, áfach – chuirfeadh boladh na foisgéine féar tirim i gcuimhne duit. Mar sin is féidir leis an bhfoisgéin dochar tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga i nganfhios don tsaighdiúir – scéal eile é an clóirín, nó d’aithneodh an saighdiúir a bholadh agus rachadh sé ar lorg a ghásphúicín in am.

Nuair a rachas an clóirín i gcomhdhúile le miotail, iompóidh sé ina ian clóiríde, Cl-. Tá an t-ian clóiríde breá cobhsaí, agus níl sé nimhiúil ann féin. Clóirídí tábhachtacha iad an chlóiríd sóidiam NaCl, nó gnáthshalann, agus an chlóiríd amóiniam NH4Cl, a úsáidtear le tuilleadh blas a chur le milseáin liocrais. Cineál salann é an chlóiríd chailciam freisin, CaCl2. Is dual don chlóiríd chailciam uisce a ól chuici óna timpeallacht – is substaint thais-scópach í mar a deir an téarmaíocht – agus mar sin scaiptear ar na bóithre í le hiad a choinneáil tirim. An chuid is mó de na salainn chlóiríde tá siad so-thuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid AgCl an eisceacht mhór. Sin é an tuige go n-úsáidtear an níotráit airgid AgNO3 mar imoibrí leis na hiain chlóiríde a aithint: má chuirtear níotráit airgid le tuaslagán a bhfuil iain chlóiríde ann, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile le criostail a dhéanamh, agus beidh deascadh clóiríde airgid ann ar an toirt.

Tá aithne ag an gcine daonna ar chomhdhúile clóirín cosúil leis an ngnáthshalann ón réamhstair anuas, ach ba é Carl Wilhelm Scheele an chéad cheimiceoir a d’aonraigh gás clóirín agus a rinne taighde ceart ar airíonna na substainte seo, sna 1770idí. Shíl sé, áfach, gur comhdhúil de shórt éigin a bhí ann. Ba é an ceimiceoir Humphry Davy ó Chorn na Breataine a d’aithin, sa bhliain 1810, gur dúil cheimiceach a bhí i gceist, agus ba eisean a bhaist an dúil sin.

Tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil HClO (nó HOCl, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad clórúil HClO2 (nó HOClO), an t-aigéad clórach HClO3 (nó HOClO2) agus an t-aigéad sárchlórach HClO4 (HOClO3). Ní féidir ach an ceann deireanach acu a aonrú ón uisce; an trí cinn eile is comhdhúile éagobhsaí iad nach maireann taobh amuigh den tuaslagán uisce. Is féidir leo salainn a dhéanamh le hiain mhiotail, áfach – hipeaclóirítí, clóirítí agus clóráití. Ocsaídeoirí láidire iad, agus is mar ocsaídeoirí a úsáidtear iad – bléitseálann an hipeaclóirít sóidiam NaOCl teicstilí, mar shampla.

Maidir leis an aigéad sárchlórach, tá sé i bhfad níos cobhsaí ná ocsaigéid eile an chlóirín. Aigéad thar a bheith láidir é, níos láidire ná an t-aigéad nítreach féin. Is féidir é a aonrú ón uisce, ach is ábhar sophléasctha é, chomh maith lena chuid salann – na sárchlóráití. Ocsaídeoir láidir é freisin, ar ndóigh. Is é an bhaint atá ag an aigéad sárchlórach le cúrsaí an spáis ná go n-úsáidtear an tsárchlóráit amóiniam mar bhreosla sna roicéid; thairis sin d’aithin gléasra an spástaiscéalaí úd Phoenix Mars Lander sa bhliain 2008 go raibh sárchlóráit mhaignéisiam agus sárchlóráit chailciam le fáil in úir Mharsa. Bíonn salainn an aigéid shárchlóraigh an-sothuaslagtha san uisce, de ghnáth. Tá an tsárchlóráit airgid féin sothuaslagtha san uisce agus ina lán tuaslagóirí eile. Scéal eile é áfach go bhfuil an tsárchlóráit photaisiam dothuaslagtha, agus mar sin úsáidtear an t-aigéad sa cheimic anailiseach mar imoibrí leis na hiain photaisiam, K+, a aithint.

Tá a lán ocsaídí ag an gclóirín freisin: an aonocsaíd déchlóirín Cl2O, an dé-ocsaíd chlóirín ClO2, an heacsocsaíd déchlóirín Cl2O6, an trí-ocsaíd déchlóirín Cl2O3, an heaptocsaíd déchlóirín Cl2O7, agus roinnt eile. Maidir leis an heaptocsaíd déchlóirín, is ainhidríd í don aigéad sárchlórach – is é sin má thagann sí i dteagmháin le huisce imoibreoidh sí leis an uisce le haigead sárchlórach a dhéanamh.

Cóiméad réalta scuaibe, réalta eireabaill, réalta mhongach scuabréalta a thugtar ar réad beag a thagas ó imeall an Ghrianchórais i dtreo na Gréine, ionas go bhfeictear radaíocht na Gréine ag baint damhna den réad, agus an damhna sin ag lasadh suas mar a bheadh eireaball solais ag an réad.

Go bunúsach, ní bhíonn i gceist le cóiméad ach leac oighir den chineál atá flúirseach i scamall Oort agus i gcrios Kuiper, ar imeall an ghrianchórais. An dóigh a dtéann imtharraingt na réaltaí is gaire dúinn i bhfeidhm ar an scamall sin, bíonn corraíl ann, agus de thoradh na corraíola sin a fhágas na cóiméid an scamall le bealach a dhéanamh i dtreo na Gréine.

Tugtar núicléas ar an gcnap oighir féin. Timpeall an núicléis atá an cóma, is é sin, an t-atmaisféar tanaí agus é comhdhéanta as móilíní uisce agus pé cineál damhna eile atá sa núicléas féin.

Is é an t-eireaball nó an scuab an ghné is feiceálaí den chóiméad. Is éard atá ann ná ábhar a bhaintear de dhromchla agus de chóma an chóiméid faoi bhrú na radaíochta ón nGrian. Le fírinne áfach is minic is féidir dhá eireaball éagsúla a aithint ag an gcóiméad – an t-eireaball dusta agus an t-eireaball gáis – ós rud é go bhfuil ábhar eile ann – dusta cloiche (sileacáití) i mbreis ar an oighear. Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach ní hionann luas a ngluaiseachta: rud follasach é go bhfuil an t-eireaball dusta níos troime, níos maille.

Bíonn na cóiméid ag dul timpeall na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus is gnách iad a aicmiú ina dhá ngrúpa, mar atá, na cóiméid ghearrthréimhseacha agus na cóiméid fhadtréimhseacha. Is as scamall Oort taobh thiar de Neiptiún a thagas na cinn ghearrthréimhseacha, agus is as crios Kuiper, an t-imeallbhord is faide ón nGrian, do na cóiméid fhadtréimhseacha. Is iad na cóiméid ghearrthréimhseacha na cinn a chríochnaíos turas amháin timpeall na Gréine in aghaidh an dá chéad bliain, nó níos minice, agus is iad na cinn fhadtréimhseacha na cinn a dtógann sé níos mó ama orthu. Tá cóiméid neamhthréimhsiúla ann fosta, is é sin cóiméid nach bhfanann sa Ghrianchóras tar éis an chéad turas a thabhairt i dtreo na Gréine.

Téann imtharraingt na réad mór – imtharraingt na bpláinéad, cuir i gcás – i bhfeidhm ar na cóiméid ó am go ham, agus tarlaíonn sé go mbuaileann cóiméad faoi phláinéad. Sampla clúiteach de seo is ea cóiméad Shoemaker-Levy a bhuail Iúpatar sa bhliain 1994: ar dtús thit an cóiméad seo as a chéile, agus ansin bhuail na hiarsmaí an pláinéad. Ba mhillteanach an phléasc a bhí ann, nó b’ionann an fuinneamh a scaoileadh sa teagmháil agus buamaí adamhacha an domhain go léir méadaithe faoi shé chéad. Ar ndóigh bhí an t-imbhualadh seo tábhachtach do na réalteolaithe agus iad ag baint a gcuid tátal féin as. Threisigh sé leis an tuairim atá ag cuid mhór acu gur sciath chosanta é Iúpatar atá ag dul idir an Domhan agus dreigeoidigh nó cóiméid ó imeall an ghrianchórais – gurb é Iúpatar ”folúsghlantóir an ghrianchórais”, mar a deirtear freisin.

Cóiméad Arend-Roland a thugtar ar an gcóiméad a d’aithin na réalteolaithe Sylvain Arend agus Georges Roland thiar sa bhliain 1956. Bhí sé geal as an ngnáth nuair a tháinig sé i ngar don Domhan, agus mar sin áirítear ar na cóiméid mhóra i stair na réalteolaíochta é. Cóiméad neamhthréimhsiúil a bhí ann, is é sin, d’imigh sé as an nGrianchóras tar éis dó a pheirihéilean (a gharphointe don Ghrian) a fhágáil ina dhiaidh.

Cóiméad Biela: Fuair an cóiméad seo a ainm ó Wilhelm von Biela, oifigeach Ostarach de phór na Gearmáine a raibh suim aige sa réalteolaíocht. Ba iad Jacques Montaigne agus Charles Messier (an fear céanna a chuir i dtoll le chéile catalóg na réaltnéalta!), roimh aon eolaí eile, a d’aithin an cóiméad seo beag beann ar a chéile sna 1770idí, ach ba é Biela a d’oibrigh amach, sa bhliain 1826, mionsonraí matamaitice na fithise agus a dheimhnigh tréimhse imrothlaithe an chóiméid – tuairim is 6.6 bliain.

Sa bhliain 1845, chonaic na réalteolaithe go raibh dhá leath déanta den chóiméad, agus ina dhiaidh sin, thit Cóiméad Biela as a chéile. Níor fágadh ach dreigechith de – na hAndraiméidídí nó na Bílídí – agus níl an dreigechith sin féin le feiceáil a thuilleadh inniu.

Cóiméad Donati: Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Battista Donati a chuir an chéad sonrú sa chóiméad seo thiar sa bhliain 1858. Bhí cóiméad Donati ar an gcéad chóiméad ar tógadh grianghraf de riamh. Ceann de chóiméid mhóra na staire é chomh feiceálach is a bhí sé, agus deireadh lucht na comhaimsire gurbh é an cóiméad ab áille a chonacthas riamh – ar a laghad chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm ar a lán ealaíontóirí mar inspioráid, agus tharraing an cóiméad súil na ndaoine ar iontais na réalteolaíochta mar ábhar ginearálta spéise. Glactar leis gur cóiméad fadtréimhseach é nach bhfillfidh ach sa cheathrú mílaois.

Cóiméad Encke: Cóiméad gearrthréimhseach é Cóiméad Encke nach gcaitheann ach tuairim is trí bliana ag tabhairt turais timpeall na Gréine. Cuireadh sonrú sa chóiméad seo san ochtú haois déag, ach is é an t-ainm a fuair sé ná sloinne an réalteolaí a d’oibrigh amach mionsonraí a fhithise sa bhliain 1819, mar atá, Johann Franz Encke.

Cóiméad Halley: Ceann de chóiméid mhóra na staire é an cóiméad seo. Tógann sé cúig bliana déag is trí scór air imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Bíonn sé le feiceáil go soiléir ón Domhan nuair a thagas sé i ngar don Ghrian, agus na teoiricí atá ag na réalteolaithe i dtaobh na gcóiméad tá siad, cuid mhór, bunaithe ar na breathnuithe a rinneadh ar an gcóiméad áirithe seo. Cosúil le Cóiméad Encke, tá an cóiméad seo ainmnithe as an matamaiticeoir a d’oibrigh amach airíonna a fhithise, seachas as an duine a chuir an chéad sonrú ann. Edmund Halley a bhí ar an eolaí sin, agus rinne sé an t-éacht i dtús na hochtú haoise déag. Chonaic Halley an cóiméad le súile a chinn féin sa bhliain 1682, agus bhí sé in ann filleadh an chóiméid a thairngreacht sách cruinn, ach fuair sé féin bás breis is deich mbliana sula bhfacthas a chóiméad arís.

Cóiméad Holmes: Ba é an réalteolaí Sasanach Edwin Holmes a rinne fionnachtain an chóiméid seo sa bhliain 1892. Tógann sé sé bliana agus deich mí, a bheag nó a mhór, ar chóiméad Holmes turas amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cuid súl ann.

Cóiméad Ikeya-Seki: Cóiméad fadtréimhseach é an cóiméad seo ar chuir na réalteolaithe Seapánacha Kaoru Ikeya agus Tsutomu Seki sonrú ann sa bhliain 1965. Tháinig cóiméad Ikeya-Seki an-chóngarach don Ghrian agus rinneadh trí chuid de, ach má rinneadh, lean na codanna sin ar a seanruthag ina dhiaidh sin féin. Nuair a d’imigh an cóiméad ó lár an ghrianchórais, ní fhacthas arís é.

Cóiméad Kohoutek: Ba é an réalteolaí Seiceach Luboš Kohoutek a chéadaithin an cóiméad áirithe seo. Chonacthas sa bhliain 1973 é, agus bhain sé amach a gharphointe don Ghrian faoi dheireadh na bliana. Cóiméad fadtréimhseach é nach bhfeicfear arís ach i gceann seachtó is cúig mhíle bliain. Ba é an chéad chóiméad riamh a ndearnadh breathnuithe air ó spásbháid – ba iad an spásbhád Sóivéadach Soyuz a Trí Dhéag agus an spás-stáisiún Meiriceánach Skylab a Ceathair a bhí i gceist.

Cóiméad Pons-Winnecke: Seo cóiméad ar chuir an réalteolaí Francach Jean-Louis Pons an chéad sonrú ann sa bhliain 1819. Chuaigh an cóiméad seo as radharc ar na réalteolaithe idir an dá linn, ach ansin rinne an Gearmánach Friedrich August Theodor Winnecke a athfhionnachtain sa bhliain 1858. Cóiméad gearrthréimhseach é nach dtógann sé ach corradh is sé bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.

Coimhdire a thugtar ar an gcomhbhall is lú i ndéréalta – is coimhdire é Sirius B, mar shampla.

Cóimheas Pogson: Ar scála logartamach na gile, tá réalta na séú méide céad oiread níos gile ná réalta na chéad mhéide. Is é is impleacht dó sin ná, más ionann gile na réalta seo agus m, agus más í gile na réalta úd eile agus m + 1, de réir an scála, is é is brí leis sin ná go bhfuil an réalta úd eile timpeall is 2.512 oiread níos gile ná an réalta seo. Is í an uimhir sin cóimheas Pogson. Le bheith beacht, is ionann cóimheas Pogson agus an cúigiú fréamh as céad, is é sin, más ionann x5 (cúigiú cumhacht an x) agus 100, is ionann x agus cóimheas Pogson – mar sin níl sa luach úd 2.512 ach garmheastachán. Ba é an réalteolaí Sasanach Norman Robert Pogson a d’oibrigh amach an córas seo faoi lár na naoú haoise déag.

Coindrít a thugtar ar dhreigít atá fáiscthe as dusta agus mionábhar eile spáis, agus cáithníní an mhionábhair seo le haithint i gcónaí mar choindriúil sa chloch. Deoirín damhna é an coindriúl a ghreamaigh den dreigeoideach amuigh sa spás.

An Choirceog an t-ainm Gaeilge ar Praesepe nó réad uimhir a 44 i gcatalóg Messier (M44). Réaltbhraisle oscailte í atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phortáin, agus í ar na braislí oscailte is cóngaraí dúinn. Tá réaltaí na Coirceoige suite faoi chúig nó sé chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus is léir óna ndualghluaisne go bhfuil baint éigin ag an gCoirceog le braisle Hyades. Tá timpeall ar mhíle réalta sa Choirceog agus iad nasctha dá chéile ag an imtharraingt; an chuid is mó acu tá siad sách beag, ach d’aithin na réalteolaithe cúig fhathachréalta ansin chomh maith. Ba é Galileo Galilei, roimh aon duine eile, a rinne breathnuithe teileascóip ar an gCoirceog, agus é in ann dhá scór réalta a aithint thar a chéile ansin.

An Colgán Dorado an réaltbhuíon atá suite idir an Siséal, an Clog, an Líontán, an Phéist Bheag, an Tábla, an tIasc Eitilte, agus an Péintéir. Ba é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a shainigh an réaltbhuíon seo sa tseachtú haois déag. Ar feadh i bhfad áfach ní raibh na réalteolaithe ar aon tuairim faoi ainm ceart na réaltbhuíne seo, nó is iomaí duine acu a thugadh Xiphias uirthi – ainm Laidine nó Gréigise ar an gcolgán. Ainm Portaingéilise é Dorado, áfach. Doradus an ginideach Laidine de Dorado a úsáidtear in éineacht le hainmneacha na litreach Gréagach i gcóras ainmníochta Bayer: Alpha Doradus, Beta Doradus, Gamma Doradus...

Is í an réalta is gile sa Cholgán ná Alpha Doradus, ar déréalta í: réaltaí teo bánghorma iad an dá chomhbhall, agus iad cúpla oiread níos troime, níos mó ná an Ghrian. Tá siad chomh lonrúil áfach is go n-aicmítear mar fhathachréaltaí iad. Le bheith beacht, fo-fhathach atá i gceann acu, agus fíorfhathach sa cheann eile. A-réalta é an fathach, agus is B-réalta é an fo-fhathach, de réir an speictrim.

Tá an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil sa Cholgán.

An Colm Columba a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Madra Mór, an Giorria, an Siséal, an Péintéir, agus Deireadh na Loinge. Is gnách glacadh leis gurbh é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a cheap an réaltbhuíon seo is a d’ainmnigh í i ndeireadh na séú haoise déag, cé go bhfuil leideanna ann gur réaltbhuíon thraidisiúnta a bhí ann i ndáiríribh. Is ar éigean is féidir a rá go mbeadh cuid súl sa Cholm. Phact, nó Alpha Columbae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fo-fhathach B-aicme atá i gceist, agus é suite faoi 260 solasbhliain dínn. Wazn an seanainm atá ar Beta Columbae, an dara réalta is gile. Réalta fhlannbhuí K-aicme í, agus í suite faoi 87 solasbhliana dínn.

Colúr a thugtar ar cheann de dhá phríomh-fhadlíne an sféir neamhaí. Is é colúr an ghrianstad an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá ghrianstad (is é sin, túsphointe Cancer agus túsphointe Capricornus). Is é an colúr cónochta an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá chónocht (is é sin, túsphointe Aries agus túsphointe Libra).

Cóma an focal is bunús le ”cóiméad”: is éard atá sa chóma ná ”atmaisféar” an chóiméid, as a bhfoirmítear eireaball an chóiméid faoi bhrú na grianghaoithe. Móilíní uisce agus dusta is mó a bhíos ann. Thairis sin aithnítear comhdhúile ceimiceacha simplí eile seachas uisce i gcóma na gcóiméad: dé-ocsaíd charbóin (CO2), aonocsaíd charbóin (CO), suilfíd hidrigine (H2S), ciainíd hidrigine (HCN) agus formaildéad (HCHO), mar shampla.

Comharthaí an Stoidiaca a thugtar ar na teascóga den éiclipteach a chomhionannaítear le réaltbhuíonta an Stoidiaca san astralaíocht. Sainmhínítear na comharthaí seo de réir réalteolaíocht na sean-Bhablóine, rud a chiallaíos nach bhfuil na réaltbhuíonta agus na comharthaí ag freagairt dá chéile a thuilleadh, nó tháinig athrú áirithe ar an spéir idir an dá linn, chomh sean is atá na réaltchatalóga Bablónacha – is í luainíocht na gcónocht is cúis leis an athrú seo. Thairis sin is ionann gach teascóg agus aon dóú cuid déag den éiclipteach, ach ar ndóigh tá réaltbhuíonta an Stoidiaca éagsúil maidir leis an gcuid den éiclipteach atá fúthu. Scéal eile fós go bhfuil réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna dingthe idir an Scairp agus an Saighdeoir, agus an t-éiclipteach ag rith tríthi, ach ina dhiaidh sin féin ní thugann lucht na hastralaíochta aitheantas dá leithéid de chomhartha stoidiaca.

Is iad comharthaí an Stoidiaca ná an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar, an tUisceadóir, agus na hÉisc. ”An tUisceadóir” an t-ainm Gaeilge a bhíos ag lucht scríofa na dtuismeánna ar an gcomhartha úd Aquarius, ach is é ”Iompróir an Uisce” an t-ainm a mholas an Foclóir Réalteolaíochta don réaltbhuíon.

Comhathrú an domhanleithidguagadh Chandler a thugtar ar ghné áirithe de nútú an Domhain, is é sin, ar an athrú a thagas ar an mbaint atá ag ais rothlúcháin an Domhain lenár bpláinéad féin mar chorp soladach. Athrú tréimhsiúil é guagadh Chandler. Ba é an geolaí Meiriceánach Seth Chandler a d’aithin comhathrú an domhanleithid sa bhliain 1891.

Comhbhaill a thugtar ar na réaltaí a bhfuil córas déréaltach nó ilréaltach comhdhéanta astu.

Comhdhlúthuithe corónacha a thugtar ar limistéir áirithe i gcoróin na Gréine atá níos teo agus níos gile ná a bhfuil ina dtimpeall. Tá baint acu le gníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine.

Comhéifeacht athraonta an uimhir a thugas coibhneas luas an tsolais san fholús agus luas an tsolais i meán áirithe. Mar shampla, tá an t-uisce 1.333 ar chomhéifeacht athraonta, rud a chiallaíos go bhfuil an solas aon tríú cuid níos sciobtha san fholús ná san uisce.

Ní mór aird a thabhairt air go bhfuil an chomhéifeacht athraonta bunaithe ar luas na dtonnta solais. Mar sin, is féidir di bheith beagáinín níos ísle ná a haon. Sa chás sin féin áfach ní bhristear an dlí nádúrtha a deir nach dtig luas an tsolais a shárú, nó ní iompraíonn na tonnta féin aon chineál eolais ná damhna. Má thagann athrú ar mhinicíocht an tsolais, áfach, ní sháróidh luas forleata an athraithe sin luas an tsolais, ós iompróir eolais, nó fiú giota eolais ann féin, atá san athrú sin.

Comhiompar an focal a thagraíos d’aistriú an teasa trí aistriú na móilíní nó na n-adamh – is é sin, nuair a bhíos na móilíní nó na hadaimh ag gluaiseacht, bíonn siad ag iompar an teasa agus an fhuinnimh leo. Is é an comhiompar is cúis le haistriú an teasa sa chuid eachtrach den Ghrian, a dtugtar crios an chomhiompair uirthi; taobh istigh de chrios an chomhiompair atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á iompar ag an radaíocht, seachas ag na móilíní nó na hadaimh.

Comhlínitheoir a thugtar ar ghléas a úsáidtear le solas nó radaíocht a chomhlíniú – is é sin, leis na gathanna a stopadh ó spré agus a choinneáil go tiubh in aice le chéile. Solas an-chomhlínithe atá i gceist leis an solas léasair, agus d’fhéadfá a rá go bhfuil an léasar ar an gcomhlínitheoir is láidire amuigh.

Comhlionsa atá i gceist le lionsa atá curtha i dtoll le chéile as lionsaí éagsúla agus iad déanta as cineálacha éagsúla gloine. Úsáidtear comhlionsaí leis na hiomraill optúla sna lionsaí a íosmhéidiú. Sampla tábhachtach de seo is ea an comhlionsa neamhchrómatach. Go bunúsach, ní hionann an fócas do na tonnfhaid éagsúla i lionsa aonair, rud a tharraingíos iomrall crómatach (iomrall datha), ionas go bhfeictear, abair, sórt ”bogha báistí” de dhathanna timpeall ar an réalta sa teileascóp. Comhlionsaí neamhchrómatacha iad na comhlionsaí atá ceaptha go speisialta le baint den iomrall chrómatach.

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...