NÓTA:
Rinne mé mo dhicheall le cloí le téarmaíocht Fhoclóir
na Réalteolaíochta.
Nuair nach raibh a dhath le fáil san Fhoclóir, chuaigh mé ar lorg
an téarma i saothar Mhatt Hussey.
Abhac nó abhacréalta a
thugtar ar réalta nach fathach d'aon chineál í. Mar sin is abhaic
iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná
iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s'againn, mar shampla.
Rud
eile é abhac
bán,
nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i
bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go
bunúsach cé go mbíonn an t-abhac bán tipiciúil ar aon mhéid
leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais leis an nGrian. Tá réalta
den chineál sin bán toisc go bhfuil sí te. Níl an teas seo ag
teacht ó aon imoibriú núicléach, áfach – níl ann ach iarsmaí
teasa ó na laethanta a bhí an réalta gníomhach go fóill.
Abhac
donn atá
i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a haon a
choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach is dual
do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn
comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá
hidrigin a dó (deoitéiriam) mar shampla.
An
Abhainn nó Eridanus a
thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach,
an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an
Siséal agus an Giorria.
Tá
an réalta is gile sa réaltbhuíon, Alpha
Eridani nó Achernar,
suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin bunaithe ar na
focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”. Réalta
bhánghorm í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil sí
an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh geal
sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad go
leith de sholasbhlianta.
Tá Beta
Eridani nó Cursa (leagan
Laidinithe den
fhocal Araibise a chiallaíos ”stól coise”) suite faoi naoi
solasbhliana is ceithre scór dínn. Tá sí dhá oiread chomh trom
leis an nGrian, agus cúig oiread is fiche chomh lonrúil. Is
A-réalta í, is é sin, réalta the bhán.
Fathach
M-aicme, nó fathach dearg, atá i nGamma
Eridani,
nó Zaurak (”Bád”
as Araibis). Réalta phríomhsheichimh a bhí inti ar dtús, ach tá
sí iompaithe ina fathach, mar a dhéanfas an Ghrian s’againn i
ndeireadh ama. Réalta athraitheach í. Tá sí suite faoi dhá
chéad solasbhliain dínn.
K-réalta
í Delta
Eridani,
agus í díreach ar tí iompú ina fathachréalta. Tá sí beagáinín
níos troime ná an Ghrian, agus í suite sách gar dúinn, nó níl
sí ach faoi thríocha solasbhliain dínn. Réalta athraitheach
í.
Réalta
thábhachtach de chuid na hAbhann í Epsilon
Eridani nó Ran,
nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn a bhfuil
pláinéad aici, de réir mar a chreidtear. Tá
a lán astaróidigh agus mionábhar eile ag dul timpeall na réalta
seo chomh maith. Níl
sí ach faoi dheich solasbhliana dínn, agus í beagáinín níos
lú ná an Ghrian, de réir na maise agus an trastomhais de. Tá an
Ghrian trí oiread chomh lonrúla ná Epsilon Eridani, ach tá
réaltghaoth Epsilon Eridani tríocha oiread chomh láidir agus an
ghrianghaoth. Réalta K-aicme í Epsilon Eridani, is é sin,
beagáinín níos fuaire ná an Ghrian.
Tá
réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na
réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach
féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.
Ábhar
idir-réaltach a
thugtar ar an damhna atá ar fáil sa spás idir na réaltaí. Gás
is mó a bhíos ann, agus hidrigin atá sa chuid is mó den ghás seo
– nócha faoin gcéad, a bheag nó a mhór. Héiliam atá sa chuid
eile, chomh maith le hiarsmaí beaga de dhúile eile. Sa bhreis ar na
cineálacha éagsúla gáis tá dusta ann. Bíonn dlús an ábhair
idir-réaltaigh iontach éagsúil, agus é ag brath ar an teocht ach
go háirithe: an áit a dtéann sé i bhfuacht téann sé chun dlúis.
Ar meán tá adamh amháin i gceintiméadar ciúbach amháin den
ábhar idir-réaltach, ach mar a dúradh bíonn sé difriúil i
dtimpeallachtaí difriúla. Ianaítear an t-ábhar idir-réaltach
timpeall na réaltaí ”óga” teo.
Acamar an
t-ainm traidisiúnta ar Theta
Eridani,
ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann.
Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise
a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”, agus tá Acamar agus
Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear
dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Déréalta í Acamar, ach is mar
A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim
de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Tá Acamar
suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn. Réaltaí
príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán
difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread
go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.
Achernar atá
ar an réalta is gile san Abhainn, agus is é is brí leis an ainm ná
Deireadh na hAbhann – tá an t-ainm sin bunaithe ar an Araibis.
B-réalta atá in Achernar de réir a speictrim, is é sin, réalta
the ghorm. Tá sí ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is nach
bhfuil sí róchosúil le liathróid a thuilleadh – dhealrófá le
milseán den déanamh Smarties í
dháiríre. Sféaróideach oblátach a thugtar ar a leithéid de
chruth. Tá sí suite faoi chéad is dhá scór de sholasbhlianta
dínn, a bheag nó a mhór, agus í seacht n-oiread chomh trom leis
an nGrian s'againn. Scéal eile é áfach go sáraíonn sí lonrachas
na Gréine glan oscartha ar fad: tá Achernar breis is trí mhíle
oiread níos gile ná í. Is déréalta í Achernar, agus
leathbhádóir ag an bpríomhréalta nach bhfuil ach dhá
Ghrian-mhais inti. Achernar B a thugtar ar an gcomhréalta seo, agus
í ag dul timpeall na príomhréalta faoi dhá aonad réalteolaíoch
déag di, a bheag nó a mhór.
Achtainiam a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 89, a chuireas tús le sraith
na n-achtainídí, nó na n-achtanóideach, i dtábla peiriadach na
ndúl. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an achtainiam, agus
níl ach iarsmaí de le fáil sa dúlra, mar thruailleán i mianraí
úráiniam. Is é achtainiam a 227 an t-iseatóp is cobhsaí dá
bhfuil aige, nó tá sí breis is fiche bliain ar leathré, ach
is é achtainiam a 225 an t-iseatóp is mó a úsáidtear – mar
fhoinse radaíochta sa radaiteiripe, is é sin, le cealla ailse a
mharú. Pé achtainiam a theastaíos táirgtear go saorga in
imoibreoirí núicléacha é. Foinse radaíochta é an t-achtainiam a
úsáidtear uaireanta le cealla ailse a mharú. Miotal é an
t-achtainiam, agus le teacht na hoíche is féidir loinnir ghorm a
aithint timpeall ar gach cnap achtainiam, ós rud é go mbíonn na
cáithníní radaíochta ag bualadh na móilíní san aer.
Tagann
alfa-mheath agus béite-mheath araon ar achtainiam a 227. Na
hiseatóip atá níos troime, is fearr leo an béite-mheath, agus na
cinn atá níos éadroime, is dual dóibh an t-alfa-mheath. Maidir le
hachtainiam a 226, is féidir leis alfa-mheath, béite-mheath nó
leictreonghabháil a dhéanamh.
Ó
thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, tá an t-achtainiam cosúil go
maith leis an lantanam, an dúil atá suite os a chionn sa tábla
peiriadach. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an
achtainiam (agus ag an lantanam) ina chuid comhdhúl: mar sin tá
tríchlóiríd AcCl3,
tríbhróimíd AcBr3,
trífhluairíd AcF3 agus
seisce-ocsaíd (nó trí-ocsaíd dé-achtainiam) Ac2O3 ann.
Tugtar
”sraith achtainiam” nó ”cascáid achtainiam” ar an
meathshlabhra is dual do phlútóiniam a 239. Ceann de na céimeanna
idir eatarthu é achtainiam a 227 sa slabhra seo.
Achtanaiméadar a
thugtar ar ionstraim a thomhaiseas cumhacht na radaíochta – go
bunúsach, bíonn imoibriú ceimiceach i gceist a gcuireann solas nó
cineál eile radaíochta luas faoi, agus ansin aithnítear an
chumhacht ar thorthaí an imoibrithe.
Achtanóideach nó achtainíd
– Is
iad na hachtanóidigh nó na hachtainídí na dúile a thagas i
ndiaidh an achtainiam i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an
lárainciam (Lr) an ceann deireanach acu. Tá sé idir eatarthu cé
acu a áirítear an t-achtainiam féin orthu nó nach n-áirítear.
Seo iad na hachtanóidigh:
Dúil | Siombail cheimiceach | Uimhir na dúile | Meáchan adamhach (nó an t-iseatóp is cobhsaí) |
Achtainiam | Ac | 89 | (227) |
Tóiriam | Th | 90 | 232.04 |
Prótachtainiam | Pa | 91 | 231.04 |
Úráiniam | U | 92 | 238.03 |
Neiptiúiniam | N | 93 | (237) |
Plútóiniam | Pu | 94 | (244) |
Aimeiriciam | Am | 95 | (243) |
Ciúiriam | Cm | 96 | (247) |
Beircéiliam | Bk | 97 | (247) |
Calafoirniam | Cf | 98 | (251) |
Éinstéiniam | Es | 99 | (252) |
Feirmiam | Fm | 100 | (257) |
Meindiléiviam | Md | 101 | (258) |
Nóbailiam | No | 102 | (259) |
Láirinciam | Lr | 103 | (266) |
Mar
is léir ón tábla thuas, is dúile radaighníomhacha iad na
hachtanóidigh, agus is beag is féidir a rá faoi na cinn
deireanacha acu: mar shampla, is í an leathré atá ag an iseatóp
is cobhsaí atá ag an láirinciam ná aon uair déag, agus dá réir
sin, tá sé deacair dainséarach taighde a dhéanamh ar airíonna
ceimiceacha na dúile, nó tagann meath ar do chuid láirinciam go
tiubh, agus an t-eiseamal chomh te ag astú radaíochta uaidh is go
bhfuil trealamh trom cosanta de dhíth ort. Ón taobh eile de, tá
leathré an úráiniam agus an tóiriam chomh fada is go bhfuil siad
ar fáil go nádúrtha sa dúlra, agus mar sin is féidir meáchan
adamhach a áireamh, a shocrú is a shainiú dóibh. Maidir leis an
bprótachtainiam, is í an leathré atá ag an iseatóp is fadsaolaí
aige ná breis is tríocha míle bliain, agus é ar fáil mar
thruailleán in úráiniam an dúlra agus mar dhramhaíl sna
himoibreoirí núicléacha.
Acoindrít a
thugtar ar dhreigít (cloch a thit ón spéir) nach bhfuil coindriúil
le haithint uirthi. Is éard atá i gceist le coindriúl ná deoir
bheag cloiche a ghreamaigh den dreige amuigh sa spás. Acoindrítí
iad na dreigítí a tháinig ón nGealach agus ó Mhars, mar shampla.
Bíonn na hacoindrítí cosúil le basalt (bruthcharraig) an Domhain.
Acróiniciúil:
An réalta a tháinig chun
radhairc ó scáth na léaslíne thoir díreach nuair a bhí an
Ghrian ag dul faoi, deirimid go ndearna sé éirí acróiniciúil.
Acrux an
t-ainm atá ar an réalta is gile i gCros an Deiscirt. Córas
ilréaltach atá ann i ndáiríre, agus é suite faoi thrí chéad is
fiche solasbhliain dínn, sin nó céad parsoic.
Acuairidí:
Dreigechith iad na hAcuairidí atá le feiceáil i réaltbhuíon
Iompróir an Uisce (réaltbhuíon an Uisceadóra), nó Aquarius. Le
fírinne ní aon dreigechith amháin iad na hAcuairidí: aithnítear
seacht ndreigechith éagsúla, ar a laghad, a bhíos ag teacht as
pointe (radaí) éigin sa réaltbhuíon sin. Is dócha gurb iad na
hEta-Acuairidí an cith is clúití acu: bíonn siad le feiceáil i
Mí an Aibreáin agus i Mí na Bealtaine. Creidtear gur bhain
imtharraingt na Gréine na dreigí áirithe seo ó scuabréalta
Halley na céadta bliain ó shin.
Adamh:
An t-aonad is lú d'aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá
againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh
agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas
comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin.
Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál
lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá
chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha
den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá
fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach de dhíth
leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir,
nó an fórsa núicléach.
Taobh
amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i
bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón
amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht
leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos
aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa
bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na
leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon,
agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos
saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.
Tá
ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar
cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir
a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite;
an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal
fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach
a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne
a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir
prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir
Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna
na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.
Is
iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2,
3... Más ionann n agus
an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach
asamataí (l)
agus 0, 1, 2,...(n
– 1).
Más ionann l agus
an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don
chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,...l,
-l.
Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil
di: ½ agus -½.
Ní
mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an
tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine,
nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta
cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach
bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé
thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht
idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na
hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na
ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon
déag is ceithre scór aige).
Is
féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is
iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc
ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná
comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach
adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach
atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin
leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go
ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus
gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht
leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a
tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin
is bunús leis an nasc ianach.
Adamh
cianaosta:
Ba é an fisiceoir Francach Georges Lemaître (1894-1966) an
chéad duine ar rith smaoineamh na hOllphléisce leis. É féin thug
sé ”hipitéis an adaimh chianaosta” air. Dúirt sé go raibh a
leithéid de rud ann i dtús stair na hollchruinne agus ”adamh
cianaosta” nó ”ubh chosmach”, agus gurb as an adamh cianaosta
seo a d'eascair an ollchruinne.
Adhara:
Is é Adhara, nó Epsilon
Canis Majoris,
an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé
suite faoi 430 solasbhliain dinn, agus is déréalta é. Maidir leis
an aicme speictreach, is B-réalta í príomhréalta an chórais,
agus mar sin, is réalta an-te í agus dath bánghorm inti. Tá
Adhara le feiceáil i mbratach na Brasaíle freisin, agus é ag
seasamh do stát Tocantins.
Adonis:
Ceann de na hastaróidigh neas-Domhain é Adonis, is é sin, is
astaróideach é a thagas an-chóngarach don Domhan s'againn ar a
fhithis timpeall na Gréine. Ón taobh eile de, tá a chianphointe
suite tuairim is cúig chéad milliún ciliméadar ón nGrian (tá an
Domhan timpeall is céad is caoga milliún ciliméadar ón nGrian).
Tógann sé beagnach trí bliana ar Adonis imrothlú amháin timpeall
na Gréine a chríochnú. Ba é an réalteolaí Beilgeach Eugène
Delporte a chuir an chéad sonrú san astaróideach seo, thiar sa
bhliain 1936. Creidtear go bhfuil sé timpeall is ciliméadar amháin
ar trastomhas.
Aeón:
Sa réalteolaíocht is ionann aeón agus billiún (mórmhilliún)
bliain (1,000,000,000 bliain).
I
dteoiric na cruinne ascalaí, glactar leis go dtiocfaidh deireadh le
fairsingiú na cruinne agus go dtosóidh an chruinne ag crapadh
chuici féin arís, go dtí go dtitfidh sí isteach in aon phonc
amháin – an ollbhrúisc a thugtar air seo. Ansin tiocfaidh
ollphléasc eile. Duine de na cosmeolaithe ba mhó a rinne forbairt
ar an teoiric seo, mar atá, an fisiceoir Sasanach Roger Penrose,
thug seisean aeón ar an tréimhse ama idir dhá ollphléasc.
Aerailít:
malairt ainm ar dhreigít. ”Cloch ón aer” is brí leis an
bhfocal seo, go bunúsach.
Aeranomaíocht:
Is éard atá i gceist leis an aeranomaíocht ná taighde ar uachtar
an atmaisféir – ar an teirmisféar agus ar an méisisféar – go
háirithe ar na díluchtuithe leictreacha thuas ansin.
Aeraspás:
Tagraíonn an focal aeraspás d'iarrachtaí
na ndaoine eitilt a dhéanamh san aer nó sa spás agus do na
scileanna innealtóireachta a bhaineas leo. Ní mór é a choinneáil
scartha ón aerspás a
thagraíos don aer os cionn áit ar leith – os do chionn féin,
cuir i gcás.
Aerastad:
Tugtar aerastad ar theorainn an atmaisféir ó thaobh na heitlíochta
de – is é sin, nuair a shroichfeas gnátheitleán an t-aerastad,
ní bheidh fórsa ardaithe faoi na sciatháin a thuilleadh, chomh
tanaí is atá an t-aer thuas ansin.
An
tAerchaidéal:
Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia atá
dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás
an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d'ainmnigh an
réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl
mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha
Antliae,
níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó
ná an Ghrian s'againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise.
Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha
Antliae.
Aerloinnir:
Is í an aerloinnir an dóigh a n-astaíonn an t-atmaisféar féin
solas. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an aerloinnir: go bunúsach
fágann solas na Gréine an t-atmaisféar luchtaithe le leictreachas,
agus nuair a dhíluchtófar an fuinneamh leictreach sin, aithneofar
mar sholas é. Go tipiciúil scoilteann gathanna na Gréine móilíní
nítrigine no ocsaigine de chuid an aeir thuas san atmaisféar, agus
nuair a rachas na hadaimh aonair le chéile le móilíní nua a
dhéanamh, scaoilfear fuinneamh mar sholas. Ní féidir an aerloinnir
a aithint de ló, ó tá solas scaipthe na Gréine i bhfad níos gile
ná í, ach is feiniméan í a chuireas isteach ar na réalteolaithe
le dorchadas na hoíche féin agus iad ag déanamh a gcuid
breathnuithe.
Aeróg:
Gléas a úsáidtear le tonnta leictreamaighnéadacha a ghlacadh agus
a chlaochlú go bíoganna leictreacha, nó a mhalairt, is é sin, le
tonnta leictreamaighnéadacha a tharchur trí bhíoganna leictreacha
a chlaochlú go radathonnta (mar shampla). Tá aeróg de shórt
éigin ag teastáil le craolacháin raidió nó teilifíse a tharchur
nó a ghlacadh. Cineál
aeróige é an soitheach satailíte, mar shampla.
Aeróga
móra millteanacha iad na radaiteileascóip freisin. Úsáidtear iad
le foinsí radathonnta a aithint ar an spéir, rud ar a
dtugtar radairéalteolaíocht. Bíonn
radathonnta ag teacht as réaltaí, réaltraí, cuasáir agus
pulsáir, mar shampla.
Aeróg
dhépholach:
Déanamh simplí aeróige is ea an aeróg dhépholach. Dhá shlat
mhiotail atá ann agus iad ag aimpliú na radathonnta eatarthu trí
athshondas.
Aeróg
Yagi:
Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá
comhdhéanta as sraith d'aeróga dépholacha agus iad suite go
comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na
haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm
ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a
rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a
bhain siad amach paitinn don dearadh seo.
Aga:
I dtéarmaíocht na réalteolaíochta is ionann an t-aga agus am
tagartha na gcomhordanáidí. Bíonn athruithe beaga ag teacht ar an
spéir gan stad (de thoradh na dualghluaisne ach go
háirithe) agus mar sin nuair a chromfas an réalteolaí ar
réaltmhapa a úsáid caithfidh sé a bheith eolach ar aga an mhapa,
is é sin, cathain go beacht a bhí an mapa agus comhordanáidí an
mhapa bord ar bhord le cuma na spéire.
Agena a
thugtar ar an dá rud seo:
- An réalta úd Beta Centauri nó Hadar i réaltbhuíon an Cheinteáir. Tríréalta atá i gceist agus de réir mar is gnách inniu ní thugtar Hadar go hoifigiúil ach ar an gcomhbhall is gile, is é sin, Beta Centauri Aa – is iad Beta Centauri Ab agus Beta Centauri B an dá cheann eile. (Dealraíonn sé nár shainigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta stádas ar bith don ainm Agena, rud a chiallaíos gur féidir é a thabhairt ar an réaltchóras go léir i gcónaí.) Tá an réalta suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn. Fathachréaltaí teo bána nó bánghorma iad an trí chomhbhall. Tá Aa agus Ab deich n-oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus gach ceann acu fiche éigin míle chomh lonrúil léi. Maidir le B, tá sí ceithre nó cúig oiread chomh téagartha leis an nGrian. Ní cúis iontais é mar sin go bhfuil Agena ar réaltaí geala na spéire.
- An gléas spáis úd Agena Target Vehicle. Gléas gan chriú a bhí ann agus é ag iompar trealaimh, agus é in úsáid in éineacht leis na spásbháid den chineál Gemini. Ba nós dhá roicéad a scaoileadh, ceann acu ag iompar Gemini agus an ceann eile ag iompar Agena,agus ansin rachadh criú an Gemini ar lorg an Agena sa spás le nascadh leis an ”bhfeithicil targaide”. Baineadh an chéad triail as gléas den chineál sin nuair a bhí Gemini a Sé le scaoileadh chun bóthair, i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1965, ach phléasc an Agenasular bhain sé amach an fhithis. Bhí fadhbanna le cuid de na gléis den déanamh seo ina dhiaidh sin freisin.
Aichill:
Ba é Aichill an chéad astaróideach Traíoch ar cuireadh sonrú ann
riamh. Grúpa astaróideach iad na Traígh atá ag timpeallú ceathrú
pointe Lagrange ar fhithis Iúpatair – is é sin, an pointe roimh
an bpláinéad. Tá Aichill timpeall ar 130 ciliméadar ar
trastomhas, agus é ar an séú Traíoch is mó. Ba é an réalteolaí
Gearmánach a d'aithin Aichill roimh aon duine eile, thiar sa bhliain
1906.
Aicme
speictreach:
Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós
rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena
fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid
hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:
Aicme | Dath na réalta | Teocht an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC) | Sampla | Réaltbhuíon | Nótaí |
O | Bánghorm (an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait) | 30,000-50,000 K | Meissa (Heka, Al Haka, Lambda Orionis) | An Bodach | Fathachréalta |
Mintaka (Delta Orionis) | An Bodach | Fathachréalra | |||
Alnitak (Zeta Orionis) | An Bodach | Ollfhathach | |||
B | Gorm, bánghorm | 10,000-30,000 K | Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris) | An Béar Mór | Réalta phríomhsheichimh |
Rigel (Beta Orionis) | An Bodach | Ollfhathach | |||
Alnilam (Epsilon Orionis) | An Bodach | Ollfhathach | |||
A | Bán, bánghorm | 7,600-11,500 K | Vega (Alpha Lyrae) | An Lir | Réalta phríomhsheichimh |
Altair (Alpha Aquilae) | An tIolar | Réalta phríomhsheichimh | |||
Sirius (Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris) | An Madra Mór | Réalta phríomhsheichimh | |||
Phad (Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris) | An Béar Mór | Réalta phríomhsheichimh | |||
Deneb (Alpha Cygni) | An Eala | Ollfhathach | |||
Fomalhaut (Alpha Piscis Austrini) | Iasc an Deiscirt | Réalta phríomhsheichimh | |||
F | Bánbhuí | 6,000-7,600 K | Procyon (Alpha Canis Minoris) | An Madra Beag | Réalta phríomhsheichimh |
Porrima (Gamma Virginis, Arich) | An Mhaighdean | Réalta phríomhsheichimh | |||
G | Bánbhuí, buí | 5,300-6,000 | An Ghrian | - | Réalta phríomhsheichimh |
Vindemiatrix (Epsilon Virginis) | An Mhaighdean | Fathachréalta | |||
Sadalsuud (Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum) | Iompróir an Uisce (An tUisceadóir) | Ollfhathach | |||
Mebsuta (Epsilon Geminorum) | An Cúpla | Ollfhathach | |||
K | Flannbhuí | 3,900-5,200 | Epsilon Eridani | An Abhainn | Réalta phríomhsheichimh |
Pollux (Beta Geminorum) | An Cúpla | Fathachréalta | |||
Alsafi (Sigma Draconis) | An Dragan | Réalta phríomhsheichimh | |||
Gienah (Gienah Cygni, Epsilon Cygni) | An Eala | Fathachréalta | |||
Eltanin (Gamma Draconis, Etamin) | An Dragan | Fathachréalta | |||
M | Flannbhuí, dearg | 4,000 nó níos fuaire | Antares (Alpha Scorpii) | An Scairp | Ollfhathach |
Betelgeuse (Alpha Orionis) | An Bodach | Ollfhathach | |||
Aldebaran (Alpha Tauri) | An Tarbh | Fathach | |||
Arcturus (Alpha Bootis) | An tAoire | Fathach | |||
Gacrux (Gamma Crucis) | Cros an Deiscirt | Fathach | |||
Mirach (Merak, Beta Andromedae) | Andraiméide | Fathach | |||
Gliese 581 | An Mheá | Abhac dearg | |||
Wolf 359 | An Leon | Abhac dearg | |||
Lalande 21185 (Gliese 411) | An Béar Mór | Abhac dearg |
Ba
iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d'oibrigh amach an
córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar
”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar
Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí
nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach
féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil
leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).
Aicmiú
Trumpler:
córas aicmithe na réaltbhraislí oscailte. Ba é an réalteolaí
Robert Julius Trumpler (nó Trümpler – Eilvéiseach a bhí ann a
chuir faoi sna Stáit Aontaithe) a cheap an córas seo sa bhliain
1930. In aicmiú Trumpler tá uimhir Rómhánach a thugas le fios cé
acu atá an bhraisle scaipthe nó dlúth (I, II, III nó IV; seasann
I don bhraisle dhlúth, agus is é IV an cineál is scaipthe); uimhir
Arabach a sheasas do mheánghile na réaltaí sa bhraisle (1, 2 nó 3
– is é 3 an cineál is gile); agus litir a deir cé acu atá an
bhraisle saibhir (r,
ó rich an
Bhéarla) i réaltaí, daibhir (p,
ó poor)
nó idir eatarthu (m,
ón bhfocal medium).
Ina dhiaidh sin cuirtear an litir n le
tagairt a dhéanamh don néalmhaireacht (nebulosity),
is é sin, le tabhairt le fios go bhfuil an bhraisle suite i néal
gáis. Is é an t-aicmiú atá ag an bPléadach, mar sin, ná I3rn –
réaltbhraisle
dhlúth gheal, í saibhir i réaltaí agus néalmhaireacht ag roinnt
léi.
Aigéan
na Stoirmeacha nó Oceanus
Procellarum atá
ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an
nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul
i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san
Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na
Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar
atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare
Cognitum nó
”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.
Ailbéideacht:
An codán den tsolas (nó de chineál eile radaíochta) a
fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá ailbéideacht an Domhain,
mar shampla, timpeall ar 0.3, is é sin, frithchaitheann an Domhan
tuairim is tríocha faoin gcéad den tsolas a bhuaileas é.
Is
léir nach ionann ailbéideacht na rinne neimhe i ngach ball di. Mar
shampla, má iompaíonn an Domhan taobh na farraige – taobh an
Aigéin Chiúin – leat, beidh an ailbéideacht, mar a fheictear
duitse í, níos mó ná meánailbéideacht ár bpláinéid.
Aimeiriciam atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a 95 (uimhir a cúig déag is ceithre
scór). Is é Am an
giorrúchán a shiombalaíos an dúil seo sna foirmlí ceimiceacha.
Cosúil leis na hachtanóidigh thrasúránacha eile is dúil shaorga
shintéiseach é a mbaineann radaighníomhaíocht léi, ach san am
chéanna is féidir a lán a rá i leith shaintréithe ceimiceacha an
aimeiriciam, toisc go bhfuil iseatóip aige atá na céadta, nó
fiú na mílte blianta ar leathré. Is é aimeiriciam a 243
(aimeiriciam dhá chéad a trí is dhá scór) an t-iseatóp is
cobhsaí, agus é 7270 bliain (seacht míle dhá chéad deich mbliana
déag is trí scór) ar leathré.
Is
féidir aimeiriciam a aonrú mar ghlanmhiotal, ach ar ndóigh ní
bhíonn sé róchiallmhar, chomh radaighníomhach is atá sé mar
dhúil. Go tipiciúil ní astaíonn an t-aimeiriciam féin ach
alfa-cháithníní, ar cáithníní troma iad nach féidir leo mórán
dochair a dhéanamh, ach is scéal eile é ar fad cuid de na
hiníon-núiclídí, agus iad in ann gáma-radaíocht a astú.
Tá
an t-aimeiriciam ainmnithe as ilchríoch Mheiriceá, ar ndóigh. Tá
an t-aimeiriciam suite taobh thíos den eoraipiam i dtábla
peiriadach na ndúl, agus sin é an fáth ar bronnadh a leithéid
d'ainm air.
Is
í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an aimeiriciam
ina chuid comhdhúl ceimiceach ná +3, rud is gnách do na lantainídí
agus na hachtainídí.
OCSAÍDÍ
AN AIMEIRICIAM
|
|||
Ainm | Foirmle | Uimhir ocsaídiúcháin an aimeiriciam sa chomhdhúil | Nótaí |
Aonocsaíd aimeiriciam | AmO | +2 | Níor éirigh leis na heolaithe ach beagán beag bídeach den ocsaíd seo a aonrú, agus mar sin is deacair a dhath a rá faoina cuma is faoina cosúlacht |
Seisce-ocsaíd aimeiriciam (trí-ocsaíd dé-aimeiriciam) | Am2O3 | +3 | Solad ruadhearg atá san ocsaíd seo. Is é an leáphointe atá aici ná 2205 °C (dhá mhíle agus cúig chéim de réir Celsius). |
Dé-ocsaíd aimeiriciam | AmO2 | +4 | Solad dubh atá san ocsaíd seo. Comhdhúil thábhachtach í an dé-ocsaíd aimeiriciam ó thaobh na húsáide praiticiúla de, mar fhoinse alfa-radaíochta. |
Is
léir go bhfuil cuid mhaith halaiginídí ag an aimeiriciam chomh
maith: an trífhluairíd aimeiriciam AmF3,
an tríchlóiríd aimeiriciam AmCl3,
an tríbhróimíd aimeiriciam AmBr3,
an trí-iaidíd aimeiriciam AmI3,
an teitreafhluairíd aimeiriciam AmF4,
an déchlóiríd aimeiriciam AmCl2,
an débhróimíd aimeiriciam AmBr2,
agus an dé-iaidíd aimeiriciam AmI2. Tá
dath bándearg (pinc) sa dhá fhluairíd agus sa tríchlóiríd, agus
tá na déhalaiginídí dubh ar fad. Maidir leis an tríbhróimíd
agus sa trí-iaidíd, tá siad bán.
Cé
gur dúil éagobhsaí thrasúránach é an t-aimeiriciam, baintear
úsáid as go coitianta sna brathadóirí deataigh. An t-aláram
dóiteáin atá greamaithe den tsíleáil sa bhaile agat féin, is
dócha go bhfuil beagán beag aimeiriciam ann a chuidíos leis an
deatach a aithint.
Aimhrialtacht:
Sa réalteolaíocht tagraíonn an focal aimhrialtacht dá
lán coincheapanna éagsúla, mar atá:
- Aimhrialtacht an Atlantaigh Theas
- Aimhrialtacht éalárnach
- Aimhrialtacht fhíor
- Aimhrialtacht Pioneer
- Aimhrialtacht tareitilte
- Meán-aimhrialtacht
Is
éard atá i gceist le haimhrialtacht
an Atlantaigh Theas ná
an aimhrialtacht a aithnítear ar an gceann inmheánach den dá
chrios radaíochta timpeall an Domhain a fuair a n-ainm ón spáseolaí
Meiriceánach James Van Allen. De ghnáth, ní shroicheann an crios
inmheánach níos ísle síos ná sé chéad ciliméadar, ach is
eisceacht (nó aimhrialtacht!) é Deisceart an Atlantaigh, áit nach
mbíonn an crios radaíochta sin ach dhá chéad ciliméadar os cionn
dhroim ár bpláinéid. Is é is cúis leis an aimhrialtacht seo ná
nach bhfuil réimse maighnéadach an Domhain chomh siméadrach le
réimse an bharra-mhaighnéid.
Is
éard atá i gceist leis an aimhrialtacht
éalárnach,
an aimhrialtacht
fhíor,
agus an mheán-aimhrialtacht ná
na comhordanáidí a thugas cur síos ar an áit a bhfuil an rinn
neimhe ar a fithis, de réir na ndlíthe matamaitice a d'oibrigh
Johannes Kepler amach. Uillinneacha iad an aimhrialtacht éalárnach
agus an aimhrialtacht fhíor. Ní uillinn í an mheán-aimhrialtacht,
cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil le huillinn. Tá an
mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab an líne ón réad
go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach a chuaigh an réad
thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid agus uasmhéid na
meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π raidian. Aonad stua é an
raidian. Is ionann an raidian agus timpeall ar 57.295 céim stua, nó
an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.
Maidir
le haimhrialtacht Pioneer,
is éard atá i gceist léi ná an géarú a tháinig ar luas an dá
spástaiscéalaí úd Pioneer
10 agus Pioneer
11 nuair
a shroich siad fad áirithe ón nGrian (timpeall ar fhiche aonad
réalteolaíoch). Ní raibh súil ag na réalteolaithe leis an
luasghéarú san am, ná míniú sásúil acu air, agus mar sin bhí
sé ina chúis spéise acu ar feadh tamaill. Ba é an brú radaíochta
ba chúis leis an aimhrialtacht – bhí na taiscéalaithe ag
cailleadh teasa, ach níorbh ionann an cailleadh seo ar gach taobh
den ghléas, agus mar sin bhí an brú radaíochta ag cur le luas an
ghléis.
Is
éard atá i gceist leis an aimhrialtacht
tareitilte ná
ardú fuinnimh a aithnítear agus spásbhád ag eitilt thart leis an
Domhan. Má eitlíonn an spásbhád thart le rinn neimhe sách
cóngarach, cuirfidh imtharraingt na rinne neimhe sin cor i mbealach
an spásbháid, agus sa teagmháil chéanna géarófar ar a luas.
Cuid bheag den luasghéarú sin áfach ní féidir leis na fisiceoirí
é a mhíniú i láthair na huaire, agus tugtar aimhrialtacht
tareitilte ar an gcuid sin.
Aimplitiúid a
thugtar, go bunúsach, ar ”airde” na dtonnta, más é an
”tonnfhad” fad na dtonnta céanna.
Ainmníocht
Bayer a
thugtar ar an gcóras ainmníochta a cheap an réalteolaí Gearmánach
Johann Bayer thiar i dtús na seachtú haoise déag. Sa chóras seo
is éard atá in ainm na réalta ná litir Ghréagach (nó ainm ar
litir Ghréagach), agus ainm Laidine na réaltbhuíne ag
teacht i ndiaidh na litreach sin i dtuiseal gineadach. Mar
shampla, Alpha
Centauri, Beta Ursae Majoris, Gamma Andromedae.
Is
minic a chreidtear go seasann Alpha sa
chóras seo don réalta is gile sa réaltbhuíon, agus gurb é Beta an
dara ceann is gile, agus araile: Gamma,
Delta, Epsilon... Le
fírinne ní raibh Bayer féin ag iarraidh ordú gile na réaltaí i
réaltbhuíon áirithe a thabhairt go mionchruinn, nó ní raibh ar
chumas réalteolaithe a linne an ghile sin a thomhas go róbheacht.
Ní dhearna sé ach na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a aicmiú
de réir a ngile. Má bhí, cuir i gcás, cúig réalta sa
réaltbhuíon san aicme ba ghile, bhaist sé Alpha,
Beta, Gamma, Delta agus Epsilon ar
na cinn seo, agus ansin thug sé Zeta ar
an gcéad réalta sa dara haicme, ach ní hionann sin is a rá go
dtabharfadh sé Alpha ar
an réalta ba ghile acu go léir. Ba mhinic a bhí a aird
ar imthoscaí eile
freisin: mar shampla, má bhí réalta áirithe ar an gcéad cheann
sa réaltbhuíon a thagadh ó scáth na léaslíne, bhí de chlaonadh
in Bayer alpha (nó
an chéad litir Gréigise san aicme bhainteach gile) a bhronnadh ar
an réalta sin thar aon cheann eile.
Thairis
sin, rinne na réalteolaithe athruithe ar theorainneacha na
réaltbhuíonta ina ndiaidh sin: thar aon rud eile, roinneadh an Long
nó Argo
Navis go
réaltbhuíonta éagsúla, mar atá, an Chíle (Carina),
Deireadh na Loinge (Puppis),
Compás an Mhairnéalaigh (Pyxis),
agus na Seolta (Vela).
Ansin, choinnigh gach réalta a litir Ghréagach, cé gur cuireadh
ainm na réaltbhuíne nua léi.
Níor
chuir Bayer an córas ainmníochta s'aige i bhfeidhm ach amháin ar
na réaltbhuíonta a bhí le feiceáil ón nGearmáin. Thit sé ar
chrann réalteolaithe eile an córas a chur i bhfeidhm ar réaltaí
an leathsféir theas.
Aipsis:
Tugtar aipsisí ar chianphointe is ar gharphointe na satailíte, is é
sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach agus an pointe is cóngaraí
don phríomhúlach ar fhithis na satailíte.
Airgead:
Is é an t-airgead, nó an t-airgead geal, dúil cheimiceach uimhir a
seacht is dhá scór, agus is é an giorrúchán a sheasas don
airgead sna foirmlí ceimiceacha ná Ag.
Ceann de na miotail lómhara i ngrúpa uimhir a haon déag i dtábla
peiriadach na ndúl é an t-airgead, in éineacht leis an gcopar agus
an t-ór.
Miotal
bog insínte é an t-airgead, agus loinnir gheal ann, mar is eol do
na daoine go coitianta. Tagann smúid air, áfach, nuair a bhíos
comhdhúile sulfair ag dul i bhfeidhm air. Seoltóir maith teasa
agus leictreachais é an t-airgead geal – le fírinne is é an
seoltóir leictreachais is fearr atá ann, ach ar ndóigh tá sé
chomh tearc, chomh daor, is nach féidir úsáid a bhaint as sa
ghléasra leictreonach chomh minic is mar a bhaintear as an
gcopar.
Is
é an meáchan adamhach atá ag an airgead geal ná 107.87 aonad.
D'fhéadfá an tátal a bhaint as sin gurb é airgead geal a hocht is
cúig scór, nó 108Ag,
an t-iseatóp is coitianta, ach dá mbainfeá, bheifeá sa mhícheart.
Nó is iad an dá iseatóp cobhsaí atá ann ná airgead geal a
seacht is cúig scór (107Ag,
tuairim is 52 % d'airgead geal an dúlra) agus airgead geal a naoi is
cúig scór (109Ag,
tuairim is 48 % d'airgead geal an dúlra). Is radanúiclíd shaorga é
airgead geal a hocht is cúig scór.
Ais
leathbheag a
thugtar ar an líne a ritheas ó lárphointe na héilipse go dtí
ceann den dá phointe ar an éilips is cóngaraí don lárphointe. Is
ionann an ais leathbheag agus leath an trastomhais is lú atá ag an
éilips.
Ais
leathmhór a
thugtar ar an líne arb ionann í agus leath an trastomhais is mó
atá ag an éilips, is é sin, ritheann sí ó lárphointe na
héilipse go ceann den dá phointe ar an éilips is faide ón
lárphointe.
Ais
neamhaí a
thugtar ar an ais a bhfuil an sféar neamhaí ag rothlú timpeall
uirthi – go bunúsach, is ionann í agus ais rothlaithe an Domhain.
Ais
optúil a
thugtar ar an ais a ritheas trí chóras optaice agus a bhfuil an
córas sin siméidreach ina timpeall. (Rud eile í an ais
optach,
a bhaineas leis an dóigh a n-athraontar an solas sna criostail.)
Aistiogmatacht atá
i gceist nuair nach ionann an fócas (fócas an lionsa nó fócas an
chórais optúil) do na línte ceartingearacha agus na línte
cothrománacha.
Aistriú
Doppler nó iarmhairt
Doppler a
thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag
gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an
carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an
bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an
mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus
nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna
le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos
ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an
phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag
druidim chugainn,
is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht
níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht
in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag
druidim uainne atá
an fhoinse sin.
Ba
é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an
iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain
1842. D'aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige
leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta
leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh.
Tugtar deargaistriú ar
an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na réaltaí
agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim uainn,
agus gormaistriú an
téarma a thagraíos d'aistriú Doppler ag réaltaí atá ag
gluaiseacht chugainn.
Aladáid nó géag
shnáthaide a
thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag
pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a
tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an
aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál
rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin
bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.
Albireo:
Is é Albireo nó Beta
Cygni an
cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is
déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is
fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is
déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo
Ac ar an dá réalta sin inniu.
Fathachréalta
fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad
an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí
iad – is é sin, réaltaí teo gorma.
Alcor:
Is é Alcor nó 80
Ursae Majoris nó Arundhati leathbhádóir
na réalta úd Mizar nó Zeta
Ursae Majoris.
Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá
sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh
den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach
abhac fann.
Alcyone:
Is í Alcyone nó Eta
Tauri an
ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh.
Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is
fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn
eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.
Aldebaran:
Is é Aldebaran nó Alpha
Tauri an
réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala
cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl
sé mórán níos troime ná an Ghrian s'againn cé go bhfuil sé i
bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é
a d'fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don
Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.
Alderamin:
Is é Alderamin nó Alpha
Cephei an
réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil
gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi
solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann.
Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta
phríomhsheichimh.
Alfa-cháithnín a
thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá
neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad
ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur
cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.
Nuair
a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá
leictreon óna thimpeallacht agus
iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá thoradh sin bíonn
boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta úráiniam.
Alfa-mheath is
cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe
radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas,
astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá
phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d'uimhir
adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an
uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas
úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar
núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).
Ar
dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is
tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí
ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh
núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon
a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Dealraíonn sé gurb
é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a
bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.
Alfa-radaíocht an
cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An
alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha
ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir
le maolú uirthi go substaintiúil.
Na
halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar
chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus
dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.
Algenib an
t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:
- Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.
- Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.
Algol nó an
Deamhanréalta a
thugtar ar an réalta úd Beta
Persei;
ainm eile as Béarla é Winking
Demon,
is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí
leis an ainm Araibise úd Al-Ghul, agus
is ionann sin mar fhocal agus ghoul an
Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór
Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a
shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar
sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus
is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a
mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo
a bhí i gceist.
Is
é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den
dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a
fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go
tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá
chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint
thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí
forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach.
Mar sin féin tugtar déréalta
speictreach ar
Algol, toisc gurb ar
na hathruithe speictrim is lonrachais a d'aithin na réalteolaithe an
chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.
Le
fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí
aon cheann den dá réalta eile.
Réaltaí
príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó
ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is
réalta den B-aicme í. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian
de réir an trastomhais agus an téagair, agus beagnach dhá chéad
oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1,
tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an
Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an
trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread
chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta,
baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná
níos mó, ná an Ghrian.
Bhí
an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó
chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí
mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le
hAlgol.
Alioth nó Epsilon
Ursae Majoris atá
ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite
faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór,
agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s'againn. Tá
Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an
trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear
mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go
tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach
na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i
”mbreosla” hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go
dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.
Alkaid nó Benetnasch nó Eta
Ursae Majoris atá
ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir.
B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the
bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread
go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad
is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa
Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht,
in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa
gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid,
nó ní ball den ghrúpa sin é.
Allatróp:
Is éard atá i gceist leis na hallatróip ná
leaganacha éagsúla d'aon dúil cheimiceach amháin a bhfuil a
saintréithe fisiciúla difriúil toisc go bhfuil eagar éagsúil ar
na hadaimh i struchtúr an chriostail nó sna móilíní. Cé
gurb í an dúil chéanna atá i gceist sna hallatróip éagsúla
agus na hairíonna ceimiceacha céanna acu go léir, is féidir leo
bheith an-difriúil, abair, ó thaobh na nimhiúlachta de, agus
allatróp amháin níos araicisí chun imoibriúcháin ná an ceann
eile. Mar shampla, is substaintí nimhiúla iad an t-ózón agus an
fosfar bán ar an gcúis áirithe seo.
Samplaí
den allatrópacht iad seo:
- Allatróip an charbóin: an diamant, an ghraifít, an lonsdaeilít, na fullairéiní...
- Allatróip na hocsaigine: an ghnáthocsaigin agus an t-ózón.
- Allatróip an fhosfair: an fosfar bán, an fosfar dearg, an fosfar dubh, an fosfar corcra...
- Allatróip an stáin: an stán miotalach agus an stán neamh-mhiotalach.
- Allatróip an tseiléiniam: an seiléiniam miotalach, an seiléiniam liath, an seiléiniam dearg.
Almach nó Gamma
Andromedae atá
ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon
Andraiméide í. (Is é moladh oifigiúil Aontas Idirnáisiúnta
na Réalteolaithe inniu ná gan an t-ainm sin Almach a
thabhairt ach ar an gcomhréalta is mó, is é sin, Gamma Andromedae
A.) D'aithin
na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú céad déag gur déréalta
a bhí ann. Ceann den dá réalta sin áfach, is dóigh le lucht na
ceirde inniu gur córas trí réalta ann féin é. Mar sin, is córas
ceithre réalta í Almach, agus é suite faoi trí chéad is caoga
solasbhliain dínn. Is iad na ceithre réaltaí sin ná:
- γ Andromedae A (”Almach” de réir is mar a mholas aontas na réalteolaithe inniu). Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.
- γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.
- γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.
Alnair (focal
Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a
thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:
- Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s'againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d'fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
- Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.
Alnilam nó Epsilon
Orionis atá
ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó
Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá ann, is
é sin, réalta the ghorm é. Tá sé suite faoi thuairim is dhá
mhíle solasbhliain dínn, agus é tríocha oiread chomh trom leis an
nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá
Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta
féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar
an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an
lá is faide anonn.
Alnitak nó Zeta
Orionis a
thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an
Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sé suite faoi thuairim is ceithre
chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta ann féin é.
Alpha
Centauri nó Toliman nó Bungula a
thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí
le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha
Centauri A; Alpha
Centauri B;
agus Alpha
Centauri C,
nó Proxima
Centauri.
Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn,
agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An
Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná
an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú,
nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí
ceangailte den bheirt eile ar aon dóigh.
Ba
nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl
al Qanturis nó
”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil
Kentaurus an
leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d'úsáidtí sa Domhan
Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na
Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha
Centauri A. Cosúil leis sin is fearr leis an Aontas gan
”Toliman”, ainm traidisiúnta eile a thagraíos d'Alpha Centauri,
a thabhairt ach ar Alpha Centauri B feasta.
Tá
Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread
go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is
réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s'againn.
Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos
fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le
Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais
inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is
é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá
réalta eile sa chóras.
Chomh
gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a
aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá
mbeadh Proxima ní ba lonrúla d'fhéadfá í a aithint mar réalta
ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti
ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá
teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.
Mar
is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i
réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire
go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus
Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius
agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri;
fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain
dínn.
Alphekka nó Alphecca nó Gemma nó An
tSeoid nó Alpha
Coronae Borealis a
thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt.
Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig
ciliméadair déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí
oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos
lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne
is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha
Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an
leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian,
agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.
Is
gnách Alphecca
Meridiana a
thabhairt ar Alpha
Coronae Australis,
is é sin, an réalta is gile i gCoróin
an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid
chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.
Alpheratz nó Sirah nó Alpha
Andromedae a
thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí
suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad
Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat,
agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.
Tá
Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór
dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta
ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh
leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an
Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is
réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an
phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian.
Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus
é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí
oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.
Tá
roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta,
mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le
haithint ar a speictream.
Alphonsus –
Cráitéar
mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh thoir de Mhuir
na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus Alpitragus. Tá
Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe
as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón mbliain 1221 go
1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna heolaíochtaí,
agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná Sabio,
nó an Fear Críonna, agus Astrólogo,
nó an tAstralaí.
Altair nó Alpha
Aquilae a
thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta
phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na
réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn –
níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag
dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo
as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na
liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.
Altasamat is
ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an
teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais
chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde
(altitude),
agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál
altasamat é an túirín gunna chomh maith.
An
Altóir atá
ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus
Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil
san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa
réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó
leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d'ainmneacha againn
ar a cuid réaltaí ach Alpha
Arae, Beta Arae, Gamma Arae agus
araile.
Ara an
t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an
t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann
ar a dtugtar Auriga as
Laidin.
Alúmanam a
thugtar ar dhúil uimhir a trí déag i dtábla peiriadach na
ndúl. Al an
tsiombail cheimiceach, agus is í an chumraíocht leictreonach atá
aige ná 1s22s22p63s23p1.
Mar sin, tá trí leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus is
dual don alúmanam an trí cinn sin a thabhairt ar iasacht uaidh. Mar
sin, is
é +3 an staid ocsaídiúcháin is dual don dúil seo, agus ní
féidir +1 ná +2 a aithint ag an alúmanam ach amháin i gcomhdhúile
díomuana. Tá an t-alúmanam 26.981 aonad ar mheáchan
adamhach, agus ní díol iontais é mar sin gurb é alúmanam a 27,
nó 27Al,
an t-aon iseatóp nádúrtha amháin atá aige. Tá an raidiseatóp is
cobhsaí, 26Al, seacht
gcéad míle bliain ar leathré, agus is féidir iarsmaí de a
aithint sa ghás idir-réaltach, ach más féidir féin, tá sé
sábháilte a rá nach bhfuil a dhath fágtha de i ndúlra an
Domhain. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ann, ní mór iad
a tháirgeadh sa tsaotharlann, agus ní bhíonn siad fadsaolach
ar aon nós – bíonn
siad cúpla nóiméad nó cúpla soicind ar leathré, nó níos
éagobhsaí fós.
Miotal
éadrom é an t-alúmanam. Seoltóir maith teasa agus
leictreachais atá ann, agus níl nimh ná dochar ann don
orgánach dhaonna. Táthar buartha faoin mbaint atá ag an
alúmanam le galar Alzheimer, ach níl na saineolaithe ar aon fhocal
faoin mbaint sin. Ocsaídítear an
t-alúmanam go
héasca, agus mar sin bíonn brat ocsaíde ar an miotal a fhágas
liath é – ar
an dath sin is fusa a aithnítear an t-alúmanam. Tá an ocsaíd
alúmanaim, Al2O3,
an-chrua, an-láidir mar shubstaint, agus díonann an brat sin an
miotal ar thuilleadh ocsaídiú. Deirtear go n-éighníomhaíonn an
brat ocsaíde an miotal.
Cé
go bhfuil an t-alúmanam ar ceann de na dúile is coitianta i screamh
an domhain, agus aithne ag na daoine ar mhianraí éagsúla
alúmanaim (alúm, mar shampla) ó thús na staire, níor éirigh
leis an gcine daonna alúmanam
a aonrú mar dhúil ach sa naoú haois déag. Ba é an
Danmhargach Hans Christian Ørsted a rinne an t-éacht. Ar feadh
i bhfad, áfach, ní raibh sé furasta an miotal a tháirgeadh, agus
bhíodh sé ní ba dhaoire ná an t-ór féin.
Ba
iad an Meiriceánach Charles Martin Hall agus an Francach Paul
Héroult a tháinig ar an modh oibre le halúmanam a tháirgeadh ar
scála tionsclaíoch, i ndeireadh na naoú haoise déag. Is éard
atá i gceist le próiseas Hall-Héroult – mar a thugtar air – ná
leictrealú na hocsaíde alúmanaim go hocsaigin agus alúmanam. Níl
sé praiticiúil an ocsaíd a leá lena leictrealú, áfach, toisc go
dteastaíonn teocht breis is dhá mhíle céim Celsius chuige sin. Ba
é an rud a rith le Hall agus Héroult, beag beann ar a chéile, ná
an ocsaíd a thuaslagadh i gcrióilit leáite. Mianra alúmanaim í
an chrióilit féin – is éard atá inti ná fluairíd potaisiam
agus alúmanaim (an heicseafluaralúmanáit tríphotaisiam, K3AlF6),
agus í i bhfad níos soleáite ná an ocsaíd alúmanaim.
An
leagan den ocsaíd alúmanaim a úsáidtear le haghaidh táirgíochta
is é an bháicsít é.
Ocsaíd alúmanaim neamhghlan atá sa bháicsít. Tugtar corandam ar
na glanchriostail ocsaíde alúmanaim, agus úsáidtear sa
tseodóireacht iad. Níl dath ar bith sa ghlanchorandam, ach fágann
truailleáin dathanna éagsúla ann. Tugtar rúibín ar
an gcorandam dearg, agus is é an cróimiam is cúis leis an dath.
Tagraíonn an focal saifír do
na cineálacha daite eile den chorandam, go háirithe don chorandam
ghorm.
Tá
a lán mianraí alúmanaim eile sa dúlra chomh maith – na
hiathchlocha, mar shampla, ar sileacáití alúmanaim iad. As an
mbáicsít a bhaintear an chuid is mó den alúmanam, áfach.
Níl
léamh ná scríobh ná insint bhéil ar chomh húsáideach is atá
an t-alúmanam, ós miotal éadrom é agus an-teacht aniar
ann. Go coitianta, measctar miotail eile tríd lena dhéanamh
níos oiriúnaí d'úsáid ar leith. Baintear leas as an
nglanalúmanam freisin, áfach – sa leictreonaic, ar a laghad. Go
bunúsach, is é an glanalúmanam atá de dhíth más í an díontacht
ar an gcreimeadh (ar an ocsaídiú) is mó atá ag teastáil, ach más
í an chruacht agus an díontacht ar bhuaillí nó ar bhrú
meicniúil atá de dhíth, is é an cómhiotal – an miotal measctha
– a roghnaítear.
Amalthea (Amailtia an
leagan Gaelaithe a bhí ag Matt Hussey sa leabhar úd Fréamh
an Eolais)
a thugtar ar shatailít bheag de chuid Iúpatair; Iúpatar
a Cúig an
t-ainm córasach. Ba é an Meiriceánach Edward Emerson Barnard a
chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1892 – an fear céanna a
bhfuair Réalta Barnard a hainm uaidh. Tá sí ag timpeallú Iúpatair
níos gaire ná gealacha aithnidiúla Galileo, agus í níos lú ná
iad: tá déanamh neamhrialta uirthi, is é sin, níl sí ar déanamh
liathróide. Shuigh an scríbhneoir ficsin eolaíochta Arthur C.
Clarke a ghearrscéal Jupiter
Five ar
Amalthea, mar is léir ón teideal.
Amharcmhéid an
téarma a thagraíos do mhéid na réalta mar a fheictear dúinn í,
is é sin, de réir ghile a cuid solais.
Am
Iarthar na hEorpa:
an t-am a gcloítear leis in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Ríocht
Aontaithe. Is ionann é go bunúsach agus an tAm Uilíoch, is é sin,
Meán-Am Greenwich, ach amháin go n-aistrítear na cloig uair amháin
ar aghaidh le teacht an Earraigh (am coigilte sholas an lae, is é
sin, an t-am samhraidh) agus ar ais le teacht an Fhómhair.
Am
Lár na hEorpa:
an t-am a gcloítear leis sa chuid is mó den Eoraip. Tá sé ag dul
uair amháin chun tosaigh ar Am Iarthar na hEorpa.
Amóinia a
thugtar ar hidríd shimplí dhénártha na nítrigine, NH3.
Tá an amóinia ina gás le teocht an tseomra, nó is é an
fiuchphointe atá aici ná -33°C. Chomh haraiciseach is
atá sí chun imoibriúcháin is gás nimhe í a dhéanas dochar do
chomhdhúile bithcheimiceacha an orgánaigh dhaonna, ach is furasta
an dainséar a aithint ar dhrochbholadh an
gháis. Oibríonn sí ar na scamhóga ar nós na ngás tachtach
eile, is é sin tarraingíonn sí éidéime na scamhóg ar an othar –
líontar na scamhóga le huisce a thachtas é.
Tá an
amóinia sothuaslagtha
san uisce, agus í ag imoibriú mar bhun scothláidir leis
na haigéid sa tuaslagán. Mar is dual don bhun de
réir theoiric Brønsted agus Lowry, glacann an amóinia le hian
hidrigine ón aigéad, ionas go gcruthaítear
ian deimhneach amóiniam,
NH4+. Ansin
is féidir leis an ian seo dul i gcomhdhúil le hiain diúltacha
– salainn
amóiniam, mar a thugtar ar na comhdhúile seo. Samplaí de shalainn
den chineál sin iad an chlóiríd amóiniam NH4Cl
agus an charbónáit amóiniam (NH4)2CO3 (an salann
fia-adhairce).
Maidir
le hamóinia san ollchruinne, tá eolaithe áirithe barúlach go
bhféadfadh an amóinia gnó an uisce a dhéanamh do bhithsféar
ar phláinéad eile agus do chóras bithcheimiceach de chineál eile.
Tá fadhbanna ag baint leis an hipitéis seo, áfach. Thar aon
rud ba chóir don phláinéad sin bheith ní b'fhuaire ná an
Domhan, ionas go bhfanfadh an amóinia ina leacht, agus ba
chóir nach mbeadh ocsaigin le fáil in atmaisféar an phláinéid,
toisc gur substaint sho-adhainte, sho-dhóite í an ghlanamóinia.
An
tAm Uilíoch:
is ionann é agus Meán-Am Greenwich, a bheag nó a mhór. Is í
an difríocht is mó idir an dá rud ná go bhfuil an tAm Uilíoch
níos cruinne ná rothlú an Domhain féin, toisc go bhfuil sé
bunaithe ar chloig adamhacha. Le fírinne is gnách an tAm
Uilíoch a cheartú le soicindí bisigh ó am go ham le féachaint
chuige nach rachaidh an dá am sin ó chéile. Cloíonn an Íoslainn
leis an Am Uilíoch ó thús go deireadh na bliana, is é sin, níl
am samhraidh ar leith (is é sin, am coigilte sholas an lae) acu.
Anaileime –
Má
thógtar grianghraf san áit chéanna, sa treo céanna, an t-am
céanna den lá, uair amháin in aghaidh an lae i rith na bliana,
agus áit na Gréine ar na grianghraif seo á cur i
gcomparáid, aithneofar go bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht ar
chonair a chuirfeadh cruth uimhir a hocht i
gcuimhne duit. Is é an t-ocht sin an anaileime.
Anailís
speictreach a
thugtar ar na modhanna oibre a bhíos ag na réalteolaithe le
hairíonna na réalta a aithint ar a speictream. Ó tá a cuid línte
speictreacha ag gach dúil cheimiceach, is féidir a fheiceáil ar an
speictream cé hiad na dúile atá ar fáil i réalta áirithe.
Thairis sin, thig linn a aithint an bhfuil an réalta ag éalú uainn
nó ag druidim linn. An réalta atá ag éalú uainn, is
dealraitheach dúinn go bhfuil na línte speictreacha go léir
aistrithe i dtreo na deirge (deargaistriú), agus an réalta atá ag
druidim linn, feicimid go bhfuil na línte speictreacha aistrithe i
dtreo na goirme (gormaistriú). Is í iarmhairt Doppler is cúis leis
an dá aistriú seo.
Andraiméide is
ainm don dá rud seo: Réaltra Andraiméide agus Réaltbhuíon
Andraimeide.
Réaltra
Andraiméide,
nó M31,
nó NCG
224,
atá ar an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, is é sin, i
gcomharsanacht Bhealach na Bó Finne. Réaltra bíseach é. Tá sé
suite dhá mhilliún go leith de sholasbhlianta ónár réaltra féin,
agus é tuairim is dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas. Ba é
an réalteolaí Meiriceánach Heber Curtis (1872-1942) a d'aithin
roimh aon duine gur réaltra ar leith a bhí ann, seachas réaltnéal
taobh istigh dár réaltra féin.
Réaltbhuíon
Andraiméide – is
é Andromeda an
leagan Laidine a úsáidtear sa Bhéarla chomh maith. Tá an
réaltnéal le feiceáil sa réaltbhuíon áirithe seo. Tá
Andraiméide suite idir Peirseas, Caiseoipé, an Laghairt, Peigeasas,
na hÉisc, agus an Triantán. Réaltaí aithnidiúla sa bhuíon seo
iad Alpheratz agus Almach. Bíonn dreigechith na nAndraiméidídí
(nó na mBílídí) le feiceáil sa réaltbhuíon i Mí na Samhna.
Angstram an
leagan Gaeilge de shloinne an fhisiceora Shualannaigh Anders Jonas
Ångström (1814-1874) – nó den aonad faid a fuair a ainm ón
bhfear seo. Is ionann deich n-angstram agus aon nanaiméadar amháin.
Ar an solas agus ar an speictream ba mhó a dhírigh Ångström ina
chuid taighde, agus dá réir sin is gnách tonnfhaid na gcineálacha
éagsúla radaíochta a thomhas in angstraim. Ba é Ångström a
mhapáil roimh aon duine eile na tonnfhaid a fhreagraíos do
dhathanna éagsúla an tsolais infheicthe.
Anóid a
thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach deimhneach aici, agus
í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu – ainiain a
thugtar orthu siúd.
Antamón a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 51, agus is é Sb an
tsiombail cheimiceach (tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm
an antamóin, stibiam).
Miotalóideach é an t-antamón, agus allatróip éagsúla aige: is é
an t-allatróp miotalach an ceann is cobhsaí acu. Tá an t-antamón
121.76 aonad ar
mheáchan adamhach, rud a thugas le tuiscint gurb é antamón a
122 (antamón céad a dó is fiche) an
t-iseatóp is coitianta, ach ní mar sin atá: le fírinne is iad
antamón a 121 (antamón céad a haon is fiche) agus
antamón a 123 (antamón céad a trí is fiche) an dá
iseatóp cobhsaí, agus is iseatóp radaighníomhach é antamón a
122 (antamón céad a dó is fiche) a
dtagann béite-mheath air.
Is
iad +3 (na
comhdhúile antamónúla) agus +5 (na
comhdhúile antamónacha) na staideanna ocsaídiúcháin is minice a
bhíos ag an antamón ina chuid comhdhúl. Is é an tsuilfíd
antamónúil, Sb2S3,
nó an stibnít,
an mhian is tábhachtaí. Cól (nó kohl)
a thugtar ar an tsuilfíd chéanna nuair a úsáidtear mar smideadh
í.
Úsáidtear
seisce-ocsaíd an antamóin (trí-ocsaíd dé-antamóin, trí-ocsaíd
antamóin, ocsaíd antamónúil Sb2O3)
mar lasairdhíonadh. Maidir leis an dúil féin, úsáidtear i
gcóimhiotalú í – is é sin measctar trí mhiotail éagsúla é
le hiad a dhéanamh níos crua nó níos láidire.
Antares nó Alpha
Scorpii atá
ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathach dearg
atá ann agus é breis is leathchéad míle oiread níos lonrúla ná
an Ghrian s'againn. Is é is ciall don ainm úd Antares ná
”frith-Mhars” (is é Ares ainm
na nGréagach ar dhia an chogaidh, Mars ag
na Rómhánaigh), rud a thugas le fios go bhfuil Antares cosúil le
Mars chomh dearg is atá sé. Dá
gcuirfí Antares in áit na Gréine, bheadh fithis Mharsa féin
fágtha taobh istigh den réalta. Tá leathbhádóir beag aige, mar
atá, Antares B – más
féidir a rá go bhfuil sé beag, nó tá sé féin i bhfad níos mó
ná an Ghrian. Réalta ghorm nó bhánghorm é Antares B, agus
mar sin tá sé i bhfad níos teo ná an phríomhréalta. Tá
Antares suite cúig chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus
glactar leis go bhfuil i ndán dó pléasc ollnóva a
dhéanamh. Réalta athraitheach atá ann.
Tá
Antares le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag siombalú
stát Piauí in oirthuaisceart na tíre.
An
tAoire nó Boötes atá
ar an réaltbhuíon atá suite idir Coróin an Tuaiscirt, Earcail, an
Dragan, an Béar Mór, na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an
Mhaighdean, agus Ceann na Péiste. Arcturus atá ar an réalta is
gile sa réaltbhuíon áirithe seo.
Aois
na cruinne, aois
na hollchruinne:
is ionann aois na cruinne agus an t-am a d'imigh ón Ollphléasc.
Creidtear faoi láthair go bhfuil an ollchruinne tuairim is 13.8
billiún bliain d'aois.
I
dtús na fichiú haoise bhí cuid mhór de na fisiceoirí barúlach
gur rud éigríochta neamhathraitheach a bhí san ollchruinne. Ba í
an teirmidinimic a thug an chéad leid nárbh amhlaidh i ndiaidh an
iomláin. Is é dara prionsabal na teirmidinimice ná gur dual
d'eantrópacht na cruinne dul i méadaíocht i ngach próiseas
nádúrtha, is é sin, dá mbeadh an chruinne ann riamh, gan tús gan
deireadh, bheadh sí tar éis uasmhéid na heantrópachta a
shroicheadh cheana féin, nó mar a deirtear freisin, bheadh an
chruinne tar éis teasbhás a
fháil – bheadh an fuinneamh go léir
scaipthe go cothrom ar fud na cruinne, agus gach cearn den chruinne
ar aon teocht le chéile. Mar sin, tuigeadh go bhfuil aois theoranta
ag an gcruinne, agus go bhfuil an chruinne ag athrú – go bhfuil a
stair féin aici.
Aomadh nó aomachán a
thugtar ar fhórsa atá ag tarraingt cáithníní, reanna neimhe nó
réadanna eile – imtharraingt, aomadh maighnéadach nó pé cineál
eile. (Focal é ”aomadh” ar tháinig an Duinníneach air i
nGaeilge Oirthear Uladh, agus mar sin, níl leithscéal ná siocair
ag bunadh an Tuaiscirt gan úsáid a bhaint as.) Is féidir a rá go
n-aomann an
Domhan sinn go léir, toisc go bhfuil imtharraingt (domhantarraingt)
ag an Domhan. Cosúil leis sin, aomann an lucht leictreach deimhneach
agus an lucht leictreach diúltach a chéile. Aomann pol thuaidh agus
pol theas an mhaighnéid a chéile freisin.
Aonad
réalteolaíoch a
thugtar ar mheánfhad an Domhain ón nGrian. Inniu, tá luach an
aonaid réalteolaíoch socraithe go hoifigiúil ar 149,597,870.7
ciliméadar (céad agus naoi milliún déag is ceithre scór, cúig
chéad agus seacht míle déag is ceithre scór, ocht gcéad agus
deich gciliméadar is trí scór, agus seacht gcéad méadar) – is
é sin, cé go mbítear ag mioncheartú an mheánfhaid de réir na
mbreathnuithe is úire, ní athraítear sainmhíniú an aonaid
réalteolaíoch dá réir a thuilleadh.
An
tAonbheannach nó Monoceros atá
ar an réaltbhuíon idir an Cúpla, an Madra Beag, an Phéist Uisce,
Deireadh na Loinge, an Madra Mór, an Giorria, agus an Bodach.
Ritheann an meánchiorcal neamhaí tríd an Aonbheannach. Níl an
tAonbheannach ró-chuidsúlach ó thaobh na réaltaí de, ach tá
roinnt réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil sa réaltbhuíon
seo, ar nós Réaltnéal an Róiséid, Réaltbhraisle Chrann na
Nollag, Réaltnéal na Coirceoige, agus Réaltnéal Athraitheach
Hubble.
An
tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta a
thugaimid ar eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe
proifisiúnta. Bunaíodh sa bhliain 1919 é, agus is i
bPáras atá ceanncheathrú an Aontais. Is é an tAontas, nó
foireann ar leith taobh istigh den Aontas, a shocraíos na
hainmneacha réalteolaíocha a bhaistear ar reanna neimhe agus ar
réadanna spéire, nó a bhronnas stádas oifigiúil ar leagan
áirithe de sheanainm.
Apafócas:
malairt ainm ar an gcianphointe (apalár).
Apaigí an
téarma a thagraíos do chianphointe na satailíte (na Gealaí,
cuir i gcás) ar
a fithis timpeall an Domhain.
Apaihéilean (nó aiféilean)
a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an chóiméid nó an
astaróidigh ar a fhithis timpeall na Gréine.
Apairéaltracan is
ea cianphointe na Gréine ar a fithis timpeall lárphointe Bhealach
na Bó Finne.
Apalár a
thugtar ar chianphointe na rinne neimhe ar a fithis – is é sin, an
pointe is faide ón bpríomhúlach (ón rinn neimhe eile a bhfuil sí
ag dul ina timpeall). Samplaí den apalár iad an t-apaigí, an
t-apaihéilean, an t-apastrón agus an t-apairéaltracan.
Apalló an
t-ainm Gaeilge ar astaróideach uimhir a 1862. Tá grúpa iomlán
d'astaróidigh ainmnithe as Apalló: trasnaíonn siad fithis an
Domhain ar a gcamchuairt timpeall na Gréine, agus dainséar i gcuid
mhaith acu (Apalló féin san áireamh) don Domhan, mar is eagal leis
na réalteolaithe.
Apastrón a
thugtar ar chianphointe an phláinéid, an astaróidigh nó an
chóiméid ar a fhithis timpeall na réalta.
An
tAra nó Auriga atá
ar an réaltbhuíon idir an Lincse, an Cúpla agus Peirséas. Is í
Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, agus í ar na
réaltaí is lonrúla amuigh. Le fírinne is córas ceithre réalta
í, agus an dá cheann is gile acu is fathachréaltaí buí iad.
Déréalta uraitheach í an dara réalta is gile san Ara, mar atá,
Menkalinan; réalta athraitheach ar déanamh Algol í. Díol suime í
Almaaz (Epsilon
Aurigae)
freisin mar ilréalta athraitheach. Tá roinnt réaltbhraislí
oscailte san Ara fosta agus iad ina n-ábhar spéise ag na
réalteolaithe amaitéaracha.
Tabhair
faoi deara fosta gurb é Ara ainm
Laidine na hAltóra freisin. Ainmneacha Laidine cosúil le Alpha
Arae, Beta Arae agus
araile, níl siad ag tagairt do réaltaí an Ara, ach don
Altóir. Auriga an
t-ainm Laidine ar an Ara.
Arcturus nó Alpha
Boötis atá
ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Aoire. Fathachréalta
fhlannbhuí den aicme speictreach K é, agus é ar aon mhais leis an
nGrian s'againn, cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná í – cúig
oiread is fiche ar trastomhas – agus i bhfad bhfad níos lonrúla,
is é sin, céad is seachtó oiread. Mar sin, cé gur fathachréalta
é anois, is dócha go raibh sé ina réalta phríomhsheichimh tráth
den tsaol. Tá Arcturus ar réaltaí geala na spéire, agus ba é an
chéad réalta riamh ar a ndearnadh breathnuithe teileascóip de lá.
Argóint
an pheirihéilin a
thugtar ar an uillinn idir an nód éiritheach agus an peirihéilean.
Argón a
thugtar ar dhúil uimhir a hocht déag, agus is é Ar an
tsiombail cheimiceach. Is triathghás é, is é sin, tá ochtréad
iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige – ocht leictreon
ar fad. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná
1s22s22p63s23p6.
Struchtúr an-chobhsaí é an t-ochtréad nach gceadaíonn don argón
dul i gcomhdhúile le dúile ceimiceacha eile ach ar éigean. Le
comhdhúile argóin a chruthú tá imthoscaí neamhghnácha agus
ocsaídeoirí láidire (fluairín ach go háirithe) ag teastáil,
agus ní bhíonn na comhdhúile argóin fadsaolach ná úsáideach –
sórt éachtóireachta é ag na ceimiceoirí argón a nascadh de
dhúile eile. Scéal eile é go bhfuil na réalteolaithe tar éis
sonrú a chur i gcomhdhúile argóin sa spáis: d'aithin siad iain
argóiniam ArH+ ar
speictream an ábhair idir-réaltaigh thart ar Réaltnéal an
Phortáin.
Tá
trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 36Ar, 38Ar,
agus 40Ar.
Is é 40Ar
an ceann is coitianta, mar is léir ó mheáchan adamhach an argóin,
39.948. Is é is cúis leis seo go bhfuil iseatóp radaighníomhach
ag an bpotaisiam, 40K,
atá cuíosach flúirseach sa dúlra, agus nuair a thiocfas
béite-mheath ar adamh den chineál seo, is é an t-argón úd 40Ar
a gheofar mar thoradh.
Is
é an t-argón an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain,
agus dá réir sin ba é
an chéad triathghás a d'aithin na heolaithe. Ba iad John William
Strutt (Tiarna Rayleigh) agus William Ramsay a d'aonraigh an chéad
eiseamal argóin sa bhliain 1894, éacht a thabhaigh Duais Nobel
dóibh. Nuair a bhítear ag dealú nítrigine ón aer go crióigineach
(is é sin, nuair a bhítear ag reo an aeir leis na gáis éagsúla a
aonrú de réir a bhfiuchphointe), faightear argón mar sheachthoradh
nádúrtha. Mar sin bíonn argón ar fáil réasúnta saor (i
bhfarradh is na triathgháis eile ar a laghad, nó níl siad leath
chomh flúirseach céanna san atmaisféar), agus leas á
bhaint as nuair a bhíos gás támh ag teastáil. Astaíonn an
t-argón solas corcra nuair a leictrítear é, agus mar sin is féidir
é a úsáid i soilse daite cosúil leis an neon.
Ariel atá
ar an gceathrú satailít is mó atá ag Úránas. Ba é an
réalteolaí Sasanach William Lassell a chuir an chéad sonrú in
Ariel thiar sa naoú haois déag. Satailít sféarúil é – is é
sin tá sé ar dhéanamh liathróide, a bheag nó a mhór – agus is
é an tsatailít is lú den chineál seo sa Ghrianchóras. Tá fithis
Ariel suite beagnach in aon leibhéal le meánchiorcal Úránais.
Creidtear go bhfuil Ariel comhdhéanta as oighear agus as cloch
araon: is dócha go bhfuil croí cloiche ann agus maintlín oighir
ina thimpeall. Níl ach cuid de dhromchla Ariel léarscáilithe, ach
is féidir a rá go bhfuil sé breac ar fad le cainneoin agus le
cráitéir.
Aristarchus atá
ar an gcráitéar is mó ailbéideacht ar an taobh den Ghealach atá
iompaithe linn. Chomh geal is atá sé i gcomparáid leis an
timpeallacht is féidir é a aithint le súile do chinn féin faoi
imthoscaí fabhracha. Tá sé suite in Ardchlár Aristarchus, in
Aigéan na Stoirmeacha, agus é daichead ciliméadar ar trastomhas.
Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Riccioli a d'ainmnigh sa
bhliain 1651 é as an réalteolaí Aristarchus ó Samos a mhair sna
blianta 310-230 roimh Chríost. Ceannródaí héilealárnachais a bhí
ann mar Aristarchus –
is
é sin bhí sé ar na heolaithe is moiche a thuig gurb í an Ghrian
lárphointe an ghrianchórais.
Arsanaic a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 33. As an
tsiombail cheimiceach sna foirmlí. Tá sí in aon ghrúpa leis an
nítrigin agus leis an bhfosfar i dtábla peiriadach na ndúl, agus
cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aici. Miotalóideach í
an arsanaic, is é sin tá sí idir eatarthu idir na miotail agus na
dúile neamh-mhiotalacha ar a lán dóigheanna. Tá allatróip
éagsúla ag an arsanaic, cosúil leis an bhfosfar – is é sin, an
arsanaic liath mhiotalach, an arsanaic bhuí, agus an arsanaic dhubh.
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aici, agus is é an t-aon
iseatóp arsanaice atá le fáil sa dúlra.
Is
iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +5,
mar is léir ón dá ocsaíd, mar atá, an trí-ocsaíd dé-arsanaice
As2O3 (”an
arsanaic bhán”) agus an peantocsaid dé-arsanaice As2O5.
Comhdhúile nádúrtha arsanaice iad an tríshuilfíd dé-arsanaice
As2S3 (an
óirpimint) agus an teitreashuilfíd teatrarsanaice As4S4 (an
rialgar). Tá dath dearg sa rialgar, agus dath órbhuí san
óirpimint, agus mar sin d'úsáidtí sa dathadóireacht iad ar feadh
i bhfad, go dtí gur chuir ábhair dhatha eile – cinn nach bhfuil
arsanaic iontu – an ruaig orthu.
Nimh
í an arsanaic, an dúil féin chomh maith leis na comhdhúile. Go
bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná go bhfuil
sí chomh cosúil leis an bhfosfar is gur féidir léi dul in áit an
fhosfair i mbeothach an duine, ach san am chéanna chomh
difriúil is nach féidir
léi gnó an fhosfair a dhéanamh sna próisis bhithcheimeacha. Thar
aon rud eile cuireann sí táirgíocht na trífhosfáite adanaisín ó
mhaith. Is éard atá i gceist leis an trífhosfáit adanaisín ná
comhdhúil a iompraíos fuinneamh sa cholainn – cineál ”airgeadra
fuinnimh” sna teagmhálacha idir na cealla – agus mar is léir ón
ainm tá trí adamh fosfair de dhíth le móilín
trífhosfáite adanaisín a chur i dtoll le chéile.
Sna
scéalta bleachtaireachta is minic a mharaítear daoine le harsanaic,
ach déanta na fírinne ní bheadh sé praiticiúil ag aon
dúnmharfóir arsanaic a úsáid ar na saolta seo, ós dúil
cheimiceach ar leith í agus í so-aitheanta
ag na saineolaithe.
Fadhb
thromchúiseach é an truailliú arsanaice sa screamhuisce. Truailliú
nádúrtha ón úir é go coitianta, is é sin, ní hí tionsclaíocht
an duine is cúis leis. Tá an truailliú seo as pabhar dona in
Iarthar na Stát Aontaithe, sa Bhanglaidéis, san Airgintín agus sa
Mhongóil, mar shampla.
Asamat an
uillinn a thugas treoshuíomh na réalta ar an gcompás. Céim stua
(céim uillinne) an t-aonad a úsáidtear leis an asamat a thomhas,
agus is é an tuaisceart an nialas.
Astaireacht nó réaltlach a
thugtar ar ghrúpa suntasach réaltaí a gcoinnítear cuimhne ar
leith air cé nach réaltbhuíon é. Astaireachtaí aithnidiúla iad
an Camchéachta (Merak,
Dubhe, Phecda/Phad, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus
Alkaid), Triantán
an tSamhraidh (Altair,
Deneb, agus Vega), Triantán
an Gheimhridh (Betelgeuse,
Sirius, agus Procyon), an Muileata
Mór (Croí
Shéarlais, Spica, Denebola, agus Arcturus), Heicseagán
an Gheimhridh (Pollux,
Procyon, Capella, Aldebaran, Sirius, agus Rigel), agus Slat
an Bhodaigh nó Crios
Oiríon (Alnitak,
Mintaka, agus Alnilam).
Is
féidir a rá gur astaireacht agus réaltbhuíon araon í Cros an
Deiscirt, nó fuair an réaltbhuíon a hainm ó astaireacht na
gceithre réaltaí is gile inti.
Astaitín a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 85. At an
tsiombail cheimiceach. Mar is léir ó ainm na dúile, a
chiallaíos ”éagobhsaí”, is dúil an-radaighníomhach é a
dtagann meath uirthi chomh sciobtha is nach féidir mórán a fháil
amach faoina hairíonna ceimiceacha – tá
an t-astaitín suite faoin iaidín i dtábla peiriadach na ndúl, rud
a thugas le fios gur dócha go bhfuil sé cosúil leis an iaidín. Is
í an chumraíocht leictreonach atá aici ná
1s22s22p63s23p63d104s24p64d105s25p64f145d106s26p5.
Mar sin, tá seacht leictreon (dhá s-leictreon agus cúig
p-leictreon) ar an sceall is faide amuigh, mar is dual do na
halaiginí go léir. Is é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an
astaitín ná astaitín a 210 (nó 210At),
atá tuairim is ocht n-uaire ar leathré. Is idirchéim nádúrtha
é an t-astaitín i meathshlabhra radaighníomhach an úráiniam, ach
is dócha nach bhfuil ach cúpla dosaen gram de ar fáil i screamh an
Domhain ar fad – an-chorr-adamh
anseo agus ansiúd go bunúsach.
Astaróidigh (uatha: astaróideach) a
thugtar ar reanna neimhe atá ag fithisiú na Gréine, agus iad níos
lú ná na pláinéid. Ní astaróidigh iad na cóiméid, áfach. Sa
chiall is cúinge, is astaróidigh iad na cinn atá suite idir Mars
agus Iúpatar, san áit a bhfuil crios na n-astaróideach, ach tá
grúpaí eile astaróideach ann, cosúil leis na Traígh agus na
Gréagaigh (na hastaróidigh a leanas Iúpatar nó a ghabhas roimhe),
nó na hastaróidigh neas-Domhain (na cinn a thagas i gcóngar dár
bpláinéad féin).
Athshondas a
thugtar (i gcoimhthéacs na réalteolaíochta) ar an tionchar
tráthrialta a imríos reanna neimhe ar a chéile lena
n-imtharraingt, go háirithe más é is toradh don idirghníomhú seo
ná go bhfuil a dtréimhsí imrothluithe i gcoibhneas simplí a
chéile. Sampla den athshondas é go gcríochnaíonn Neiptiún trí
imrothlú timpeall na Gréine san am chéanna a thógas sé ar
Phlútón dhá imrothlú a chur de.
Taobh
amuigh den réalteolaíocht, tugann lucht na fisice athshondas ar an
dóigh a bhfuil dhá thonnchrith ag dul i bhfeidhm ar a chéile, agus
tonnchrith nua á chruthú mar chomhthoradh.
Aurora
borealis agus aurora
australis a
thugtar ar na gealáin a fheictear timpeall an dá phol agus an
ghrianghaoth ag bualadh faoi mhaighnéadsféar an Domhain. Is cuid
súl iad na gealáin seo go minic, agus iad ag cur na n-ildathanna
díobh. Seasann aurora
borealis do
na gealáin a bhíos le feiceáil timpeall an phoil thuaidh – an
chaor aduaidh –
agus
is ionann aurora
australis agus an
chaor aneas.
Bíonn gealáin chosúla le feiceáil ar na pláinéid eile
freisin. Saighneáin a
thugtar ar na gealáin freisin.
Bairiam a
thugtar ar dhúil cheimiceach a 56. Ba an
tsiombail cheimiceach. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é an
bairiam, cosúil leis an maignéisiam, an cailciam, agus an
strointiam: tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh aige,
agus ochtréad ar an dara ceann, agus mar sin is dual dó an dá
leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaidh, ionas go gcruthófar ian
bairiam Ba2+. Is
í an t-aon staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an mbairiam ina chuid
comhdhúl ná +2. Miotal airgeadgheal é an bairiam, ach nuair a
oibreos an t-aer air, ní bheidh an loinnir sin i bhfad ag imeacht:
chomh haraiciseach is atá an bairiam chun imoibriúcháin, is dual
dó dul i gcomhdhúil le hocsaigin an aeir agus brat liath
ocsaíde a tharraingt. Is féidir an bairiam a aithint ar an
dath uaine a chuireas sé leis an tine, agus úsáidtear comhdhúile
bairiam sna roicéid tine ealaíne ar an gcúis seo. Nimh
é an bairiam, nó oibríonn na hiain bhairiam ar na néaróga.
An
Balla Díreach a
thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes
Recta an
t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na
Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.
An
Balla Mór – Sa
réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe
mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:
- Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.
- Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.
Bá
na mBoghanna Báistí nó Sinus
Iridum a
thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an
nGealach.
Bandaí
cianaigine:
is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go
bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus
nítrigine í an chianaigin, C2N2. Is
iad an
dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar na bandaí
cianaigine is tábhachtaí. Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le
bandaí cianaigine.
Bandaí
ocsaíde tíotáiniam:
is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go
bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I
speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme)
is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.
Bandaspeictream a
thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de
línte speictreacha.
Banda
stoidiacach an
banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den
fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi
imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir
gheal ann.
An
Bhanlámh – ceann
de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat an
Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus
Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.
Baralár a
thugtar ar mheáchanlár nó lárphointe maise an
chórais imtharraingthe (tagraíonn an réimír sin bara- don
fhocal Gréigise a chiallaíos ”trom”).
Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad
áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b'fhearr
a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul
timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad
an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag
fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite
taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an
Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí,
nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.
Barón an
téarma a thagraíos do bhuncháithníní troma, go háirithe don
phrótón agus don neodrón. Glactar leis go bhfuil gach
barón comhdhéanta as trí chuarc éagsúla.
Bealach
na Bó Finne nó an
Láir Bhán nó Claí
Mór na Réaltaí a
thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa chiall
chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas trasna
na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile is nach
dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is ionann an
crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a fheictear
dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa diosca sin. Is
é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil,
nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.
Réaltra
bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra
– nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag
Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí
Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag
Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an
tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur
codanna d'aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag
Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa
dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag
an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.
An
Béar Beag nó Ursa
Minor a
thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is
gile inti. Níl sí róchosúil le haon bhéar, ach tá sí cosúil
leis an gCamchéachta (astaireacht na réaltaí is gile sa Bhéar
Mhór), ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre réalta ann chomh
maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta Pholach, nó Alpha
Ursae Minoris,
suite i ndeireadh na ”coise”. Ceann de réaltaí an ”bhosca”
í an
dara réalta is gile sa réaltbhuíon, Kochab nó Beta
Ursae Minoris.
Déréalta is ea an Réalta Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí
í an phríomhréalta. Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul
in aois cheana: K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos
fuaire agus níos deirge ná an Ghrian s'againn.
An
Béar Mór nó Ursa
Major a
thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach)
suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir
Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag,
an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad
réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa
Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta
Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta
Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak
(Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá
roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.
Bearna
Cassini a
thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair
sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó
Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain
1675. Tá struchtúr inmheánach ag an mbearna, nó cé go
bhfuil an damhna taobh istigh di i bhfad níos scaipthe ná sa dá
fháinne ar an dá thaobh di, is féidir mionfháinní agus
mionbhearnaí a aithint laistigh de Bhearna Cassini.
Tá
an bhearna timpeall is ceithre mhíle seacht gcéad ciliméadar
(4,700 km) ar leithead. Na leaca oighir
ar an imeall taobh istigh den bhearna
tá siad ag fithisiú an phláinéid in athshondas leis an ngealach
úd Mimas, nó bíonn dhá
thuras timpeall ar Shatarn críochnaithe acu san am a
thógas sé ar Mhimas aon turas amháin a chur di. Tá an
t-imeall sin suite faoi 117,600 ciliméadar (céad seacht míle déag
agus sé chéad ciliméadar) de lárphointe Shatarn.
Bearnaí
taobh istigh de Bhearna Cassini iad Bearna Huygens,
Bearna Herschel, Bearna Russell, Bearna Jeffreys, Bearna
Kuiper, Bearna Laplace, Bearna Bessel, agus Bearna Barnard.
Tá
Bearna Huygens ainmnithe as Christiaan Huygens, an t-eolaí Ollannach
a bhí beo sa tseachtú haois déag. Is deacair cur síos a
thabhairt ar a ndearna Huygens ar mhaithe leis an eolaíocht,
chomh bisiúil is a bhí sé: bhí sé ina optaiceoir, ina
mhatamaiticeoir, ina réalteolaí, agus ina innealtóir; ba eisean a
chuir an chéad sonrú i dTiotán, gealach mhór Shatarn, mar
shampla; rinne sé forbairt thábhachtach ar an teileascóp; agus
ba eisean a chéadcheap an clog luascadáin.
Bearna Herschel
arís, fuair sí a hainm ó William Herschel (1738-1822) –
nó
Wilhelm Herschel: Gearmánach a bhí ann a rugadh in Hannover, ach
nuair a bhí sé ina fhear óg, d’aistrigh sé go Sasana. Ansin
bhain sé amach cáil nár bheag mar réalteolaí agus mar
cheolchumadóir araon. Rinne sé taighde ar ghealacha Shatarn
agus Úránais.
An
Ruiséalach, ansin, ba
é an fear céanna a bhfuair Léaráid Hertzsprung-Russell a hainm
uaidh: Henry Norris Russell (1877-1957) a chaith an chuid ba mhó
ag léachtóireacht faoi réalteolaíocht in Ollscoil Princeton. Ní
raibh mórán baint aige leis an taighde ar Shatarn ná ar na
fáinní áfach, nó chuir sé an spéis ba mhó sna réaltaí,
seachas sna pláinéid.
Matamaiticeoir
ab ea Harold Jeffreys (1891-1989), agus baineann an leabhar is clúití
dár tháinig óna pheann le teoiric na dóchúlachta. San am chéanna
bhí sé go mór mór in aghaidh theicteoinic na bplátaí agus
teoiric na gluaiseachta ilchríochaí – is é sin, na teoiricí
geolaíochta a deir go mbíonn na plátaí ilchríochacha ag bogadh
is ag gluaiseacht leo in imeacht na milliún bliain. Mar is eol dúinn
inniu, chaill sé a chogadh príobháideach in aghaidh na
teicteoinice, ach san am chéanna maireann an taobh eile dá chuimhne
beo i gcónaí i measc na matamaiticeoirí.
Réalteolaí
Ollannach-Mheiriceánach ab ea Gerrit Pieter Kuiper, nó Gerard Peter
Kuiper (1905-1973), mar a scríobhadh sé a ainm i mBéarla. Deirtear
gurb iad a shúile géara a rinne réalteolaí de, nó nuair a bhí
sé ina pháiste bhí sé in ann réaltaí fannlaga a fheiceáil nach
n-aithneodh na daoine eile. Rinne sé staidéar ar an réalteolaíocht
in Ollscoil Leiden ina thír dhúchais féin, ach sna tríochaidí
chuaigh sé ag obair sna Stáit Aontaithe, agus bhain sé amach
saoránacht na Stát in achomaireacht. Rinne sé cion fir, nó cúpla
fear, ag cur le heolas na réalteolaithe ar an nGrianchóras s’againn
agus ar na réaltaí chomh maith. Mar shampla, rinne sé fionnachtain
dhá ghealach: Miranda, ar satailít de chuid Úránais í, agus
Nereid, ar gealach de chuid Neiptiúin í. Uaidhsean a fuair Crios
Kuiper a ainm chomh maith.
Is
fiú cuimhne a choinneáil ar Pierre-Simon Laplace chomh maith.
Fear léinn ón bhFrainc a bhí ann a rugadh sa bhliain 1749 agus a
cailleadh sa bhliain 1827. Ileolaí a bhí ann a d’fhág a lorg ar
an matamaitic, ar an réalteolaíocht agus ar an bhfealsúnacht
araon. Mar shampla, bhí sé ar an gcéad eolaí riamh ar rith
smaoineamh an dúphoill leis: bhí sé incheaptha – ar seisean –
go raibh réaltaí chomh trom téagartha ann nach bhféadfadh an
solas féin imeacht óna n-imtharraingt, agus dá thoradh sin,
go raibh na reanna neimhe ba throime dá raibh ann dofheicthe.
Fuair
bearna Bessel a hainm ó Friedrich Wilhelm Bessel (1784-1846).
Réalteolaí, fisiceoir agus matamaiticeoir a bhí ann. Ba eisean,
roimh aon duine eile, a fuair amach conas is féidir úsáid a bhaint
as an saobhdhiallas leis an bhfad ón nGrian go réalta eile ar leith
a chomhaireamh.
Tagraíonn
ainm bhearna Barnard d’Edward Emerson Barnard (1857-1923), an fear
céanna ar baisteadh a shloinne ar Réalta Barnard. Ba é Barnard a
thomhais dualghluaisne na réalta sin.
Bearna
Encke – is
bearna í taobh istigh d'A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna seo a
hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann de
ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna seo.
Bearna
Hertzsprung – is
éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid
Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil
ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón
A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí
Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid
féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna
seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina
ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an
comhbhall is mó d'ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.
Bearnaí
Kirkwood – Sa
bhliain 1866 d'aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel Kirkwood
bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa Ghrianchóras.
Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh bheith in
athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall na Gréine
a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a thógas sé
ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad bearnaí
Kirkwood is toradh don chosc seo.
Beirilliam –
Is
é an beirilliam dúil cheimiceach uimhir a ceathair, agus é ar an
gceann is éadroime de na miotail chré-alcaileacha. Is í an
tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ná Be,
agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s2.
Tá
an beirilliam 9.012 aonad ar mheáchan adamhach, agus is é
beirilliam a naoi, nó 9Be,
an t-aon iseatóp cobhsaí amháin. Tá beirilliam a deich,
nó 10Be,
réasúnta fadsaolach, agus é breis is milliún bliain ar
leathré. Cruthaítear beirilliam a deich san atmaisféar de
thoradh an phróisis ar a dtugtar spallúchán nó spallú: is iad na
gathanna cosmacha is cúis leis an bpróiseas seo. An beirilliam
radaighníomhach a ghintear ar an dóigh seo carntar in uachtar na
hithreach é, agus is féidir leis na geolaithe tátail a bhaint i
dtaobh ghníomhaíocht na Gréine as athruithe an chineál áirithe
seo radaighníomhaíochta i gcisil na hithreach: go bunúsach, nuair
a bhíos an ghrianghaoth láidir, bíonn an radaíocht chosmach lag,
agus nuair a bhíos an radaíocht chosmach lag, ní tháirgtear mórán
den iseatóp seo
san atmaisféar.
Miotal
liath sobhriste é an beirilliam le teocht an tseomra. Má
thagann sé i dteagmháil leis an aer, fágfar brat ocsaigine air. Is
féidir beirilliam a chur trí thine fosta, agus ar ndóigh is í an
ocsaíd chéanna, BeO, is toradh don imoibriú seo.
Siúd
is gur miotal atá ann, mar bheirilliam, ní bhíonn sé chomh
haraiciseach chun iain a dhéanamh agus a shamhlófá le miotal
cré-alcaileach – le fírinne tá sé níos cosúla leis an
alúmanam ó thaobh na ceimice de, agus é ag ceangal naisc
chomhfhiúsacha lena lán dúl. Is í an bheiril – sileacáit
an bheirilliam agus an alúmanaim Be3Al2(SiO3)6 –
an
mianra is tábhachtaí beirilliam, agus aithne ag an gcine daonna
uirthi ó thús na staire. Is féidir beirilliam a dhéanamh as
beiril, ach baintear úsáid na seoide aisti chomh maith. Níl dath
ar bith sa ghlanbheiril, ach is minic a fhágas truailleáin éagsúla
dath éigin inti. Tugtar smaragaid ar an mbeiril uaine, agus
is éard atá i gceist leis an gcloch mhuirghorm ná beiril ghorm. Tá
an bheiril órga buí, agus is é an héileadór an leagan
buí-uaine.
Is
mór an t-éacht miotalóireachta
é beirilliam a aonrú mar dhúil, agus níor
éirigh an t-éacht sin le haon duine roimh an naoú haois déag.
Bhí an ceimiceoir clúiteach Gearmánach Friedrich Wöhler
ar an gcéad duine, thiar sa bhliain 1827, a d'aonraigh
beirilliam. Eisean a bhaist an dúil fosta, ach ina dhiaidh sin
thug ceimiceoirí eile taitneamh don ainm glúiciniam,
atá bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”milis”, ó
tá blas milis sna salainn bheirilliam. Níl sé ciallmhar an iomarca
suilt a bhaint as an mblas sin áfach, ós rud é gur
nimh atá sa bheirilliam. Tá an beirilliam cosúil leis an
maignéisiam ó thaobh na ceimice de, ionas gur dual dó dul in
áit an mhaignéisiam sa cholainn, ach ar ndóigh níl sé in
ann gnó an mhaignéisiam a dhéanamh in orgánach an duine. Mar sin,
tá dochar sna comhdhúile beirilliam; thairis sin tá an miotal glan
féin dainséarach go leor má análaítear isteach mar dhusta
é, nó spreagann sé ailléirge agus ailse scamhóg.
Is
iomaí úsáid a bhaintear as beirilliam sa teicneolaíocht. Ligeann
an miotal seo an chuid is mó de na x-ghathanna tríd, agus mar sin,
úsáidtear é i bhfuinneoga radaíochta na bhfeadán
x-ghathach. Ní athraíonn toirt an bheirilliam mórán leis an
teocht – ní fhorbraíonn an beirilliam mórán, mar a déarfá –
agus mar sin is minic a úsáidtear páirteanna beaga beirilliam sa
spásteicneolaíocht, mar shampla.
Bellatrix nó Gamma
Orionis a
thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh.
B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá
chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh
téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is
dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas
caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth,
ach d'éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta
réasúnta athraitheach í.
Betelgeuse nó Alpha
Orionis an
dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea,
an dara ceann
is gile acu, cé gurb é Alpha Orionis
ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar
réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann,
agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach
bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is
atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le
chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an
nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a
choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh
an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do
Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.
Na
Bílidí – malairt
ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is éard atá
i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí Chóiméad Biela,
ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa bhliain
1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach Wilhelm
von Biela a d'aithin gur cóiméad tréimhseach a bhí ann (is
é sin, cóiméad a thagas ar ais go tráthrialta). Cuid súl a
bhí sna Bílídí faoi dheireadh na naoú haoise déag, ach is ar
éigean a d'aithneofá inniu iad gan dul i dtuilleamaí teileascóip
nó gléasra cianradhairc eile.
Biosmat a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla
Peiriadach. Bi an
giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal
sobhriste é an biosmat ach éireoidh
sé pinc má oibríonn ocsaigin
an aeir air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i mbiosmat
nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp radaighníomhach é an
ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air, ach tá leathré an
iseatóip sin chomh fada (meastar go bhfuil sí níos faide ná
aois na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa
radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh
dainséarach ná díobhálach leis
na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.
Tá
biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít
agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait
(Bi2S3)
í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3)
í an bhismít.
Baintear
úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht,
ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé
áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán
feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan
chomh nimhiúil is atá sí. Ní féidir a rá nach mbeadh
nimhiúlacht éigin ag baint leis an mbiosmat féin ach níl sé in
aon chóngar do bheith chomh dainséarach leis an luaidhe.
Bís a
thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh bíse. Réaltra
bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na
réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre.
Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an
Triantáin.
Bís
bharrach a
thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga
bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.
Bladhm a
thugtar ar bhrúchtadh tobann a aithnítear mar laom láidir gile in
aice le dromchla na réalta. Tugtar bladhmréaltaí ar
réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan choinne.
Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.
Bíonn
bladhmanna le haithint ar an nGrian s'againn freisin, ó am go ham
– grianbhladhmanna mar
a thugtar orthu. Bíonn siad an-éagsúil ó thaobh an fhuinnimh
de, agus is minic a scaoiltear
saor damhna as coróin na Gréine de thoradh bladhma (rud ar a
dtugtar mais-eisteilgean corónach).
Bliain a
thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an
coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla,
áfach.
Nuair
a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an
bhliain ghréine,
nó an
bhliain thrópaiceach,
a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar
an éiclipteach, mar a fheictear dúinn. Tá cineálacha eile
bliana ann, áfach.
Is
í an
réaltbhliain an
tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht bhliantúil
na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na réaltaí”
agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na réaltaí
cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur féidir
neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is fiche
nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an
feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an
difríocht seo.
Bliain
aimhrialta a
thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go
peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don
Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an
Domhain).
Bliain
Iúlach a
thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San
fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain
bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre
cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, tá an bhliain 365.25
lá ar fad, go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an
bhliain Iúlach seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í
is bunús leis an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in
aghaidh na bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.
Is
í an
bhliain Ghréagórach meánfhad
na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, arb é an féilire
a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97 mbliana as
gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann an bhliain
Ghréagórach agus 365.2425 lá.
Is
ionann aon bhliain
ghealaí amháin
agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de
réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon
lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire
Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.
Bliain
bhisigh a
thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil,
is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I
bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní
bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad
freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná
2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire
Ghréagóra.
An
Bodach an
t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion,
ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an
Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go
n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san
áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach
suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos
go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air,
agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i
miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe
idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra,
an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa
réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus
an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an
Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá,
Alnilam, Alnitak agus Mintaka.
Ollfhathach
dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad
Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.
Bóilíd a
thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige mhór
agus í ag pléascadh san atmaisféar.
Boilsciú a
thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar
an dóigh a ndeachaigh an
Ollchruinne i bhfairsinge go gairid i ndiaidh na
hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe (10-36 go
10-32 soicind
i ndiaidh na hOllphléisce).
Bóiriam a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 107, agus is é Bh an
giorrúchán ceimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha
eile is dúil ghearrshaolach é an bóiriam a dtagann meath
radaighníomhach air go sciobtha, ionas nach furasta mórán a fháil
amach faoina airíonna ceimiceacha. Níl an t-iseatóp is
cobhsaí, bóiriam 270, ach nóiméad agus soicind ar leathré. Fuair
an dúil a hainm ón Danmhargach Niels Bohr a bhain amach Duais Nobel
san fhisic sa bhliain 1922.
Bólaiméadar a
thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht
leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht
ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach,
x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an
mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm
radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha
éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir
teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá
eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a
bhuaileas í, agus is ar an téamh seo (nó ar an sruth
leictreach is toradh don téamh) a aithnítear fuinneamh na
radaíochta.
Tagraíonn
na focail bólaiméadracht agus bólaiméadrach do
bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál
radaíochta in éineacht –
le
hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann san
áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid
bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid
bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear
dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta in
éineacht, agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a
fhaighimid an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais
infheicthe uaithi.
Bolcán a
thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a
bheith ann taobh istigh d'fhithis Mhearcair. Ba é an réalteolaí
Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán, thiar sna 1840idí. Ba é
ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán ná go bhfuil peirihéilean
Mhearcair (is é sin, garphointe Mhearcair don Ghrian, an pointe is
cóngaraí don Ghrian ar fhithis an phláinéid) ag bogadh
traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir, de réir na fisice
clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus lucht a chomhaimsire go
míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht seo. Ba í teoiric
coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh leis an
tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i
luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na
teoirice sin.
Bonner
Durchmusterung (tabhair
faoi deara nach bhfuil an leagan ...Dürchmusterung ceart
ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-)
nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann
Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara
leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag
roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach
seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é
an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm
Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung agus
a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.
Bórón a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a cúig, agus is é B an
tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Is í an chumraíocht
leictreonach atá aige ná 1s22s22p1,
is é sin, tá trí leictreon ar an dara leictreonsceall. Mar
sin, ní féidir leis an mbórón an t-ochtréad iomlán a bhaint
amach ar an leictreonsceall is faide amuigh: ní bheadh sé
réadúil cúig leictreon a fháil ar iasacht ó dhúile eile. Ina
dhiaidh sin
féin, is miotalóideach é an bórón.
Tá
dhá iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an mbórón, mar atá, 10B
agus 11B
(bórón a deich agus bórón a haon déag). Go bunúsach, tá
an dara ceann acu ceithre oiread chomh coitianta sa dúlra leis an
gcéad cheann, ach bíonn an coibhneas seo ag luainiú go mór, agus
mar sin is deacair meáchan adamhach an bhóróin a áireamh go
cruinn. Tá an meáchan sin socraithe
go hoifigiúil ar 10.81. Na raidiseatóip atá ag an mbórón,
tiocfaidh meath radaighníomhach orthu go tapa: níl an ceann is
fadsaolaí féin acu oiread is aon soicind amháin ar leathré. Mar
sin, níl teacht orthu sa dúlra ar aon nós.
Tá
allatróip éagsúla ag an mbórón: bórón dímhorfach agus
cineálacha éagsúla de bhórón chriostalda (dhá chineál
de bhórón rombaihéidreach chomh maith le bórón
ortarombach agus bórón
teitreagánach). Tá na hallatróip go léir timpeall ar 2.3 go
2.5 g/cm3 ar
tiús; is é an bórón rombaihéidreach den alpha-chineál
an t-allatróp is troime.
Is
í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an mbórón sna
dúile ceimiceacha ná +3. Comhdhúile coitianta de chuid an
bhóróin iad an t-aigéad bórach, an ocsaíd bhóróin (an
trí-ocsaíd débhóróin), an nítríd bhóróin, agus an
bórás.
Is
í an fhoirmle atá ag an aigéad bórach ná H3BO3.
Tá trí hiodrocsalghrúpa (OH) timpeall ar an adamh bóróin sa
mhóilín, agus dá réir sin
thig linn an fhoirmle a scríobh mar B(OH)3 chomh
maith. Substaint sholadach é an t-airgéad bórach, ach tá sé
sothuaslagtha san uisce, agus ar ndóigh, is aigéad sách lag é. Tá
sé ar fáil sa dúlra mar mhianra: sasóilít a
thugtar ar an aigéad bórach nádúrtha.
Is
iomaí sainúsáid a bhaintear as an aigéad bórach sa
tionsclaíocht. Maraíonn sé baictéir chomh maith, agus is
féidir an fhluairíd hidrigine a thabhairt chun neodrachta leis an
aigéad bórach, nó ceapfar na hiain fhluairíde i gcomhdhúile
casta san imoibriú.
Maidir
leis an ocsaíd bhóróin, substaint dhímhorfach í de
ghnáth (is é sin, substaint nach bhfuil struchtúr criostalda
ná leáphointe cruinn aici, cosúil leis an ngloine), ach is féidir
í a iompú ina criostail leis an modh oibre ar a dtugtar ainéaladh.
Úsáidtear an ocsaíd i ndéantús cineálacha áirithe gloine,
mar shampla.
Comhdhúil shuimiúil í
an nítríd bhóróin. Tá adamh amháin bóróin sa nítríd bhóróin
in aghaidh gach adamh nítrigíne, agus mar sin is í an fhoirmle
cheimiceach atá aici ná BN. Is eol do chách, beagnach, go
bhfuil dhá allatróp ag an gcarbón: an diamant agus an ghraifít.
Thairis sin tá allatróp is annaimhe ná iad siúd ann, cosúil
leis an lonsdaeilít, nó an ”diamant heicseagánach”. Anois,
tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil cúig leictreon ar an
leictreonsceall is fada amuigh ag an nítrigín, agus trí leictreon
ag an mbórón – agus ceithre cinn ag an gcarbón. Mar sin, má tá
na hadaimh bóróin agus charbóin scaipthe go cothrom ar fud an
chriostail, is ionann a struchtúr agus struchtúr an charbóin
– d'fhéadfá
a rá go bhfuil siad ag déanamh aithrise ar an gcarbón. Dá réir
sin, tá fáil ar fhoirmeacha éagsúla den nítríd bhóróin:
ceann a bhfuil struchtúr criostalda an diamaint aige, ceann a bhfuil
struchtúr criostalda na graifíte aige, agus ceann a bhfuil
struchtúr criostalda na lonsdaeilíte aige.
An
bórás arís, is éard atá ann ná teitreabóráit déshóidiam.
Bóráití a thugtar ar shalainn an aigéid bhóraigh, ach má
pholaiméirítear ceithre mhóilín den aigéad seo, gheofar aigéad
teitreabórach nó aigéad pireabórach H2B4O7. Is
é an bórás salann sóidiam an aigéid seo, Na2B4O7. De
ghnáth bíonn deich móilín uisce i struchtúr criostalda an
bhóráis in aon aonad foirmle amháin, agus mar sin, is féidir
deiceahiodráit na teitreabóráite (pireabóráite) sóidiam a
thabhairt ar an mbórás. Tá an bórás ar fáil go nádúrtha
sa dúlra agus is iomaí úsáid a bhaintear as. Amhábhar is ea
an bórás do na comhdhúile bóróin a bhíos ag teastáil sa
tionsclaíocht.
Grúpa
suimiúil comhdhúl iad na bóráin,
is é sin, hidrídí an bhóróin, nó comhdhúile an
bhóróin agus na hidrigine. Shílfeá nach mbeadh ach aon chomhdhúil
amháin den chineál seo ann, is é sin an tríhidríd bhóróin
nó BH3.
Ní mar a shíltear a bhítear áfach, nó tá an bórán simplí seo
éagobhsaí, agus is dual dó démhéiriú a dhéanamh, is é sin
rachaidh dhá mhóilín tríhidríde le chéile le séhidríd
débhóróin B2H6 a
dhéanamh. De réir na tuisceana traidisiúnta ar na naisc
cheimiceacha idir na hadaimh, ní raibh an bórón in ann ach
trí nasc a cheangal, agus ní raibh ach aon nasc amháin ag an
hidrigin. Mar sin, fuair na ceimiceoirí an-deacair struchtúr na
séhidríde sin a mhíniú, agus b'éigean dóibh teoiricí nua
a cheapadh dá réir. Tá a lán hidrídí bóróin eile ann a
bhfuil struchtúr neamhghnách acu ó thaobh na nasc de.
Tá
na bóráin araiciseach chun imoibriúcháin, agus nimh iontu don
duine dá réir. Tráth den tsaol bhí suim ag na hinnealtóirí
aer- agus spástaistil iontu
mar bhreosla, ach ní dhearnadh forbairt cheart ar na scéimeanna sin
riamh.
An
Bosca Seod a
thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle
Kappa Crucis,
is é sin an réaltbhraisle oscailte atá le feiceáil i
réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta úd Kappa
Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle.
Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí
Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa
bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a
d'ainmnigh í.
Bósón a
thugtar ar bhuncháithnín nach fearmón é. Bósóin iad na
fótóin, mar shampla. Is féidir leis na bósóin an áit chéanna
sa spás a ghlacadh, agus mar sin, is dual dóibh fuinneamh a iompar.
Dá réir sin is leis an radaíocht is mó a shamhlaítear na bósóin,
agus is leis an damhna a
shamhlaítear na fearmóin.
Is
iad na bósóin is tábhachtaí ná:
- an fótón
- na glúóin éagsúla a choinníos na cuarcanna le chéile
- na bósóin laga (W+, W-, Z)
- bósón Higgs
Níor
éirigh leis na heolaithe an graibheatón –
an
buncháithnín arb é iompróir na himtharraingthe é – a aithint
go fóill, is é sin níl ann ach coincheap teoiriciúil, ach is éard
a thugas a lán teoiricí candambhunaithe faoi nádúr na
himtharraingthe le fios ná gur bósón é an graibheatón
chomh maith.
Tá
bósóin ilchodacha ann chomh maith, is é sin, cinn a
bhfuil saintréithe agus iompraíocht na
mbósón acu mar shlánaonaid, cé nach bósóin iad na
cáithníní as a bhfuil siad comhdhéanta. Samplaí de seo iad na
measóin, núicléas an ghnáth-héiliam (héiliam a ceathair),
núicléas an ghnáth-charbóin (carbón a dó déag), agus an
deoitéarón (núicléas na tromhidrigine). Na feiniméin aisteacha
a bhaineas leis an héiliam, cosúil leis an dóigh a n-iompaíonn sé
ina fhorshreabh agus é á shioc i dtreo an dearbhnialais, glactar
leis gur dual don núicléas mar bhósón iad.
Fuair
na bósóin a n-ainm ón bhfisiceoir Indiach Satyendra Nath Bose.
Braisle is
féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle)
nó ar bhraisle réaltraí.
- Is éard atá i gceist le braisle réaltaí nó réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach nó réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús. D'fhéadfá a rá go bhfuil siad ”gaolmhar” le chéile ar dhóigh ar leith, agus sin é an tuige go dtugtar ”réaltghaolmhaireacht” orthu, nó ar an mbaint atá acu le chéile.
- Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.
An
Bhrasaíl – An
tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear
Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh
réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann
bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair
tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na
Samhna sa
bhliain 1889, nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí
éagsúla do stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:
Is
í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os
cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na
brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden
e progresso,
is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b'fhéidir ”Síocháin sa
tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá
na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios.
Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém
príomhchathair an stáit.
Ar
chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis
Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in
iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl.
Manaus an phríomhchathair.
Síos
ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar
atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris),
Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus
Adhara (Epsilon Canis Majoris).
- Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle. Cuiabá an phríomhchathair.
- Seasann Mirzam d'Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d'Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí. Macapá an phríomhchathair.
- Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv. Porto Velho an phríomhchathair.
- Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre. Boa Vista an phríomhchathair.
- Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988. Palmas an phríomhchathair.
In
aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha
Carinae), mar shiombail do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle.
Goiânia an phríomhchathair.
Ar
dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.
- Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
- Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
- Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – an réalta ar dhath an rúibín – mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi) do Bahia in oirthear na tíre.
- Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
- Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.
Tá
réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis,
le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do
Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le
haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain
1960.
Ar
dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí
réalta ar fad.
- Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d'ainm an stáit.)
- Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D'fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
- Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.
Is
í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na
Brasaíle, ocht réalta ar fad.
- Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí bundúchasacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
- Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
- An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
- Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d'Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
- Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
- Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
- Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b'fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na réigiúin is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
- Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr, go háirithe ar chuma na tithíochta, i bPernambuco.
Feictear
dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a
ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus
Gamma Hydrae.
- Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
- Seasann Gamma Hydrae d'Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d'Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d'ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.
Maidir
le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain
a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i
Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639,
ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d'athghabh na
Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an
domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann
Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain
1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta.
hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa
bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann
go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le
réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le
breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe
a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a
thuill a chlú d'Einstein) a chruthú.
Ní
mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige
leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi
”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná
an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána
fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an
fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov),
réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar
cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le
rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a
dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a
fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais –
Urca a bhí ar an gceantar den chathair ina raibh an áit aeraíochta
sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh
ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid
airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh
an próiseas.
Breacsholas a
thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche.
Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas
oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.
Nuair
atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin
léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas
oifigiúil ann. Ina
lán teangacha tugtar ”breacsholas buirgéiseach” ar an
mbreacsholas oifigiúil, toisc go bhfuil sé chomh geal amuigh,
le linn an chineál seo breacsholais, is gur féidir ”ceirdeanna
buirgéiseacha” a chleachtadh i gcónaí.
Nuair
atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú
ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne,
tá muir-bhreacsholas ann.
Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách sofheicthe,
sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit na loinge
a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.
Nuair
atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag,
níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá breacsholas
réalteolaíoch ann.
Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh, cé
go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.
Bremsstrahlung a
thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín
luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta
agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas
adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta
an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin,
an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go
radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal
Gearmáinise Bremsstrahlung.
Bróimín a
thugtar ar dhúil uimhir a 35, arb é Br an
tsiombail a sheasas di sna foirmlí ceimiceacha. Le teocht an tseomra
is leacht dearg é,
ach is dual dó galú go réidh. Ceann de na halaiginí
é an bróimín, cosúil leis an gclóirín, agus mar sin,
tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh aige – níl ach
aon leictreon amháin de dhíth le hochtréad iomlán a fháil.
Cosúil leis an gclóirín, tá an bróimín araiciseach chun
imoibriúcháin leis an leictreon deireanach sin a
fháil ar iasacht ó dhúile eile. Mar
sin, is nimh láidir é an bróimín agus é aonraithe ina dhúil.
An
t-ian bróimíde áfach,
Br-,
a bhfuil ochtréad aige, tá sé sách cobhsaí, agus dealraíonn sé
gur riandúil é an bróimín san fhoirm ianach seo – is é sin, go
dteastaíonn rianta beaga bróimín ó orgánach an duine le hoibriú
go maith. Baintear úsáid áirithe as bróimídí (comhdhúile
bróimín a bhfuil an t-ian seo iontu) mar chógaisí in
aghaidh an titimis.
Tá
na bróimídí cosúil leis na clóirídí ó thaobh na ceimice de:
is comhdhúil chobhsaí ianach í bróimíd an tsóidiam, NaBr, a
chuirfeadh clóiríd an tsóidiam (an gnáthshalann, NaCl) i gcuimhne
duit. Sa chiall cheimiceach, is salainn iad na bróimídí miotail –
salainn de chuid an aigéid hiodrabrómaigh. Is éard atá san aigéad
hiodrabrómach ná tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, HBr.
Aigéad láidir é an t-aigéad hiodrabrómach, díreach cosúil leis
an aigéad hiodraclórach, HCl. Gás í an
bhróimíd hidrigine.
Tá
ocsaigéid ag an mbróimín chomh maith: an t-aigéad
hipeabrómúil (HBrO, nó HOBr, de réir an fhíorstruchtúir), an
t-aigéad brómúil (HBrO2,
nó HOBrO), an t-aigéad brómach (HBrO3,
nó HOBrO2)
agus an t-aigéad sárbhrómach (HBrO4 nó
HOBrO3). Ní
féidir aon cheann de na hocsaigéid seo a aonrú ón uisce gan na
móilíní a bhriseadh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar a
n-airíonna san uisce. Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh san
aigéad sárbhrómach ach comhdhúil theoiriciúil nárbh fhéidir a
tháirgeadh ar aon nós; sa bhliain 1968, d'éirigh leis na heolaithe
an chéad eiseamal d'iain sárbhrómáite BrO4- a
chruthú, ach ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé nach féidir
úsáid ar bith a bhaint as an aigéad sárbhrómach ná as na
sárbhrómáití sa tionsclaíocht, chomh deacair is atá sé na
comhdhúile seo a
tháirgeadh. (Na comhdhúile sárchlóracha, cosúil leis an aigéad
sárchlórach HClO4,
is scéal eile ar fad iad.)
Níl
na hipeabróimítí ná na bróimítí (salainn an aigéid
hipeabrómúil agus an aigéid bhrómúil) cobhsaí ar aon nós, agus
ní thig mórán leas a bhaint astu. Tá an t-ian brómáite
BrO3- cobhsaí
go maith, áfach, agus tá tábhacht éigin ag baint le brómáit an
tsóidiam NaBrO3 mar
ocsaídeoir i ruaimniú na dteicstílí. Truailleáin iad
na brómáití freisin: is
dual do na hiain bhróimíde ocsaídiú go brómáití le solas na
gréine agus an t-uisce óil a chur ó mhaith. Tá dochar
sa bhróimín do chiseal an ózóin chomh
maith, cosúil leis na halaiginí eile.
Tá
bróimín ar fáil san áit a mbíonn clóirín ar fáil chomh
cosúil is atá an dá dhúil le chéile ó thaobh na ceimice de,
agus is gnách bróimín a bhaint as salann na farraige, ó tá
iain bhróimíde measctha tríd na hiain chlóiríde.
Bruthcharraig a
thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch
leáite) i bhfuacht. Is é an basalt an
cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.
Buaile
an Bhodaigh an
t-ainm Gaeilge ar réaltnéal
Oiríon (M42
i gCatalóg Messier, NCG 1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta). Tá
Buaile an Bhodaigh suite faoi thuairim is míle agus ceithre chéad
solasbhliain dínn, agus í ar an réigiún spáis is mó a
bhfuil taighde agus staidéar déanta air.
Bun-fhadlíne a
thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na
bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich
bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an
leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar
Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a
dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige go dtugtar
”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim
stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na
bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar
an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann
a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.
Bunghluaisne:
Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go
raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar
a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar
an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne araon.
Buningear a
thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí
phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.
No comments:
Post a Comment