Bairiam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach a 56. Ba
an
tsiombail cheimiceach. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é an
bairiam, cosúil leis an maignéisiam, an cailciam, agus an
strointiam: tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh aige,
agus ochtréad ar an dara ceann, agus mar sin is dual dó an dá
leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaidh, ionas go gcruthófar ian
bairiam Ba2+.
Is
í an t-aon staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an mbairiam ina chuid
comhdhúl ná +2. Miotal
airgeadgheal é an bairiam, ach nuair a oibreos an t-aer air, ní
bheidh an loinnir sin i bhfad ag imeacht: chomh haraiciseach is atá
an bairiam chun imoibriúcháin, is dual dó dul
i gcomhdhúil le hocsaigin an aeir agus brat liath ocsaíde a
tharraingt. Is
féidir an bairiam a aithint ar an dath uaine a chuireas sé leis an
tine, agus úsáidtear comhdhúile bairiam sna roicéid tine ealaíne
ar an gcúis seo. Nimh
é an bairiam, nó oibríonn na hiain bhairiam ar na néaróga.
An
Balla Díreach a
thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes
Recta an
t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na
Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.
An
Balla Mór
– Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir
áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:
-
Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.
-
Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.
Bá
na mBoghanna Báistí nó
Sinus
Iridum
a thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an
nGealach.
Bandaí
cianaigine:
is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go
bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus
nítrigine í an chianaigin, C2N2.
Is
iad
an dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar na
bandaí cianaigine is tábhachtaí.
Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le bandaí cianaigine.
Bandaí
ocsaíde tíotáiniam:
is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go
bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I
speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme)
is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.
Bandaspeictream
a thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de
línte speictreacha.
Banda
stoidiacach an
banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den
fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi
imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir
gheal ann.
An
Bhanlámh –
ceann de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat
an Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus
Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.
Baralár
a
thugtar ar mheáchanlár nó lárphointe
maise
an chórais imtharraingthe (tagraíonn
an réimír sin bara-
don fhocal Gréigise a chiallaíos ”trom”).
Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad
áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b'fhearr
a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul
timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad
an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag
fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite
taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an
Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí,
nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.
Barón
an
téarma a thagraíos do bhuncháithníní troma, go
háirithe
don
phrótón
agus don
neodrón. Glactar
leis go bhfuil gach barón comhdhéanta as trí chuarc éagsúla.
Bealach
na Bó Finne nó
an
Láir Bhán nó
Claí
Mór na Réaltaí
a thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa
chiall chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas
trasna na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile
is nach dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is
ionann an crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a
fheictear dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa
diosca sin. Is é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa
Ghrúpa Áitiúil, nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.
Réaltra
bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra
– nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag
Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí
Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag
Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an
tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur
codanna d'aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag
Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa
dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag
an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.
An
Béar Beag nó
Ursa
Minor a
thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is
gile inti. Níl sí róchosúil le haon bhéar, ach tá sí cosúil
leis an gCamchéachta, ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre
réalta ann chomh maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta
Pholach, nó Alpha
Ursae Minoris,
suite i ndeireadh na ”coise”. Tá an dara réalta is gile sa
réaltbhuíon, Kochab nó Beta
Ursae Minoris,
ar cheann de réaltaí an ”bhosca”. Déréalta is ea an Réalta
Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí í an phríomhréalta.
Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul in aois cheana:
K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos fuaire agus níos
deirge ná an Ghrian s'againn.
An
Béar Mór nó
Ursa
Major a
thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach)
suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir
Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag,
an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad
réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa
Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta
Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta
Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak
(Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá
roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.
Bearna
Cassini a
thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair
sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó
Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain
1675.
Bearna
Encke
– is bearna í taobh istigh d'A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna
seo a hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann
de ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna
seo.
Bearna
Hertzsprung –
is éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid
Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil
ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón
A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí
Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid
féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna
seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina
ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an
comhbhall is mó d'ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.
Bearnaí
Kirkwood –
Sa bhliain 1866 d'aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel
Kirkwood bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa
Ghrianchóras. Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh
bheith in athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall
na Gréine a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a
thógas sé ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad
bearnaí Kirkwood is toradh don chosc seo.
Beirilliam
– Is é an beirilliam dúil cheimiceach uimhir a ceathair, agus é
ar an gceann is éadroime de na miotail chré-alcaileacha. Is í an
tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ná Be,
agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s2.
Tá
an beirilliam 9.012 aonad ar mheáchan adamhach, agus is é
beirilliam a naoi, nó 9Be,
an t-aon iseatóp cobhsaí amháin. Tá
beirilliam a deich, nó 10Be,
réasúnta fadsaolach, agus é breis is milliún bliain ar leathré.
Cruthaítear
beirilliam a deich san atmaisféar de thoradh an phróisis ar a
dtugtar spallúchán nó spallú: is iad na gathanna cosmacha is cúis
leis an bpróiseas seo. An beirilliam radaighníomhach a ghintear ar
an dóigh seo carntar in uachtar na hithreach é, agus is féidir
leis na geolaithe tátail a bhaint i dtaobh ghníomhaíocht na Gréine
as athruithe an chineál áirithe seo radaighníomhaíochta i gcisil
na hithreach: go bunúsach, nuair a bhíos an ghrianghaoth láidir,
bíonn an radaíocht chosmach lag, agus nuair a bhíos an radaíocht
chosmach lag, ní tháirgtear mórán den iseatóp
seo san atmaisféar.
Miotal
liath sobhriste é an beirilliam le teocht an tseomra. Má
thagann sé i dteagmháil leis an aer, fágfar brat ocsaigine air. Is
féidir beirilliam a chur trí thine fosta, agus ar ndóigh is í an
ocsaíd chéanna, BeO, is toradh don imoibriú seo.
Siúd
is gur miotal atá ann, mar bheirilliam, ní bhíonn sé chomh
haraiciseach chun iain a dhéanamh agus a shamhlófá le miotal
cré-alcaileach – le fírinne tá sé níos cosúla leis an
alúmanam ó thaobh na ceimice de, agus
é ag ceangal naisc chomhfhiúsacha lena lán dúl.
Is
í an bheiril – sileacáit an bheirilliam agus an alúmanaim
Be3Al2(SiO3)6
– an mianra is tábhachtaí beirilliam, agus aithne ag an gcine
daonna uirthi ó thús na staire. Is
féidir beirilliam a dhéanamh as beiril, ach baintear úsáid na
seoide aisti chomh maith. Níl dath ar bith sa ghlanbheiril, ach is
minic a fhágas truailleáin éagsúla dath éigin ann. Tugtar
smaragaid ar an mbeiril uaine, agus
is éard atá i gceist leis an gcloch mhuirghorm ná beiril ghorm. Tá
an bheiril órga buí, agus is
é an héileadór an leagan buí-uaine.
Is
mór an
t-éacht
miotalóireachta é beirilliam a aonrú mar dhúil, agus
níor éirigh an t-éacht sin le haon duine roimh
an naoú haois déag. Bhí an ceimiceoir clúiteach
Gearmánach
Friedrich Wöhler ar an gcéad duine, thiar sa bhliain 1827, a
d'aonraigh beirilliam. Eisean
a bhaist an dúil fosta, ach ina dhiaidh sin thug ceimiceoirí eile
taitneamh don ainm glúiciniam,
atá bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”milis”, ó
tá blas milis sna salainn bheirilliam. Níl sé ciallmhar bheith ag
baint an iomarca suilt as an mblas sin áfach,
ós rud é gur nimh atá sa bheirilliam. Tá
an beirilliam cosúil leis an maignéisiam ó thaobh na ceimice de,
ach ar ndóigh níl sé in ann gnó an mhaignéisiam a dhéanamh in
orgánach an duine. Mar sin, tá dochar sna comhdhúile beirilliam;
thairis sin tá an miotal glan féin dainséarach go leor má
análaítear isteach mar dhusta é, nó
spreagann
sé ailléirge agus ailse scamhóg.
Is
iomaí úsáid a bhaintear as beirilliam sa teicneolaíocht. Ligeann
an miotal seo an chuid is mó de na x-ghathanna tríd, agus mar sin,
úsáidtear é i bhfuinneoga
radaíochta na bhfeadán x-ghathach. Ní
athraíonn toirt an bheirilliam mórán leis an teocht – ní
fhorbraíonn an beirilliam mórán, mar a déarfá – agus mar sin
is minic a úsáidtear páirteanna beaga beirilliam sa
spásteicneolaíocht, mar shampla.
Bellatrix
nó
Gamma
Orionis a
thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh.
B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá
chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh
téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is
dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas
caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth,
ach d'éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta
réasúnta athraitheach í.
Betelgeuse
nó Alpha
Orionis an
dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea, an dara
ceann
is gile acu, cé gurb é Alpha
Orionis
ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar
réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann,
agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach
bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is
atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le
chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an
nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a
choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh
an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do
Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.
Na
Bílidí –
malairt ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is
éard atá i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí an chóiméid
úd Biela, ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa
bhliain 1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach
Wilhelm von Biela a d'aithin gur cóiméad tréimhseach
a bhí ann. Cuid
súl a bhí sna Bílídí faoi dheireadh na naoú haoise déag, ach
is ar éigean a d'aithneofá inniu iad gan dul i dtuilleamaí
teileascóip nó gléasra cianradhairc eile.
Biosmat
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla
Peiriadach. Bi
an
giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal
sobhriste é an biosmat ach éireoidh
sé
pinc má
oibríonn
ocsaigin an aeir air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i
mbiosmat nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp
radaighníomhach é an ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air,
ach tá leathré an iseatóip sin chomh fada (níos faide ná aois
mheasúnaithe na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa
radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh
dainséarach ná
díobhálach
leis na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.
Tá
biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít
agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait
(Bi2S3)
í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3)
í an bhismít.
Baintear
úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht,
ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé
áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán
feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan
chomh nimhiúil is atá sí. Ní féidir a rá nach mbeadh
nimhiúlacht éigin ag baint leis an mbiosmat féin ach níl sé in
aon chóngar do bheith chomh dainséarach leis an luaidhe.
Bís
a
thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh bíse. Réaltra
bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na
réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre.
Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an
Triantáin.
Bís
bharrach a
thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga
bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.
Bladhm
a
thugtar ar bhrúchtadh tobann a aithnítear mar laom láidir gile in
aice le dromchla na réalta. Tugtar bladhmréaltaí
ar réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan
choinne. Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.
Bíonn
bladhmanna le haithint ar an nGrian s'againn freisin, ó am go ham –
grianbhladhmanna mar a
thugtar orthu. Bíonn siad
an-éagsúil ó thaobh an fhuinnimh de, agus is
minic a scaoiltear
saor damhna as coróin na Gréine de thoradh bladhma (rud ar a
dtugtar mais-eisteilgean corónach).
Bliain
a
thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an
coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla,
áfach.
Nuair
a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an
bhliain ghréine,
nó an
bhliain thrópaiceach,
a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar
an éiclipteach, mar
a fheictear dúinn.
Tá cineálacha eile bliana ann, áfach.
Is
í an
réaltbhliain
an tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht
bhliantúil na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na
réaltaí” agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na
réaltaí cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur
féidir neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is
fiche nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an
feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an
difríocht seo.
Bliain
aimhrialta
a thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go
peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don
Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an
Domhain).
Bliain
Iúlach
a thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San
fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain
bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre
cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, tá
an bhliain
365.25 lá ar
fad,
go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an bhliain Iúlach
seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í is bunús leis
an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in aghaidh na
bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.
Is
í an
bhliain Ghréagórach
meánfhad na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, arb
é an
féilire a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97
mbliana as gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann
an bhliain Ghréagórach agus 365.2425 lá.
Is
ionann aon bhliain
ghealaí amháin
agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de
réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon
lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire
Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.
Bliain
bhisigh a
thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil,
is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I
bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní
bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad
freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná
2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire
Ghréagóra.
An
Bodach an
t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion,
ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an
Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go
n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san
áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach
suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos
go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air,
agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i
miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe
idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra,
an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa
réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus
an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an
Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá,
Alnilam, Alnitak agus Mintaka.
Ollfhathach
dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad
Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.
Bóilíd
a thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige
mhór agus í ag pléascadh san atmaisféar.
Boilsciú
a
thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar an
dóigh
a ndeachaigh
an Ollchruinne i
bhfairsinge go
gairid i ndiaidh na hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe
(10-36
go 10-32
soicind i ndiaidh na hOllphléisce).
Bóiriam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 107, agus is é Bh
an
giorrúchán ceimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha
eile is dúil ghearrshaolach é an bóiriam a dtagann meath
radaighníomhach air go sciobtha, ionas nach furasta mórán a fháil
amach faoina airíonna ceimiceacha. Níl
an t-iseatóp is cobhsaí, bóiriam 270, ach nóiméad agus soicind
ar leathré. Fuair
an dúil a hainm ón Danmhargach Niels Bohr a bhain amach Duais Nobel
san fhisic sa bhliain 1922.
Bólaiméadar
a
thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht
leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht
ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach,
x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an
mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm
radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha
éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir
teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá
eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a
bhuaileas í, agus is ar an téamh seo (nó
ar an sruth leictreach is toradh don téamh) a
aithnítear fuinneamh na radaíochta.
Tagraíonn
na focail
bólaiméadracht
agus
bólaiméadrach
do
bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál
radaíochta in
éineacht
– le hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann
san áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid
bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid
bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear
dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta in
éineacht,
agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a fhaighimid
an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais infheicthe
uaithi.
Bolcán
a
thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a
bheith ann
taobh istigh d'fhithis Mhearcair.
Ba é an réalteolaí Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán,
thiar sna 1840idí. Ba é ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán
ná go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, garphointe
Mhearcair don Ghrian, an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis
an phláinéid) ag bogadh traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir,
de réir na fisice clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus
lucht a chomhaimsire go míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht
seo. Ba í teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh
leis an tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i
luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na
teoirice sin.
Bonner
Durchmusterung
(tabhair
faoi deara nach bhfuil ...Dürchmusterung
ceart ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-)
nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann
Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara
leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag
roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach
seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é
an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm
Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung
agus
a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.
Bórón
a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a cúig, agus is é B
an
tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Is
í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p1,
is é sin, tá trí leictreon ar an dara leictreonsceall.
Mar
sin, ní féidir leis an mbórón an t-ochtréad iomlán a bhaint
amach ar an leictreonsceall is faide amuigh: ní
bheadh sé réadúil cúig leictreon a fháil ar iasacht ó dhúile
eile.
Ina
dhiaidh
sin féin, is miotalóideach é an
bórón.
Tá
dhá iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an mbórón, mar atá, 10B
agus 11B
(bórón a deich agus bórón a haon déag). Go
bunúsach, tá an dara ceann acu ceithre oiread chomh coitianta sa
dúlra leis an gcéad cheann, ach bíonn an coibhneas seo ag luainiú
go mór, agus mar sin is deacair meáchan adamhach an bhóróin a
áireamh go cruinn. Tá an meáchan sin
socraithe go hoifigiúil ar 10.81. Na
raidiseatóip atá ag an mbórón, tiocfaidh meath radaighníomhach
orthu go tapa: níl
an ceann is fadsaolaí féin acu oiread is aon soicind amháin ar
leathré.
Tá
allatróip éagsúla ag an mbórón: bórón dímhorfach agus
cineálacha éagsúla de bhórón chriostalda (dhá
chineál de bhórón
rombaihéidreach chomh
maith le
bórón ortarombach agus
bórón teitreagánach). Tá
na hallatróip go léir timpeall ar 2.3 go 2.5 g/cm3
ar tiús; is
é an bórón rombaihéidreach den alpha-chineál
an t-allatróp is troime.
Is
í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an mbórón sna
dúile ceimiceacha ná +3. Comhdhúile
coitianta de chuid an bhóróin iad an t-aigéad bórach, an
ocsaíd bhóróin (an trí-ocsaíd débhóróin), an nítríd
bhóróin,
agus
an bórás.
Is
í an fhoirmle atá ag an aigéad bórach ná H3BO3.
Tá trí hiodrocsalghrúpa (OH) timpeall ar an adamh bóróin sa
mhóilín, agus dá
réir
sin thig linn an fhoirmle a scríobh mar B(OH)3
chomh maith. Substaint
sholadach é an t-airgéad bórach, ach tá sé sothuaslagtha san
uisce, agus ar ndóigh, is aigéad sách lag é. Tá
sé ar fáil sa dúlra mar
mhianra:
sasóilít
a
thugtar ar an aigéad bórach nádúrtha.
Is
iomaí sainúsáid
a bhaintear as an aigéad bórach sa
tionsclaíocht. Maraíonn sé baictéir chomh maith, agus is
féidir an fhluairíd hidrigine a thabhairt chun neodrachta leis an
aigéad bórach, nó ceapfar na hiain fhluairíde i gcomhdhúile
casta san imoibriú.
Maidir
leis
an ocsaíd bhóróin, substaint
dhímhorfach
í de ghnáth, ach is féidir í a iompú ina criostail leis
an modh oibre ar a dtugtar ainéaladh.
Úsáidtear an ocsaíd
i
ndéantús cineálacha áirithe gloine, mar shampla.
Comhdhúil
shuimiúil
í an nítríd bhóróin. Tá adamh amháin bóróin sa nítríd
bhóróin in aghaidh gach adamh nítrigíne, agus mar sin is í an
fhoirmle cheimiceach atá aici ná BN. Is
eol do chách, beagnach, go bhfuil dhá allatróp ag an gcarbón: an
diamant agus an ghraifít. Thairis sin tá allatróp is annaimhe ná
iad siúd ann, cosúil
leis an lonsdaeilít, nó
an ”diamant heicseagánach”. Anois,
tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil cúig leictreon ar an
leictreonsceall is fada amuigh ag an nítrigín, agus trí leictreon
ag an mbórón – agus ceithre cinn ag an gcarbón. Mar sin, má tá
na hadaimh bóróin agus charbóin scaipthe go cothrom ar fud an
chriostail, is ionann
a struchtúr agus struchtúr an charbóin –
d'fhéadfá a rá go bhfuil siad ag déanamh aithrise ar an gcarbón.
Dá réir sin, tá fáil ar fhoirmeacha
éagsúla den nítríd bhóróin: ceann a bhfuil struchtúr
criostalda an diamaint aige, ceann a bhfuil struchtúr criostalda na
graifíte aige, agus ceann a bhfuil struchtúr criostalda na
lonsdaeilíte aige.
An
bórás arís, is éard atá ann ná teitreabóráit déshóidiam.
Bóráití a thugtar ar shalainn an aigéid bhóraigh, ach
má pholaiméirítear ceithre mhóilín den aigéad seo, gheofar
aigéad teitreabórach nó aigéad pireabórach H2B4O7.
Is
é an bórás salann sóidiam an aigéid seo,
Na2B4O7.
De
ghnáth bíonn deich móilín uisce i struchtúr criostalda an
bhóráis in aon aonad foirmle amháin, agus mar sin, is féidir
deiceahiodráit na teitreabóráite (pireabóráite) sóidiam a
thabhairt ar an mbórás. Tá
an bórás ar fáil go nádúrtha sa dúlra agus is iomaí úsáid a
bhaintear as. Amhábhar
is ea an bórás do na comhdhúile bóróin a bhíos ag teastáil sa
tionsclaíocht.
Grúpa
suimiúil comhdhúl iad na bóráin,
is é sin, hidrídí an bhóróin, nó
comhdhúile
an bhóróin agus na hidrigine. Shílfeá nach mbeadh ach aon
chomhdhúil amháin den chineál seo ann, is é sin an tríhidríd
bhóróin nó BH3.
Ní mar a shíltear a bhítear áfach, nó tá an bórán simplí seo
éagobhsaí, agus is dual dó démhéiriú a dhéanamh, is é sin
rachaidh dhá mhóilín tríhidríde le chéile le séhidríd
débhóróin B2H6
a dhéanamh. De
réir na tuisceana traidisiúnta ar na naisc cheimiceacha idir na
hadaimh, ní
raibh an bórón in ann ach trí nasc a cheangal, agus ní raibh ach
aon nasc amháin ag an hidrigin. Mar sin, fuair na ceimiceoirí
an-deacair struchtúr na séhidríde sin a mhíniú, agus
b'éigean dóibh teoiricí nua a cheapadh dá réir. Tá
a lán hidrídí bóróin eile ann a bhfuil struchtúr neamhghnách
acu ó thaobh na nasc de.
Tá
na bóráin araiciseach chun imoibriúcháin, agus nimh iontu don
duine dá réir. Bhí suim ag na hinnealtóirí aer-
agus spástaistil
iontu tráth den tsaol mar bhreosla, ach ní
dhearnadh forbairt cheart ar na scéimeanna sin riamh.
An
Bosca Seod a
thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle
Kappa Crucis,
is é sin an réaltbhraisle oscailte
atá
le feiceáil i réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta
úd Kappa Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle.
Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí
Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa
bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a
d'ainmnigh í.
Bósón
a
thugtar ar bhuncháithnín nach fearmón é. Bósóin iad na
fótóin, mar shampla. Is féidir leis na bósóin an áit chéanna
sa spás a ghlacadh, agus mar sin, is dual dóibh fuinneamh a iompar.
Dá réir sin is leis an radaíocht is mó a shamhlaítear na bósóin,
agus is leis an
damhna
a shamhlaítear na fearmóin.
Is
iad na bósóin is tábhachtaí ná:
-
an fótón
-
na glúóin éagsúla a choinníos na cuarcanna le chéile
-
na bósóin laga (W+, W-, Z)
-
bósón Higgs
Níor
éirigh leis na heolaithe an graibheatón
– an buncháithnín arb é iompóir na himtharraingthe é – a
aithint go fóill, is é sin níl ann ach coincheap teoiriciúil, ach
is éard a thugas a lán teoiricí candambhunaithe faoi nádúr na
himtharraingthe le fios gur bósón é an graibheatón chomh maith.
Tá
bósóin ilchodacha ann chomh maith, is é sin, cáithníní atá
comhdhéanta as cáithníní eile agus a bhfuil saintréithe na
mbósón acu. Samplaí de seo is ea na measóin, núicléas an
ghnáth-héiliam (héiliam a ceathair), núicléas an ghnáth-charbóin
(carbón a dó déag), agus
an deoitéarón (núicléas na tromhidrigine). Na
feiniméin
aisteacha a bhaineas leis an héiliam, cosúil leis an dóigh a
n-iompaíonn sé ina fhorshreabh agus é á shioc i dtreo an
dearbhnialais, glactar leis gur
dual don núicléas mar bhósón iad.
Fuair
na bósóin a n-ainm ón
bhfisiceoir Indiach Satyendra Nath Bose.
Braisle
is
féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle)
nó ar bhraisle réaltraí.
-
Is éard atá i gceist le braisle réaltaí nó réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach nó réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús. D'fhéadfá a rá go bhfuil siad ”gaolmhar” le chéile ar dhóigh ar leith, agus sin é an tuige go dtugtar ”réaltghaolmhaireacht” orthu, nó ar an mbaint atá acu le chéile.
-
Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.
An
Bhrasaíl
– An tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear
Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh
réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann
bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair
tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna
sa bhliain 1889,
nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí éagsúla do
stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:
Is
í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os
cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na
brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden
e progresso,
is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b'fhéidir ”Síocháin sa
tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá
na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios.
Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém
príomhchathair an stáit.
Ar
chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis
Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in
iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl.
Manaus an phríomhchathair.
Síos
ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar
atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris),
Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus
Adhara (Epsilon Canis Majoris).
-
Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle. Cuiabá an phríomhchathair.
-
Seasann Mirzam d'Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d'Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí. Macapá an phríomhchathair.
-
Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv. Porto Velho an phríomhchathair.
-
Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre. Boa Vista an phríomhchathair.
-
Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988. Palmas an phríomhchathair.
In
aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha
Carinae), mar shiombal do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle.
Goiânia an phríomhchathair.
Ar
dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.
-
Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
-
Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
-
Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – an réalta ar dhath an rúibín – mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi) do Bahia in oirthear na tíre.
-
Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
-
Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.
Tá
réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis,
le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do
Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le
haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain
1960.
Ar
dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí
réalta ar fad.
-
Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d'ainm an stáit.)
-
Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D'fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
-
Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.
Is
í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na
Brasaíle, ocht réalta ar fad.
-
Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí bundúchasacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
-
Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
-
An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
-
Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d'Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
-
Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
-
Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
-
Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b'fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na réigiúin is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
-
Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr, go háirithe ar chuma na tithíochta, i bPernambuco.
Feictear
dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a
ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus
Gamma Hydrae.
-
Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
-
Seasann Gamma Hydrae d'Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d'Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d'ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.
Maidir
le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain
a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i
Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639,
ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d'athghabh na
Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an
domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann
Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain
1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta.
hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa
bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann
go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le
réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le
breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe
a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a
thuill a chlú d'Einstein) a chruthú.
Ní
mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige
leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi
”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná
an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána
fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an
fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov),
réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar
cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le
rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a
dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a
fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais –
Urca a bhí ar an gceantar den chathair ina raibh an áit aeraíochta
sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh
ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid
airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh
an próiseas.
Breacsholas
a
thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche.
Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas
oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.
Nuair
atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin
léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas
oifigiúil
ann. Ina
lán teangacha tugtar ”breacsholas buirgéiseach” ar an
mbreacsholas oifigiúil, toisc
go bhfuil sé chomh geal amuigh, le linn an chineál seo
breacsholais, is gur féidir ”ceirdeanna buirgéiseacha” a
chleachtadh i gcónaí.
Nuair
atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú
ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne, tá muir-bhreacsholas
ann. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách
sofheicthe, sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit
na loinge a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.
Nuair
atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag,
níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá
breacsholas
réalteolaíoch
ann. Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh,
cé go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.
Bremsstrahlung
a
thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín
luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta
agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas
adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta
an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin,
an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go
radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal
Gearmáinise Bremsstrahlung.
Bróimín
a
thugtar ar dhúil uimhir a 35, arb é Br
an
tsiombail a sheasas di sna foirmlí ceimiceacha. Le teocht an tseomra
is leacht dearg
é, ach is
dual dó galú go réidh. Ceann de na halaiginí é an
bróimín,
cosúil leis an gclóirín, agus mar sin, tá seacht leictreon ar an
sceall is faide amuigh aige – níl ach aon leictreon amháin de
dhíth le hochtréad iomlán a fháil. Cosúil leis an gclóirín, tá
an bróimín araiciseach chun imoibriúcháin leis an leictreon
deireanach sin
a fháil ar iasacht ó dhúile eile.
Mar
sin, is nimh láidir é an bróimín agus é aonraithe ina dhúil.
An
t-ian bróimín áfach, Br-,
a bhfuil ochtréad aige, tá sé sách cobhsaí, agus dealraíonn sé
gur
riandúil é an bróimín san fhoirm ianach seo – is é sin, go
dteastaíonn rianta beaga bróimín ó orgánach an duine le hoibriú
go maith. Baintear úsáid áirithe as bróimídí (comhdhúile
bróimín a bhfuil an t-ian seo iontu) mar chógaisí
in aghaidh an titimis.
Tá
na bróimídí cosúil leis na clóirídí ó thaobh na ceimice de:
is comhdhúil chobhsaí ianach í bróimíd an tsóidiam, NaBr, a
chuirfeadh clóiríd an tsóidiam (an gnáthshalann, NaCl) i gcuimhne
duit. Sa chiall cheimiceach, is salainn iad na bróimídí miotail –
salainn de chuid an aigéid hiodrabrómaigh. Is éard atá san aigéad
hiodrabrómach ná tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, HBr.
Aigéad láidir é an t-aigéad hiodrabrómach, díreach cosúil leis
an aigéad hiodraclórach, HCl. Gás
í
an bhróimíd hidrigine.
Tá
ocsaigéid ag an mbróimín chomh maith: an
t-aigéad hipeabrómúil (HBrO, nó HOBr, de réir an
fhíorstruchtúir), an t-aigéad brómúil (HBrO2,
nó HOBrO), an t-aigéad brómach (HBrO3,
nó HOBrO2)
agus an t-aigéad sárbhrómach (HBrO4
nó HOBrO3).
Ní
féidir aon cheann de na hocsaigéid seo a aonrú ón uisce gan na
móilíní a bhriseadh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar a
n-airíonna san uisce. Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh san
aigéad sárbhrómach ach comhdhúil theoiriciúil nárbh fhéidir a
tháirgeadh ar aon nós; sa bhliain 1968, d'éirigh leis na heolaithe
an chéad eiseamal d'iain sárbhrómáite BrO4-
a chruthú, ach
ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé nach féidir úsáid ar bith a
bhaint as an aigéad sárbhrómach ná as na sárbhrómáití sa
tionsclaíocht, chomh deacair is atá sé comhdhúile sárbhrómacha
a tháirgeadh. (Na comhdhúile sárchlóracha, cosúil leis an aigéad
sárchlórach HClO4,
is scéal eile ar fad iad.)
Níl
na hipeabróimítí ná na bróimítí (salainn an aigéid
hipeabrómúil agus an aigéid bhrómúil) cobhsaí ar aon nós, agus
ní thig mórán leas a bhaint astu. Tá an t-ian brómáite BrO3-
cobhsaí go maith, áfach, agus tá tábhacht éigin ag baint le
brómáit an tsóidiam NaBrO3
mar ocsaídeoir i
ruaimniú na dteicstílí. Truailleáin
iad na brómáití freisin:
is dual do na hiain bhróimíde ocsaídiú go brómáití le solas na
gréine agus
an t-uisce óil a chur ó mhaith.
Tá
dochar sa bhróimín do chiseal
an ózóin
chomh maith, cosúil leis na halaiginí eile.
Tá
bróimín ar fáil san áit a mbíonn clóirín ar fáil chomh
cosúil is atá an dá dhúil le chéile ó thaobh na ceimice de,
agus is gnách bróimín
a bhaint as salann na farraige,
ó tá iain bhróimíde measctha tríd na hiain chlóiríde.
Bruthcharraig
a
thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch
leáite) i bhfuacht. Is é an basalt
an
cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.
Buaile
an Bhodaigh an
t-ainm Gaeilge ar réaltnéal Oiríon (M42 i gCatalóg Messier, NCG
1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta).
Bun-fhadlíne
a
thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na
bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich
bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an
leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar
Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a
dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige go dtugtar
”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim
stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na
bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar
an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann
a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.
Bunghluaisne:
Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go
raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar
a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar
an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne araon.
Buningear
a
thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí
phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.
Caidhpeanna
polacha
a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid
áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear
sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha
an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu
gnáthoighear
(uisce
reoite)
nó oighear
tirim
(dé-ocsaíd
charbóin)
a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá
rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an
phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa
gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an
oighear
uisce.
Caidmiam
a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht is dhá fhichid. Cd
an
tsiombail cheimiceach. Fuair
an dúil seo a hainm ó Cadmus nó Kadmos, an prionsa
seanársa
a chuir an aibítir Fhéiníceach
in oiriúint don Ghréigis agus
a chuir tús le scríobh na teanga sin,
mar a deir seanchas na Gréige (sa Ghaeilge féin chloisfeá
nó léifeá tagairtí don
”aibítir a rinne Cadmus”).
Miotal é atá in aon ghrúpa leis an tsinc agus leis an mearcair,
agus cosúil leis an mearcair, is nimh dhainséarach é a áirítear
ar na trom-mhiotail.
Miotal
insínte é an caidmiam, agus leáphointe níos ísle aige ná ag an
gcuid is mó de na miotail trasdultacha, mar atá, 321 °C.
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta dá bhfuil aige ina
chuid comhdhúl ná
+2. Is
féidir leis an gcaidmiam, áfach, iain a dhéanamh a bhfuil dhá
adamh iontu, is é sin, (Cd2)2+,
agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gcaidmiam sna hiain
seo ná +1. Tá iain dé-adamhacha den chineál seo ag an mearcair
freisin.
Tá
an caidmiam sách tearc i screamh an Domhain. An chuid is mó de tá
sé ar fáil mar thruailliú i suilfíd nádúrtha na since, ZnS, ar
a dtugtar sfalairít, seac
dubh
nó
sincbhleind.
Mar
sin is mar sheachthoradh is mó a fhaightear caidmiam, nuair a
bhítear ag aonrú since.
Tá
an caidmiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp: 106Cd
(1.25 % de chaidmiam an dúlra), 108Cd
(0.9 %), 110Cd
(12.5 %), 111Cd
(12.8 %), 112Cd
(24.1 %), 113Cd
(12.2 %), 114Cd
(28.75 %) agus 116Cd
(17.5 %). Dhá
cheann
de na hiseatóip sin is núiclídí radaighníomhacha iad, ach le
fírinne is féidir neamhshuim a dhéanamh de sin, toisc go bhfuil
leathré
an-fhada acu (na
billiúin blianta).
Is
é an meáchan adamhach atá ag an gcaidmiam ná
112.4 aonad.
Cé
gur nimh é an caidmiam, is iomaí cineál úsáid a bhaintear as sa
teicneolaíocht, go háirithe i mbatairí leictreachais agus sa
leictreaplátáil (is é sin, mar chosaint ar an meirg).
Cailciam
a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca
an
tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is
dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach,
Ca2+,
a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 ar mheáchan adamhach, agus mar
sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca,
cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp
nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca.
Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den
radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá
gur truailleán dainséarach a bheadh ann.
Ceann
de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in
aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus
an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon
ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad
iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá
leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian cailciam,
Ca2+,
a dhéanamh.
Miotal
bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriúcháin
leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach furasta é
a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith
leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa
leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal
an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin –
mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go
bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid
sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.
Is
iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit
an chailciam, CaCO3),
an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an
chailciam, CaMg(CO3)2),
an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO4
+ 2H2O),
an ainhidrít (an tsulfáit thirim
nó CaSO4),
an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2)
agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X,
inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clórapaitít),
OH (hiodracsalapaitít) nó F (fluarapaitít). Is iad an tSín, an
Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas
cailciam.
Teastaíonn
iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is
minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh
cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as na comhdhúile éagsúla
cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin,
úsáidtear mar chómhiotal é.
An
Caimileon nó
Chamaeleon
a
thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle,
an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl
d'ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha
Bayer: Alpha
Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus
Delta
Chamaeleontis.
Ba
é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter
Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh
agus a d'ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní
raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht
an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do
lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a
bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach
ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán,
rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na
spéire chomh maith le mapáil an Domhain.
Bhí
Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter
Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in
Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva
sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid
breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe
sin.
Réalta
phríomhsheichimh F-aicme í Alpha
Chamaeleontis,
agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread
chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn –
is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.
Maidir
le Beta
Chamaeleontis,
tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar
B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis
is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh
í.
Gamma
Chamaeleontis
arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn.
An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a
bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach
bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht
n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad
is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin,
is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an
Ghrian.
Maidir
le Delta
Chamaeleontis,
seasann an t-ainm sin do dhá réaltchóras, Delta a hAon agus Delta
a Dó. Déréalta
atá in Delta a hAon, agus an dá chomhréalta suite chomh cóngarach
dá chéile is gur deacair iad a aithint thar a chéile.
Fathachréaltaí
K-aicme iad. Réalta
aonair atá in Delta a Dó, agus speictream B-aicme aici. Réalta
phríomhsheichimh í, agus í ceithre oiread chomh téagartha leis an
nGrian; san am chéanna tá sí i bhfad níos lonrúla. An triúr acu
tá siad suite faoi thrí chéad deich solasbhlian is dhá scór
dínn, a bheag nó a mhór, ach má tá, níl Delta a Dó sách gar
do Delta a hAon le haon chóras imtharraingthe amháin a dhéanamh.
No comments:
Post a Comment