Tuesday, July 7, 2020

Ciclipéid na hOllchruinne arís: Comhordanáidí neamhaí-Darmstaidiam

Comhordanáidí neamhaí a thugtar ar na comhordanáidí a úsáideas na réalteolaithe le háit na rinne neimhe ar an spéir a shocrú is a shainmhíniú. Bíonn córais éagsúla chomhordanáidí acu le haghaidh cuspóirí éagsúla:


  • Córas na léaslíne. Tá an córas seo bunaithe ar an áit a bhfuil an breathnóir féin suite ar dhroim an Domhain. Is í an léaslíne a shocraíos bunphlána an chórais agus nialas an leithid (is é sin, nialas na hairde). Is iad poil an chórais seo ná an forar (an pointe os cionn an bhreathnóra) agus an nadair (an pointe taobh thíos den bhreathnóir). Tugtar airde (leithead) agus asamat (fad) ar na comhordanáidí. Is féidir tuaisceart nó deisceart na léaslíne a úsáid mar nialas don fhad (don asamat).

  • Córas an mheánchiorcail. Is féidir an córas seo a bhunú ar lárphointe an Domhain (an leagan geolárnach den chóras, mar a déarfá) nó ar lárphointe na Gréine (an leagan héilealárnach den chóras). Is é an meánchiorcal neamhaí nialas an leithid, agus is é cónocht an Earraigh nialas an fhaid. Diallas a thugtar ar an leithead sa chóras seo, agus tá dhá fhad éagsúla ann: an cheartairde (an ceartéirí, an dronéirí, an dronairde) agus an uair-uillinn. Tá an cheartairde ag dul i méadaíocht soir, agus an uair-uillinn ag dul i méadaíocht siar. Cé gur uaillinn atá i gceist leis an gceartairde chomh maith leis an uair-uillinn, tugtar an dá rud in aonaid ama seachas in aonaid stua, ionas gurb ionann an ciorcal iomlán agus ceithre huaire is fiche ar an gclog.

  • Córas an éicliptigh. Tá an leagan geolárnach agus an leagan héilealárnach ann. Is é an t-éiclipteach is nialas don leithead, agus is é cónocht an Earraigh is nialas don fhad. Tugtar fad éicliptigh agus leithead éicliptigh ar an bhfad agus ar an leithead sa chóras seo.

  • Córas na gcomhordanáidí réaltracha. Is é lárphointe na Gréine bunphointe na gcomhordanáidí. Is é plána an réaltra is nialas don leithead, agus is é lárphointe an réaltra is nialas don fhad. Tá an pol thuaidh suite i bhFolt Bheirnicé, agus an pol theas sa Dealbhóir.


Compánach is féidir a thabhairt ar cheann de na réaltaí sa déréalta. Is gnách compánach nó coimhdire a thabhairt ar an gcomhbhall is laige: mar shampla, is ionann ”compánach Sirius” agus Sirius B.


Comparadóir caochaíola an gléas d’úsáidtí sna laethanta a bhí le dhá ghrianghraf réalteolaíocha den limistéar chéanna den spéir a chur i gcomparáid le chéile. D’fhéadfadh an réalteolaí dul ó ghrianghraf amháin go grianghraf eile go sciobtha agus é in ann na difríochtaí a aithint – sonrú a chur i gcóiméad, abair, nó i réad eile a bhí ag gluaiseacht go luath i gcomparáid le cúlra suaimhneach na réaltaí i gcéin. Le gléas den chineál seo a d’aithin Clyde Tombaugh Plútón sa bhliain 1930, mar shampla. Ba é an fisiceoir Gearmánach Carl Pulfrich a chéadcheap an comparadóir caochaíola sa bhliain 1904.


Inniu, is fearr leis na réalteolaithe ríomhairí a úsáid le haghaidh comparáidí mar seo, agus is gnách na grianghrafanna réalteolaíocha féin a choinneáil i dtaisce i bhfoirm leictreach ar dhioscaí ríomhaire.


An Compás a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Riail, an Faolchú, an Ceinteár, Cros an Deiscirt, an Chuileog, agus Triantán an Deiscirt. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a shainigh is a d’ainmnigh an Compás (Circinus as Laidin) thiar san ochtú haois déag. Níl an Compás ar réaltbhuíonta feiceálacha na spéire; an réalta is gile atá ann, is é sin Alpha Circini, is réalta phríomhsheichimh í a dtagann athruithe (ascaluithe) ar a gile go tiubh – réalta mhearascalach a thugtar ar a leithéid. Níl Alpha Circini suite ach faoi leathchéad solasbhliain dínn.


Compás an MhairnéalaighPyxis Pyxis Nautica a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir na Seolta, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, agus an tAerchaidéal. Réaltbhuíon fhann é Compás an Mhairnéalaigh; is fathachréalta B-aicme í an réalta is gile i gCompás an Mhairnéalaigh (Alpha Pyxidis) agus í suite faoi naoi gcéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Ritheann plána Bhealach na Bó Finne trí Chompás an Mhairnéalaigh.


Compás diallais méadar diallais a thugtar ar an uirlis a úsáidtear leis an diallas maighnéadach (an difríocht idir an tuaisceart maighnéadach agus an fíorthuaisceart) a thomhas.


Conair an lándorchadais: Má théann an Ghealach idir an Ghrian agus an Domhan, caithfidh sí a scáil ar an Domhan, rud ar a dtugtar urú gréine (nó éiclips gréine). Tá an Domhan agus an Ghrian araon níos mó ná an Ghealach, rud a chiallaíos nach féidir leis an nGealach iomlán an Domhain a fhágáil i ndorchadas. Ní bhíonn ach réigiún áirithe de dhroim ár bpláinéid faoi lánscáil na Gealaí, agus ar ndóigh tá an réigiún sin ag athrú de réir is mar atá an Domhan féin ag déanamh bulla báisín. Tugtar conair an lándorchadais ar an mbealach a leanas an lánscáil le linn an uraithe.


Cónasc atá i gceist má tá dhá rinn neimhe le feiceáil in aice a chéile – go bunúsach, más ionann an dronairde (an ceartéirí, an cheartairde) don dá réad, nó más ionann an diallas don dá réad. An pláinéad atá ag fithisiú na Gréine taobh istigh d’fhithis an Domhain, má tá sé i gcónasc agus é ar an taobh thall den Ghrian, deirimid gur cónasc uachtair atá i gceist. Más ar an taobh abhus den Ghrian atá sé, is éard atá i gceist ná cónasc íochtair.


Cónocht – Sa ghnáthchaint, is ionann an cónocht agus an lá atá ar aon fhad leis an oíche: cónocht an fhómhair agus cónocht an earraigh. Maidir leis na réalteolaithe, tugann siadsan cónocht ar phointe teagmhála an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Tá dhá phointe den chineál sin ann: cónocht an fhómhair (túsphointe Libra) agus cónocht an earraigh (túsphointe Aries). Ainmneacha stairiúla iad ”túsphointe Libra” agus ”túsphointe Aries”, nó, de thoradh luainíocht na gcónochtaí, tá na pointí sin suite i réaltbhuíonta eile ar fad inniu, seachas na cinn óna bhfuair siad a n-ainm. Réalteolaí sean-Ghréagach a bhaist mar sin iad, sé scór bliain roimh Chríost. Aries an t-ainm Laidine ar an Reithe, agus Libra a thugtar ar an Meá.


Copairniciam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 112, agus is é Cn an giorrúchán. Mar dhúil throm thrasúránach, tá an copairniciam an-radaighníomhach. Fuair an dúil a hainm ó Nioclás Copernicus (Polainnis: Mikołaj Kopernik), an réalteolaí Polannach. Is é 285Cn, nó copairniciam a 285, an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an gcopairniciam, ach is ar éigean is féidir a rá go bhfuil sé ró-fhadsaolach, nó is é an leathré atá aige ná naoi soicind is fiche. Ba iad na heolaithe in Darmstadt sa Ghearmáin a chruthaigh an chéad adamh copairniciam sa bhliain 1996.


Chomh radaighníomhach is atá an copairniciam is deacair taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha. Tá se suite in aon ghrúpa leis an tsinc, an caidmiam agus an mearcair i dtábla peiriadach na ndúl, agus is féidir glacadh leis go bhfuil sé cosúil leis na miotail seo ó thaobh na saintréithe ceimiceacha de.


Copernicus an leagan Laidine de shloinne an réalteolaí Pholannaigh Nioclás Copernicus (Mikołaj Kopernik), ach thar aon rud eile, is cráitéar mór millteanach ar an nGealach é Copernicus a fuair a ainm ón réalteolaí. Tá Copernicus timpeall ar dheich gciliméadar is ceithre scór ar trastomhas, agus é suite ar an taobh den Ghealach atá iompaithe inár dtreo. Ní mór cuimhne a choinneáil air, áfach, ná nach bhfuil Copernicus ar an gcráitéar is mó ar an nGealach, cé go bhfuil sé ar an gceann is feiceálaí don bhreathnóir atá suite ar dhroim an Domhain. Is féidir é a fheiceáil gan dul ach i dtuilleamaí na ndéshúileach. Cráitéar réasúnta óg é Copernicus, agus le fírinne tugtar ”tréimhse Copernicus” ar an tréimhse is deireanaí i ngeolaíocht stairiúil na Gealaí.


cráitéar ar Mhars freisin a bhfuil an t-ainm céanna air, agus é thart ar thrí chéad ciliméadar ar trastomhas – i bhfad níos mó ná an ceann ar an nGealach.


Córas Cassegrain – Is éard atá i gceist leis seo ná dearadh teileascóip a chuireas ar ár gcumas frithchaiteoir (teileascóp scáthánbhunaithe, teileascóp frithchaiteach) a thógáil a bhfuil a fhad fócasach níos mó ná fad an ghléis féin. Is é is bunsmaoineamh do chóras Cassegrain ná go bhfuil scáthán mór cuasach ann agus poll ina lár. Frithchaithfidh an scáthán seo an solas ar scáthán beag dronnach atá suite os comhair an phoill. Ansin rachaidh an solas isteach sa pholl a bhfuil an fócas taobh thiar de.


Is gnách glacadh leis gurbh é an sagart agus an t-optaiceoir féinteagasctha Laurent Cassegrain a chéadcheap an dearadh seo sna 1870idí, ach is féidir gur rith an smaoineamh le hoptaiceoirí eile faoin am chéanna.


Córas héilealárnach a thugtar ar an tuiscint go bhfuil na pláinéid agus réadanna beaga eile an Ghrianchórais ag fithisiú na Gréine – d’fhéadfá ”córas grianlárnach” a thabhairt uirthi chomh maith. Rith an smaoineamh seo le réalteolaithe sean-Ghréagacha féin. An chéad duine acu a raibh tuiscint héilealárnach aige ar an nGrianchóras ba é Aristarchus ó Samos é. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair an tuiscint gheolárnach (an tuiscint a chuir an Domhan i lárphointe na hollchruinne) an lámh in uachtar go ceann na gcéadta bliain, cé go raibh réalteolaithe áirithe fonnmhar locht a fháil air.


An leagan den gheolárnachas a bhí i bhfeidhm san am, is gnách córas Tholamaeis a thabhairt air. Ba é Claudius Ptolamaeus, nó Tolamaes mar a thugaimid air as Gaeilge, a d’fhág a ainm ar an gcóras sin. Mhair Tolamaes i gCathair Alastair (Alexandria) san Éigipt sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost. Saoránach Rómhánach a bhí ann, ach mar ba ghnách i gcúigí oirthearacha Impireacht na Róimhe, ba í an Ghréigis teanga a chuid scríbhinní.


Ba é an Polannach Mikołaj Kopernik, nó Nicolaus Copernicus as Laidin, a d’athbheoigh an córas héilealárnach sa bhliain 1514 leis an tráchtas beag úd Commentariolus. Nuair a bhí a shaol ag druidim chun deiridh, bhí sé ag obair ar shaothar eile, De revolutionibus orbium coelestium (”Faoi imrothluithe na reann neimhe”), a chuaigh i gcló faoin am a fuair sé bás, sa bhliain 1543.


Is minic a shíltear go raibh ar Chopernicus a thuiscint ar struchtúr an ghrianchórais a chosaint ar an Eaglais Chaitliceach nó go raibh an Eaglais go tréan in aghaidh an héilealárnachais. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí Copernicus na scórtha bliain ag déanamh créafóige nuair a chuaigh an Eaglais chun cogaidh ar an héilealárnachas, agus ba é an tIodálach Galileo Galilei ba mhó a bhí thíos leis.


Bhí Galilei ina cheannródaí ag baint úsáide as an teileascóp le breathnuithe réalteolaíocha a dhéanamh, agus sa bhliain 1610 d’fhoilsigh sé saothar beag eolaíochta ina ndearna sé cur síos ar a raibh feicthe aige, Sidereus Nuncius nó ”Teachtaire na Réaltaí”. Bhí sé tar éis ceithre shatailít a aithint ag Iúpatar, agus breathnuithe déanta aige ar an nGealach s’againn féin: chonaic sé cuid mhaith cráitéar agus gnéithe tír-raoin eile uirthi fosta.


Bhain Galilei an chonclúid as an iomlán go raibh an Ghealach agus na pláinéid déanta as damhna den chineál chéanna agus an Domhan féin. Go nuige sin ba é tuiscint na n-eolaithe clasaiceacha cosúil le Tolamaes agus Arastótal go raibh na réaltaí agus na pláinéid déanta as an ”gcúigiú dúil” nach raibh gaolmhar le ceithre dhúile an Domhain (is é sin, an t-uisce, an tine, an talamh agus an t-aer, de réir mar a thuig eolaithe na seanársaíochta an scéal) agus go raibh siad foirfe, gan cháim gan locht, cosúil le Dia féin. Bhréagnaigh breathnuithe Galilei an tuiscint seo, agus ba é sin ba phríomhchúis leis an dóigh ar chaith an Eaglais le mo dhuine. Ní raibh an Eaglais ag cur in aghaidh an héilealárnachais mar ghléas matamaitice le gluaiseachtaí na réadanna neimhe a áireamh – ba é an phríomhfhadhb ná gur spreag an héilealárnachas Galilei chun smaointí eiriceacha eile. Rud eile fós go raibh pearsana an Bhíobla ag tagairt do ghluaiseachtaí na Gréine, ar nós éirí agus luí na Gréine, agus mar sin ba é tuiscint an Bhíobla, dar leis na diagairí, gurbh í an Ghrian a bhí ag gluaiseacht seachas a mhalairt.


Ní hionann sin is a rá nach mbeadh réalteolaithe de chuid na hEaglaise – na réalteolaithe Íosánacha ach go háirithe – tar éis a thabhairt faoi deara go raibh fadhbanna ag roinnt le córas Tholamaeis. Ní raibh siad sásta glacadh leis an Domhan mar rinn neimhe i measc a leithéidí eile agus é ag gluaiseacht, áfach. Bhí siad claonta chun tacaíocht a thabhairt do chóras Tycho Brahe: sa tsamhail sin bhí an Ghrian ag dul timpeall an Domhain agus na pláinéid ag fithisiú na Gréine.


Chaith Galilei deireadh a shaoil i mbraighdeanas baile, ach má chaith, mhair an héilealárnachas ag dul chun cinn. Ba é an Gearmánach Johannes Kepler ba mhó a d’fhorbair an teoiric sa tseachtú haois déag. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta: eisean a d’aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D’fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.


Nuair a bhí an seachtú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an chéad eagrán de mhórshaothar Isaac Newton, Philosophiae naturalis principia mathematica (”Prionsabail mhatamaiticeacha na fealsúnachta nádurtha”), i gcló – Principia, mar is gnách a thabhairt air. Glactar leis go forleathan gurbh é Principia an saothar réabhlóideach eolaíochta a chuir tús leis an bhfisic agus leis an réalteolaíocht i gciall an lae inniu. Cuid den réabhlóid ab ea an héilealárnachas. Faoi thionchar shaothar Newton chuaigh an Eaglais féin le héilealárnachas i rith na hochtú haoise déag, cé gur mhair an cosc ar shaothar Galilei i bhfad ina dhiaidh sin féin.


Córas meiniscis – Tugtar córas meiniscis ar dhearadh áirithe teileascóip ina gcuirtear lionsa meiniscis (lionsa atá cuasach ar thaobh amháin, dronnach ar an taobh eile) os comhair an réadscátháin le hiomraill an scátháin a cheartú. Ba é an t-optaiceoir Rúiseach Dmitry Maksutov a chéadcheap an córas meiniscis, agus mar sin is gnách teileascóp Maksutov a thabhairt ar an gcóras freisin.


Córas pláinéadach a thugtar ar na pláinéid atá ag dul timpeall ar réalta áirithe, agus iad á gceangal den réalta sin ag an imtharraingt. Go dtí le déanaí, bhí ár gcóras féin ar an t-aon chóras pláinéadach amháin a raibh aithne ag an gcine daonna air, ach sa bhliain 1992 chuir na réalteolaithe sonrú i dtrí phláinéad timpeall ar neodrónréalta áirithe atá suite i réaltbhuíon na Maighdine. Fuair na pláinéid seo na hainmneacha Draugr, Phobetor, agus Poltergeist. Inniu, tá na réalteolaithe an-díograiseach faoi na córais phláinéadacha amuigh sa chianspás, agus na céadta eiseapláinéid fionnta acu cheana féin, mar a thugtar ar na pláinéid i gcórais phláinéadacha eile.


Córas réaltach a thugtar ar réaltaí atá ceangailte dá chéile ag an imtharraingt agus iad ag fithisiú a chéile – is é sin, is córais réaltacha iad na déréaltaí is na hilréaltaí. Tá sé tábhachtach na fíor-chórais réaltacha a dhealú ó na cinn optúla. Na dé- agus na hilréaltaí optúla, is éard atá i gceist leosan ná réaltaí nach bhfuil siad ach suite ar aon líne ón Domhan, ionas go bhfeicimid in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile.


Córas Tholamaeis a thugtar ar an tuiscint gheolárnach ar struchtúr an ghrianchórais agus na hollchruinne – is é sin, an tuiscint a chuireas an Domhan sa lárphointe. Fuair an córas a ainm ó Claudius Ptolemaeus, nó Tolamaes, a chaighdeánaigh an geolárnachas sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost.


Cheap Tolamaes a chóras le gluaiseachtaí na reann neimhe a áireamh roimh ré – le huruithe Gréine agus Gealaí a thairngreacht, abair. Mar sin, fuair sé riachtanach córas an-chasta matamaitice a chur i dtoll le chéile. Coincheapanna tábhachtacha sa chóras iad an ciorcal iompair agus an t-eipiciogal. Go bunúsach, shíl Tolamaes agus na matamaiticeoirí réalteolaíocha roimh a lá féin go raibh gach pláinéad ag timpeallú pointe áirithe réasúnta gar don phláinéad féin – ba é an fhithis seo an t-eipiciogal. Ach ansin bhí an t-eipiciogal féin ag dul timpeall an Domhain ar chonair ar a dtugtaí an ciorcal iompair. Ghlac Tolamaes leis an tuiscint seo óna chuid réamhtheachtairí agus chuir sé a chasadh féin inti. Feabhsú ab ea a leagan féin den chóras ar ar tháinig roimhesean, agus mar sin d’fhan a chóras in úsáid ar feadh na gcéadta bliain.


Bhí Tolamaes ar na daoine ba léannta lena linn féin, agus níor theorannaigh sé é féin don réalteolaíocht agus don astralaíocht: chum sé tráchtas tábhachtach tíreolaíochta freisin, mar shampla. Cé go raibh a chóras réalteolaíoch bun os cionn le tuiscint an lae inniu, tá cuid dá obair beo inniu féin, ó rinne sé cion fir ag léarscáiliú na spéire freisin.


Sna laethanta a bhí, ba ghnách leis na healaíontóirí coróin a tharraingt ar chloigeann Tholamaeis sna pictiúirí a rinne siad de, ó ba eisean ”rí na réalteolaíochta”.


Córas Tycho a thugtar ar an gcomhréiteach idir córas Copernicus agus córas Tholamaeis a rith leis an réalteolaí Danmhargach Tycho (Tyge) Brahe. Ba é barúil Tycho go raibh cuid den cheart ag Copernicus agus cuid ag Tolamaes: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh an Domhan gluaiseacht ar bith a dhéanamh, chomh támh trom is a bhí sé, ach san am chéanna ba léir dó go raibh Copernicus in ann gluaiseachtaí na bpláinéad a léiriú ní b’fhearr ná Tolamaes. Ba é a theoiricsean go raibh na pláinéid ag fithisiú na Gréine, agus an Ghrian ag fithisiú an Domhain.


Córas UBV – Córas é an córas UBV (ultraviolet – blue – visible, ultraivialait – gorm – infheicthe) a úsáidtear le réaltaí a aicmiú de réir a méide dealraithí. Is éard a dhéantar ná méid, nó gile, na réalta a thomhas de réir na radaíochta ultravialait, an tsolais ghoirm agus an tsolais infheicthe go léir, agus is é meán na luachanna seo a thugas méid na réalta de réir an chórais áirithe seo.


Córas uilleach a thugtar ar an leagan forbartha de chóras Cassegrain. Sa chóras seo tá an súil-lionsa ar thaobh an teileascóip, agus réimse an-chúng radhairc ann.


Cor Caroli Croí Shéarlais a thugtar ar Alpha Canum Venaticorum, is é sin, an réalta is gile i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh. Déréalta í Alpha Canum Venaticorum, ach is é moladh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Cor Caroli” a thabhairt ach ar an gceann is gile den dá chomhbhall sa déréalta. Is fathachréalta í an réalta sin, agus í tuairim is céad oiread chomh geal agus an Ghrian, cé nach bhfuil ach mais na Gréine méadaithe faoi thrí inti. Tá Cor Caroli suite faoi chéad is cúig solasbhliana déag dínn.


Fuair an réalta a hainm ón Rí Séarlas a hAon de mhuintir na Stíobhartach. Ba é Francis Lamb, thiar sa bhliain 1673, a bhaist Cor Caroli Regis Martyris – ”Croí Shéarlais, an Rí agus an Mhairtírigh” – ar an réalta ina réaltmhapa féin. Is minic a shíltear, áfach, gurbh é Edmund Halley a d’ainmnigh as Séarlas a Dó í.


Coróin a thugtar ar an scamall plasma timpeall na Gréine, agus é ag sroicheadh na milliúin ciliméadair amach sa spás. Bíonn an choróin le feiceáil le linn urú iomlán na Gréine. Tá an choróin i bhfad níos teo ná dromchla na Gréine, agus í scartha ó fhótaisféar na Gréine ag an gcrómaisféar.


Coróin an Deiscirt atá ar an réaltbhuíon idir an Saighdeoir, an Scairp, an Teileascóp agus an Altóir. Cé go dtugtar ”coróin” uirthi, tá sí níos cosúla le crú capaill. Fuair sí a hainm ó Choróin an Tuaiscirt, ó tá an dá réaltbhuíon réasúnta cosúil le chéile. Ba é Claudius Tolamaes a bhaist an bheirt acu ina chuid scríbhinní réalteolaíochta.


Is í Alphecca Meridiana, nó Meridiana, nó Alpha Coronae Australis (nó Alpha Coronae Austrinae) an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. A-réalta í Alphecca Meridiana, agus í breis is dhá oiread chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais is na maise de; san am chéanna tá sí tuairim is tríocha oiread níos lonrúlaan Ghrian. Is í an ghné is suntasaí di ná go bhfuil sí ag rothlú ar a hais go han-sciobtha. Tá an radaíocht infridhearg as Alphecca Meridiana as pabhar láidir, rud a thugas le fios go bhfuil fáinne dusta timpeall na réalta.


Coróin an Tuaiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon idir Earcail, an tAoire agus Ceann na Péiste. Tugtar Alphecca, Alphekka, Gemma nó An tSeoid ar an réalta is gile i gCoróin an Tuaiscirt – Alpha Coronae Borealis an t-ainm de réir chóras Bayer. Tá Coróin an Tuaiscirt, nó astaireacht na réaltaí is gile inti, cosúil le crú capaill, díreach ar nós Choróin an Deiscirt, agus is ó Choróin an Tuaiscirt a fuair Coróin an Deiscirt a hainm. Ceann de na sean-réaltbhuíonta traidisiúnta í Coróin an Tuaiscirt, nó luaitear i scríbhinní réalteolaíochta Tholamaeis féin í.


Déréalta uraitheach í Alpha Coronae Borealis, is é sin tagann an coimhdire go tráthrialta idir sinn agus an phríomhréalta, rud a aithnítear mar íosmhéid solais in athruithe ghile na déréalta. A-réalta the bhán í an phríomhréalta, agus í cúpla oiread níos téagartha ná an Ghrian s’againn. Tá sí ceithre oiread déag is trí scór níos lonrúla ná an Ghrian, cé nach n-áirítear ar na fathachréaltaí í, ach ar an bpríomhsheicheamh. Maidir leis an gcomhbhall beag, is réalta G-aicme é cosúil leis an nGrian, beagáinín níos lú ná í ó thaobh na maise de. Tá Alphecca suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dár ngrianchóras.


Coróiniam – Thiar sa naoú haois déag bhí an teoiric ag eolaithe áirithe go raibh dúil cheimiceach nua ar fáil i gcoróin na Gréine. Is é an t-ainm a cheap duine acu – an Rúiseach Dmitry Mendeleyev (an fear céanna a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl) don dúil seo ná coróiniam nó niútainiam (tagairt do shloinne Isaac Newton a bhí i gceist leis an dara hainm a mhol sé, ar ndóigh). Bhí an teoiric seo bunaithe ar an speictreascópacht, nó bhí líne aitheanta ag na heolaithe ar speictream na Gréine nach raibh siad in ann a athchruthú sa tsaotharlann agus nach raibh cosúil le línte speictreacha na ndúl aitheanta. Mar sin shíl siad go raibh dúil nua i gceist.


Mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin áfach ba é an t-iarann ba chúis leis an líne – ian iarainn a raibh lucht deimhneach trí aonad déag aige (is é sin adamh iarainn a thug uaidh trí leictreon déag). Ní dual don iarann a leithéid d’ian a dhéanamh faoi imthoscaí an Domhain, agus mar sin ní raibh taithí ag na heolaithe air: na hiain iarainn a bhíos le fáil i gcomhdhúile iarainn a bhfuil aithne againn orthu níl ach lucht deimhneach dhá nó trí aonad acu, agus rachadh sé rite leat ian Fe13+ a chruthú sa tsaotharlann féin.


Corónagraf a thugtar ar ghléas a chuirtear os comhair an teileascóip le diosca na Gréine a dhorchú, ionas gur féidir leis na heolaithe breathnuithe a dhéanamh ar choróin na Gréine nó ar an gcuid den spéir atá timpeall na Gréine.


An Chorr Grus a thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann d’”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet), thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar chuid d’Iasc an Deiscirt.


Is é Alnair nó Alpha Gruis an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é, ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius féin.


ALNAIR AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID

Réalta

Trastomhas (1 = trastomhas na Gréine)

Mais (1 = mais na Gréine)

Aicme speictreach

Lonrachas (1 = lonrachas na Gréine)

Méid dhealraitheach

Fad ón Domhan

Alnair (Alpha Gruis)

3.4

4.0

B

263

+1.74

céad agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche)

Sirius A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta)

1.7

2.0

A

25

-1.47

ocht solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé dheichiú cuid)


Maidir le Beta Gruis, is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.


Gamma Gruis arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í – is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í, ar ndóigh.


Corraíl – Glacaimis leis go bhfuil córas dhá rinn neimhe againn, agus ceann acu ag dul timpeall an chinn eile – is maith an sampla iad an Domhan agus an Ghealach, ar ndóigh. Tugtar corraíl ar an dóigh a gcuireann fórsaí eile seachas imtharraingt an Domhain (an phríomhúlaigh) isteach ar ghluaiseacht na Gealaí (na satailíte), ansin. Is féidir le himtharraingt na Gréine, mar shampla, corraíl a spreagadh i bhfithis na Gealaí; maidir leis na pláinéid, is léir go mbíonn siad ina gcúis corraíola ag a chéile. An té a chaitheas súil ar chóras na satailítí timpeall ar Iúpatar, tuigfear dó ar an toirt gur féidir leo corraíl a tharraingt ar a chéile.


Corrán an Leoin a thugtar ar astaireacht na réaltaí seo a léanas: Epsilon Leonis, Mu Leonis, Zeta Leonis, Gamma Leonis, Eta Leonis, agus Alpha Leonis. Mar is léir ón ainm, tá sí ar dhéanamh an chorráin, agus is cuid de réaltbhuíon an Leoin í.


Cosmagnaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar bhunús na hollchruinne a thuiscint agus ar theoiricí a fhorbairt le breith na hollchruinne a mhíniú. Is í teoiric na hOllphléisce an múnla cosmagnaíochta is tábhachtaí i réalteolaíocht an lae inniu.


Cosmeolaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar fhás, forbairt agus todhchaí na hollchruinne a thuiscint agus na dlíthe nádúrtha a stiúras an fhorbairt sin a thaighde, a mhapáil agus a oibriú amach.


Cothromaíocht radantach atá i gceist nuair atá córas dúnta de choirp againn, agus gach corp acu ag tabhairt uaidh an fhuinnimh chéanna mar radaíocht agus atá sé a ghlacadh chuige – is é sin, is ionann an radaíocht astaithe agus an radaíocht ionsúite.


Cothromóid Kepler – Is í cothromóid Kepler ná:


M = E – e sin E


inarb ionann:

  • M agus an mheán-aimhrialtacht;

  • E agus an aimhrialtacht éalárnach;

  • e agus an éalárnacht.


Seasann sin don tsíneas, ar ceann de na feidhmeanna triantánúla é.


Ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) ba thúisce a d’fhoilsigh an chothromóid seo. Gléas matamaitice atá inti ar bhain sé úsáid as agus é ag oibriú amach na ndlíthe nádúrtha a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, nó dlíthe Kepler mar a thugtar orthu.


Cráitéar – Go bunúsach is éard is cráitéar ann ná poll mór sa talamh. Sa réalteolaíocht is iad na cráitéir dhreigíte is tábhachtaí, is é sin, cráitéir a cruthaíodh nuair a bhuail dreigít faoi dhromchla an phláinéid nó na gealaí. Ar ndóigh tá cráitéir bholcánacha ann chomh maith – is é an cráitéar an poll as a dtagann laibhe, deatach agus dusta, fad is a fhanas an bolcán beo.


Crapadh Kelvin crapadh Kelvin-Helmholtz a thugtar ar an dóigh a gcrapann an scamall gáis chuige faoi thionchar a imtharraingthe féin. San am chéanna tá an scamall ag cailleadh fuinnimh mar theas.


Fuair an crapadh a ainm ó William Thomson (tiarna Kelvin) agus ó Hermann Helmholtz.


Crapadh Lorentz-Fitzgerald a thugtar ar chrapadh coibhneasaíoch an fhaid. Go bunúsach, is éard a deir teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein ná gur tairiseach (is é sin uimhir dhearbh dho-athraithe) é luas an tsolais san fholús, nó c, agus go gcaithfidh na hairíonna fisiceacha géilleadh don tairiseach seo. Toradh don ghéilleadh seo é crapadh Lorentz-Fitzgerald. An spásbhád atá á luasghéarú i dtreo luas an tsolais, tá sí ag dul i ngiorracht, mar a fheictear don bhreathnóir atá suite socair – rud nach n-aithníonn siad siúd, áfach, atá ag taisteal ar bhord an spásbháid.


Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil aon rud ná réad ”suite socair” de réir theoiric na coibhneasaíochta, ach amháin i gcoibhneas ruda eile. Mar sin, nuair a dúradh thíos go bhfuil an breathnóir ”suite socair”, is ionann sin is a rá go bhfuil sé suite socair i gcóras comhordanáidí ina bhfuil an réad eile ag gluaiseacht leis agus a luas ag teacht i gcóngar do luas an tsolais.


Fuair crapadh Lorentz-Fitzgerald a ainm ón bhfisiceoir Ollannach Hendrik Lorentz agus ón Ollamh Éireannach George Francis Fitzgerald (nó Seoirse Proinsias Mac Gearailt, más fearr leat an leagan sin).


Crios Oiríon an Bhanlámh, an tSlat is an Bhanlámh, nó Slat an Rí, nó Slat an Cheannaí, nó an Fhearsaid, nó Slat an Bhodaigh a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh – más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.


Ilréaltaí iad Alnitak agus Mintaka. Maidir le hAlnilam, dealraíonn sé nach bhfuil compánach ar bith aici.




CRIOS OIRÍON – AN BHANLÁMH – AN tSLAT IS AN BHANLÁMH – SLAT AN RÍ – SLAT AN CHEANNAÍ – AN FHEARSAID – SLAT AN BHODAIGH

Ainm traidisiúnta

Alnilam

Alnitak

Mintaka

Ainm de réir chóras Bayer

Epsilon Orionis

Zeta Orionis

Delta Orionis

Aicme speictreach

B (ollfhathach gorm)

O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad an dá chomhbhall eile

O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad na trí cinn is mó de na comhbhaill

Fad ón Domhan

Tuairim is dhá mhíle solasbhliain

Tuairim is 1,260 solasbhliain (luach an-mhíchruinn!)

Tuairim is míle agus dhá chéad solasbhliain

Mais i gcomparáid leis an nGrian

30-65 oiread

23-43 oiread (an phríomhréalta), 11-17 n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile)

24 oiread (an phríomhréalta), 8.4 + 22.5 + 9 n-oiread (na trí cinn is mó de na comhbhaill eile)

Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian

Ocht gcéad tríocha míle oiread

Dhá chéad caoga míle oiread (an phríomhréalta), tríocha dhá mhíle oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile)

Céad is nócha míle oiread (an phríomhréalta; níl na comhbhaill eile in aon chóngar do bheith chomh lonrúil)

Ga (nó trastomhas) i gcomparáid leis an nGrian

Dhá oiread is dhá scór

Fiche oiread (an phríomhréalta), seacht n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile)

16.5 oiread (an phríomhréalta), 6.5 oiread, 10.4 oiread, 5.7 oiread (na comhbhaill eile)

Dearbhmhéid

-6.95

-6.0/-3.9/-4.1

-5.8 (go hiomlán), -5.4 (an phríomhréalta)

Méid dhealraitheach

1.69

1.77 (an trí chomhbhall in éineacht)

2.23 (na comhbhaill go léir in éineacht)


Crios ózóin ózónaisféar a thugtar ar an gciseal i strataisféar an Domhain a neodraíos an chuid is mó den radaíocht ultraivialait ón nGrian. In íochtar an strataisféir is mó atá an tiúchan ózóin.


Is éard atá san ózón ná allatróp trí-adamhach na hocsaigine. Dhá adamh atá i móilín na gnáthocsaigine, nó O2; is é O3 foirmle cheimiceach an ózóin. Níl an móilín ózóin róchobhsaí, nó is dual dó titim as a chéile agus gnáthocsaigin a dhéanamh, agus sin de phléasc; mar sin is ar éigean is féidir ózón a aonrú ón ngnáthocsaigin. San ózónaisféar féin ní sháraíonn tiúchan an ózóin 10 gcuid sa mhilliún.


Tá buaireamh ar an gcine daonna le fada faoin dochar atá sna clórafluaracarbóin agus sna brómafluaracarbóin don chrios ózóin. Comhdhúile iad seo atá cosúil leis na hiodracarbóin ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín, fluairín nó bróimín curtha in áit na n-adamh hidrigine sa struchtúr móilíneach acu. Is éard is cúis leis an dochar atá sna substaintí seo ná go bhfuil siad chomh cobhsaí is gur féidir leis na móilíní a mbealach a dhéanamh a fhad leis an strataisféar, ach nuair a shroichfeas siad an strataisféar titfidh siad as a chéile agus an radaíocht ultraivialait ag dul i bhfeidhm orthu. Ansin a scaoiltear saor adaimh aonair, agus cuireann na saorfhréamha seo isteach ar an timthriall gnáthocsaigine-ózóin a stopas an radaíocht ultraivialait.


Inniu tá stáit an Domhain go léir tar éis conradh a shíniú faoi chosc ar úsáid na gclórafluaracarbón, agus dealraíonn sé go bhfuil an strataisféar ag teacht chuige féin arís i ndiaidh an dochair a rinne na comhdhúile seo. Ba nós, tráth den tsaol, iad a úsáid sna múchtóirí agus, mar thiomantáin, sna cannaí aerasóil.


Crios radaíochta crios Van Allen a thugtar ar cheann den dá chrios cáithníní luchtaithe timpeall ar an Domhan agus iad ar dhéanamh an toróidigh (cineál fáinne é an toróideach). Leictreoin agus prótóin is mó atá i gceist, agus iad á gceapadh ag réimse maighnéadach ár bpláinéid. An chuid is mó de na cáithníní seo is cuid den ghrianghaoth iad, agus an chuid eile ag baint leis an radaíocht chosmach. Bíonn athruithe na grianghaoithe ag dul i bhfeidhm ar na creasanna radaíochta, agus uaireanta cruthaítear crios breise a mhaireas tráth.


Fuair na creasanna a n-ainm ó James Van Allen, an t-eolaí Meiriceánach a chuir an chéad sonrú iontu. Bhí sé ina cheannródaí ag baint úsáide as gléasra ar bhord satailítí le taighde a dhéanamh ar mhaighnéadsféar an Domhain.


Croí carraigeach –croí carraigeach ag na mórphláinéid úd Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún, cé go bhfuil an chuid eile den phláinéad comhdhéanta as gás (na gásfhathaigh, arb iad Iúpatar agus Satarn iad) nó as oighear (na hoighearfhathaigh, arb iad Úránas agus Neiptiún iad).


Cróimiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 24, agus is é Cr an tsiombail don chróimiam sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail trasdultacha é an cróimiam. Miotal lonrúil sobhriste atá ann a dtagann smúid ocsaíde air agus ocsaigin an atmaisféir ag dul i bhfeidhm air. Tá ainm an chróimiam bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”dath”, toisc go mbíonn dath láidir sna dúile cróimiam. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an gcróimiam ina chuid comhdhúl, agus dathanna éagsúla sna comhdhúile, go háirithe má thuaslagtar san uisce iad.


Seo comhdhúile áirithe de chuid an chróimiam:


Foirmle cheimiceach

Ainm

Uimhir ocsaídiúcháin

CrCl3

Clóiríd chróimiam (tríchlóiríd chróimiam)

+3

Tá dath corcra sa chlóiríd chróimiam nuair atá sí saor ó uisce. Déanann sí criostail in éineacht le huisce, ionas go bhfuil sé mhóilín uisce ann in aghaidh gach adamh cróimiam. San fhoirm seo tá dath uaine ann, agus is é seo an cineál clóiríd chróimiam is féidir a cheannach. Úsáidtear mar chatalaíoch í, is é sin le luas a chur le himoibriúcháin cheimiceacha. Níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach don duine le comhdhúile áirithe eile de chuid an chróimiam, ach is gnách dearcadh air mar shubstaint urchóideach.

CrO3

Trí-ocsaíd chróimiam, ”aigéad crómach”

+6

Tá dath dúchorcra sa trí-ocsaíd nuair atá sí saor ó uisce, ach má ólann sí uisce chuici tiocfaidh dath geal flannbhuí ann. Is minic a dhíoltar mar ”aigéad crómach” í, ós í ainhidríd an aigéid chrómaigh í, ach dáiríribh ní féidir aigéad crómach a ghineadh tríd an trí-ocsaíd a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear an trí-ocsaíd sa phlátáil. Nimh láidir a spreagas ailse atá inti.

CrCl2

Dé-chlóiríd chróimiam

+2

Criostail bhána atá sa dé-chlóiríd nuair atá sí saor ó uisce. Is comhdhúil tais-scópach í áfach, is é sin is dual di uisce a ól chuici, agus leis an uisce tiocfaidh dath uaine inti. Má thuaslagtar san uisce í gheofar tuaslagán gorm nó uaine. Ní úsáidtear dé-chlóiríd chróimiam sa tionsclaíocht, ach is amhábhar do chomhdhúile cróimiam eile í sa tsaotharlann.



Maidir leis an mbaint atá ag an gcróimiam leis an orgánach daonna, braitheann sé ar an staid ocsaídiúcháin chomh maith. Más é +3 an uimhir ocsaídiúcháin, níl ach beagán urchóide sa chróimiam, ach is nimh láidir agus ábhar ailse é an cróimiam más é +5 an uimhir ocsaídiúcháin.


Is é an meáchan adamhach atá ag an gcróimiam ná 51.996, agus ceithre iseatóp nádúrtha aige: 50Cr (4.35 % de chróimiam an dúlra), 52Cr (83.8 %), 53Cr (9.5 %), 54Cr (2.35 %). Iseatóip chobhsaí iad de réir an dealraimh, cé go bhfuil na fisiceoirí idir dhá chomhairle fós faoin gcéad cheann acu: táthar ag déanamh go dtagann meath radaighníomhach (leictreonghabháil dhúbailte, le bheith beacht) air, ach má thagann féin, tá an leathré chomh fada is gur féidir beag is fiú a dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ag an gcróimiam, is iseatóip shaorga de dhéantús na saotharlainne iad.


Is í an chróimít (ocsaíd an chróimiam agus an iarainn, FeCr2O4) an mianach cróimiam is tábhachtaí, agus is as an Afraic Theas agus as an gCasacstáin a thagas an chuid is mó den chróimiam. Úsáidtear an cróimiam mar chómhiotal – is é sin cuirtear le hiarann é le cruach dhosmálta a dhéanamh – agus i bplátáil.


Crómaisféar a thugtar ar an gciseal in atmaisféar na Gréine atá suite os cionn an fhótaisféir, faoi bhun na corónach. Tá an crómaisféar rósdearg, ach ní féidir é a aithint ná breathnuithe a dhéanamh air ach le linn urú iomlán na gréine. Tá an damhna sa chrómaisféar i bhfad níos scaipthe ná san fhótaisféar gan trácht ar bith a dhéanamh ar atmaisféar an Domhain. Tá an crómaisféar trí mhíle go cúig mhíle ciliméadar ar doimhneacht, agus é ag dul i dteas suas ón nGrian.


Tá an crómaisféar ag astú solais, agus is í an líne speictreach is láidre dá n-astaíonn sé ná Hα, is é sin, an líne a fhreagraíos do thitim an leictreoin ón tríú sceall go dtí an dara sceall san adamh hidrigine. Tá an líne seo 6563 angstram (656.3 nanaiméadar) ar tonnfhad, agus í suite i mbanda an tsolais dheirg – mar sin is í an líne seo is cúis le dath dearg an chrómaisféir.


Cros-aeróg Mills a thugtar ar dhearadh ar leith de radaiteileascóp atá bunaithe ar dhá shraith d’aeróga agus iad ag trasnú a chéile. Tá an dearadh ainmnithe as Bernard Yarnton Mills, an réalteolaí Astrálach a thóg an chéad radaiteileascóp den chineál seo sa bhliain 1954 i mBadgery’s Creek, leathchéad ciliméadar ó Sydney.


Cros an Deiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Ceinteár agus an Chuileog. I ré na sean-Ghréagach bhí Cros an Deiscirt le feiceáil ón nGréig féin, agus ba nós le Tolamaes dearcadh ar réaltaí Chros an Deiscirt mar chuid den Cheinteár. Ina dhiaidh sin, áfach, d’fhág luainíocht na gcónocht dofheicthe ón Eoraip iad, agus ligeadh i ndearmad iad. Ní bhfuair an réaltbhuíon an t-ainm atá uirthi inniu ach i Ré na Fionnachtana, nuair a thosaigh na hEorpaigh ag taisteal go cearnaí cianmhara den Domhan, áit a raibh na réaltaí seo le feiceáil.


Is iad na ceithre réaltaí is gile, Alpha Crucis, Beta Crucis, Gamma Crucis agus Delta Crucis, a thuill a hainm do Chros an Deiscirt: is astaireacht iad a chuirfeadh cros i gcuimhne duit. Na hainmneacha atá ar na réaltaí seo i gcóras Bayer, is gnách iad a ghiorrú go hAcrux, Becrux, Gacrux agus Decrux.


Tríréalta í Acrux agus í suite faoi thrí chéad, aon solasbhliain is fiche ón Domhan. Is féidir dhá chomhbhall a aithint le gléasra cianradhairc. Is B-réaltaí iad, agus iad tuairim is sé oiread déag chomh trom leis an nGrian. Tá gach ceann acu thart ar fiche míle oiread chomh lonrúil léi – an ceann is mó acu, tá sí breis is fiche míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian, agus an ceann is lú acu tá sí breis is cúig mhíle oiread déag níos lonrúla ná an Ghrian.


Déréalta í Becrux, nó Mimosa, mar a thugtar uirthi freisin. Déréalta speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar dhéréalta ach amháin trí anailís a dhéanamh ar a speictream. Tá Becrux suite faoi dhá chéad agus ocht scór solasbhliain dínn. B-réaltaí iad an dá chomhbhall, an ceann is mó acu sé oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, an ceann is lú acu deich n-oiread. Tá sé incheaptha go bhfuil comhbhall beag eile ann fós.


Maidir le Gacrux, nó Rubídea mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi, is fathachréalta dhearg den M-aicme í agus í suite níos cóngaraí dúinn ná aon réalta eile den chineál. Tá sí oiread agus leath, nó dhá oiread, chomh téagartha leis an nGrian, cé go bhfuil sí breis is ceithre scór oiread chomh mór. Mar sin, is fathachréalta í a bhí ina habhac príomhsheichimh tráth, cosúil leis an nGrian féin, agus an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an fhorbairt chéanna ar an nGrian i gceann na mílte milliún bliain.


Decrux áfach, is fo-fhathach bánghorm í atá ocht nó naoi n-oiread chomh teagartha leis an nGrian, agus ocht n-oiread chomh mór ó thaobh an trastomhais. Tá sí deich míle oiread chomh lonrúil. Pálida a thugtar ar Decrux i dtíortha na Portaingéilise.


Tá na ceithre réaltaí thuasluaite le feiceáil i mbratach na Brasaíle mar shiombailí do stáit éagsúla de chuid na tíre. Seasann Acrux do São Paulo, siombalaíonn Becrux Rio de Janeiro, is í Gacrux samhailchomhartha Bahía, agus maidir le Decrux, is í siombail Minas Gerais í.


Thairis sin, tá Epsilon Crucis le feiceáil sa bhratach, mar shiombail do stát Espírito Santo. K-réalta í, is é sin, fathachréalta fhlannbhuí agus í suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn. Cosúil le Gacrux, is iar-réalta phríomhsheichimh í a d’iompaigh ina fathachréalta de réir is mar a d’fhorbair sí.


Réadanna eile i gCros an Deiscirt iad an Gualmhála agus an Bosca Seod. Réaltnéal dorcha é an Gualmhála; réaltbhraisle oscailte atá sa Bhosca Seod.


An Chruinne an Ollchruinne a thugtar ar an spás-am go léir agus gach rud nó réad dá mbaineann leis an spás-am, in éineacht. Creideann formhór mór na n-eolaithe inniu gurbh í an Ollphléasc a chuir tús leis an gCruinne agus leis an spás-am go léir, ach ní hionann sin is a rá nach mbeadh teoiricí eile ann.

  • Tugtar cruinne ascalach ar an teoiric a deir go dtagann Ollbhrúisc i ndiaidh gach Ollphléasc, is é sin, go gcuirfidh comh-imtharraingt na réadanna deireadh le fairsingiú na cruinne, agus go gcrapfaidh an chruinne chuici arís. Sa deireadh, tiocfaidh an chéad Ollphléasc eile, agus tosóidh an chruinne ag dul i bhfairsinge arís.

  • Is í an chruinne bhoilscitheach an tuiscint a deir go bhfuil an spás féin ag boilsciú agus ag cailleadh cuaire.

  • Cruinne chéimiúlachta í an chruinne seo againn, ós rud é go bhfuil na struchtúir eagraithe de réir céimiúlachta: tá na cáithníní eagraithe ina n-adaimh, na hadaimh – ina réaltaí agus ina bpláinéid (chomh maith le reanna neimhe is lú ná pláinéid); na réaltaí – ina réaltraí; na réaltraí – ina mbraislí réaltraí; na braislí réaltraí – ina n-ollbhraislí; na hollbhraislí – ina bhfiliméid.

  • Cruinne fhairsingíoch í an chruinne s’againn, ós rud é go bhfuil sí ag dul i bhfairsinge; tá na réaltraí i bhfad amach uainn ag druidim uainn, agus dá fhad amach uainn atá siad is amhlaidh is luaithe atá siad ag druidim uainn.

  • Cruinne fhoisteanach a thugtar ar an teoiric a deir nach athrú ceart é an fairsingiú thuasluaite, ó tá damhna nua ag teacht chun saoil gan stad gan staonadh, agus é ag cothromú an dóigh a bhfuil an damhna á scaipeadh de thoradh an fhairsingiúcháin. Bhí glacadh éigin le teoiric na cruinne foisteanaí sna 1950idí, ach má bhí, tháinig sé chun solais go sciobtha nach raibh sí in ann a lán breathnuithe a mhíniú.

  • Cruinne gheolárnach a thugtar ar an teoiric a deir go bhfuil an Domhan i lárphointe na hollchruinne. Is léir nach bhfuil glacadh ar bith leis an tuiscint seo i measc na n-eolaithe a thuilleadh.

  • Cruinne statach í an ollchruinne nach bhfuil ag dul i bhfairsinge ná ag crupadh chuici. Teoiric thréigthe eile í teoiric na cruinne stataí.


Cruinníní a thugtar ar néalta dorcha gáis agus dusta sa spás, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu.


Cuadraintídí: Is iad na Cuadraintídí an dreigechith a bhíos á fheiceáil i dtús Mhí Eanáir i réaltbhuíon an Aoire. Fuair an dreigechith seo a ainm ón gCeathramhán Múrach (Quadrans Muralis), sean-réaltbhuíon nach dtugann mapaí spéire an lae inniu aitheantas di a thuilleadh.


Cuaire: Deir teoiric coibhneasaíochta Einstein go gcuireann gach mais an spás-am ina timpeall as a riocht – is é sin, go gcuarann sí é. Cosúil leis sin, is dual do mhais na cruinne go léir an spás-am a chuaradh. A lán de na hiarmhairtí aisteacha a bhaineas leis an teoiric coibhneasaíochta is torthaí don chuaire seo iad.


Cuasár: Giorrúchán ón téarma radafhoinse chuasairéaltach réad cuasairéaltach (radafhoinse réaltchosúil, réad réaltchosúil) is ea an focal cuasár. Is éard atá i gceist leis an gcuasár ná dúpholl i gcroí réaltra agus é ag astú radaíochta de réir is mar atá damhna ón timpeallacht ag titim isteach sa dúpholl. Níl aon chuasár suite róchóngarach dúinn, agus le fírinne dealraíonn sé go bhfuil ré na gcuasár thart le fada – is é sin, an radaíocht a thagas chugainn ó na cuasáir inniu, tagann sí ó na laethanta a bhí, agus d’imigh an chuid is mó de na cuasáir féin idir an dá linn.


Ar na radathonnta a d’aithin na réalteolaithe na chéad chuasáir, ach ina dhiaidh sin tháinig chun solais gur féidir cuasáir a aithint ar bhandaí radaíochta eile fosta. Mar sin, níl an leagan ”radafhoinse chuasairéaltach” sách cruinn a thuilleadh.


Glactar leis inniu gurb éard atá (nó a bhí) sna cuasáir ná réaltraí gníomhacha agus gurb í an uilleann bhreathnóireachta an difríocht is mó idir iad agus na réaltraí gníomhacha eile.


Cúigréad Stephan: Grúpa réaltraí – cúig cinn ar fad – iad Cúigréad Stephan agus iad le feiceáil in aice a chéile i réaltbhuíon Pheigeasais. Ba é an réalteolaí Francach Édouard Stephan a chéadaithin an grúpa thiar sa bhliain 1877. Tá nasc imtharraingthe idir ceithre cinn de na réaltraí seo, agus an chuma ar an scéal go gcumascfaidh siad in aon réaltra amháin, i gceann na mórmhilliún bliain.


Cúisíocht: Is éard is brí leis an bhfocal cúisíocht ná an bhaint atá ag an gcúis lena toradh agus a mhalairt. Deir an fhisic chlasaiceach nach féidir don toradh bheith ann roimh a chúis, agus gurb é sin an t-iomlán is féidir leis an bhfisiceoir a rá i dtaobh na cúisíochta. Cuireann an fhisic choibhneasaíoch – is é sin, an fhisic atá bunaithe ar theoiric choibhneasachta Einstein – coinníoll breise leis seo: ní féidir le haon rud ná réad luas an tsolais a shárú, agus mar sin, ní féidir leis an gcúis an toradh a shroicheadh níos luaithe ná leis an solas.


Culaith spáis spáschulaith: Culaith bhrúchóirithe den chineál a chaitheas na spásairí. Tá soláthar ocsaigine ann chomh maith le cosaint ar radaíocht an spáis, agus ar ndóigh ní mór féachaint chuige go gcoinnítear an chulaith compordach ó thaobh na teochta de. Scéal eile fós é go bhfuil solas na gréine i bhfad níos láidire amuigh sa spás ná thíos ar dhroim an domhain, rud a chiallaíos go bhfuil scáthlán gréine ar leith de dhíth chun súile an spásaire a dhíonadh. Bíonn micridhreigeoidigh – dreigí beaga agus iad ag gluaiseacht go han-luath – coitianta go maith amuigh ansin freisin, agus ní mór an spásaire a chosaint orthu siúd chomh maith. Rud eile nach rithfeadh leat go bhfuil gléasra ar leith ann le cuidiú leis an spásaire a chuid géag a fheacadh, toisc go n-éiríonn na teicstilí righin amuigh san fholús. Thairis sin bíonn roicéid bheaga ann a chabhrós le mo dhuine an spásárthach a shroicheadh arís, má fhaigheann sé é féin rófhada amuigh.


Is léir nach bhfuil sé ciallmhar ar aon nós dul amach sa spás gan chulaith bhrúchóirithe a chaitheamh, dá mbainfeá triail as, thachtfaí thú. Na scéalta ficsin eolaíochta a thugas le fios go bpléascfá agus an fhuil ar fiuchadh i do chuid artairí de cheal aerbhrú, is ar éigean atá craiceann ar bith orthu. Ar ndóigh, tá dainséir mhóra ag baint leis an easpa aerbhrú, leis an radaíocht agus leis na difríochtaí móra teochta, ach is í an anocsacht – an easpa ocsaigine – roimh aon rud eile a chuirfeadh néal ionat is a mharódh thú. Dá mbeadh soláthar ocsaigine agat gan chulaith spáis, ansin d’fhéadfá do chloigeann a bhuaireamh leis na priacail eile.


Cumhacht solastiomnúcháin: Is dual don teileascóp níos mó solas a thiomsú ná do shúil an duine, toisc go bhfuil cró an teileascóip níos mó ná mac imrisc na súile, agus is í an chumhacht solastiomnúcháin an coibhneas a thugas le fios an difríocht. Is í an fhoirmle a shainíos an chumhacht solastiomnúcháin (P) ná:


P = (Dcró an teileascóip/Dmac imrisc an duine)2


is é sin, má roinntear trastomhas (D) chró an teileascóip ar thrastomhas mhac imrisc an duine, agus má ardaítear an líon seo go cumhacht a dó (is é sin, má chearnaítear é), is éard a gheofar ná an chumhacht solastiomnúcháin. Is minic a thugas lucht na ceirde étendue ar an gcumhacht solastiomnúcháin – téarma Fraincise é.


An Cupán a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Leon, an Mhaighdean, an Seiseamhán, an Phéist Uisce, agus an Préachán. Tríd is tríd níl mórán cuid súl ann, ach is fathachréaltaí flannbhuí K-aicme iad an dá réalta is gile sa réaltbhuíon.


Delta Crateris an réalta is gile acu. Tá sí suite beagnach faoi 190 solasbhliain dínn – cúpla solasbhliain níos gaire, go bunúsach – agus tá sí tuairim is aon oiread go leith chomh téagartha leis an nGrian. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús a chuaigh in aois agus i méadaíocht.


Alpha Crateris Alkes a thugtar ar an dara réalta is gile acu. Tá sí suite faoi 160 solasbhliain dínn. Níl sí dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus is léir gur réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús, sular iompaigh sí ina fathach agus í ag dul in aois.


An Cúpla is ainm don réaltbhuíon atá ar an Stoidiaca idir an Portán agus an Tarbh. Réaltbhuíonta eile timpeall an Chúpla iad an Lioncsa, an tAra, an Bodach (Oiríon), an tAonbheannach, agus an Madra Beag. Fuair an réaltbhuíon a hainm ó chúpla na miotaseolaíochta Rómhánaí, Castor agus Pollux, agus dá réir sin is iad Castor agus Pollux ainmneacha an dá réalta is gile sa Chúpla freisin.


Is é Pollux, nó Beta Geminorum, an réalta is gile sa Chúpla, agus is é an fhathachréalta is cóngaraí don Ghrian dá bhfuil ann, nó níl sé ach ceithre solasbhliana déag is scór ar shiúl uainn. Réalta K-aicme é Pollux, is é sin réalta fhlannbhuí. Tá mais dhá Ghrian ann, ach tá sé naoi oiread chomh mór leis an nGrian de réir an gha is an trastomhais, agus é breis is dhá scór oiread chomh lonrúil. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí i bPollux na milliúin blianta ó shin ach idir an dá linn chuaigh an réalta in aois, ionas gur iompaigh sí ina fathach. Sa bhliain 2006 dheimhnigh an réalteolaí Artie Hatzes go bhfuil pláinéad ag fithisiú Pollux.


Maidir le Castor, nó Alpha Geminorum, is ilréalta é. Is A-réaltaí iad an dá chomhbhall is gile sa chóras. Réaltaí príomhsheichimh iad ach is léir go bhfuil siad níos téagartha ná an Ghrian. Tá an córas iomlán suite faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.


Is í Athena, nó Gamma Geminorum, an tríú réalta is gile sa Chúpla. Tá Athena suite faoi naoi solasbliana is cúig scór dínn. Fo-fhathach A-aicme atá inti.


Mebsuta an t-ainm traidisiúnta ar Epsilon Geminorum, an ceathrú réalta is gile sa Chúpla. Réalta G-aicme atá inti, cosúil leis an nGrian s’againn, agus is ollfhathachréalta í: tá sí beagnach fiche oiread chomh téagartha leis an nGrian, timpeall ar 140 oiread chomh mór de réir an gha is an trastomhais, agus ocht míle cúig gcéad oiread chomh lonrúil.


Ollfhathach eile atá i Mekbuda, nó Zeta Geminorum le fírinne córas ilréaltach atá ann, agus tá sé socraithe ag eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe gan an t-ainm sin Mekbuda a úsáid ach le tagairt do phríomhréalta an chórais. Tá an réalta seo suite beagnach míle is dhá chéad solasbhliain uainn, agus í ocht n-oiread chomh téagartha leis an nGrian. Tá an trastomhas cúig oiread is trí scór chomh mór le trastomhas na Gréine, agus tá Mekbuda beagnach trí mhíle oiread chomh lonrúil léi. Réalta athraitheach í Mekbuda, agus a haicme speictreach ag guagadh idir F agus G. Is é an cineál réalta athraitheach atá ann ná Ceifid chlasaiceach, is é sin, tá sí cosúil le Delta Cephei.


Damhna díchineálach damhna díchineálaithe a thugtar ar dhamhna nach féidir adaimh a aithint ann a thuilleadh toisc go bhfuil na leictreoin is na núicléóin fáiscthe chuig a chéile ag an imtharraingt, nó fiú ag an bhfórsa núicléach (an idirghníomhaíocht láidir). Tá cineálacha éagsúla den damhna dhíchineálach le fáil sna habhaic bhána, sna neodrónréaltaí agus sna dúphoill.


Sna habhaic bhána imíonn an chuid is mó den spás taobh istigh de na hadaimh, ach is féidir núicléis na n-adamh éagsúil a aithint thar a chéile i gcónaí. Sna neodrónréaltaí tá na prótóin tar éis sórt comhleá a dhéanamh leis na leictreoin ionas nach bhfuil ach neodróin fágtha. Na dúphoill arís, ní féidir a aithint orthu cén cineál damhna a bhí iontu sula ndearna siad an cliseadh a rinne dúphoill díobh. Le go bhféadfadh an damhna titim isteach in aon phointe amháin – singilteacht an dúphoill – ní mór bósóin a dhéanamh de, ach níl a fhios ag na saineolaithe féin cén sórt bósóin a bheadh ann.


Damhna idirphláinéadach – Is éard atá i gceist leis an damhna idirphláinéadach ná an cineál damhna atá le fáil sa spás idir na pláinéid. Dusta is mó atá ann, chomh maith le cáithníní a bhfuil lucht leictreach acu agus iad ag baint leis an ngrianghaoth.


Damhna idir-réaltach – Tugtar damhna idir-réaltach ar an gcineál damhna atá le fáil sa spás idir na réaltchórais. Hidrigin ianaithe agus héiliam ianaithe is mó atá ann.


Damhna idir-réaltrach – Cosúil leis an damhna idir-réaltach, tá an damhna idir-réaltrach comhdhéanta as hidrigin ianaithe den chuid is mó, dar leis na réalteolaithe. Níl teorainn shoiléir idir an damhna idir-réaltach agus an damhna idir-réaltrach.


Darmstaidiam a thugtar ar dhúil uimhir a 110 i dtábla peiriadach na ndúl. Ds an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Darmstadt sa Ghearmáin, nó is i Lárionad Taighde Tromian Helmholtz in aice le Darmstadt a gineadh an chéad adamh darmstaidiam riamh. (Tagraíonn an téarma ”tromian” do na hiain throma nó do núicléis na ndúl trom; maidir le ”Helmholtz”, a bhfuair an lárionad taighde a ainm uaidh, is é Hermann Helmholtz atá i gceist, eolaí iléirimiúil ceannródaíoch a d’fhág lorg a láimhe ar a lán brainsí eolaíochta, an teirmidinimic ach go háirithe.) Dúil throm thrasúránach é an darmstaidiam atá chomh héagobhsaí is nach bhfuil sé furasta taighde a dhéanamh ar a airíonna ceimiceacha.


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...