Crios
ózóin nó ózónaisféar
a
thugtar ar an gciseal i
strataisféar an Domhain a neodraíos an chuid is mó den radaíocht
ultraivialait ón nGrian. In
íochtar an strataisféir is mó atá an tiúchan ózóin.
Is
éard atá san ózón ná allatróp trí-adamhach na hocsaigine. Dhá
adamh atá i
móilín na
gnáthocsaigine,
nó O2;
is é O3
foirmle cheimiceach an ózóin. Níl
an móilín ózóin róchobhsaí, nó is dual dó titim as a chéile
agus gnáthocsaigin a dhéanamh, agus sin de phléasc; mar
sin is ar éigean is féidir ózón a aonrú ón ngnáthocsaigin. San
ózónaisféar féin ní sháraíonn tiúchan an ózóin 10
gcuid sa mhilliún.
Tá
buaireamh ar an gcine daonna le fada faoin dochar atá sna
clórafluaracarbóin
agus sna brómafluaracarbóin don chrios ózóin.
Comhdhúile
iad seo atá cosúil leis na hiodracarbóin ach amháin go bhfuil
adaimh chlóirín, fluairín nó bróimín curtha in áit na n-adamh
hidrigine sa struchtúr móilíneach acu. Is
éard is cúis leis an dochar atá sna substaintí seo ná go bhfuil
siad chomh cobhsaí is gur féidir leis na móilíní a mbealach a
dhéanamh a fhad leis an strataisféar, ach nuair a shroichfeas siad
an strataisféar titfidh siad as a chéile agus an radaíocht
ultraivialait ag dul i bhfeidhm orthu. Ansin a scaoiltear saor adaimh
aonair, agus cuireann na saorfhréamha seo isteach ar an
timthriall gnáthocsaigine-ózóin a stopas an radaíocht
ultraivialait.
Inniu
tá stáit an Domhain go léir tar éis conradh a shíniú faoi chosc
ar úsáid na gclórafluaracarbón, agus dealraíonn sé go bhfuil an
strataisféar
ag teacht chuige féin arís i ndiaidh an dochair a rinne na
comhdhúile seo. Ba
nós, tráth den tsaol, iad a úsáid sna múchtóirí agus, mar
thiomantáin,
sna
cannaí aerasóil.
Crios
radaíochta nó
crios Van Allen a
thugtar ar cheann
den dá chrios cáithníní luchtaithe timpeall ar an Domhan agus iad
ar dhéanamh an
toróidigh (cineál
fáinne é
an toróideach).
Leictreoin
agus prótóin is mó atá i gceist, agus iad á gceapadh ag réimse
maighnéadach ár bpláinéid.
An
chuid is mó de na cáithníní seo is cuid den ghrianghaoth iad,
agus an chuid eile ag baint leis an radaíocht chosmach.
Bíonn
athruithe na grianghaoithe ag dul i bhfeidhm ar na creasanna
radaíochta, agus uaireanta cruthaítear crios breise a mhaireas
tráth.
Fuair
na creasanna a n-ainm ó James Van Allen, an
t-eolaí
Meiriceánach a chuir an chéad sonrú iontu. Bhí
sé ina cheannródaí ag baint úsáide as gléasra ar bhord
satailítí le taighde a dhéanamh ar mhaighnéadsféar an Domhain.
Croí
carraigeach –
Tá croí
carraigeach
ag na mórphláinéid úd Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún,
cé go bhfuil an chuid eile den phláinéad comhdhéanta as gás (na
gásfhathaigh, arb iad Iúpatar agus Satarn iad) nó
as oighear (na
hoighearfhathaigh, arb iad Úránas agus Neiptiún iad).
Cróimiam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 24, agus is é Cr
an
tsiombail don chróimiam sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na
miotail trasdultacha é an cróimiam. Miotal lonrúil sobhriste atá
ann a dtagann smúid
ocsaíde air agus ocsaigin an atmaisféir ag dul i bhfeidhm air. Tá
ainm an chróimiam bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos
”dath”, toisc go mbíonn dath láidir sna dúile cróimiam. Tá a
lán staideanna ocsaídiúcháin ag an gcróimiam ina chuid comhdhúl,
agus dathanna
éagsúla sna comhdhúile, go háirithe má thuaslagtar san uisce
iad.
Seo
comhdhúile áirithe de chuid an chróimiam:
Foirmle cheimiceach | Ainm | Uimhir ocsaídiúcháin |
CrCl3 | Clóiríd chróimiam (tríchlóiríd chróimiam) | +3 |
Tá dath corcra sa chlóiríd chróimiam nuair atá sí saor ó uisce. Déanann sé criostail in éineacht le huisce, ionas go bhfuil sé mhóilín uisce ann in aghaidh gach adamh cróimiam. San fhoirm seo tá dath uaine ann, agus is é seo an cineál clóiríd chróimiam is féidir a cheannach. Úsáidtear mar chatalaíoch í, is é sin le luas a chur le himoibriúcháin cheimiceacha áirithe. Níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach don duine le comhdhúile áirithe eile de chuid an chróimiam, ach is gnách dearcadh air mar shubstaint urchóideach. | ||
CrO3 | Trí-ocsaíd chróimiam, ”aigéad crómach” | +6 |
Tá dath dúchorcra sa tríocsaíd nuair atá sí saor ó uisce, ach má ólann sí uisce chuici tiocfaidh dath geal flannbhuí ann. Is minic a dhíoltar mar ”aigéad crómach” í, ós í ainhidríd an aigéid chrómaigh í, ach dáiríribh ní féidir aigéad crómach a ghineadh tríd an tríocsaíd a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear an trí-ocsaíd sa phlátáil. Nimh láidir a spreagas ailse atá inti. | ||
CrCl2 | Dé-chlóiríd chróimiam | +2 |
Criostail bhána atá sa dé-chlóiríd nuair atá sí saor ó uisce. Is comhdhúil tais-scópach í áfach, is é sin is dual di uisce a ól chuici, agus leis an uisce tiocfaidh dath uaine inti. Má thuaslagtar san uisce í gheofar tuaslagán gorm nó uaine. Ní úsáidtear dé-chlóiríd chróimiam sa tionsclaíocht, ach is amhábhar do chomhdhúile cróimiam eile í sa tsaotharlann. |
Maidir
leis an mbaint atá ag an gcróimiam leis an orgánach daonna,
braitheann sé ar an staid ocsaídiúcháin chomh
maith.
Más
é +3 an uimhir ocsaídiúcháin, níl mórán urchóide sa
chróimiam,
ach is nimh láidir
agus
ábhar ailse
é an cróimiam más é +5 an uimhir ocsaídiúcháin.
Is
é an meáchan adamhach atá ag an gcróimiam ná
51.996, agus ceithre iseatóp nádúrtha aige: 50Cr
(4.35 % de chróimiam an dúlra), 52Cr
(83.8 %), 53Cr
(9.5
%), 54Cr
(2.35 %). Iseatóip chobhsaí iad de réir an dealraimh, cé go
bhfuil na fisiceoirí idir dhá chomhairle fós faoin gcéad cheann
acu: táthar
ag déanamh go dtagann
meath radaighníomhach (leictreonghabháil dhúbailte) air, ach má
thagann
féin, tá an leathré chomh fada is gur féidir beag is fiú a
dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Na hiseatóip radaighníomhacha
eile atá
ag an gcróimiam, is iseatóip shaorga de dhéantús na saotharlainne
iad.
Is
í an chróimít (ocsaíd an chróimiam agus an iarainn, FeCr2O4)
an mianach cróimiam is tábhachtaí, agus is as an Afraic Theas agus
as an gCasacstáin a thagas an chuid is mó den chróimiam. Úsáidtear
an cróimiam mar chómhiotal – is é sin cuirtear le hiarann é le
cruach dhosmálta
a dhéanamh – agus i bplátáil.
Crómaisféar
a
thugtar ar an gciseal in atmaisféar na Gréine atá suite os cionn
an fhótaisféir, faoi
bhun na corónach.
Tá
an crómaisféar rósdearg, ach ní féidir é a aithint ná
breathnuithe a dhéanamh air ach le linn urú iomlán na gréine. Tá
an damhna sa chrómaisféar i bhfad níos scaipthe ná san
fhótaisféar gan trácht ar bith a dhéanamh ar atmaisféar an
Domhain. Tá an crómaisféar trí mhíle go cúig mhíle ciliméadar
ar doimhneacht, agus é ag dul i dteas suas ón nGrian.
Tá
an crómaisféar ag astú solais, agus is
í an líne speictreach is láidre dá n-astaíonn sé ná Hα,
is é sin, an líne a fhreagraíos do thitim
an leictreoin ón tríú sceall go dtí an dara sceall san
adamh hidrigine.
Tá an líne seo 6563 angstram (656.3 nanaiméadar) ar tonnfhad, agus
í suite i mbanda
an tsolais dheirg – mar sin is í an líne seo is cúis le dath
dearg an chrómaisféir.
Cros-aeróg
Mills
a thugtar ar dhearadh ar leith de radaiteileascóp atá bunaithe ar
dhá shraith d'aeróga agus iad ag trasnú a chéile. Tá an dearadh
ainmnithe as Bernard Yarnton Mills, an
réalteolaí
Astrálach a thóg an chéad radaiteileascóp den chineál seo sa
bhliain 1954 i mBadgery's Creek, leathchéad
ciliméadar ó Sydney.
Cros
an Deiscirt a
thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Ceinteár agus an
Chuileog. I ré na sean-Ghréagach bhí Cros an Deiscirt le feiceáil
ón nGréig féin, agus ba
nós le Tolamaes dearcadh ar réaltaí Chros an Deiscirt mar chuid
den Cheinteár. Ina dhiaidh sin, áfach, d'fhág luainíocht na
gcónocht dofheicthe ón Eoraip iad, agus ligeadh i ndearmad iad. Ní
bhfuair an réaltbhuíon an t-ainm atá uirthi inniu ach i Ré
na Fionnachtana, nuair a thosaigh na hEorpaigh ag taisteal go cearnaí
cianmhara den Domhan, áit a raibh na réaltaí seo le feiceáil.
Is
iad na ceithre réaltaí is gile, Alpha Crucis, Beta Crucis, Gamma
Crucis agus Delta Crucis, a thuill a hainm do Chros an Deiscirt: is
astaireacht iad a chuirfeadh cros i gcuimhne duit. Na
hainmneacha atá ar na réaltaí seo i gcóras Bayer, is gnách iad a
ghiorrú go hAcrux, Becrux, Gacrux agus Decrux.
Tríréalta
í Acrux agus í suite faoi thrí chéad, aon solasbhliain is fiche
ón Domhan. Is
féidir dhá chomhbhall a aithint le gléasra cianradhairc. Is
B-réaltaí iad, agus iad tuairim is sé oiread déag chomh trom leis
an nGrian. Tá
gach ceann acu thart ar fiche míle oiread chomh lonrúil léi – an
ceann is mó acu, tá sí breis is fiche míle oiread níos lonrúla
ná an Ghrian, agus an ceann is lú acu tá sí breis is cúig mhíle
oiread déag níos lonrúla ná an Ghrian.
Déréalta
í Becrux, nó Mimosa,
mar a thugtar uirthi freisin. Déréalta
speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar
dhéréalta ach amháin trí anailís a dhéanamh ar a speictream. Tá
Becrux suite faoi dhá chéad agus ocht scór solasbhliain dínn.
B-réaltaí
iad an dá chomhbhall, an ceann is mó acu sé oiread déag chomh
téagartha leis an nGrian, an ceann is lú acu deich n-oiread. Tá
sé incheaptha go bhfuil comhbhall beag eile ann fós.
Maidir
le Gacrux, nó Rubídea
mar
a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi, is fathachréalta
dhearg den
M-aicme í
agus í suite níos cóngaraí dúinn ná aon réalta eile den
chineál. Tá
sí oiread
agus leath, nó dhá oiread, chomh téagartha leis an nGrian, cé go
bhfuil sí breis is ceithre scór oiread chomh mór. Mar sin, is
fathachréalta í a bhí ina habhac príomhsheichimh tráth, cosúil
leis an nGrian féin, agus an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an
fhorbairt chéanna ar an nGrian i gceann na mílte milliún bliain.
Decrux
áfach, is fo-fhathach bánghorm í atá ocht nó naoi n-oiread chomh
teagartha leis an nGrian, agus ocht n-oiread chomh mór ó thaobh an
trastomhais. Tá
sí deich míle oiread chomh lonrúil. Pálida
a
thugtar ar Decrux i dtíortha na Portaingéilise.
Tá
na
ceithre réaltaí thuasluaite
le feiceáil i mbratach na Brasaíle mar
shiombailí do stáit éagsúla de chuid na tíre.
Seasann
Acrux do São Paulo, siombalaíonn Becrux Rio de Janeiro, is í
Gacrux samhailchomhartha Bahía, agus maidir le Decrux, is
í siombail Minas Gerais í.
Thairis
sin, tá
Epsilon Crucis le feiceáil sa bhratach, mar shiombail do stát
Espírito
Santo. K-réalta
í, is é sin, fathachréalta fhlannbhuí agus í suite faoi dhá
chéad is tríocha solasbhliain dínn. Cosúil le Gacrux, is
iar-réalta phríomhsheichimh í a d'iompaigh ina fathachréalta de
réir is mar a d'fhorbair sí.
Réadanna
eile i gCros an Deiscirt iad an Gualmhála agus an Bosca Seod.
Réaltnéal
dorcha é an Gualmhála; réaltbhraisle oscailte atá sa Bhosca Seod.
An
Chruinne nó
an
Ollchruinne a
thugtar ar an
spás-am go léir agus gach rud nó réad dá mbaineann leis an
spás-am, in éineacht. Creideann
formhór mór na n-eolaithe inniu gurbh í an Ollphléasc a chuir tús
leis an gCruinne agus leis an spás-am go léir, ach ní hionann sin
is a rá nach mbeadh teoiricí eile ann.
-
Tugtar cruinne ascalach ar an teoiric a deir go dtagann Ollbhrúisc i ndiaidh gach Ollphléasc, is é sin, go gcuirfidh comh-imtharraingt na réadanna deireadh le fairsingiú na cruinne, agus go gcrapfaidh an chruinne chuici arís. Sadeireadh, tiocfaidh an chéad Ollphléasc eile, agus tosóidh an chruinne ag dul i bhfairsinge arís.
-
Is í an chruinne bhoilscitheach an tuiscint a deir go bhfuil an spás féin ag boilsciú agus ag cailleadh cuaire.
-
Cruinne chéimiúlachta í an chruinne seo againn, ós rud é go bhfuil na struchtúir eagraithe de réir céimiúlachta: tá na cáithníní eagraithe ina n-adaimh, na n-adaimh – ina réaltaí; na réaltaí – ina réaltraí; na réaltraí – ina mbraislí réaltraí; na braislí réaltraí – ina n-ollbhraislí; na hollbhraislí – ina bhfiliméid.
-
Cruinne fhairsingíoch í an chruinne s'againn, ós rud é go bhfuil sí ag dul i bhfairsinge; tá na réaltraí i bhfad amach uainn ag druidim uainn, agus dá fhad amach uainn atá siad is amhlaidh is luaithe atá siad ag druidim uainn.
-
Cruinne fhoisteanach a thugtar ar an teoiric a deir nach athrú ceart é an fairsingiú thuasluaite, ó tá damhna nua ag teacht chun saoil gan stad gan staonadh, agus é ag cothromú an dóigh a bhfuil an damhna á scaipeadh de thoradh an fhairsingiúcháin. Bhí glacadh éigin le teoiric na cruinne foisteanaí sna 1950idí, ach má bhí, tháinig sé chun solais go sciobtha nach raibh sí in ann a lán breathnuithe a mhíniú.
-
Cruinne gheolárnach a thugtar ar an teoiric a deir go bhfuil an Domhan i lárphointe na hollchruinne. Is léir nach bhfuil glacadh ar bith leis an tuiscint seo i measc na n-eolaithe a thuilleadh.
-
Cruinne statach í an ollchruinne nach bhfuil ag dul i bhfairsinge ná ag crupadh chuici. Teoiric thréigthe eile í teoiric na cruinne stataí.
Cruinníní
a
thugtar ar néalta dorcha gáis agus dusta sa
spás,
agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu.
Cuadraintídí:
Is iad na Cuadraintídí an dreigechith a bhíos á fheiceáil i dtús
Mhí Eanáir i réaltbhuíon an Aoire. Fuair an dreigechith seo a
ainm ón gCeathramhán Múrach (Quadrans
Muralis),
sean-réaltbhuíon nach dtugann mapaí spéire an lae inniu
aitheantas di a thuilleadh.
Cuaire:
Deir teoiric coibhneasaíochta Einstein go gcuireann gach mais an
spás-am ina timpeall as a riocht – is é sin, go gcuarann sí é.
Cosúil
leis sin, is dual do mhais na cruinne go léir an spás-am a
chuaradh. A
lán de na hiarmhairtí aisteacha a bhaineas leis an teoiric
coibhneasaíochta is torthaí don chuaire seo
iad.
Cuasár:
Giorrúchán ón téarma radafhoinse
chuasairéaltach nó
réad
cuasairéaltach (radafhoinse
réaltchosúil, réad réaltchosúil) is
ea an focal cuasár.
Is
éard atá i gceist leis an gcuasár ná dúpholl i gcroí réaltra
agus é ag astú
radaíochta
de réir is mar atá damhna ón timpeallacht ag titim isteach sa
dúpholl. Níl
aon chuasár suite róchóngarach dúinn, agus le fírinne dealraíonn
sé go bhfuil ré na gcuasár thart le fada – is é sin, an
radaíocht a thagas chugainn ó na cuasáir inniu, tagann sí
ó na laethanta a bhí, agus d'imigh
an chuid is mó de na cuasáir féin idir
an dá linn.
Ar
na radathonnta a
d'aithin na réalteolaithe na chéad
chuasáir,
ach ina dhiaidh sin tháinig chun solais gur féidir cuasáir a
aithint ar bhandaí radaíochta eile fosta. Mar
sin, níl an leagan ”radafhoinse chuasairéaltach” sách cruinn a
thuilleadh.
Glactar
leis inniu gurb éard atá (nó
a bhí) sna
cuasáir ná réaltraí gníomhacha agus gurb í an uilleann
bhreathnóireachta an difríocht is mó idir iad agus na réaltraí
gníomhacha eile.
Cúigréad
Stephan:
Grúpa réaltraí – cúig cinn ar fad – iad Cúigréad Stephan
agus iad le feiceáil in
aice a chéile i
réaltbhuíon Pheigeasais. Ba
é an réalteolaí Francach Édouard Stephan a chéadaithin an grúpa
thiar sa bhliain 1877. Tá nasc imtharraingthe idir ceithre cinn de
na réaltraí seo, agus an chuma ar an scéal go gcumascfaidh siad in
aon réaltra amháin, i gceann na mórmhilliún bliain.
Cúisíocht:
Is éard is brí leis an bhfocal cúisíocht
ná
an bhaint atá ag an gcúis lena toradh agus a mhalairt. Deir
an fhisic chlasaiceach nach féidir don toradh bheith ann roimh a
chúis, agus gurb é sin an t-iomlán is féidir leis an bhfisiceoir
a rá i dtaobh na cúisíochta. Cuireann an fhisic choibhneasaíoch –
is é sin, an fhisic atá bunaithe ar theoiric choibhneasachta
Einstein – coinníoll breise leis seo: ní féidir le haon rud ná
réad luas an tsolais a shárú, agus
mar sin, ní féidir leis an gcúis an toradh a shroicheadh níos
luaithe ná leis an solas.
Culaith
spáis
nó
spáschulaith:
Culaith bhrúchóirithe den
chineál a
chaitheas na spásairí. Tá
soláthar ocsaigine ann chomh maith le cosaint ar radaíocht an
spáis, agus ar ndóigh ní mór féachaint chuige go gcoinnítear an
chulaith compordach ó thaobh na teochta de. Scéal
eile fós é go bhfuil solas na gréine i bhfad níos láidire amuigh
sa spás ná thíos ar dhroim an domhain, rud a chiallaíos go bhfuil
scáthlán gréine ar leith de dhíth chun súile an spásaire a
dhíonadh. Bíonn
micridhreigeoidigh – dreigí beaga agus iad ag gluaiseacht go
han-luath – coitianta go maith amuigh ansin freisin, agus ní mór
an spásaire a chosaint orthu siúd. Rud
eile nach rithfeadh leat ná
go bhfuil gléasra ar leith ann le cuidiú leis an spásaire a chuid
géag a fheacadh, toisc
go n-éiríonn na teicstilí righin amuigh san fholús. Thairis
sin bíonn roicéid bheaga ann a
chuideos
leis
an spásaire
an spásárthach a shroicheadh arís, má
fhaigheann sé é féin rófhada amuigh.
Is
léir nach
bhfuil sé ciallmhar ar aon nós dul amach sa spás gan chulaith
bhrúchóirithe a chaitheamh, nó
dá mbainfeá triail as, thachtfaí thú.
Na
scéalta ficsin eolaíochta a thugas le fios go bpléascfá
agus an fhuil ar
fiuchadh i do
chuid artairí de
cheal aerbhrú,
is
ar éigean atá craiceann ar bith orthu.
Ar ndóigh, tá dainséir mhóra ag baint leis an easpa aerbhrú,
leis an radaíocht agus leis na difríochtaí móra teochta, ach is
í an anocsacht –
an easpa ocsaigine –
roimh aon rud eile a chuirfeadh
néal ionat is a
mharódh thú. Dá
mbeadh soláthar ocsaigine agat gan chulaith spáis, ansin
d'fhéadfá
do chloigeann a bhuaireamh leis
na priacail eile.
Cumhacht
solastiomnúcháin:
Is dual don teileascóp níos mó solas a thiomsú ná do shúil an
duine, toisc
go bhfuil cró an teileascóip níos mó ná mac imrisc na súile,
agus is í an chumhacht solastiomnúcháin an coibhneas a thugas le
fios an difríocht. Is
í an fhoirmle a shainíos an chumhacht solastiomnúcháin (P)
ná:
P
= (Dcró
an teileascóip/Dmac
imrisc an duine)2
is
é sin, má roinntear trastomhas (D)
chró an teileascóip ar thrastomhas mhac imrisc an duine, agus má
ardaítear an líon seo go cumhacht a dó (is é sin, má
chearnaítear é), is éard a gheofar ná an chumhacht
solastiomnúcháin. Is minic a thugas lucht na ceirde étendue
ar an gcumhacht solastiomnúcháin – téarma Fraincise é.
An
Cupán
a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Leon, an Mhaighdean, an
Seiseamhán,
an Phéist Uisce, agus an Préachán. Tríd
is tríd níl
mórán cuid súl ann, ach
is fathachréaltaí flannbhuí K-aicme
iad
an dá réalta is gile sa réaltbhuíon.
Delta
Crateris an
réalta is gile acu. Tá sí suite beagnach faoi 190 solasbhliain
dínn – cúpla solasbhliain níos gaire, go bunúsach – agus tá
sí tuairim is aon oiread go leith chomh téagartha leis an nGrian.
Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús a chuaigh in
aois agus i méadaíocht.
Alpha
Crateris nó
Alkes
a
thugtar ar an dara
réalta
is gile acu. Tá
sí suite faoi 160 solasbhliain dínn. Níl sí dhá oiread chomh
téagartha leis an nGrian, agus is léir gur réalta phríomhsheichimh
a bhí ann ar dtús, sular iompaigh sí ina fathach agus í ag dul in
aois.
An
Cúpla is
ainm don
réaltbhuíon atá
ar an Stoidiaca idir an
Portán agus an Tarbh. Réaltbhuíonta eile timpeall an Chúpla iad
an Lioncsa, an tAra, an Bodach (Oiríon), an tAonbheannach, agus an
Madra Beag. Fuair an réaltbhuíon a hainm ó chúpla na
miotaseolaíochta Rómhánaí,
Castor agus Pollux, agus dá réir sin is iad Castor agus Pollux
ainmneacha an dá réalta is gile sa Chúpla freisin.
Is
é Pollux, nó Beta
Geminorum,
an réalta is gile sa
Chúpla, agus is é an fhathachréalta is cóngaraí don Ghrian dá
bhfuil ann, nó níl sé ach ceithre solasbhliana déag is scór ar
shiúl uainn. Réalta
K-aicme é Pollux, is é sin réalta fhlannbhuí. Tá
mais dhá Ghrian ann, ach tá sé naoi oiread chomh
mór leis
an nGrian
de réir an gha is an trastomhais, agus é breis is dhá scór oiread
chomh lonrúil. Mar
sin, réalta phríomhsheichimh a bhí i bPollux na milliúin blianta
ó shin ach idir an dá linn chuaigh an réalta in aois, ionas gur
iompaigh sí ina fathach. Sa
bhliain 2006 dheimhnigh an réalteolaí Artie Hatzes go bhfuil
pláinéad ag fithisiú Pollux.
Maidir
le Castor, nó Alpha
Geminorum,
is ilréalta é. Is
A-réaltaí iad an dá chomhbhall is gile sa chóras. Réaltaí
príomhsheichimh iad ach is léir go bhfuil siad níos téagartha ná
an Ghrian. Tá an córas iomlán suite faoi thuairim is leathchéad
solasbhliain dínn.
Is
í Athena, nó Gamma
Geminorum,
an tríú réalta is gile sa Chúpla. Tá Athena suite faoi naoi
solasbliana is cúig scór dínn. Fo-fhathach
A-aicme atá inti.
Mebsuta
an t-ainm traidisiúnta ar Epsilon
Geminorum,
an ceathrú réalta is gile sa Chúpla. Réalta
G-aicme atá inti, cosúil leis an nGrian s'againn, agus is
ollfhathachréalta í: tá sí beagnach fiche oiread chomh téagartha
leis an nGrian, timpeall
ar 140 oiread chomh mór de réir an gha is an trastomhais, agus ocht
míle cúig gcéad oiread chomh lonrúil.
Ollfhathach
eile atá i Mekbuda,
nó Zeta
Geminorum
–
le fírinne córas ilréaltach atá ann, agus tá sé
socraithe ag eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe
gan
an
t-ainm sin Mekbuda a
úsáid ach le tagairt
do phríomhréalta an chórais. Tá
an réalta seo suite beagnach míle is dhá chéad solasbhliain
uainn, agus í ocht n-oiread chomh téagartha leis an nGrian. Tá an
trastomhas cúig oiread is trí scór chomh mór le trastomhas na
Gréine, agus tá Mekbuda beagnach trí mhíle oiread chomh lonrúil
léi. Réalta
athraitheach í Mekbuda, agus a haicme speictreach ag guagadh idir
F
agus
G. Is
é an cineál réalta athraitheach atá ann ná Ceifid chlasaiceach,
is é sin, tá
sí cosúil le Delta Cephei.
Damhna
díchineálach nó
damhna
díchineálaithe
a thugtar ar dhamhna nach
féidir adaimh a aithint ann a thuilleadh toisc go bhfuil na
leictreoin is na núicléóin fáiscthe chuig a chéile ag
an imtharraingt, nó
fiú ag an bhfórsa núicléach (an idirghníomhaíocht láidir).
Tá
cineálacha éagsúla den damhna dhíchineálach le fáil sna habhaic
bhána, sna neodrónréaltaí agus sna dúphoill.
Sna
habhaic bhána imíonn an chuid is mó den spás taobh istigh de na
hadaimh, ach is féidir núicléis na n-adamh éagsúil a aithint
thar a chéile i gcónaí. Sna neodrónréaltaí tá na prótóin tar
éis sórt comhleá a dhéanamh leis na leictreoin ionas nach bhfuil
ach neodróin fágtha. Na dúphoill arís, ní féidir a aithint
orthu cén cineál damhna a bhí iontu sula ndearna siad an cliseadh
a rinne dúphoill díobh. Le
go bhféadfadh an damhna titim isteach in aon phointe amháin –
singilteacht an dúphoill – ní mór bósóin a dhéanamh de, ach
níl a fhios ag na saineolaithe féin
cén sórt bósóin a bheadh ann.
Damhna
idirphláinéadach
– Is éard atá i gceist leis an damhna idirphláinéadach ná an
cineál damhna atá le fáil sa spás idir na pláinéid. Dusta is
mó atá
ann, chomh maith le cáithníní
a bhfuil lucht leictreach acu agus iad ag baint leis an ngrianghaoth.
Damhna
idir-réaltach –
Tugtar damhna idir-réaltach ar an gcineál damhna atá le fáil sa
spás idir na réaltchórais. Hidrigin
ianaithe
agus
héiliam ianaithe
is mó atá ann.
Damhna
idir-réaltrach –
Cosúil
leis an damhna idir-réaltach, tá an damhna idir-réaltrach
comhdhéanta as hidrigin ianaithe den
chuid is mó,
dar leis na réalteolaithe. Níl
teorainn shoiléir idir an damhna idir-réaltach agus an damhna
idir-réaltrach.
Darmstaidiam
(Ds)
a
thugtar ar dhúil uimhir a 110 i dtábla peiriadach na ndúl. Fuair
an dúil a hainm ó Darmstadt sa Ghearmáin, nó is i Lárionad
Taighde Tromian Helmholtz in aice le Darmstadt a gineadh an chéad
adamh darmstaidiam riamh. (Tagraíonn
an téarma ”tromian” do na hiain throma; maidir le ”Helmholtz”,
is é Hermann Helmholtz atá i gceist, eolaí
iléirimiúil ceannródaíoch
a d'fhág lorg a láimhe ar a lán brainsí eolaíochta, an
teirmidinimic ach go háirithe.)
Dúil
throm thrasúránach é an darmstaidiam atá chomh héagobhsaí is
nach bhfuil sé furasta taighde a dhéanamh ar a airíonna
ceimiceacha.
Dath
a
thugtar ar an dóigh a n-aithníonn súil an duine banda áirithe
minicíochta de chuid an tsolais infheicthe. Go
praiticiúil, braitheann
sé ar a lán imthoscaí cén dath a fheictear, agus téann
saoltaithí an duine féin i bhfeidhm ar an dathbhraistint fosta.
Tá
dhá chineál cealla
i reitine an duine: slatchealla agus cónchealla. Ní aithníonn
ach na cónchealla an dath, agus ní bhíonn siad ag obair ach le
solas maith – sin é an fáth
a ndeirtear
go
bhfuil na cait go léir liath sa dorchadas.
Dathbharraíocht
a
thugtar ar an difríocht idir fíor-dhathinnéacs an réid agus an
dathinnéacs mar a fheictear don bhreathnóir é. D'fhéadfá
a rá gur cur síos matamaitice í
an dathbharraíocht ar an deargadh
idir-réaltach,
is é sin, deargadh an tsolais ó réid chianmhara de thoradh an
scaipeacháin agus an ionsúcháin (rud ar a dtugtar díobhadh
chomh maith). Ní hionann mar rud an deargadh idir-réaltach agus an
deargaistriú,
nach bhfuil baint ar bith aige leis an díobhadh.
Dathinnéacs
an
uimhir a thugas dath na réalta. Bíonn an dathinnéacs íseal ag
réaltaí gorma (ar réaltaí teo iad) agus bíonn sé ard ag réaltaí
dearga (ar réaltaí fuara iad, i gcomparáid leis na réaltaí
gorma). Scála
logartamach é an dathinnéacs. Tomhaistear
an dathinnéacs tríd an solas ón réalta a ligean trí dhá
scagaire éagsúla: is féidir go bhfuil ceann acu braiteach ar an
radaíocht ultravialait (U-scagaire) agus an ceann eile ar an solas
gorm (B-scagaire); nó is féidir go n-úsáidtear an B-scagaire agus
scagaire atá braiteach ar an solas infheicthe uaine-bhuí
(V-scagaire). Is é difríocht gile an tsolais idir an dá scagaire
an dathinnéacs (U-B nó B-V). Is
féidir teocht na réalta a áireamh
go díreach
as
an dathinnéacs den
chineál B-V.
RÉALTAÍ SAMPLACHA AGUS A nDATHINNÉACS
|
||
Réalta | Aicme speictreach | Dathinnéacs (B-V) |
Betelgeuse | M | + 1.85 |
Pollux | K | + 1.00 |
An Ghrian | G | + 0.66 |
Adhafera (Zeta Leonis) | F | + 0.30 |
Sirius A | A | 0.00 |
Rigel | B | - 0.03 |
Meissa | O | - 0.21 |
Dath-theocht:
Is ionann dath-theocht na réalta agus teocht an dúchoirp atá ag
astú solais ar aon dath leis an réalta. Is
éard atá i gceist leis an dúchorp ná réad teoiriciúil nach
bhfuil ach ag astú solais agus
radaíochta eile
– is é sin, nach bhfuil ag frithchaitheamh solais ar aon nós (mar
sin is é an breo le teann teasa an t-aon chúis leis an solas atá
ag teacht as).
An
Dátlíne Idirnáisiúnta
– Is í an Dátlíne Idirnáisiúnta an teorainn idir an lá inniu
agus an lá amárach (nó an lá inné agus an lá inniu, de réir
mar a fheictear duit féin é).
Go bunúsach tá an líne seo socraithe ar an bhfadlíne 180°,
atá ag rith
tríd an Aigéan Ciúin,
ach tá a lán de na hoileánraí is na stáit san
aigéan ar
an taobh ”contráilte” den dátlíne, ar
chúiseanna polaitiúla agus
de réir chomhairle a lucht rialtais.
Mar
shampla, tá an dátlíne
suite idir an Rúis agus Alasca, cé go bhfuil an pointe is faide
thoir den Rúis suite i bhfad soir ón bhfadlíne.
D-chiseal
a thugtar ar an gciseal den ianaisféar atá suite idir 60 agus 90
ciliméadar os cionn an talún.
An
Dealbhóir an
réaltbhuíon atá suite idir an
Míol Mór, Iompróir an Uisce (an tUisceadóir), Iasc an Deiscirt,
an Chorr, an Féinics, agus an Fhoirnéis. Ba
é an réalteolaí Nicolas-Louis de Lacalle a bhaist an réaltbhuíon,
ach ba é an chéad ainm a thug sé uirthi ná Stiúideó
an Dealbhóra.
Ar
éigean is
féidir mórán
eile
a rá i leith
an Dealbhóra, nó níl cuid súl ann ar aon nós: is
réaltbhuíon fhann ar fad í.
Dearbhmhéid:
Tugtar
dearbhmhéid
ar
lonrachas
na réalta mar a d'fheicfí í don bhreathnóir a bheadh suite faoi
dheich
bparsoic
di. Is
í an mhéid
dhealraitheach lonrachas
na réalta mar a fheictear dúinn anseo í.
An
scála a úsáidtear leis an dá chineál méid a thabhairt, is scála
logartamach é. An réalta atá 3 aonad ar dhearbhmhéid, tá sí
céad oiread chomh mór leis an réalta atá 6 aonad ar dhearbhmhéid.
Taispeánann an sampla seo go bhfuil na réaltaí ag dul i méadaíocht
agus an scála ag dul i laghad. Na réaltaí is mó, tá luach a
ndearbhmhéide níos lú ná an neamhní, cosúil
le hAntares (-5.3), Rigel (-7.8), Arcturus (-0.3) agus Eta Carinae
(-8.6).
Tabhair
faoi deara gurb é lonrachas nó gile
na réalta atá i gceist leis an ”méid”, cé go dtugaimid ”méid”
uirthi.
Maidir le ”méid” na réalta sa ghnáthchiall, tá miosúir eile
ann lena haghaidh: an trastomhas agus an mhais, cuir i gcás.
Dearbhnialas
– Is
é
an
dearbhnialas
an
teocht
is
ísle is
féidir
a shroicheadh, go teoiriciúil. Go praiticiúil, ní féidir ach
teacht ina chóngar. Tá an dearbhnialas timpeall
ar 273.15 céim Celsius taobh thíos den ghnáthnialas teochta (0
céim Celsius, nó leáphointe
an oighir/siocphointe an uisce).
I
gcóngar don dearbhnialas is féidir feiniméin neamhghnácha a
aithint nach dtig a mhíniú gan dul i muinín na fisice candamaí,
cosúil leis an bhforsheoltacht.
Is
éard atá i gceist leis an bhforsheoltacht ná an dóigh a n-imeoidh
an fhriotaíocht leictreach i substaintí áirithe (forsheoltóirí,
mar a thugtar orthu) agus
iad á reo go dtí
cóngar an dearbhnialais, ionas
go mbeidh siad thar barr ar fad ag iompar an tsrutha leictrigh.
Is
féidir an dearbhnialas a úsáid mar nialas do scála na teochta. Na
luachanna teochta a gheofar ar an nós seo, is gnách dearbhtheocht
a
thabhairt orthu. Is é an ceilvín
(K) aonad na dearbhtheochta. Gheofar na luachanna dearbhtheochta trí
273.15 a chur leis na luachanna teochta de réir Celsius. Mar
sin is ionann ceilvín agus ceinteagrád mar
aonaid
ach
amháin nach ionann an nialas don dá scála.
Deargaistriú
– Ceann
de ghnéithe iarmhairt Doppler is ea an deargaistriú. Is éard atá
i gceist leis an deargaistriú ná go ngluaiseann línte Fraunhofer
(na línte speictreacha) óna gceartáit i dtreo na deirge –
is é sin, tá an tonnfhad ag dul i méadaíocht agus an mhinicíocht
ag dul i laghad dá réir. Tugann
an deargaistriú le fios go bhfuil an réad áirithe seo ag druidim
amach uainn.
An
Deargspota nó
an
Deargspota Mór
a thugtar ar an
spota
mór dearg
in atmaisféar Iúpatair (nó ar dhromchla Iúpatair – níl an dá
rud dealaithe go soiléir ó chéile) a tugadh faoi deara an chéad
uair sa seachtú haois déag. Le fírinne níltear ar aon fhocal an é
an spota dearg céanna a bhí i gceist ag Robert Hooke, an t-eolaí
Sasanach a thug an chéad chur síos ar an spota dearg ar Iúpatar,
nó ní
dhearnadh taighde ar an spota ina dhiaidh sin ach sa naoú haois
déag. Pé scéal é glactar leis gur réigiún ardbhrú
é an Deargspota Mór, is é sin, sórt spéirling nó stoirm, ach
más ionann é deargspota Hooke agus an deargspota atá ann inniu,
tá an stoirm seo ann le trí chéad go leith de bhlianta anuas, nó
níos mó fós.
Níl
tuiscint iomlán ag na heolaithe go fóill ar an Deargspota Mór.
Ceist
chonspóideach é dath an spota féin.
Creideann cuid de
na saineolaithe
gurb é an fosfar dearg is cúis leis an dath dearg. Tá a fhios
againn go bhfuil foisfín
– comhdhúil
fosfair agus hidrigine –
in
atmaisféar Iúpatair, ach is comhdhúil cuíosach éagobhsaí í
ar dual di
titim as a chéile agus fosfar is hidrigin a dhéanamh. Níl
i dteoiric an fhoisfín
ach ceann de na míniúcháin inchreidte, áfach. Deir
eolaithe eile gur comhdhúil éigin de chuid an tsulfair atá ann,
mar shampla.
Tá
spota mór dorcha le haithint ar Neiptiún is minic a chuirtear i
gcomparáid leis an Deargspota Mór, ach le fírinne tá difríocht
bhunúsach idir an dá spota: is dual do spota dorcha Neiptiúin
titim as a chéile agus imeacht go tráthrialta, ach ansin foirmítear
arís é chomh tráthrialta céanna. An
Deargspota Mór arís, tá sé le feiceáil leis na céadta bliain.
An
Deilf a
thugtar ar an réaltbhuíon
idir an Sionnach, an tSaighead, an tIolar, Iompróir an Uisce (an
tUisceadóir), an Capall Beag, agus Peigeasas. Tá sí suite sa
leathsféar thuaidh, ach san am chéanna tá sí sách cóngarach do
mheánchiorcal na spéire.
Níl
an Deilf rófheiceálach mar réaltbhuíon. Is í Alpha Delphini an
réalta is gile, ach is córas ilréaltach í dáiríre. Tá
déréalta ann, mar atá, Alpha Delphini A, agus roinnt réaltaí
eile a tharla san áit chéanna den sféar neamhaí – glactar leis
nach fíorchompánaigh
de chuid Alpha Delphini A iad ach réaltaí nach bhfuil cóngarach di
ar aon nós, is é sin, compánaigh
optúla.
Is
iad Alpha Delphini Aa agus Alpha Delphini Ab na comhbhaill a bhfuil
Alpha Delphini A comhdhéanta astu. Is gnách Sualocin
a thabhairt ar an gcomhbhall is mó acu – má léitear ón deireadh
go tús é, is éard a gheofar ná Nicolaus, an leagan Laidine den
ainm Nioclás. Tagairt
é don réalteolaí
Iodálach Niccolò Cacciatore a bhí ag obair i Réadlann na Sicile i
bPalermo i dtús na naoú haoise déag. Sa bhliain
1814 d'fhoilsigh stiúrthóir na réadlainne, Giuseppe Piazzi, a
chatalóg réalteolaíochta féin, agus bhí an t-ainm seo tugtha ar
an réalta sa chatalóg sin.
Déréalta
speictreascópach í Alpha Delphini A – is é sin, ní féidir an
dá chomhréalta a aithint thar a chéile sa teileascóp, agus ní
mór anailis a dhéanamh ar an speictream. Fofhathach
B-aicme í Alpha Delphini Aa. Tá Alpha Delphini suite faoi thuairim
is dhá chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus í beagnach trí
oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí trí oiread
go leith chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais nó an
gha de, ach maidir leis an lonrachas, tá sí dhá chéad ocht
n-oiread is fiche chomh geal leis an nGrian.
Déréalta
í Beta Delphini chomh maith. Tugtar Beta Delphini A agus Beta
Delphini B ar an dá chomhréalta, agus is é an t-ainm a bhaist
Niccolò Cacciatore ar an gcomhréalta is gile acu ná Rotanev.
Má léitear ón deireadh go tús é, gheofar Venator,
agus is focal Laidine é a chiallaíos ”sealgaire”, nó
cacciatore
as
Iodáilis. Tá leagan Laidine den ainm agus den tsloinne úd Niccolò
Cacciatore – Nicolaus
Venator –
ceilte in ainmneacha an dá réalta úd
Sualocin agus Rotanev,
mar sin.
F-réaltaí
iad an dá chomhbhall de Beta Delphini, is é sin tá siad beagáinín
níos teo ná an Ghrian. Níl
ceachtar acu mórán níos troime ná an Ghrian cé go bhfuil siad
níos lonrula (24 oiread agus ocht n-oiread). Tá
an dá réalta suite céad solasbhliain uainn, a bheag nó a mhór.
Maidir
le Gamma
Delphini,
is déréalta eile í. Tá sí suite traidhfilín níos faide uainn
ná Beta Delphini nó Rotanev. Gamma1
Delphini agus Gamma2
Delphini ainmneacha an dá réalta. An chéad cheann acu, is réalta
phríomhsheichimh í agus baint aici leis an B-aicme; an dara ceann
acu, is fo-fhathach flannbhuí den K-aicme í, agus í tuairim is
fiche oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Creidtear go bhfuil
pláinéad ar aon mhéid le hIúpatar ag an déréalta seo.
Déréalta
eile í Delta
Delphini,
agus í suite faoi tuairim
is dhá chéad is fiche solasbhliain dínn. Réaltaí
aisteacha
iad an dá chomhbhall agus
iad
níos saibhre i miotail ná mar ba chóir,
agus ní féidir iad a dhealú ó chéile ach taighde a dhéanamh ar
an speictream. Réaltaí
athraitheacha iad an bheirt acu.
Réalta
aonair í Epsilon
Delphini nó
Aldulfin
nó Eireaball
na Deilfe.
Fathachréalta
B-aicme atá ann. Tá
an réalta seo suite tuairim is trí chéad is tríocha solasbhliain
uainn, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh lonrúil leis an
nGrian.
Deimos
atá
ar an gceann is lú den dá shatailít atá ag Mars.
Ba
é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall a chuir an chéad sonrú
in Deimos i Mí Lúnasa 1877, sé lá sular aithin sé Phobos; ba
é Henry George Madan an chéad duine a mhol an t-ainm seo don
tsatailít.
Caitheann
Deimos tríocha uair an chloig ag críochnú turas amháin timpeall
ar Mhars. Tá
cianphointe na gealaí seo suite faoi 23 471 chiliméadar ó Mhars,
agus an garphointe cúig chiliméadar déag níos cóngaraí don
phláinéad. Níl in Deimos ach cnapán beag cloiche i gcomparáid
leis an nGealach s'againn – níl sé ar dhéanamh na liathróide,
fiú. D'fhéadfá a rá go bhfuil sé cúig chiliméadar déag ar fad
agus aon chiliméadar déag ar leithead.
Tá
dhá
chráitéar mhóra ar Deimos atá ainmnithe: Swift (aon chiliméadar
amháin ar trastomhas) agus Voltaire
(dhá chiliméadar ar trastomhas). Fuair
na cráitéir na hainmneacha seo i ndilchuimhne ar an mbeirt
scríbhneoirí úd
Jonathan Swift agus François-Marie
Arouet (a
bhreac síos a chuid saothar faoin ainm cleite úd ”Voltaire”),
ó
bhí siadsan
ag tuairimíocht faoi shatailítí Mharsa ina gcuid scríbhinní
sular aithin na réalteolaithe Phobos agus Deimos.
Maidir
le Deimos, tagairt do mhiotaseolaíocht na sean-Ghréagach atá ann:
bhí beirt mhac ag Ares agus Aphrodite, Phobos agus Deimos, agus is
gnách Ares, dia an chogaidh i seanchas na Gréige, a chomhionannú
le Mars, a raibh an ról céanna aige ag na Rómhánaigh.
Deireadh
na Loinge
– Ceann
de na réaltbhuíonta a tháinig ar an bhfód nuair a scoilteadh an
Long nó Argo
nó
Navis
é Deireadh na Loinge. Tá
Deireadh na Loinge suite idir an tAonbheannach, Compás an
Mhairnéalaigh, na
Seolta, an Chíle, an Péintéir, an Colm, an Madra Mór, agus an
Phéist Uisce.
Réalta
O-aicme is ea Zeta
Puppis.
Tá sí suite tuairim is míle agus céad solasbhliain uainn, agus is
ollfhathachréalta
í. Tá
sí sé oiread déag is dhá scór chomh téagartha leis an nGrian,
agus í deich míle oiread níos lonrúla. Le fírinne tá an chuid
is mó den radaíocht atá an réalta seo a astú sa bhanda
ultraivialait, agus má chuirtear an radaíocht sin san áireamh, tá
Zeta Puppis na céadta míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.
Pi
Puppis
nó Ahadi
an dara réalta is gile i nDeireadh na Loinge. Fathachréalta
fhlannbhuí K-aicme atá inti, agus í dhá oiread déag chomh
téagartha, dhá mhíle déag oiread chomh lonrúil leis an nGrian.
Tríréalta
í Xi
Puppis.
Tá déréalta speictreascópach ann – is é sin, dhá réalta agus
iad chomh gar dá chéile is nach dtig iad a aithint thar a chéile
ach amháin ar an speictream – agus an tríú réalta le feiceáil
sa teileascóp mar réad ar leith. Is iad ainmneacha an trí cinn ná
Xi Puppis Aa (Azmidi),
Xi Puppis Ab agus Xi Puppis B.
Fathachréalta
atá i Xi Puppis A agus í in aon aicme speictreach leis an nGrian,
is é sin G-aicme. Maidir le Xi Puppis B is réalta phríomhsheichimh
í cosúil leis an nGrian.
Deneb
nó Alpha
Cygni
a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon na hEala.
Ollfhathachréalta
A-aicme atá inti agus í tuairim is dhá chéad míle oiread chomh
lonrúil leis an nGrian. Tá
sí suite faoi dhá
mhíle is sé chéad solasbhliain
dínn, ach
is deacair an fad sin a shainiú go cruinn, dáiríribh.
Ceann
de réaltaí Thriantán an tSamhraidh í.
Denebola
nó
Beta
Leonis atá
ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Leoin. Tá sí suite
faoi shé solasbhliana déag is fiche dínn, agus í infheicthe go
maith gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc. Réalta
phríomhsheichimh í – níl sí dhá oiread chomh mór leis an
nGrian – ach is A-réalta the lonrúil í. Réalta athraitheach í
den chineál atá ainmnithe as Delta Scuti, is é sin, tagann
athruithe beaga bídeacha ar a lonrachas de réir tréimhse nach
bhfuil ach cúpla uair an chloig ar fad.
Deoitéarón
a thugtar ar cháithnín atá comhdhéanta as prótón amháin agus
neodrón amháin. Is ionann é agus núicléas an deoitéiriam.
Deoitéiriam
a thugtar ar iseatóp trom neamh-radaighníomhach na hidrigine a
bhfuil neodrón amháin sa núicléas aige i
mbreis ar an bprótón.
(Uaireanta tugtar próitiam
ar
an ngnáth-hidrigin nach bhfuil ach prótón amháin sa núicléas
aici.) Is
é 0.015 % codán an deoitéiriam i hidrigin an dúlra. Ba
iad na fisiceoirí Meiriceánacha Harold Urey agus Ferdinand
Brickwedde a d'aonraigh an chéad eiseamal deoitéiriam thiar sna
1930idí, tar éis d'Urey an deoitéiriam a aithint go
speictreascópach sa bhliain 1931. Ba é Urey a cheap na téarmaí úd
próitiam,
deoitéiriam agus
tritiam
agus
a d'úsáid
roimh
aon duine eile
iad in alt a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1934.
Is
minic a úsáidtear an tsiombail cheimiceach D le tagairt a dhéanamh
don deoitéiriam, cé nach bhfuil ann ach iseatóp de chuid na
hidrigine (H). Is
féidir 2H
a úsáid chomh maith, agus is é sin an leagan is fearr le Cumann
Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC).
Má
nasctar dhá adamh deoitéiriam d'adamh ocsaigine, is éard a gheofar
ná ocsaíd deoitéiriam, nó tromuisce.
Is
iomaí úsáid a bhaintear as an tromuisce, go háirithe sa
teicneolaíocht núicléach. An leagan den imoibreoir núicléach a
forbraíodh i gCeanada sna
seascaidí, mar atá, CANDU (Canada
Deuterium Uranium),
úsáideann sé tromuisce le maolú ar na neodróin arb iad
iompróirí an tslabhra imoibrithe san imoibreoir.
Úsáidtear
deoitéiriam sna buamaí hidrigine freisin. Tá an buama hidrigine
bunaithe ar chomhleá an deoitéiriam agus an tritiam, agus
gnáthbhuama adamhach (buama eamhnaithe)
mar
mhaidhmitheoir ann le
tús a chur leis an gcomhleá seo.
Is
é an tritiam an tríú hiseatóp atá ag an hidrigin, agus é níos
troime fós ná an deoitéiriam. Tá dhá neodrón agus aon phrótón
amháin i núicléas an tritiam, agus is iseatóp radaighníomhach é,
murab ionann agus an deoitéiriam.
Déréalta
a
thugtar ar dhá réalta atá chomh cóngarach dá chéile agus go
bhfuil nasc imtharraingthe acu. Is
ionann an déréalta agus réalta dhúbailte fhisiceach; scéal eile
í an réalta dhúbailte optúil (dhá réalta atá suite ar an líne
chéanna, beagnach, ón Domhan, ionas go bhfeictear in aice le chéile
iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile i ndáiríribh).
Déréalta
éagothrom
atá i gceist má tá an dá chomhréalta an-difriúil le chéile ó
thaobh na méide nó an lonrachais de. Is
féidir mar shampla go bhfuil ceann den dá chomhbhall iompaithe ina
abhac bán cheana féin, agus an ceann eile ina fhathachréalta go
fóill.
Déréalta
fhótaiméadrach a
thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí
bhreathnuithe fótaiméadracha a dhéanamh uirthi. Déréaltaí
fótaiméadracha iad na déréaltaí uraitheacha mar shampla.
Déréalta
infheicthe
atá i gceist más féidir leat an dá chomhréalta a aithint thar a
chéile agus a fheiceáil mar dhá réad scartha le súile do chinn
féin, nó ar an teileascóp ar a laghad.
Déréalta
réaltmhéadrach a thugtar ar
dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí
bhreathnuithe réaltmhéadracha a dhéanamh uirthi. Go
bunúsach, is éard a bhíos i gceist le déréalta réaltmhéadrach
ná déréalta atá an-éagothrom, ionas nach bhfuil ach ceann den dá
chomhréalta le feiceáil, ach san am chéanna is féidir a aithint
go bhfuil an chomhréalta dhofheicthe ag dul i bhfeidhm ar an gceann
eile ar dhóigheanna éagsúla, an
imtharraingt ach go háirithe.
Déréalta
speictreascópach a thugtar ar
dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí anailís a
dhéanamh ar a speictream.
Déréalta
theagmhála atá i gceist má tá
an dá réalta chomh cóngarach dá chéile is go bhfuil siad i
dteagmháil le chéile.
Déréalta
uraitheach atá ann, má thagann
ceann den dá chomhréalta
idir sinn agus an chomhréalta
eile go tráthrialta.
Diallas
a
thugtar ar an gcomhordanáid i gcóras an mheánchiorcail a
fhreagraíos don domhanleithead. Tugtar
in aonaid stua é, is é sin, céimeanna stua, stuanóiméid, agus
stuashoicindí.
Dia-optar
a
thugtar ar aonad na
cumhachta optúla. Is ionann an dia-optar agus deilín
an mhéadair, is é sin, m-1,
agus
is ionann an chumhacht optúil agus deilín an fhaid fhócasaigh. Mar
sin, má tá an lionsa deich ndia-optar ar chumhacht optúil, is
ionann sin is a rá go bhfuil sé 1/10 méadar (deich gceintiméadar)
ar fhad fhócasach.
Díchumadh:
San
optaic is ionann an
díchumadh
agus an dóigh a gcuireann na lionsaí na línte díreacha as
a riocht.
Is
é is cúis leis an díchumadh ná nach
ionann
an formhéadú timpeall ar lárphointe an lionsa agus in aice leis na
ciumhaiseanna. (Is
é is formhéadú ann ná an dóigh a bhfeictear an réad níos mó
dúinn tríd an lionsa.)
Díchumadh
pioncásach atá
i gceist má tá
an formhéadú ag dul i méadaíocht i bhfad ó lárphointe an
lionsa, agus díchumadh
bairilleach a
thugtar ar a mhalairt de dhíchumadh. Tá a leithéid de rud ann agus
díchumadh
croiméalach freisin
–
is é sin, meascán
an dá dhíchumadh eile.
Díobhadh:
Tugtar díobhadh
ar an
dóigh a scaiptear an solas ar a bhealach ón réalta (nó ó réad
réalteolaíoch eile) chugainn agus
é ag bualadh faoi dhamhna de chineálacha éagsúla.
Cuid den díobhadh é an dóigh a n-ólann dusta agus gáis na
hollchruinne an solas chuige féin (is é sin, ionsú
an tsolais).
Tá
cúiseanna éagsúla leis an díobhadh: an t-ábhar idir-réaltach
(deargadh
idir-réaltach),
an t-atmaisféar timpeall an Domhain (díobhadh
atmaisféarach)
agus pé dusta atá timpeall ar an réad féin.
Is
dual don dusta idir-réaltach níos mó den tsolas ardmhinicíochta
(solas gorm) ná den tsolas ísealmhinicíochta (solas dearg) a
ionsú, rud a chiallaíos go gcuireann an díobhadh idir-réaltach
dath dearg leis an solas ó réadanna i bhfad i gcéin uainn. Sin é
an fáth a dtugtar deargadh
idir-réaltach ar dhíobhadh den chineál idir-réaltach. Tabhair
faoi deara nach bhfuil baint ar bith ag an deargadh idir-réaltach
leis an deargaistriú, ar toradh é d'iarmhairt Doppler.
Maidir
leis an díobhadh atmaisféarach, is éard is cúis leis ná:
-
móilíní an aeir a bheith ag scaipeadh an tsolais (rud ar a dtugtar réscaipeadh Rayleigh)
-
na haerasóil (na deoiríní beaga uisce san aer, mar shampla) a bheith ag scaipeadh an tsolais
-
na móilíní a bheith ag ól an tsolais agus a fhuinnimh chucu (ionsú nó ionsúchán; is iad na móilíní ocsaigine agus ózóin is mó a shús isteach an solas ardmhinicíochta, agus is iad na móilíní uisce is mó a bhaineas den tsolas ísealmhinicíochta)
Dione
atá ar an gcúigiú satailít déag is mó dá bhfuil ag timpeallú
Shatarn, agus í ar an dara satailít is dlúithe ábhar acu. Go
bunúsach, is éard atá in Dione ná liathróid oighir agus cloiche
agus í tuairim is 1120 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Ba
é Giovanni Domenico Cassini a chuir an chéad sonrú in Dione sa
bhliain 1684, agus fuair an ghealach bheag seo a hainm ó John
Herschel sa bhliain 1847. Ní dhearnadh léarscáiliú ceart ar Dione
ach le déanaí, nuair a d'eitil
an spástaiscéalaí Cassini
thart le Dione. De
thoradh an taighde a rinne Cassini tá a fhios ag an gcine daonna a
lán i dtaobh thíreolaíocht Dione,
agus
fuair a lán gnéithe dá
dromchla ainmneacha, an t-iomaire
úd Janiculum
Dorsa,
mar
shampla.
Diosca
Airy:
is é diosca Airy an diosca solais i lár an phatrúin díraonacháin
a gheofar má chuirtear ga solais trí chró
chruinn an lionsa. Fuair
an diosca a ainm ó George Biddell Airy, matamaiticeoir agus
réalteolaí Sasanach a bhí beo sa naoú haois déag.
Diosca
bréagach:
Tá baint ag an gcoincheap seo le diosca Airy. Go
bunúsach, nuair a dhéantar breathnuithe ar na réaltaí tríd an
teileascóp, is mar dhioscaí a fheictear iad. Na difríochtaí méide
idir na dioscaí seo, áfach, ní bhraitheann siad ar
fhíor-dhifríochtaí trastomhais
idir na réaltaí atá i gceist an
oiread is
a bhraitheas siad ar dhifríochtaí gile. Sin é an fáth a dtugtar
dioscaí bréagacha orthu.
Diosca
na gréine:
go bunúsach, is ionann é diosca infheicthe na gréine agus an
fótaisféar.
Diosca
réaltrach:
an
chuid den réaltra atá suite timpeall an láir agus í cosúil le
diosca. Tá diosca réaltrach ag na cineálacha seo leanas de
réaltraí:
-
réaltraí lionsacha: M84, NCG4111, ”Réaltra an Rotha” (ESO 350-40)
-
réaltraí bíseacha neamhbharracha: M81, M88, ”Réaltra an Triantáin” (M33)
-
réaltraí bíseacha barracha: Bealach na Bó Finne
-
réaltraí bíseacha idirmheánacha: ”Réaltra na Tine Ealaíne” (NCG6946).
Cuid
de na réaltraí a bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu go
bunúsach ach an diosca sin; an chuid eile is féidir bolg láir a
aithint acu. An dá chineál réaltraí nach bhfuil diosca réaltrach
acu, níl iontu ach an bolg féin:
na réaltraí neamhrialta agus na réaltraí éilipseacha.
Díothú
nó
díothúchán
a
thugtar ar an rud a thitfeas amach má bhuaileann cáithnín agus a
fhrithcháithnín a chéile. Más
fíor-bhuncháithníní atá iontu, is é sin cáithníní nach
bhfuil struchtúr inmheánach acu, imeoidh siad agus ní fhágfar ach
candaim
radaíochta.
Sampla de seo is ea díothú an leictreoin agus an phosatróin. Más
cáithníní iad a bhfuil struchtúr inmheánach acu – cosúil leis
an bprótón agus leis an bhfrithphrótón, agus iad comhdhéanta as
cuarcanna – beidh
an scéal níos casta: ar dtús déanfar méasóin éagsúla, ach
ansin imeoidh na méasóin féin agus cruthófar candaim radaíochta
chomh maith le leictreoin, posatróin agus neoidríonónna.
Diphda:
Is í Diphda nó Deneb
Kaitos nó
Beta
Ceti an
réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos
gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó
thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus
K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite
faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.
Díraonadh
nó
díraonachán
a thugtar
ar
an dóigh ar féidir le haon chineál tonnghluaiseachta dul thart an
coirnéal –
is é sin, má théann an tonnghluaiseacht ag dul trí pholl, beidh
sí ag dul i ngach treo sa spás ar an taobh eile den pholl.
Má
théann
solas trí scoilt an-chaol, abair, is léir go bhfeicfear banda geal
– uasmhéid solais mar a déarfá – ar an dromchla a bhuailfeas
an solas ina dhiaidh sin. Ach san am chéanna beidh bandaí eile –
uasmhéideanna eile – le feiceáil ar an dá thaobh ón banda is
gile, agus iad ag éirí níos dorcha ag dul i bhfad ón
bpríomh-uasmhéid. Is
é an díraonadh is cúis leis na huasmhéideanna seo. Más cró beag
ciorclach atá ann, áfach, beidh diosca solais – diosca
Airy
– le feiceáil ar an dromchla sin, agus ciorcail ina thimpeall de
bharr an díraonacháin. An dóigh a scaiptear an solas ar an
dromchla a bhuaileas sé, tugtar patrún
díraonacháin
air.
Dírghluaisne
a
thugtar ar ghluaiseacht na satailíte in aon treo le rothlú an
phríomhúlaigh. Gluaisne
chasiompaithe a
thugtar ar a mhalairt de ghluaiseacht. An
tsatailít a fhanas os cionn an bhaill chéanna den Domhan (an
tsatailít gheoisioncrónach nó gheochobhsaí),
is sampla speisialta í den dírghluaisne, nó tá sí ag timpeallú
an phláinéid in aon treo agus
ar
aon luas le rothlú an phláinéid.
Dlí
Bode,
nó dlí
Titius,
nó dlí
Titius-Bode:
Sórt
teoiric nó hipitéis ab ea an ”dlí” seo: is éard a dúirt an
teoiric ná go bhfuil fad an phláinéid ón nGrian ag brath ar fhad
an chéad phláinéid roimhe agus ar fhad an chéad phláinéid eile
de
réir foirmle shimplí mhatamaiticiúil:
-
is ionann fad Mhearcair ón nGrian agus 4/100 d'fhad Shatarn ón nGrian – glacaimis leis an gcéadú cuid sin mar aonad;
-
is ionann fad Véineas ón nGrian agus 7/100, is é sin, 4 + 3 aonad;
-
is ionann fad an Domhain ón nGrian agus 10/100, is é sin, 4 + 6 aonad, agus is ionann 6 agus 3 méadaithe faoi 2;
-
is ionann fad Mharsa ón nGrian agus 16/100, is é sin, 4 + 12 aonad, agus is ionann 12 agus 3 méadaithe faoi 4;
-
ansin aithnítear bearna sa seicheamh simplí matamaiticiúil seo (bheifeá ag súil le pláinéad a bheadh suite faoi 28/100 den Ghrian – is ionann 28 agus 4 + 24 aonad, agus is ionann 24 agus 3 méadaithe faoi 8);
-
ach is ionann fad Iúpatair ón nGrian agus 52/100, is é sin, 4 + 48 aonad, agus is ionann 48 agus 3 méadaithe faoi 16;
-
agus ar ndóigh is ionann fad Shatarn ón nGrian agus 100/100, is é sin, 4 + 96 aonad, agus is ionann 96 agus 3 méadaithe faoi 32.
Tá
an dlí seo ainmnithe as beirt réalteolaithe Gearmánacha, Johann
Elert Bode agus Johann Daniel Titius, a thosaigh ar an tuiscint
chéanna timpeall ar an mbliain 1770. Dealraíonn sé, áfach, go
ndearna David Gregory agus Edmund Halley trácht ar an smaoineamh
céanna i dtéacsleabhar réalteolaíochta a foilsíodh i dtús na
hochtú haoise déag. Is éard a chreid Bode agus Titius gur uirlis
úsáideach a bhí sa ”dlí” s'acu le teacht ar phláinéid nua,
agus ceart go leor bhí an dlí in ann áit Úránais a thairngreacht
i gceart. Maidir leis an mbearna idir Mars agus Iúpatar, d'aithin an
tIodálach Giuseppe Piazzi astaróideach – Ceres – san áit sin i
dtús na naoú haoise déag.
Mar
a tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, ní raibh an dlí
ábalta áit Neiptiúin a thairngreacht i gceart, agus is iomaí
locht eile a fuarthas ar an hipitéis. Ní dhearctar air mar dhlí
nádúrtha d'aon chineál a thuilleadh, agus cuid de na réalteolaithe
barúlach nach raibh ann riamh ach comhtharlúint.
Dlí
Fechner – Dlí síceolaíochta
é dlí Fechner a bhfuil baint aige leis an taighde réalteolaíochta.
Deir dlí Fechner go bhfuil
aithint an spreagthaigh (an
t-athrú gile, mar shampla)
i gcomhréir logartamach le láidreacht an spreagthaigh féin.
Ba é Gustaf Theodor Fechner
a d'oibrigh amach an dlí agus an leagan matamaiticiúil de.
Dlí
imtharraingthe Newton – Is
eol do chách, a bheag nó a mhór, gurbh é Isaac Newton a cheap an
chéad teoiric faoin imtharraingt, is é sin, faoin dóigh a bhfuil
na réadanna ag aomadh (ag tarraingt) a chéile. Is éard a deir dlí
Newton ná:
-
gur fórsa í an imtharraingt;
-
go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir le maiseanna na réadanna atá ag aomadh a chéile; agus
-
go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir inbhéartaithe le cearnóg an fhaid idir na maiseanna.
Is
í an chothromóid mhatamaiticiúil a chuireas an méid sin in iúl
ná:
F
= G[(m1m2)/r2]
inarb
ionann:
-
F agus an fórsa;
-
G agus tairiseach na himtharraingthe;
-
m1 agus mais an chéad réad;
-
m2 agus mais an dara réad;
-
r agus an fad idir lárphointí an dara réad;
-
r2 agus cearnóg an fhaid sin, is é sin an fad méadaithe faoi féin.
D'athraigh
tuiscint na fisice ar an imtharraingt nuair a tháinig teoiric
coibhneasaíochta Einstein ar an bhfód, nó is éard a deir Einstein
ná go gcuireann an imtharraingt an spás agus an t-am as a riocht
timpeall an réid – go
gcuarann sí an spás agus an t-am – agus nach fórsa
ceart í an imtharraingt, is é sin, nach bhfuil i gceist leis ach an
dóigh a mothaítear is a n-aithnítear an cuaradh sin.
Le
fírinne bhí Newton féin cineál drochamhrasach i dtaobh na
himtharraingthe mar fhórsa.
Sa ghnáthchiall caithfidh dhá réad a bheith i dteagmháil le
chéile le fórsa a chur i bhfeidhm ar a chéile, ach maidir leis an
imtharraingt, oibríonn sí fiú tríd an bhfolús, gan a bheith á
hiompar ag aon rud infheicthe
nó
inaitheanta.
D'admhaigh
Newton nach raibh i gceist le ”dlí Newton” ach foirmle néata
phraiticiúil a cheadaigh don duine an fórsa imtharraingthe a
áireamh, ach san am chéanna dúirt sé nach raibh tuiscint aige ar
an rud is imtharraingt ann dáiríribh.
Mar
sin, nuair a mhínigh Einstein an imtharraingt mar dhíchumadh sa
spás-am, d'fhreagair sé ceist a bhí curtha ag Newton féin.
Dlí
Kirchhoff
– Le
fírinne tá a
lán dlíthe nádúrtha
ann a dtugtar ”dlí Kirchhoff” orthu:
Dlíthe
Kirchhoff san innealtóireacht leictreach, is
é sin dlí Kirchhoff faoin voltas agus dlí Kirchhoff faoin sruth
leictreach. Deir
an dlí faoin sruth leictreach ná, in aon phointe den chiorcad
leictreach ina
dtagann seoltóirí srutha le chéile,
gurb ionann suim na
sruthanna
isteach agus na
sruthanna
amach ná 0. An dlí faoin voltas arís, is éard a deir sé ná gurb
ionann suim an voltais ó fhoinse an tsrutha agus an voltais a
chailltear sa chiorcad ná 0.
Dlí
Kirchhoff faoin radaíocht theirmeach.
Deir
an dlí seo, ná, aon réad atá i
gcothromaíocht theirmidinimiciúil, gurb
ionann iad an t-astaíochas (an chomhéifeacht astúcháin) agus an
ionsúiteacht dó. Tá
baint ag an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Is é an dúchorp an
réad teoiriciúil nach bhfuil in ann radaíocht d'aon chineál a
fhrithchaitheamh, is é sin, ní dhéanann sé ach radaíocht a astú
(a
thál, a
thabhairt uaidh) agus a ionsú (a shú isteach, a ól chuige).
Dlíthe
speictreascópachta Kirchhoff:
Trí dhlí atá ann:
-
An solad, an leacht nó an gás dlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, tá sé ag astú radaíochta ag gach tonnfhad (rud a dtugtar speictream leanúnach air).
-
An gás neamhdhlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, níl sé ag astú radaíochta ach ag tonnfhaid áirithe (speictream astúcháin).
-
Má théann radaíocht a bhfuil speictream leanúnach aici trí ghás fuar, bainfidh (ionsúfaidh) an gás sin tonnfhaid áirithe den radaíocht: más solas atá i gceist, aithnítear an t-ionsúchán seo mar línte dubha sa speictream (línte ionsúcháin). Sampla de na línte ionsúcháin seo iad línte Fraunhofer a d'aithin Josef von Fraunhofer, fisiceoir Gearmánach eile, roimh lá Kirchhoff féin ar speictream na gréine.
Fuair
na dlíthe a n-ainm ón bhfisiceoir Gearmánach Gustav Kirchhoff
(1824-1887). Mar
is léir ó na samplaí seo, fear iléirimiúil a bhí ann agus suim
aige ina lán craobhacha den fhisic.
Dlí
na limistéar comhionann –
Tugtar Dara Dlí
Kepler
ar an dlí seo freisin, nó ba é an réalteolaí Gearmánach
Johannes Kepler (1571-1630) a chuir i bhfriotal é an chéad lá
riamh, chomh maith leis
na
dlíthe réalteolaíochta eile a d'aithin sé.
Nuair
a bhíos an tsatailít ag teacht i gcóngar don phríomhúlach, bíonn
sé ag dul i luas ar a chamchuairt timpeall an phríomhúlaigh, agus
nuair a bhíos sí ag dul níos faide ón bpríomhúlach, bíonn sí
ag moilliú a siúil.
Má
roghnaímid dhá phointe ar chonair na satailíte agus sinn ag
tarraingt líne ó gach point acu go dtí an príomhúlach, fágfar
achar nó limistéar idir an chonair agus an dá líne sin. Anois, má
roghnaímid dhá phointe eile a dtógann sé an tamall céanna ama ar
an tsatailít an bealach
eatarthu a chur di, agus sinn ag tarraingt dhá líne ó thúsphointe
an bhealaigh go dtí an príomhúlach agus ó phointe deiridh an
bhealaigh go dtí an príomhúlach, is é an t-achar céanna a
fhágfar
idir an dá líne agus an chonair.
Dlí
Planck a thugtar ar an
gcothromóid a d'oibrigh Max Planck amach sa bhliain 1900 le cur síos
ar radaíocht an dúchoirp. Bhí
an chothromóid bunaithe ar thorthaí na dturgnamh seachas ar aon
tuiscint theoiriciúil. Ba é
dlí Rayleigh-Jeans an míniúchán teoiriceach a bhí á fhorbairt
faoin am chéanna, ach is é an toradh a thug an dlí sin ná go
raibh radaíocht an dúchoirp
ag dul i méadaíocht gan teorainn agus tonnfhad na radaíochta sin
ag titim. Ar ndóigh,
seafóid amach is amach atá sa tairngreacht seo, nó is léir nach
féidir le haon chorp fuinneamh teoranta (fuinneamh a chuireas ag
breo é) a iompú
go fuinneamh gan teorainn – ní féidir fuinneamh a ghineadh as an
neamhní, mar a deir an chéad cheann de dhlíthe na teirmidinimice
(an dlí faoi imchoimeád an fhuinnimh). Is
gnách catastróf
ultraivialait a
thabhairt ar an tairngreacht theipthe seo.
Ba
é toradh na dturgnamh ná go raibh fuinneamh na radaíochta as réad
a bhí á chur ag breo –
go raibh an fuinneamh sin ag dul i méadaíocht agus an tonnfhad ag
titim, ach gur shroich sé a bhuaicphointe ag tonnfhad áirithe le
titim arís ina dhiaidh sin. Bhí
Planck ábalta slonn
matamaitice a dhéanamh
amach leis an mbuaicphointe
sin a thairngreacht,
agus ba é an slonn sin
dlí Planck.
Dlí
Stefan-Boltzmann: Cosúil le
dlí Planck, baineann an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Deir
dlí Stefan-Boltzmann go bhfuil fuinneamh na radaíochta atá ag
teacht as an dúchorp ag brath ar cheathrú cumhacht a theochta. Ní
mór an chumhacht sin a mhéadú faoi uimhir ar a dtugtar tairiseach
Stefan-Boltzmann leis an
bhfuinneamh sin a fháil.
Fuair
dlí Stefan-Boltzmann a ainm ón bhfisiceoir Sloivéanach Jožef
Štefan (1835-1893; Josef Stefan an leagan Gearmáinise dá
ainm) agus an fisiceoir Ostarach Ludwig Eduard Boltzmann (1844-1906).
Dlíthe
Kepler – Is iad dlíthe
Kepler na dlíthe a stiúras
gluaiseachtaí na bpláinéad, agus iad curtha i bhfocail an chéad
uair ag an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630):
-
An chéad cheann de dhlíthe Kepler: Éilips í fithis an phláinéid timpeall na Gréine, agus an Ghrian suite i gceann de dhá fhócas an éilips.
-
An dara ceann de dhlíthe Kepler: is é seo dlí na limistéar comhionann.
-
An tríú ceann de dhlíthe Kepler: Tá cearnóg (dara cumhacht) na tréimhse fithisí ag brath go coibhneasta ar chiúb (tríú cumhacht) na haise leathmhóire.
Dlíthe
Newton – Na
dlíthe nádúrtha a stiúras an ghluaiseacht i bhfráma tagartha na
táimhe, agus iad curtha i bhfocail ag Isaac Newton:
-
An chéad cheann de dhlíthe Newton: Is dual do gach réad fanacht mar a bhfuil sé nó a shean-treoluas a choinneáil (agus caithfear fórsa a chur i bhfeidhm ar an réad leis an treoluas a athrú).
-
An dara ceann de dhlíthe Newton: F = ma. Is é sin, is ionann an fórsa (F) atá ag dul i bhfeidhm ar an réad agus mais an réada (m) méadaithe faoi luasghéarú (a) an réada chéanna.
-
An tríú ceann de dhlíthe Newton: Má chuireann réad amháin fórsa i bhfeidhm ar réad eile, cuirfidh an dara réad frithfhórsa i bhfeidhm ar an gcéad réad. Is ionann an bunfhórsa agus an frithfhórsa ach amháin go bhfuil an frithfhórsa ag dul i dtreo contrártha.
Dlíthe
radaíochta – Glactar leis go
coitianta gurb iad dlí Planck, dlí Stefan-Boltzmann agus dlí Wien
na dlíthe radaíochta, nó
dlíthe radaíochta an dúchoirp. Is é an dúchorp an réad dubh
nach bhfuil ag frithchaitheamh aon chineál radaíochta – is é
sin, breo (luisne) de thoradh an teasa is cúis le gach radaíocht
atá ag teacht as an dúchorp.
Dlí
Wien – Is éard a deir dlí
Wien ná go bhfuil tonnfhad
na huasmhéide radaíochta i gcomhréir inbhéartach le teocht an
dúchoirp. Is é sin, más ag éirí
te atá an dúchorp, beidh tonnfhad na radaíochta ag dul i
ngiorracht. Is féidir dlí
Wien a aithint ar bhreo an iarainn: ar dtús beidh luisne dhearg ann,
nó is é an solas dearg is faide tonn, ach ansin iompóidh an
t-iarann flannbhuí nó buí.
Fuair
an dlí a ainm ó Wilhelm
Wien (1864-1928), fisiceoir Gearmánach.
Dlús
– Go bunúsach is ionann an dlús (i gciall cheart an fhocail) agus
mais an réada roinnte faoina
thoirt. I
gcóras SI is é aonad caighdeánach an dlúis ná an cíleagram
roinnte faoin méadar ciúbach, kg/m3.
Nuair a bhítear ag trácht
ar dhlús na ngnáthshubstaintí soladacha nó leachtacha, is é an
gram roinnte faoin gceintiméadar ciúbach, g/cm3,
is mó a úsáidtear.
Substaintí
samplacha
|
Cineál
substainte
|
Dlús
(g/cm3) faoi na gnáth-imthoscaí (teocht an tseomra,
brú an atmaisféir)
|
Uisce,
H2O
|
comhdhúil
dhénártha
|
1.0
|
Sóidiam,
Na
|
miotal
alcaileach
|
0.97
|
Potaisiam,
K
|
miotal
alcaileach
|
0.86
|
Maignéisiam,
Mg
|
miotal
cré-alcaileach
|
1.74
|
Cailciam,
Ca
|
miotal
cré-alcaileach
|
1.55
|
Carbón
(graifít) C
|
neamh-mhiotal
|
2.27
|
Sulfar,
S, an t-allatróp is coitianta
|
neamh-mhiotal
|
2.07
|
Fosfar,
P, an fosfar dubh
|
neamh-mhiotal
|
2.7
|
Iarann,
Fe
|
miotal
trasdultach
|
7.9
|
Cóbalt,
Co
|
miotal
trasdultach
|
8.9
|
Nicil,
Ni
|
miotal
trasdultach
|
8.9
|
Ór,
Au
|
miotal
lómhar
|
19
|
Airgead
geal, Ag
|
miotal
lómhar
|
10.5
|
Sinc,
Zn
|
miotal
iar-thrasdultach
|
7.1
|
Caidmiam,
Cd
|
miotal
iar-thrasdultach
|
8.7
|
Mearcair,
Hg
|
miotal
iar-thrasdultach
|
13.5
|
Copar,
Cu
|
miotal
lómhar
|
9
|
Luaidhe,
Pb
|
miotal
iar-thrasdultach
|
11.3
|
Antamón,
Sb
|
miotalóideach
|
6.7
|
Biosmat,
Bi
|
miotal
iar-thrasdultach
|
9.8
|
Ruitéiniam,
Ru
|
miotal
trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
|
12.5
|
Róidiam,
Rh
|
miotal
trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
|
12.4
|
Pallaidiam,
Pd
|
miotal
trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
|
12
|
Oismiam,
Os
|
miotal
trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
|
22.6
|
Iridiam,
Ir
|
miotal
trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
|
22.6
|
Platanam,
Pt
|
miotal
trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
|
21.5
|
Úráiniam,
U
|
achtanóideach
|
19
|
Dlús
leictreon
– Dhá
rud atá i gceist leis an dlús leictreon (nó le dlús na
leictreon).
-
Nuair a bhítear ag trácht ar an adamh, is éard atá i gceist leis an dlús leictreon ná chomh dóchúil is atá sé teacht ar an leictreon in áit áirithe timpeall ar núicléas an adaimh.
-
Nuair a bhítear ag trácht ar an bplasma, is féidir tagairt do dhlús na leictreon sa phlasma. Is éard atá i gceist leis an bplasma ná an damhna te sna réaltaí, agus é comhdhéanta as núicléis atá ag snámh i bhfarraige na leictreon – is é sin tá struchtúr na n-adamh féin imithe, ionas nach féidir a rá go mbaineann an leictreon seo leis an adamh áirithe úd.
Dlús
optúil
– Sórt drochthéarma é ”dlús optúil”, nó tagraíonn sé do
dhá rud difriúla
ar
féidir téarmaí is fearr ná é a úsáid fúthu:
-
comhéifeacht athraonta;
-
ionsúiteacht.
Is
éard atá i gceist leis an gcomhéifeacht
athraonta
ná an uimhir a thagraíos do mhoilliú an tsolais sa mheán. Mar
seo a áirítear í:
n
= c/v
inarb
ionann:
-
n agus comhéifeacht athraonta an mheáin
-
c agus luas an tsolais san fholús
-
v agus luas an tsolais sa mheán
Maidir
leis an ionsúiteacht,
is uimhir
logartamach í ar miosúr í ar an gcuid den fhuinneamh (fuinneamh na
radaíochta –
fuinneamh an tsolais mar shampla)
a ólas an meán isteach chuige (a shús sé isteach, a ionsús sé)
in áit é a iompar nó a ligean tríd.
Is é an slonn matamaitice a cheadaíos dúinn an ionsúiteacht a
thabhairt ná:
A
= log10(Φ'/Φ)
inarb
ionann:
-
A agus ionsúiteacht
-
Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán
-
Φ' agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán
Is
éard is ciall don ”fhlosc radanta” ná fuinneamh na radaíochta
roinnte faoin am (is
é sin, cumhacht na radaíochta),
agus is é is aonad don fhlosc radanta ná an vata (W).
An
logartam a úsáidtear, is é an logartam deachúlach (logartam
Briggs)
é.
Doimhneacht
optúil –
Tá baint ag an doimhneacht optúil leis an ionsúiteacht (an ”dlús
optúil” sa dara ciall). Is
í an fhoirmle a thugas an doimhneacht optúil ná:
τ = loge(Φ'/Φ)
τ = loge(Φ'/Φ)
inarb
ionann:
-
τ (an litir Ghréagach tau) agus an doimhneacht optúil
-
Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán
-
Φ' agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán
Is
í an t-aon difríocht idir an doimhneacht optúil agus an
ionsúiteacht ná go n-úsáidtear an logartam nádúrtha (logartam
Napier) leis
an doimhneacht a thabhairt,
seachas an logartam deachúlach (logartam Briggs).
An
Domhan an
pláinéad a bhfuil muid inár gcónaí air. Tá sé ar an gceann is
mó de na pláinéid dhomhanchosúla sa Ghrianchóras, is é sin de
na pláinéid nach
gásfhathaigh ná oighearfhathaigh iad (is gásfhathaigh iad Iúpatar
agus Satarn, agus is oighearfhathaigh iad Úránas agus Neiptiún).
Tá dhá dtrian de dhromchla an Domhain, nó níos mó fós,
clúdaithe ag uisce, agus an t-atmaisféar saibhir in ocsaigin – tá
an dá rud riachtanach don bheatha mar a d'fhorbair sí ar an Domhan,
ach is tábhachtach a thuiscint gur neachanna anaeróbacha a bhí sna
chéad orgánaigh bheo ar an Domhan, is é sin gur nimh a bhí san
ocsaigin dóibh. Mar sin b'éigean don bheatha éabhlóid áirithe a
dhéanamh le bheith in ann leas a bhaint as ocsaigin an atmaisféir.
Aithníonn
na geolaithe screamh, maintlín agus croí an Domhain thar
a chéile.
Is í an screamh an ciseal tanaí cloiche a chlúdaíos an pláinéad,
agus í timpeall ar chúig ciliméadar ar tiús faoi na farraigí.
Bíonn sí i bhfad níos tibhe faoin talamh slán, tríocha
ciliméadar, fiú.
Tugtar
neamhleanúnachas
Mohorovičić,
nó
an Moho,
ar
an dromchla a scaras an screamh ón maintlín. Fuair an dromchla a
ainm ó Andrija Mohorovičić, geolaí Crótach a bhí ina
cheannródaí seismeolaíochta (is éard is seismeolaíocht ann ná
an chraobh den gheolaíocht a dhéanas taighde ar na
talamhchreathanna). D'aithin Mohorovičić roimh aon duine eile go
bhfrithchaitheann an dromchla sin tonnta seismeacha (tonnta
talamhchreatha) – is é sin nach leanann na tonnta sin a
seanbhealach i ndiaidh an dromchla áirithe
seo
a bhualadh (sin é an fáth a dtugtar ”neamhleanúnachas” air).
Tugtar
litisféar,
nó sféar cloiche, ar an screamh agus ar uachtar an mhaintlín
araon; taobh thíos den litisféar atá an t-astanaisféar,
nó sféar na laibhe. Faoin astanaisféar atá croí an Domhain, agus
is féidir struchtúr inmheánach áirithe a aithint sa
chroí
féin: an croí amuigh agus an croí istigh. Sreabhán slaodach atá
sa chroí amuigh, ach is solad é an croí istigh. Iarann
agus nicil is mó atá sa chroí. Tá
an croí chomh te céanna agus dromchla na Gréine, a bheag nó a
mhór – beagnach sé mhíle ceilvin.
Tá
an litisféar deighilte ina phlátaí
teicteonacha,
agus tugtar teicteonaic
ar an gcraobh den gheolaíocht a bhíos ag plé le gluaiseachtaí na
bplátaí seo. Bíonn próisis éagsúla gheolaíocha ar obair áit a
dtagann dhá phláta le chéile: ansin a bhíos talamhchreathanna le
mothú agus bolcáin nua ag fás.
Tá
an Domhan beo le bolcánachas. Le fírinne tá an Domhan eisceachtúil
go maith sa Ghrianchóras chomh gníomhach is atá sé ó thaobh an
bholcánachais de. Is iad na substaintí radaighníomhacha nádúrtha
is mó is cúis leis an teas taobh istigh den Domhan: nuair a thagas
meath radaighníomhach orthu, scaoiltear le radaíocht, is é sin le
fuinneamh, agus an fuinneamh sin á chlaochlú go teas. Úráiniam,
tóiriam, agus potaisiam (an t-iseatóp radaighníomhach úd 40K,
nó potaisiam 40) na dúile is mó atá i gceist.
Cloch
atá sa chuid is mó den Domhan, agus is éard atá sa chuid is mó
den chloch ná sileacáití. Is éard atá i sileacáit ná ainian
(ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) atá comhdhéanta as
ocsaigin agus sileacan, agus é ceangailte de chaitiain éagsúla
(iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu).
Iain mhiotail is mó a bhíos ann (is é sin adaimh mhiotail a thug
leictreoin ar iasacht uathu), ach bíonn iain níos casta ná sin
ann.
ATMAISFÉAR
AN DOMHAIN: CÉATADÁIN NA nGÁS ÉAGSÚIL SAN AER THIRIM
|
|
Nítrigin (N2) | 78.09 % |
Ocsaigin (O2) | 20.95 % |
Argón (Ar) | 0.93 % |
Dé-ocsaíd charbóin (CO2) | 0.041 % |
Neon (Ne) | 0.0018 % |
Héiliam (He) | 0.00052 % |
Meatán (CH4) | 0.00018 % |
Crioptón (Kr) | 0.00011 % |
Hidrigin (H2) | 0.000055 % |
Is
gnách atmaisféar an Domhain a dheighilt ina chisil mar seo:
Ainm an chisil | Airde | Nótaí |
An t-eisisféar | Ó sheacht gcéad go fiche míle ciliméadar | Is mó a bhaineas sainmhíniú an eisisféir le himtharraingt an Domhain ná le brú an atmaisféir. Go bunúsach tá deireadh leis an eisisféar san áit a bhfuil an ghrianghaoth níos láidire ná an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar na móilíní gáis. |
AN TEIRMEASTAD – SEACHT gCÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an t-eisisféar agus an teirmisféar ó chéile | ||
An teirmisféar | Ó ochtó ciliméadar go seacht gcéad ciliméadar | Tá an chuid seo den atmaisféar an-te, de réir chomh sciobtha is a bhíos na móilíní is na hadaimh ag gluaiseacht. Tá an gás chomh scaipthe anseo áfach nach n-aithneodh aon teirmiméadar (ná aon duine) an teocht sin – a mhalairt bheadh mothú mór fuachta ann. Bíonn na hadaimh ianaithe sa chuid seo den atmaisféar, agus mar sin tugtar ianaisféar ar an teirmisféar agus ar chodanna den mhéisisféar agus den eisisféar araon. |
AN MÉISEASTAD – CEITHRE SCÓR CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar, agus an áit is fuaire san atmaisféar, de réir luas gluaiseachta na n-adamh. | ||
An méisisféar | Ó chaoga go hochtó ciliméadar | Murab ionann agus an teirmisféar, tá an méisisféar ag dul i bhfuacht suas, fiú de réir luas gluaiseachta na n-adamh. Is é an méiseastad (an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar) an áit is fuaire san atmaisféar. |
AN STRATASTAD – LEATHCHÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an strataisféar agus an méisisféar ó chéile | ||
An strataisféar | Ó dhá chiliméadar déag go caoga ciliméadar | Tá an strataisféar níos fuaire thíos, níos teo thuas, agus é féin roinnte ina chisil éagsúla (sin é an tuige a dtugtar strataisféar air – féach focail ar nós stratum agus stratification sa Bhéarla, nó fiú sraith na Gaeilge). |
AN TRÓPASTAD – DHÁ CHILIMÉADAR DÉAG OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an trópaisféar agus an strataisféar | ||
An trópaisféar | Ó dhroim an phláinéid go dhá chiliméadar déag | An chuid den atmaisféar is aithin dúinn féin gan dul i muinín gléasra eolaíochta agus taighde. Tá an trópasféar níos teo thíos, agus níos fuaire thuas. |
Domhanlíne
a
thugtar ar
an líne a tharraingíos an réad sa spás-am –
is é sin, sa spás ceathairthoiseach ina nglactar leis an am mar
cheathrú toise.
Domhanloinnir
a
thugtar ar phláinéadloinnir an Domhain. Is í an phláinéadloinnir
an solas
a
chaitheas an pláinéad ar thaobh
na hoíche dá ghealach (nó dá chuid gealach) –
as an nGrian don tsolas seo ó thús, ar ndóigh.
Tugtar liathsholas
na
Gealaí nó
liathbhreo
na Gealaí
ar
an domhanloinnir a aithnítear ar an nGealach s'againn freisin.
No comments:
Post a Comment