Tuesday, September 17, 2019

An raibh Éireannaigh ina ndaoir san Oileán Úr?

Scaiptear an scéal ar an Idirlíon faoi láthair go raibh Éireannaigh i ndaoirse agus i ndaorbhroid san Oileán Úr, díreach cosúil leis na sclábhaithe gorma i dTuaisceart na Stát Aontaithe. An raibh an méid sin fíor?

Bhuel, d'fheicfeá daoir a thabhairt ar na sclábhaithe Éireannacha atá á maíomh sna ráitis seo, ach le fírinne ní raibh siad chomh dona as agus na Gormaigh. Is é sin, is é an cineál sclábhaithe a bhí sna hÉireannaigh ná searbhóntaí faoi dhintiúr. Is éard atá i gceist le searbhónta faoi dhintiúr ná duine a bhfuil conradh oibre (dintiúr) sínithe aige a chuireas d'fhiachaibh air téarma fada ama a chaitheamh ag obair don fhostóir chéanna, agus sin faoi théarmaí a gheobhaimis an-éagórach de réir chaighdeán an lae inniu. Ba mhinic a bhí saol na searbhóntaí seo an-chosúil le saol na sclábhaithe gorma ó thaobh an chruacháis de, agus is iomaí duine acu a cailleadh sula raibh an téarma istigh acu.

Ar ndóigh bhíodh gach cineál mioscaise agus éagóra á imirt ar na hÉireannaigh seo ag na máistirí a raibh siad ag obair dóibh. Shíl duine acu, mar shampla, go raibh an téarma caite aige cheana, agus ansin dúirt an máistir leis go gcaithfeadh sé bliain eile fós a chur isteach. Ach is é éirim an scéil go raibh stádas dlíthiúil na searbhóntaí faoi dhintiúr difriúil go maith le stádas na sclábhaithe gorma. Sclábhaithe airnéise a bhí sna Gormaigh, is é sin, bhí siad ina sclábhaithe toisc gur Gormaigh a bhí iontu, agus sin a raibh de. Nuair a rugadh clann dóibh, rugadh na páistí ina sclábhaithe. 

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...