Tuesday, July 7, 2020

Ciclipéid na hOllchruinne: Dath-Eisibhitheolaíocht

Dath a thugtar ar an dóigh a n-aithníonn súil an duine banda áirithe minicíochta de chuid an tsolais infheicthe. Go praiticiúil, braitheann sé ar a lán imthoscaí cén dath a fheictear, agus téann saoltaithí an duine féin i bhfeidhm ar an dathbhraistint fosta.


NA DATHANNA AGUS NA TONNFHAID

Dath

Tonnfhad (nanaiméadar)

Dearg

700-635

Flannbhuí

635-590

Buí

590-560

Uaine

560-520

Gorm

520-490

Corcra

490-450

Vialait

450-400



Tá dhá chineál cealla i reitine an duine: slatchealla agus cónchealla. Ní aithníonn ach na cónchealla an dath, agus ní bhíonn siad ag obair ach le solas maith – sin é an fáth a ndeirtear go bhfuil na cait go léir liath sa dorchadas.


Dathbharraíocht a thugtar ar an difríocht idir fíor-dhathinnéacs an réid agus an dathinnéacs mar a fheictear don bhreathnóir é. D’fhéadfá a rá gur cur síos matamaitice í an dathbharraíocht ar an deargadh idir-réaltach, is é sin, deargadh an tsolais ó réid chianmhara de thoradh an scaipeacháin agus an ionsúcháin (rud ar a dtugtar díobhadh chomh maith). Ní hionann mar rud an deargadh idir-réaltach agus an deargaistriú, nach bhfuil baint ar bith aige leis an díobhadh.


Dathinnéacs: Is é an dathinnéacs uimhir a thugas dath na réalta. Bíonn an dathinnéacs íseal ag réaltaí gorma (ar réaltaí teo iad) agus bíonn sé ard ag réaltaí dearga (ar réaltaí fuara iad, i gcomparáid leis na réaltaí gorma). Scála logartamach é an dathinnéacs. Tomhaistear an dathinnéacs tríd an solas ón réalta a ligean trí dhá scagaire éagsúla: is féidir go bhfuil ceann acu braiteach ar an radaíocht ultravialait (U-scagaire) agus an ceann eile ar an solas gorm (B-scagaire); nó is féidir go n-úsáidtear an B-scagaire agus scagaire atá braiteach ar an solas infheicthe uaine-bhuí (V-scagaire). Is é difríocht gile an tsolais idir an dá scagaire an dathinnéacs (U-B nó B-V). Is féidir teocht na réalta a áireamh go díreach as an dathinnéacs den chineál B-V.


RÉALTAÍ SAMPLACHA AGUS A nDATHINNÉACS

Réalta

Aicme speictreach

Dathinnéacs (B-V)

Betelgeuse

M

+ 1.85

Pollux

K

+ 1.00

An Ghrian

G

+ 0.66

Adhafera (Zeta Leonis)

F

+ 0.30

Sirius A

A

0.00

Rigel

B

- 0.03

Meissa

O

- 0.21


Dath-theocht: Is ionann dath-theocht na réalta agus teocht an dúchoirp atá ag astú solais ar aon dath leis an réalta. Is éard atá i gceist leis an dúchorp ná réad teoiriciúil nach bhfuil ach ag astú solais agus radaíochta eile – is é sin, nach bhfuil ag frithchaitheamh solais ar aon nós (mar sin is é an breo le teann teasa an t-aon chúis leis an solas atá ag teacht as).


An Dátlíne Idirnáisiúnta – Is í an Dátlíne Idirnáisiúnta an teorainn idir an lá inniu agus an lá amárach (nó an lá inné agus an lá inniu, de réir mar a fheictear duit féin é). Go bunúsach tá an líne seo suite ar an bhfadlíne 180°, atá ag rith tríd an Aigéan Ciúin, ach tá a lán de na hoileánraí is na stáit san aigéan ar an taobh ”contráilte” den dátlíne, ar chúiseanna polaitiúla agus de réir chomhairle a lucht rialtais. Mar shampla, tá an dátlíne socraithe idir an Rúis agus Alasca, cé go bhfuil an pointe is faide thoir den Rúis suite i bhfad soir ón bhfadlíne.


D-chiseal a thugtar ar an gciseal den ianaisféar atá suite idir 60 agus 90 ciliméadar os cionn an talún.


An Dealbhóir an réaltbhuíon atá suite idir an Míol Mór, Iompróir an Uisce (an tUisceadóir), Iasc an Deiscirt, an Chorr, an Féinics, agus an Fhoirnéis. Ba é an réalteolaí Nicolas-Louis de Lacalle a bhaist an réaltbhuíon, ach ba é an chéad ainm a thug sé uirthi ná Stiúideó an Dealbhóra. Ar éigean is féidir mórán eile a rá i leith an Dealbhóra, nó níl cuid súl ann ar aon nós: is réaltbhuíon fhann ar fad í.


Dearbhmhéid: Tugtar dearbhmhéid ar lonrachas na réalta mar a d’fheicfí í don bhreathnóir a bheadh suite faoi dheich bparsoic di. Is í an mhéid dhealraitheach lonrachas na réalta mar a fheictear dúinn anseo í. An scála a úsáidtear leis an dá chineál méid a thabhairt, is scála logartamach é. An réalta atá 3 aonad ar dhearbhmhéid, tá sí céad oiread chomh mór leis an réalta atá 6 aonad ar dhearbhmhéid. Taispeánann an sampla seo go bhfuil na réaltaí ag dul i méadaíocht agus an scála ag dul i laghad. Na réaltaí is mó, tá luach a ndearbhmhéide níos lú ná an neamhní, cosúil le hAntares (-5.3), Rigel (-7.8), Arcturus (-0.3) agus Eta Carinae (-8.6).


Tabhair faoi deara gurb é lonrachas nó gile na réalta atá i gceist leis an ”méid”, cé go dtugaimid ”méid” uirthi. Maidir le ”méid” na réalta sa ghnáthchiall, tá miosúir eile ann lena haghaidh: an trastomhas agus an mhais, cuir i gcás.


DearbhnialasIs é an dearbhnialas an teocht is ísle is féidir a shroicheadh, go teoiriciúil. Go praiticiúil, ní féidir ach teacht ina chóngar. Tá an dearbhnialas timpeall ar 273.15 céim Celsius taobh thíos den ghnáthnialas teochta (0 céim Celsius, nó leáphointe an oighir/siocphointe an uisce).


I gcóngar don dearbhnialas is féidir feiniméin neamhghnácha a aithint nach dtig a mhíniú gan dul i muinín na fisice candamaí, cosúil leis an bhforsheoltacht. Is éard atá i gceist leis an bhforsheoltacht ná an dóigh a n-imeoidh an fhriotaíocht leictreach i substaintí áirithe (forsheoltóirí, mar a thugtar orthu) agus iad á reo go dtí cóngar an dearbhnialais, ionas go mbeidh siad thar barr ar fad ag iompar an tsrutha leictrigh.


Is féidir an dearbhnialas a úsáid mar nialas do scála na teochta. Na luachanna teochta a gheofar ar an nós seo, is gnách dearbhtheocht a thabhairt orthu. Is é an ceilvín (K) aonad na dearbhtheochta. Gheofar na luachanna dearbhtheochta trí 273.15 a chur leis na luachanna teochta de réir Celsius. Mar sin is ionann ceilvín agus ceinteagrád mar aonaid ach amháin nach ionann an nialas don dá scála.


DeargaistriúGné d’iarmhairt Doppler is ea an deargaistriú. Is éard atá i gceist leis an deargaistriú ná go ngluaiseann línte Fraunhofer (na línte speictreacha) óna gceartáit i dtreo na deirge – is é sin, tá an tonnfhad ag dul i méadaíocht agus an mhinicíocht ag dul i laghad dá réir. Tugann an deargaistriú le fios go bhfuil an réad áirithe seo ag druidim amach uainn.


An Deargspota an Deargspota Mór a thugtar ar an spota mór dearg in atmaisféar Iúpatair (nó ar dhromchla Iúpatair – níl an dá rud dealaithe go soiléir ó chéile) a tugadh faoi deara an chéad uair sa seachtú haois déag. Le fírinne níltear ar aon fhocal an é an spota céanna a bhí i gceist ag Robert Hooke, an t-eolaí Sasanach a thug an chéad chur síos ar spota dearg ar Iúpatar, nó ní dhearnadh taighde ar an spota ina dhiaidh sin ach sa naoú haois déag. Pé scéal é glactar leis gur réigiún ardbhrú é an Deargspota Mór, is é sin, sórt spéirling nó stoirm, ach más ionann é deargspota Hooke agus an deargspota atá ann inniu, tá an stoirm sin ann le trí chéad go leith de bhlianta anuas, nó níos mó fós.


Níl tuiscint iomlán ag na heolaithe go fóill ar an Deargspota Mór. Ceist chonspóideach é dath an spota féin. Creideann cuid de na saineolaithe gurb é an fosfar dearg is cúis leis an dath dearg. Tá a fhios againn go bhfuil foisfín – comhdhúil fosfair agus hidrigine – in atmaisféar Iúpatair, agus is comhdhúil cuíosach éagobhsaí é ar dual dó titim as a chéile agus fosfar is hidrigin a dhéanamh. Níl i dteoiric an fhoisfín ach ceann de na míniúcháin inchreidte, áfach. Deir eolaithe eile gur comhdhúil éigin de chuid an tsulfair atá ann, mar shampla.


Tá spota mór dorcha le haithint ar Neiptiún is minic a chuirtear i gcomparáid leis an Deargspota Mór, ach le fírinne tá difríocht bhunúsach idir an dá spota: is dual do spota dorcha Neiptiúin titim as a chéile agus imeacht go tráthrialta, ach ansin foirmítear arís é chomh tráthrialta céanna. An Deargspota Mór áfach, tá sé le feiceáil leis na céadta bliain.


An Deilf a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Sionnach, an tSaighead, an tIolar, Iompróir an Uisce (an tUisceadóir), an Capall Beag, agus Peigeasas. Tá sí suite sa leathsféar thuaidh, ach san am chéanna tá sí sách cóngarach do mheánchiorcal na spéire.


Níl an Deilf rófheiceálach mar réaltbhuíon. Is í Alpha Delphini an réalta is gile, ach is córas ilréaltach í dáiríre. Tá déréalta ann, mar atá, Alpha Delphini A, agus roinnt réaltaí eile a tharla san áit chéanna den sféar neamhaí – glactar leis nach fíorchompánaigh de chuid Alpha Delphini A iad ach réaltaí nach bhfuil cóngarach di ar aon nós, is é sin, compánaigh optúla.


Is iad Alpha Delphini Aa agus Alpha Delphini Ab na comhbhaill a bhfuil Alpha Delphini A comhdhéanta astu. Is gnách Sualocin a thabhairt ar an gcomhbhall is mó acu – má léitear ón deireadh go tús é, is éard a gheofar ná Nicolaus, an leagan Laidine den ainm Nioclás. Tagairt é don réalteolaí Iodálach Niccolò Cacciatore a bhí ag obair i Réadlann na Sicile i bPalermo i dtús na naoú haoise déag. Sa bhliain 1814 d’fhoilsigh stiúrthóir na réadlainne, Giuseppe Piazzi, a chatalóg réalteolaíochta féin, agus bhí an t-ainm seo tugtha ar an réalta sa chatalóg sin.


Déréalta speictreascópach í Alpha Delphini A – is é sin, ní féidir an dá chomhréalta a aithint thar a chéile sa teileascóp, agus ní mór anailis a dhéanamh ar an speictream. Fofhathach B-aicme í Alpha Delphini Aa. Tá Alpha Delphini suite faoi thuairim is dhá chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus í beagnach trí oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí trí oiread go leith chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais nó an gha de, ach maidir leis an lonrachas, tá sí dhá chéad ocht n-oiread is fiche chomh geal leis an nGrian.


Déréalta í Beta Delphini chomh maith. Tugtar Beta Delphini A agus Beta Delphini B ar an dá chomhréalta, agus is é an t-ainm a bhaist Niccolò Cacciatore ar an gcomhréalta is gile acu ná Rotanev. Má léitear ón deireadh go tús é, gheofar Venator, agus is focal Laidine é a chiallaíos ”sealgaire”, nó cacciatore as Iodáilis. Tá leagan Laidine den ainm agus den tsloinne úd Niccolò Cacciatore – Nicolaus Venator – ceilte in ainmneacha an dá réalta úd Sualocin agus Rotanev, mar sin.


F-réaltaí iad an dá chomhbhall de Beta Delphini, is é sin tá siad beagáinín níos teo ná an Ghrian. Níl ceachtar acu mórán níos troime ná an Ghrian cé go bhfuil siad níos lonrula (24 oiread agus ocht n-oiread). Tá an dá réalta suite céad solasbhliain uainn, a bheag nó a mhór.


Maidir le Gamma Delphini, is déréalta eile í. Tá sí suite traidhfilín níos faide uainn ná Beta Delphini nó Rotanev. Gamma1 Delphini agus Gamma2 Delphini ainmneacha an dá réalta. An chéad cheann acu, is réalta phríomhsheichimh í agus baint aici leis an B-aicme; an dara ceann acu, is fo-fhathach flannbhuí den K-aicme í, agus í tuairim is fiche oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Creidtear go bhfuil pláinéad ar aon mhéid le hIúpatar ag an déréalta seo.


Déréalta eile í Delta Delphini, agus í suite faoi tuairim is dhá chéad is fiche solasbhliain dínn. Réaltaí aisteacha iad an dá chomhbhall agus iad níos saibhre i miotail ná mar ba chóir, agus ní féidir iad a dhealú ó chéile ach taighde a dhéanamh ar an speictream. Réaltaí athraitheacha iad an bheirt acu.


Réalta aonair í Epsilon Delphini AldulfinEireaball na Deilfe. Fathachréalta B-aicme atá ann. Tá an réalta seo suite tuairim is trí chéad is tríocha solasbhliain uainn, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.


Deimos atá ar an gceann is lú den dá shatailít atá ag fithisiú Mharsa. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall a chuir an chéad sonrú in Deimos i Mí Lúnasa 1877, sé lá sular aithin sé Phobos; ba é Henry George Madan an chéad duine a mhol an t-ainm seo don tsatailít. Caitheann Deimos tríocha uair an chloig ag críochnú turas amháin timpeall ar Mhars. Tá cianphointe na gealaí seo suite faoi 23 471 chiliméadar ó Mhars, agus an garphointe cúig chiliméadar déag níos cóngaraí don phláinéad. Níl in Deimos ach cnapán beag cloiche i gcomparáid leis an nGealach s’againn – níl sé ar dhéanamh na liathróide, fiú. D’fhéadfá a rá go bhfuil sé cúig chiliméadar déag ar fad agus aon chiliméadar déag ar leithead.


dhá chráitéar mhóra ar Deimos atá ainmnithe: Swift (aon chiliméadar amháin ar trastomhas) agus Voltaire (dhá chiliméadar ar trastomhas). Fuair na cráitéir na hainmneacha seo i ndilchuimhne ar an mbeirt scríbhneoirí úd Jonathan Swift agus Voltaire (arbh é François-Marie Arouet a fhíorainm), ó bhí siadsan ag tuairimíocht faoi shatailítí Mharsa ina gcuid scríbhinní sular aithin na réalteolaithe Phobos agus Deimos. Maidir le Deimos, tagairt do mhiotaseolaíocht na sean-Ghréagach atá ann: bhí beirt mhac ag Ares agus Aphrodite, Phobos agus Deimos (”Scanradh” agus ”Sceimhle”), agus is gnách Ares, dia an chogaidh i seanchas na Gréige, a chomhionannú le Mars, a raibh an ról céanna aige ag na Rómhánaigh.


Deireadh na LoingeCeann de na réaltbhuíonta a tháinig ar an bhfód nuair a scoilteadh an Long nó Argo Navis é Deireadh na Loinge. Tá Deireadh na Loinge suite idir an tAonbheannach, Compás an Mhairnéalaigh, na Seolta, an Chíle, an Péintéir, an Colm, an Madra Mór, agus an Phéist Uisce.


Réalta O-aicme is ea Zeta Puppis. Tá sí suite tuairim is míle agus céad solasbhliain uainn, agus is ollfhathachréalta í. Tá sí sé oiread déag is dhá scór chomh téagartha leis an nGrian, agus í deich míle oiread níos lonrúla. Le fírinne tá an chuid is mó den radaíocht atá an réalta seo a astú sa bhanda ultraivialait, agus má chuirtear an radaíocht sin san áireamh, tá Zeta Puppis na céadta míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.


Pi PuppisAhadi an dara réalta is gile i nDeireadh na Loinge. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá inti, agus í dhá oiread déag chomh téagartha, dhá mhíle déag oiread chomh lonrúil leis an nGrian.


Tríréalta í Xi Puppis. Tá déréalta speictreascópach ann – is é sin, dhá réalta agus iad chomh gar dá chéile is nach dtig iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an speictream – agus an tríú réalta le feiceáil sa teileascóp mar réad ar leith. Is iad ainmneacha an trí cinn ná Xi Puppis Aa (Azmidi), Xi Puppis Ab agus Xi Puppis B. Fathachréalta atá i Xi Puppis A agus í in aon aicme speictreach leis an nGrian, is é sin G-aicme. Maidir le Xi Puppis B is réalta phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian.


DenebAlpha Cygni a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Ollfhathachréalta A-aicme atá inti agus í tuairim is dhá chéad míle oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Tá sí suite faoi dhá mhíle is sé chéad solasbhliain dínn, ach is deacair an fad sin a shainiú go cruinn, dáiríribh. Ceann de réaltaí Thriantán an tSamhraidh í.


Denebola Beta Leonis atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Leoin. Tá sí suite faoi shé solasbhliana déag is fiche dínn, agus í infheicthe go maith gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc. Réalta phríomhsheichimh í – níl sí dhá oiread chomh mór leis an nGrian – ach is A-réalta the lonrúil í. Réalta athraitheach í den chineál atá ainmnithe as Delta Scuti, is é sin, tagann athruithe beaga bídeacha ar a lonrachas de réir tréimhse nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar fad.


Deoitéarón a thugtar ar cháithnín atá comhdhéanta as prótón amháin agus neodrón amháin. Is ionann é agus núicléas an deoitéiriam.


Deoitéiriam a thugtar ar iseatóp trom neamh-radaighníomhach na hidrigine a bhfuil neodrón amháin sa núicléas aige i mbreis ar an bprótón. (Uaireanta tugtar próitiam ar an ngnáth-hidrigin nach bhfuil ach prótón amháin sa núicléas aici.) Is é 0.015 % codán an deoitéiriam i hidrigin an dúlra. Ba iad na fisiceoirí Meiriceánacha Harold Urey agus Ferdinand Brickwedde a d’aonraigh an chéad eiseamal deoitéiriam thiar sna 1930idí, tar éis d’Urey an deoitéiriam a aithint go speictreascópach sa bhliain 1931. Ba é Urey a cheap na téarmaí úd próitiam, deoitéiriam agus tritiam agus a d’úsáid roimh aon duine eile iad in alt a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1934.


Is minic a úsáidtear an tsiombail cheimiceach D le tagairt a dhéanamh don deoitéiriam, cé nach bhfuil ann ach iseatóp de chuid na hidrigine (H). Is féidir 2H a úsáid chomh maith, agus is é sin an leagan is fearr le Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC).


Má nasctar dhá adamh deoitéiriam d’adamh ocsaigine, is éard a gheofar ná ocsaíd deoitéiriam, nó tromuisce. Is iomaí úsáid a bhaintear as an tromuisce, go háirithe sa teicneolaíocht núicléach. An leagan den imoibreoir núicléach a forbraíodh i gCeanada sna seascaidí, mar atá, CANDU (Canada Deuterium Uranium), úsáideann sé tromuisce le maolú ar na neodróin arb iad iompróirí an tslabhra imoibrithe san imoibreoir.


Úsáidtear deoitéiriam sna buamaí hidrigine freisin. Tá an buama hidrigine bunaithe ar chomhleá an deoitéiriam agus an tritiam, agus gnáthbhuama adamhach (buama eamhnaithe) mar mhaidhmitheoir ann le tús a chur leis an gcomhleá seo.


Is é an tritiam an tríú hiseatóp atá ag an hidrigin, agus é níos troime fós ná an deoitéiriam. Tá dhá neodrón agus aon phrótón amháin i núicléas an tritiam, agus is iseatóp radaighníomhach é, murab ionann agus an deoitéiriam.


Déréalta a thugtar ar dhá réalta atá chomh cóngarach dá chéile agus go bhfuil nasc imtharraingthe acu. Is ionann déréalta agus réalta dhúbailte fhisiceach; scéal eile í an réalta dhúbailte optúil (dhá réalta atá suite ar an líne chéanna, beagnach, ón Domhan, ionas go bhfeictear in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile i ndáiríribh).


Déréalta éagothrom atá i gceist má tá an dá chomhréalta an-difriúil le chéile ó thaobh na méide nó an lonrachais de. Is féidir mar shampla go bhfuil ceann den dá chomhbhall iompaithe ina abhac bán cheana féin, agus an ceann eile ina fhathachréalta go fóill.


Déréalta fhótaiméadrach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí bhreathnuithe fótaiméadracha a dhéanamh uirthi – is é sin tríd an solas a thomhas atá ag teacht as an réalta, ionas gur féidir leat tátail a bhaint as athruithe an tsolais sin. Déréaltaí fótaiméadracha iad na déréaltaí uraitheacha mar shampla.


Déréalta infheicthe atá i gceist más féidir leat an dá chomhréalta a aithint thar a chéile agus a fheiceáil mar dhá réad scartha le súile do chinn féin, nó ar an teileascóp ar a laghad.


Déréalta réaltmhéadrach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí bhreathnuithe réaltmhéadracha a dhéanamh uirthi. Go bunúsach, is éard a bhíos i gceist le déréalta réaltmhéadrach ná déréalta atá an-éagothrom, ionas nach bhfuil ach ceann den dá chomhréalta le feiceáil, ach san am chéanna is féidir a aithint go bhfuil an chomhréalta dhofheicthe ag dul i bhfeidhm ar an gceann eile ar dhóigheanna éagsúla, an imtharraingt ach go háirithe.


Déréalta speictreascópach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí anailís a dhéanamh ar a speictream.


Déréalta theagmhála atá i gceist má tá an dá réalta chomh cóngarach dá chéile is go bhfuil siad i dteagmháil le chéile.


Déréalta uraitheach atá ann, má thagann ceann den dá chomhréalta idir sinn agus an chomhréalta eile go tráthrialta.


Diallas a thugtar ar an gcomhordanáid i gcóras an mheánchiorcail a fhreagraíos don domhanleithead. Tugtar in aonaid stua é, is é sin, céimeanna stua, stuanóiméid, agus stuashoicindí.


Dia-optar a thugtar ar aonad na cumhachta optúla. Is ionann an dia-optar agus deilín an mhéadair, is é sin, m-1, agus is ionann an chumhacht optúil agus deilín an fhaid fhócasaigh. Mar sin, má tá an lionsa deich ndia-optar ar chumhacht optúil, is ionann sin is a rá gurb é 1/10 méadar (deich gceintiméadar) an fad fócasach atá aige.


Díchumadh: San optaic is ionann an díchumadh agus an dóigh a gcuireann na lionsaí na línte díreacha as a riocht. Is é is cúis leis an díchumadh ná nach ionann an formhéadú timpeall ar lárphointe an lionsa agus in aice leis na ciumhaiseanna. (Is é is formhéadú ann ná an dóigh a bhfeictear an réad níos mó dúinn tríd an lionsa.) Díchumadh pioncásach atá i gceist má tá an formhéadú ag fás i bhfad ó lárphointe an lionsa, agus díchumadh bairilleach a thugtar ar a mhalairt de dhíchumadh. Tá a leithéid de rud ann agus díchumadh croiméalach freisin – is é sin, meascán an dá dhíchumadh eile.


Díobhadh: Tugtar díobhadh ar an dóigh a scaiptear an solas ar a bhealach ón réalta (nó ó réad réalteolaíoch eile) chugainn agus é ag bualadh faoi dhamhna de chineálacha éagsúla. Cuid den díobhadh é an dóigh a n-ólann dusta agus gáis na hollchruinne an solas chucu féin (is é sin, ionsú an tsolais).


Tá cúiseanna éagsúla leis an díobhadh: an t-ábhar idir-réaltach (deargadh idir-réaltach), an t-atmaisféar timpeall an Domhain (díobhadh atmaisféarach) agus pé dusta atá timpeall ar an réad féin.


Is dual don dusta idir-réaltach níos mó den tsolas ardmhinicíochta (solas gorm) ná den tsolas ísealmhinicíochta (solas dearg) a ionsú, rud a chiallaíos go gcuireann an díobhadh idir-réaltach dath dearg leis an solas ó réadanna i bhfad i gcéin uainn. Sin é an fáth a dtugtar deargadh idir-réaltach ar dhíobhadh den chineál idir-réaltach. Tabhair faoi deara nach bhfuil baint ar bith ag an deargadh idir-réaltach leis an deargaistriú, ar toradh é d’iarmhairt Doppler.


Maidir leis an díobhadh atmaisféarach, is éard is cúis leis ná:

  • móilíní an aeir a bheith ag scaipeadh an tsolais (rud ar a dtugtar réscaipeadh Rayleigh)

  • na haerasóil (na deoiríní beaga uisce san aer, mar shampla) a bheith ag scaipeadh an tsolais

  • na móilíní a bheith ag ól an tsolais agus a fhuinnimh chucu – rud ar a dtugtar ionsú atmaisféarach, ar ndóigh. Is iad na móilíní ocsaigine agus ózóin is mó a shús isteach an solas ardmhinicíochta, agus is iad na móilíní uisce is mó a bhaineas den tsolas ísealmhinicíochta.



Dione atá ar an gcúigiú satailít déag is mó dá bhfuil ag timpeallú Shatarn, agus í ar an dara satailít is dlúithe ábhar acu. Go bunúsach, is éard atá in Dione ná liathróid oighir agus cloiche agus í tuairim is 1120 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Ba é Giovanni Domenico Cassini (an fear céanna a d’aithin Bearna Cassini i bhFáinni Shatarn roimh aon duine eile) a chuir an chéad sonrú in Dione sa bhliain 1684, agus fuair an ghealach bheag seo a hainm ó John Herschel sa bhliain 1847. Ní dhearnadh léarscáiliú ceart ar Dione ach le déanaí, nuair a d’eitil an spástaiscéalaí Cassini thart le Dione. De thoradh an taighde a rinne Cassini tá a fhios ag an gcine daonna a lán i dtaobh thíreolaíocht Dione, agus fuair a lán gnéithe dá dromchla ainmneacha, an t-iomaire úd Janiculum Dorsa, mar shampla.


Diosca Airy: is é diosca Airy an diosca solais i lár an phatrúin díraonacháin a gheofar má chuirtear ga solais trí chró chruinn an lionsa. Fuair an diosca a ainm ó George Biddell Airy, matamaiticeoir agus réalteolaí Sasanach a bhí beo sa naoú haois déag.


Diosca bréagach: Tá baint ag an gcoincheap seo le diosca Airy. Go bunúsach, nuair a dhéantar breathnuithe ar na réaltaí tríd an teileascóp, is mar dhioscaí a fheictear iad. Na difríochtaí méide idir na dioscaí seo, áfach, ní bhraitheann siad ar fhíor-dhifríochtaí trastomhais idir na réaltaí atá i gceist ach ar dhifríochtaí gile. Sin é an fáth a dtugtar dioscaí bréagacha orthu.


Diosca na gréine: go bunúsach, is ionann é diosca infheicthe na gréine agus an fótaisféar.


Diosca réaltrach: an chuid den réaltra atá suite timpeall an láir agus í cosúil le diosca. Tá diosca réaltrach ag na cineálacha seo leanas de réaltraí:


  • réaltraí lionsacha: M84, NCG4111, ”Réaltra an Rotha” (ESO 350-40)

  • réaltraí bíseacha neamhbharracha: M81, M88, ”Réaltra an Triantáin” (M33)

  • réaltraí bíseacha barracha: Bealach na Bó Finne

  • réaltraí bíseacha idirmheánacha: ”Réaltra na Tine Ealaíne” (NCG6946).


Cuid de na réaltraí a bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu go bunúsach ach an diosca sin; an chuid eile is féidir bolg láir a aithint acu. An dá chineál réaltraí nach bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu ach an bolg féin: na réaltraí neamhrialta agus na réaltraí éilipseacha.


Díothú díothúchán a thugtar ar an rud a thitfeas amach má bhuaileann cáithnín agus a fhrithcháithnín a chéile. Más fíor-bhuncháithníní atá iontu, is é sin cáithníní nach bhfuil struchtúr inmheánach acu, imeoidh siad agus ní fhágfar ach candaim radaíochta. Sampla de seo is ea díothú an leictreoin agus an phosatróin. Más cáithníní iad a bhfuil struchtúr inmheánach acu – cosúil leis an bprótón agus leis an bhfrithphrótón, agus iad comhdhéanta as cuarcanna – beidh an scéal níos casta: ar dtús déanfar méasóin éagsúla, ach ansin imeoidh na méasóin féin agus cruthófar candaim radaíochta chomh maith le leictreoin, posatróin agus neoidríonónna.


Diphda: Is í Diphda nó Deneb Kaitos Beta Ceti an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.


Díraonadh díraonachán a thugtar ar an dóigh ar féidir le haon chineál tonnghluaiseachta dul thart an coirnéal – is é sin, má théann an tonnghluaiseacht ag dul trí pholl, beidh sí ag dul i ngach treo sa spás ar an taobh eile den pholl. théann solas trí scoilt an-chaol, abair, is léir go bhfeicfear banda geal – uasmhéid solais mar a déarfá – ar an dromchla a bhuailfeas an solas ina dhiaidh sin. Ach san am chéanna beidh bandaí eile – uasmhéideanna eile – le feiceáil ar an dá thaobh ón banda is gile, agus iad ag éirí níos dorcha ag dul i bhfad ón bpríomh-uasmhéid. Is é an díraonadh is cúis leis na huasmhéideanna seo. Más cró beag ciorclach atá ann, áfach, beidh diosca solais – diosca Airy – le feiceáil ar an dromchla sin, agus ciorcail ina thimpeall de bharr an díraonacháin. An dóigh a scaiptear an solas ar an dromchla a bhuaileas sé, tugtar patrún díraonacháin air.


Dírghluaisne a thugtar ar ghluaiseacht na satailíte in aon treo le rothlú an phríomhúlaigh. Gluaisne chasiompaithe a thugtar ar a mhalairt de ghluaiseacht. An tsatailít a fhanas os cionn an bhaill chéanna den Domhan (an tsatailít gheoisioncrónach nó gheochobhsaí), is sampla speisialta í den dírghluaisne, nó tá sí ag timpeallú an phláinéid in aon treo agus ar aon luas le rothlú an phláinéid.


Dlí Bode, nó dlí Titius, nó dlí Titius-Bode: Sórt teoiric nó ballaíocht hipitéise ab ea an ”dlí” seo. Is éard a dúirt an teoiric ná go bhfuil fad an phláinéid ón nGrian ag brath ar fhad an chéad phláinéid roimhe agus ar fhad an chéad phláinéid eile de réir foirmle shimplí mhatamaiticeach:


  • is ionann fad Mhearcair ón nGrian agus 4/100 d’fhad Shatarn ón nGrian – glacaimis leis an gcéadú cuid sin mar aonad;

  • is ionann fad Véineas ón nGrian agus 7/100, is é sin, 4 + 3 aonad;

  • is ionann fad an Domhain ón nGrian agus 10/100, is é sin, 4 + 6 aonad, agus is ionann 6 agus 3 méadaithe faoi 2;

  • is ionann fad Mharsa ón nGrian agus 16/100, is é sin, 4 + 12 aonad, agus is ionann 12 agus 3 méadaithe faoi 4;

  • ansin aithnítear bearna sa seicheamh simplí matamaiticeach seo (bheifeá ag súil le pláinéad a bheadh suite faoi 28/100 den Ghrian – is ionann 28 agus 4 + 24 aonad, agus is ionann 24 agus 3 méadaithe faoi 8);

  • ach is ionann fad Iúpatair ón nGrian agus 52/100, is é sin, 4 + 48 aonad, agus is ionann 48 agus 3 méadaithe faoi 16;

  • agus ar ndóigh is ionann fad Shatarn ón nGrian agus 100/100, is é sin, 4 + 96 aonad, agus is ionann 96 agus 3 méadaithe faoi 32.

Tá an dlí seo ainmnithe as beirt réalteolaithe Gearmánacha, Johann Elert Bode agus Johann Daniel Titius, a tháinig ar an tuiscint chéanna timpeall ar an mbliain 1770. Dealraíonn sé, áfach, go ndearna David Gregory agus Edmund Halley trácht ar an smaoineamh roimhe sin féin, is é sin, i dtéacsleabhar réalteolaíochta a foilsíodh i dtús na hochtú haoise déag. Is éard a chreid Bode agus Titius gur uirlis úsáideach a bhí sa ”dlí” s’acu le teacht ar phláinéid nua, agus ceart go leor bhí an dlí in ann áit Úránais a thairngreacht i gceart. Maidir leis an mbearna idir Mars agus Iúpatar, d’aithin an tIodálach Giuseppe Piazzi astaróideach – Ceres – san áit sin i dtús na naoú haoise déag.


Mar a tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, ní raibh an dlí ábalta áit Neiptiúin a thairngreacht, agus is iomaí locht eile a fuarthas ar an hipitéis. Ní dhearctar air mar dhlí nádúrtha d’aon chineál a thuilleadh, agus cuid de na réalteolaithe barúlach nach raibh ann riamh ach comhtharlúint.


Dlí Fechner – Dlí síceolaíochta é dlí Fechner a bhfuil baint aige leis an taighde réalteolaíochta. Deir dlí Fechner go bhfuil aithint an spreagthaigh (an t-athrú gile, mar shampla) i gcomhréir logartamach le láidreacht an spreagthaigh féin. Ba é Gustaf Theodor Fechner a d’oibrigh amach an dlí agus an leagan matamaiticeach de.


Dlí imtharraingthe Newton – Is eol do chách, a bheag nó a mhór, gurbh é Isaac Newton a cheap an chéad teoiric faoin imtharraingt, is é sin, faoin dóigh a bhfuil na réadanna ag aomadh (ag tarraingt) a chéile. Is éard a deir dlí Newton ná:

  • gur fórsa í an imtharraingt;

  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir le maiseanna na réadanna atá ag aomadh a chéile; agus

  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir inbhéartaithe le cearnóg an fhaid idir na maiseanna.

Is í an chothromóid mhatamaiticeach a chuireas an méid sin in iúl ná:


F = G[(m1m2)/r2]


inarb ionann:

  • F agus an fórsa;

  • G agus tairiseach na himtharraingthe;

  • m1 agus mais an chéad réad;

  • m2 agus mais an dara réad;

  • r agus an fad idir lárphointí an dara réad;

  • r2 agus cearnóg an fhaid sin, is é sin an fad méadaithe faoi féin.

D’athraigh tuiscint na fisice ar an imtharraingt nuair a tháinig teoiric coibhneasaíochta Einstein ar an bhfód, nó is éard a deir Einstein ná go gcuireann an imtharraingt an spás agus an t-am as a riocht timpeall an réid – go gcuarann sí an spás agus an t-am – agus nach fórsa ceart í an imtharraingt, is é sin, nach bhfuil i gceist leis ach an dóigh a mothaítear is a n-aithnítear an cuaradh sin.


Le fírinne bhí Newton féin cineál drochamhrasach i dtaobh na himtharraingthe mar fhórsa. Sa ghnáthchiall caithfidh dhá réad a bheith i dteagmháil le chéile le fórsa a chur i bhfeidhm ar a chéile, ach maidir leis an imtharraingt, oibríonn sí fiú tríd an bhfolús, gan a bheith á hiompar ag aon rud infheicthe nó inaitheanta. D’admhaigh Newton nach raibh i gceist le ”dlí Newton” ach foirmle néata phraiticiúil a cheadaigh don duine an fórsa imtharraingthe a áireamh, ach san am chéanna dúirt sé nach raibh tuiscint aige ar an rud is imtharraingt ann dáiríribh. Mar sin, nuair a mhínigh Einstein an imtharraingt mar dhíchumadh (nó mar ”chuaradh”) sa spás-am, d’fhreagair sé ceist a bhí curtha ag Newton féin.


Dlí KirchhoffLe fírinne tá a lán dlíthe nádúrtha ann a dtugtar ”dlí Kirchhoff” orthu:


Dlíthe Kirchhoff san innealtóireacht leictreach, is é sin dlí Kirchhoff faoin voltas agus dlí Kirchhoff faoin sruth leictreach. Deir an dlí faoin sruth leictreach ná, in aon phointe den chiorcad leictreach ina dtagann seoltóirí srutha le chéile, gurb ionann suim na sruthanna isteach agus na sruthanna amach ná 0. An dlí faoin voltas arís, is éard a deir sé ná gurb ionann suim an voltais ó fhoinse an tsrutha leictrigh agus an voltais a chailltear sa chiorcad leictreach agus 0 – is é sin, go neodraíonn an dá voltas sin a chéile.


Dlí Kirchhoff faoin radaíocht theirmeach. Deir an dlí seo, ná, aon réad atá i gcothromaíocht theirmidinimiciúil, gurb ionann iad an t-astaíochas (an chomhéifeacht astúcháin) agus an ionsúiteacht dó. Tá baint ag an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Is é an dúchorp an réad teoiriciúil nach bhfuil in ann radaíocht d’aon chineál a fhrithchaitheamh, is é sin, ní dhéanann sé ach radaíocht a astú (a thál, a thabhairt uaidh) agus a ionsú (a shú isteach, a ól chuige).


Dlíthe speictreascópachta Kirchhoff: Trí dhlí atá ann:

  1. An solad, an leacht nó an gás dlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, tá sé ag astú radaíochta ag gach tonnfhad (rud a dtugtar speictream leanúnach air).

  2. An gás neamhdhlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, níl sé ag astú radaíochta ach ag tonnfhaid áirithe (speictream astúcháin).

  3. Má théann radaíocht a bhfuil speictream leanúnach aici trí ghás fhuar, bainfidh (ionsúfaidh) an gás sin tonnfhaid áirithe den radaíocht: más solas atá i gceist, aithnítear an t-ionsúchán seo mar línte dubha sa speictream (línte ionsúcháin). Samplaí de na línte ionsúcháin seo iad línte Fraunhofer a d’aithin Josef von Fraunhofer, fisiceoir Gearmánach eile, roimh lá Kirchhoff féin ar speictream na gréine.


Fuair na dlíthe a n-ainm ón bhfisiceoir Gearmánach Gustav Kirchhoff (1824-1887). Mar is léir ó na samplaí seo, fear iléirimiúil a bhí ann a d’fhág lorg a láimhe ar a lán craobhacha den fhisic.


Dlí na limistéar comhionann – Tugtar Dara Dlí Kepler ar an dlí seo freisin, nó ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) a chuir i bhfriotal é an chéad lá riamh, chomh maith leis na dlíthe réalteolaíochta eile a d’aithin sé.


Nuair a bhíos an tsatailít ag teacht i gcóngar don phríomhúlach, bíonn sé ag dul i luas ar a chamchuairt timpeall an phríomhúlaigh, agus nuair a bhíos sí ag dul níos faide ón bpríomhúlach, bíonn sí ag moilliú a siúil. (Is é an príomhúlach an réad atá á thimpeallú ag an tsatailít: mar sin is é an Domhan príomhúlach na Gealaí, agus is í an Ghrian príomhúlach an Domhain agus na bpláinéad eile sa Ghrianchóras s’againn.)


Má roghnaímid dhá phointe ar chonair na satailíte agus sinn ag tarraingt líne ó gach point acu go dtí an príomhúlach, fágfar achar nó limistéar idir an chonair agus an dá líne sin. Anois, má roghnaímid dhá phointe eile a dtógann sé an tamall céanna ama ar an tsatailít an bealach eatarthu a chur di, agus sinn ag tarraingt dhá líne ó thúsphointe an bhealaigh go dtí an príomhúlach agus ó phointe deiridh an bhealaigh go dtí an príomhúlach, is é an t-achar céanna a fhágfar idir an dá líne agus an chonair.


Dlí Planck a thugtar ar an gcothromóid a d’oibrigh Max Planck amach sa bhliain 1900 le cur síos ar radaíocht an dúchoirp. (Is é an dúchorp an réad teoiriciúil nach bhfuil in ann solas a fhrithchaitheamh – is é sin, pé radaíocht a thagas as an dúchorp, is é breo an dúchoirp féin is cúis léi.) Bhí an chothromóid bunaithe ar thorthaí na dturgnamh seachas ar aon tuiscint theoiriciúil. Ba é dlí Rayleigh-Jeans an míniúchán teoiriceach a bhí á fhorbairt faoin am chéanna, ach is é an toradh a thug an dlí sin ná go raibh radaíocht an dúchoirp ag dul i méadaíocht gan teorainn agus tonnfhad na radaíochta sin ag titim. Ar ndóigh, seafóid amach is amach atá sa tairngreacht seo, nó is léir nach féidir le haon chorp fuinneamh teoranta (fuinneamh a chuireas ag breo é) a iompú go fuinneamh gan teorainn – ní féidir fuinneamh a ghineadh as an neamhní, mar a deir an chéad cheann de dhlíthe na teirmidinimice (an dlí faoi imchoimeád an fhuinnimh). Is gnách catastróf ultraivialait a thabhairt ar an dóigh ar theip a dtairngreacht ar Rayleigh agus Jeans. (Fisiceoirí Sasanacha a bhí i Rayleigh agus Jeans: John William Strutt, tríú Barún Rayleigh, agus James Hopwood Jeans na leaganacha iomlána den dá ainm.)


Ba é toradh na dturgnamh ná go raibh fuinneamh na radaíochta as réad a bhí á chur ag breo – go raibh an fuinneamh sin ag dul i méadaíocht agus an tonnfhad ag titim, ach gur shroich sé a bhuaicphointe ag tonnfhad áirithe le titim arís ina dhiaidh sin. Bhí Planck ábalta slonn matamaitice a dhéanamh amach leis an mbuaicphointe sin a thairngreacht, agus ba é an slonn sin dlí Planck.


Dlí Stefan-Boltzmann: Cosúil le dlí Planck, baineann an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Deir dlí Stefan-Boltzmann go bhfuil fuinneamh na radaíochta atá ag teacht as an dúchorp ag brath ar cheathrú cumhacht a theochta. Ní mór an chumhacht sin a mhéadú faoi uimhir ar a dtugtar tairiseach Stefan-Boltzmann le luach ceart an fhuinnimh a fháil.


Fuair dlí Stefan-Boltzmann a ainm ón bhfisiceoir Slóivéanach Jožef Štefan (1835-1893; Josef Stefan an leagan Gearmáinise dá ainm) agus an fisiceoir Ostarach Ludwig Eduard Boltzmann (1844-1906).


Dlíthe Kepler – Is iad dlíthe Kepler na dlíthe a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, agus iad curtha i bhfocail an chéad uair ag an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630):


  • An chéad cheann de dhlíthe Kepler: Éilips í fithis an phláinéid timpeall na Gréine, agus an Ghrian suite i gceann de dhá fhócas an éilips.

  • An dara ceann de dhlíthe Kepler: is é seo dlí na limistéar comhionann.

  • An tríú ceann de dhlíthe Kepler: Tá cearnóg (dara cumhacht) na tréimhse fithisí ag brath go coibhneasta ar chiúb (tríú cumhacht) na haise leathmhóire.


Dlíthe NewtonNa dlíthe nádúrtha a stiúras an ghluaiseacht i bhfráma tagartha na táimhe, agus iad curtha i bhfocail ag Isaac Newton:

  • An chéad cheann de dhlíthe Newton: Is dual do gach réad fanacht mar a bhfuil sé nó a shean-treoluas a choinneáil (agus caithfear fórsa a chur i bhfeidhm ar an réad leis an treoluas a athrú).

  • An dara ceann de dhlíthe Newton: F = ma. Is é sin, is ionann an fórsa (F) atá ag dul i bhfeidhm ar an réad agus mais an réada (m) méadaithe faoi luasghéarú (a) an réada chéanna.

  • An tríú ceann de dhlíthe Newton: Má chuireann réad amháin fórsa i bhfeidhm ar réad eile, cuirfidh an dara réad frithfhórsa i bhfeidhm ar an gcéad réad. Is ionann an bunfhórsa agus an frithfhórsa ach amháin go bhfuil an frithfhórsa ag dul i dtreo contrártha.


Dlíthe radaíochta – Glactar leis go coitianta gurb iad dlí Planck, dlí Stefan-Boltzmann agus dlí Wien na dlíthe radaíochta, nó dlíthe radaíochta an dúchoirp. Is é an dúchorp an réad dubh nach bhfuil ag frithchaitheamh aon chineál radaíochta – is é sin, breo (luisne) de thoradh an teasa is cúis le gach radaíocht atá ag teacht as an dúchorp.


Dlí Wien – Is éard a deir dlí Wien ná go bhfuil tonnfhad na huasmhéide radaíochta i gcomhréir inbhéartach le teocht an dúchoirp. Is é sin, más ag éirí te atá an dúchorp, beidh tonnfhad na radaíochta ag dul i ngiorracht. Is féidir dlí Wien a aithint ar bhreo an iarainn: ar dtús beidh luisne dhearg ann, nó is é an solas dearg is faide tonn, ach ansin iompóidh an t-iarann flannbhuí nó buí.


Fuair an dlí a ainm ó Wilhelm Wien (1864-1928), fisiceoir Gearmánach.


Dlús – Go bunúsach is ionann an dlús (i gciall cheart an fhocail) agus mais an réada roinnte faoina thoirt. I gcóras SI is é aonad caighdeánach an dlúis ná an cíleagram roinnte faoin méadar ciúbach, kg/m3. Nuair a bhítear ag trácht ar dhlús na ngnáthshubstaintí soladacha nó leachtacha, is é an gram roinnte faoin gceintiméadar ciúbach, g/cm3, an t-aonad is mó a úsáidtear.


Substaintí samplacha

Cineál substainte

Dlús (g/cm3) faoi na gnáth-imthoscaí (teocht an tseomra, brú an atmaisféir)

Uisce, H2O

comhdhúil dhénártha

1.0

Sóidiam, Na

miotal alcaileach

0.97

Potaisiam, K

miotal alcaileach

0.86

Maignéisiam, Mg

miotal cré-alcaileach

1.74

Cailciam, Ca

miotal cré-alcaileach

1.55

Carbón (graifít) C

neamh-mhiotal

2.27

Sulfar, S, an t-allatróp is coitianta

neamh-mhiotal

2.07

Fosfar, P, an fosfar dubh

neamh-mhiotal

2.7

Iarann, Fe

miotal trasdultach

7.9

Cóbalt, Co

miotal trasdultach

8.9

Nicil, Ni

miotal trasdultach

8.9

Ór, Au

miotal lómhar

19

Airgead geal, Ag

miotal lómhar

10.5

Sinc, Zn

miotal iar-thrasdultach

7.1

Caidmiam, Cd

miotal iar-thrasdultach

8.7

Mearcair, Hg

miotal iar-thrasdultach

13.5

Copar, Cu

miotal lómhar

9

Luaidhe, Pb

miotal iar-thrasdultach

11.3

Antamón, Sb

miotalóideach

6.7

Biosmat, Bi

miotal iar-thrasdultach

9.8

Ruitéiniam, Ru

miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa

12.5

Róidiam, Rh

miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa

12.4

Pallaidiam, Pd

miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa

12

Oismiam, Os

miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa

22.6 (traidhfilín níos troime ná an t-iridiam)

Iridiam, Ir

miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa

22.6 (beagáinín níos éadroime ná an t-oismiam)

Platanam, Pt

miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa

21.5

Úráiniam, U

achtanóideach

19



Dlús leictreonDhá rud atá i gceist leis an dlús leictreon (nó le dlús na leictreon).

  • Nuair a bhítear ag trácht ar an adamh, is éard atá i gceist leis an dlús leictreon ná chomh dóchúil is atá sé teacht ar an leictreon in áit áirithe timpeall ar núicléas an adaimh.

  • Nuair a bhítear ag trácht ar an bplasma, is féidir tagairt do dhlús na leictreon sa phlasma. Is éard atá i gceist leis an bplasma ná an damhna te sna réaltaí, agus é comhdhéanta as núicléis atá ag snámh i bhfarraige na leictreon – is é sin tá struchtúr na n-adamh féin imithe, ionas nach féidir a rá go mbaineann an leictreon seo leis an adamh áirithe úd.

Dlús optúil – Sórt drochthéarma é ”dlús optúil”, nó tagraíonn sé do dhá rud difriúla ar féidir téarmaí is fearr ná é a úsáid fúthu:

  • comhéifeacht athraonta;

  • ionsúiteacht.

Is éard atá i gceist leis an gcomhéifeacht athraonta ná an uimhir a thagraíos do mhoilliú an tsolais sa mheán. Mar seo a áirítear í:


n = c/v

inarb ionann:

  • n agus comhéifeacht athraonta an mheáin

  • c agus luas an tsolais san fholús

  • v agus luas an tsolais sa mheán



Maidir leis an ionsúiteacht, is uimhir logartamach í ar miosúr í ar an gcuid den fhuinneamh (fuinneamh na radaíochta – fuinneamh an tsolais mar shampla) a ólas an meán isteach chuige (a shús sé isteach, a ionsús sé) in áit é a iompar nó a ligean tríd. Is é an slonn matamaitice a cheadaíos dúinn an ionsúiteacht a thabhairt ná:


A = log10(Φ’/Φ)

inarb ionann:

  • A agus ionsúiteacht

  • Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán

  • Φ’ agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán

Is éard is ciall don ”fhlosc radanta” ná fuinneamh na radaíochta roinnte faoin am (is é sin, cumhacht na radaíochta), agus is é is aonad don fhlosc radanta ná an vata (W). An logartam a úsáidtear, is é an logartam deachúlach (logartam Briggs) é.


Doimhneacht optúil – Tá baint ag an doimhneacht optúil leis an ionsúiteacht (an ”dlús optúil” sa dara ciall). Is í an fhoirmle a thugas an doimhneacht optúil ná:

τ =
loge(Φ’/Φ)


inarb ionann:

  • τ (an litir Ghréagach tau) agus an doimhneacht optúil

  • Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán

  • Φ’ agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán

Is í an t-aon difríocht idir an doimhneacht optúil agus an ionsúiteacht ná go n-úsáidtear an logartam nádúrtha (logartam Napier) leis an doimhneacht a thabhairt, seachas an logartam deachúlach (logartam Briggs).


An Domhan an pláinéad a bhfuil muid inár gcónaí air. Tá sé ar an gceann is mó de na pláinéid dhomhanchosúla sa Ghrianchóras, is é sin de na pláinéid nach gásfhathaigh ná oighearfhathaigh iad (is gásfhathaigh iad Iúpatar agus Satarn, agus is oighearfhathaigh iad Úránas agus Neiptiún). Tá dhá dtrian de dhromchla an Domhain, nó níos mó fós, clúdaithe ag uisce, agus an t-atmaisféar saibhir in ocsaigin – tá an dá rud riachtanach don bheatha mar a d’fhorbair sí ar an Domhan, ach is tábhachtach a thuiscint gur neachanna anaeróbacha a bhí sna chéad orgánaigh bheo ar an Domhan, is é sin gur nimh a bhí san ocsaigin dóibh. Mar sin b’éigean don bheatha éabhlóid áirithe a dhéanamh le bheith in ann leas a bhaint as ocsaigin an atmaisféir. Is féidir teacht ar orgánaigh anaeróbacha i ndúlra an Domhain i gcónaí: sampla aithnidiúil é an baictéar úd Clostridium botulinum, an baictéar is cúis leis an íspíneachas (an nimhiú bia den chineál is measa).


Aithníonn na geolaithe screamh, maintlín agus croí an Domhain thar a chéile. Is í an screamh an ciseal tanaí cloiche a chlúdaíos an pláinéad, agus í timpeall ar chúig ciliméadar ar tiús faoi na farraigí. Bíonn sí i bhfad níos tibhe faoin talamh slán, tríocha ciliméadar, fiú.


Tugtar neamhleanúnachas Mohorovičić, nó an Moho, ar an dromchla a scaras an screamh ón maintlín. Fuair an dromchla a ainm ó Andrija Mohorovičić, geolaí Crótach a bhí ina cheannródaí seismeolaíochta (is éard is seismeolaíocht ann ná an chraobh den gheolaíocht a dhéanas taighde ar na talamhchreathanna). D’aithin Mohorovičić roimh aon duine eile go bhfrithchaitheann an dromchla sin tonnta seismeacha (tonnta talamhchreatha) – is é sin nach leanann na tonnta sin a seanbhealach i ndiaidh an dromchla áirithe seo a bhualadh (sin é an fáth a dtugtar ”neamhleanúnachas” air).


Tugtar litisféar, nó sféar cloiche, ar an screamh agus ar uachtar an mhaintlín araon; taobh thíos den litisféar atá an t-astanaisféar, nó sféar na laibhe. Faoin astanaisféar atá croí an Domhain, agus is féidir struchtúr inmheánach áirithe a aithint sa chroí féin: an croí amuigh agus an croí istigh. Sreabhán slaodach atá sa chroí amuigh, ach is solad é an croí istigh. Iarann agus nicil is mó atá sa chroí. Tá an croí chomh te céanna agus dromchla na Gréine, a bheag nó a mhór – beagnach sé mhíle ceilvin.


Tá an litisféar deighilte ina phlátaí teicteonacha, agus tugtar teicteonaic ar an gcraobh den gheolaíocht a bhíos ag plé le gluaiseachtaí na bplátaí seo. Bíonn próisis éagsúla gheolaíocha ar obair áit a dtagann dhá phláta le chéile: ansin a bhíos talamhchreathanna le mothú agus bolcáin nua ag fás.


Tá an Domhan beo le bolcánachas. Le fírinne tá an Domhan eisceachtúil go maith sa Ghrianchóras chomh gníomhach is atá sé ó thaobh an bholcánachais de. Is iad na substaintí radaighníomhacha nádúrtha is mó is cúis leis an teas taobh istigh den Domhan: nuair a thagas meath radaighníomhach orthu, scaoiltear le radaíocht, is é sin le fuinneamh, agus an fuinneamh sin á chlaochlú go teas. Úráiniam, tóiriam, agus potaisiam (an t-iseatóp radaighníomhach úd 40K, nó potaisiam 40) na dúile is mó atá i gceist.


Cloch atá sa chuid is mó den Domhan, agus is éard atá sa chuid is mó den chloch ná sileacáití. Is éard atá i sileacáit ná ainian (ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) atá comhdhéanta as ocsaigin agus sileacan, agus é ceangailte de chaitiain éagsúla (iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu). Iain mhiotail is mó a bhíos ann (is é sin adaimh mhiotail a thug leictreoin ar iasacht uathu), ach bíonn iain níos casta ná sin ann.


ATMAISFÉAR AN DOMHAIN: CÉATADÁIN NA nGÁS ÉAGSÚIL SAN AER THIRIM

Nítrigin (N2)

78.09 %

Ocsaigin (O2)

20.95 %

Argón (Ar)

0.93 %

Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

0.041 %

Neon (Ne)

0.0018 %

Héiliam (He)

0.00052 %

Meatán (CH4)

0.00018 %

Crioptón (Kr)

0.00011 %

Hidrigin (H2)

0.000055 %



Is gnách atmaisféar an Domhain a dheighilt ina chisil mar seo:


Ainm an chisil

Airde

Nótaí

An t-eisisféar

Ó sheacht gcéad go fiche míle ciliméadar

Is mó a bhaineas sainmhíniú an eisisféir le himtharraingt an Domhain ná le brú an atmaisféir. Go bunúsach tá deireadh leis an eisisféar san áit a bhfuil an ghrianghaoth níos láidire ná an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar na móilíní gáis.

AN TEIRMEASTAD – SEACHT gCÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an t-eisisféar agus an teirmisféar ó chéile

An teirmisféar

Ó ochtó ciliméadar go seacht gcéad ciliméadar

Tá an chuid seo den atmaisféar an-te, de réir chomh sciobtha is a bhíos na móilíní is na hadaimh ag gluaiseacht. Tá an gás chomh scaipthe anseo áfach nach n-aithneodh aon teirmiméadar (ná aon duine) an teocht sin – a mhalairt bheadh mothú mór fuachta ann. Bíonn na hadaimh ianaithe sa chuid seo den atmaisféar, agus mar sin tugtar ianaisféar ar an teirmisféar agus ar chodanna den mhéisisféar agus den eisisféar araon.

AN MÉISEASTAD – CEITHRE SCÓR CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar, agus an áit is fuaire san atmaisféar, de réir luas gluaiseachta na n-adamh.

An méisisféar

Ó chaoga go hochtó ciliméadar

Murab ionann agus an teirmisféar, tá an méisisféar ag dul i bhfuacht suas, fiú de réir luas gluaiseachta na n-adamh. Is é an méiseastad (an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar) an áit is fuaire san atmaisféar.

AN STRATASTAD – LEATHCHÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an strataisféar agus an méisisféar ó chéile

An strataisféar

Ó dhá chiliméadar déag go caoga ciliméadar

Tá an strataisféar níos fuaire thíos, níos teo thuas, agus é féin roinnte ina chisil éagsúla (sin é an tuige a dtugtar strataisféar air – féach focail ar nós stratum agus stratification sa Bhéarla, nó fiú sraith na Gaeilge).

AN TRÓPASTAD – DHÁ CHILIMÉADAR DÉAG OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an trópaisféar agus an strataisféar

An trópaisféar

Ó dhroim an phláinéid go dhá chiliméadar déag

An chuid den atmaisféar is aithin dúinn féin gan dul i muinín gléasra eolaíochta agus taighde. Tá an trópasféar níos teo thíos, agus níos fuaire thuas.




Domhanlíne a thugtar ar an líne a tharraingíos an réad sa spás-am – is é sin, sa spás ceathairthoiseach ina nglactar leis an am mar cheathrú toise.


Domhanloinnir a thugtar ar phláinéadloinnir an Domhain. Is í an phláinéadloinnir an solas a chaitheas an pláinéad ar thaobh na hoíche dá ghealach (nó dá chuid gealach) – as an nGrian don tsolas seo ó thús, ar ndóigh. Tugtar liathsholas na Gealaí liathbhreo na Gealaí ar an domhanloinnir a aithnítear ar an nGealach s’againn freisin.


Domhantarraingt an téarma a thagraíos d’imtharraingt an Domhain. Is mar luasghéarú a thomhaistear an domhantarraingt, is é sin, is é aonad na domhantarraingthe ná an méadar in aghaidh na soicinde cearnaithe (m/s2). Is í an mheán-domhantarraingt ar dhromchla ár bpláinéid ná 9.80665 m/s2, ach is léir nach ionann an fhíor-imtharraingt i ngach áit ar fud an Domhain, ós rud é nach sféar foirfe é an pláinéad s’againn.


Dorn an Chlaímh an réaltbhraisle dhúbailte i bPeirséas a thugtar ar an dá réaltbhraisle úd NCG 869 agus NCG 884. Tá an dá réaltbhraisle suite faoi sheacht míle cúig chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réaltbhraislí réasúnta óg iad, ó tá cuid mhaith ollfhathachréaltaí teo bánghorma iontu – ní bhíonn an cineál sin réaltaí fadsaolach.


Dracóinídí – Dreigechith iad na Dracóinídí agus iad, mar dhea, ag teacht as réaltbhuíon an Dragain. I Mí Dheireadh Fómhair a bhíos siad le feiceáil.


An Dragan – Réaltbhuíon é an Dragan atá le feiceáil sa Tuaisceart, timpeall ar phol thuaidh na spéire. Is iad na réaltbhuíonta a bhfuil an Dragan ag críochantacht leo ná an tAoire, Earcail, an Lír, an Eala, Ceiféas, an Béar Beag, an Sioráf, agus an Béar Mór.


Is í Gamma Draconis nó Eltanin (Etamin, Ettamin) an réalta is gile sa Dragan, cé go dtugtar ”Gamma” uirthi in ainmníocht Bayer. K-réalta atá inti, is é sin réalta fhlannbhuí agus í níos fuaire ná an Ghrian, agus níos teo ná na réaltaí dearga san M-aicme. Cé go bhfuil Eltanin i bhfad níos mó ná an Ghrian agus beagnach leathmhíle oiread níos gile, níl sí mórán níos téagartha – níl sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Mar sin is léir gur réalta phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, a bhí in Eltanin tráth, agus gur iompaigh sí ina fathachréalta ina dhiaidh sin, mar atá i ndán don Ghrian féin. Tá Eltanin suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn, nó cúpla solasbhliain sa bhreis air sin.


Níl in Alpha Draconis nó Thuban ach an dara réalta is gile sa réaltbhuíon. Déréalta atá i gceist, agus an dá chomhbhall beagnach trí oiread chomh téagartha leis an nGrian; scéal eile é go bhfuil ceann acu deich n-oiread chomh geal leis an gceann eile, agus é beagnach cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Tá Thuban suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn. Rud suntasach é go raibh Thuban ar an réalta ba chóngaraí do phol thuaidh an sféir neamhaí sna blianta 4000-2000 roimh Chríost, a bheag nó a mhór, agus go mbeidh arís, de réir mar a dhéanfas ais rothlaithe an Domhain luainíocht.


Maidir le Beta Draconis, nó Rastaban, is déréalta í, agus í ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fathachréalta atá sa chomhbhall is mó den bheirt, agus abhacréalta á fithisiú. Réalta G-aicme í an fhathachréalta, cosúil leis an nGrian. Tá sí suite faoi 380 solasbhliain dínn.


Tá an réaltnéal úd NCG 6543, nó ”Súil an Chait”, le feiceáil sa Dragan chomh maith. Réaltnéal pláinéadach atá ann.


Dreige, nó réalta reatha, a thugtar ar chnap damhna (nó dreigeoideach) a thiteas anuas ón spás agus é á fheiceáil á dhó san atmaisféar. Bóilídí iad na dreigí is gile. Dreigítí iad na dreigeoidigh a shroicheas dromchla an Domhain gan imeacht i ngal soip roimhe sin, ionas go bhfágann siad cráitéar ar an dromchla. Sidirítí a thugtar ar dhreigítí atá an-saibhir in iarann. Dreigechith atá i gceist má fheictear dreigí ag teacht as an bpointe céanna spéire (as an radaí) go tráthrialta.


Go tipiciúil is éard atá i gceist le dreigechith ná iarsmaí cóiméid, agus iad ag leanúint sheanfhithis an chóiméid sin. Dreigecheathanna mórchlúiteacha iad na Peirsidí, na Leoinidí, na Cuadraintidí agus na hAcuairidí (na hEta-Acuairidí) mar shampla. Mar a aithnítear ar na samplaí seo, is gnách na dreigecheathanna a ainmniú as an réaltbhuíon ina bhfeictear iad, agus, uaireanta, as an réalta a bhfuil an radaí suite ina haice: ansin cuirtear litir na réalta sin in ainmníocht Bayer leis an ainm (tá radaí na nAcuairidí cóngarach don réalta úd Eta Aquarii). Tugtar dreigí treallacha ar dhreigí nach cuid d’aon dreigechith iad.


Dreigít Tunguska – Is éard a bhí i gceist le dreigít Tunguska ná dreigít mhillteanach a bhuail dromchla an Domhain sa tSibéir, in aice leis an abhainn úd Podkamennaya-Tunguska nó ”Tunguska faoi Chloch” ar an 30ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1908. Phléasc an dreigít in íochtar an atmaisféir agus leag sí dhá mhíle ciliméadar cearnach de choill. An fuinneamh a scaoileadh saor b’ionann é agus míle buama adamhach den chineál a bhuail Hiroshima i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda. Mar sin féin dealraíonn sé nach bhfuair ach duine amháin, nó beirt b’fhéidir, bás sa teagmháil, toisc go raibh an áit suite i bhfad ó áitreabh daonna. Dá mbuailfeadh an dreigít cathair mhór éigin, is léir go maródh an phléasc na céadta mílte daoine.


Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal faoi gur dreigít a bhí ann. Tá cuid acu ag áitiú gur giota cóiméid a bhí i gceist, agus tá dream eile fós ag tabhairt le fios gur brúchtadh bolcánach de chineál neamhghnách a tharla – is é sin, nár thit a dhath anuas ón spéir ar aon nós.


Drithliú a thugtar ar an dóigh a dtéann atmaisféar an Domhain i bhfeidhm ar an solas ó réaltaí agus ó réadanna réalteolaíocha eile, ionas go bhfeictear athruithe beaga ar a ngile.


Dualghluaisne a thugtar ar an dóigh a bhfuil réalta áirithe ag gluaiseacht trasna na spéire i gcomparáid leis an sféar neamhaí (is é sin, i gcomparáid le cúlra na réaltaí is na reann neimhe atá chomh cianmhar is nach féidir linn a ndualghluaisne siúd a aithint). Stua í an dualghluaisne, agus í á tomhas ina soicindí stua in aghaidh na bliana. Na réaltaí is mó dualghluaisne, is abhacréaltaí éadroma iad agus iad suite réasúnta cóngarach dúinn, cosúil le Réalta Barnard, Réalta Kapteyn agus Réalta Teegarden.


Dubhe an seanainm ar Alpha Ursae Majoris, an dara réalta is gile sa Bhéar Mhór (agus sa Chamchéachta). Déréalta atá i gceist. Fathachréalta K-aicme í an phríomhréalta, agus compánach príomhsheichimh aici a bhaineas leis an F-aicme. Tá an phríomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, breis is trí chéad oiread chomh geal, agus í suite faoi chéad trí solasbhliana is fiche den Ghrianchóras s’againn, a bheag nó a mhór. Cé gur ceann de réaltaí an Chamchéachta í Dubhe, ní bhaineann sí le réaltghaolmhaireacht an Bhéir Mhóir.


Dúibniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 105. Db an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Dubna in aice le Moscó, áit a bhfuil Institiúid Aontaithe an Taighde Núicléach (Obyedinennyi Institut Yadernykh Issledovanii). Ar feadh i bhfad ní raibh an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe in ann aontú faoi ainm na dúile seo, agus is éard a thugadh na Meiriceánaigh uirthi ná háiniam, mar thagairt don eolaí Ghearmánach Otto Hahn a dtugtar ”athair na radaiceimice” air.


Chomh radaighníomhach is atá an dúibniam, is beag is féidir a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha. Más féidir féin eiseamal dúibniam a aonrú, beidh sé te le radaighníomhaíocht agus tiocfaidh meath air go tiubh teirimeach. Is é dúibniam a 268 an t-iseatóp is fadsaolaí, agus níl sé féin mórán thar aon lá amháin ar leathré.


Dúil – Sa cheimic tugtar dúil ar chineál adaimh a bhfuil líon prótón ar leith sa núicléas aige. Tugtar uimhir adamhach (nó Z) ar líon na bprótón sa núicléas. Tá na saintréithe céanna ceimiceacha ag na hadaimh go léir ar den dúil chéanna iad, nó go bunúsach is ionann líon na leictreon sa néal leictreon agus líon na bprótón sa núicléas, agus is éard atá i gceist leis na himoibriúcháin cheimiceacha ná an dóigh a mbíonn an néal leictreon ag idirghníomhú le néal leictreon na n-adamh eile timpeall.


Cé gurb ionann líon na bprótón i núicléas gach adamh den dúil chéanna, ní hionann líon na neodrón. Tugtar iseatóip ar na leaganacha den dúil chéanna nach ionann líon na neodrón acu. Cé go bhfuil saintréithe ceimiceacha na n-iseatóp éagsúil mar a chéile, a bheag nó a mhór, is féidir leo bheith éagsúil ó thaobh na saintréithe fisiciúla de. Thar aon rud eile, bíonn iseatóip áirithe saor ó radaighníomhaíocht, agus na cinn eile radaighníomhach. Ní bhíonn ach iseatóip radaighníomhacha ag na dúile is troime, áfach. Is í an luaidhe (Z = 82) an dúil is troime a bhfuil iseatóip chobhsaí (is é sin iseatóip nach bhfuil radaighníomhach) aici; ar feadh i bhfad shíltí gurb é an biosmat (Z = 83) é, ach ansin fuarthas amach go raibh iseatóp ”cobhsaí” an bhiosmait radaighníomhach, ach amháin go raibh sé chomh fadsaolach is gurbh fhéidir neamhshuim a dhéanamh den radaíocht a bhí sé a astú. Ón taobh eile de, níl ach iseatóip radaighníomhacha ag dhá dhúil is éadroime i bhfad ná an luaidhe, mar atá, an teicnéitiam (Z = 43) agus an próiméitiam (Z = 61).


Dúpholl – Is éard atá i gceist leis an dúpholl ná réalta a rinne inphléascadh imtharraingthe, is é sin réalta a thit isteach inti féin chomh trom téagartha is a bhí sí. Réigiún sa spás-am é an dúpholl nach féidir éalú as toisc go bhfuil an imtharraingt chomh láidir.


Tugtar singilteacht ar an bpointe i gcroílár an dúphoill, agus is í an léaslíne theagmhais dromchla an dúphoill. Le fírinne is coincheap matamaitice í an tsingilteacht. Mar shampla, is singilteacht é an nialas (x = 0) ag an bhfeidhm mhatamaitice úd f(x) = (1/x), nó tá luach na feidhme ag dul i dtreo na héigríche deimhní (+∞) ar aon taobh amháin den nialas, agus i dtreo na héigríche diúltaí (-∞) ar an taobh eile. Mar sin, níl a fhios againn fiú cé acu cineál éigríoch a shásaíos an chothromóid nuair is ionann x agus 0. Pointe neamhleanúnachais atá ann mar sin, agus is minic a thugas na matamaiticeoirí cur síos ar an gcineál seo pointí le meafair bharrúla: deir siad gur ”pointe paiteolaíoch” nó galraithe atá sa tsingilteacht, sin nó pointe nach bhfuil ”dea-mhúinte”.


Is minic a bhíos na fisiceoirí míshásta leis na singilteachtaí a chastar orthu sna samhlacha matamaitice, nó de ghnáth is éard is impleacht don tsingilteacht gur theip ar an tsamhail. Mar sin is iomaí iarracht a rinne na fisiceoirí agus na réalteolaithe le coincheap na singilteachta a chur ó dhoras. Níor éirigh leo áfach, agus is é an chuma atá ar na cúrsaí inniu ná nach féidir déanamh in uireasa na singilteachta agus sinn ag cur síos ar an dúpholl mar rud.


An réad nó an neach atá taobh istigh den léaslíne theagmhais ní féidir leis teacht slán ón tsingilteacht, titfidh sé isteach inti chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh – chomh cinnte is atá an Cháisc ar an Domhnach, i gciall cheart an fhocail! Ón taobh amuigh, áfach, ní fheicfear an réad sin ag baint amach an léaslíne choíche – scéal eile áfach ná go ndeargaistreofar an solas atá á fhrithchaitheamh aige, agus sa deireadh imeoidh an solas (agus an réad) as radharc ar fad. Is éard atá i gceist leis seo ná deargaistriú imtharraingteach.


An breathnóir daonna atá ag titim isteach sa dúpholl, ní aithneoidh sé an léaslíne theagmhais, má tá an dúpholl féin sách téagartha. Taobh istigh den dúpholl, áfach, tá an imtharraingt ag dul i méadaíocht chomh sciobtha is go réabfaidh sí an breathnóir as a chéile – má tá sé ag titim i ndiaidh a chos, abair, beidh an imtharraingt ag dul i bhfeidhm ar a chos i bhfad níos láidire ná ar a chloigeann. Sa deireadh thiar réabfaidh an imtharraingt struchtúr na n-adamh is na mbuncháithníní féin as a chéile.


Rith smaoineamh an dúphoill le John Mitchell, fealsamh nádúrtha ó Shasana, chomh luath leis an ochtú haois déag, ach ní raibh sé in ann teoiric chuimsitheach ná córas matamaitice a chur leis an smaoineamh – ní raibh ann go bunúsach ach marana fhánach. Tá dlúthbhaint ag coincheap an dúphoill le teoiric na coibhneasachta: ba é Karl Schwarzschild a d’oibrigh amach an chéad fhoirmle mhatamaiticeach don dúpholl go gairid i ndiaidh dó an chéad aithne a chur ar theoiric Einstein. Is í an fhoirmle a thug Schwarzschild ná:


rs = (2GM)/(c2)


inarb ionann:

  • rs agus an fad ó lárphointe an dúphoill go dtí an léaslíne theagmhais, is é sin, ga an dúphoill. Ga Schwarzschild a thugtar air inniu i ndilchuimhne ar Schwarzschild a fuair bás go gairid i ndiaidh an fhoirmle a fhoilsiú, sa Chéad Chogadh Domhanda;

  • G agus an tairiseach imtharraingthe;

  • M agus mais an dúphoill;

  • c agus luas an tsolais san fholús.


An cineál dúpholl a bhí i gceist ag Schwarzschild ní raibh sé ag rothlú ar a ais. Ba é an Nua-Shéalannach Roy Kerr a thug cur síos ar an dúpholl atá ag rothlú, agus is dócha go bhfuil na fíor-dhúphoill ag rothlú, nó tá dlí nádúrtha ann a deir gur dual do na réadanna a sean-mhóiminteam uilleach a choinneáil: má bhí an réalta ag rothlú ar dtús, beidh sí ag rothlú i ndiaidh di iompú ina dúpholl. Ar na coincheapanna nua a chuir Kerr lenár dtuiscint ar an dúpholl atá an t-eirgisféar.


Deir Kerr go bhfuil cineál fáinne gluaiste timpeall ar an dúpholl atá ag rothlú, agus is é an t-ainm a bhaist na heolaithe ar an bhfáinne seo ná eirgisféar, focal a chiallaíos ”sféar na hoibre” i nGréigis. Na réadanna a thiteas isteach san eirgisféar, níl siad caillte go fóill ar nós na cinn a thiteas isteach sa dúpholl féin, ach ní féidir leo fanacht socair i gcoibhneas aon réad atá taobh amuigh den eirgisféar.


An damhna atá i ndiaidh titim isteach sa dúpholl, ní féidir linn a dhath a rá ná a fháil amach ina thaobh. Níl ach trí airí ag an dúpholl: a mhais, a lucht leictreach agus a mhóiminteam uilleach. Ní féidir, fiú, a rá cé acu as gnáthdhamhna nó as frithdhamhna atá dúpholl áirithe comhdhéanta. Seo rud a chuireas míchompord ar na fisiceoirí, nó níl a leithéid de chailleadh eolais ag cur go rómhaith le prionsabail na fisice, agus is gnách le lucht an tsaineolais paradacsa caillte an eolais sa dúpholl a thabhairt ar an dúcheist seo.


Éabhlóid réaltach a thugtar ar an dóigh a bhforbraíonn an réalta. Ar dtús níl ann ach néal móilíní gáis, agus an imtharraingt á gcarnadh le chéile, rud ar a dtugtar imphléasc imtharraingthe. Sa deireadh tá prótairéalta ann: is éard atá inti ná sféar te atá ag rothlú. Is é is cúis leis an teas ná fuinneamh na himtharraingthe. I ndiaidh a foirmithe beidh an phrótairéalta ag tarraingt tuilleadh damhna chuici, próiseas ar a dtugtar fuilleamh. Má tá an phrótairéalta sách trom, sách téagartha, tosóidh comhleá na bprótón go héiliam i gcroílár na réalta, agus ansin tá an phrótairéalta iompaithe ina réalta phríomhsheichimh.


Na réaltaí atá an-te, an-téagartha, ní fhanfaidh siad sa phríomhsheicheamh ach roinnt mhilliún blianta. Réaltaí cosúil leis an nGrian, áfach, mairfidh siad na mórmhilliúin de bhlianta ag comhleá prótóin. Sa deireadh, áfach, tiocfaidh deireadh leis an hidrigin i lár na réalta, agus aistreoidh an t-imoibriúchán go dtí na cisil taobh amuigh den chroí. Ansin rachaidh na cisil sin go mór mór i bhfairsinge, ionas go n-iompóidh leithéid na Gréine féin ina fathachréalta.


Sa deireadh ní fhágfar den Ghrian ach abhacréalta bhán, agus na cisil ina timpeall ag dul i bhfairsinge is á scaipeadh mar réaltnéal pláinéadach. Maidir leis na réaltai is mó, is teo, áfach, pléascfaidh siad ina n-ollnóva, agus ina dhiaidh sin déanfar neodrónréalta nó fiú dúpholl de chroí na réalta.


An Eala atá ar an réaltbhuíon idir Ceiféas, an Dragan, an Lir, an Sionnach, Peigeasas, agus an Laghairt. Is féidir Cros an Tuaiscirt a thabhairt ar an Eala freisin, ach le fírinne níl i gCros an Tuaiscirt ach an astaireacht atá comhdhéanta as na réaltaí is gile san Eala, is é sin Alpha Cygni (Deneb), Beta Cygni (Albireo), Gamma Cygni (Sadr), Delta Cygni (Fawaris) agus Epsilon Cygni (Aljanah nó Gienah).


Ollfhathach bán nó bánghorm den A-aicme atá in Deneb, agus é suite dhá mhíle go leith de sholasbhlianta uainn. Mar sin féin tá sé ar an naoú ceann déag is gile de réaltaí na spéire chomh mór millteanach is atá sé. Is é an réalta is gile san Eala.


Tá Albireo nó Beta Cygni ar an gcúigiú réalta is gile sa réaltbhuíon. Ilréalta atá ann. Maidir leis an gcomhbhall is mó san ilréalta seo, Albireo Aa, is fathachréalta é atá cúig oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, agus míle oiread, nó fiú míle go leith oiread, chomh geal. Tá Albireo suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, nó ábhairín níos faide. K-réalta is ea Albireo Aa; maidir leis an gcompánach, Albireo B, is B-réalta é.


Maidir le Gamma Cygni nó Sadr, is ollfhathach buí F-aicme é – ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá an réalta seo suite faoi 1800 solasbhliain dínn, agus í dhá oiread déag chomh trom téagartha leis an nGrian, tríocha trí mhíle oiread chomh geal léi. Tá Sadr ar an dara réalta is gile san Eala.


Delta Cygni ar an gceathrú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fawaris an t-ainm traidisiúnta ar an réalta, ach is é an moladh a d’eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta ná gan an t-ainm sin a úsáid ach le tagairt a dhéanamh don réalta is mó sa chóras, is é sin Delta Cygni A. Tá dhá chompánach ag Fawaris, mar atá, Delta Cygni B agus Delta Cygni C. Réalta B-aicme atá i bhFawaris, agus í céad caoga cúig oiread chomh geal leis an nGrian, cé nach bhfuil sí ach trí oiread chomh trom léi. Tá Delta Cygni B níos lú (oiread go leith chomh trom leis an nGrian), agus is F-réalta í. Maidir le Delta Cygni C, is í an chomhréalta is lú acu, agus is K-réalta í. Is mar A-réalta a fheictear Delta Cygni ón Domhan, áfach, gan dul i dtuilleamaí gléasra sofaisticiúil réaltbhreathnaithe. Tá an córas suite faoi chéad agus cúig solasbhliana is trí scór dár nGrianchóras féin, a bheag nó a mhór.


San Eala a chuir na réalteolaithe sonrú sa chéad réad réalteolaíoch a meastar gur dúpholl atá ann. Tugtar Cygnus X-1 ar an réad. Ceann den dá chomhbhall i ndéréalta é an dúpholl, agus é suite faoi 0.2 aonad réalteolaíoch dá chompánach, ar ollfhathachréalta bhánghorm é – níl d’ainm ar an réalta seo ach ”HDE 226868”. Tá an dúpholl ag baint damhna den ollfhathachréalta, nó dá réaltghaoth, agus an damhna sin ag timpeallú an dúphoill mar dhiosca fuillimh. Gintear x-radaíocht láidir sa diosca, agus is ar an radaíocht sin a d’aithin na réalteolaithe an chéad uair gur réad éigin iontach trom, iontach dlúth a bhí ann.


Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.


Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.


Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlófar go húráiniam a 233 (233U) taobh istigh den imoibreoir féin (tugtar pórú pórúchán ar an bpróiseas seo, agus is cineál imoibreoir pórúcháin é an t-imoibreoir tóiriam). Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.


Éan Parthais atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Triantán an Deiscirt, an Compás, an Chuileog, an Caimileon, an tOchtamhán, an Phéacóg, agus an Altóir. Ba é Petrus Plancius (Pieter Platevoet) a d’ainmnigh an réaltbhuíon seo i ndeireadh na séú haoise déag, agus ba é Nicolas Louis de Lacaille a mhapáil na réaltaí is gile inti i lár na hochtú haoise déag. Apus an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo.


Níl d’ainm againn ar na réaltaí is gile féin in Éan Parthais ach na litreacha Gréagacha a bhaineas le hainmníocht Bayer.


Alpha Apodis an réalta is gile in Éan Parthais. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme í. Tá sí suite faoi 400-450 solasbhliain dínn, agus í breis is naoi gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.


Níl Beta Apodis ar an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, ach ar an tríú ceann. K-réalta atá i gceist leis an gceann seo chomh maith, agus í suite céad go leith de sholasbhlianta ón Domhan s’againn. Níl mais dhá Ghrian inti, ach tá sí iompaithe ina fathachréalta, mar atá daite don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.


Gamma Apodis suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta den Domhan freisin. G-réalta – is é sin, réalta bhuí – atá inti chomh maith leis an nGrian, ach is fathachréalta í agus í trí scór oiread níos lonrúla.


Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha go cothrom trí chéile – staid a dtugtar teasbhás uirthi freisin.


Ní bhfuair an Ollchruinne s’againn teasbhás go fóill, mar is soiléir, agus mar sin, is féidir glacadh leis go raibh tús ag an Ollchruinne agus go bhfuil aois theoranta aici – gur tháinig an Ollchruinne chun saoil, am éigin. Dá mbeadh an Ollchruinne síoraí, is é sin dá mbeadh sí ann gan tús gan deireadh, bheadh an chothromaíocht theirmidinimiciúil bainte amach aici cheana féin, is é sin bheadh sí tar éis teasbhás a fháil. Ba iad an Tiarna Kelvin (William Thompson), an fisiceoir Gearmánach Hermann von Helmholtz, agus an t-innealtóir Albanach William John Macquorn Rankine a tháinig ar an tuiscint seo thiar sa naoú haois déag, roimh aon duine eile.


Éapacht a thugtar ar ”aois” na Gealaí ar an gcéad lá de Mhí Eanáir (nó Lá na Caille) – is é sin, cé mhéad laethanta a d’imigh ón nua-ré dheireanach roimh an lá sin. Úsáidtear an éapacht san fhéilireacht le lá na Cásca a shocrú.


Earcail atá ar an réaltbhuíon idir an Dragan, an tAoire, Coróin an Tuaiscirt, Ceann na Péiste, Fear na bPéisteanna, an tIolar, an tSaighead, an Sionnach, agus an Lír. Is iad na réaltaí is gile sa réaltbhuíon seo ná Rasalgethi (Alpha Herculis), Kornephoros (Beta Herculis), Gamma Herculis, agus Zeta Herculis.


Alpha Herculis comhdhéanta as dhá dhéréalta agus iad ag timpeallú a chéile; de réir chleachtas an lae inniu ní thagraíonn an t-ainm úd Rasalgethi ach don réalta is gile den cheathrar. Tá an córas seo tuairim is 360 solasbhliain uainn. Tá an dá dhéréalta suite leathmhíle aonad réalteolaíoch ó chéile, agus iad ag críochnú imrothlú amháin timpeall a chéile in aghaidh gach 3600 bliain. Is fathachréalta dhearg M-aicme í Rasalgethi (Alpha Herculis A), agus mais dhá nó trí chéad Ghrian inti. Maidir leis an déréalta úd Alpha Herculis B, is G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí í agus í san aicme chéanna leis an nGrian.


Le fírinne tá Beta Herculis, nó Kornephoros, níos gile ná Alpha Herculis. Déréalta í, cé nach bhfuil ach aon réalta amháin infheicthe, agus is ar an gceann sin a thugas eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe Kornephoros go hoifigiúil. Tá an réalta suite faoi 139 solasbhliana dínn. Is G-réalta í, díreach cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í atá céad go leith oiread chomh lonrúil, trí oiread chomh trom. Maidir leis an gcomhréalta bheag, tá sí beagáinín níos éadroime ná an Ghrian.


Maidir le Gamma Herculis, is fathachréalta bhán í, is é sin tá sí an-te, agus í ag dó a cuid hidrigine go héiliam go tiubh teirimeach. Tá sí suite faoi 193 solasbhliana dínn, agus í dhá oiread déag is ceithre scór chomh lonrúil leis an nGrian.


Tá dhá réaltbhraisle chruinneogacha le feiceáil in Earcail, mar atá, M13 agus M92. Tá an chéad cheann acu ar an réaltbhraisle is gile ar spéir an tuaiscirt, agus is féidir í a aithint gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc ar bith.


Eibleacht a thugtar ar mheascán collóideach dhá chineál leachta (nó níos mó, fiú) nach bhfuil intuaslagtha le chéile. Is éard a bhíos ann go praiticiúil ná deoiríní dofheicthe aon chineál leachta agus iad scaipthe sa chineál eile.


Éicisféar a thugtar ar chóras éiceolaíochta an phláinéid, is é sin, na héiceachórais go léir in éineacht.


Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.


Eifimiris a thugtaí, go stairiúil, ar thábla a thabharfadh eolas faoi ruthag na rinne neimhe (ruthag an phláinéid) ar an spéir, mar a bhí áirithe ag an réalteolaí roimh ré. Inniu, úsáidtear ríomhairí agus ríomhchláir le táblaí den chineál sin a chur le chéile, mar is follasach.


Éilim a bhaist na réalteolaithe George Gamow agus Ralph Alpher ar an gcineál damhna a bhí ann go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, de réir na teoirice a chuir siad faoi bhráid na n-eolaithe eile faoi dheireadh na ndaichidí.


Éinstéiniam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 99. Es an tsiombail cheimiceach, agus is léir gur in ómós don fhisiceoir chlúiteach Albert Einstein, a chéadcheap teoiric na coibhneasachta, a baisteadh an dúil seo. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an t-éinstéiniam. Mar sin féin tá an t-iseatóp is cobhsaí bliain amháin agus trí mhí go leith ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an éinstéiniam. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin atá aitheanta, agus is é an chéad cheann acu is coitianta.


Ba é an fisiceoir Meiriceánach Albert Ghiorso a chéadaithin an t-éinstéiniam sa bhliain 1952. Bhí Ghiorso agus a fhoireann ag déanamh taighde ar an dramhaíl radaighníomhach a d’fhág an turgnamh úd Ivy Mike ina dhiaidh – an chéad bhuama hidrigine ar bhain na Meiriceánaigh triail as a bhí i gceist – agus is ansin a tháinig siad trasna ar an dúil nua seo.


Miotal bog é an t-éinstéiniam. Is féidir eiseamal macrascópach (is é sin, sách mór le bheith infheicthe) éinstéiniam a dhéanamh, ach ní bhactar leis de ghnáth, i bhfianaise an dochar agus an dainséar atá sa dúil seo don duine de dheasca na radaighníomhaíochta.


Eipiciogal: Is éard a bhí i gceist leis na heipiciogail ná sórt ciorcail chúnta a bhí in úsáid ag na réalteolaithe le gluaiseachtaí na bpláinéad a áireamh is a shoiléiriú sula raibh glacadh forleathan leis an héilealárnachas, is é sin leis an tuiscint gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais. Glacadh leis go raibh gach pláinéad ag dul timpeall ar phointe a bhí ag fithisiú an Domhain, agus ba é an t-eipiciogal fithis an phláinéid thart ar an bpointe sin. Ba é an ciorcal iompair fithis an phointe thart ar an Domhan. Le bheith beacht níorbh é an Domhan lárphointe an chiorcal iompair ach an oiread – bhí an lárphointe sin, an t-éalárnán, suite taobh amuigh den Domhan.


Níor chuir teoiric héilealárnach Copernicus deireadh leis na heipiciogail, nó bhí Copernicus barúlach gur ciorcail fhoirfe a bhí i bhfithisí na bpláinéad, agus theastaigh eipiciogail bheaga uaidh féin leis na breathnuithe a chur in oiriúint don teoiric. Níor éirigh na réalteolaithe as na heipiciogail a úsáid ach amháin nuair a tuigeadh dóibh nach ciorcail a bhí sna fithisí ach éilipsí.


Eireaball: Is é eireaball an chóiméid is minice a bhíos i gceist leis an bhfocal ”eireaball” i gcoimhthéacs na réalteolaíochta. Is í an ghrianghaoth is cúis le foirmiú an eireabaill, an dóigh a bhfuil sí ag baint ábhair den chóiméad, nó den chóma (an sféar gáis agus deannaigh timpeall ar an gcóiméad). Le fírinne áfach tá dhá eireaball ann: an t-eireaball gáis (nó an t-eireaball gásach) agus an t-eireaball deannaigh (nó an t-eireaball dusta). Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach is féidir iad a aithint thar a chéile cuid mhór den am, toisc go bhfuil an t-eireaball deannaigh níos maille ag iompú ná an t-eireaball gáis.


Eireaball maighnéadach: Is gnách a rá go bhfuil ”eireaball maighnéadach” ag an Domhan agus ag na pláinéid eile, an dóigh a síneann an ghrianghaoth maighnéadaisféar (réimse maighnéadach) na bpláinéad. Mar shampla, tá réimse maighnéadach Iúpatar sínte chomh fada amach le fithis Shatarn féin.


Eireaball na Péiste: Tá réaltbhuíon na Péiste scoilte ina dhá leath ag Fear na bPéisteanna. Tugtar Eireaball na Péiste (Serpens Cauda) ar an leath thoir. Is gnách, áfach, glacadh leis an bPéist mar aon réaltbhuíon amháin ó thaobh ainmneacha córasacha na réaltaí de, cosúil leis na litreacha in ainmníocht Bayer. Is í Eta Serpentis an réalta is gile san Eireaball.


Éirí héileacach atá i gceist má fheictear réalta ag éirí ó scáth na léaslíne go gairid roimh éirí na Gréine, i ndiaidh don réalta sin a bheith dofheicthe ar feadh tréimhse éigin. Bhí éirí héileacach Sirius tábhachtach i bhféilireacht na hÉigipte, bhí féilire na nÉigipteach bunaithe ar an mbliain Shótach, is é sin, an tréimhse idir dhá éirí héileacach Sirius.


Na hÉisc a thugtar ar an réaltbhuíon idir Iompróir an Uisce (an tUisceadóir) agus an Reithe, agus ar ndóigh ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca atá ann. Sna hÉisc a haithníodh an chéad abhacréalta bhán nach bhfuil ina comhbhall d’aon déréalta nó ilréalta, mar atá, Réalta van Maanen – ba é an réalteolaí Ollannach Adriaan van Maanen a rinne a fionnachtain sa bhliain 1917. Tá réalta van Maanen suite réasúnta cóngarach, is é sin, faoi cheithre solasbhliana déag dínn.


Is é an seanainm ar Alpha Piscium Alrescha; déréalta í atá suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. A-réaltaí iad an dá chomhbhall. De réir nós an lae inniu ní thugtar Alrescha go hoifigiúil ach ar Alpha Piscium A, an ceann is mó den bheirt.


Maidir le Beta Piscium, is é an seanainm atá ar an réalta sin ná Fumalsamakah Fum as-Samaka, agus is é is ciall leis na focail Araibise sin ná ”Béal an Éisc” (cosúil le Fomalhaut a chiallaíos ”béal an mhíl mhóir”; is í Fomalhaut an réalta is gile in Iasc an Deiscirt). B-réalta í Fumalsamakah agus í suite tuairim is 410 solasbhliana uainn. Tá sí ceithre oiread agus seacht ndeichiú cuid chomh téagartha leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is leathmhíle oiread chomh lonrúil. Mar sin féin glactar leis gur réalta phríomhsheichimh í.


Gamma Piscium sách cosúil leis an nGrian ó thaobh an datha de, is é sin, is G-réalta í. Scéal eile ar fad áfach gur fathachréalta atá inti agus í tuairim is trí scór oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Tá sí suite céad agus ocht solasbhliana déag is fiche uainn.


K-réalta atá in Delta Piscium, agus is réalta aonair í (is é sin ní déréalta ná ilréalta atá inti). Fathachréalta fhlannbhuí atá inti: tá sí ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, ach tá sí beagnach ceithre chéad agus caoga oiread chomh lonrúil.


Epsilon Piscium arís, tá sí tuairim is céad solasbhliain is ceithre scór ar shiúl uainn. Tá an réalta seo breis is dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus beagnach seachtó oiread chomh lonrúil. Tá sí ar an teorainn idir a bheith ina G-réalta agus ina K-réalta; mar sin is fathachréalta fhlannbhuí í agus í traidhfilín beag níos fuaire ná an Ghrian. Tá an dá bh’fhéidir ann cé acu déréalta nó réalta aonair atá inti.


Is ilréalta í Zeta Piscium Revati, agus mar is gnách inniu, ní thagraíonn an t-ainm traidisiúnta sin Revati ach don chomhbhall is gile (Zeta Piscium Aa), de réir na téarmaíochta oifigiúla. Tugtar Zeta Piscium Aa agus Ab ar an déréalta is gile; Zeta Piscium Ba agus Bb an déréalta eile; an cúigiú réalta atá ann, is í Zeta Piscium C í. A-réaltaí iad Aa agus Ab; maidir leis na réaltaí eile, is féidir a rá gur F-réalta í Ba agus go bhfuil Bb ina G-réalta, cosúil leis an nGrian s’againn. Tá an córas casta seo suite faoi chéad is seachtó solasbhliain dínn.


Cé nach bhfuil an litir úd Eta ach ar an seachtú litir in aibítir na nGréagach, is í Eta Piscium Alpherg an réalta is gile sa réaltbhuíon – sampla is ea é de chomh míchruinn is a bhíos ainmníocht Bayer uaireanta. Déréalta í Eta Piscium, agus í comhdhéanta as Eta Piscium A agus Eta Piscium B: ní thagraíonn Alpherg go hoifigiúil ach d’Eta Piscium A inniu. Is G-réalta í Eta Piscium, cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í: tá Eta Piscium A beagnach ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus í ceithre céad caoga seacht n-oiread chomh lonrúil. Tá Eta Piscium suite faoi thrí chéad go leith de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór.


Eisibhitheolaíocht réaltbhitheolaíocht a thugtar ar an mbrainse bitheolaíochta a chardálas beatha ar phláinéid eile. Mar is eol do chách, níor thángthas ar bheatha ar bith ar aon phláinéad eile go fóill, agus mar sin níl san eisibhitheolaíocht i láthair na huaire ach teoiriceoireacht.


De réir thuiscint an lae inniu ní féidir teacht ar neacha beo cliste ar aon phláinéad sa Ghrianchóras s’againn. Scéal eile é go bhfuil sé incheaptha gur fhorbair miocrorgánaigh, cinn a bheadh cosúil le víreasanna, in áit éigin. Tá tuairimíocht ann mar shampla go bhféadfaimis teacht ar bheatha shimplí den chineál sin sna cisil is airde thuas in atmaisféar Véineas.


Níltear cinnte, cé chomh cosúil a bheadh bitheolaíocht na neachanna eachtardhomhanda lenár mbitheolaíocht féin. Tá an bheatha ar an Domhan bunaithe ar an gcarbón mar phríomhdhúil, toisc nach bhfuil aon dúil cheimiceach eile in ann slabhraí fada d’adaimh den chineál chéanna a dhéanamh. Tá an smaoineamh ann gur féidir bithcheimic mhalartach a bhunú ar shlabhraí an tsileacain is na hocsaigine (ar an Domhan s’againn bíonn a leithéidí coitianta sna clocha – sna sileacáití). Is dócha áfach go mbeadh ról nach beag ag an gcarbón sa bhithcheimic shileacanbhunaithe freisin, chomh coitianta is a bhíos sé san ollchruinne.


Ceist chonspóideach eile é, an bhféadfadh leacht éigin eile gnó an uisce a dhéanamh don bheatha eachtardhomhanda: an amóinia, b’fhéidir. Bun scothláidir í an amóinia, agus í ina gás le teocht an tseomra, ach is féidir pláinéad fuar a shamhlú agus cónaí ar neachanna amóiniabhunaithe ansin. Ní fhéadfadh an cineál sin beatha úsáid a bhaint as an ocsaigin mar a dhéantar ar an Domhan, toisc gur dual don ghlanamóinia dul trí thine agus í ag teacht i dteagmháil leis an ocsaigin.


Cheap Carl Sagan, an réalteolaí clúiteach, na focail úd ”seoibhineachas carbóin” agus ”seoibhineachas uisce” agus é ag cur síos ar an tuiscint a bhí aige féin ar na cúrsaí seo: is éard a bhí sé a mhaíomh ná gur shíl sé nach bhféadfadh an bheatha eachtardhomhanda a bheith bunaithe ar aon bpríomhdhúil eile seachas an carbón (”seoibhineachas carbóin”), agus nach bhféadfadh sí déanamh in uireasa an uisce mar phríomhthuaslagóir (”seoibhineachas uisce”). Ní mór cuimhne a choinneáil air áfach gur féidir don bhithcheimic uisce- agus charbónbhunaithe féin a bheith an-difriúil le ceimic na beatha domhanda.


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...