Cairt
Franklin-Adams a
thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha
(grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach
Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams
an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann
Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh.
Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir
féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.
Cairteacha
Wolf-Palisa a
thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil
Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba
é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an
chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar
rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf
na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh
sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a
fuair bás sa bhliain 1925 i Vín. Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna
hastaróidigh chomh maith, agus d'aithin is a d'ainmnigh siad cuid
mhór acu.
Caiseoipé
a
thugtar ar an
réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir
an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is
iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha
Cassiopeiae),
Caph (Beta
Cassiopeiae),
Gamma
Cassiopeiae
(nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah
(Ksora, Delta
Cassiopeiae),
agus Segin (Epsilon
Cassiopeiae).
Tríd
is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go
sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar,
ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de
chomhbhaill na hilréalta. Tá an réalta seo suite faoi 230
solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht
gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread
chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.
Réalta
athraitheach ar aon chineál le Delta
Scuti
í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a
chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i
gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar
sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go
léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian,
trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche
chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta
bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma
ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta.
Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir ar bith aici. Tá sí
ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht
áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an
meánchiorcal ná idir na poil.
Réalta
athraitheach eile í Gamma
Cassiopeiae,
agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí
suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is
B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í.
Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le
Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá
sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na
réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na
gile, is dócha.
Bhí
Gamma
Cassiopeiae
tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair
spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa
spás. Bhaist an spásaire Virgil
”Gus”
Grissom Navi
ar
an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation
(loingseoireacht)
a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás
nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27
Eanáir 1967 – níor imigh an spásbhád sin ón gceap lainseála
riamh, mar sin, agus
ní raibh ach druileáil i gceist acu i
ndáiríre.
Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i
gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an
spástaistil.
Maidir
le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is
ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é
Rukbat,
a thagraíos d'Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.)
Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór,
agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go
tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den
bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre
oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina
fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go
bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.
Segin,
arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta
í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an
nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí
naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh
fairsing.
Tá
cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé
nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc
go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta
dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta
– í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is
ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh
geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a
thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile
den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.
Calafoirniam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 98. Cf
an
tsiombail, agus fuair an dúil a hainm ó stát California sna Stáit
Aontaithe, ós rud é gur ansin, i Saotharlann Lawrence Berkeley, a
sintéisíodh an chéad uair í.
Cosúil
leis na dúile trasúránacha eile is dúil éagobhsaí
radaighníomhach é an calafoirniam. Tá
an t-iseatóp is cobhsaí beagnach naoi gcéad bliain ar leathré,
áfach, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar airíonna
ceimiceacha an chalafoirniam. Is
iad +2, +3 agus +4 na huimhreacha ocsaídiúcháin, agus is é +3 an
staid ocsaídiúcháin is coitianta, mar a bhíos ag na lantanóidigh
agus ag na hachtanóidigh de ghnáth.
Baintear
úsáid as calafoirniam a 252 mar foinse neodrón, leis an slabhra
imoibriúcháin a thosú sna himoibreoirí núicléacha mar shampla.
Callisto:
Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de
chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa
bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus
Europa). Ní raibh d'ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar
a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon
Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon
Mayr an
leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo
faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.
Tá
Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos
éadroime ná é.
An
Camchéachta nó
an
Céachta nó
an
tSeisreach a
thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar
Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus
Alkaid.
RÉALTAÍ
AN CHAMCHÉACHTA
|
|||||
Ainm |
Litir
Ghréagach in ainmníocht Bayer |
Aicme
speictreach |
Méid
dhealraitheach |
Fad
na réalta uainn (solasbhlianta) |
Lonrachas/mais
i gcomparáid leis an nGrian |
Dubhe |
Alpha
Ursae Majoris |
K |
1.8 |
124 |
316/4.25 |
Merak |
Beta
Ursae Majoris |
A |
2.4 |
79 |
64/2.7 |
Phekda
(Phecda, Phad) |
Gamma
Ursae Majoris |
A |
2.4 |
84 |
?*/3.0 |
Megrez |
Delta
Ursae Majoris |
A |
3.3 |
58 |
14/1.6 |
Alioth |
Epsilon
Ursae Majoris |
A |
1.8 |
81 |
4/2.9 |
Mizar |
Zeta
Ursae Majoris |
A |
2.1 |
78 |
(ilréalta) |
Alkaid
(Benetnasch) |
Eta
Ursae Majoris |
B |
1.9 |
101 |
1.4/6 |
*)
Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a
mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.
Candam
a
thugtar ar phacáiste beag fuinnimh, cosúil leis an bhfótón (an
candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice
comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin
timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na
leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir
leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul
ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog
chruinn fhuinnimh – candam - a fháil a fhreagraíos don difríocht
idir an dá leibhéal.
Mar
sin, má théann solas na gréine trí ghás – gás hidrigine, cuir
i gcás – fágfaidh an gás línte tanaí dubha i speictream an
tsolais. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil na hadaimh ag ionsú
(ag sú isteach, ag ól isteach) fuinnimh ón solas agus go bhfuil an
fuinneamh seo ag floscadh na leictreon, is é sin á gcur ó leibhéal
amháin go leibhéal eile, agus go bhfuil dáileog chruinn fuinnimh –
candam – ag teastáil leis an gcineál seo léim a chur i gcrích.
Freagraíonn
fuinneamh an chandaim do thonnfhad áirithe, do mhinicíocht áirithe
agus do dhath áirithe, agus fágann an t-ionsú líne ionsúcháin
san áit ar an speictream a bhfuil an dath áirithe seo suite. Dá
mb'amhlaidh nach mbeadh sa solas ach fuinneamh
leanúnach, is dócha go bhféadfadh an leictreon fuinneamh a
fhlosctha a ól isteach go leanúnach chomh maith, beag beann ar an
tonnfhad agus ar an minicíocht, agus ní fheicfí línte ionsúcháin
ar bith.
Is
éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht
leictreamhaighnéadach – an solas infheicthe,
an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na
radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht
– candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.
Canóin
na nÉiclipsí nó
Canon
der Finsternisse
(Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na
Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor Ritter von
Oppolzer i dtoll le chéile. D'fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na
hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí
féin bás a fháil. D'oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí d'ocht
míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207
roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice
agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais
é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i
bhfad roimh lá na ríomhairí.
Ostarach
a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus
d'éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina
réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás
réasúnta óg.
Canopus
nó
Alpha
Carinae nó
Soheil
atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán
A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de
réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá
sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle
níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian
ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad
ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair
Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is
bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an
ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a
bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí
ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na
Sean-Ghréige.
Tá
Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do
stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.
Caor
thine nó
bóilíd
a
thugtar ar dhreige is gile ná gnáthréalta reatha.
An
Capall Beag nó
Equuleus
a
thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce,
Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus
ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha
Equulei
nó Kitalpha atá ar an réalta
is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta
bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán
phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190
solasbhliain dínn.
Capella
atá
ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha
Aurigae.
Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad
Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta
bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus
Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is
dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear
go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.
Carbón
atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a sé, agus is é C
an
tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is iomaí foirmle
cheimiceach ina bhfeictear an tsiombail seo, nó tá an carbón in
ann naisc cheimiceacha
a
cheangal beagnach
gan teorainn gan chuimse. Dá thoradh sin is é an carbón is bunús
leis an mbeatha féin: na móilíní is na comhdhúile ríchasta a
bhíos i mbun sainoibre sna cealla beo, ní fhéadfá a leithéidí a
bhunú ar aon dúil cheimiceach eile.
Is
í an chumraíocht leictreonach atá ag an gcarbón ná 1s22s22p2.
Ciallaíonn
an méid sin go bhfuil ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon
ag
an adamh carbóin, agus go bhfuil ceithre nasc ceimiceacha ag
teastáil leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Go bunúsach, is
dual don charbón naisc chomhfhiúsacha a cheangal de dhúile
neamh-mhiotalacha eile –
gan aon trácht a dhéanamh ar na hadaimh charbóin eile.
Tá
dhá iseatóp cobhsaí ag an gcarbón, mar atá, 12C
(carbón a dó dhéag) agus 13C
(carbón a trí dhéag). Is
é an chéad cheann acu an t-iseatóp is coitianta, mar is léir ón
meáchan adamhach 12.011. Is
é carbón a ceathair déag, nó 14C
(carbón
a ceathair déag),
an raidiseatóp nádúrtha, agus iarsmaí de ar fáil i gcarbón an
dúlra –
radacarbón
a thugtar ar an iseatóp seo freisin.
Níl
an radacarbón ach 5730 bliain ar leathré, agus mar sin, thiocfadh
meath radaighníomhach ar gach adamh de i rith na n-aeón geolaíoch,
ach go bé go bhfuil buansoláthar radacarbóin ann: nuair
a bhuaileas neodróin ón radaíocht chosmach núicléis nítrigine
in uachtar an atmaisféir, is é is toradh dó seo ná núicléis
radacarbóin, agus na núicléis seo á meascadh tríd an gcarbón i
ndúlra an Domhain. Mar
sin bíonn leibhéal
cobhsaí radaighníomhaíochta
ag
carbón
nádúrtha na neachanna beo go léir: bíonn siad ag ithe bia (a
bhfuil carbón nádúrtha ann) agus ag baint carbóin óna
dtimpeallacht ar dhóigheanna eile, agus is é an cineál seo
idirghníomhaíochta
a sheachnaideas
tuilleadh radacarbóin in éiric na núicléas ar tháinig meath
radaighníomhach orthu. Nuair a gheobhas an neach beo bás, áfach,
tiocfaidh deireadh leis an malartú carbóin seo, agus tosóidh
leibhéal na radaighníomhaíochta ag dul síos sa charbón atá in
iarsmaí an neacha sin. Air
seo atá an dátú
radacarbóin
bunaithe, is é sin, dátú na seaniarsmaí trí thomhas na
radaighníomhaíochta iontu.
Ní
hé an radacarbón an t-aon iseatóp radaighníomhaíoch atá ag an
gcarbón, ach is núiclídí saorga gearrshaolacha iad na cinn eile
ar fad. Is é 11C
(carbón
a haon déag)
an ceann is fadsaolaí
acu, agus níl sé féin ach fiche nóiméad ar leathré.
Tá
dhá allatróp nádúrtha
coitianta
ag
an gcarbón agus
é aonraithe ina dhúil ghlan:
an diamant agus an ghraifít. Tá
struchtúr tríthoiseach ag criostail an diamaint, agus gach adamh
timpeallaithe ag ceithre cinn eile go siméidriúil. Naisc
chomhfhiúsacha iad na naisc idir na hadaimh sa chriostal diamaint,
agus mar sin ní seoltóir maith leictreachais é an diamant, toisc
nach bhfuil leictreoin dílogánaithe
ann. Mar
is eol do chách, tá an diamant an-chrua freisin. Scéal eile ar fad
í an ghraifít. Tá
criostal na graifíte comhdhéanta as cisil
déthoiseacha agus na leictreoin dílogánaithe ag sní go saor
eatarthu. Mar
sin tá an ghraifít sobhriste, agus í i bhfad níos fearr ag iompar
sruth leictreachais ná na neamh-mhiotail tipiciúla.
Allatróp
neamhchoitianta de chuid an charbóin is ea an lonsdaeilít a fuair a
hainm ó Kathleen Lonsdale, criostalagrafaí
Éireannach. Is gnách ”diamant heicseagánach” a thabhairt ar an
lonsdaeilít, toisc go
bhfuil struchtúr heicseagánach ag an gcriostal lonsdaeilíte. Tá
an lonsdaeilít an-chrua, cosúil leis an diamant. Níl lonsdaeilít
ar fáil i ndúlra an Domhain, ach is féidir teacht uirthi ar
dhreigítí ón spás ó am go ham.
Maidir
le comhdhúile an charbóin, is
féidir a rá gur eolaíocht ar leith é a dtaighde – eolaíocht ar
a dtugtar ”an cheimic orgánach”, agus is í an cheimic
neamhorgánach atá i gceist leis an taighde ar chomhdhúile na ndúl
eile. Is iad na naisc idir na hadaimh charbóin, na slabhraí fada
carbóin, is bunús leis an idirdhealú
seo. Mar sin féin, is féidir a rá gur fearr comhdhúile áirithe
carbóin a áireamh ar na substaintí ”neamhorgánacha”, cosúil
leis an dé-ocsaíd charbóin CO2
agus
an aonocsaíd charbóin CO.
Ní
mór an cheimic orgánach a aithint thar an mbithcheimic:
is í an bhithcheimic ná ceimic
na n-orgánach beo. D'fhéadfá a rá gur brainse den cheimic
orgánach í an bhithcheimic, ach ar ndóigh tá ról ag substaintí
áirithe neamhorgánacha féin sa bhithcheimic (is substaint
neamhorgánach í an ocsaigin ghlan, O2,
mar shampla).
Is
féidir leis an adamh carbóin nasc dúbailte nó triarach a cheangal
de cheann eile. Mar
sin tá nasc dúbailte i móilín na heitéine C2H4,
agus nasc triarach i móilín na haiceitiléine C2H2.
Hiodracarbóin iad an dá chomhdhúil seo, chomh maith leis an meatán
CH4
agus an t-eatán CH3CH3,
nach bhfuil ach naisc shimplí iontu.
Na
feidhmeanna casta a bhíos ag na comhdhúile bithcheimiceacha sna
cealla beo, tá siad bunaithe ar adamhghrúpaí a bhfuil saintréithe
speisialta acu – feidhmghrúpaí, mar a thugtar orthu. Samplaí
d'fheidhmghrúpaí iad an grúpa aildéadach -C(H)O (úsáidtear na
lúibíní lena chur in iúl nach bhfuil nasc ar bith idir an adamh
hidrigine H agus an t-adamh ocsaigine O), an grúpa
hiodrocsaile
-OH ar a n-aithnítear na halcóil is na feanóil (féach
an t-eatanól, is é sin,
an gnáthalcól C2H5OH),
an grúpa carbocsaile -C(O)OH
a bhíos ag na haigéid charbocsaile cosúil leis an aigéad formach
HC(O)OH nó an t-aigéad aicéiteach CH3C(O)OH,
agus a lán eile. Is
féidir leis na comhdhúile orgánacha dhá fheidhmghrúpa nó níos
mó a bheith acu: sampla maith de seo is ea na haimínaigéad, a
bhfuil idir aimínghrúpa -NH2
agus carbocsailghrúpa -C(O)OH acu.
Castor
an
t-ainm traidisiúnta ar Alpha
Geminorum,
an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Chúpla. Le fírinne is
ilréalta (séréalta) é Castor. Tá trí dhéréalta ann: Castor A,
Castor B, agus Castor C, cé gur mar aon réalta amháin a aithníos
súil an duine an t-iomlán. Glactar
leis go bhfuil Castor C ag fithisiú an dá dhéréalta eile.
Déréaltaí
speictreascópacha iad na déréaltaí seo go léir, is é sin ní
féidir iad a aithint mar dhéréaltaí gan breathnuithe a dhéanamh
ar an speictream. Tá
an córas go léir suite cuíosach cóngarach dúinn, is é sin, níl
sé ach faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.
Is
A-réaltaí iad Castor Aa agus Castor Ba (is é sin, an dá
chomhréalta is gile), agus an dá cheann acu dhá-trí oiread chomh
mór leis an nGrian de réir na maise. Abhaic
dhearga iad Castor Ab agus Castor Bb (is é sin, compánaigh an dá
chomhréalta is gile). Maidir le Castor C, tá
dhá abhac dearga ann. Bladhmréaltaí
iad na habhaic dhearga go léir i gcóras Castor.
Catalóg
Ghinearálta Boss an
chatalóg réalteolaíoch a d'fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin
Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC
(General
Catalogue
an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag
is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar
fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d'fhoilsigh
athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé
mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i
gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh
maith lena athair roimhe.
Catalóg
Messier a
thugtar ar an gcatalóg réalteolaíoch
a
chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile
thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa
chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a
mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na
réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d'oibrigh sé
amach catalóg de réadanna a d'fhéadfaí a thógáil in ainriocht
cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad
is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an
Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice
le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige
Ginearálta).
Is
í an Chatalóg
Réaltghrafach an
chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí
a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas
Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá
thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá
raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an
Chatalóg Réaltghrafach),
nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua
grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná
sin, síos go 14 ar mhéid (Carte
du Ciel nó
”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan). Bhí
an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte
seo.
Bhí
an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh
sí
chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha
bliain á tabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sí
bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis
sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte
du Ciel,
i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt
a ghlacadh san
obair
a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.
Ar
feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra
mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na
réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na
réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an
réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na réaltaí
go tuiscint theoiriciúil a bhforbartha)
le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na
ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal
arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo
i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos
a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.
Catóid
a
thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus
í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu –
caitiain,
mar a thugtar orthu.
Ceann
na Péiste
a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir
Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an
Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann
na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na
bPéisteanna. Is í Alpha
Serpentis,
nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa
réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana
dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é
sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa
dromchla ná an Ghrian s'againn.
Ceantar
na Gréine
a thugtar ar an réigiún spáis timpeall na Gréine. Is féidir a rá
go bhfuil Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta
Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar
sin de réir gach sainmhíniú.
Cearnóg
Mhór Pheigeasais
a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:
-
Alpha Pegasi, nó Markab;
-
Beta Pegasi, nó Scheat;
-
Gamma Pegasi, nó Algenib;
-
agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.
Ceartairde
(dronairde, ceartéirí, dronéirí) a
thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí
réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a
fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe
áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an
Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí),
ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Gualainn nó stua í an
cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama
(uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna,
stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire
is fiche agus ciorcal iomlán. Má
úsáidtear
aonaid stua seachas aonaid ama leis an gcomhordanáid seo a thabhairt
le fios, ní ghlaofar ceartairde/dronairde uirthi ach uair-uillinn.
Is
iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a
d'fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le
réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí maithe
a
bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí”
agus ”dronairde” a úsáid. Ina
lán teangacha tá ainm an choincheapa
seo bunaithe ar ascensio
recta (”éirí
ceart”) na Laidine (right
ascension as
Béarla, Rektaszension
as Gearmáinis, ascension
droite as
Fraincis, rektascensja
as Polainnis, rektaskensio
as
Fionlainnis).
Ceathramhán:
Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina
ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo.
Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí
a úsáidtear.
Focal
é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar an
Réalt-Aistear
(Star
Trek)
freisin,
mar chuid den teicneachabaireacht. Tá
sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí, de
réir mar is dealraitheach,
go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina
cheathramháin,
agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an
nós
seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san
fhíor-réalteolaíocht.
An
Ceathramhán,
nó An
Ceathramhán Múrach,
a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach
Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus
an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe
aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na
gCuadraintídí ainmnithe as. Quadrans
nó
Quadrans
Muralis an
t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.
Ceathrú
an
téarma a thagraíos ar an gcuma atá ar an ngealach nuair atá leath
a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is
é sin, is ionann ”ceathrú” i gcaint na réalteolaithe agus
”leathghealach” i gcaint na ngnáthdhaoine. Tá
an ghealach i
mbéal ceathrún
nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin
roimh an ngealach
lán.
Is í an cheathrú
dheireanach atá
ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad,
is é sin roimh an nua-ré. D'fhéadfá
an dara ceathrú a thabhairt ar an ngealach
lán,
ach ní gnáthúsáid a bheadh ann: níl
sé coitianta ”ceathrú” a thabhairt ach ar an dá leathghealach.
Ceiféas
a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf,
Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í
Alderamin, nó Alpha
Cephei, an
réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi
solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh
mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil.
Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an
phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina
fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in
Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.
Errai,
nó Gamma
Cephei,
an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma
Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta
an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta
í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta
bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa
bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó
ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I
ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar
an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an
tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht
réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.
Alfirk,
nó Beta
Cephei,
an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá
inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach
ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta
Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta
speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar
dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus
comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.
Réalta
athraitheach de chineál ar leith í Delta
Cephei.
Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta –
d'fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn
lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a
shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina
dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi
n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di.
Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla,
ó F go G agus ar ais.
Tá
aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar
atá, na Ceifidí.
Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme
speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall
tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an
gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.
Ceilt
a
bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe
eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar
shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil
an Ghealach idir sinn agus í.
Más
í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt
air sin, ach éiclips nó urú (gréine).
Céimeanna
na Gealaí
a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a
fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an
chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go
bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós,
toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an
nua-ré
ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin
ar an nGealach, agus í ag fás. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na
nua-ré tá an Ghealach i
mbéal ceathrún,
agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán.
Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá
sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-ré
nó iomlán
gealaí
ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís,
agus í ag dul i laghad anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh
na nua-ré, níl ach leath an
diosca
soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an
cheathrú dheireanach.
Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an
corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.
Tugtar
mí
shionadach nó
mí
ghealaí ar
an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá
sé
naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá
scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag
luainiú idir 29.8 lá agus 29.26 lá, de réir is mar a bhíos
imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.
Céim
stua a
thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is
seascadú cuid) den chiorcal iomlán.
An
Ceinteár (Centaurus
an leagan Laidine, Centauri
an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí
don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an
Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist
Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.
Is
í an tríréalta úd Alpha
Centauri,
an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá
trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Toliman,
nó Alpha
Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is
ciall le proxima
na
Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad:
is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín
níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Toliman,
agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is
abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú
ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le
fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i
gcónaí, cé
acu atá
baint cheart imtharraingthe
ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag
dul thar bráid.
Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn,
ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.
Tá
Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí
geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile.
Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta
phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil
le hAlpha Centauri.
Maidir
le Beta
Centauri,
is tríréalta í. Ainmneacha
eile ar Bheta Centauri iad Agena
agus
Hadar.
Fathachréaltaí B-aicme iad an triúr acu, agus iad suite faoi
cheithre chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Tá
an tríréalta iomlán breis is dhá scór míle oiread níos lonrúla
ná an Ghrian s'againn. Maidir
leis an mais, tá an dá chomhréalta is troime – Beta Centauri A1
agus Beta Centauri A2 – timpeall ar dheich n-oiread chomh téagartha
leis an nGrian, agus an tríú ceann – Beta Centauri B – cúig
oiread chomh téagartha léi. Mar
is dual do na réaltaí B-aicme, tá siad go léir bánghorm, agus
iad i bhfad níos teo ná an Ghrian agus i bhfad níos sciobtha ag
spíonadh a gcuid hidrigine.
Gamma
Centauri arís,
is déréalta í. Muhlifain
an t-ainm traidisiúnta. Fathaigh nó fo-fhathaigh iad an dá
chomhbhall, agus is A-réaltaí iad – réaltaí bánghorma, cé
nach bhfuil siad chomh te leis na B-réaltaí. Tá
Gamma Centauri suite faoi chéad agus dhá scór solasbhliain dínn.
Ceinteáir
a
thugtar ar aicme ar leith d'astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd
a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is
é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir
dearcadh orthu mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a
bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na
miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar
ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron
sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an
ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar
trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat –
níl sí ar déanamh na liathróide).
Ba
é Hidalgo an chéad cheinteár a d'aithin na réalteolaithe, thiar
sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo
réadanna go fóill – d'aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é.
Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse
Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as
ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus
agus Amycus.
Ceres
an
ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le
fírinne ní dhearctar uirthi
mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad
cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é
sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin
in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chileaméadair
ar trastomhas. Tá trian de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres.
Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an
abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn
an
chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres,
nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid
mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go
bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar
atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den
dromchla oighir.
Chiron
a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir
an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977.
Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná
le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin
fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí
– na ”ceinteáir”. Dá réir sin d'ainmnigh siad as ceann de
cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a
fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d'fhithis
Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean) taobh amuigh
d'fhithis Úránais.
Ciantréimhseach:
Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil
tréimhsiúil
nó peiriadach.
(Athruithe
tréimhsiúla nó
peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta
agus an peiriad, an
tréimhse
nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i
gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil,
áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid
le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó
timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha,
ach
amháin go bhfuil siad
chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an
timthrialla a thomhas.
Is
é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular.
Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé
tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma
réalteolaíochta sa Ghaeilge.
Cignídí:
dreigechith
iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala
(Cygnus)
i Mí Lúnasa.
An
Chíle (ainm
Laidine: Carina,
ginideach: Carinae)
atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás
an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an
Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta
ina timpeall, ba chuid den Long (Argo
Navis)
í ar dtús.
Is
é Canopus, nó Alpha
Carinae,
an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus
é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos
gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá
cóngarach dúinn).
Maidir
le Beta
Carinae
nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith.
Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll
le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus
focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cf. placid
an
Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith
chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan,
agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil.
A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.
Níl
a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a
scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach
réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht
Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i
ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma
Argus Navis,
agus baisteadh Gamma
Velorum ar
an réalta sin (Vela
an
t-ainm Laidine ar na Seolta).
Tá
Eta
Carinae
ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go
leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na
milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s'againn. Tagann athruithe
móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras
ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór
fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór”
a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba
ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi
arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go
timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a
chéile – tógann sé cúig bliana go leith ar an dá réalta
timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a
bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach –
mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas
infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae
a cuid fuinnimh.
Chomh
mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go
bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina
dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta
Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall
cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na
n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl
di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais
é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is
féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den
chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí
eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i
stíl Eta Carinae”).
Cill
fhótaileictreach:
is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas
leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtugann
athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá
an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a
dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.
Cineálacha
lonrachais:
Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na
réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den
rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus
V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtí a cúig. Sa
chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag
tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian
s'againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an
gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán
fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis
an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd
=
sub-dwarf
an
Bhéarla, nó fo-abhac, agus D
= dwarf an
Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).
Ba
iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith
Kellman a d'oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na
1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan” nó
”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann
Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid
d'Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu
téann sé siar go dtí na caogaidí.
Ciogal
Mheatóin:
Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D'aithin an
réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi
mbliana déag agus 235 mhí gealaí (níl de dhifríocht ach dhá
uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus
bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár
bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na
seanársaíochta.
Ciogal
na ngrianspotaí:
peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na
Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin
iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal
den chineál seo a chur di.
Ciogal
Sótach:
Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig
lá is trí scór (365
lá),
beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé
aon
chiogal
Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís.
Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór
bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin
thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na
sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go
cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach
bunaithe ar Sotis,
arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne,
is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet),
nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach
na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir
éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain
Shótach
uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an
bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)
Ciorcal
an diallais:
an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a
socraítear an diallas, is é ciorcal an diallais é.
Ciorcal
comhlárnach:
Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá
chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne
ar
an réigiún eatarthu.
Ciorcal
éalárnach:
Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile,
agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.
Ciorcal
polach:
Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach.
Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos
faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin
in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus
tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin
in
aghaidh
na bliana chomh maith.
Ciseal
cúlaithe:
Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine,
díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte
ionsúcháin ar speictream na Gréine.
Ciseal
Kennelly-Heaviside:
Cuid d'ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an
tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo,
agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann
ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a
chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.
Fuair
an ciseal a ainm ó Arthur Edwin Kennelly, innealtóir leictreach
Gael-Mheiriceánach, agus ón bhfisiceoir féinteagasctha Sasanach
Oliver Heaviside.
Ciseal
vialait:
Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní
sa chuid is airde thuas d'atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an
tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.
Cisghealaí:
An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus
fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é, is é
sin, an spás ar ár dtaobh féin (cis)
den Ghealach. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is
é an cianspás é. Gineadach
baininscneach é an focal sin cisghealaí
go
foirmiúil, ach ní úsáidfeá an fhoirm cisghealach.
D'fhéadfá
”an spás trasghealaí” a thabhairt ar an gcianspás chomh
maith.
Claíomh
Oiríon:
Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le
feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat
an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon
comhdhéanta as 42
Orionis,
Theta
Orionis,
agus Iota
Orionis
chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb
é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa
Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).
Clann
chóiméad:
Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar
fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean)
an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina
bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil
cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de
chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach
í clann Iúpatair, cuir i gcás.
Claonadh
fithise:
Is éard
atá i gceist le
claonadh na fithise ná an ghualainn idir fithis an phláinéid (nó
a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más
ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid,
is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal
a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann
meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó
plána Laplace (an
leibhéal
a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).
Clóirín:
Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus is é Cl
an
tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Ceann de na halaiginí é an
clóirín, cosúil leis an bhfluairín, an bróimín, an t-iaidín
agus an t-astaitín, agus mar sin, tá aon leictreon amháin de dhíth
air leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Is gás uaine nó
buí-uaine é an clóirín le teocht an tseomra, agus é comhdhéanta
as móilíní dhá adamh, Cl2.
Fuair
an clóirín a ainm ó dhath an gháis, nó is é is brí leis an
bhfocal Gréigise úd khloros
ná
”bánuaine”.
Tá
an clóirín 35.45 aonad ar mheáchan adamhach. Is iad na hiseatóip
chobhsaí ná 35Cl
(trí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus 37Cl
(aon cheathrú cuid amháin de chlóirín an dúlra). Tá a leithéid
d'iseatóp ann agus 36Cl
freisin, ach is radanúiclíd é nach bhfuil ach rianta di le fáil
sa dúlra.
Is
í an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an gclóirín ná an
chlóiríd hidrigine, HCl. Má thuaslagtar san uisce é, gheofar
aigéad hidreaclórach. Aigéad láidir é an t-aigéad
hidreaclórach, agus mar sin, is gás nimhe í an chlóiríd
hidrigine. Tagann an t-aigéad seo isteach úsáideach sa
tionsclaíocht, áfach, agus mar sin is ceimiceán é a tháirgtear
go forleathan ar fud an domhain.
Tugtar
aqua
regia nó
”uisce an rí” ar thuaslagán measctha an aigéid nítrigh agus
an aigéid hidreaclóraigh. Creimeann an tuaslagán seo ”rí na
miotal”, is é sin, an t-ór. Is í an tríchlóiríd óir, AuCl3,
is toradh don imoibriú sin.
Ocsaídeoir
láidir é an clóirín agus é araiciseach chun imoibriúcháin. Mar
sin is nimh dhainséarach
é an gás clóirín, agus le fírinne ba é an chéad ghás nimhe ar
baineadh triail as i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda mar
arm ceimiceach ollscriosta.
Aon
duine a léigh, abair, an dán Dulce
et Decorum Est le
Wilfred Owen, tá a fhios aige nach ábhar magaidh é an t-ionsaí
clóirín. D'éirigh
an dá thaobh as an gclóirín go sciobtha, áfach, nuair a tháinig
gáis ab fhearr ná é chun úsáide: an fhoisgéin (an chlóiríd
charbóinile), ach go háirithe – tá dhá adamh clóirín i móilín
na foisgéine chomh maith le hadamh amháin carbóin agus ceann
amháin ocsaigine, is é sin, Cl2CO
an fhoirmle. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an fhoisgéin ar
na scamhóga, ionas go líontar le leacht iad – mar a bheadh an
duine á bhá ar talamh tirim. Níl boladh chomh láidir as an
bhfoisgéin agus atá as an gclóirín, áfach – chuirfeadh boladh
na foisgéine féar tirim i gcuimhne duit. Mar sin is féidir leis an
bhfoisgéin dochar tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga i
nganfhios don tsaighdiúir – scéal eile é an clóirín, nó
d'aithneodh an saighdiúir a bholadh agus
rachadh sé ar lorg a ghásphúicín
in am.
Nuair
a rachas an clóirín i gcomhdhúile le miotail, iompóidh sé ina
ian
clóiríde,
Cl-.
Tá an t-ian clóiríde breá cobhsaí, agus níl sé nimhiúil ann
féin. Clóirídí tábhachtacha iad an chlóiríd sóidiam NaCl, nó
gnáthshalann, agus an chlóiríd amóiniam NH4Cl,
a úsáidtear le tuilleadh blas a chur le milseáin liocrais. Cineál
salann é an chlóiríd chailciam freisin, CaCl2.
Is dual don chlóiríd chailciam uisce a ól chuici óna timpeallacht
– is substaint thais-scópach
í
mar a
deir
an téarmaíocht
– agus mar sin scaiptear ar na bóithre í le hiad a choinneáil
tirim. An
chuid is mó de na salainn chlóiríde tá siad so-thuaslagtha san
uisce, ach is í an chlóiríd airgid AgCl an eisceacht mhór. Sin é
an tuige go n-úsáidtear an níotráit airgid AgNO3
mar imoibrí leis na hiain chlóiríde a aithint: má chuirtear
níotráit airgid le tuaslagán a bhfuil iain chlóiríde ann,
rachaidh
na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile le
criostail a dhéanamh, agus
beidh
deascadh
clóiríde
airgid ann
ar
an toirt.
Tá
aithne ag an gcine daonna ar chomhdhúile clóirín cosúil leis an
ngnáthshalann ón réamhstair anuas, ach
ba é Carl Wilhelm Scheele an chéad cheimiceoir a d'aonraigh gás
clóirín agus a rinne taighde ceart ar airíonna na substainte seo,
sna
1770idí. Shíl sé, áfach, gur comhdhúil de shórt éigin a bhí
ann.
Ba é an ceimiceoir Humphry Davy ó Chorn na Breataine a d'aithin, sa
bhliain 1810, gur dúil cheimiceach a bhí i gceist, agus ba eisean a
bhaist an dúil sin.
Tá
sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil
HClO (nó HOCl, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad clórúil
HClO2
(nó HOClO), an t-aigéad clórach HClO3
(nó HOClO2)
agus an t-aigéad sárchlórach
HClO4
(HOClO3).
Ní
féidir ach an ceann deireanach acu a aonrú ón uisce; an trí cinn
eile is comhdhúile éagobhsaí iad nach maireann taobh amuigh den
tuaslagán uisce. Is
féidir leo salainn a dhéanamh le hiain mhiotail, áfach –
hipeaclóirítí, clóirítí agus clóráití. Ocsaídeoirí láidire
iad, agus is mar ocsaídeoirí a úsáidtear iad – bléitseálann
an hipeaclóirít sóidiam NaOCl teicstilí, mar shampla.
Maidir
leis an aigéad sárchlórach, tá sé i bhfad níos cobhsaí ná
ocsaigéid eile an chlóirín. Aigéad
thar a bheith láidir é, níos láidire ná an t-aigéad nítreach
féin. Is
féidir é a aonrú ón uisce, ach is ábhar sophléasctha é, chomh
maith lena chuid salann – na sárchlóráití. Ocsaídeoir láidir
é freisin, ar ndóigh. Is é an bhaint atá ag an aigéad
sárchlórach le cúrsaí an spáis ná go n-úsáidtear an
tsárchlóráit amóiniam mar bhreosla sna roicéid; thairis
sin d'aithin gléasra an spástaiscéalaí úd Phoenix
Mars Lander sa
bhliain 2008 go raibh sárchlóráit mhaignéisiam agus sárchlóráit
chailciam le fáil in úir Mharsa.
Bíonn
salainn an aigéid shárchlóraigh an-sothuaslagtha san uisce, de
ghnáth. Tá
an tsárchlóráit airgid féin sothuaslagtha san uisce agus ina lán
tuaslagóirí eile.
Scéal eile é áfach go bhfuil an tsárchlóráit photaisiam
dothuaslagtha, agus mar sin úsáidtear an t-aigéad sa cheimic
anailiseach mar
imoibrí
leis na hiain photaisiam, K+,
a aithint.
Tá
a lán ocsaídí ag an gclóirín freisin: an aonocsaíd déchlóirín
Cl2O,
an dé-ocsaíd chlóirín ClO2,
an heacsocsaíd déchlóirín Cl2O6,
an trí-ocsaíd déchlóirín Cl2O3,
an heaptocsaíd déchlóirín Cl2O7,
agus roinnt eile. Maidir
leis an heaptocsaíd déchlóirín, is ainhidríd
í don aigéad sárchlórach – is é sin má thagann sí i
dteagmháin le huisce imoibreoidh sí leis an uisce le haigead
sárchlórach
a dhéanamh.
Cóiméad
nó
réalta
scuaibe, réalta eireabaill, réalta mhongach nó
scuabréalta
a
thugtar ar réad beag a thagas ó imeall an Ghrianchórais i dtreo na
Gréine, ionas go bhfeictear radaíocht na Gréine ag baint damhna
den réad, agus an damhna sin ag lasadh suas mar a bheadh eireaball
solais
ag
an réad.
Go
bunúsach, ní bhíonn i gceist le cóiméad ach leac oighir den
chineál atá flúirseach i scamall Oort agus i gcrios Kuiper, ar
imeall an ghrianchórais. An dóigh a dtéann imtharraingt na réaltaí
is gaire dúinn i bhfeidhm ar an scamall sin, bíonn corraíl ann,
agus de thoradh na corraíola sin a fhágas na cóiméid an scamall
le bealach a dhéanamh i dtreo na Gréine.
Tugtar
núicléas
ar
an gcnap oighir féin. Timpeall an núicléis atá an cóma,
is é sin, an t-atmaisféar tanaí agus é comhdhéanta as móilíní
uisce agus pé cineál damhna eile atá sa núicléas féin. As an
gcóma a dhéantar eireaball an chóiméid.
Is
é an t-eireaball nó an scuab an ghné is feiceálaí den chóiméad.
Is éard atá ann ná ábhar a bhaintear de dhromchla an chóiméid
faoi bhrú na radaíochta ón nGrian agus
na grianghaoithe.
Le fírinne áfach is minic is féidir dhá eireaball éagsúla a
aithint ag an gcóiméad – an t-eireaball dusta agus an t-eireaball
gáis – ós rud é go
bhfuil ábhar eile ann – dusta cloiche
(sileacáití) –
i
mbreis ar an oighear.
Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach ní hionann luas a
ngluaiseachta.
Bíonn
na cóiméid ag dul timpeall na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus
is gnách iad a aicmiú ina dhá ngrúpa, mar atá, na cóiméid
ghearrthréimhseacha agus na cóiméid fhadtréimhseacha. Is as
scamall Oort taobh thiar de Neiptiún a thagas na cinn
ghearrthréimhseacha, agus is as crios Kuiper, an t-imeallbhord is
faide ón nGrian, do na cóiméid fhadtréimhseacha. Is iad na
cóiméid ghearrthréimhseacha na cinn a chríochnaíos turas amháin
timpeall na Gréine in aghaidh an dá chéad bliain, nó níos
minice, agus is iad na cinn fhadtréimhseacha na cinn a dtógann sé
níos mó ama orthu. Tá cóiméid neamhthréimhsiúla ann fosta, is
é sin cóiméid nach bhfanann sa Ghrianchóras tar éis an chéad
turas a thabhairt i dtreo na Gréine.
Téann
imtharraingt na réad mór – imtharraingt na bpláinéad, cuir i
gcás – i bhfeidhm ar na cóiméid ó am go ham, agus tarlaíonn sé
go mbuaileann cóiméad faoi phláinéad. Sampla clúiteach de seo is
ea cóiméad Shoemaker-Levy a bhuail Iúpatar sa bhliain 1994: ar
dtús thit an cóiméad seo as a chéile, agus ansin bhuail na
hiarsmaí an pláinéad. Ba mhillteanach an phléasc a bhí ann, agus
ar ndóigh bhí an t-imbhualadh seo tábhachtach do na réalteolaithe
agus
iad ag baint a gcuid tátal féin as.
Threisigh sé leis an tuairim atá ag cuid mhór acu gur sciath
chosanta é Iúpatar atá ag dul idir an Domhan agus dreigeoidigh nó
cóiméid ó imeall an ghrianchórais.
Cóiméad
Arend-Roland
a thugtar ar an gcóiméad a d'aithin na réalteolaithe Sylvain Arend
agus Georges Roland thiar sa bhliain 1956. Bhí sé geal as an ngnáth
nuair a tháinig sé i ngar don Domhan, agus mar sin áirítear ar na
cóiméid mhóra i stair na réalteolaíochta é. Cóiméad
neamhthréimhsiúil a bhí ann, is é sin, d'imigh sé as an
nGrianchóras tar éis dó a pheirihéilean (a gharphointe don
Ghrian) a fhágáil ina dhiaidh.
Cóiméad
Biela:
Fuair an cóiméad seo a ainm ó Wilhelm von Biela, oifigeach
Ostarach de phór na Gearmáine a raibh suim aige sa réalteolaíocht.
Ba iad Jacques Montaigne agus Charles Messier (an fear céanna a
chuir i dtoll le chéile catalóg na réaltnéalta!),
roimh
aon eolaí eile, a
d'aithin
an cóiméad seo beag
beann
ar a chéile sna 1770idí, ach ba é Biela a d'oibrigh amach, sa
bhliain 1826, mionsonraí matamaitice na fithise agus a dheimhnigh
tréimhse imrothlaithe an chóiméid – tuairim is 6.6 bliain.
Sa
bhliain 1845, chonaic na réalteolaithe go raibh dhá leath déanta
den chóiméad, agus ina dhiaidh sin, thit Cóiméad Biela as a
chéile. Níor fágadh ach dreigechith de – na hAndraiméidídí nó
na Bílídí – agus níl an dreigechith sin féin le feiceáil a
thuilleadh inniu.
Cóiméad
Donati:
Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Battista Donati a chuir an
chéad sonrú sa chóiméad seo thiar sa bhliain 1858. Bhí cóiméad
Donati ar an gcéad chóiméad ar tógadh grianghraf de riamh. Ceann
de chóiméid mhóra na staire é chomh feiceálach is a bhí sé,
agus deireadh lucht na comhaimsire gurbh é an cóiméad ab áille a
chonacthas riamh – ar a laghad chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm
ar a lán ealaíontóirí mar inspioráid. Glactar leis gur cóiméad
fadtréimhseach
é nach bhfillfidh ach sa cheathrú mílaois.
Cóiméad
Encke:
Cóiméad gearrthréimhseach é Cóiméad Encke nach dtógann sé ach
tuairim is trí bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.
Cuireadh sonrú sa chóiméad seo san ochtú haois déag, ach is é
an t-ainm a fuair sé ná sloinne an réalteolaí a d'oibrigh amach
mionsonraí a fhithise sa bhliain 1819, mar atá, Johann Franz Encke.
Cóiméad
Halley:
Ceann de chóiméid mhóra na staire é an cóiméad seo. Tógann sé
cúig bliana déag is trí scór air imrothlú amháin timpeall na
Gréine a chríochnú. Bíonn sé le feiceáil go soiléir ón Domhan
nuair a thagas sé i ngar don Ghrian, agus na teoiricí atá ag na
réalteolaithe i dtaobh na gcóiméad tá siad, cuid mhór, bunaithe
ar na breathnuithe a rinneadh ar an gcóiméad áirithe seo. Cosúil
le Cóiméad Encke, tá an cóiméad seo ainmnithe as an
matamaiticeoir a d'oibrigh amach airíonna a fhithise, seachas as an
duine a chuir an chéad sonrú ann. Edmund Halley a bhí ar an eolaí
sin, agus rinne sé an t-éacht i dtús na hochtú haoise déag.
Chonaic Halley an cóiméad le súile a chinn féin sa bhliain 1682,
agus bhí sé in ann filleadh an chóiméid a thairngreacht sách
cruinn, ach fuair sé féin bás breis is deich mbliana sula
bhfacthas a chóiméad arís.
Cóiméad
Holmes:
Ba é an réalteolaí Sasanach Edwin Holmes a chuir an chéad sonrú
sa chóiméad áirithe seo sa bhliain 1892. Tógann sé sé bliana
agus deich mí, a bheag nó a mhór, ar chóiméad
Holmes
turas amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach de ghnáth ní
bhíonn mórán cuid súl ann.
Cóiméad
Ikeya-Seki:
Cóiméad fadtréimhseach é an cóiméad seo ar chuir na
réalteolaithe Seapánacha Kaoru Ikeya agus Tsutomu Seki sonrú ann
sa bhliain 1965. Tháinig cóiméad Ikeya-Seki an-chóngarach don
Ghrian agus rinneadh trí chuid de, ach má rinneadh, chloígh na
codanna sin lena seanruthag ina dhiaidh sin féin. Nuair a d'imigh an
cóiméad ó lár an ghrianchórais, ní fhacthas arís é.
Cóiméad
Kohoutek:
Ba é an réalteolaí Seiceach Luboš Kohoutek a chuir an chéad
sonrú sa chóiméad áirithe seo. Chonacthas sa bhliain 1973 é,
agus bhain sé amach a gharphointe don Ghrian faoi dheireadh na
bliana. Cóiméad fadtréimhseach é nach bhfeicfear arís ach i
gceann seachtó is cúig mhíle bliain. Ba é an chéad chóiméad
riamh a ndearnadh breathnuithe air ó spásbháid – ba iad an
spásbhád
Sóivéadach Soyuz a Trí
Dhéag
agus an spás-stáisiún
Meiriceánach Skylab a Ceathair
a bhí i gceist.
Cóiméad
Pons-Winnecke:
Seo cóiméad ar chuir an réalteolaí Francach Jean-Louis Pons an
chéad sonrú ann sa bhliain 1819. Chuaigh an cóiméad seo as
radharc ar na réalteolaithe idir an dá linn, ach ansin rinne an
Gearmánach Friedrich August Theodor Winnecke a athfhionnachtain sa
bhliain 1858. Cóiméad gearrthréimhseach é nach dtógann sé ach
corradh is sé bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.
Coimhdire
a
thugtar ar an gcomhbhall is lú i ndéréalta
– is coimhdire é Sirius B, mar shampla.
Cóimheas
Pogson:
Ar scála logartamach na gile, tá réalta na séú méide céad
oiread níos gile ná réalta na chéad mhéide. Is é is impleacht
dó sin ná, más ionann gile na réalta seo agus m,
agus más í gile na réalta úd eile agus m
+
1, de réir an scála, is é is brí leis sin ná go bhfuil an réalta
úd eile timpeall is 2.512 oiread níos gile ná an réalta seo. Is í
an uimhir sin cóimheas Pogson. Le bheith beacht, is ionann cóimheas
Pogson agus an cúigiú fréamh as céad, is é sin, más ionann x5
(cúigiú
cumhacht an x)
agus
100, is ionann x
agus
cóimheas Pogson. Ba é an réalteolaí Sasanach Norman Robert Pogson
a d'oibrigh amach an córas seo faoi lár na naoú haoise déag.
Coindrít
a thugtar ar dhreigít atá fáiscthe as dusta agus mionábhar eile
spáis, agus cáithníní an mhionábhair seo le haithint i gcónaí
mar choindriúil
sa chloch. Deoirín damhna é an coindriúl a ghreamaigh den
dreigeoideach amuigh sa spás.
An
Choirceog an
t-ainm Gaeilge ar Praesepe
nó
réad uimhir a 44 i gcatalóg Messier (M44). Réaltbhraisle oscailte
í atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phortáin, agus í ar na
braislí oscailte is cóngaraí dúinn. Tá réaltaí na Coirceoige
suite faoi chúig nó sé chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a
mhór, agus is léir óna ndualghluaisne go bhfuil baint éigin ag an
gCoirceog le braisle Hyades. Tá timpeall ar mhíle réalta sa
Choirceog agus iad nasctha dá chéile ag an imtharraingt; an chuid
is mó acu tá siad sách beag, ach d'aithin na réalteolaithe cúig
fhathachréalta ansin chomh maith. Ba é Galileo Galilei, roimh aon
duine eile, a rinne breathnuithe teileascóip ar an gCoirceog, agus é
in ann dhá scór réalta a aithint thar a chéile ansin.
An
Colgán nó
Dorado
an
réaltbhuíon atá suite idir an Siséal, an Clog, an Líontán, an
Phéist Bheag, an Tábla, an tIasc Eitilte, agus an Péintéir. Ba
é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a shainigh an
réaltbhuíon seo sa tseachtú haois déag. Ar feadh i bhfad áfach
ní raibh na réalteolaithe ar aon tuairim faoi ainm ceart na
réaltbhuíne seo, nó is iomaí duine acu a thugadh Xiphias
uirthi
– ainm Laidine nó Gréigise ar an gcolgán. Ainm Portaingéilise é
Dorado, áfach.
Doradus
an
ginideach Laidine de Dorado a úsáidtear in éineacht le hainmneacha
na litreach Gréagach i gcóras ainmníochta Bayer: Alpha
Doradus, Beta Doradus, Gamma Doradus...
Is
í an réalta is gile sa Cholgán ná Alpha Doradus, ar déréalta í:
réaltaí teo bánghorma iad an dá chomhbhall, agus iad cúpla
oiread níos troime, níos mó ná an Ghrian. Tá siad chomh lonrúil
áfach is go n-aicmítear mar fhathachréaltaí iad. Le bheith
beacht, fo-fhathach atá i gceann acu, agus fíorfhathach sa cheann
eile. A-réalta é an fathach, agus is B-réalta é an fo-fhathach,
de réir an speictrim.
Tá
an chuid is mó de Scamall Mór Magellan le feiceáil sa Cholgán.
An
Colm nó
Columba
a
thugtar ar an réaltbhuíon idir an Madra Mór, an Giorria, an
Siséal, an Péintéir, agus Deireadh na Loinge. Is gnách glacadh
leis gurbh é an réalteolaí Ollannach Petrus Plancius a cheap an
réaltbhuíon seo is a d’ainmnigh í i ndeireadh na séú haoise
déag, cé go bhfuil leideanna ann gur réaltbhuíon thraidisiúnta a
bhí ann i ndáiríribh. Is ar éigean is féidir a rá go mbeadh
cuid súl sa Cholm. Phact, nó Alpha
Columbae,
an réalta is gile sa réaltbhuíon: fo-fhathach B-aicme atá i
gceist, agus é suite faoi 260 solasbhliain dínn. Wazn an seanainm
atá ar Beta
Columbae,
an dara réalta is gile. Réalta fhlannbhuí K-aicme í, agus í
suite faoi 87 solasbhliana dínn.
Colúr
a
thugtar ar cheann de dhá phríomh-fhadlíne an sféir neamhaí. Is é
colúr
an ghrianstad an
colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá ghrianstad
(is é sin, túsphointe Cancer
agus túsphointe Capricornus).
Is é an colúr
cónochta
an colúr a ritheas tríd an dá phol neamhaí agus an dá chónocht
(is é sin, túsphointe Aries
agus túsphointe Libra).
Cóma
an focal is bunús le ”cóiméad”: is éard atá sa chóma ná
”atmaisféar” an chóiméid. Móilíní uisce agus dusta is mó a
bhíos ann. Thairis sin aithnítear comhdhúile ceimiceacha
simplí
eile seachas uisce i gcóma na gcóiméad: dé-ocsaíd charbóin
(CO2),
aonocsaíd charbóin (CO),
suilfíd hidrigine (H2S),
ciainíd hidrigine (HCN)
agus formaildéad (HCHO),
mar shampla.
Comharthaí
an Stoidiaca a
thugtar ar na teascóga den éiclipteach
a chomhionannaítear le réaltbhuíonta an Stoidiaca san
astralaíocht. Sainmhínítear
na comharthaí seo de réir réalteolaíocht na sean-Bhablóine, rud
a chiallaíos nach bhfuil na réaltbhuíonta agus na comharthaí ag
freagairt dá chéile a thuilleadh, nó tháinig athrú áirithe ar
an spéir idir
an dá linn, chomh sean is atá na réaltchatalóga Bablónacha –
is í luainíocht na gcónocht is cúis leis an athrú seo.
Thairis
sin is ionann gach teascóg agus aon dóú cuid déag den
éiclipteach, ach ar ndóigh tá réaltbhuíonta an Stoidiaca éagsúil
maidir
leis an gcuid den éiclipteach atá fúthu. Scéal
eile fós go bhfuil réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna dingthe idir
an Scairp agus an Saighdeoir, agus an t-éiclipteach ag rith tríthi,
ach ina dhiaidh sin féin ní thugann
lucht na hastralaíochta aitheantas dá leithéid de chomhartha
stoidiaca.
Is
iad comharthaí
an Stoidiaca ná an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an
Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar,
an tUisceadóir, agus na hÉisc. ”An tUisceadóir” an t-ainm
Gaeilge a bhíos ag lucht scríofa na dtuismeánna ar an gcomhartha
úd Aquarius,
ach is é ”Iompróir an Uisce” an t-ainm a mholas an Foclóir
Réalteolaíochta don
réaltbhuíon.
Comhathrú
an domhanleithid
nó guagadh
Chandler
a thugtar ar ghné áirithe de nútú an Domhain, is é sin, ar an
athrú a thagas ar an mbaint atá ag ais rothlúcháin an Domhain
lenár bpláinéad féin mar chorp soladach. Athrú
tréimhsiúil é guagadh Chandler. Ba é an geolaí Meiriceánach
Seth Chandler a d'aithin comhathrú an domhanleithid sa bhliain 1891.
Comhbhaill
a
thugtar ar na réaltaí a bhfuil córas déréaltach
nó ilréaltach
comhdhéanta astu.
Comhdhlúthuithe
corónacha
a
thugtar ar limistéir áirithe
i
gcoróin na Gréine atá níos teo agus níos gile ná a bhfuil ina
dtimpeall. Tá baint acu le gníomhaíocht mhaighnéadach na Gréine.
Comhéifeacht
athraonta
an uimhir a thugas coibhneas luas an tsolais san fholús agus luas an
tsolais i meán áirithe. Mar shampla, tá an t-uisce 1.333 ar
chomhéifeacht athraonta, rud
a chiallaíos go bhfuil an solas aon tríú cuid níos sciobtha san
fholús ná san uisce.
Ní
mór aird a thabhairt air go bhfuil an chomhéifeacht
athraonta bunaithe ar luas na dtonnta solais. Mar sin, is féidir di
bheith beagáinín níos ísle ná a haon. Sa
chás sin féin áfach ní bhristear an dlí nádúrtha a deir nach
dtig luas an tsolais a shárú, nó ní iompraíonn na tonnta féin
aon
chineál eolais ná damhna. Má
thagann athrú ar mhinicíocht an tsolais, áfach, ní sháróidh
luas forleata an athraithe sin luas an tsolais, ós
iompróir eolais, nó fiú giota eolais ann féin, atá san athrú
sin.
Comhiompar
an
focal a thagraíos d'aistriú an teasa trí aistriú na móilíní nó
na n-adamh –
is é sin, nuair a bhíos na móilíní nó na hadaimh ag
gluaiseacht, bíonn siad ag iompar an teasa agus an fhuinnimh leo.
Is
é an comhiompar is cúis le haistriú an teasa sa chuid eachtrach
den Ghrian, a dtugtar crios
an chomhiompair uirthi;
taobh istigh de chrios an chomhiompair atá crios na radaíochta, áit
a bhfuil an fuinneamh
á iompar ag an radaíocht, seachas ag na móilíní nó
na hadaimh.
Comhlínitheoir
a thugtar ar ghléas a úsáidtear le solas nó radaíocht a
chomhlíniú
– is é sin, leis na gathanna a stopadh ó spré agus a choinneáil
go tiubh in aice le chéile. Solas an-chomhlínithe atá i gceist
leis an solas léasair, agus d'fhéadfá a rá go bhfuil an léasar
ar an gcomhlínitheoir is láidire amuigh.
Comhlionsa
atá
i gceist le lionsa atá curtha i dtoll le chéile as lionsaí éagsúla
agus iad déanta as cineálacha éagsúla gloine.
Úsáidtear comhlionsaí leis
na hiomraill optúla sna lionsaí a íosmhéidiú. Sampla
tábhachtach de seo is ea an comhlionsa
neamhchrómatach.
Go bunúsach, ní hionann an fócas do na tonnfhaid éagsúla i
lionsa aonair, rud a tharraingíos iomrall
crómatach (iomrall datha),
ionas go bhfeictear, abair, sórt ”bogha báistí” de dhathanna
timpeall ar an réalta sa teileascóp. Comhlionsaí
neamhchrómatacha iad na comhlionsaí atá ceaptha go speisialta le
baint den iomrall chrómatach.
Comhordanáidí
neamhaí
a thugtar ar na comhordanáidí a úsáideas na réalteolaithe le
háit na rinne neimhe ar an spéir a shocrú is a shainmhíniú.
Bíonn córais éagsúla chomhordanáidí acu le haghaidh cuspóirí
éagsúla:
-
Córas na léaslíne. Tá an córas seo bunaithe ar an áit a bhfuil an breathnóir féin suite ar dhroim an Domhain. Is í an léaslíne a shocraíos bunphlána an chórais agus nialas an leithid (is é sin, nialas na hairde). Is iad poil an chórais seo ná an forar (an pointe os cionn an bhreathnóra) agus an nadair (an pointe taobh thíos den bhreathnóir). Tugtar airde (leithead) agus asamat (fad) ar na comhordanáidí. Is féidir tuaisceart nó deisceart na léaslíne a úsáid mar nialas don fhad (don asamat).
-
Córas an mheánchiorcail. Is féidir an córas seo a bhunú ar lárphointe an Domhain (an leagan geolárnach den chóras, mar a déarfá) nó ar lárphointe na Gréine (an leagan héilealárnach den chóras). Is é an meánchiorcal neamhaí nialas an leithid, agus is é cónocht an Earraigh nialas an fhaid. Diallas a thugtar ar an leithead sa chóras seo, agus tá dhá fhad éagsúla ann: an cheartairde (an ceartéirí, an dronéirí, an dronairde) agus an uair-uillinn. Tá an cheartairde ag dul i méadaíocht soir, agus an uair-uillinn ag dul i méadaíocht siar. Cé gur uaillinn atá i gceist leis an gceartairde chomh maith leis an uair-uillinn, tugtar an dá rud in aonaid ama seachas in aonaid stua, ionas gurb ionann an ciorcal iomlán agus ceithre huaire is fiche ar an gclog.
-
Córas an éicliptigh. Tá an leagan geolárnach agus an leagan héilealárnach ann. Is é an t-éiclipteach is nialas don leithead, agus is é cónocht an Earraigh is nialas don fhad. Tugtar fad éicliptigh agus leithead éicliptigh ar an bhfad agus ar an leithead sa chóras seo.
-
Córas na gcomhordanáidí réaltracha. Is é lárphointe na Gréine bunphointe na gcomhordanáidí. Is é plána an réaltra is nialas don leithead, agus is é lárphointe an réaltra is nialas don fhad. Tá an pol thuaidh suite i bhFolt Bheirnicé, agus an pol theas sa Dealbhóir.
Compánach
is
féidir a thabhairt ar cheann de na réaltaí sa déréalta. Is gnách
compánach nó coimhdire
a
thabhairt ar an gcomhbhall is laige: mar shampla, is ionann
”compánach Sirius” agus Sirius B.
Comparadóir
caochaíola an
gléas
d'úsáidtí sna laethanta a bhí le dhá ghrianghraf réalteolaíocha
den limistéar chéanna den spéir a chur i gcomparáid le chéile.
D'fhéadfadh an réalteolaí dul ó ghrianghraf amháin go grianghraf
eile go sciobtha agus é in ann na difríochtaí a aithint – sonrú
a chur i gcóiméad, abair, nó i réad eile a bhí ag gluaiseacht go
luath i gcomparáid le cúlra suaimhneach
na réaltaí i gcéin. Le
gléas den chineál seo a d'aithin Clyde Tombaugh Plútón sa bhliain
1930, mar shampla. Ba é an fisiceoir Gearmánach Carl Pulfrich a
chéadcheap an comparadóir caochaíola sa bhliain 1904.
Inniu,
is fearr leis na réalteolaithe ríomhairí a úsáid le haghaidh
comparáidí mar seo, agus is gnách na grianghrafanna réalteolaíocha
féin a choinneáil i dtaisce i bhfoirm leictreach ar dhioscaí
ríomhaire.
An
Compás
a thugtar ar
an
réaltbhuíon atá
suite idir an Riail, an Faolchú, an Ceinteár, Cros an Deiscirt, an
Chuileog, agus Triantán an Deiscirt. Ba é Nicolas
Louis de Lacaille a shainigh is a d'ainmnigh an Compás (Circinus
as
Laidin) thiar
san ochtú haois déag. Níl
an Compás ar réaltbhuíonta feiceálacha na spéire; an réalta is
gile atá ann, is é sin Alpha Circini, is
réalta phríomhsheichimh í a dtagann athruithe (ascaluithe) ar a
gile go tiubh – réalta mhearascalach a thugtar ar a leithéid. Níl
Alpha Circini suite ach
faoi
leathchéad
solasbhliain dínn.
Compás
an Mhairnéalaigh
nó Pyxis
nó
Pyxis
Nautica a
thugtar ar an réaltbhuíon
atá
suite idir na Seolta, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, agus an
tAerchaidéal. Réaltbhuíon
fhann é Compás an Mhairnéalaigh; is fathachréalta B-aicme í an
réalta is gile i gCompás an Mhairnéalaigh (Alpha
Pyxidis)
agus í suite faoi naoi gcéad solasbhliain dínn, a bheag nó a
mhór. Ritheann
plána
Bhealach na Bó Finne trí Chompás an Mhairnéalaigh.
Compás
diallais nó
méadar
diallais a
thugtar ar an
uirlis
a úsáidtear leis
an diallas maighnéadach (an difríocht idir tuaisceart an mhaighnéid
agus an fíorthuaisceart) a thomhas.
Conair
an lándorchadais:
Má théann an Ghealach idir an Ghrian agus an Domhan, caithfidh sí
a scáil ar an Domhan, rud ar a dtugtar urú gréine (nó
éiclips gréine).
Tá
an Domhan agus an Ghrian araon níos mó ná an Ghealach, rud a
chiallaíos nach féidir leis an nGealach iomlán an Domhain a
fhágáil i ndorchadas. Ní bhíonn ach réigiún áirithe de dhroim
ár bpláinéid faoi lánscáil na Gealaí, agus ar ndóigh tá an
réigiún
sin ag athrú
de réir is mar atá an Domhan féin ag déanamh bulla báisín.
Tugtar
conair
an lándorchadais ar
an mbealach a leanas an lánscáil le linn an uraithe.
Cónasc
atá
i gceist má tá dhá rinn neimhe le feiceáil in aice a chéile –
go bunúsach, más ionann an dronairde (an ceartéirí, an
cheartairde) don dá réad, nó más ionann an diallas don dá réad.
An
pláinéad atá ag fithisiú na Gréine taobh istigh d'fhithis an
Domhain, má tá sé i gcónasc agus é ar an taobh thall den Ghrian,
deirimid gur cónasc
uachtair atá
i gceist. Más ar an taobh abhus den Ghrian atá sé, is éard atá i
gceist ná cónasc
íochtair.
Cónocht
– Sa ghnáthchaint, is ionann an cónocht agus an lá atá ar aon
fhad leis an oíche: cónocht an fhómhair agus cónocht an earraigh.
Maidir
leis na réalteolaithe, tugann siadsan cónocht ar phointe teagmhála
an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh. Tá dhá phointe den
chineál sin ann:
cónocht an fhómhair (túsphointe Libra) agus cónocht an earraigh
(túsphointe Aries). Ainmneacha
stairiúla iad ”túsphointe Libra” agus ”túsphointe Aries”,
nó, de thoradh luainíocht na gcónochtaí, tá na pointí sin suite
i réaltbhuíonta eile ar fad inniu, seachas na cinn óna bhfuair
siad a n-ainm. Réalteolaí
sean-Ghréagach
a bhaist mar sin iad, sé scór bliain roimh Chríost. Aries
an t-ainm Laidine ar an Reithe, agus Libra
a thugtar ar an Meá.
Copairniciam
atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a 112, agus is é Cn
an
giorrúchán. Mar dhúil throm thrasúránach, tá an copairniciam
an-radaighníomhach, agus mar sin is deacair a dhath a fháil amach
faoina airíonna ceimiceacha. Fuair
an dúil a hainm ó Nioclás Copernicus (Polainnis: Mikołaj
Kopernik),
an réalteolaí Polannach.
Copernicus
an
leagan Laidine de
shloinne an réalteolaí Pholannaigh Nioclás
Copernicus
(Mikołaj
Kopernik),
ach thar aon rud eile, is cráitéar millteanach ar an nGealach é
Copernicus a fuair a ainm ón réalteolaí. Tá
Copernicus timpeall ar dheich gciliméadar is ceithre scór ar
trastomhas, agus é
suite ar an taobh den Ghealach atá iompaithe inár dtreo. Is féidir
é a fheiceáil gan dul ach i dtuilleamaí na ndéshúileach.
Cráitéar
réasúnta óg é Copernicus, agus le fírinne tugtar ”tréimhse
Copernicus” ar an tréimhse is deireanaí i ngeolaíocht stairiúil
na Gealaí.
Tá
cráitéar
ar Mhars freisin a bhfuil an t-ainm céanna air, agus é thart ar
thrí chéad ciliméadar ar trastomhas – i bhfad níos mó ná an
ceann ar an nGealach.
Córas
Cassegrain
– Is éard atá i gceist leis seo ná dearadh teileascóip a
chuireas ar ár gcumas frithchaiteoir (teileascóp scáthánbhunaithe,
teileascóp frithchaiteach) a thógáil a bhfuil a fhad
fócasach níos mó ná fad an ghléis féin. Is
é is bunsmaoineamh do chóras Cassegrain ná go bhfuil scáthán
mór cuasach ann agus poll ina lár. Frithchaithfidh an scáthán seo
an solas ar scáthán beag dronnach atá suite os comhair an phoill.
Ansin rachaidh an solas isteach sa pholl a bhfuil an fócas taobh
thiar de.
Is
gnách glacadh leis gurbh é an
sagart agus an t-optaiceoir féinteagasctha Laurent
Cassegrain a chéadcheap an dearadh seo sna 1870idí, ach is féidir
gur rith an smaoineamh le hoptaiceoirí
eile faoin am chéanna.
Córas
héilealárnach a
thugtar ar an tuiscint go bhfuil na pláinéid agus réadanna beaga
eile an Ghrianchórais ag fithisiú na Gréine – d'fhéadfá ”córas
grianlárnach” a thabhairt uirthi chomh maith. Rith
an smaoineamh seo le réalteolaithe sean-Ghréagacha féin. An chéad
duine acu a raibh tuiscint héilealárnach aige ar an nGrianchóras
ba é Aristarchus
ó Samos é. Ina
dhiaidh sin, áfach, fuair an tuiscint
gheolárnach
(an
tuiscint a chuir an Domhan i lárphointe na hollchruinne)
an lámh in uachtar go ceann na gcéadta bliain, cé go raibh
réalteolaithe
áirithe
fonnmhar locht a fháil air.
An
leagan den gheolárnachas a
bhí i bhfeidhm san am, is gnách córas Tholamaeis a thabhairt air.
Ba
é Claudius Ptolamaeus, nó Tolamaes mar a thugaimid air as Gaeilge,
a d'fhág a ainm ar an gcóras sin. Mhair
Tolamaes i gCathair Alastair (Alexandria) san
Éigipt sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost. Saoránach
Rómhánach a bhí ann, ach mar ba ghnách i gcúigí oirthearacha
Impireacht na Róimhe, ba í an Ghréigis teanga a chuid scríbhinní.
Ba
é an Polannach Mikołaj
Kopernik, nó Nicolaus
Copernicus as Laidin,
a d'athbheoigh an córas héilealárnach sa
bhliain 1514 leis an tráchtas beag úd Commentariolus.
Nuair a bhí a shaol ag druidim chun deiridh, bhí sé ag obair ar
shaothar eile, De
revolutionibus orbium coelestium
(”Faoi imrothluithe na reann neimhe”), a chuaigh i gcló faoin am
a fuair sé bás, sa bhliain 1543.
Is
minic a shíltear go raibh ar Chopernicus a thuiscint ar struchtúr
an ghrianchórais a chosaint ar an Eaglais Chaitliceach nó go raibh
an Eaglais go tréan in aghaidh an héilealárnachais. Ní mar a
shíltear a bhítear, áfach. Bhí
Copernicus na scórtha bliain ag déanamh créafóige nuair a chuaigh
an Eaglais chun cogaidh ar an héilealárnachas, agus
ba é an tIodálach Galileo Galilei ba mhó a bhí thíos leis.
Bhí
Galilei ina cheannródaí ag baint úsáide as an teileascóp le
breathnuithe réalteolaíocha a dhéanamh, agus sa bhliain 1610
d'fhoilsigh sé saothar beag eolaíochta ina ndearna sé cur síos ar
a raibh feicthe aige, Sidereus
Nuncius nó
”Teachtaire na Réaltaí”. Bhí
sé tar éis ceithre shatailít a aithint ag Iúpatar, agus
breathnuithe déanta aige ar an nGealach s'againn féin: chonaic sé
cuid mhaith cráitéar agus gnéithe tír-raoin eile uirthi fosta.
Bhain
Galilei an chonclúid as an iomlán go raibh an Ghealach agus na
pláinéid déanta as damhna den
chineál chéanna
agus an Domhan féin. Go
nuige sin ba é tuiscint na n-eolaithe clasaiceacha cosúil le
Tolamaes agus Arastótal go
raibh na réaltaí agus na pláinéid déanta as an ”gcúigiú
dúil”
nach raibh gaolmhar le ceithre dhúile an Domhain (is é sin, an
t-uisce, an tine, an talamh agus an t-aer, de réir mar a thuig
eolaithe na seanársaíochta an scéal) agus go raibh siad foirfe,
gan cháim gan locht,
cosúil le Dia féin. Bhréagnaigh
breathnuithe Galilei an tuiscint seo, agus ba
é sin an phríomhchúis leis an dóigh ar chaith an Eaglais le
Galilei. Ní raibh an Eaglais ag cur in aghaidh an héilealárnachais
mar ghléas matamaitice le gluaiseachtaí na réadanna neimhe a
áireamh – ba é an phríomhfhadhb ná gur spreag an
héilealárnachas
Galilei chun smaointí eiriceacha eile. Rud
eile fós go
raibh pearsana an Bhíobla ag tagairt do ghluaiseachtaí na Gréine,
ar nós éirí agus luí na Gréine, agus mar sin ba é tuiscint an
Bhíobla, dar leis na diagairí, gurbh í an Ghrian a bhí ag
gluaiseacht seachas a mhalairt.
Ní
hionann sin is a rá nach mbeadh réalteolaithe de chuid na hEaglaise
– na réalteolaithe Íosánacha ach go háirithe – tar éis a
thabhairt faoi deara go raibh fadhbanna ag roinnt le córas
Tholamaeis. Ní
raibh siad sásta glacadh leis an Domhan mar rinn neimhe i measc a
leithéidí eile agus é ag gluaiseacht, áfach. Bhí siad claonta
chun tacaíocht a thabhairt do chóras Tycho Brahe: sa tsamhail sin
bhí an Ghrian ag dul timpeall an Domhain agus na pláinéid ag
fithisiú na Gréine.
Chaith
Galilei deireadh a shaoil faoi
bhraighdeanas baile, ach má chaith, mhair an héilealárnachas ag
dul chun cinn. Ba
é an Gearmánach Johannes Kepler ba mhó a d'fhorbair an teoiric sa
tseachtú haois déag. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile
fosta: eisean a d'aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad
fithisí na bpláinéad. D'fhoilsigh
sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome
astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint
ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.
Nuair
a bhí an seachtú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an
chéad eagrán de mhórshaothar Isaac Newton, Philosophiae
naturalis principia mathematica (”Prionsabail
mhatamaiticeacha na fealsúnachta nádurtha”), i gcló –
Principia,
mar is gnách a thabhairt air. Glactar
leis go forleathan gurbh é Principia
an
saothar réabhlóideach eolaíochta a
chuir tús leis an bhfisic agus leis an réalteolaíocht i gciall an
lae inniu. Cuid
den réabhlóid ab ea an héilealárnachas. Faoi
thionchar shaothar Newton chuaigh an Eaglais féin le héilealárnachas
i rith na hochtú haoise déag, cé gur mhair an cosc ar shaothar
Galilei i bhfad ina dhiaidh sin féin.
Córas
meiniscis
– Tugtar córas meiniscis
ar dhearadh áirithe teileascóip ina gcuirtear lionsa meiniscis
(lionsa atá cuasach ar thaobh amháin, dronnach ar an taobh eile) os
comhair
an réadscátháin le
hiomraill an scátháin a cheartú. Ba é an t-optaiceoir Rúiseach
Dmitry Maksutov a chéadcheap an córas meiniscis, agus mar sin is
gnách teileascóp Maksutov a thabhairt ar an gcóras freisin.
Córas
pláinéadach a
thugtar ar na pláinéid atá ag dul timpeall ar réalta áirithe,
agus iad á gceangal den réalta sin ag an imtharraingt. Go
dtí le déanaí, bhí ár gcóras féin ar an t-aon chóras
pláinéadach amháin a raibh aithne ag an gcine daonna air, ach sa
bhliain 1992 chuir na
réalteolaithe sonrú i dtrí phláinéad timpeall ar neodrónréalta
áirithe atá suite i réaltbhuíon na Maighdine. Fuair na pláinéid
seo na hainmneacha Draugr,
Phobetor,
agus Poltergeist.
Inniu,
tá na réalteolaithe an-díograiseach faoi na córais phláinéadacha
amuigh sa chianspás, agus na
céadta eiseapláinéid
fionnta acu cheana féin, mar
a thugtar ar na pláinéid i gcórais phláinéadacha eile.
Córas
réaltach
a thugtar ar réaltaí atá ceangailte dá chéile ag an imtharraingt
agus
iad ag fithisiú a chéile
– is é sin, is córais réaltacha iad na déréaltaí is na
hilréaltaí. Tá
sé tábhachtach na fíor-chórais réaltacha a dhealú ó na cinn
optúla. Na dé- agus na hilréaltaí optúla, is éard atá i gceist
leosan ná réaltaí nach bhfuil siad
ach suite ar aon líne ón Domhan, ionas go bhfeicimid in aice le
chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile.
Córas
Tholamaeis a
thugtar ar an tuiscint gheolárnach ar struchtúr an ghrianchórais
agus na hollchruinne – is é sin, an tuiscint a chuireas an Domhan
sa lárphointe. Fuair
an córas a ainm ó Claudius Ptolemaeus, nó Tolamaes, a
chaighdeánaigh an geolárnachas sa dara haois i ndiaidh bhreith
Chríost.
Cheap
Tolamaes a chóras le gluaiseachtaí na reann neimhe a áireamh roimh
ré – le huruithe Gréine agus Gealaí a thairngreacht, abair. Mar
sin, fuair sé riachtanach córas an-chasta matamaitice a chur i
dtoll le chéile. Coincheapanna
tábhachtacha sa chóras iad an ciorcal iompair agus
an
t-eipiciogal. Go
bunúsach, shíl Tolamaes agus na matamaiticeoirí réalteolaíocha
roimh a lá féin go raibh gach pláinéad ag timpeallú pointe
áirithe réasúnta gar don phláinéad féin – ba é an fhithis
seo an t-eipiciogal. Ach ansin bhí an t-eipiciogal féin ag dul
timpeall an Domhain ar chonair ar a dtugtaí an ciorcal iompair.
Ghlac
Tolamaes leis an tuiscint seo óna chuid réamhtheachtairí agus
chuir sé a chasadh féin inti. Feabhsú
ab ea a leagan féin den chóras ar ar tháinig roimhesean, agus mar
sin d'fhan a chóras in úsáid ar feadh na gcéadta bliain.
Bhí
Tolamaes ar na daoine ba léannta
lena linn féin, agus
níor theorannaigh sé é féin don réalteolaíocht agus don
astralaíocht:
chum
sé tráchtas tábhachtach tíreolaíochta freisin, mar shampla. Cé
go raibh a chóras réalteolaíoch bun os cionn le tuiscint
an lae inniu,
tá
cuid dá obair beo inniu féin, ó rinne sé cion fir ag léarscáiliú
na spéire freisin.
Sna
laethanta a bhí, ba ghnách leis na healaíontóirí coróin
a tharraingt ar chloigeann Tholamaeis sna pictiúirí a rinne siad
de,
ó ba eisean ”rí na réalteolaíochta”.
Córas
Tycho
a thugtar ar an gcomhréiteach idir córas Copernicus agus córas
Tholamaeis a rith leis an réalteolaí Danmhargach Tycho (Tyge)
Brahe. Ba
é barúil Tycho go raibh cuid den cheart ag Copernicus agus cuid ag
Tolamaes: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh an Domhan gluaiseacht ar
bith a dhéanamh, chomh támh trom is a bhí sé, ach san am chéanna
ba léir dó go
raibh Copernicus in ann gluaiseachtaí na bpláinéad a léiriú ní
b'fhearr ná Tolamaes. Ba é a theoiricsean go raibh na pláinéid ag
fithisiú na Gréine, agus an Ghrian ag fithisiú an Domhain.
Córas
UBV
– Córas é an córas UBV (ultraviolet
– blue – visible,
ultraivialait
– gorm – infheicthe) a úsáidtear le réaltaí
a aicmiú de réir a méide dealraithí. Is éard a dhéantar ná
méid, nó gile, na réalta a thomhas de réir na radaíochta
ultravialait, an tsolais ghoirm agus an tsolais infheicthe go léir,
agus is é meán na luachanna seo a thugas méid na réalta de réir
an chórais áirithe seo.
Córas
uilleach a
thugtar ar an
leagan
forbartha de chóras Cassegrain. Sa chóras seo tá an súil-lionsa
ar thaobh an teileascóip, agus réimse
an-chúng radhairc ann.
Cor
Caroli nó
Croí
Shéarlais a
thugtar ar Alpha
Canum Venaticorum,
is é sin, an réalta is gile i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh.
Déréalta
í Alpha Canum Venaticorum, ach is é moladh Aontas Idirnáisiúnta
na Réalteolaíochta gan ”Cor Caroli” a thabhairt ach ar an
gceann is gile den dá chomhbhall sa déréalta. Is fathachréalta í
an réalta sin, agus í tuairim is céad oiread chomh geal agus an
Ghrian, cé nach bhfuil ach mais na Gréine méadaithe faoi thrí
inti.
Tá
Cor Caroli suite faoi chéad is cúig solasbhliana déag dínn.
Fuair
an réalta a hainm ón Rí Séarlas
a
hAon
de mhuintir na Stíobhartach. Ba
é Francis Lamb, thiar sa bhliain 1673, a bhaist Cor
Caroli Regis Martyris –
”Croí Shéarlais, an Rí agus an Mhairtírigh” – ar an réalta
ina réaltmhapa féin. Is
minic a shíltear, áfach, gurbh é Edmund Halley a d'ainmnigh as
Séarlas a Dó é.
Coróin
a
thugtar ar an scamall
plasma timpeall na Gréine, agus é ag sroicheadh na milliúin
ciliméadair amach sa spás. Bíonn an choróin le feiceáil le linn
urú iomlán na Gréine. Tá
an choróin i bhfad níos teo ná dromchla na Gréine, agus í
scartha ó fhótaisféar na Gréine ag an gcrómaisféar.
Coróin
an Deiscirt atá
ar an réaltbhuíon idir an Saighdeoir, an Scairp, an Teileascóp
agus an Altóir. Cé
go dtugtar ”coróin” uirthi, tá sí níos cosúla le crú
capaill. Fuair
sí a hainm ó Choróin an Tuaiscirt, ó tá an dá réaltbhuíon
réasúnta cosúil le chéile. Ba
é Claudius Tolamaes a bhaist an bheirt acu ina chuid scríbhinní
réalteolaíochta.
Is
í Alphecca Meridiana, nó Meridiana, nó Alpha Coronae Australis (nó
Alpha Coronae Austrinae) an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt.
A-réalta
í Alphecca Meridiana, agus í breis is dhá oiread chomh mór leis
an nGrian ó thaobh an trastomhais is na maise de; san am chéanna tá
sí tuairim is tríocha oiread níos lonrúla
ná an
Ghrian. Is
í an ghné is suntasaí di ná go bhfuil sí ag rothlú ar a hais go
han-sciobtha. Tá an radaíocht infridhearg as Alphecca Meridiana as
pabhar láidir, rud a thugas le fios go bhfuil fáinne dusta
timpeall na réalta.
Coróin
an Tuaiscirt a
thugtar ar an réaltbhuíon idir
Earcail, an tAoire agus Ceann na Péiste. Tugtar
Alphecca, Alphekka, Gemma nó An tSeoid ar an réalta is gile i
gCoróin an Tuaiscirt – Alpha
Coronae
Borealis an
t-ainm de réir chóras Bayer. Tá
Coróin an Tuaiscirt, nó astaireacht na réaltaí is gile inti,
cosúil le crú capaill, díreach ar nós Choróin an Deiscirt, agus
is ó Choróin an Tuaiscirt a fuair Coróin an Deiscirt a hainm.
Ceann de na sean-réaltbhuíonta traidisiúnta í Coróin an
Tuaiscirt, nó luaitear i scríbhinní réalteolaíochta Tholamaeis
féin í.
Déréalta
uraitheach í Alpha Coronae Borealis, is é sin tagann an coimhdire
go tráthrialta idir sinn agus an phríomhréalta, rud a aithnítear
mar íosmhéid solais in
athruithe
ghile
na déréalta. A-réalta
the bhán í an phríomhréalta, agus í cúpla oiread níos
téagartha ná an Ghrian s'againn. Tá
sí ceithre oiread déag is trí scór níos lonrúla ná an Ghrian,
cé nach n-áirítear ar na fathachréaltaí í, ach ar an
bpríomhsheicheamh. Maidir leis an gcomhbhall beag, is réalta
G-aicme é cosúil leis an nGrian, beagáinín níos lú ná í ó
thaobh na maise de. Tá
Alphecca suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dár
ngrianchóras.
Coróiniam
– Thiar sa naoú haois déag bhí an teoiric ag eolaithe áirithe
go raibh dúil cheimiceach nua ar fáil i gcoróin na Gréine. Is
é an t-ainm a cheap duine
acu – an Rúiseach Dmitry Mendeleyev (an
fear céanna a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl)
–
don dúil seo ná coróiniam nó niútainiam
(tagairt
do shloinne Isaac Newton a bhí i gceist leis an dara hainm a mhol
sé,
ar ndóigh).
Bhí an teoiric seo bunaithe ar an speictreascópacht, nó bhí líne
aitheanta ag
na heolaithe ar
speictream na Gréine
nach raibh siad in ann a athchruthú
sa tsaotharlann agus
nach raibh cosúil le línte speictreacha na ndúl aitheanta.
Mar
sin shíl siad go raibh dúil nua i gceist.
Mar
a fuarthas
amach ina dhiaidh sin
áfach
ba
é an t-iarann ba chúis leis an líne – ian
iarainn a raibh lucht deimhneach trí aonad déag aige (is
é sin adamh iarainn a thug uaidh trí leictreon déag).
Ní
dual don iarann a leithéid d'ian a dhéanamh faoi imthoscaí an
Domhain, agus mar sin ní raibh taithí ag na heolaithe air: na
hiain iarainn a bhíos le fáil i gcomhdhúile iarainn a bhfuil
aithne againn orthu níl ach lucht deimhneach dhá nó trí aonad
acu, agus
rachadh sé rite leat ian Fe13+
a chruthú sa tsaotharlann.
Corónagraf
a
thugtar ar ghléas a chuirtear os comhair an teileascóip
le diosca
na Gréine a dhorchú, ionas gur féidir leis na heolaithe
breathnuithe a dhéanamh ar choróin na Gréine nó
ar an gcuid den spéir atá timpeall na Gréine.
An
Chorr nó
Grus
a
thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an
Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann
d'”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an
Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é
an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet),
thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr
mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar
chuid d'Iasc an Deiscirt.
Is
é Alnair nó Alpha
Gruis
an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é,
ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé
ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh
lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an
bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina
fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius
féin.
ALNAIR
AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID
|
||||||
Réalta |
Trastomhas
(1 = trastomhas na Gréine) |
Mais
(1 = mais na Gréine) |
Aicme
speictreach |
Lonrachas
(1 = lonrachas na Gréine) |
Méid
dhealraitheach |
Fad
ón Domhan |
Alnair
(Alpha Gruis) |
3.4 |
4.0 |
B |
263 |
+1.74 |
céad
agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche) |
Sirius
A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta) |
1.7 |
2.0 |
A |
25 |
-1.47 |
ocht
solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé
dheichiú cuid) |
Maidir
le Beta
Gruis,
is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le
rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh
trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig
chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.
Gamma
Gruis
arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í
– is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht
ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó
thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad
is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í,
ar ndóigh.
Corraíl
– Glacaimis leis go bhfuil córas dhá rinn neimhe againn, agus
ceann acu ag dul timpeall an chinn eile – is maith an sampla iad an
Domhan agus an Ghealach, ar ndóigh. Tugtar corraíl
ar an
dóigh a gcuireann fórsaí eile seachas imtharraingt an Domhain (an
phríomhúlaigh)
isteach ar ghluaiseacht na Gealaí (na
satailíte),
ansin. Is
féidir le himtharraingt na Gréine, mar shampla, corraíl a
spreagadh i bhfithis na Gealaí; maidir leis na pláinéid, is léir
go mbíonn siad ina gcúis corraíola ag a chéile. An té a
chaitheas súil ar chóras na satailítí timpeall ar Iúpatar,
tuigfear dó ar an toirt gur féidir leo corraíl a tharraingt ar a
chéile.
Corrán
an Leoin a
thugtar ar astaireacht na réaltaí seo a léanas: Epsilon
Leonis,
Mu
Leonis,
Zeta
Leonis,
Gamma
Leonis,
Eta
Leonis,
agus Alpha
Leonis.
Mar
is léir ón ainm, tá sí ar dhéanamh an chorráin, agus
is cuid de réaltbhuíon
an
Leoin
í.
Cosmagnaíocht
a
thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar bhunús
na hollchruinne a thuiscint agus ar theoiricí a fhorbairt le breith
na hollchruinne a mhíniú. Is
í teoiric na hOllphléisce an múnla cosmagnaíochta is tábhachtaí
i réalteolaíocht an lae inniu.
Cosmeolaíocht
a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar fhás,
forbairt agus todhchaí na hollchruinne a thuiscint agus na dlíthe
nádúrtha a stiúras an fhorbairt sin a thaighde, a mhapáil agus a
oibriú amach.
Cothromaíocht
radantach atá
i gceist nuair atá córas dúnta de choirp againn, agus gach corp
acu ag tabhairt uaidh an fhuinnimh chéanna mar radaíocht agus atá
sé a ghlacadh chuige – is é sin, is ionann an radaíocht astaithe
agus an radaíocht ionsúite.
Cothromóid
Kepler
– Is í cothromóid Kepler ná:
M
= E – e sin
E
inarb
ionann:
-
M agus an mheán-aimhrialtacht;
-
E agus an aimhrialtacht éalárnach;
-
e agus an éalárnacht.
Seasann
sin
don
tsíneas, ar
ceann
de na feidhmeanna triantánúla é.
Ba
é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630)
ba thúisce a d'fhoilsigh
an chothromóid seo. Gléas matamaitice atá inti ar bhain sé úsáid
as agus é ag oibriú
amach na ndlíthe nádúrtha a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad,
nó dlíthe Kepler mar a thugtar orthu.
Cráitéar
– Go bunúsach is éard is cráitéar ann ná poll
mór sa talamh. Sa réalteolaíocht is iad na cráitéir dhreigíte
is tábhachtaí, is é sin, cráitéir a cruthaíodh nuair a bhuail
dreigít faoi dhromchla an phláinéid nó na gealaí. Ar ndóigh tá
cráitéir bholcánacha ann chomh maith – is é an cráitéar an
poll as a dtagann laibhe, deatach agus dusta, fad is a fhanas an
bolcán beo.
Crapadh
Kelvin nó
crapadh
Kelvin-Helmholtz a
thugtar ar an dóigh a gcrapann an scamall gáis chuige faoi
thionchar a imtharraingthe féin. San am chéanna tá an scamall ag
cailleadh fuinnimh mar theas.
Fuair
an crapadh a ainm ó William Thomson (tiarna Kelvin) agus ó Hermann
Helmholtz.
Crapadh
Lorentz-Fitzgerald a
thugtar ar chrapadh coibhneasaíoch
an fhaid. Go
bunúsach, is éard a deir teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein
ná gur tairiseach
(is é sin uimhir
dhearbh
dho-athraithe)
é luas an tsolais san fholús, nó c,
agus go gcaithfidh na hairíonna fisiceacha géilleadh don tairiseach
seo. Toradh
don ghéilleadh seo
é crapadh Lorentz-Fitzgerald. An spásbhád
atá á luasghéarú i dtreo luas an tsolais, tá
sí
ag dul i ngiorracht, mar a fheictear don bhreathnóir
atá suite socair – rud nach n-aithníonn siad siúd, áfach, atá
ag taisteal ar bhord an spásbháid.
Ní
mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil aon rud ná réad ”suite
socair” de réir theoiric na coibhneasaíochta, ach amháin i
gcoibhneas ruda eile. Mar sin, nuair a dúradh thíos go bhfuil an
breathnóir ”suite socair”, is ionann sin is a rá go bhfuil sé
suite socair i
gcóras
comhordanáidí ina bhfuil an réad eile ag gluaiseacht leis agus a
luas ag teacht i gcóngar do luas an tsolais.
Fuair
crapadh Lorentz-Fitzgerald a ainm ón bhfisiceoir Ollannach Hendrik
Lorentz agus ón Ollamh Éireannach George Francis Fitzgerald (nó
Seoirse Proinsias Mac Gearailt, más fearr leat an leagan sin).
Crios
Oiríon nó
an
Bhanlámh, nó
an
tSlat is an Bhanlámh,
nó Slat
an Rí,
nó Slat
an Cheannaí,
nó an
Fhearsaid,
nó Slat
an Bhodaigh
a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh –
más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios
an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná
Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó
gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá
trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar
atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.
Ilréaltaí
iad Alnitak agus Mintaka. Maidir
le hAlnilam, dealraíonn sé nach bhfuil compánach
ar bith aici.
Ainm traidisiúnta |
Alnilam |
Alnitak |
Mintaka |
Ainm de réir chóras
Bayer |
Epsilon Orionis |
Zeta Orionis |
Delta Orionis |
Aicme speictreach |
B (ollfhathach gorm) |
O (ollfhathach gorm) –
an phríomhréalta; B-réaltaí iad an dá chomhbhall eile |
O (ollfhathach gorm) –
an phríomhréalta; B-réaltaí iad na trí cinn is mó de na
comhbhaill |
Fad ón Domhan |
Tuairim is dhá mhíle
solasbhliain |
Tuairim is 1,260
solasbhliain (luach an-mhíchruinn!) |
Tuairim is míle agus dhá
chéad solasbhliain |
Mais i gcomparáid leis
an nGrian |
30-65 oiread |
23-43 oiread (an
phríomhréalta), 11-17 n-oiread (an ceann is mó den dá
chomhbhall eile) |
24 oiread (an
phríomhréalta), 8.4 + 22.5 + 9 n-oiread (na trí cinn is mó de
na comhbhaill eile) |
Lonrachas i gcomparáid
leis an nGrian |
Ocht gcéad tríocha míle
oiread |
Dhá chéad caoga míle
oiread (an phríomhréalta), tríocha dhá mhíle oiread (an ceann
is mó den dá chomhbhall eile) |
Céad is nócha míle
oiread (an phríomhréalta; níl na comhbhaill eile in aon chóngar
do bheith chomh lonrúil) |
Ga (nó trastomhas) i
gcomparáid leis an nGrian |
Dhá oiread is dhá scór |
Fiche oiread (an
phríomhréalta), seacht n-oiread (an ceann is mó den dá
chomhbhall eile) |
16.5 oiread (an
phríomhréalta), 6.5 oiread, 10.4 oiread, 5.7 oiread (na
comhbhaill eile) |
Dearbhmhéid |
-6.95 |
-6.0/-3.9/-4.1 |
-5.8 (go hiomlán), -5.4
(an phríomhréalta) |
Méid dhealraitheach |
1.69 |
1.77 (an trí chomhbhall
in éineacht) |
2.23 (na comhbhaill go
léir in éineacht) |
No comments:
Post a Comment