Tuesday, November 19, 2019

Ciclipéid C

Caidhpeanna polacha a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu gnáthoighear (uisce reoite) nó oighear tirim (dé-ocsaíd charbóin) a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an oighear uisce.

Caidmiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht is dhá fhichid. Cd an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil seo a hainm ó Cadmus nó Kadmos, an prionsa seanársa a chuir an aibítir Fhéiníceach in oiriúint don Ghréigis agus a chuir tús le scríobh na teanga sin, mar a deir miotaseolaíocht na sean-Ghréige (tagraítear don ”aibítir a rinne Cadmus” i seanchas na Gaeilge féin). Miotal é atá in aon ghrúpa leis an tsinc agus leis an mearcair, agus cosúil leis an mearcair, is nimh dhainséarach é an caidmiam a áirítear ar na trom-mhiotail.

Miotal insínte é an caidmiam, agus leáphointe níos ísle aige ná ag an gcuid is mó de na miotail trasdultacha, mar atá, 321 °C. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta dá bhfuil aige ina chuid comhdhúl ná +2. Is féidir leis an gcaidmiam, áfach, iain a dhéanamh a bhfuil dhá adamh iontu, is é sin, (Cd2)2+, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gcaidmiam sna hiain seo ná +1. Tá iain dé-adamhacha den chineál seo ag an mearcair freisin.

Tá an caidmiam sách tearc i screamh an Domhain. An chuid is mó de tá sé ar fáil mar thruailliú i suilfíd nádúrtha na since, ZnS, ar a dtugtar sfalairít, seac dubh nó sincbhleindMar sin is mar sheachthoradh is mó a fhaightear caidmiam, nuair a bhítear ag aonrú since.

Tá an caidmiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp: 106Cd (1.25 % de chaidmiam an dúlra), 108Cd (0.9 %), 110Cd (12.5 %), 111Cd (12.8 %), 112Cd (24.1 %), 113Cd (12.2 %), 114Cd (28.75 %) agus 116Cd (17.5 %). Dhá cheann de na hiseatóip sin is núiclídí radaighníomhacha iad, ach le fírinne is féidir neamhshuim a dhéanamh de sin, toisc go bhfuil leathré an-fhada acu (na billiúin blianta – más nimh féin atá sa chaidmiam, ní hí an radaighníomhaíocht is cúis leis)Is é an meáchan adamhach atá ag an gcaidmiam ná 112.4 aonad.

Cé gur nimh é an caidmiam, is iomaí cineál úsáid a bhaintear as sa teicneolaíocht, go háirithe i mbatairí leictreachais agus sa leictreaplátáil (is é sin, mar chosaint ar an meirg).

Cailciam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca an tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach, Ca2+, a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 aonad ar mheáchan adamhach, agus mar sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca, cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca. Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá gur truailleán dainséarach a bheadh ann.

Ceann de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian cailciam, Ca2+, a dhéanamh.

Miotal bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach furasta é a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin – mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.

Is iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit an chailciam, CaCO3), an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an chailciam, CaMg(CO3)2), an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO+ 2H2O), an ainhidrít (an tsulfáit thirim nó CaSO4), an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2) agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X, inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clóiríd – clórapaitít), OH (hiodrocsaíd – hiodracsalapaitít) nó F (fluairíd – fluarapaitít). Is iad an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas cailciam.

Teastaíonn iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as comhdhúile éagsúla cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin, úsáidtear mar chómhiotal é.

An Caimileon nó Chamaeleon a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle, an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl d'ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha Bayer: Alpha Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus Delta Chamaeleontis.

Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh agus a d'ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán, rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na spéire chomh maith le mapáil an Domhain.

Bhí Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe sin.

Réalta phríomhsheichimh F-aicme í Alpha Chamaeleontis, agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn – is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.

Maidir le Beta Chamaeleontis, tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh í.

Gamma Chamaeleontis arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn. An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin, is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an Ghrian.

Maidir le Delta Chamaeleontis, seasann an t-ainm sin do dhá réaltchóras, Delta a hAon agus Delta a Dó. Déréalta atá in Delta a hAon, agus an dá chomhréalta suite chomh cóngarach dá chéile is gur deacair iad a aithint thar a chéile. Fathachréaltaí K-aicme iad. Réalta aonair atá in Delta a Dó, agus speictream B-aicme aici. Réalta phríomhsheichimh í, agus í ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian; san am chéanna tá sí i bhfad níos lonrúla. An triúr acu tá siad suite faoi thrí chéad deich solasbhlian is dhá scór dínn, a bheag nó a mhór, ach má tá, níl Delta a Dó sách gar do Delta a hAon le haon chóras imtharraingthe amháin a dhéanamh.

Cairt Franklin-Adams a thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha (grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh. Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.

Cairteacha Wolf-Palisa a thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a fuair bás sa bhliain 1925 i Vín. Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna hastaróidigh chomh maith, agus d'aithin is a d'ainmnigh siad cuid mhór acu.

Caiseoipé a thugtar ar an réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha Cassiopeiae), Caph (Beta Cassiopeiae), Gamma Cassiopeiae (nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah (Ksora, Delta Cassiopeiae), agus Segin (Epsilon Cassiopeiae).

Tríd is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar, ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de chomhbhaill na hilréalta, agus mar is gnách inniu, ní thugann cumann idirnáisiúnta na réalteolaithe ”Schedar” go hoifigiúil ach ar an bpríomhréalta seo, seachas ar chóras Alpha Cassiopeiae go léir. Tá an réalta seo suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.

Réalta athraitheach ar aon chineál le Delta Scuti í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta. Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir, coimhdire ná comhréalta ar bith aici. Tá sí ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an meánchiorcal ná idir na poil.

Réalta athraitheach eile í Gamma Cassiopeiae, agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í. Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na gile, is dócha.

Bhí Gamma Cassiopeiae tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa spás. Bhaist an spásaire Virgil ”Gus” Grissom Navi ar an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation (loingseoireacht) a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27 Eanáir 1967 – níor imigh an spásbhád sin ón gceap lainseála riamh, mar sin, agus ní raibh ach druileáil i gceist acu i ndáiríre. Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an spástaistil.

Maidir le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é Rukbat, a thagraíos d'Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.) Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.

Segin, arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh fairsing.

Tá cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta – í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.

Calafoirniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 98. Cf an tsiombail, agus fuair an dúil a hainm ó stát California sna Stáit Aontaithe, ós rud é gur ansin, i Saotharlann Lawrence Berkeley, a sintéisíodh an chéad uair í.

Cosúil leis na dúile trasúránacha eile is dúil éagobhsaí radaighníomhach é an calafoirniam – is é sin níl ach iseatóip radaighníomhacha aigeTá an t-iseatóp is cobhsaí beagnach naoi gcéad bliain ar leathré, áfach, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha an chalafoirniam. Is iad +2, +3 agus +4 na huimhreacha ocsaídiúcháin, agus is é +3 an staid ocsaídiúcháin is coitianta, mar a bhíos ag na lantanóidigh agus ag na hachtanóidigh de ghnáth.

Baintear úsáid as calafoirniam a 252 mar foinse neodrón, leis an slabhra imoibriúcháin a thosú sna himoibreoirí núicléacha mar shampla.

Callisto: Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus Europa). Ní raibh d'ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon Mayr an leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.

Tá Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos éadroime ná é.

An Camchéachta nó an Céachta nó an tSeisreach a thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid.

RÉALTAÍ AN CHAMCHÉACHTA
AinmLitir Ghréagach in ainmníocht BayerAicme speictreachMéid dhealraitheachFad na réalta uainn (solasbhlianta)Lonrachas/mais i gcomparáid leis an nGrian
DubheAlpha Ursae MajorisK1.8124316/4.25
MerakBeta Ursae MajorisA2.47964/2.7
Phekda (Phecda, Phad)Gamma Ursae MajorisA2.484?*/3.0
MegrezDelta Ursae MajorisA3.35814/1.6
AliothEpsilon Ursae MajorisA1.8814/2.9
MizarZeta Ursae MajorisA2.178(ilréalta)
Alkaid (Benetnasch)Eta Ursae MajorisB1.91011.4/6
*) Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.

Candam a thugtar ar phacáiste beag fuinnimh, cosúil leis an bhfótón (an candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog chruinn fhuinnimh – candam - a fháil a fhreagraíos don difríocht idir an dá leibhéal.

Mar sin, má théann solas na gréine trí ghás – gás hidrigine, cuir i gcás – fágfaidh an gás línte tanaí dubha i speictream an tsolais. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil na hadaimh ag ionsú (ag sú isteach, ag ól isteach) fuinnimh ón solas agus go bhfuil an fuinneamh seo ag floscadh na leictreon, is é sin á gcur ó leibhéal amháin go leibhéal eile, agus go bhfuil dáileog chruinn fuinnimh – candam – ag teastáil leis an gcineál seo léim a chur i gcrích.

Freagraíonn fuinneamh an chandaim do thonnfhad áirithe, do mhinicíocht áirithe agus do dhath áirithe, agus fágann an t-ionsú líne ionsúcháin san áit ar an speictream a bhfuil an dath áirithe seo suite. Dá mb’amhlaidh nach mbeadh sa solas ach fuinneamh leanúnach, d’fhéadfadh an leictreon fuinneamh a fhlosctha a ól isteach go leanúnach chomh maith, beag beann ar an tonnfhad agus ar an minicíocht, agus ní fheicfí línte ionsúcháin ar bith.

Is éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach – an solas infheicthe, an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht – candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.

Canóin na nÉiclipsí nó Canon der Finsternisse (Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor von Oppolzer i dtoll le chéile. D'fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí féin bás a fháil. D'oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí faoi ocht míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207 roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i bhfad roimh lá na ríomhairí.

Ostarach a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus d'éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás réasúnta óg.

Canopus nó Alpha Carinae nó Soheil atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na Sean-Ghréige.

Tá Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.

Caor thine nó bóilíd a thugtar ar dhreige is gile ná gnáthréalta reatha.

An Capall Beag nó Equuleus a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce, Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha Equulei nó Kitalpha atá ar an réalta is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190 solasbhliain dínn.

Capella atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha Aurigae. Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.

Carbón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a sé, agus is é an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is iomaí foirmle cheimiceach ina bhfeictear an tsiombail seo, nó tá an carbón in ann naisc cheimiceacha a cheangal beagnach gan teorainn gan chuimse. Dá thoradh sin is é an carbón is bunús leis an mbeatha féin: na móilíní is na comhdhúile ríchasta a bhíos i mbun sainoibre sna cealla beo, ní fhéadfá a leithéidí a bhunú ar aon dúil cheimiceach eile.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an gcarbón ná 1s22s22p2Ciallaíonn an méid sin go bhfuil ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon ag an adamh carbóin, agus go bhfuil ceithre nasc ceimiceacha ag teastáil leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Go bunúsach, is dual don charbón naisc chomhfhiúsacha a cheangal de dhúile neamh-mhiotalacha eile – gan aon trácht a dhéanamh ar na hadaimh charbóin eile.

Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an gcarbón, mar atá, 12C (carbón a dó dhéag) agus 13C (carbón a trí dhéag). Is é an chéad cheann acu an t-iseatóp is coitianta, mar is léir ón meáchan adamhach 12.011. Is é carbón a ceathair déag, nó 14(carbón a ceathair déag), an raidiseatóp nádúrtha, agus iarsmaí de ar fáil i gcarbón an dúlra – radacarbón a thugtar ar an iseatóp seo freisin.

Níl an radacarbón ach 5730 bliain ar leathré, agus mar sin, thiocfadh meath radaighníomhach ar gach adamh de i rith na n-aeón geolaíoch, ach go bé go bhfuil buansoláthar radacarbóin ann: nuair a bhuaileas neodróin ón radaíocht chosmach núicléis nítrigine in uachtar an atmaisféir, is é is toradh dó seo ná núicléis radacarbóin, agus na núicléis seo á meascadh tríd an gcarbón i ndúlra an Domhain. Mar sin bíonn leibhéal cobhsaí radaighníomhaíochta ag carbón nádúrtha na neachanna beo go léir: bíonn siad ag ithe bia (a bhfuil carbón nádúrtha ann) agus ag baint carbóin óna dtimpeallacht ar dhóigheanna eile, agus is é an cineál seo idirghníomhaíochta a sheachnaideas tuilleadh radacarbóin in éiric na núicléas ar tháinig meath radaighníomhach orthu. Nuair a gheobhas an neach beo bás, áfach, tiocfaidh deireadh leis an malartú carbóin seo, agus tosóidh leibhéal na radaighníomhaíochta ag dul síos sa charbón atá in iarsmaí an neacha sin. Air seo atá an dátú radacarbóin bunaithe, is é sin, dátú na seaniarsmaí trí thomhas na radaighníomhaíochta iontu.

Ní hé an radacarbón an t-aon iseatóp radaighníomhaíoch atá ag an gcarbón, ach is núiclídí saorga gearrshaolacha iad na cinn eile ar fad. Is é 11(carbón a haon déag) an ceann is fadsaolaí acu, agus níl sé féin ach fiche nóiméad ar leathré.

Tá dhá allatróp nádúrtha coitianta ag an gcarbón agus é aonraithe ina dhúil ghlan: an diamant agus an ghraifít. Tá struchtúr tríthoiseach ag criostail an diamaint, agus gach adamh timpeallaithe ag ceithre cinn eile go siméidriúil. Naisc chomhfhiúsacha iad na naisc idir na hadaimh sa chriostal, agus mar sin ní seoltóir maith leictreachais é an diamant, toisc nach bhfuil leictreoin dílogánaithe ann. Mar is eol do chách, tá an diamant an-chrua freisin. Scéal eile ar fad í an ghraifít. Tá criostal na graifíte comhdhéanta as cisil déthoiseacha agus na leictreoin dílogánaithe ag sní go saor eatarthu. Mar sin tá an ghraifít sobhriste, agus í i bhfad níos fearr ag iompar sruth leictreachais ná na neamh-mhiotail tipiciúla.

Allatróp neamhchoitianta de chuid an charbóin is ea an lonsdaeilít a fuair a hainm ó Kathleen Lonsdale, criostalagrafaí Éireannach. Is gnách ”diamant heicseagánach” a thabhairt ar an lonsdaeilít, toisc go bhfuil struchtúr heicseagánach (sé-uilleach) ag an gcriostal lonsdaeilíte. Tá an lonsdaeilít an-chrua, cosúil leis an diamant. Níl lonsdaeilít ar fáil i ndúlra an Domhain, ach is féidir teacht uirthi ar dhreigítí ón spás ó am go ham.

Maidir le comhdhúile an charbóin, is féidir a rá gur eolaíocht ar leith é a dtaighde – eolaíocht ar a dtugtar ”an cheimic orgánach”, agus is í an cheimic neamhorgánach atá i gceist leis an taighde ar chomhdhúile na ndúl eile. Is iad na naisc idir na hadaimh charbóin, na slabhraí fada carbóin, is bunús leis an idirdhealú seo. Mar sin féin, is féidir a rá gur fearr comhdhúile áirithe carbóin a áireamh ar na substaintí ”neamhorgánacha”, cosúil leis an dé-ocsaíd charbóin CO2 agus an aonocsaíd charbóin CONí mór an cheimic orgánach a aithint thar an mbithcheimic: is í an bhithcheimic ná ceimic na n-orgánach beo. D'fhéadfá a rá gur brainse den cheimic orgánach í an bhithcheimic, ach ar ndóigh tá ról ag substaintí áirithe neamhorgánacha féin sa bhithcheimic (is substaint neamhorgánach í an ocsaigin ghlan, O2, mar shampla).

Is féidir leis an adamh carbóin nasc dúbailte nó triarach a cheangal de cheann eile. Mar sin tá nasc dúbailte i móilín na heitéine C2H4, agus nasc triarach i móilín na haiceitiléine C2H2. Hiodracarbóin iad an dá chomhdhúil seo, chomh maith leis an meatán CH4 agus an t-eatán CH3CH3, nach bhfuil ach naisc shimplí iontu. Is féidir na mílte móilíní éagsúla a thógáil as adaimh charbóin agus hidrigine, ar acht is go gcuirfidh tú san áireamh nach féidir le haon adamh carbóin ach ceithre nasc a cheangal, agus nach bhfuil ach aon nasc amháin ag an hidrigin. Na móilíní a chuirfeas tú le chéile agus a tharraingeos tú ar an bpáipéar de réir an dá phríomhriail seo, gach seans go bhfuil teacht orthu sna meascáin nádúrtha hiodracarbón cosúil leis an ngás nádúrtha agus an artola, ar acht is nach bhfuil na móilín chomh plódach le craobhacha is nach bhfuil siad cobhsaí a thuilleadh.

Na feidhmeanna casta a bhíos ag na comhdhúile bithcheimiceacha sna cealla beo, tá siad bunaithe ar adamhghrúpaí a bhfuil saintréithe speisialta acu – feidhmghrúpaí, mar a thugtar orthu. Samplaí d'fheidhmghrúpaí iad an grúpa aildéadach -C(H)O (úsáidtear na lúibíní lena chur in iúl nach bhfuil nasc ar bith idir an adamh hidrigine H agus an t-adamh ocsaigine O), an grúpa hiodrocsaile -OH ar a n-aithnítear na halcóil is na feanóil (féach an t-eatanól, is é sin, an gnáthalcól C2H5OH), an grúpa carbocsaile -C(O)OH a bhíos ag na haigéid charbocsaile cosúil leis an aigéad formach HC(O)OH nó an t-aigéad aicéiteach CH3C(O)OH, agus a lán eile. Is féidir leis na comhdhúile orgánacha dhá fheidhmghrúpa nó níos mó a bheith acu: sampla maith de seo is ea na haimínaigéad, a bhfuil idir aimínghrúpa -NH2 agus carbocsailghrúpa -C(O)OH iontu.

Castor an t-ainm traidisiúnta ar Alpha Geminorum, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Chúpla. Le fírinne is ilréalta (séréalta) é Castor. Tá trí dhéréalta ann: Castor A, Castor B, agus Castor C, cé gur mar aon réalta amháin a aithníos súil an duine an t-iomlán. Glactar leis go bhfuil Castor C ag fithisiú an dá dhéréalta eile. Déréaltaí speictreascópacha iad na déréaltaí seo go léir, is é sin ní féidir iad a aithint mar dhéréaltaí gan breathnuithe a dhéanamh ar an speictream. Tá an córas go léir suite cuíosach cóngarach dúinn, is é sin, níl sé ach faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.

Is A-réaltaí iad Castor Aa agus Castor Ba (is é sin, an dá chomhréalta is gile), agus an dá cheann acu dhá-trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir na maise. Abhaic dhearga iad Castor Ab agus Castor Bb (is é sin, compánaigh an dá chomhréalta is gile). Maidir le Castor C, tá dhá abhac dearga ann. Bladhmréaltaí iad na habhaic dhearga go léir i gcóras Castor.

Catalóg Ghinearálta Boss an chatalóg réalteolaíoch a d'fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC (General Catalogue an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d'fhoilsigh athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh maith lena athair roimhe.

Catalóg Messier a thugtar ar an gcatalóg réalteolaíoch a chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d'oibrigh sé amach catalóg de réadanna a d'fhéadfaí a thógáil in ainriocht cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige Ginearálta).

Is í an Chatalóg Réaltghrafach an chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an Chatalóg Réaltghrafach), nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná sin, síos go 14 ar mhéid (Carte du Ciel nó ”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan). Bhí an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte seo.

Bhí an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh sí chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha bliain á tabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sí bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte du Ciel, i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt a ghlacadh san obair a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.

Ar feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na réaltaí go tuiscint theoiriciúil a bhforbartha) le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.

Catóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu – caitiain, mar a thugtar orthu.

Ceann na Péiste a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na bPéisteanna. Is í Alpha Serpentis, nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa dromchla ná an Ghrian s'againn.

Ceantar na Gréine a thugtar ar an réigiún spáis timpeall ár ngrianchórais. Is féidir a rá go bhfuil na réaltaí úd Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar sin de réir gach sainmhíniú.

Cearnóg Mhór Pheigeasais a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:
  • Alpha Pegasi, nó Markab;
  • Beta Pegasi, nó Scheat;
  • Gamma Pegasi, nó Algenib;
  • agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.

Ceartairde (dronairde, ceartéirí, dronéirí) a thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí), ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Uillinn nó stua í an cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama (uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna, stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire is fiche agus ciorcal iomlán. Má úsáidtear aonaid stua seachas aonaid ama leis an gcomhordanáid seo a thabhairt le fios, ní ghlaofar ceartairde/dronairde uirthi ach uair-uillinn.

Is iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a d'fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí maithe a bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí” agus ”dronairde” a úsáid. Ina lán teangacha tá ainm an choincheapa seo bunaithe ar ascensio recta (”éirí ceart”) na Laidine (right ascension as Béarla, Rektaszension as Gearmáinis, ascension droite as Fraincis, rektascensja as Polainnis, rektaskensio as Fionlainnis).

Ceathramhán: Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo. Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí a úsáidtear.

Focal é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar an Réalt-Aistear (Star Trek) freisin, mar chuid den ”teicneachabaireacht” – is é sin, de na focail a bhfuil cuma na heolaíochta orthu agus iad ceaptha le craiceann na hinchreidteachta a chur ar chomhrá na n-aisteoirí sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí, de réir mar is dealraitheach, go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina cheathramháin, agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an nós seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san fhíor-réalteolaíocht.

An Ceathramhán, nó An Ceathramhán Múrach, a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na gCuadraintídí ainmnithe as. Quadrans nó Quadrans Muralis an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.

Ceathrú an téarma a thagraíos ar an gcuma atá ar an ngealach nuair atá leath a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is é sin, is ionann ”ceathrú” i gcaint na réalteolaithe agus ”leathghealach” i gcaint na ngnáthdhaoine. Tá an ghealach i mbéal ceathrún nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin roimh an ngealach lán. Is í an cheathrú dheireanach atá ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad, is é sin roimh an nua-ré. D'fhéadfá an dara ceathrú a thabhairt ar an ngealach lán, ach ní gnáthúsáid a bheadh ann: níl sé coitianta ”ceathrú” a thabhairt ach ar an dá leathghealach.

Ceiféas a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf, Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í Alderamin, nó Alpha Cephei, an réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil. Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.

Errai, nó Gamma Cephei, an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.

Alfirk, nó Beta Cephei, an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.

Réalta athraitheach de chineál ar leith í Delta Cephei. Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta – d'fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di. Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla, ó F go G agus ar ais.

Tá aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar atá, na Ceifidí. Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.

Ceilt a bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil an Ghealach idir sinn agus í.

Más í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt air sin, ach éiclips nó urú (gréine).

Céimeanna na Gealaí a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an nua-ré ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin ar an nGealach, agus í ag fás. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na nua-ré tá an Ghealach i mbéal ceathrún, agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán. Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-ré nó iomlán gealaí ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís, agus í ag dul i laghad anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh na nua-ré, níl ach leath an diosca soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an cheathrú dheireanach. Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.

Tugtar mí shionadach nó mí ghealaí ar an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá sé naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag luainiú idir 29.8 lá agus 29.26 lá, de réir is mar a bhíos imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.

Céim stua a thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is seascadú cuid) den chiorcal iomlán.

An Ceinteár (Centaurus an leagan Laidine, Centauri an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.

Is í an tríréalta úd Alpha Centauri, an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Toliman, nó Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is ciall le proxima na Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad: is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Toliman, agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i gcónaí, cé acu atá baint cheart imtharraingthe ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag dul thar bráid. Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn, ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.

Tá Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile. Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri.

Maidir le Beta Centauri, is tríréalta í. Ainmneacha eile ar Bheta Centauri iad Agena agus Hadar. Fathachréaltaí B-aicme iad an triúr acu, agus iad suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Tá an tríréalta iomlán breis is dhá scór míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s'againn. Maidir leis an mais, tá an dá chomhréalta is troime – Beta Centauri A1 agus Beta Centauri A2 – timpeall ar dheich n-oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus an tríú ceann – Beta Centauri B – cúig oiread chomh téagartha léi. Mar is dual do na réaltaí B-aicme, tá siad go léir bánghorm, agus iad i bhfad níos teo ná an Ghrian agus i bhfad níos sciobtha ag spíonadh a gcuid hidrigine.

Gamma Centauri arís, is déréalta í. Muhlifain an t-ainm traidisiúnta. Fathaigh nó fo-fhathaigh iad an dá chomhbhall, agus is A-réaltaí iad – réaltaí bánghorma, cé nach bhfuil siad chomh te leis na B-réaltaí. Tá Gamma Centauri suite faoi chéad agus dhá scór solasbhliain dínn.

Ceinteáir a thugtar ar aicme ar leith d'astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir dearcadh ar na ceinteáir mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat – níl sí ar déanamh na liathróide).

Ba é Hidalgo an chéad cheinteár a d'aithin na réalteolaithe, thiar sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo réadanna go fóill – d'aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é. Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus agus Amycus.

Ceres an ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le fírinne ní dhearctar uirthi mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chiliméadair ar trastomhas. Tá an tríú cuid de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres. Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn an chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres, nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den dromchla oighir.

Chiron a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977. Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí – na ”ceinteáir”. Dá réir sin d'ainmnigh siad as ceann de cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d'fhithis Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean, an t-apaihéilean) taobh amuigh d'fhithis Úránais.

Ciantréimhseach: Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil tréimhsiúil nó peiriadach. (Athruithe tréimhsiúla nó peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta agus an peiriad, an tréimhse nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil, áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha, ach amháin go bhfuil siad chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an timthrialla a thomhas.

Is é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular. Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma réalteolaíochta sa Ghaeilge.

Cignídí: dreigechith iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala (Cygnus) i Mí Lúnasa.

An Chíle (ainm Laidine: Carina, ginideach: Carinae) atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta ina timpeall, ba chuid den Long (Argo Navis) í ar dtús.

Is é Canopus, nó Alpha Carinae, an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá cóngarach dúinn).

Maidir le Beta Carinae nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith. Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cf. placid an Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan, agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil. A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.

Níl a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma Argus Navis, agus baisteadh Gamma Velorum ar an réalta sin (Vela an t-ainm Laidine ar na Seolta).

Tá Eta Carinae ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s'againn. Tagann athruithe móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór” a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a chéile – tógann sé cúig bliana go leith ar an dá réalta timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach – mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae a cuid fuinnimh.

Chomh mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i stíl Eta Carinae”).

Cill fhótaileictreach: is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtugann athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.

Cineálacha lonrachais: Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtí a cúig. Sa chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian s'againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd sub-dwarf an Bhéarla, nó fo-abhac, agus D = dwarf an Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).

Ba iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith Kellman a d'oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na 1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan” nó ”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid d'Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu téann sé siar go dtí na caogaidí.

Ciogal Mheatóin: Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D'aithin an réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi mbliana déag agus 235 mhí gealaí (níl de dhifríocht ach dhá uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na seanársaíochta.

Ciogal na ngrianspotaí: peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal den chineál seo a chur di.

Ciogal Sótach: Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig lá is trí scór (365 lá), beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé aon chiogal Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís. Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach bunaithe ar Sotis, arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne, is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet), nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain Shótach uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)

Ciorcal an diallais: an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a socraítear an diallas, is é ciorcal an diallais é.

Ciorcal comhlárnach: Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne ar an réigiún eatarthu.

Ciorcal éalárnach: Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile, agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.

Ciorcal polach: Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach. Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana chomh maith.

Ciseal cúlaithe: Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine, díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte ionsúcháin ar speictream na Gréine.

Ciseal Kennelly-Heaviside: Cuid d’ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo, agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.

Fuair an ciseal a ainm ó Arthur Edwin Kennelly, innealtóir leictreach Gael-Mheiriceánach, agus ón bhfisiceoir féinteagasctha Sasanach Oliver Heaviside.

Ciseal vialait: Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní sa chuid is airde thuas d'atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.

Cisghealaí: An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é, is é sin, an spás ar ár dtaobh féin (cis) den Ghealach. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is é an cianspás é. Gineadach baininscneach é an focal sin cisghealaí go foirmiúil, ach ní úsáidfeá an fhoirm cisghealachD'fhéadfá ”an spás trasghealaí” a thabhairt ar an gcianspás chomh maith.

Claíomh Oiríon: Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon comhdhéanta as 42 OrionisTheta Orionis, agus Iota Orionis chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).

Clann chóiméad: Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean) an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach í clann Iúpatair, cuir i gcás.

Claonadh fithise: Is éard atá i gceist le claonadh na fithise ná an uillinn idir fithis an phláinéid (nó a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid, is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó plána Laplace (an leibhéal a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).

Clóirín: Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus is é Cl an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Ceann de na halaiginí é an clóirín, cosúil leis an bhfluairín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, agus mar sin, tá aon leictreon amháin de dhíth air leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Is gás uaine nó buí-uaine é an clóirín le teocht an tseomra, agus é comhdhéanta as móilíní dhá adamh, Cl2Fuair an clóirín a ainm ó dhath an gháis, nó is é is brí leis an bhfocal Gréigise úd khloros ná ”bánuaine”.

Tá an clóirín 35.45 aonad ar mheáchan adamhach. Is iad na hiseatóip chobhsaí ná 35Cl (trí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus 37Cl (aon cheathrú cuid amháin de chlóirín an dúlra). Tá a leithéid d'iseatóp ann agus 36Cl freisin, ach is radanúiclíd (iseatóp radaighníomhach) é nach bhfuil ach rianta di le fáil sa dúlra.

Is í an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an gclóirín ná an chlóiríd hidrigine, HCl. Má thuaslagtar san uisce é, gheofar aigéad hidreaclórach. Aigéad láidir é an t-aigéad hidreaclórach, agus mar sin, is gás nimhe í an chlóiríd hidrigine. Tagann an t-aigéad seo isteach úsáideach sa tionsclaíocht, áfach, agus mar sin is ceimiceán é a tháirgtear go forleathan ar fud an domhain.

Tugtar aqua regia nó ”uisce an rí” ar thuaslagán measctha an aigéid nítrigh agus an aigéid hidreaclóraigh. Creimeann an tuaslagán seo ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór. Is í an tríchlóiríd óir, AuCl3, is toradh don imoibriú sin.

Ocsaídeoir láidir é an clóirín agus é araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin is nimh dhainséarach é an gás clóirín, agus le fírinne ba é an chéad ghás nimhe ar baineadh triail as i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda mar arm ceimiceach ollscriostaAon duine a léigh, abair, an dán Dulce et Decorum Est le Wilfred Owen, tá a fhios aige nach ábhar magaidh é an t-ionsaí clóirín. D’éirigh an dá thaobh as an gclóirín go sciobtha, áfach, nuair a tháinig gáis ab fhearr ná é chun úsáide: an fhoisgéin (an chlóiríd charbóinile), ach go háirithe – tá dhá adamh clóirín i móilín na foisgéine chomh maith le hadamh amháin carbóin agus ceann amháin ocsaigine, is é sin, Cl2CO an fhoirmle. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an fhoisgéin ar na scamhóga, ionas go líontar le leacht iad – mar a bheadh an duine á bhá ar talamh tirim. Níl boladh chomh láidir as an bhfoisgéin agus atá as an gclóirín, áfach – chuirfeadh boladh na foisgéine féar tirim i gcuimhne duit. Mar sin is féidir leis an bhfoisgéin dochar tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga i nganfhios don tsaighdiúir – scéal eile é an clóirín, nó d'aithneodh an saighdiúir a bholadh agus rachadh sé ar lorg a ghásphúicín in am.

Nuair a rachas an clóirín i gcomhdhúile le miotail, iompóidh sé ina ian clóiríde, Cl-. Tá an t-ian clóiríde breá cobhsaí, agus níl sé nimhiúil ann féin. Clóirídí tábhachtacha iad an chlóiríd sóidiam NaCl, nó gnáthshalann, agus an chlóiríd amóiniam NH4Cl, a úsáidtear le tuilleadh blas a chur le milseáin liocrais. Cineál salann é an chlóiríd chailciam freisin, CaCl2. Is dual don chlóiríd chailciam uisce a ól chuici óna timpeallacht – is substaint thais-scópach í mar deir an téarmaíocht – agus mar sin scaiptear ar na bóithre í le hiad a choinneáil tirim. An chuid is mó de na salainn chlóiríde tá siad so-thuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid AgCl an eisceacht mhór. Sin é an tuige go n-úsáidtear an níotráit airgid AgNO3 mar imoibrí leis na hiain chlóiríde a aithint: má chuirtear níotráit airgid le tuaslagán a bhfuil iain chlóiríde ann, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile le criostail a dhéanamh, agus beidh deascadh clóiríde airgid ann ar an toirt.

Tá aithne ag an gcine daonna ar chomhdhúile clóirín cosúil leis an ngnáthshalann ón réamhstair anuas, ach ba é Carl Wilhelm Scheele an chéad cheimiceoir a d'aonraigh gás clóirín agus a rinne taighde ceart ar airíonna na substainte seosna 1770idí. Shíl sé, áfach, gur comhdhúil de shórt éigin a bhí ann. Ba é an ceimiceoir Humphry Davy ó Chorn na Breataine a d'aithin, sa bhliain 1810, gur dúil cheimiceach a bhí i gceist, agus ba eisean a bhaist an dúil sin.

Tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil HClO (nó HOCl, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad clórúil HClO2 (nó HOClO), an t-aigéad clórach HClO3 (nó HOClO2) agus an t-aigéad sárchlórach HClO4 (HOClO3). Ní féidir ach an ceann deireanach acu a aonrú ón uisce; an trí cinn eile is comhdhúile éagobhsaí iad nach maireann taobh amuigh den tuaslagán uisce. Is féidir leo salainn a dhéanamh le hiain mhiotail, áfach – hipeaclóirítí, clóirítí agus clóráití. Ocsaídeoirí láidire iad, agus is mar ocsaídeoirí a úsáidtear iad – bléitseálann an hipeaclóirít sóidiam NaOCl teicstilí, mar shampla.

Maidir leis an aigéad sárchlórach, tá sé i bhfad níos cobhsaí ná ocsaigéid eile an chlóirín. Aigéad thar a bheith láidir é, níos láidire ná an t-aigéad nítreach féin. Is féidir é a aonrú ón uisce, ach is ábhar sophléasctha é, chomh maith lena chuid salann – na sárchlóráití. Ocsaídeoir láidir é freisin, ar ndóigh. Is é an bhaint atá ag an aigéad sárchlórach le cúrsaí an spáis ná go n-úsáidtear an tsárchlóráit amóiniam mar bhreosla sna roicéid; thairis sin d'aithin gléasra an spástaiscéalaí úd Phoenix Mars Lander sa bhliain 2008 go raibh sárchlóráit mhaignéisiam agus sárchlóráit chailciam le fáil in úir MharsaBíonn salainn an aigéid shárchlóraigh an-sothuaslagtha san uisce, de ghnáth. Tá an tsárchlóráit airgid féin sothuaslagtha san uisce agus ina lán tuaslagóirí eile. Scéal eile é áfach go bhfuil an tsárchlóráit photaisiam dothuaslagtha, agus mar sin úsáidtear an t-aigéad sa cheimic anailiseach mar imoibrí leis na hiain photaisiam, K+, a aithint.

Tá a lán ocsaídí ag an gclóirín freisin: an aonocsaíd déchlóirín Cl2O, an dé-ocsaíd chlóirín ClO2, an heacsocsaíd déchlóirín Cl2O6, an trí-ocsaíd déchlóirín Cl2O3, an heaptocsaíd déchlóirín Cl2O7, agus roinnt eile. Maidir leis an heaptocsaíd déchlóirín, is ainhidríd í don aigéad sárchlórach – is é sin má thagann sí i dteagmháin le huisce imoibreoidh sí leis an uisce le haigead sárchlórach a dhéanamh.

Cóiméad nó réalta scuaibe, réalta eireabaill, réalta mhongach nó scuabréalta a thugtar ar réad beag a thagas ó imeall an Ghrianchórais i dtreo na Gréine, ionas go bhfeictear radaíocht na Gréine ag baint damhna den réad, agus an damhna sin ag lasadh suas mar a bheadh eireaball solais ag an réad.

Go bunúsach, ní bhíonn i gceist le cóiméad ach leac oighir den chineál atá flúirseach i scamall Oort agus i gcrios Kuiper, ar imeall an ghrianchórais. An dóigh a dtéann imtharraingt na réaltaí is gaire dúinn i bhfeidhm ar an scamall sin, bíonn corraíl ann, agus de thoradh na corraíola sin a fhágas na cóiméid an scamall le bealach a dhéanamh i dtreo na Gréine.

Tugtar núicléas ar an gcnap oighir féin. Timpeall an núicléis atá an cóma, is é sin, an t-atmaisféar tanaí agus é comhdhéanta as móilíní uisce agus pé cineál damhna eile atá sa núicléas féin.

Is é an t-eireaball nó an scuab an ghné is feiceálaí den chóiméad. Is éard atá ann ná ábhar a bhaintear de dhromchla agus de chóma an chóiméid faoi bhrú na radaíochta ón nGrian. Le fírinne áfach is minic is féidir dhá eireaball éagsúla a aithint ag an gcóiméad – an t-eireaball dusta agus an t-eireaball gáis – ós rud é go bhfuil ábhar eile ann – dusta cloiche (sileacáití) – i mbreis ar an oighear. Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach ní hionann luas a ngluaiseachta: rud follasach é go bhfuil an t-eireaball dusta níos troime, níos maille.

Bíonn na cóiméid ag dul timpeall na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus is gnách iad a aicmiú ina dhá ngrúpa, mar atá, na cóiméid ghearrthréimhseacha agus na cóiméid fhadtréimhseacha. Is as scamall Oort taobh thiar de Neiptiún a thagas na cinn ghearrthréimhseacha, agus is as crios Kuiper, an t-imeallbhord is faide ón nGrian, do na cóiméid fhadtréimhseacha. Is iad na cóiméid ghearrthréimhseacha na cinn a chríochnaíos turas amháin timpeall na Gréine in aghaidh an dá chéad bliain, nó níos minice, agus is iad na cinn fhadtréimhseacha na cinn a dtógann sé níos mó ama orthu. Tá cóiméid neamhthréimhsiúla ann fosta, is é sin cóiméid nach bhfanann sa Ghrianchóras tar éis an chéad turas a thabhairt i dtreo na Gréine.

Téann imtharraingt na réad mór – imtharraingt na bpláinéad, cuir i gcás – i bhfeidhm ar na cóiméid ó am go ham, agus tarlaíonn sé go mbuaileann cóiméad faoi phláinéad. Sampla clúiteach de seo is ea cóiméad Shoemaker-Levy a bhuail Iúpatar sa bhliain 1994: ar dtús thit an cóiméad seo as a chéile, agus ansin bhuail na hiarsmaí an pláinéad. Ba mhillteanach an phléasc a bhí ann, nó b’ionann an fuinneamh a scaoileadh sa teagmháil agus buamaí adamhacha an domhain go léir méadaithe faoi shé chéad. Ar ndóigh bhí an t-imbhualadh seo tábhachtach do na réalteolaithe agus iad ag baint a gcuid tátal féin as. Threisigh sé leis an tuairim atá ag cuid mhór acu gur sciath chosanta é Iúpatar atá ag dul idir an Domhan agus dreigeoidigh nó cóiméid ó imeall an ghrianchórais – gurb é Iúpatar ”folúsghlantóir an ghrianchórais”, mar a deirtear freisin.

Cóiméad Arend-Roland a thugtar ar an gcóiméad a d'aithin na réalteolaithe Sylvain Arend agus Georges Roland thiar sa bhliain 1956. Bhí sé geal as an ngnáth nuair a tháinig sé i ngar don Domhan, agus mar sin áirítear ar na cóiméid mhóra i stair na réalteolaíochta é. Cóiméad neamhthréimhsiúil a bhí ann, is é sin, d'imigh sé as an nGrianchóras tar éis dó a pheirihéilean (a gharphointe don Ghrian) a fhágáil ina dhiaidh.

Cóiméad Biela: Fuair an cóiméad seo a ainm ó Wilhelm von Biela, oifigeach Ostarach de phór na Gearmáine a raibh suim aige sa réalteolaíocht. Ba iad Jacques Montaigne agus Charles Messier (an fear céanna a chuir i dtoll le chéile catalóg na réaltnéalta!), roimh aon eolaí eile, d'aithin an cóiméad seo beag beann ar a chéile sna 1770idí, ach ba é Biela a d'oibrigh amach, sa bhliain 1826, mionsonraí matamaitice na fithise agus a dheimhnigh tréimhse imrothlaithe an chóiméid – tuairim is 6.6 bliain.

Sa bhliain 1845, chonaic na réalteolaithe go raibh dhá leath déanta den chóiméad, agus ina dhiaidh sin, thit Cóiméad Biela as a chéile. Níor fágadh ach dreigechith de – na hAndraiméidídí nó na Bílídí – agus níl an dreigechith sin féin le feiceáil a thuilleadh inniu.

Cóiméad Donati: Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Battista Donati a chuir an chéad sonrú sa chóiméad seo thiar sa bhliain 1858. Bhí cóiméad Donati ar an gcéad chóiméad ar tógadh grianghraf de riamh. Ceann de chóiméid mhóra na staire é chomh feiceálach is a bhí sé, agus deireadh lucht na comhaimsire gurbh é an cóiméad ab áille a chonacthas riamh – ar a laghad chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm ar a lán ealaíontóirí mar inspioráid, agus tharraing an cóiméad súil na ndaoine ar iontais na réalteolaíochta mar ábhar ginearálta spéise. Glactar leis gur cóiméad fadtréimhseach é nach bhfillfidh ach sa cheathrú mílaois.

Cóiméad Encke: Cóiméad gearrthréimhseach é Cóiméad Encke nach gcaitheann ach tuairim is trí bliana atabhairt turais timpeall na Gréine. Cuireadh sonrú sa chóiméad seo san ochtú haois déag, ach is é an t-ainm a fuair sé ná sloinne an réalteolaí a d'oibrigh amach mionsonraí a fhithise sa bhliain 1819, mar atá, Johann Franz Encke.

Cóiméad Halley: Ceann de chóiméid mhóra na staire é an cóiméad seo. Tógann sé cúig bliana déag is trí scór air imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Bíonn sé le feiceáil go soiléir ón Domhan nuair a thagas sé i ngar don Ghrian, agus na teoiricí atá ag na réalteolaithe i dtaobh na gcóiméad tá siad, cuid mhór, bunaithe ar na breathnuithe a rinneadh ar an gcóiméad áirithe seo. Cosúil le Cóiméad Encke, tá an cóiméad seo ainmnithe as an matamaiticeoir a d'oibrigh amach airíonna a fhithise, seachas as an duine a chuir an chéad sonrú ann. Edmund Halley a bhí ar an eolaí sin, agus rinne sé an t-éacht i dtús na hochtú haoise déag. Chonaic Halley an cóiméad le súile a chinn féin sa bhliain 1682, agus bhí sé in ann filleadh an chóiméid a thairngreacht sách cruinn, ach fuair sé féin bás breis is deich mbliana sula bhfacthas a chóiméad arís.

Cóiméad Holmes: Ba é an réalteolaí Sasanach Edwin Holmes a rinne fionnachtain an chóiméid seo sa bhliain 1892. Tógann sé sé bliana agus deich mí, a bheag nó a mhór, ar chóiméad Holmes turas amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cuid súl ann.

Cóiméad Ikeya-Seki: Cóiméad fadtréimhseach é an cóiméad seo ar chuir na réalteolaithe Seapánacha Kaoru Ikeya agus Tsutomu Seki sonrú ann sa bhliain 1965. Tháinig cóiméad Ikeya-Seki an-chóngarach don Ghrian agus rinneadh trí chuid de, ach má rinneadh, chloígh na codanna sin lena seanruthag ina dhiaidh sin féin. Nuair a d'imigh an cóiméad ó lár an ghrianchórais, ní fhacthas arís é.

Cóiméad Kohoutek: Ba é an réalteolaí Seiceach Luboš Kohoutek a chéadaithin an cóiméad áirithe seo. Chonacthas sa bhliain 1973 é, agus bhain sé amach a gharphointe don Ghrian faoi dheireadh na bliana. Cóiméad fadtréimhseach é nach bhfeicfear arís ach i gceann seachtó is cúig mhíle bliain. Ba é an chéad chóiméad riamh a ndearnadh breathnuithe air ó spásbháid – ba iad an spásbhád Sóivéadach Soyuz a Trí Dhéag agus an spás-stáisiún Meiriceánach Skylab a Ceathair a bhí i gceist.

Cóiméad Pons-Winnecke: Seo cóiméad ar chuir an réalteolaí Francach Jean-Louis Pons an chéad sonrú ann sa bhliain 1819. Chuaigh an cóiméad seo as radharc ar na réalteolaithe idir an dá linn, ach ansin rinne an Gearmánach Friedrich August Theodor Winnecke a athfhionnachtain sa bhliain 1858. Cóiméad gearrthréimhseach é nach dtógann sé ach corradh is sé bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.

Coimhdire a thugtar ar an gcomhbhall is lú i ndéréalta – is coimhdire é Sirius B, mar shampla.

Cóimheas Pogson: Ar scála logartamach na gile, tá réalta na séú méide céad oiread níos gile ná réalta na chéad mhéide. Is é is impleacht dó sin ná, más ionann gile na réalta seo agus m, agus más í gile na réalta úd eile agus + 1, de réir an scála, is é is brí leis sin ná go bhfuil an réalta úd eile timpeall is 2.512 oiread níos gile ná an réalta seo. Is í an uimhir sin cóimheas Pogson. Le bheith beacht, is ionann cóimheas Pogson agus an cúigiú fréamh as céad, is é sin, más ionann x5 (cúigiú cumhacht an xagus 100, is ionann agus cóimheas Pogson. Ba é an réalteolaí Sasanach Norman Robert Pogson a d'oibrigh amach an córas seo faoi lár na naoú haoise déag.

Coindrít a thugtar ar dhreigít atá fáiscthe as dusta agus mionábhar eile spáis, agus cáithníní an mhionábhair seo le haithint i gcónaí mar choindriúil sa chloch. Deoirín damhna é an coindriúl a ghreamaigh den dreigeoideach amuigh sa spás.

An Choirceog an t-ainm Gaeilge ar Praesepe nó réad uimhir a 44 i gcatalóg Messier (M44). Réaltbhraisle oscailte í atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phortáin, agus í ar na braislí oscailte is cóngaraí dúinn. Tá réaltaí na Coirceoige suite faoi chúig nó sé chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus is léir óna ndualghluaisne go bhfuil baint éigin ag an gCoirceog le braisle Hyades. Tá timpeall ar mhíle réalta sa Choirceog agus iad nasctha dá chéile ag an imtharraingt; an chuid is mó acu tá siad sách beag, ach d'aithin na réalteolaithe cúig fhathachréalta ansin chomh maith. Ba é Galileo Galilei, roimh aon duine eile, a rinne breathnuithe teileascóip ar an gCoirceog, agus é in ann dhá scór réalta a aithint thar a chéile ansin.

An Colgán nó Dorado an réaltbhuíon atá suite idir an Siséal, an Clog, an Líontán, an Phéist Bheag, an Tábla, an tIasc Eitilte, agus an Péintéir. Ba é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a shainigh an réaltbhuíon seo sa tseachtú haois déag. Ar feadh i bhfad áfach ní raibh na réalteolaithe ar aon tuairim faoi ainm ceart na réaltbhuíne seo, nó is iomaí duine acu a thugadh Xiphias uirthi – ainm Laidine nó Gréigise ar an gcolgán. Ainm Portaingéilise é Dorado, áfachDoradus an ginideach Laidine de Dorado a úsáidtear in éineacht le hainmneacha na litreach Gréagach i gcóras ainmníochta Bayer: Alpha Doradus, Beta Doradus, Gamma Doradus...

Is í an réalta is gile sa Cholgán ná Alpha Doradus, ar déréalta í: réaltaí teo bánghorma iad an dá chomhbhall, agus iad cúpla oiread níos troime, níos mó ná an Ghrian. Tá siad chomh lonrúil áfach is go n-aicmítear mar fhathachréaltaí iad. Le bheith beacht, fo-fhathach atá i gceann acu, agus fíorfhathach sa cheann eile. A-réalta é an fathach, agus is B-réalta é an fo-fhathach, de réir an speictrim.

Tá an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil sa Cholgán.

An Colm nó Columba a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Madra Mór, an Giorria, an Siséal, an Péintéir, agus Deireadh na Loinge. Is gnách glacadh leis gurbh é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a cheap an réaltbhuíon seo is a d’ainmnigh í i ndeireadh na séú haoise déag, cé go bhfuil leideanna ann gur réaltbhuíon thraidisiúnta a bhí ann i ndáiríribh. Is ar éigean is féidir a rá go mbeadh cuid súl sa Cholm. Phact, nó Alpha Columbae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fo-fhathach B-aicme atá i gceist, agus é suite faoi 260 solasbhliain dínn. Wazn an seanainm atá ar Beta Columbae, an dara réalta is gile. Réalta fhlannbhuí K-aicme í, agus í suite faoi 87 solasbhliana dínn.

Colúr a thugtar ar cheann de dhá phríomh-fhadlíne an sféir neamhaí. Is é colúr an ghrianstad an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá ghrianstad (is é sin, túsphointe Cancer agus túsphointe Capricornus). Is é an colúr cónochta an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá chónocht (is é sin, túsphointe Aries agus túsphointe Libra).

Cóma an focal is bunús le ”cóiméad”: is éard atá sa chóma ná ”atmaisféar” an chóiméid, as a bhfoirmítear eireaball an chóiméid faoi bhrú na grianghaoithe. Móilíní uisce agus dusta is mó a bhíos ann. Thairis sin aithnítear comhdhúile ceimiceacha simplí eile seachas uisce i gcóma na gcóiméad: dé-ocsaíd charbóin (CO2), aonocsaíd charbóin (CO), suilfíd hidrigine (H2S), ciainíd hidrigine (HCN) agus formaildéad (HCHO), mar shampla.

Comharthaí an Stoidiaca a thugtar ar na teascóga den éiclipteach a chomhionannaítear le réaltbhuíonta an Stoidiaca san astralaíocht. Sainmhínítear na comharthaí seo de réir réalteolaíocht na sean-Bhablóine, rud a chiallaíos nach bhfuil na réaltbhuíonta agus na comharthaí ag freagairt dá chéile a thuilleadh, nó tháinig athrú áirithe ar an spéir idir an dá linn, chomh sean is atá na réaltchatalóga Bablónacha – is í luainíocht na gcónocht is cúis leis an athrú seoThairis sin is ionann gach teascóg agus aon dóú cuid déag den éiclipteach, ach ar ndóigh tá réaltbhuíonta an Stoidiaca éagsúil maidir leis an gcuid den éiclipteach atá fúthu. Scéal eile fós go bhfuil réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna dingthe idir an Scairp agus an Saighdeoir, agus an t-éiclipteach ag rith tríthi, ach ina dhiaidh sin féin ní thugann lucht na hastralaíochta aitheantas dá leithéid de chomhartha stoidiaca.

Is iad comharthaí an Stoidiaca ná an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar, an tUisceadóir, agus na hÉisc. ”An tUisceadóir” an t-ainm Gaeilge a bhíos ag lucht scríofa na dtuismeánna ar an gcomhartha úd Aquarius, ach is é ”Iompróir an Uisce” an t-ainm a mholas an Foclóir Réalteolaíochta don réaltbhuíon.

Comhathrú an domhanleithid nó guagadh Chandler a thugtar ar ghné áirithe de nútú an Domhain, is é sin, ar an athrú a thagas ar an mbaint atá ag ais rothlúcháin an Domhain lenár bpláinéad féin mar chorp soladach. Athrú tréimhsiúil é guagadh Chandler. Ba é an geolaí Meiriceánach Seth Chandler a d'aithin comhathrú an domhanleithid sa bhliain 1891.

Comhbhaill a thugtar ar na réaltaí a bhfuil córas déréaltach nó ilréaltach comhdhéanta astu.

Comhdhlúthuithe corónacha a thugtar ar limistéir áirithe i gcoróin na Gréine atá níos teo agus níos gile ná a bhfuil ina dtimpeall. Tá baint acu le gníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine.

Comhéifeacht athraonta an uimhir a thugas coibhneas luas an tsolais san fholús agus luas an tsolais i meán áirithe. Mar shampla, tá an t-uisce 1.333 ar chomhéifeacht athraonta, rud a chiallaíos go bhfuil an solas aon tríú cuid níos sciobtha san fholús ná san uisce.

Ní mór aird a thabhairt air go bhfuil an chomhéifeacht athraonta bunaithe ar luas na dtonnta solais. Mar sin, is féidir di bheith beagáinín níos ísle ná a haon. Sa chás sin féin áfach ní bhristear an dlí nádúrtha a deir nach dtig luas an tsolais a shárú, nó ní iompraíonn na tonnta féin aon chineál eolais ná damhna. Má thagann athrú ar mhinicíocht an tsolais, áfach, ní sháróidh luas forleata an athraithe sin luas an tsolais, ós iompróir eolais, nó fiú giota eolais ann féin, atá san athrú sin.

Comhiompar an focal a thagraíos d'aistriú an teasa trí aistriú na móilíní nó na n-adamh – is é sin, nuair a bhíos na móilíní nó na hadaimh ag gluaiseacht, bíonn siad ag iompar an teasa agus an fhuinnimh leoIs é an comhiompar is cúis le haistriú an teasa sa chuid eachtrach den Ghrian, a dtugtar crios an chomhiompair uirthi; taobh istigh de chrios an chomhiompair atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á iompar ag an radaíocht, seachas ag na móilíní nó na hadaimh.

Comhlínitheoir a thugtar ar ghléas a úsáidtear le solas nó radaíocht a chomhlíniú – is é sin, leis na gathanna a stopadh ó spré agus a choinneáil go tiubh in aice le chéile. Solas an-chomhlínithe atá i gceist leis an solas léasair, agus d'fhéadfá a rá go bhfuil an léasar ar an gcomhlínitheoir is láidire amuigh.

Comhlionsa atá i gceist le lionsa atá curtha i dtoll le chéile as lionsaí éagsúla agus iad déanta as cineálacha éagsúla gloine. Úsáidtear comhlionsaí leis na hiomraill optúla sna lionsaí a íosmhéidiú. Sampla tábhachtach de seo is ea an comhlionsa neamhchrómatach. Go bunúsach, ní hionann an fócas do na tonnfhaid éagsúla i lionsa aonair, rud a tharraingíos iomrall crómatach (iomrall datha), ionas go bhfeictear, abair, sórt ”bogha báistí” de dhathanna timpeall ar an réalta sa teileascóp. Comhlionsaí neamhchrómatacha iad na comhlionsaí atá ceaptha go speisialta le baint den iomrall chrómatach.

Comhordanáidí neamhaí a thugtar ar na comhordanáidí a úsáideas na réalteolaithe le háit na rinne neimhe ar an spéir a shocrú is a shainmhíniú. Bíonn córais éagsúla chomhordanáidí acu le haghaidh cuspóirí éagsúla:

  • Córas na léaslíne. Tá an córas seo bunaithe ar an áit a bhfuil an breathnóir féin suite ar dhroim an Domhain. Is í an léaslíne a shocraíos bunphlána an chórais agus nialas an leithid (is é sin, nialas na hairde)Is iad poil an chórais seo ná an forar (an pointe os cionn an bhreathnóra) agus an nadair (an pointe taobh thíos den bhreathnóir). Tugtar airde (leithead) agus asamat (fad) ar na comhordanáidí. Is féidir tuaisceart nó deisceart na léaslíne a úsáid mar nialas don fhad (don asamat).
  • Córas an mheánchiorcail. Is féidir an córas seo a bhunú ar lárphointe an Domhain (an leagan geolárnach den chóras, mar a déarfá) nó ar lárphointe na Gréine (an leagan héilealárnach den chóras). Is é an meánchiorcal neamhaí nialas an leithid, agus is é cónocht an Earraigh nialas an fhaid. Diallas a thugtar ar an leithead sa chóras seo, agus tá dhá fhad éagsúla ann: an cheartairde (an ceartéirí, an dronéirí, an dronairde) agus an uair-uillinn. Tá an cheartairde ag dul i méadaíocht soir, agus an uair-uillinn ag dul i méadaíocht siar. Cé gur uaillinn atá i gceist leis an gceartairde chomh maith leis an uair-uillinn, tugtar an dá rud in aonaid ama seachas in aonaid stua, ionas gurb ionann an ciorcal iomlán agus ceithre huaire is fiche ar an gclog.
  • Córas an éicliptigh. Tá an leagan geolárnach agus an leagan héilealárnach ann. Is é an t-éiclipteach is nialas don leithead, agus is é cónocht an Earraigh is nialas don fhad. Tugtar fad éicliptigh agus leithead éicliptigh ar an bhfad agus ar an leithead sa chóras seo.
  • Córas na gcomhordanáidí réaltracha. Is é lárphointe na Gréine bunphointe na gcomhordanáidí. Is é plána an réaltra is nialas don leithead, agus is é lárphointe an réaltra is nialas don fhad. Tá an pol thuaidh suite i bhFolt Bheirnicé, agus an pol theas sa Dealbhóir.

Compánach is féidir a thabhairt ar cheann de na réaltaí sa déréalta. Is gnách compánach nó coimhdire a thabhairt ar an gcomhbhall is laige: mar shampla, is ionann ”compánach Sirius” agus Sirius B.

Comparadóir caochaíola an gléas d'úsáidtí sna laethanta a bhí le dhá ghrianghraf réalteolaíocha den limistéar chéanna den spéir a chur i gcomparáid le chéile. D'fhéadfadh an réalteolaí dul ó ghrianghraf amháin go grianghraf eile go sciobtha agus é in ann na difríochtaí a aithint – sonrú a chur i gcóiméad, abair, nó i réad eile a bhí ag gluaiseacht go luath i gcomparáid le cúlra suaimhneach na réaltaí i gcéin. Le gléas den chineál seo a d'aithin Clyde Tombaugh Plútón sa bhliain 1930, mar shampla. Ba é an fisiceoir Gearmánach Carl Pulfrich a chéadcheap an comparadóir caochaíola sa bhliain 1904.

Inniu, is fearr leis na réalteolaithe ríomhairí a úsáid le haghaidh comparáidí mar seo, agus is gnách na grianghrafanna réalteolaíocha féin a choinneáil i dtaisce i bhfoirm leictreach ar dhioscaí ríomhaire.

An Compás a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Riail, an Faolchú, an Ceinteár, Cros an Deiscirt, an Chuileog, agus Triantán an Deiscirt. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a shainigh is a d'ainmnigh an Compás (Circinus as Laidin) thiar san ochtú haois déag. Níl an Compás ar réaltbhuíonta feiceálacha na spéire; an réalta is gile atá ann, is é sin Alpha Circini, is réalta phríomhsheichimh í a dtagann athruithe (ascaluithe) ar a gile go tiubh – réalta mhearascalach a thugtar ar a leithéid. Níl Alpha Circini suite ach faoi leathchéad solasbhliain dínn.

Compás an Mhairnéalaigh nó Pyxis nó Pyxis Nautica a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir na Seolta, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, agus an tAerchaidéal. Réaltbhuíon fhann é Compás an Mhairnéalaigh; is fathachréalta B-aicme í an réalta is gile i gCompás an Mhairnéalaigh (Alpha Pyxidis) agus í suite faoi naoi gcéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Ritheann plána Bhealach na Bó Finne trí Chompás an Mhairnéalaigh.

Compás diallais nó méadar diallais a thugtar ar an uirlis a úsáidtear leis an diallas maighnéadach (an difríocht idir an tuaisceart maighnéadach agus an fíorthuaisceart) a thomhas.

Conair an lándorchadais: Má théann an Ghealach idir an Ghrian agus an Domhan, caithfidh sí a scáil ar an Domhan, rud ar a dtugtar urú gréine (nó éiclips gréine). Tá an Domhan agus an Ghrian araon níos mó ná an Ghealach, rud a chiallaíos nach féidir leis an nGealach iomlán an Domhain a fhágáil i ndorchadas. Ní bhíonn ach réigiún áirithe de dhroim ár bpláinéid faoi lánscáil na Gealaí, agus ar ndóigh tá an réigiún sin ag athrú de réir is mar atá an Domhan féin ag déanamh bulla báisín. Tugtar conair an lándorchadais ar an mbealach a leanas an lánscáil le linn an uraithe.

Cónasc atá i gceist má tá dhá rinn neimhe le feiceáil in aice a chéile – go bunúsach, más ionann an dronairde (an ceartéirí, an cheartairde) don dá réad, nó más ionann an diallas don dá réad. An pláinéad atá ag fithisiú na Gréine taobh istigh d'fhithis an Domhain, má tá sé i gcónasc agus é ar an taobh thall den Ghrian, deirimid gur cónasc uachtair atá i gceist. Más ar an taobh abhus den Ghrian atá sé, is éard atá i gceist ná cónasc íochtair.

Cónocht – Sa ghnáthchaint, is ionann an cónocht agus an lá atá ar aon fhad leis an oíche: cónocht an fhómhair agus cónocht an earraigh. Maidir leis na réalteolaithe, tugann siadsan cónocht ar phointe teagmhála an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Tá dhá phointe den chineál sin ann: cónocht an fhómhair (túsphointe Libra) agus cónocht an earraigh (túsphointe Aries). Ainmneacha stairiúla iad ”túsphointe Libra” agus ”túsphointe Aries”, nó, de thoradh luainíocht na gcónochtaí, tá na pointí sin suite i réaltbhuíonta eile ar fad inniu, seachas na cinn óna bhfuair siad a n-ainm. Réalteolaí sean-Ghréagach a bhaist mar sin iad, sé scór bliain roimh Chríost. Aries an t-ainm Laidine ar an Reithe, agus Libra a thugtar ar an Meá.

Copairniciam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 112, agus is é Cn an giorrúchán. Mar dhúil throm thrasúránach, tá an copairniciam an-radaighníomhach, agus mar sin is deacair a dhath a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha. Fuair an dúil a hainm ó Nioclás Copernicus (Polainnis: Mikołaj Kopernik), an réalteolaí Polannach. Is é 285Cn, nó copairniciam a 285, an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an gcopairniciam, ach is ar éigean is féidir a rá go bhfuil sé ró-ghearrshaolach, nó is é an leathré atá aige ná naoi soicind is fiche. Ba iad na heolaithe in Darmstadt sa Ghearmáin a chruthaigh an chéad adamh copairniciam sa bhliain 1996.

Chomh radaighníomhach is atá an copairniciam is deacair taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha. Tá se suite in aon ghrúpa leis an tsinc, an caidmiam agus an mearcair i dtábla peiriadach na ndúl.

Copernicus an leagan Laidine de shloinne an réalteolaí Pholannaigh Nioclás Copernicus (Mikołaj Kopernik), ach thar aon rud eile, is cráitéar millteanach ar an nGealach é Copernicus a fuair a ainm ón réalteolaí. Tá Copernicus timpeall ar dheich gciliméadar is ceithre scór ar trastomhas, agus é suite ar an taobh den Ghealach atá iompaithe inár dtreo. Ní mór cuimhne a choinneáil air, áfach, ná nach bhfuil Copernicus ar an gcráitéar is mó ar an nGealach, cé go bhfuil sé ar an gceann is feiceálaí don bhreathnóir atá suite ar dhroim an Domhain. Is féidir é a fheiceáil gan dul ach i dtuilleamaí na ndéshúileach. Cráitéar réasúnta óg é Copernicus, agus le fírinne tugtar ”tréimhse Copernicus” ar an tréimhse is deireanaí i ngeolaíocht stairiúil na Gealaí.

Tá cráitéar ar Mhars freisin a bhfuil an t-ainm céanna air, agus é thart ar thrí chéad ciliméadar ar trastomhas – i bhfad níos mó ná an ceann ar an nGealach.

Córas Cassegrain – Is éard atá i gceist leis seo ná dearadh teileascóip a chuireas ar ár gcumas frithchaiteoir (teileascóp scáthánbhunaithe, teileascóp frithchaiteach) a thógáil a bhfuil a fhad fócasach níos mó ná fad an ghléis féin. Is é is bunsmaoineamh do chóras Cassegrain ná go bhfuil scáthán mór cuasach ann agus poll ina lár. Frithchaithfidh an scáthán seo an solas ar scáthán beag dronnach atá suite os comhair an phoill. Ansin rachaidh an solas isteach sa pholl a bhfuil an fócas taobh thiar de.

Is gnách glacadh leis gurbh é an sagart agus an t-optaiceoir féinteagasctha Laurent Cassegrain a chéadcheap an dearadh seo sna 1870idí, ach is féidir gur rith an smaoineamh le hoptaiceoirí eile faoin am chéanna.

Córas héilealárnach a thugtar ar an tuiscint go bhfuil na pláinéid agus réadanna beaga eile an Ghrianchórais ag fithisiú na Gréine – d'fhéadfá ”córas grianlárnach” a thabhairt uirthi chomh maith. Rith an smaoineamh seo le réalteolaithe sean-Ghréagacha féin. An chéad duine acu a raibh tuiscint héilealárnach aige ar an nGrianchóras ba é Aristarchus ó Samos é. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair an tuiscint gheolárnach (an tuiscint a chuir an Domhan i lárphointe na hollchruinne) an lámh in uachtar go ceann na gcéadta bliain, cé go raibh réalteolaithe áirithe fonnmhar locht a fháil air.

An leagan den gheolárnachas a bhí i bhfeidhm san am, is gnách córas Tholamaeis a thabhairt air. Ba é Claudius Ptolamaeus, nó Tolamaes mar a thugaimid air as Gaeilge, a d'fhág a ainm ar an gcóras sin. Mhair Tolamaes i gCathair Alastair (Alexandria) san Éigipt sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost. Saoránach Rómhánach a bhí ann, ach mar ba ghnách i gcúigí oirthearacha Impireacht na Róimhe, ba í an Ghréigis teanga a chuid scríbhinní.

Ba é an Polannach Mikołaj Kopernik, nó Nicolaus Copernicus as Laidin, a d'athbheoigh an córas héilealárnach sa bhliain 1514 leis an tráchtas beag úd Commentariolus. Nuair a bhí a shaol ag druidim chun deiridh, bhí sé ag obair ar shaothar eile, De revolutionibus orbium coelestium (”Faoi imrothluithe na reann neimhe”), a chuaigh i gcló faoin am a fuair sé bás, sa bhliain 1543.

Is minic a shíltear go raibh ar Chopernicus a thuiscint ar struchtúr an ghrianchórais a chosaint ar an Eaglais Chaitliceach nó go raibh an Eaglais go tréan in aghaidh an héilealárnachais. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí Copernicus na scórtha bliain ag déanamh créafóige nuair a chuaigh an Eaglais chun cogaidh ar an héilealárnachas, agus ba é an tIodálach Galileo Galilei ba mhó a bhí thíos leis.

Bhí Galilei ina cheannródaí ag baint úsáide as an teileascóp le breathnuithe réalteolaíocha a dhéanamh, agus sa bhliain 1610 d'fhoilsigh sé saothar beag eolaíochta ina ndearna sé cur síos ar a raibh feicthe aige, Sidereus Nuncius nó ”Teachtaire na Réaltaí”. Bhí sé tar éis ceithre shatailít a aithint ag Iúpatar, agus breathnuithe déanta aige ar an nGealach s'againn féin: chonaic sé cuid mhaith cráitéar agus gnéithe tír-raoin eile uirthi fosta.

Bhain Galilei an chonclúid as an iomlán go raibh an Ghealach agus na pláinéid déanta as damhna den chineál chéanna agus an Domhan féin. Go nuige sin ba é tuiscint na n-eolaithe clasaiceacha cosúil le Tolamaes agus Arastótal go raibh na réaltaí agus na pláinéid déanta as an ”gcúigiú dúil” nach raibh gaolmhar le ceithre dhúile an Domhain (is é sin, an t-uisce, an tine, an talamh agus an t-aer, de réir mar a thuig eolaithe na seanársaíochta an scéal) agus go raibh siad foirfe, gan cháim gan locht, cosúil le Dia féin. Bhréagnaigh breathnuithe Galilei an tuiscint seo, agus ba é sin ba phríomhchúis leis an dóigh ar chaith an Eaglais le mo dhuine. Ní raibh an Eaglais ag cur in aghaidh an héilealárnachais mar ghléas matamaitice le gluaiseachtaí na réadanna neimhe a áireamh – ba é an phríomhfhadhb ná gur spreag an héilealárnachas Galilei chun smaointí eiriceacha eile. Rud eile fós go raibh pearsana an Bhíobla ag tagairt do ghluaiseachtaí na Gréine, ar nós éirí agus luí na Gréine, agus mar sin ba é tuiscint an Bhíobla, dar leis na diagairí, gurbh í an Ghrian a bhí ag gluaiseacht seachas a mhalairt.

Ní hionann sin is a rá nach mbeadh réalteolaithe de chuid na hEaglaise – na réalteolaithe Íosánacha ach go háirithe – tar éis a thabhairt faoi deara go raibh fadhbanna ag roinnt le córas Tholamaeis. Ní raibh siad sásta glacadh leis an Domhan mar rinn neimhe i measc a leithéidí eile agus é ag gluaiseacht, áfach. Bhí siad claonta chun tacaíocht a thabhairt do chóras Tycho Brahe: sa tsamhail sin bhí an Ghrian ag dul timpeall an Domhain agus na pláinéid ag fithisiú na Gréine.

Chaith Galilei deireadh a shaoil faoi bhraighdeanas baile, ach má chaith, mhair an héilealárnachas ag dul chun cinn. Ba é an Gearmánach Johannes Kepler ba mhó a d'fhorbair an teoiric sa tseachtú haois déag. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta: eisean a d'aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D'fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.

Nuair a bhí an seachtú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an chéad eagrán de mhórshaothar Isaac Newton, Philosophiae naturalis principia mathematica (”Prionsabail mhatamaiticeacha na fealsúnachta nádurtha”), i gcló – Principia, mar is gnách a thabhairt air. Glactar leis go forleathan gurbh é Principia an saothar réabhlóideach eolaíochta a chuir tús leis an bhfisic agus leis an réalteolaíocht i gciall an lae inniu. Cuid den réabhlóid ab ea an héilealárnachas. Faoi thionchar shaothar Newton chuaigh an Eaglais féin le héilealárnachas i rith na hochtú haoise déag, cé gur mhair an cosc ar shaothar Galilei i bhfad ina dhiaidh sin féin.

Córas meiniscis – Tugtar córas meiniscis ar dhearadh áirithe teileascóip ina gcuirtear lionsa meiniscis (lionsa atá cuasach ar thaobh amháin, dronnach ar an taobh eile) os comhair an réadscátháin le hiomraill an scátháin a cheartú. Ba é an t-optaiceoir Rúiseach Dmitry Maksutov a chéadcheap an córas meiniscis, agus mar sin is gnách teileascóp Maksutov a thabhairt ar an gcóras freisin.

Córas pláinéadach a thugtar ar na pláinéid atá ag dul timpeall ar réalta áirithe, agus iad á gceangal den réalta sin ag an imtharraingt. Go dtí le déanaí, bhí ár gcóras féin ar an t-aon chóras pláinéadach amháin a raibh aithne ag an gcine daonna air, ach sa bhliain 1992 chuir na réalteolaithe sonrú i dtrí phláinéad timpeall ar neodrónréalta áirithe atá suite i réaltbhuíon na Maighdine. Fuair na pláinéid seo na hainmneacha DraugrPhobetor, agus PoltergeistInniu, tá na réalteolaithe an-díograiseach faoi na córais phláinéadacha amuigh sa chianspás, agus na céadta eiseapláinéid fionnta acu cheana féin, mar a thugtar ar na pláinéid i gcórais phláinéadacha eile.

Córas réaltach a thugtar ar réaltaí atá ceangailte dá chéile ag an imtharraingt agus iad ag fithisiú a chéile – is é sin, is córais réaltacha iad na déréaltaí is na hilréaltaí. Tá sé tábhachtach na fíor-chórais réaltacha a dhealú ó na cinn optúla. Na dé- agus na hilréaltaí optúla, is éard atá i gceist leosan ná réaltaí nach bhfuil siad ach suite ar aon líne ón Domhan, ionas go bhfeicimid in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile.

Córas Tholamaeis a thugtar ar an tuiscint gheolárnach ar struchtúr an ghrianchórais agus na hollchruinne – is é sin, an tuiscint a chuireas an Domhan sa lárphointe. Fuair an córas a ainm ó Claudius Ptolemaeus, nó Tolamaes, a chaighdeánaigh an geolárnachas sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Cheap Tolamaes a chóras le gluaiseachtaí na reann neimhe a áireamh roimh ré – le huruithe Gréine agus Gealaí a thairngreacht, abair. Mar sin, fuair sé riachtanach córas an-chasta matamaitice a chur i dtoll le chéile. Coincheapanna tábhachtacha sa chóras iad an ciorcal iompair agus an t-eipiciogal. Go bunúsach, shíl Tolamaes agus na matamaiticeoirí réalteolaíocha roimh a lá féin go raibh gach pláinéad ag timpeallú pointe áirithe réasúnta gar don phláinéad féin – ba é an fhithis seo an t-eipiciogal. Ach ansin bhí an t-eipiciogal féin ag dul timpeall an Domhain ar chonair ar a dtugtaí an ciorcal iompair. Ghlac Tolamaes leis an tuiscint seo óna chuid réamhtheachtairí agus chuir sé a chasadh féin inti. Feabhsú ab ea a leagan féin den chóras ar ar tháinig roimhesean, agus mar sin d'fhan a chóras in úsáid ar feadh na gcéadta bliain.

Bhí Tolamaes ar na daoine ba léannta lena linn féin, agus níor theorannaigh sé é féin don réalteolaíocht agus don astralaíochtchum sé tráchtas tábhachtach tíreolaíochta freisin, mar shampla. Cé go raibh a chóras réalteolaíoch bun os cionn le tuiscint an lae inniutá cuid dá obair beo inniu féin, ó rinne sé cion fir ag léarscáiliú na spéire freisin.

Sna laethanta a bhí, ba ghnách leis na healaíontóirí coróin a tharraingt ar chloigeann Tholamaeis sna pictiúirí a rinne siad de, ó ba eisean ”rí na réalteolaíochta”.

Córas Tycho a thugtar ar an gcomhréiteach idir córas Copernicus agus córas Tholamaeis a rith leis an réalteolaí Danmhargach Tycho (Tyge) Brahe. Ba é barúil Tycho go raibh cuid den cheart ag Copernicus agus cuid ag Tolamaes: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh an Domhan gluaiseacht ar bith a dhéanamh, chomh támh trom is a bhí sé, ach san am chéanna ba léir dó go raibh Copernicus in ann gluaiseachtaí na bpláinéad a léiriú ní b'fhearr ná Tolamaes. Ba é a theoiricsean go raibh na pláinéid ag fithisiú na Gréine, agus an Ghrian ag fithisiú an Domhain.

Córas UBV – Córas é an córas UBV (ultraviolet – blue – visible, ultraivialait – gorm – infheicthe) a úsáidtear le réaltaí a aicmiú de réir a méide dealraithí. Is éard a dhéantar ná méid, nó gile, na réalta a thomhas de réir na radaíochta ultravialait, an tsolais ghoirm agus an tsolais infheicthe go léir, agus is é meán na luachanna seo a thugas méid na réalta de réir an chórais áirithe seo.

Córas uilleach a thugtar ar an leagan forbartha de chóras Cassegrain. Sa chóras seo tá an súil-lionsa ar thaobh an teileascóip, agus réimse an-chúng radhairc ann.

Cor Caroli nó Croí Shéarlais a thugtar ar Alpha Canum Venaticorum, is é sin, an réalta is gile i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh. Déréalta í Alpha Canum Venaticorum, ach is é moladh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Cor Caroli” a thabhairt ach ar an gceann is gile den dá chomhbhall sa déréalta. Is fathachréalta í an réalta sin, agus í tuairim is céad oiread chomh geal agus an Ghrian, cé nach bhfuil ach mais na Gréine méadaithe faoi thrí inti. Tá Cor Caroli suite faoi chéad is cúig solasbhliana déag dínn.

Fuair an réalta a hainm ón Rí Séarlas a hAon de mhuintir na Stíobhartach. Ba é Francis Lamb, thiar sa bhliain 1673, a bhaist Cor Caroli Regis Martyris – ”Croí Shéarlais, an Rí agus an Mhairtírigh” – ar an réalta ina réaltmhapa féin. Is minic a shíltear, áfach, gurbh é Edmund Halley a d'ainmnigh as Séarlas a Dó í.

Coróin a thugtar ar an scamall plasma timpeall na Gréine, agus é ag sroicheadh na milliúin ciliméadair amach sa spás. Bíonn an choróin le feiceáil le linn urú iomlán na Gréine. Tá an choróin i bhfad níos teo ná dromchla na Gréine, agus í scartha ó fhótaisféar na Gréine ag an gcrómaisféar.

Coróin an Deiscirt atá ar an réaltbhuíon idir an Saighdeoir, an Scairp, an Teileascóp agus an Altóir. Cé go dtugtar ”coróin” uirthi, tá sí níos cosúla le crú capaill. Fuair sí a hainm ó Choróin an Tuaiscirt, ó tá an dá réaltbhuíon réasúnta cosúil le chéile. Ba é Claudius Tolamaes a bhaist an bheirt acu ina chuid scríbhinní réalteolaíochta.

Is í Alphecca Meridiana, nó Meridiana, nó Alpha Coronae Australis (nó Alpha Coronae Austrinae) an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. A-réalta í Alphecca Meridiana, agus í breis is dhá oiread chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais is na maise de; san am chéanna tá sí tuairim is tríocha oiread níos lonrúla ná an Ghrian. Is í an ghné is suntasaí di ná go bhfuil sí ag rothlú ar a hais go han-sciobtha. Tá an radaíocht infridhearg as Alphecca Meridiana as pabhar láidir, rud a thugas le fios go bhfuil fáinne dusta timpeall na réalta.

Coróin an Tuaiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon idir Earcail, an tAoire agus Ceann na Péiste. Tugtar Alphecca, Alphekka, Gemma nó An tSeoid ar an réalta is gile i gCoróin an Tuaiscirt – Alpha Coronae Borealis an t-ainm de réir chóras Bayer. Tá Coróin an Tuaiscirt, nó astaireacht na réaltaí is gile inti, cosúil le crú capaill, díreach ar nós Choróin an Deiscirt, agus is ó Choróin an Tuaiscirt a fuair Coróin an Deiscirt a hainm. Ceann de na sean-réaltbhuíonta traidisiúnta í Coróin an Tuaiscirt, nó luaitear i scríbhinní réalteolaíochta Tholamaeis féin í.

Déréalta uraitheach í Alpha Coronae Borealis, is é sin tagann an coimhdire go tráthrialta idir sinn agus an phríomhréalta, rud a aithnítear mar íosmhéid solais in athruithe ghile na déréalta. A-réalta the bhán í an phríomhréalta, agus í cúpla oiread níos téagartha ná an Ghrian s'againn. Tá sí ceithre oiread déag is trí scór níos lonrúla ná an Ghrian, cé nach n-áirítear ar na fathachréaltaí í, ach ar an bpríomhsheicheamh. Maidir leis an gcomhbhall beag, is réalta G-aicme é cosúil leis an nGrian, beagáinín níos lú ná í ó thaobh na maise de. Tá Alphecca suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dár ngrianchóras.

Coróiniam – Thiar sa naoú haois déag bhí an teoiric ag eolaithe áirithe go raibh dúil cheimiceach nua ar fáil i gcoróin na Gréine. Is é an t-ainm a cheap duine acu – an Rúiseach Dmitry Mendeleyev (an fear céanna a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl) – don dúil seo ná coróiniam nó niútainiam (tagairt do shloinne Isaac Newton a bhí i gceist leis an dara hainm a mhol sé, ar ndóigh). Bhí an teoiric seo bunaithe ar an speictreascópacht, nó bhí líne aitheanta ag na heolaithe ar speictream na Gréine nach raibh siad in ann a athchruthú sa tsaotharlann agus nach raibh cosúil le línte speictreacha na ndúl aitheantaMar sin shíl siad go raibh dúil nua i gceist.

Mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin áfach ba é an t-iarann ba chúis leis an líne – ian iarainn a raibh lucht deimhneach trí aonad déag aige (is é sin adamh iarainn a thug uaidh trí leictreon déag). Ní dual don iarann a leithéid d'ian a dhéanamh faoi imthoscaí an Domhain, agus mar sin ní raibh taithí ag na heolaithe air: na hiain iarainn a bhíos le fáil i gcomhdhúile iarainn a bhfuil aithne againn orthu níl ach lucht deimhneach dhá nó trí aonad acu, agus rachadh sé rite leat ian Fe13+ a chruthú sa tsaotharlann féin.

Corónagraf a thugtar ar ghléas a chuirtear os comhair an teileascóip le diosca na Gréine a dhorchú, ionas gur féidir leis na heolaithe breathnuithe a dhéanamh ar choróin na Gréine nó ar an gcuid den spéir atá timpeall na Gréine.

An Chorr nó Grus a thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann d'”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet), thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar chuid d'Iasc an Deiscirt.

Is é Alnair nó Alpha Gruis an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é, ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius féin.

ALNAIR AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID
RéaltaTrastomhas (1 = trastomhas na Gréine)Mais (1 = mais na Gréine)Aicme speictreachLonrachas (1 = lonrachas na Gréine)Méid dhealraitheachFad ón Domhan
Alnair (Alpha Gruis)3.44.0B263+1.74céad agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche)
Sirius A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta)1.72.0A25-1.47ocht solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé dheichiú cuid)

Maidir le Beta Gruis, is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.

Gamma Gruis arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í – is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í, ar ndóigh.

Corraíl – Glacaimis leis go bhfuil córas dhá rinn neimhe againn, agus ceann acu ag dul timpeall an chinn eile – is maith an sampla iad an Domhan agus an Ghealach, ar ndóigh. Tugtar corraíl ar an dóigh a gcuireann fórsaí eile seachas imtharraingt an Domhain (an phríomhúlaigh) isteach ar ghluaiseacht na Gealaí (na satailíte), ansin. Is féidir le himtharraingt na Gréine, mar shampla, corraíl a spreagadh i bhfithis na Gealaí; maidir leis na pláinéid, is léir go mbíonn siad ina gcúis corraíola ag a chéile. An té a chaitheas súil ar chóras na satailítí timpeall ar Iúpatar, tuigfear dó ar an toirt gur féidir leo corraíl a tharraingt ar a chéile.

Corrán an Leoin a thugtar ar astaireacht na réaltaí seo a léanas: Epsilon LeonisMu LeonisZeta LeonisGamma LeonisEta Leonis, agus Alpha LeonisMar is léir ón ainm, tá sí ar dhéanamh an chorráin, agus is cuid de réaltbhuíon an Leoin í.

Cosmagnaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar bhunús na hollchruinne a thuiscint agus ar theoiricí a fhorbairt le breith na hollchruinne a mhíniú. Is í teoiric na hOllphléisce an múnla cosmagnaíochta is tábhachtaí i réalteolaíocht an lae inniu.

Cosmeolaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar fhás, forbairt agus todhchaí na hollchruinne a thuiscint agus na dlíthe nádúrtha a stiúras an fhorbairt sin a thaighde, a mhapáil agus a oibriú amach.

Cothromaíocht radantach atá i gceist nuair atá córas dúnta de choirp againn, agus gach corp acu ag tabhairt uaidh an fhuinnimh chéanna mar radaíocht agus atá sé a ghlacadh chuige – is é sin, is ionann an radaíocht astaithe agus an radaíocht ionsúite.

Cothromóid Kepler – Is í cothromóid Kepler ná:

M = E – e sin E

inarb ionann:
  • M agus an mheán-aimhrialtacht;
  • E agus an aimhrialtacht éalárnach;
  • e agus an éalárnacht.

Seasann sin don tsíneas, ar ceann de na feidhmeanna triantánúla é.

Ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) ba thúisce a d'fhoilsigh an chothromóid seo. Gléas matamaitice atá inti ar bhain sé úsáid as agus é ag oibriú amach na ndlíthe nádúrtha a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, nó dlíthe Kepler mar a thugtar orthu.

Cráitéar – Go bunúsach is éard is cráitéar ann ná poll mór sa talamh. Sa réalteolaíocht is iad na cráitéir dhreigíte is tábhachtaí, is é sin, cráitéir a cruthaíodh nuair a bhuail dreigít faoi dhromchla an phláinéid nó na gealaí. Ar ndóigh tá cráitéir bholcánacha ann chomh maith – is é an cráitéar an poll as a dtagann laibhe, deatach agus dusta, fad is a fhanas an bolcán beo.

Crapadh Kelvin nó crapadh Kelvin-Helmholtz a thugtar ar an dóigh a gcrapann an scamall gáis chuige faoi thionchar a imtharraingthe féin. San am chéanna tá an scamall ag cailleadh fuinnimh mar theas.

Fuair an crapadh a ainm ó William Thomson (tiarna Kelvin) agus ó Hermann Helmholtz.

Crapadh Lorentz-Fitzgerald a thugtar ar chrapadh coibhneasaíoch an fhaid. Go bunúsach, is éard a deir teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein ná gur tairiseach (is é sin uimhir dhearbh dho-athraithe) é luas an tsolais san fholús, nó c, agus go gcaithfidh na hairíonna fisiceacha géilleadh don tairiseach seo. Toradh don ghéilleadh seo é crapadh Lorentz-Fitzgerald. An spásbhád atá á luasghéarú i dtreo luas an tsolais, tá sí ag dul i ngiorracht, mar a fheictear don bhreathnóir atá suite socair – rud nach n-aithníonn siad siúd, áfach, atá ag taisteal ar bhord an spásbháid.

Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil aon rud ná réad ”suite socair” de réir theoiric na coibhneasaíochta, ach amháin i gcoibhneas ruda eile. Mar sin, nuair a dúradh thíos go bhfuil an breathnóir ”suite socair”, is ionann sin is a rá go bhfuil sé suite socair i gcóras comhordanáidí ina bhfuil an réad eile ag gluaiseacht leis agus a luas ag teacht i gcóngar do luas an tsolais.

Fuair crapadh Lorentz-Fitzgerald a ainm ón bhfisiceoir Ollannach Hendrik Lorentz agus ón Ollamh Éireannach George Francis Fitzgerald (nó Seoirse Proinsias Mac Gearailt, más fearr leat an leagan sin).

Crios Oiríon nó an Bhanlámh, nó an tSlat is an Bhanlámh, nó Slat an Rí, nó Slat an Cheannaí, nó an Fhearsaid, nó Slat an Bhodaigh a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh – más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.

Ilréaltaí iad Alnitak agus Mintaka. Maidir le hAlnilam, dealraíonn sé nach bhfuil compánach ar bith aici.



CRIOS OIRÍON – AN BHANLÁMH – AN tSLAT IS AN BHANLÁMH – SLAT AN RÍ – SLAT AN CHEANNAÍ – AN FHEARSAID – SLAT AN BHODAIGH
Ainm traidisiúntaAlnilamAlnitakMintaka
Ainm de réir chóras BayerEpsilon OrionisZeta OrionisDelta Orionis
Aicme speictreachB (ollfhathach gorm)O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad an dá chomhbhall eileO (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad na trí cinn is mó de na comhbhaill
Fad ón DomhanTuairim is dhá mhíle solasbhliainTuairim is 1,260 solasbhliain (luach an-mhíchruinn!)Tuairim is míle agus dhá chéad solasbhliain
Mais i gcomparáid leis an nGrian30-65 oiread23-43 oiread (an phríomhréalta), 11-17 n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile)24 oiread (an phríomhréalta), 8.4 + 22.5 + 9 n-oiread (na trí cinn is mó de na comhbhaill eile)
Lonrachas i gcomparáid leis an nGrianOcht gcéad tríocha míle oireadDhá chéad caoga míle oiread (an phríomhréalta), tríocha dhá mhíle oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile)Céad is nócha míle oiread (an phríomhréalta; níl na comhbhaill eile in aon chóngar do bheith chomh lonrúil)
Ga (nó trastomhas) i gcomparáid leis an nGrianDhá oiread is dhá scórFiche oiread (an phríomhréalta), seacht n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile)16.5 oiread (an phríomhréalta), 6.5 oiread, 10.4 oiread, 5.7 oiread (na comhbhaill eile)
Dearbhmhéid-6.95-6.0/-3.9/-4.1-5.8 (go hiomlán), -5.4 (an phríomhréalta)
Méid dhealraitheach1.691.77 (an trí chomhbhall in éineacht)2.23 (na comhbhaill go léir in éineacht)

Crios ózóin nó ózónaisféar a thugtar ar an gciseal i strataisféar an Domhain a neodraíos an chuid is mó den radaíocht ultraivialait ón nGrian. In íochtar an strataisféir is mó atá an tiúchan ózóin.

Is éard atá san ózón ná allatróp trí-adamhach na hocsaigine. Dhá adamh atá i móilín na gnáthocsaigine, nó O2; is é O3 foirmle cheimiceach an ózóin. Níl an móilín ózóin róchobhsaí, nó is dual dó titim as a chéile agus gnáthocsaigin a dhéanamh, agus sin de phléasc; mar sin is ar éigean is féidir ózón a aonrú ón ngnáthocsaigin. San ózónaisféar féin ní sháraíonn tiúchan an ózóin 10 gcuid sa mhilliún.

Tá buaireamh ar an gcine daonna le fada faoin dochar atá sna clórafluaracarbóin agus sna brómafluaracarbóin don chrios ózóin. Comhdhúile iad seo atá cosúil leis na hiodracarbóin ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín, fluairín nó bróimín curtha in áit na n-adamh hidrigine sa struchtúr móilíneach acu. Is éard is cúis leis an dochar atá sna substaintí seo ná go bhfuil siad chomh cobhsaí is gur féidir leis na móilíní a mbealach a dhéanamh a fhad leis an strataisféar, ach nuair a shroichfeas siad an strataisféar titfidh siad as a chéile agus an radaíocht ultraivialait ag dul i bhfeidhm orthu. Ansin a scaoiltear saor adaimh aonair, agus cuireann na saorfhréamha seo isteach ar an timthriall gnáthocsaigine-ózóin a stopas an radaíocht ultraivialait.

Inniu tá stáit an Domhain go léir tar éis conradh a shíniú faoi chosc ar úsáid na gclórafluaracarbón, agus dealraíonn sé go bhfuil an strataisféar ag teacht chuige féin arís i ndiaidh an dochair a rinne na comhdhúile seo. Ba nós, tráth den tsaol, iad a úsáid sna múchtóirí agus, mar thiomantáin, sna cannaí aerasóil.

Crios radaíochta nó crios Van Allen a thugtar ar cheann den dá chrios cáithníní luchtaithe timpeall ar an Domhan agus iad ar dhéanamh an toróidigh (cineál fáinne é an toróideach). Leictreoin agus prótóin is mó atá i gceist, agus iad á gceapadh ag réimse maighnéadach ár bpláinéid. An chuid is mó de na cáithníní seo is cuid den ghrianghaoth iad, agus an chuid eile ag baint leis an radaíocht chosmach. Bíonn athruithe na grianghaoithe ag dul i bhfeidhm ar na creasanna radaíochta, agus uaireanta cruthaítear crios breise a mhaireas tráth.

Fuair na creasanna a n-ainm ó James Van Allen, an t-eolaí Meiriceánach a chuir an chéad sonrú iontu. Bhí sé ina cheannródaí ag baint úsáide as gléasra ar bhord satailítí le taighde a dhéanamh ar mhaighnéadsféar an Domhain.

Croí carraigeach – Tá croí carraigeach ag na mórphláinéid úd Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún, cé go bhfuil an chuid eile den phláinéad comhdhéanta as gás (na gásfhathaigh, arb iad Iúpatar agus Satarn iad) nó as oighear (na hoighearfhathaigh, arb iad Úránas agus Neiptiún iad).

Cróimiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 24, agus is é Cr an tsiombail don chróimiam sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail trasdultacha é an cróimiam. Miotal lonrúil sobhriste atá ann a dtagann smúid ocsaíde air agus ocsaigin an atmaisféir ag dul i bhfeidhm air. Tá ainm an chróimiam bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”dath”, toisc go mbíonn dath láidir sna dúile cróimiam. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an gcróimiam ina chuid comhdhúl, agus dathanna éagsúla sna comhdhúile, go háirithe má thuaslagtar san uisce iad.

Seo comhdhúile áirithe de chuid an chróimiam:
Foirmle cheimiceachAinmUimhir ocsaídiúcháin
CrCl3Clóiríd chróimiam (tríchlóiríd chróimiam)+3
Tá dath corcra sa chlóiríd chróimiam nuair atá sí saor ó uisce. Déanann sí criostail in éineacht le huisce, ionas go bhfuil sé mhóilín uisce ann in aghaidh gach adamh cróimiam. San fhoirm seo tá dath uaine ann, agus is é seo an cineál clóiríd chróimiam is féidir a cheannach. Úsáidtear mar chatalaíoch í, is é sin le luas a chur le himoibriúcháin cheimiceacha. Níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach don duine le comhdhúile áirithe eile de chuid an chróimiam, ach is gnách dearcadh air mar shubstaint urchóideach.
CrO3Trí-ocsaíd chróimiam, ”aigéad crómach”+6
Tá dath dúchorcra sa trí-ocsaíd nuair atá sí saor ó uisce, ach má ólann sí uisce chuici tiocfaidh dath geal flannbhuí ann. Is minic a dhíoltar mar ”aigéad crómach” í, ós í ainhidríd an aigéid chrómaigh í, ach dáiríribh ní féidir aigéad crómach a ghineadh tríd an trí-ocsaíd a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear an trí-ocsaíd sa phlátáil. Nimh láidir a spreagas ailse atá inti.
CrCl2Dé-chlóiríd chróimiam+2
Criostail bhána atá sa dé-chlóiríd nuair atá sí saor ó uisce. Is comhdhúil tais-scópach í áfach, is é sin is dual di uisce a ól chuici, agus leis an uisce tiocfaidh dath uaine inti. Má thuaslagtar san uisce í gheofar tuaslagán gorm nó uaine. Ní úsáidtear dé-chlóiríd chróimiam sa tionsclaíocht, ach is amhábhar do chomhdhúile cróimiam eile í sa tsaotharlann.


Maidir leis an mbaint atá ag an gcróimiam leis an orgánach daonna, braitheann sé ar an staid ocsaídiúcháin chomh maith. Más é +3 an uimhir ocsaídiúcháin, níl ach beagán urchóide sa chróimiam, ach is nimh láidir agus ábhar ailse é an cróimiam más é +5 an uimhir ocsaídiúcháin.

Is é an meáchan adamhach atá ag an gcróimiam ná 51.996, agus ceithre iseatóp nádúrtha aige: 50Cr (4.35 % de chróimiam an dúlra), 52Cr (83.8 %), 53Cr (9.5 %), 54Cr (2.35 %). Iseatóip chobhsaí iad de réir an dealraimh, cé go bhfuil na fisiceoirí idir dhá chomhairle fós faoin gcéad cheann acu: táthar ag déanamh go dtagann meath radaighníomhach (leictreonghabháil dhúbailte, le bheith beacht) air, ach má thagann féin, tá an leathré chomh fada is gur féidir beag is fiú a dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ag an gcróimiam, is iseatóip shaorga de dhéantús na saotharlainne iad.

Is í an chróimít (ocsaíd an chróimiam agus an iarainn, FeCr2O4) an mianach cróimiam is tábhachtaí, agus is as an Afraic Theas agus as an gCasacstáin a thagas an chuid is mó den chróimiam. Úsáidtear an cróimiam mar chómhiotal – is é sin cuirtear le hiarann é le cruach dhosmálta a dhéanamh – agus i bplátáil.

Crómaisféar a thugtar ar an gciseal in atmaisféar na Gréine atá suite os cionn an fhótaisféir, faoi bhun na corónach. Tá an crómaisféar rósdearg, ach ní féidir é a aithint ná breathnuithe a dhéanamh air ach le linn urú iomlán na gréine. Tá an damhna sa chrómaisféar i bhfad níos scaipthe ná san fhótaisféar gan trácht ar bith a dhéanamh ar atmaisféar an Domhain. Tá an crómaisféar trí mhíle go cúig mhíle ciliméadar ar doimhneacht, agus é ag dul i dteas suas ón nGrian.

Tá an crómaisféar ag astú solais, agus is í an líne speictreach is láidre dá n-astaíonn sé ná Hα, is é sin, an líne a fhreagraíos do thitim an leictreoin ón tríú sceall go dtí an dara sceall san adamh hidrigine. Tá an líne seo 6563 angstram (656.3 nanaiméadar) ar tonnfhad, agus í suite i mbanda an tsolais dheirg – mar sin is í an líne seo is cúis le dath dearg an chrómaisféir.

Cros-aeróg Mills a thugtar ar dhearadh ar leith de radaiteileascóp atá bunaithe ar dhá shraith d'aeróga agus iad ag trasnú a chéile. Tá an dearadh ainmnithe as Bernard Yarnton Mills, an réalteolaí Astrálach a thóg an chéad radaiteileascóp den chineál seo sa bhliain 1954 i mBadgery's Creek, leathchéad ciliméadar ó Sydney.

Cros an Deiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Ceinteár agus an Chuileog. I ré na sean-Ghréagach bhí Cros an Deiscirt le feiceáil ón nGréig féin, agus ba nós le Tolamaes dearcadh ar réaltaí Chros an Deiscirt mar chuid den Cheinteár. Ina dhiaidh sin, áfach, d'fhág luainíocht na gcónocht dofheicthe ón Eoraip iad, agus ligeadh i ndearmad iad. Ní bhfuair an réaltbhuíon an t-ainm atá uirthi inniu ach i Ré na Fionnachtana, nuair a thosaigh na hEorpaigh ag taisteal go cearnaí cianmhara den Domhan, áit a raibh na réaltaí seo le feiceáil.

Is iad na ceithre réaltaí is gile, Alpha Crucis, Beta Crucis, Gamma Crucis agus Delta Crucis, a thuill a hainm do Chros an Deiscirt: is astaireacht iad a chuirfeadh cros i gcuimhne duit. Na hainmneacha atá ar na réaltaí seo i gcóras Bayer, is gnách iad a ghiorrú go hAcrux, Becrux, Gacrux agus Decrux.

Tríréalta í Acrux agus í suite faoi thrí chéad, aon solasbhliain is fiche ón Domhan. Is féidir dhá chomhbhall a aithint le gléasra cianradhairc. Is B-réaltaí iad, agus iad tuairim is sé oiread déag chomh trom leis an nGrian. Tá gach ceann acu thart ar fiche míle oiread chomh lonrúil léi – an ceann is mó acu, tá sí breis is fiche míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian, agus an ceann is lú acu tá sí breis is cúig mhíle oiread déag níos lonrúla ná an Ghrian.

Déréalta í Becrux, nó Mimosa, mar a thugtar uirthi freisin. Déréalta speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar dhéréalta ach amháin trí anailís a dhéanamh ar a speictream. Tá Becrux suite faoi dhá chéad agus ocht scór solasbhliain dínn. B-réaltaí iad an dá chomhbhall, an ceann is mó acu sé oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, an ceann is lú acu deich n-oiread. Tá sé incheaptha go bhfuil comhbhall beag eile ann fós.

Maidir le Gacrux, nó Rubídea mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi, is fathachréalta dhearg den M-aicme í agus í suite níos cóngaraí dúinn ná aon réalta eile den chineál. Tá sí oiread agus leath, nó dhá oiread, chomh téagartha leis an nGrian, cé go bhfuil sí breis is ceithre scór oiread chomh mór. Mar sin, is fathachréalta í a bhí ina habhac príomhsheichimh tráth, cosúil leis an nGrian féin, agus an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an fhorbairt chéanna ar an nGrian i gceann na mílte milliún bliain.

Decrux áfach, is fo-fhathach bánghorm í atá ocht nó naoi n-oiread chomh teagartha leis an nGrian, agus ocht n-oiread chomh mór ó thaobh an trastomhais. Tá sí deich míle oiread chomh lonrúil. Pálida a thugtar ar Decrux i dtíortha na Portaingéilise.

Tá na ceithre réaltaí thuasluaite le feiceáil i mbratach na Brasaíle mar shiombailí do stáit éagsúla de chuid na tíre. Seasann Acrux do São Paulo, siombalaíonn Becrux Rio de Janeiro, is í Gacrux samhailchomhartha Bahía, agus maidir le Decrux, is í siombail Minas Gerais í.

Thairis sin, tá Epsilon Crucis le feiceáil sa bhratach, mar shiombail do stát Espírito Santo. K-réalta í, is é sin, fathachréalta fhlannbhuí agus í suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn. Cosúil le Gacrux, is iar-réalta phríomhsheichimh í a d'iompaigh ina fathachréalta de réir is mar a d'fhorbair sí.

Réadanna eile i gCros an Deiscirt iad an Gualmhála agus an Bosca Seod. Réaltnéal dorcha é an Gualmhála; réaltbhraisle oscailte atá sa Bhosca Seod.

An Chruinne nó an Ollchruinne a thugtar ar an spás-am go léir agus gach rud nó réad dá mbaineann leis an spás-am, in éineacht. Creideann formhór mór na n-eolaithe inniu gurbh í an Ollphléasc a chuir tús leis an gCruinne agus leis an spás-am go léir, ach ní hionann sin is a rá nach mbeadh teoiricí eile ann.
  • Tugtar cruinne ascalach ar an teoiric a deir go dtagann Ollbhrúisc i ndiaidh gach Ollphléasc, is é sin, go gcuirfidh comh-imtharraingt na réadanna deireadh le fairsingiú na cruinne, agus go gcrapfaidh an chruinne chuici arís. Sa deireadh, tiocfaidh an chéad Ollphléasc eile, agus tosóidh an chruinne ag dul i bhfairsinge arís.
  • Is í an chruinne bhoilscitheach an tuiscint a deir go bhfuil an spás féin ag boilsciú agus ag cailleadh cuaire.
  • Cruinne chéimiúlachta í an chruinne seo againn, ós rud é go bhfuil na struchtúir eagraithe de réir céimiúlachta: tá na cáithníní eagraithe ina n-adaimh, na hadaimh – ina réaltaí agus ina bpláinéid (chomh maith le reanna neimhe is lú ná pláinéid); na réaltaí – ina réaltraí; na réaltraí – ina mbraislí réaltraí; na braislí réaltraí – ina n-ollbhraislí; na hollbhraislí – ina bhfiliméid.
  • Cruinne fhairsingíoch í an chruinne s'againn, ós rud é go bhfuil sí ag dul i bhfairsinge; tá na réaltraí i bhfad amach uainn ag druidim uainn, agus dá fhad amach uainn atá siad is amhlaidh is luaithe atá siad ag druidim uainn.
  • Cruinne fhoisteanach thugtar ar an teoiric a deir nach athrú ceart é an fairsingiú thuasluaite, ó tá damhna nua ag teacht chun saoil gan stad gan staonadh, agus é ag cothromú an dóigh a bhfuil an damhna á scaipeadh de thoradh an fhairsingiúcháin. Bhí glacadh éigin le teoiric na cruinne foisteanaí sna 1950idí, ach má bhí, tháinig sé chun solais go sciobtha nach raibh sí in ann a lán breathnuithe a mhíniú.
  • Cruinne gheolárnach a thugtar ar an teoiric a deir go bhfuil an Domhan i lárphointe na hollchruinne. Is léir nach bhfuil glacadh ar bith leis an tuiscint seo i measc na n-eolaithe a thuilleadh.
  • Cruinne statach í an ollchruinne nach bhfuil ag dul i bhfairsinge ná ag crupadh chuici. Teoiric thréigthe eile í teoiric na cruinne stataí.

Cruinníní a thugtar ar néalta dorcha gáis agus dusta sa spás, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu.

Cuadraintídí: Is iad na Cuadraintídí an dreigechith a bhíos á fheiceáil i dtús Mhí Eanáir i réaltbhuíon an Aoire. Fuair an dreigechith seo a ainm ón gCeathramhán Múrach (Quadrans Muralis), sean-réaltbhuíon nach dtugann mapaí spéire an lae inniu aitheantas di a thuilleadh.

Cuaire: Deir teoiric coibhneasaíochta Einstein go gcuireann gach mais an spás-am ina timpeall as a riocht – is é sin, go gcuarann sí é. Cosúil leis sin, is dual do mhais na cruinne go léir an spás-am a chuaradh. A lán de na hiarmhairtí aisteacha a bhaineas leis an teoiric coibhneasaíochta is torthaí don chuaire seo iad.

Cuasár: Giorrúchán ón téarma radafhoinse chuasairéaltach nó réad cuasairéaltach (radafhoinse réaltchosúil, réad réaltchosúil) is ea an focal cuasárIs éard atá i gceist leis an gcuasár ná dúpholl i gcroí réaltra agus é ag astú radaíochta de réir is mar atá damhna ón timpeallacht ag titim isteach sa dúpholl. Níl aon chuasár suite róchóngarach dúinn, agus le fírinne dealraíonn sé go bhfuil ré na gcuasár thart le fada – is é sin, an radaíocht a thagas chugainn ó na cuasáir inniu, tagann sí ó na laethanta a bhí, agus d'imigh an chuid is mó de na cuasáir féin idir an dá linn.

Ar na radathonnta a d'aithin na réalteolaithe na chéad chuasáir, ach ina dhiaidh sin tháinig chun solais gur féidir cuasáir a aithint ar bhandaí radaíochta eile fosta. Mar sin, níl an leagan ”radafhoinse chuasairéaltach” sách cruinn a thuilleadh.

Glactar leis inniu gurb éard atá (nó a bhí) sna cuasáir ná réaltraí gníomhacha agus gurb í an uilleann bhreathnóireachta an difríocht is mó idir iad agus na réaltraí gníomhacha eile.

Cúigréad Stephan: Grúpa réaltraí – cúig cinn ar fad – iad Cúigréad Stephan agus iad le feiceáil in aice a chéile i réaltbhuíon Pheigeasais. Ba é an réalteolaí Francach Édouard Stephan a chéadaithin an grúpa thiar sa bhliain 1877. Tá nasc imtharraingthe idir ceithre cinn de na réaltraí seo, agus an chuma ar an scéal go gcumascfaidh siad in aon réaltra amháin, i gceann na mórmhilliún bliain.

Cúisíocht: Is éard is brí leis an bhfocal cúisíocht ná an bhaint atá ag an gcúis lena toradh agus a mhalairt. Deir an fhisic chlasaiceach nach féidir don toradh bheith ann roimh a chúis, agus gurb é sin an t-iomlán is féidir leis an bhfisiceoir a rá i dtaobh na cúisíochta. Cuireann an fhisic choibhneasaíoch – is é sin, an fhisic atá bunaithe ar theoiric choibhneasachta Einstein – coinníoll breise leis seo: ní féidir le haon rud ná réad luas an tsolais a shárú, agus mar sin, ní féidir leis an gcúis an toradh a shroicheadh níos luaithe ná leis an solas.

Culaith spáis nó spáschulaith: Culaith bhrúchóirithe den chineál a chaitheas na spásairí. Tá soláthar ocsaigine ann chomh maith le cosaint ar radaíocht an spáis, agus ar ndóigh ní mór féachaint chuige go gcoinnítear an chulaith compordach ó thaobh na teochta de. Scéal eile fós é go bhfuil solas na gréine i bhfad níos láidire amuigh sa spás ná thíos ar dhroim an domhain, rud a chiallaíos go bhfuil scáthlán gréine ar leith de dhíth chun súile an spásaire a dhíonadh. Bíonn micridhreigeoidigh – dreigí beaga agus iad ag gluaiseacht go han-luath – coitianta go maith amuigh ansin freisin, agus ní mór an spásaire a chosaint orthu siúd chomh maith. Rud eile nach rithfeadh leat  go bhfuil gléasra ar leith ann le cuidiú leis an spásaire a chuid géag a fheacadh, toisc go n-éiríonn na teicstilí righin amuigh san fholús. Thairis sin bíonn roicéid bheaga ann chabhrós le mo dhuine an spásárthach a shroicheadh arís, má fhaigheann sé é féin rófhada amuigh.

Is léir nach bhfuil sé ciallmhar ar aon nós dul amach sa spás gan chulaith bhrúchóirithe a chaitheamh,  dá mbainfeá triail as, thachtfaí thúNa scéalta ficsin eolaíochta a thugas le fios go bpléascfá agus an fhuil ar fiuchadh i do chuid artairí de cheal aerbhrúis ar éigean atá craiceann ar bith orthu. Ar ndóigh, tá dainséir mhóra ag baint leis an easpa aerbhrú, leis an radaíocht agus leis na difríochtaí móra teochta, ach is í an anocsacht – an easpa ocsaigine – roimh aon rud eile a chuirfeadh néal ionat is a mharódh thú. Dá mbeadh soláthar ocsaigine agat gan chulaith spáis, ansin d'fhéadfá do chloigeann a bhuaireamh leis na priacail eile.

Cumhacht solastiomnúcháin: Is dual don teileascóp níos mó solas a thiomsú ná do shúil an duine, toisc go bhfuil cró an teileascóip níos mó ná mac imrisc na súile, agus is í an chumhacht solastiomnúcháin an coibhneas a thugas le fios an difríocht. Is í an fhoirmle a shainíos an chumhacht solastiomnúcháin (P) ná:

P = (Dcró an teileascóip/Dmac imrisc an duine)2

is é sin, má roinntear trastomhas (D) chró an teileascóip ar thrastomhas mhac imrisc an duine, agus má ardaítear an líon seo go cumhacht a dó (is é sin, má chearnaítear é), is éard a gheofar ná an chumhacht solastiomnúcháin. Is minic a thugas lucht na ceirde étendue ar an gcumhacht solastiomnúcháin – téarma Fraincise é.

An Cupán a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Leon, an Mhaighdean, an Seiseamhán, an Phéist Uisce, agus an Préachán. Tríd is tríd níl mórán cuid súl ann, ach is fathachréaltaí flannbhuí K-aicme iad an dá réalta is gile sa réaltbhuíon.

Delta Crateris an réalta is gile acu. Tá sí suite beagnach faoi 190 solasbhliain dínn – cúpla solasbhliain níos gaire, go bunúsach – agus tá sí tuairim is aon oiread go leith chomh téagartha leis an nGrian. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús a chuaigh in aois agus i méadaíocht.

Alpha Crateris nó Alkes a thugtar ar an dara réalta is gile acu. Tá sí suite faoi 160 solasbhliain dínn. Níl sí dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus is léir gur réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús, sular iompaigh sí ina fathach agus í ag dul in aois.

An Cúpla is ainm don réaltbhuíon atá ar an Stoidiaca idir an Portán agus an Tarbh. Réaltbhuíonta eile timpeall an Chúpla iad an Lioncsa, an tAra, an Bodach (Oiríon), an tAonbheannach, agus an Madra Beag. Fuair an réaltbhuíon a hainm ó chúpla na miotaseolaíochta Rómhánaí, Castor agus Pollux, agus dá réir sin is iad Castor agus Pollux ainmneacha an dá réalta is gile sa Chúpla freisin.

Is é Pollux, nó Beta Geminorum, an réalta is gile sa Chúpla, agus is é an fhathachréalta is cóngaraí don Ghrian dá bhfuil ann, nó níl sé ach ceithre solasbhliana déag is scór ar shiúl uainn. Réalta K-aicme é Pollux, is é sin réalta fhlannbhuí. Tá mais dhá Ghrian ann, ach tá sé naoi oiread chomh mór leis an nGrian de réir an gha is an trastomhais, agus é breis is dhá scór oiread chomh lonrúil. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí i bPollux na milliúin blianta ó shin ach idir an dá linn chuaigh an réalta in aois, ionas gur iompaigh sí ina fathach. Sa bhliain 2006 dheimhnigh an réalteolaí Artie Hatzes go bhfuil pláinéad ag fithisiú Pollux.

Maidir le Castor, nó Alpha Geminorum, is ilréalta é. Is A-réaltaí iad an dá chomhbhall is gile sa chóras. Réaltaí príomhsheichimh iad ach is léir go bhfuil siad níos téagartha ná an Ghrian. Tá an córas iomlán suite faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.

Is í Athena, nó Gamma Geminorum, an tríú réalta is gile sa Chúpla. Tá Athena suite faoi naoi solasbliana is cúig scór dínn. Fo-fhathach A-aicme atá inti.

Mebsuta an t-ainm traidisiúnta ar Epsilon Geminorum, an ceathrú réalta is gile sa Chúpla. Réalta G-aicme atá inti, cosúil leis an nGrian s'againn, agus is ollfhathachréalta í: tá sí beagnach fiche oiread chomh téagartha leis an nGrian, timpeall ar 140 oiread chomh mór de réir an gha is an trastomhais, agus ocht míle cúig gcéad oiread chomh lonrúil.

Ollfhathach eile atá i Mekbuda, nó Zeta Geminorum – le fírinne córas ilréaltach atá ann, agus tá sé socraithe ag eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe gan an t-ainm sin Mekbuda a úsáid ach le tagairt do phríomhréalta an chórais. Tá an réalta seo suite beagnach míle is dhá chéad solasbhliain uainn, agus í ocht n-oiread chomh téagartha leis an nGrian. Tá an trastomhas cúig oiread is trí scór chomh mór le trastomhas na Gréine, agus tá Mekbuda beagnach trí mhíle oiread chomh lonrúil léi. Réalta athraitheach í Mekbuda, agus a haicme speictreach ag guagadh idir F agus G. Is é an cineál réalta athraitheach atá ann ná Ceifid chlasaiceach, is é sin, tá sí cosúil le Delta Cephei.


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...