NÓTA:
Rinne mé mo dhicheall le cloí le téarmaíocht Fhoclóir
na Réalteolaíochta.
Nuair nach raibh a dhath le fáil san Fhoclóir, chuaigh mé ar lorg
an téarma i saothar Mhatt Hussey.
Abhac
nó
abhacréalta
a
thugtar ar réalta nach fathach d'aon chineál í. Mar sin is abhaic
iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná
iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s'againn, mar shampla.
Rud
eile é abhac
bán,
nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i
bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go
bunúsach cé go mbíonn an
t-abhac
bán tipiciúil ar aon mhéid leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais
leis an nGrian. Tá réalta den chineál sin bán toisc go bhfuil sí
te. Níl an teas seo ag teacht ó aon imoibriú núicléach, áfach –
níl ann ach iarsmaí teasa ó na laethanta a bhí an réalta
gníomhach go fóill.
Abhac
donn
atá i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a
haon a choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach
is dual do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn
comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá
hidrigin a dó (deoitéiriam) mar shampla.
An
Abhainn nó
Eridanus
a
thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach,
an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an
Siséal agus an Giorria. Tá an réalta is gile sa réaltbhuíon,
Achernar, suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin
bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”.
Réalta bhánghorm í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil
sí an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh
geal sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad
go leith de sholasbhlianta. Réalta thábhachtach eile de chuid na
hAbhann í Epsilon Eridani, nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn
a
bhfuil pláinéad aici, de
réir mar atá deimhnithe.
Tá réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na
réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach
féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.
Ábhar
idir-réaltach
a thugtar ar an damhna atá ar fáil sa spás idir na réaltaí. Gás
is mó a bhíos ann, agus hidrigin atá sa chuid is mó den ghás seo
– nócha faoin gcéad, a bheag nó a mhór. Héiliam atá sa chuid
eile, chomh maith le hiarsmaí beaga de dhúile eile. Sa bhreis ar na
cineálacha éagsúla gáis tá dusta ann. Bíonn dlús an ábhair
idir-réaltaigh iontach éagsúil, agus é ag brath ar an teocht ach
go háirithe: an áit a dtéann sé i bhfuacht téann sé chun dlúis.
Ar meán tá adamh amháin i gceintiméadar ciúbach amháin den
ábhar idir-réaltach, ach mar a dúradh bíonn sé difriúil i
dtimpeallachtaí difriúla. Ianaítear an t-ábhar idir-réaltach
timpeall na réaltaí ”óga” teo.
Acamar
an
t-ainm traidisiúnta ar Theta
Eridani,
ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann.
Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise
a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”, agus tá Acamar agus
Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear
dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Déréalta í Acamar, ach is mar
A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim
de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Tá Acamar
suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn. Réaltaí
príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán
difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread
go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.
Achernar
atá ar an réalta is gile san Abhainn, agus is é is brí leis an
ainm ná Deireadh na hAbhann – tá an t-ainm sin bunaithe ar an
Araibis. B-réalta atá in Achernar de réir a speictrim, is é sin,
réalta the ghorm. Tá sí ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha
is nach bhfuil sí róchosúil le liathróid a thuilleadh –
dhealrófá le milseán den déanamh Smarties
í
dháiríre. Sféaróideach oblátach a thugtar ar a leithéid de
chruth. Tá sí suite faoi chéad is dhá scór de sholasbhlianta
dínn, a bheag nó a mhór, agus í seacht n-oiread chomh trom leis
an nGrian s'againn. Scéal eile é áfach go sáraíonn sí lonrachas
na Gréine glan oscartha ar fad: tá Achernar breis is trí mhíle
oiread níos gile ná í. Is déréalta í Achernar, agus
leathbhádóir ag an bpríomhréalta nach bhfuil ach dhá
Ghrian-mhais inti. Achernar B a thugtar ar an gcomhréalta seo, agus
í ag dul timpeall na príomhréalta faoi dhá aonad réalteolaíoch
déag di, a bheag nó a mhór.
Achtainiam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 89, a chuireas tús le sraith
na n-achtainídí, nó na n-achtanóideach, i dtábla peiriadach na
ndúl. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an achtainiam, agus
níl ach iarsmaí de le fáil sa dúlra, mar thruailleán i mianraí
úráiniam. Is é achtainiam a 227 an t-iseatóp is cobhsaí dá
bhfuil aige, nó tá sí breis is fiche bliain ar leathré. Pé
achtainiam a theastaíos táirgtear go saorga in imoibreoirí
núicléacha é. Foinse radaíochta é an t-achtainiam a úsáidtear
uaireanta le cealla ailse a mharú. Miotal é an t-achtainiam, agus
le teacht na hoíche is féidir loinnir ghorm a aithint timpeall ar
gach cnap achtainiam, ós rud é go mbíonn na cáithníní
radaíochta ag bualadh na móilíní san aer.
Tagann
alfa-mheath agus béite-mheath araon ar achtainiam a 227. Na
hiseatóip atá níos troime, is fearr leo an béite-mheath, agus na
cinn atá níos éadroime, is dual dóibh an t-alfa-mheath. Maidir le
hachtainiam a 226, is féidir leis alfa-mheath, béite-mheath nó
leictreonghabháil a dhéanamh.
Ó
thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, tá an t-achtainiam cosúil go
maith leis an lantanam, an dúil atá suite os a chionn sa tábla
peiriadach. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an
achtainiam (agus ag an lantanam) ina chuid comhdhúl: mar sin tá
tríchlóiríd AcCl3,
tríbhróimíd AcBr3,
trífhluairíd AcF3
agus seisce-ocsaíd (nó trí-ocsaíd dé-achtainiam) Ac2O3
ann.
Tugtar
”sraith achtainiam” nó ”cascáid achtainiam” ar an
meathshlabhra is dual do phlútóiniam a 239. Ceann de na céimeanna
idir eatarthu é achtainiam a 227 sa slabhra seo.
Achtanaiméadar
a
thugtar ar ionstraim a thomhaiseas cumhacht na radaíochta – go
bunúsach, bíonn imoibriú ceimiceach i gceist a gcuireann solas nó
cineál eile radaíochta luas faoi, agus ansin aithnítear an
chumhacht ar thorthaí an imoibrithe.
Achtanóideach
nó
achtainíd
–
Is iad na hachtanóidigh nó na hachtainídí na dúile a thagas i
ndiaidh an achtainiam i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an
lárainciam (Lr) an ceann deireanach acu. Tá sé idir eatarthu cé
acu a áirítear an t-achtainiam féin orthu nó nach n-áirítear.
Seo iad na hachtanóidigh:
Dúil |
Siombail cheimiceach |
Uimhir na dúile |
Meáchan adamhach (nó an t-iseatóp is cobhsaí) |
Achtainiam |
Ac |
89 |
(227) |
Tóiriam |
Th |
90 |
232.04 |
Prótachtainiam |
Pa |
91 |
231.04 |
Úráiniam |
U |
92 |
238.03 |
Neiptiúiniam |
N |
93 |
(237) |
Plútóiniam |
Pu |
94 |
(244) |
Aimeiriciam |
Am |
95 |
(243) |
Ciúiriam |
Cm |
96 |
(247) |
Beircéiliam |
Bk |
97 |
(247) |
Calafoirniam |
Cf |
98 |
(251) |
Éinstéiniam |
Es |
99 |
(252) |
Feirmiam |
Fm |
100 |
(257) |
Meindiléiviam |
Md |
101 |
(258) |
Nóbailiam |
No |
102 |
(259) |
Láirinciam |
Lr |
103 |
(266) |
Mar
is léir ón tábla thuas, is dúile radaighníomhacha iad na
hachtanóidigh, agus is beag is féidir a rá faoi na cinn
deireanacha acu: mar shampla, is í an leathré atá ag an iseatóp
is cobhsaí atá ag an láirinciam ná aon uair déag, agus dá réir
sin, tá sé deacair dainséarach taighde a dhéanamh ar airíonna
ceimiceacha na dúile, nó tagann meath ar do chuid láirinciam go
tiubh, agus an t-eiseamal chomh te ag astú radaíochta uaidh is go
bhfuil trealamh trom cosanta de dhíth ort. Ón taobh eile de, tá
leathré an úráiniam agus an tóiriam chomh fada is go bhfuil siad
ar fáil go nádúrtha sa dúlra, agus mar sin is féidir meáchan
adamhach a áireamh, a shocrú is a shainiú dóibh. Maidir leis an
bprótachtainiam, is í an leathré atá ag an iseatóp is fadsaolaí
aige ná breis is tríocha míle bliain, agus é ar fáil mar
thruailleán in úráiniam an dúlra agus mar dhramhaíl sna
himoibreoirí núicléacha.
Acoindrít
a
thugtar ar dhreigít (cloch a thit ón spéir) nach bhfuil coindriúil
le haithint uirthi. Is éard atá i gceist le coindriúl ná deoir
bheag cloiche a ghreamaigh don dreige amuigh sa spás. Acoindrítí
iad na dreigítí a tháinig ón nGealach agus ó Mhars, mar shampla.
Bíonn na hacoindrítí cosúil le basalt (bruthcharraig) an Domhain.
Acróiniciúil:
An réalta a tháinig chun radhairc ó scáth na léaslíne thoir
díreach nuair a bhí an Ghrian ag dul faoi, deirimid go ndearna sé
éirí acróiniciúil.
Acrux
an
t-ainm atá ar an réalta is gile i gCros an Deiscirt. Córas
ilréaltach atá ann i ndáiríre, agus é suite faoi thrí chéad is
fiche solasbhliain dínn, sin nó céad parsoic.
Acuairidí:
Dreigechith iad na hAcuairidí atá le feiceáil i réaltbhuíon
Iompróir an Uisce (réaltbhuíon an Uisceadóra), nó Aquarius.
Le
fírinne ní aon dreigechith amháin iad na hAcuairidí: aithnítear
seacht ndreigechith éagsúla, ar a laghad, a bhíos ag teacht as
pointe (radaí) éigin sa réaltbhuíon sin. Is dócha gurb iad na
hEta-Acuairidí an cith is clúití acu: bíonn siad le feiceáil i
Mí an Aibreáin agus i Mí na Bealtaine. Creidtear gur bhain
imtharraingt na Gréine na dreigí áirithe seo ó scuabréalta
Halley na céadta bliain ó shin.
Adamh:
An t-aonad is lú d'aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá
againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh
agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas
comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin.
Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál
lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá
chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha
den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá
fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach de dhíth
leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir,
nó an fórsa núicléach.
Taobh
amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i
bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón
amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht
leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos
aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa
bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na
leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon,
agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos
saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.
Tá
ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar
cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir
a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite;
an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal
fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach
a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne
a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir
prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir
Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna
na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.
Is
iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2,
3... Más ionann n
agus
an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach
asamataí (l)
agus 0, 1, 2,...(n
–
1). Más ionann l
agus
an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don
chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,...l,
-l.
Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil
di: ½ agus -½.
Ní
mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an
tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine,
nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta
cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach
bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé
thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht
idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na
hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na
ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon
déag is ceithre scór aige).
Is
féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is
iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc
ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná
comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach
adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach
atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin
leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go
ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus
gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht
leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a
tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin
is bunús leis an nasc ianach.
Adamh
cianaosta:
Ba é an fisiceoir Francach Georges Lemaître an chéad duine ar rith
smaoineamh na hOllphléisce leis. É féin thug sé ”hipitéis an
adaimh chianaosta” air. Dúirt sé go raibh a leithéid de rud ann
i dtús stair na hollchruinne agus ”adamh cianaosta” nó ”ubh
chosmach”, agus gurb as an adamh cianaosta seo a d'eascair an
ollchruinne.
Adhara:
Is é Adhara, nó Epsilon
Canis Majoris,
an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé
suite faoi 430 solasbhliain dinn, agus is déréalta é. Maidir leis
an aicme speictreach, is B-réalta í príomhréalta an chórais,
agus mar sin, is réalta an-te í agus dath bánghorm inti. Tá
Adhara le feiceáil i mbratach na Brasaíle freisin, agus é ag
seasamh do stát Tocantins.
Adonis:
Ceann de na hastaróidigh neas-Domhain é Adonis, is é sin, is
astaróideach é a thagas an-chóngarach don Domhan s'againn ar a
fhithis timpeall na Gréine. Ón taobh eile de, tá a chianphointe
suite tuairim is cúig chéad milliún ciliméadar ón nGrian (tá an
Domhan timpeall is céad is caoga milliún ciliméadar ón nGrian).
Tógann sé beagnach trí bliana ar Adonis imrothlú amháin timpeall
na Gréine a chríochnú. Ba é an réalteolaí Beilgeach Eugène
Delporte a chuir an chéad sonrú san astaróideach seo, thiar sa
bhliain 1936. Creidtear go bhfuil sé timpeall is ciliméadar amháin
ar trastomhas.
Aeón:
Sa réalteolaíocht is ionann aeón agus billiún (mórmhilliún)
bliain (1,000,000,000 bliain).
I
dteoiric na cruinne ascalaí, glactar leis go dtiocfaidh deireadh le
fairsingiú na cruinne agus go dtosóidh an chruinne ag crapadh
chuici féin arís, go dtí go dtitfidh sí isteach in aon phonc
amháin – an ollbhrúisc a thugtar air seo. Ansin tiocfaidh
ollphléasc eile. Duine de na cosmeolaithe ba mhó a rinne forbairt
ar an teoiric seo, mar atá, an fisiceoir Sasanach Roger Penrose,
thug seisean aeón ar an tréimhse ama idir dhá ollphléasc.
Aerailít:
malairt ainm ar dhreigít. ”Cloch ón aer” is brí leis an
bhfocal seo, go bunúsach.
Aeranomaíocht:
Is éard atá i gceist leis an aeranomaíocht ná taighde ar uachtar
an atmaisféir – ar an teirmisféar agus ar an méisisféar – go
háirithe ar na díluchtuithe leictreacha thuas ansin.
Aeraspás:
Tagraíonn an focal aeraspás
d'iarrachtaí
na ndaoine eitilt a dhéanamh san aer nó sa spás agus do na
scileanna innealtóireachta a bhaineas leo. Ní mór é a choinneáil
scartha ón aerspás
a thagraíos don aer os cionn áit ar leith – os do chionn féin,
cuir i gcás.
Aerastad:
Tugtar aerastad ar theorainn an atmaisféir ó thaobh na heitlíochta
de – is é sin, nuair a shroichfeas gnátheitleán an t-aerastad,
ní bheidh fórsa ardaithe faoi na sciatháin a thuilleadh, chomh
tanaí is atá an t-aer thuas ansin.
An
tAerchaidéal:
Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia
atá
dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás
an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d'ainmnigh an
réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl
mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha
Antliae,
níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó
ná an Ghrian s'againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise.
Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha
Antliae.
Aerloinnir:
Is í an aerloinnir an dóigh a n-astaíonn an t-atmaisféar féin
solas. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an aerloinnir: go bunúsach
fágann solas na Gréine an t-atmaisféar luchtaithe le leictreachas,
agus nuair a dhíluchtófar an fuinneamh leictreach sin, aithneofar
mar sholas é. Go tipiciúil scoilteann gathanna na Gréine móilíní
nítrigine no ocsaigine de chuid an aeir thuas san atmaisféar, agus
nuair a rachas na hadaimh aonair le chéile le móilíní nua a
dhéanamh, scaoilfear fuinneamh mar sholas. Ní féidir an aerloinnir
a aithint de ló, ó tá solas scaipthe na Gréine i bhfad níos gile
ná í, ach is feiniméan í a chuireas isteach ar na réalteolaithe
le dorchadas na hoíche féin agus iad ag déanamh a gcuid
breathnuithe.
Aeróg:
Gléas a úsáidtear le tonnta leictreamaighnéadacha a ghlacadh agus
a chlaochlú go bíoganna leictreacha, nó a mhalairt, is é sin, le
tonnta leictreamaighnéadacha a tharchur trí bhíoganna leictreacha
a chlaochlú go radathonnta (mar shampla). Tá
aeróg de shórt éigin ag teastáil le craolacháin raidió nó
teilifíse a tharchur nó a ghlacadh.
Cineál aeróige é an soitheach satailíte, mar shampla.
Aeróga
móra millteanacha iad na radaiteileascóip freisin. Úsáidtear iad
le foinsí radathonnta a aithint ar an spéir, rud
ar a dtugtar radairéalteolaíocht.
Bíonn
radathonnta ag teacht as réaltaí, réaltraí, cuasáir agus
pulsáir, mar shampla.
Aeróg
dhépholach:
Déanamh simplí aeróige is ea an aeróg dhépholach. Dhá shlat
mhiotail atá ann agus iad ag aimpliú na radathonnta eatarthu trí
athshondas.
Aeróg
Yagi:
Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá
comhdhéanta as sraith d'aeróga dépholacha agus iad suite go
comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na
haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm
ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a
rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a
bhain siad amach paitinn don dearadh seo.
Aga:
I dtéarmaíocht na réalteolaíochta is ionann an t-aga agus am
tagartha na gcomhordanáidí. Bíonn athruithe beaga ag teacht ar an
spéir gan stad (de
thoradh na dualghluaisne ach go háirithe) agus
mar sin nuair a chromfas an réalteolaí ar réaltmhapa a úsáid
caithfidh sé a bheith eolach ar aga an mhapa, is é sin, cathain go
beacht a bhí an mapa agus comhordanáidí an mhapa bord ar bhord le
cuma na spéire.
Aichill:
Ba é Aichill an chéad astaróideach Traíoch ar cuireadh sonrú ann
riamh. Grúpa astaróideach iad na Traígh atá ag timpeallú ceathrú
pointe Lagrange ar fhithis Iúpatair – is é sin, an pointe roimh
an bpláinéad. Tá Aichill timpeall ar 130 ciliméadar ar
trastomhas, agus é ar an séú Traíoch is mó. Ba é an réalteolaí
Gearmánach a d'aithin Aichill roimh aon duine eile, thiar sa bhliain
1906.
Aicme
speictreach:
Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós
rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena
fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid
hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:
Aicme |
Dath
na réalta |
Teocht
an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC) |
Sampla |
Réaltbhuíon |
Nótaí |
O |
Bánghorm
(an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait) |
30,000-50,000
K |
Meissa
(Heka, Al Haka, Lambda Orionis) |
An
Bodach |
Fathachréalta |
Mintaka
(Delta Orionis) |
An
Bodach |
Fathachréalra |
|||
Alnitak
(Zeta Orionis) |
An
Bodach |
Ollfhathach |
|||
B |
Gorm,
bánghorm |
10,000-30,000
K |
Alkaid
(Benetnasch, Eta Ursae Majoris) |
An
Béar Mór |
Réalta
phríomhsheichimh |
Rigel
(Beta Orionis) |
An
Bodach |
Ollfhathach |
|||
Alnilam
(Epsilon Orionis) |
An
Bodach |
Ollfhathach |
|||
A |
Bán,
bánghorm |
7,600-11,500
K |
Vega
(Alpha Lyrae) |
An
Lir |
Réalta
phríomhsheichimh |
Altair
(Alpha Aquilae) |
An
tIolar |
Réalta
phríomhsheichimh |
|||
Sirius
(Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris) |
An
Madra Mór |
Réalta
phríomhsheichimh |
|||
Phad
(Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris) |
An
Béar Mór |
Réalta
phríomhsheichimh |
|||
Deneb
(Alpha Cygni) |
An
Eala |
Ollfhathach |
|||
Fomalhaut
(Alpha Piscis Austrini) |
Iasc
an Deiscirt |
Réalta
phríomhsheichimh |
|||
F |
Bánbhuí |
6,000-7,600
K |
Procyon
(Alpha Canis Minoris) |
An
Madra Beag |
Réalta
phríomhsheichimh |
Porrima
(Gamma Virginis, Arich) |
An
Mhaighdean |
Réalta
phríomhsheichimh |
|||
G |
Bánbhuí,
buí |
5,300-6,000 |
An
Ghrian |
- |
Réalta
phríomhsheichimh |
Vindemiatrix
(Epsilon Virginis) |
An
Mhaighdean |
Fathachréalta |
|||
Sadalsuud
(Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum) |
Iompróir
an Uisce (An tUisceadóir) |
Ollfhathach |
|||
Mebsuta
(Epsilon Geminorum) |
An
Cúpla |
Ollfhathach |
|||
K |
Flannbhuí |
3,900-5,200 |
Epsilon
Eridani |
An
Abhainn |
Réalta
phríomhsheichimh |
Pollux
(Beta Geminorum) |
An
Cúpla |
Fathachréalta |
|||
Alsafi
(Sigma Draconis) |
An
Dragan |
Réalta
phríomhsheichimh |
|||
Gienah
(Epsilon Cygni) |
An
Eala |
Fathachréalta |
|||
Eltanin
(Gamma Draconis, Etamin) |
An
Dragan |
Fathachréalta |
|||
M |
Flannbhuí,
dearg |
4,000
nó níos fuaire |
Antares
(Alpha Scorpii) |
An
Scairp |
Ollfhathach |
Betelgeuse
(Alpha Orionis) |
An
Bodach |
Ollfhathach |
|||
Aldebaran
(Alpha Tauri) |
An
Tarbh |
Fathach |
|||
Arcturus
(Alpha Bootis) |
An
tAoire |
Fathach |
|||
Gacrux
(Gamma Crucis) |
Cros
an Deiscirt |
Fathach |
|||
Mirach
(Merak, Beta Andromedae) |
Andraiméide |
Fathach |
|||
Gliese
581 |
An
Mheá |
Abhac
dearg |
|||
Wolf
359 |
An
Leon |
Abhac
dearg |
|||
Lalande
21185 (Gliese 411) |
An
Béar Mór |
Abhac
dearg |
Ba
iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d'oibrigh amach an
córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar
”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar
Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí
nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach
féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil
leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).
Aicmiú
Trumpler:
córas aicmithe na réaltbhraislí oscailte. Ba é an réalteolaí
Robert Julius Trumpler (nó Trümpler – Eilvéiseach a bhí ann a
chuir faoi sna Stáit Aontaithe) a cheap an córas seo sa bhliain
1930. In aicmiú Trumpler tá uimhir Rómhánach a thugas le fios cé
acu atá an bhraisle scaipthe nó dlúth (I, II, III nó IV; seasann
I don bhraisle dhlúth, agus is é IV an cineál is scaipthe); uimhir
Arabach a sheasas do mheánghile na réaltaí sa bhraisle (1, 2 nó 3
– is é 3 an cineál is gile); agus litir a deir cé acu atá an
bhraisle saibhir (r,
ó rich
an
Bhéarla) i réaltaí, daibhir (p,
ó poor)
nó idir eatarthu (m,
ón bhfocal medium).
Ina dhiaidh sin cuirtear an litir n
le tagairt a dhéanamh don néalmhaireacht (nebulosity),
is é sin, le tabhairt le fios go bhfuil an bhraisle suite i néal
gáis. Is é an t-aicmiú atá ag an bPléadach, mar sin, ná I3rn
– réaltbhraisle dhlúth gheal, í saibhir i réaltaí agus
néalmhaireacht ag roinnt léi.
Aigéan
na Stoirmeacha nó
Oceanus
Procellarum atá
ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an
nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul
i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san
Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na
Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar
atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare
Cognitum nó
”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.
Ailbéideacht:
An codán den tsolas (nó de chineál eile radaíochta) a
fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá ailbéideacht an Domhain,
mar shampla, timpeall ar 0.3, is é sin, frithchaitheann an Domhan
tuairim is tríocha faoin gcéad den tsolas a bhuaileas é.
Is
léir nach ionann ailbéideacht na rinne neimhe i ngach ball di. Mar
shampla, má iompaíonn an Domhan taobh na farraige – taobh an
Aigéin Chiúin – leat, beidh an ailbéideacht, mar a fheictear
duitse í, níos mó ná meánailbéideacht ár bpláinéid.
Aimeiriciam
atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 95 (uimhir a cúig déag is
ceithre scór). Is é Am an
giorrúchán a shiombalaíos an dúil seo sna foirmlí ceimiceacha.
Cosúil leis na hachtanóidigh thrasúránacha eile is dúil shaorga
shintéiseach é a mbaineann radaighníomhaíocht léi, ach san am
chéanna is féidir a lán a rá i leith shaintréithe ceimiceacha an
aimeiriciam, toisc go bhfuil iseatóip aige atá na
céadta, nó fiú na mílte blianta ar leathré. Is é aimeiriciam a
243 (aimeiriciam dhá chéad a trí is dhá scór) an t-iseatóp is
cobhsaí, agus é 7270 bliain (seacht míle dhá chéad deich mbliana
déag is trí scór) ar leathré.
Is
féidir aimeiriciam a aonrú mar ghlanmhiotal, ach ar ndóigh ní
bhíonn sé róchiallmhar, chomh radaighníomhach is atá sé mar
dhúil. Go tipiciúil ní astaíonn an t-aimeiriciam féin ach
alfa-cháithníní, ar cáithníní troma iad nach féidir leo mórán
dochair a dhéanamh, ach is scéal eile é ar fad cuid de na
hiníon-núiclídí, agus iad in ann gáma-radaíocht a astú.
Tá
an t-aimeiriciam ainmnithe as ilchríoch Mheiriceá, ar ndóigh. Tá
an t-aimeiriciam suite taobh thíos den eoraipiam i dtábla
peiriadach na ndúl, agus sin é an fáth ar bronnadh a leithéid
d'ainm air.
Is
í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an aimeiriciam
ina chuid comhdhúl ceimiceach ná +3, rud is gnách do na lantainídí
agus na hachtainídí.
OCSAÍDÍ
AN AIMEIRICIAM
|
|||
Ainm |
Foirmle |
Uimhir
ocsaídiúcháin an aimeiriciam sa chomhdhúil |
Nótaí |
Aonocsaíd
aimeiriciam |
AmO |
+2 |
Níor
éirigh leis na heolaithe ach beagán beag bídeach den ocsaíd
seo a aonrú, agus mar sin is deacair a dhath a rá faoina cuma is
faoina cosúlacht
|
Seisce-ocsaíd
aimeiriciam (trí-ocsaíd dé-aimeiriciam) |
Am2O3 |
+3 |
Solad
ruadhearg atá san ocsaíd seo. Is é an leáphointe atá aici ná
2205 °C
(dhá
mhíle agus cúig chéim de réir Celsius).
|
Dé-ocsaíd
aimeiriciam |
AmO2 |
+4 |
Solad
dubh atá san ocsaíd seo. Comhdhúil thábhachtach í an
dé-ocsaíd aimeiriciam ó thaobh na húsáide praiticiúla de,
mar fhoinse alfa-radaíochta. |
Is léir go bhfuil cuid mhaith halaiginídí ag an aimeiriciam chomh maith: an trífhluairíd aimeiriciam AmF3, an tríchlóiríd aimeiriciam AmCl3, an tríbhróimíd aimeiriciam AmBr3, an trí-iaidíd aimeiriciam AmI3, an teitreafhluairíd aimeiriciam AmF4, an déchlóiríd aimeiriciam AmCl2, an débhróimíd aimeiriciam AmBr2, agus an dé-iaidíd aimeiriciam AmI2. Tá dath bándearg (pinc) sa dhá fhluairíd agus sa tríchlóiríd, agus tá na déhalaiginídí dubh ar fad. Maidir leis an tríbhróimíd agus sa trí-iaidíd, tá siad bán.
Cé
gur dúil éagobhsaí thrasúránach é an t-aimeiriciam, baintear
úsáid as go coitianta sna brathadóirí deataigh. An t-aláram
dóiteáin atá greamaithe den tsíleáil sa bhaile agat féin, is
dócha go bhfuil beagán beag aimeiriciam ann a chuidíos leis an
deatach a aithint.
Aimhrialtacht:
Sa réalteolaíocht tagraíonn an focal aimhrialtacht
dá
lán coincheapanna éagsúla, mar atá:
-
Aimhrialtacht an Atlantaigh Theas
-
Aimhrialtacht éalárnach
-
Aimhrialtacht fhíor
-
Aimhrialtacht Pioneer
-
Aimhrialtacht tareitilte
-
Meán-aimhrialtacht
Is
éard atá i gceist le haimhrialtacht
an Atlantaigh Theas
ná an aimhrialtacht a aithnítear ar an gceann inmheánach den dá
chrios radaíochta timpeall an Domhain a fuair a n-ainm ón spáseolaí
Meiriceánach James Van Allen. De ghnáth, ní shroicheann an crios
inmheánach níos ísle síos ná sé chéad ciliméadar, ach is
eisceacht (nó aimhrialtacht!) é Deisceart an Atlantaigh, áit nach
mbíonn an crios radaíochta sin ach dhá chéad ciliméadar os cionn
dhroim ár bpláinéid. Is é is cúis leis an aimhrialtacht seo ná
nach bhfuil réimse maighnéadach an Domhain chomh siméadrach le
réimse an bharra-mhaighnéid.
Is
éard atá i gceist leis an aimhrialtacht
éalárnach,
an aimhrialtacht
fhíor,
agus an mheán-aimhrialtacht
ná
na comhordanáidí a thugas cur síos ar an áit a bhfuil an rinn
neimhe ar a fithis, de réir na ndlíthe matamaitice a d'oibrigh
Johannes Kepler amach. Uillinneacha iad an aimhrialtacht
éalárnach agus an aimhrialtacht fhíor. Ní uillinn í an
mheán-aimhrialtacht, cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil
le huillinn. Tá an mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab
an líne ón réad go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach
a chuaigh an réad thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid
agus uasmhéid na meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π
raidian. Aonad stua é an raidian. Is ionann an raidian agus timpeall
ar 57.295 céim stua, nó an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.
Maidir
le haimhrialtacht
Pioneer,
is éard atá i gceist léi ná an géarú a tháinig ar luas an dá
spástaiscéalaí úd Pioneer
10 agus
Pioneer
11
nuair a shroich siad fad áirithe ón nGrian (timpeall ar fhiche
aonad réalteolaíoch). Ní raibh súil ag na réalteolaithe leis an
luasghéarú san am, ná míniú sásúil acu air, agus mar sin bhí
sé ina chúis spéise acu ar feadh tamaill. Ba é an brú radaíochta
ba chúis leis an aimhrialtacht – bhí na taiscéalaithe ag
cailleadh teasa, ach níorbh ionann an cailleadh seo ar gach taobh
den ghléas, agus mar sin bhí an brú radaíochta ag cur le luas an
ghléis.
Is
éard atá i gceist leis an aimhrialtacht
tareitilte
ná ardú fuinnimh a aithnítear agus spásbhád ag eitilt thart leis
an Domhan. Má eitlíonn an spásbhád thart le rinn neimhe sách
cóngarach, cuirfidh imtharraingt na rinne neimhe sin cor i mbealach
an spásbháid, agus sa teagmháil chéanna géarófar ar a luas.
Cuid bheag den luasghéarú sin áfach ní féidir leis na fisiceoirí
é a mhíniú i láthair na huaire, agus tugtar aimhrialtacht
tareitilte ar an gcuid sin.
Aimplitiúid
a thugtar, go bunúsach, ar ”airde” na dtonnta, más é an
”tonnfhad” fad na dtonnta céanna.
Ainmníocht
Bayer
a thugtar ar an gcóras ainmníochta a cheap an réalteolaí
Gearmánach Johann Bayer thiar i dtús na seachtú haoise déag. Sa
chóras seo is éard atá in ainm na réalta ná litir Ghréagach (nó
ainm ar litir Ghréagach), agus ainm Laidine
na
réaltbhuíne ag teacht i ndiaidh na litreach sin i dtuiseal
gineadach. Mar shampla, Alpha
Centauri, Beta Ursae Majoris, Gamma Andromedae.
Is
minic a chreidtear go seasann Alpha
sa
chóras seo don réalta is gile sa réaltbhuíon, agus gurb é Beta
an
dara ceann is gile, agus araile: Gamma,
Delta, Epsilon...
Le fírinne ní raibh Bayer féin ag iarraidh ordú gile na réaltaí
i réaltbhuíon áirithe a thabhairt go mionchruinn, nó ní raibh ar
chumas réalteolaithe a linne an ghile sin a thomhas go róbheacht.
Ní dhearna sé ach na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a aicmiú
de réir a ngile. Má bhí, cuir i gcás, cúig réalta sa
réaltbhuíon san aicme ba ghile, bhaist sé Alpha,
Beta, Gamma, Delta agus
Epsilon
ar
na cinn seo, agus ansin thug sé Zeta
ar
an gcéad réalta sa dara haicme, ach ní hionann sin is a rá go
dtabharfadh sé Alpha
ar
an réalta ba ghile acu go léir. Ba mhinic a bhí a aird ar
chúiseanna eile freisin: mar shampla, má bhí réalta áirithe ar
an gcéad cheann sa réaltbhuíon a thagadh ó scáth na léaslíne,
bhí de chlaonadh in Bayer alpha
(nó
an chéad litir Gréigise san aicme bhainteach gile) a bhronnadh ar
an réalta sin thar aon cheann eile.
Thairis
sin, rinne na réalteolaithe athruithe ar theorainneacha na
réaltbhuíonta ina ndiaidh sin: thar aon rud eile, roinneadh an Long
nó Argo
Navis go
réaltbhuíonta éagsúla, mar atá, an Chíle (Carina),
Deireadh na Loinge (Puppis),
Compás an Mhairnéalaigh (Pyxis),
agus na Seolta (Vela).
Ansin, choinnigh gach réalta a litir Ghréagach, cé gur cuireadh
ainm na réaltbhuíne nua léi.
Níor
chuir Bayer an córas ainmníochta s'aige i bhfeidhm ach amháin ar
na réaltbhuíonta a bhí le feiceáil ón nGearmáin. Thit sé ar
chrann réalteolaithe eile an córas a chur i bhfeidhm ar réaltaí
an leathsféir theas.
Aipsis:
Tugtar aipsisí ar chianphointe is ar gharphointe na satailíte, is é
sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach agus an pointe is cóngaraí
don phríomhúlach ar fhithis na satailíte.
Airgead:
Is é an t-airgead, nó an t-airgead geal, dúil cheimiceach uimhir a
seacht is dhá scór, agus is é an giorrúchán a sheasas don
airgead sna foirmlí ceimiceacha ná Ag.
Ceann de na miotail lómhara i ngrúpa uimhir a haon déag i dtábla
peiriadach na ndúl é an t-airgead, in éineacht leis an gcopar agus
an t-ór.
Miotal
bog insínte é an t-airgead, agus loinnir gheal ann, mar is eol do
na daoine go coitianta. Tagann smúid air, áfach, nuair a bhíos
comhdhúile sulfair ag dul i bhfeidhm air. Seoltóir
maith teasa agus leictreachais é an t-airgead geal – le fírinne
is é an seoltóir leictreachais is fearr atá ann, ach ar ndóigh tá
sé chomh tearc, chomh daor, is nach féidir úsáid a bhaint as sa
ghléasra leictreonach chomh
minic is mar
a bhaintear as an gcopar.
Is
é an meáchan adamhach atá ag an airgead geal ná 107.87 aonad.
D'fhéadfá an tátal a bhaint as sin gurb é airgead geal a hocht is
cúig scór, nó 108Ag,
an t-iseatóp is coitianta, ach dá mbainfeá, bheifeá sa mhícheart.
Nó is iad an dá iseatóp cobhsaí atá ann ná airgead geal a
seacht is cúig scór (107Ag,
tuairim is 52 % d'airgead geal an dúlra) agus airgead geal a naoi is
cúig scór (109Ag,
tuairim is 48 % d'airgead geal an dúlra). Is radanúiclíd shaorga é
airgead geal a hocht is cúig scór.
Ais
leathbheag a
thugtar ar an líne a ritheas ó lárphointe na héilipse go dtí
ceann den dá phointe ar an éilips is cóngaraí don lárphointe. Is
ionann an ais leathbheag agus leath an trastomhais is lú atá ag an
éilips.
Ais
leathmhór a
thugtar ar an líne arb ionann í agus leath an trastomhais is mó
atá ag an éilips, is é sin, ritheann sí ó lárphointe na
héilipse go ceann den dá phointe ar an éilips is faide ón
lárphointe.
Ais
neamhaí a
thugtar ar an ais a bhfuil an sféar neamhaí ag rothlú timpeall
uirthi – go bunúsach, is ionann í agus ais rothlaithe an Domhain.
Ais
optúil a
thugtar ar an ais a ritheas trí chóras optaice agus a bhfuil an
córas sin siméidreach ina timpeall. (Rud eile í an ais
optach,
a bhaineas leis an dóigh a n-athraontar an solas sna criostail.)
Aistiogmatacht
atá
i gceist nuair nach ionann an fócas (fócas an lionsa nó fócas an
chórais optúil) do na línte ceartingearacha agus na línte
cothrománacha.
Aistriú
Doppler
nó iarmhairt
Doppler a
thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag
gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an
carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an
bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an
mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus
nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna
le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos
ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an
phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag
druidim chugainn,
is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht
níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht
in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag druidim
uainne
atá an fhoinse sin.
Ba
é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an
iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain
1842. D'aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige
leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta
leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh.
Tugtar deargaistriú
ar an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na
réaltaí agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim
uainn, agus gormaistriú
an téarma a thagraíos d'aistriú Doppler ag réaltaí atá ag
gluaiseacht chugainn.
Aladáid
nó
géag
shnáthaide
a thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag
pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a
tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an
aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál
rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin
bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.
Albireo:
Is é Albireo nó Beta
Cygni an
cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is
déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is
fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is
déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo
Ac ar an dá réalta sin inniu.
Fathachréalta
fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad
an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí
iad – is é sin, réaltaí teo gorma.
Alcor:
Is é Alcor nó 80
Ursae Majoris nó
Arundhati
leathbhádóir na réalta úd Mizar
nó
Zeta
Ursae Majoris.
Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá
sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh
den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach
abhac fann.
Alcyone:
Is í Alcyone nó Eta
Tauri an
ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh.
Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is
fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn
eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.
Aldebaran:
Is é Aldebaran nó Alpha
Tauri an
réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala
cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl
sé mórán níos troime ná an Ghrian s'againn cé go bhfuil sé i
bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é
a d'fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don
Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.
Alderamin:
Is é Alderamin nó Alpha
Cephei an
réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil
gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi
solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann.
Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta
phríomhsheichimh.
Alfa-cháithnín
a
thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá
neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad
ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur
cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.
Nuair
a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá
leictreon óna thimpeallacht
agus iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá
thoradh sin bíonn boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta
úráiniam.
Alfa-mheath
is
cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe
radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas,
astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá
phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d'uimhir
adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an
uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas
úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar
núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).
Ar
dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is
tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí
ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh
núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon
a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Dealraíonn sé gurb
é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a
bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.
Alfa-radaíocht
an
cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An
alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha
ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir
le maolú uirthi go substaintiúil.
Na
halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar
chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus
dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.
Algenib
an t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:
-
Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.
-
Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.
Algol
nó
an
Deamhanréalta a
thugtar ar an réalta úd Beta
Persei;
ainm eile as Béarla é Winking
Demon,
is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí
leis an ainm Araibise úd Al-Ghul,
agus
is ionann sin mar fhocal agus ghoul
an Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór
Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a
shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar
sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus
is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a
mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo
a bhí i gceist.
Is
é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den
dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a
fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go
tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá
chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint
thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí
forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach.
Mar sin féin tugtar déréalta
speictreach
ar Algol, toisc gurb
ar na hathruithe speictrim is lonrachais a d'aithin na réalteolaithe
an chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.
Le
fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí
aon cheann den dá réalta eile.
Réaltaí
príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó
ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is
réalta den B-aicme í. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian
de réir an trastomhais agus an téagair, agus beagnach dhá chéad
oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1,
tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an
Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an
trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread
chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta,
baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná
níos mó, ná an Ghrian.
Bhí
an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó
chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí
mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le
hAlgol.
Alioth
nó
Epsilon
Ursae Majoris atá
ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite
faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór,
agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s'againn. Tá
Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an
trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear
mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go
tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach
na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i
”mbreosla” hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go
dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.
Alkaid
nó
Benetnasch
nó
Eta
Ursae Majoris atá
ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir.
B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the
bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread
go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad
is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa
Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht,
in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa
gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid,
nó ní ball den ghrúpa sin é.
Allatróp:
Is éard atá i gceist leis na hallatróip
ná leaganacha éagsúla d'aon dúil cheimiceach amháin a bhfuil a
saintréithe fisiciúla difriúil toisc go bhfuil eagar éagsúil ar
na hadaimh i struchtúr an chriostail nó sna móilíní. Cé
gurb í an dúil chéanna atá i gceist sna hallatróip éagsúla
agus na hairíonna ceimiceacha céanna acu go léir, is féidir leo
bheith an-difriúil, abair, ó thaobh na nimhiúlachta de, agus
allatróp amháin níos araicisí chun imoibriúcháin ná an ceann
eile. Mar shampla, is substaintí nimhiúla iad an t-ózón agus an
fosfar bán ar an gcúis áirithe seo.
Samplaí
den allatrópacht iad seo:
-
Allatróip an charbóin: an diamant, an ghraifít, an lonsdaeilít, na fullairéiní...
-
Allatróip na hocsaigine: an ghnáthocsaigin agus an t-ózón.
-
Allatróip an fhosfair: an fosfar bán, an fosfar dearg, an fosfar dubh, an fosfar corcra...
-
Allatróip an stáin: an stán miotalach agus an stán neamh-mhiotalach.
-
Allatróip an tseiléiniam: an seiléiniam miotalach, an seiléiniam liath, an seiléiniam dearg.
Almach
nó
Gamma
Andromedae atá
ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon
Andraiméide í. D'aithin na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú
céad déag gur déréalta a bhí ann. Ceann den dá réalta sin
áfach, is dóigh le lucht na ceirde inniu gur córas trí réalta
ann féin é. Mar sin, is córas ceithre réalta í Almach, agus é
suite faoi trí chéad is caoga solasbhliain dínn. Is iad na ceithre
réaltaí sin ná:
-
γ Andromedae A. Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.
-
γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.
-
γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.
Alnair
(focal
Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”)
a
thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:
-
Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s'againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d'fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
-
Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.
Alnilam
nó
Epsilon
Orionis atá
ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó
Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá ann, is
é sin, réalta the ghorm é. Tá sé suite faoi thuairim is dhá
mhíle solasbhliain dínn, agus é tríocha oiread chomh trom leis an
nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá
Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta
féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar
an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an
lá is faide anonn.
Alnitak
nó
Zeta
Orionis
a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an
Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sé suite faoi thuairim is ceithre
chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta ann féin é.
Alpha
Centauri
nó
Toliman
nó
Bungula
a
thugtar
ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le
bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha
Centauri A;
Alpha
Centauri B;
agus Alpha
Centauri C,
nó Proxima
Centauri.
Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn,
agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima,
”An
Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná
an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú,
nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí
ceangailte den bheirt eile ar aon dóigh.
Ba
nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl
al Qanturis nó
”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil
Kentaurus an
leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d'úsáidtí sa Domhan
Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na
Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha
Centauri A. Cosúil
leis sin is fearr leis an Aontas gan ”Toliman”, ainm traidisiúnta
eile a thagraíos d'Alpha Centauri, a thabhairt ach ar Alpha Centauri
B feasta.
Tá
Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread
go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is
réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s'againn.
Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos
fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le
Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais
inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is
é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá
réalta eile sa chóras.
Chomh
gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a
aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá
mbeadh Proxima ní ba lonrúla d'fhéadfá í a aithint mar réalta
ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti
ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá
teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.
Mar
is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i
réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire
go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus
Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius
agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri;
fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain
dínn.
Alphekka
nó
Alphecca
nó
Gemma
nó
An
tSeoid nó
Alpha
Coronae Borealis a
thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt.
Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig
ciliméadair déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí
oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos
lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne
is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha
Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an
leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian,
agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.
Is
gnách Alphecca
Meridiana a
thabhairt ar Alpha
Coronae Australis,
is é sin, an
réalta
is
gile i
gCoróin
an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid
chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.
Alpheratz
nó
Sirah
nó
Alpha
Andromedae a
thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí
suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad
Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat,
agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.
Tá
Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór
dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta
ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh
leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an
Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is
réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an
phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian.
Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus
é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí
oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.
Tá
roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta,
mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le
haithint ar a speictream.
Alphonsus
– Cráitéar mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh
thoir de Mhuir na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus
Alpitragus. Tá Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas,
agus é ainmnithe as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón
mbliain 1221 go 1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna
heolaíochtaí, agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná
Sabio,
nó an Fear Críonna, agus Astrólogo,
nó an tAstralaí.
Altair
nó
Alpha
Aquilae a
thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta
phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na
réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn –
níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag
dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo
as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na
liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.
Altasamat
is
ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an
teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais
chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde
(altitude),
agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál
altasamat é an túirín gunna chomh maith.
An
Altóir
atá
ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus
Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil
san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa
réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó
leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d'ainmneacha againn
ar a cuid réaltaí ach Alpha
Arae, Beta Arae, Gamma Arae
agus araile.
Ara
an
t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an
t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann
ar a dtugtar Auriga
as
Laidin.
Alúmanam
a
thugtar ar dhúil uimhir a trí déag i dtábla peiriadach na ndúl.
Al
an
tsiombail cheimiceach, agus is í an chumraíocht leictreonach atá
aige ná 1s22s22p63s23p1.
Mar sin, tá trí leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus is
dual don alúmanam an trí cinn sin a thabhairt ar iasacht uaidh.
Mar sin,
is é +3 an staid ocsaídiúcháin is dual don dúil seo, agus
ní féidir +1 ná +2 a aithint ag an alúmanam ach amháin i
gcomhdhúile díomuana.
Tá
an t-alúmanam 26.981 aonad ar mheáchan adamhach, agus ní díol
iontais é mar sin gurb é alúmanam a 27, nó 27Al,
an t-aon iseatóp nádúrtha amháin atá aige.
Tá an raidiseatóp is
cobhsaí, 26Al,
seacht gcéad míle bliain ar leathré,
agus is féidir iarsmaí de a aithint sa ghás idir-réaltach, ach
más féidir féin, tá sé sábháilte a rá nach bhfuil a dhath
fágtha de i ndúlra an Domhain.
Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ann, ní mór iad a
tháirgeadh sa tsaotharlann, agus ní bhíonn
siad fadsaolach ar aon nós –
bíonn siad cúpla nóiméad nó cúpla soicind ar leathré, nó níos
éagobhsaí fós.
Miotal
éadrom é an t-alúmanam. Seoltóir
maith teasa agus leictreachais atá ann, agus
níl nimh ná dochar ann don orgánach dhaonna. Táthar
buartha faoin mbaint atá ag an alúmanam le galar Alzheimer, ach níl
na saineolaithe ar aon fhocal faoin mbaint sin.
Ocsaídítear an
t-alúmanam
go héasca, agus mar sin bíonn brat ocsaíde ar an miotal a fhágas
liath é –
ar an dath sin is fusa a aithnítear an t-alúmanam.
Tá an ocsaíd alúmanaim, Al2O3,
an-chrua, an-láidir mar shubstaint, agus díonann an brat sin an
miotal ar thuilleadh ocsaídiú. Deirtear
go n-éighníomhaíonn
an brat ocsaíde an miotal.
Cé
go bhfuil an t-alúmanam ar ceann de na dúile is coitianta i screamh
an domhain, agus
aithne ag na daoine ar mhianraí éagsúla alúmanaim (alúm, mar
shampla) ó thús na staire, níor
éirigh leis
an gcine daonna
alúmanam a aonrú mar dhúil ach sa
naoú haois déag. Ba é an Danmhargach Hans Christian Ørsted a
rinne an t-éacht. Ar
feadh i bhfad, áfach, ní raibh sé furasta an miotal a tháirgeadh,
agus bhíodh sé ní ba dhaoire ná an t-ór féin.
Ba
iad an Meiriceánach Charles Martin Hall agus an Francach Paul
Héroult a tháinig ar an modh oibre le halúmanam a tháirgeadh ar
scála tionsclaíoch, i ndeireadh na naoú haoise déag. Is éard
atá i gceist le próiseas Hall-Héroult – mar a thugtar air – ná
leictrealú na hocsaíde alúmanaim go hocsaigin agus alúmanam. Níl
sé praiticiúil an ocsaíd a leá lena leictrealú, áfach, toisc go
dteastaíonn teocht breis is dhá mhíle céim Celsius chuige sin. Ba
é an rud a rith le Hall agus Héroult, beag beann ar a chéile, ná
an ocsaíd a thuaslagadh i gcrióilit leáite. Mianra alúmanaim í
an chrióilit féin – is éard atá inti ná fluairíd potaisiam
agus alúmanaim (K3AlF6),
agus í i bhfad níos soleáite ná an ocsaíd alúmanaim.
An
leagan den ocsaíd alúmanaim a úsáidtear le haghaidh táirgíochta
is é an bháicsít
é.
Ocsaíd alúmanaim neamhghlan atá sa bháicsít. Tugtar corandam
ar
na glanchriostail ocsaíde alúmanaim, agus úsáidtear sa
tseodóireacht
iad. Níl dath ar bith sa ghlanchorandam, ach fágann truailleáin
dathanna éagsúla ann. Tugtar rúibín
ar an gcorandam dearg, agus is é an cróimiam is cúis leis an dath.
Tagraíonn an focal saifír
do na cineálacha daite eile den chorandam, go háirithe don
chorandam ghorm.
Tá
a lán mianraí alúmanaim eile sa dúlra chomh maith – na
hiathchlocha, mar shampla, ar sileacáití alúmanaim iad. As
an mbáicsít a bhaintear an chuid is mó den alúmanam, áfach.
Níl
léamh ná scríobh ná insint bhéil ar chomh húsáideach is atá
an t-alúmanam, ós
miotal éadrom é agus an-teacht aniar ann. Go
coitianta, measctar miotail eile tríd lena dhéanamh níos oiriúnaí
d'úsáid ar leith. Baintear leas as an nglanalúmanam freisin, áfach
– sa leictreonaic, ar a laghad. Go
bunúsach, is é an glanalúmanam atá de dhíth más í an díontacht
ar an gcreimeadh (ar an ocsaídiú) is mó atá ag teastáil, ach más
í an chruacht agus an díontacht ar bhuaillí
nó ar bhrú meicniúil atá de dhíth, is é an cómhiotal – an
miotal measctha – a roghnaítear.
Amalthea
(Amailtia
an leagan Gaelaithe a bhí ag Matt Hussey sa leabhar úd Fréamh
an Eolais)
a thugtar ar shatailít bheag de chuid Iúpatair; Iúpatar
a Cúig an
t-ainm córasach. Ba é an Meiriceánach Edward Emerson Barnard a
chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1892 – an fear céanna a
bhfuair Réalta Barnard a hainm uaidh. Tá sí ag timpeallú Iúpatair
níos gaire ná gealacha aithnidiúla Galileo, agus í níos lú ná
iad: tá déanamh neamhrialta uirthi, is é sin, níl sí ar déanamh
liathróide. Shuigh an scríbhneoir ficsin eolaíochta Arthur C.
Clarke a ghearrscéal Jupiter
Five ar
Amalthea, mar is léir ón teideal.
Amharcmhéid
an
téarma a thagraíos do mhéid na réalta mar a fheictear dúinn í,
is é sin, de réir ghile a cuid solais.
Am
Iarthar na hEorpa:
an t-am a gcloítear leis in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Ríocht
Aontaithe. Is ionann é go bunúsach agus an tAm Uilíoch, is é sin,
Meán-Am Greenwich, ach amháin go n-aistrítear na cloig uair amháin
ar aghaidh le teacht an Earraigh (am coigilte sholas an lae, is é
sin, an t-am samhraidh) agus ar ais le teacht an Fhómhair.
Am
Lár na hEorpa:
an t-am a gcloítear leis sa chuid is mó den Eoraip. Tá sé ag dul
uair amháin chun tosaigh ar Am Iarthar na hEorpa.
Amóinia
a
thugtar ar hidríd shimplí dhénártha na nítrigine, NH3.
Tá an amóinia
ina gás le teocht an tseomra, nó is é an fiuchphointe atá aici ná
-33°C.
Chomh
haraiciseach is atá sí chun imoibriúcháin is gás nimhe í a
dhéanas dochar do chomhdhúile bithcheimiceacha an orgánaigh
dhaonna, ach is furasta an dainséar a aithint ar
dhrochbholadh
an
gháis.
Oibríonn
sí ar na scamhóga ar nós na ngás tachtach eile, is é sin
tarraingíonn sí éidéime na scamhóg ar an othar – líontar na
scamhóga le huisce a thachtas é.
Tá
an
amóinia
sothuaslagtha san uisce, agus í ag imoibriú mar bhun scothláidir
leis
na haigéid sa
tuaslagán.
Mar
is
dual don bhun
de réir theoiric Brønsted
agus Lowry, glacann an amóinia le hian hidrigine ón aigéad, ionas
go gcruthaítear ian deimhneach
amóiniam, NH4+.
Ansin
is féidir leis an ian seo dul i gcomhdhúil le hiain diúltacha
–
salainn amóiniam, mar a thugtar ar na comhdhúile seo.
Samplaí de shalainn den chineál sin iad an chlóiríd amóiniam
NH4Cl
agus an charbónáit amóiniam (NH4)2CO3
(an
salann
fia-adhairce).
Maidir
le hamóinia san ollchruinne, tá
eolaithe áirithe barúlach go bhféadfadh an amóinia gnó an uisce
a dhéanamh do bhithsféar
ar phláinéad eile agus do chóras bithcheimiceach de chineál eile.
Tá fadhbanna ag baint leis an hipitéis seo, áfach. Thar
aon rud ba chóir don phláinéad sin bheith ní b'fhuaire ná an
Domhan, ionas
go bhfanfadh an amóinia ina leacht, agus
ba chóir nach mbeadh ocsaigin le fáil in atmaisféar an phláinéid,
toisc gur substaint sho-adhainte, sho-dhóite í an ghlanamóinia.
An
tAm Uilíoch:
is ionann é agus Meán-Am Greenwich, a bheag nó a mhór. Is
í an difríocht is mó idir an dá rud ná go bhfuil an tAm Uilíoch
níos cruinne ná rothlú an Domhain féin, toisc go bhfuil sé
bunaithe ar chloig adamhacha. Le
fírinne is gnách an tAm Uilíoch a cheartú le soicindí bisigh ó
am go ham le féachaint chuige nach rachaidh an dá am sin ó chéile.
Cloíonn an Íoslainn leis an Am Uilíoch ó thús go deireadh na
bliana, is é sin, níl am samhraidh ar leith (is é sin, am coigilte
sholas an lae) acu.
Anailís
speictreach a
thugtar ar na modhanna oibre a bhíos ag na réalteolaithe le
hairíonna na réalta a aithint ar a speictream. Ó tá a cuid línte
speictreacha ag gach dúil cheimiceach, is féidir a fheiceáil ar an
speictream cé hiad na dúile atá ar fáil i réalta áirithe.
Thairis sin, thig linn a aithint an bhfuil an réalta ag éalú uainn
nó ag druidim linn. An réalta atá ag éalú uainn, is
dealraitheach dúinn go bhfuil na línte speictreacha go léir
aistrithe i dtreo na deirge (deargaistriú), agus an réalta atá ag
druidim linn, feicimid go bhfuil na línte speictreacha aistrithe i
dtreo na goirme (gormaistriú). Is í iarmhairt Doppler is cúis leis
an dá aistriú seo.
Andraiméide
is
ainm don dá rud seo:
-
Réaltra Andraiméide, nó M31, nó NCG 224, atá ar an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, is é sin, i gcomharsanacht Bhealach na Bó Finne. Réaltra bíseach é. Tá sé suite dhá mhilliún go leith de sholasbhlianta ónár réaltra féin, agus é tuairim is dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Heber Curtis (1872-1942) a d'aithin roimh aon duine gur réaltra ar leith a bhí ann, seachas réaltnéal taobh istigh dár réaltra féin.
-
Réaltbhuíon Andraiméide – is é Andromeda an leagan Laidine a úsáidtear sa Bhéarla chomh maith. Tá an réaltnéal le feiceáil sa réaltbhuíon áirithe seo. Tá Andraiméide suite idir Peirseas, Caiseoipé, an Laghairt, Peigeasas, na hÉisc, agus an Triantán. Réaltaí aithnidiúla sa bhuíon seo iad Alpheratz agus Almach. Bíonn dreigechith na nAndraiméidídí (nó na mBílídí) le feiceáil sa réaltbhuíon i Mí na Samhna.
Angstram
an
leagan Gaeilge de shloinne an fhisiceora Shualannaigh Anders Jonas
Ångström (1814-1874) – nó den aonad faid a fuair a ainm ón
bhfear seo. Is ionann deich n-angstram agus aon nanaiméadar amháin.
Ar an solas agus ar an speictream ba mhó a dhírigh Ångström ina
chuid taighde, agus dá réir sin is gnách tonnfhaid na gcineálacha
éagsúla radaíochta a thomhas in angstraim. Ba é Ångström a
mhapáil roimh aon duine eile na tonnfhaid a fhreagraíos do
dhathanna éagsúla an tsolais infheicthe.
Anóid
a
thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach deimhneach aici, agus
í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu – ainiain
a thugtar orthu siúd.
Antamón
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 51, agus is é Sb
an
tsiombail cheimiceach (tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm
an antamóin, stibiam).
Miotalóideach é an t-antamón, agus allatróip éagsúla aige: is é
an t-allatróp miotalach an ceann is cobhsaí acu. Tá an t-antamón
121.76 aonad
ar mheáchan adamhach, rud a thugas le tuiscint gurb é antamón a
122 (antamón
céad a dó is fiche)
an t-iseatóp is coitianta, ach ní mar sin atá: le fírinne is iad
antamón a 121 (antamón
céad a haon is fiche)
agus antamón a 123 (antamón
céad a trí is fiche) an
dá iseatóp cobhsaí, agus is iseatóp radaighníomhach é antamón
a 122 (antamón
céad a dó is fiche)
a dtagann béite-mheath air.
Is
iad +3
(na comhdhúile antamónúla) agus +5
(na comhdhúile antamónacha) na staideanna ocsaídiúcháin is
minice a bhíos ag an antamón ina chuid comhdhúl. Is é an tsuilfíd
antamónúil, Sb2S3,
nó an stibnít,
an mhian is tábhachtaí. Cól
(nó
kohl)
a thugtar ar an tsuilfíd chéanna nuair a úsáidtear mar smideadh
í.
Úsáidtear
seisce-ocsaíd an antamóin (trí-ocsaíd dé-antamóin, trí-ocsaíd
antamóin, ocsaíd antamónúil Sb2O3)
mar lasairdhíonadh. Maidir leis an dúil féin, úsáidtear i
gcóimhiotalú í – is é sin measctar trí mhiotail éagsúla é
le hiad a dhéanamh níos crua nó níos láidire.
Antares
nó
Alpha
Scorpii
atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathach
dearg atá ann agus é breis is leathchéad míle oiread níos
lonrúla ná an Ghrian s'againn. Is
é is ciall don ainm úd Antares
ná
”frith-Mhars” (is
é Ares
ainm
na nGréagach ar dhia an chogaidh, Mars
ag
na Rómhánaigh),
rud a thugas le fios go bhfuil Antares cosúil le Mars chomh dearg is
atá sé.
Dá gcuirfí Antares in áit na Gréine, bheadh fithis Mharsa féin
fágtha taobh istigh den réalta. Tá leathbhádóir beag aige, mar
atá, Antares B –
más féidir a rá go bhfuil sé beag, nó tá sé féin i bhfad níos
mó ná an Ghrian.
Réalta
ghorm nó bhánghorm é Antares B, agus mar sin tá sé i bhfad níos
teo ná an phríomhréalta.
Tá Antares suite cúig chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus
glactar leis go bhfuil i ndán dó pléasc
ollnóva a dhéanamh.
Réalta
athraitheach atá ann.
Tá
Antares le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag siombalú
stát Piauí in oirthuaisceart na tíre.
An
tAoire nó
Boötes
atá
ar an réaltbhuíon atá suite idir Coróin an Tuaiscirt, Earcail, an
Dragan, an Béar Mór, na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an
Mhaighdean, agus Ceann na Péiste. Arcturus atá ar an réalta is
gile sa réaltbhuíon áirithe seo.
Aois
na cruinne,
aois
na hollchruinne:
is ionann aois na cruinne agus an t-am a d'imigh ón Ollphléasc.
Creidtear faoi láthair go bhfuil an ollchruinne tuairim is 13.8
billiún bliain d'aois.
I
dtús na fichiú haoise bhí cuid mhór de na fisiceoirí barúlach
gur rud éigríochta neamhathraitheach a bhí san ollchruinne. Ba í
an teirmidinimic a thug an chéad leid nárbh amhlaidh i ndiaidh an
iomláin. Is é dara prionsabal na teirmidinimice ná gur dual
d'eantrópacht na cruinne dul i méadaíocht i ngach próiseas
nádúrtha, is é sin, dá mbeadh an chruinne ann riamh, gan tús gan
deireadh, bheadh sí tar éis uasmhéid na heantrópachta a
shroicheadh cheana féin – bheadh an fuinneamh go léir scaipthe go
cothrom ar fud na cruinne, agus gach cearn den chruinne ar aon teocht
le chéile. Mar sin, tuigeadh go bhfuil aois theoranta ag an
gcruinne, agus go bhfuil an chruinne ag athrú – go bhfuil a stair
féin aici.
Aomadh
nó
aomachán
a
thugtar ar fhórsa atá ag tarraingt cáithníní, reanna neimhe nó
réadanna eile – imtharraingt, aomadh maighnéadach nó pé cineál
eile. (Focal é ”aomadh” ar tháinig an Duinníneach air i
nGaeilge Oirthear Uladh, agus mar sin, níl leithscéal ná siocair
ag bunadh an Tuaiscirt gan úsáid a bhaint as.) Is féidir a rá go
n-aomann
an Domhan sinn go léir, toisc go bhfuil imtharraingt
(domhantarraingt) ag an Domhan. Cosúil leis sin, aomann an lucht
leictreach deimhneach agus an lucht leictreach diúltach a chéile.
Aomann pol thuaidh agus pol theas an mhaighnéid a chéile freisin.
Aonad
réalteolaíoch a
thugtar ar mheánfhad an Domhain ón nGrian. Inniu, tá luach an
aonaid réalteolaíoch socraithe go hoifigiúil ar 149,597,870.7
ciliméadar (céad agus naoi milliún déag is ceithre scór, cúig
chéad agus seacht míle déag is ceithre scór, ocht gcéad agus
deich gciliméadar is trí scór, agus seacht gcéad méadar) – is
é sin, cé go mbítear ag mioncheartú an mheánfhaid de réir na
mbreathnuithe is úire, ní athraítear sainmhíniú an aonaid
réalteolaíoch dá réir a thuilleadh.
An
tAonbheannach nó
Monoceros
atá
ar an réaltbhuíon idir an Cúpla, an Madra Beag, an Phéist Uisce,
Deireadh na Loinge, an Madra Mór, an Giorria, agus an Bodach.
Ritheann an meánchiorcal neamhaí tríd an Aonbheannach. Níl an
tAonbheannach ró-chuidsúlach ó thaobh na réaltaí de, ach tá
roinnt réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil sa réaltbhuíon
seo, ar nós Réaltnéal an Róiséid, Réaltbhraisle Chrann na
Nollag, Réaltnéal na Coirceoige, agus Réaltnéal Athraitheach
Hubble.
An
tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta a
thugaimid ar eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe
proifisiúnta. Bunaíodh sa bhliain 1919 é, agus is
i bPáras atá ceanncheathrú an Aontais. Is é an tAontas, nó
foireann ar leith taobh istigh den Aontas, a shocraíos na
hainmneacha réalteolaíocha a bhaistear ar reanna neimhe agus ar
réadanna spéire, nó a bhronnas stádas oifigiúil ar leagan
áirithe de sheanainm.
Apafócas:
malairt ainm ar an gcianphointe (apalár).
Apaigí
an
téarma a thagraíos do chianphointe na satailíte (na
Gealaí, cuir i gcás)
ar a fithis timpeall an Domhain.
Apaihéilean
(nó aiféilean)
a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an chóiméid nó an
astaróidigh ar a fhithis timpeall na Gréine.
Apairéaltracan
is
ea cianphointe na Gréine ar a fithis timpeall lárphointe Bhealach
na Bó Finne.
Apalár
a
thugtar ar chianphointe na rinne neimhe ar a fithis – is é sin, an
pointe is faide ón bpríomhúlach (ón rinn neimhe eile a bhfuil sí
ag dul ina timpeall). Samplaí den apalár iad an t-apaigí, an
t-apaihéilean, an t-apastrón agus an t-apairéaltracan.
Apalló
an t-ainm Gaeilge ar astaróideach uimhir a 1862. Tá grúpa iomlán
d'astaróidigh ainmnithe as Apalló: trasnaíonn siad fithis an
Domhain ar a gcamchuairt timpeall na Gréine, agus dainséar i gcuid
mhaith acu (Apalló féin san áireamh) don Domhan, mar is eagal leis
na réalteolaithe.
Apastrón
a
thugtar ar chianphointe an phláinéid, an astaróidigh nó an
chóiméid ar a fhithis timpeall na réalta.
An
tAra nó
Auriga
atá
ar an réaltbhuíon idir an Lincse, an Cúpla agus Peirséas. Is í
Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, agus í ar na
réaltaí is lonrúla amuigh. Le fírinne is córas ceithre réalta
í, agus an dá cheann is gile acu is fathachréaltaí buí iad.
Déréalta uraitheach í an dara réalta is gile san Ara, mar atá,
Menkalinan; réalta athraitheach ar déanamh Algol í. Díol suime í
Almaaz (Epsilon
Aurigae)
freisin mar ilréalta athraitheach. Tá roinnt réaltbhraislí
oscailte san Ara fosta agus iad ina n-ábhar spéise ag na
réalteolaithe amaitéaracha.
Tabhair
faoi deara fosta gurb é Ara
ainm
Laidine na hAltóra freisin. Ainmneacha Laidine cosúil le Alpha
Arae, Beta Arae agus
araile, níl siad ag tagairt do réaltaí an Ara, ach don Altóir.
Auriga
an
t-ainm Laidine ar an Ara.
Arcturus
nó Alpha
Boötis atá
ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Aoire. Fathachréalta
fhlannbhuí den aicme speictreach K é, agus é ar aon mhais leis an
nGrian s'againn, cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná í – cúig
oiread is fiche ar trastomhas – agus i bhfad bhfad níos lonrúla,
is é sin, céad is seachtó oiread. Mar sin, cé gur fathachréalta
é anois, is dócha go raibh sé ina réalta phríomhsheichimh tráth
den tsaol. Tá Arcturus ar réaltaí geala na spéire, agus ba é an
chéad réalta riamh ar a ndearnadh breathnuithe teileascóip de lá.
Argóint
an pheirihéilin a
thugtar ar an uillinn idir an nód éiritheach agus an peirihéilean.
Argón
a
thugtar ar dhúil uimhir a hocht déag, agus is é Ar
an
tsiombail cheimiceach. Is triathghás é, is é sin, tá ochtréad
iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige – ocht leictreon
ar fad. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná
1s22s22p63s23p6.
Struchtúr an-chobhsaí é an t-ochtréad nach gceadaíonn don argón
dul i gcomhdhúile le dúile ceimiceacha eile ach ar éigean. Le
comhdhúile argóin a chruthú tá imthoscaí neamhghnácha agus
ocsaídeoirí láidire (fluairín ach go háirithe) ag teastáil,
agus ní bhíonn na comhdhúile argóin fadsaolach ná úsáideach –
sórt éachtóireachta é ag na ceimiceoirí argón a nascadh de
dhúile eile. Scéal eile é go bhfuil na réalteolaithe tar éis
sonrú a chur i gcomhdhúile argóin sa spáis: d'aithin siad iain
argóiniam ArH+
ar speictream an ábhair idir-réaltaigh thart ar Réaltnéal an
Phortáin.
Tá
trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 36Ar,
38Ar,
agus 40Ar.
Is é 40Ar
an ceann is coitianta, mar is léir ó mheáchan adamhach an argóin,
39.948. Is é is cúis leis seo go bhfuil iseatóp radaighníomhach
ag an bpotaisiam, 40K,
atá cuíosach flúirseach sa dúlra, agus nuair a thiocfas
béite-mheath ar adamh den chineál seo, is é an t-argón úd 40Ar
a gheofar mar thoradh.
Is
é an t-argón an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain,
agus dá réir sin ba
é an chéad triathghás a d'aithin na heolaithe. Ba iad John William
Strutt (Tiarna Rayleigh) agus William Ramsay a d'aonraigh an chéad
eiseamal argóin sa bhliain 1894, éacht a thabhaigh Duais Nobel
dóibh. Nuair a bhítear ag dealú nítrigine ón aer go crióigineach
(is é sin, nuair a bhítear ag reo an aeir leis na gáis éagsúla a
aonrú de réir a bhfiuchphointe), faightear argón mar sheachthoradh
nádúrtha. Mar sin bíonn argón ar fáil réasúnta saor (i
bhfarradh is na triathgháis eile ar a laghad, nó níl siad leath
chomh flúirseach céanna
san
atmaisféar),
agus leas á bhaint as nuair a bhíos gás támh ag teastáil.
Astaíonn an t-argón solas corcra nuair a leictrítear é, agus mar
sin is féidir é a úsáid i soilse daite cosúil leis an neon.
Ariel
atá
ar an gceathrú satailít is mó atá ag Úránas. Ba é an
réalteolaí Sasanach William Lassell a chuir an chéad sonrú in
Ariel thiar sa naoú haois déag. Satailít sféarúil é – is é
sin tá sé ar dhéanamh liathróide, a bheag nó a mhór – agus is
é an tsatailít is lú den chineál seo sa Ghrianchóras. Tá fithis
Ariel suite beagnach in aon leibhéal le meánchiorcal Úránais.
Creidtear go bhfuil Ariel comhdhéanta as oighear agus as cloch
araon: is dócha go bhfuil croí cloiche ann agus maintlín oighir
ina thimpeall. Níl ach cuid de dhromchla Ariel léarscáilithe, ach
is féidir a rá go bhfuil sé breac ar fad le cainneoin agus le
cráitéir.
Aristarchus
atá ar an gcráitéar is mó ailbéideacht ar an taobh den Ghealach
atá iompaithe linn. Chomh geal is atá sé i gcomparáid leis an
timpeallacht is féidir é a aithint le súile do chinn féin faoi
imthoscaí fabhracha. Tá sé suite in Ardchlár Aristarchus, in
Aigéan na Stoirmeacha, agus é daichead ciliméadar ar trastomhas.
Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Riccioli a d'ainmnigh sa
bhliain 1651 é as an réalteolaí Aristarchus ó Samos a mhair sna
blianta 310-230 roimh Chríost. Ceannródaí héilealárnachais a bhí
ann mar
Aristarchus –
is é sin bhí sé ar na heolaithe is moiche a thuig gurb í an
Ghrian lárphointe an ghrianchórais.
Arsanaic
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 33. As
an
tsiombail cheimiceach sna foirmlí. Tá sí in aon ghrúpa leis an
nítrigin agus leis an bhfosfar i dtábla peiriadach na ndúl, agus
cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aici. Miotalóideach í
an arsanaic, is é sin tá sí idir eatarthu idir na miotail agus na
dúile neamh-mhiotalacha ar a lán dóigheanna. Tá allatróip
éagsúla ag an arsanaic, cosúil leis an bhfosfar – is é sin, an
arsanaic liath mhiotalach, an arsanaic bhuí, agus an arsanaic dhubh.
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aici, agus is é an t-aon
iseatóp arsanaice atá le fáil sa dúlra.
Is
iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +5,
mar is léir ón dá ocsaíd, mar atá, an trí-ocsaíd dé-arsanaice
As2O3
(”an arsanaic bhán”) agus an peantocsaid dé-arsanaice As2O5.
Comhdhúile nádúrtha arsanaice iad an tríshuilfíd dé-arsanaice
As2S3
(an óirpimint) agus an teitreashuilfíd teatrarsanaice As4S4
(an rialgar). Tá dath dearg sa rialgar, agus dath órbhuí san
óirpimint, agus mar sin d'úsáidtí sa dathadóireacht iad ar feadh
i bhfad, go dtí gur chuir ábhair dhatha eile – cinn nach bhfuil
arsanaic iontu – an ruaig orthu.
Nimh
í an arsanaic, an dúil féin chomh maith leis na comhdhúile. Go
bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná go bhfuil
sí chomh cosúil leis an bhfosfar is gur féidir léi dul in áit an
fhosfair i mbeothach an duine, ach san am chéanna chomh
difriúil is nach
féidir léi gnó an fhosfair a dhéanamh sna próisis
bhithcheimeacha. Thar aon rud eile cuireann sí táirgíocht na
trífhosfáite adanaisín ó mhaith. Is éard atá i gceist leis an
trífhosfáit adanaisín ná comhdhúil a iompraíos fuinneamh sa
cholainn – cineál ”airgeadra fuinnimh” sna teagmhálacha idir
na cealla – agus mar is léir ón ainm tá trí adamh fosfair de
dhíth le
móilín trífhosfáite adanaisín a
chur i dtoll le chéile.
Sna
scéalta bleachtaireachta is minic a mharaítear daoine le harsanaic,
ach déanta na fírinne ní bheadh sé praiticiúil ag aon
dúnmharfóir arsanaic a úsáid ar
na saolta seo,
ós dúil cheimiceach ar leith í agus
í
so-aitheanta ag na saineolaithe.
Fadhb
thromchúiseach é an truailliú arsanaice sa screamhuisce. Truailliú
nádúrtha ón úir é go coitianta, is é sin, ní hí tionsclaíocht
an duine is cúis leis. Tá an truailliú seo as pabhar dona in
Iarthar na Stát Aontaithe, sa Bhanglaidéis, san Airgintín agus sa
Mhongóil, mar shampla.
Asamat
an
uillinn a thugas treoshuíomh na réalta ar an gcompás. Céim stua
(céim uillinne) an t-aonad a úsáidtear leis an asamat a thomhas,
agus is é an tuaisceart an nialas.
Astaireacht
nó
réaltlach
a
thugtar ar ghrúpa suntasach réaltaí a gcoinnítear cuimhne ar
leith air cé nach réaltbhuíon é. Astaireachtaí aithnidiúla iad
an Camchéachta
(Merak, Dubhe, Phecda/Phad, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus
Alkaid), Triantán
an tSamhraidh
(Altair, Deneb, agus Vega), Triantán
an Gheimhridh
(Betelgeuse, Sirius, agus Procyon), an Muileata
Mór
(Croí Shéarlais, Spica, Denebola, agus Arcturus), Heicseagán
an Gheimhridh
(Pollux, Procyon, Capella, Aldebaran, Sirius, agus Rigel), agus Slat
an Bhodaigh
nó Crios
Oiríon
(Alnitak, Mintaka, agus Alnilam).
Is
féidir a rá gur astaireacht agus réaltbhuíon araon í Cros an
Deiscirt, nó fuair an réaltbhuíon a hainm ó astaireacht na
gceithre réaltaí is gile inti.
Astaitín
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 85. At
an tsiombail cheimiceach. Mar
is léir ó ainm na dúile, a chiallaíos ”éagobhsaí”, is dúil
an-radaighníomhach é a dtagann meath uirthi chomh sciobtha is nach
féidir mórán a fháil amach faoina hairíonna ceimiceacha –
tá an t-astaitín suite faoin iaidín i dtábla peiriadach na ndúl,
rud a thugas le fios gur dócha go bhfuil sé cosúil leis an iaidín.
Is
í an chumraíocht leictreonach atá aici ná
1s22s22p63s23p63d104s24p64d105s25p64f145d106s26p5.
Mar sin, tá seacht leictreon (dhá s-leictreon agus cúig
p-leictreon) ar an sceall is faide amuigh, mar is dual do na
halaiginí go léir. Is
é an t-iseatóp is cobhsaí atá ag an astaitín ná astaitín
a 210 (nó
210At),
atá tuairim is ocht n-uaire ar leathré. Is
idirchéim nádúrtha é an t-astaitín i meathshlabhra
radaighníomhach an úráiniam, ach is dócha nach bhfuil ach cúpla
dosaen gram de ar fáil i screamh an Domhain ar fad –
an-chorr-adamh
anseo agus ansiúd go bunúsach.
Astaróidigh
(uatha:
astaróideach)
a
thugtar ar reanna neimhe atá ag fithisiú na Gréine, agus iad níos
lú ná na pláinéid. Ní astaróidigh iad na cóiméid, áfach. Sa
chiall is cúinge, is astaróidigh iad na cinn atá suite idir Mars
agus Iúpatar, san áit a bhfuil crios na n-astaróideach, ach tá
grúpaí eile astaróideach ann, cosúil leis na Traígh agus na
Gréagaigh (na hastaróidigh a leanas Iúpatar nó a ghabhas roimhe),
nó na hastaróidigh neas-Domhain (na cinn a thagas i gcóngar dár
bpláinéad féin).
Athshondas
a
thugtar (i gcoimhthéacs na réalteolaíochta) ar an tionchar
tráthrialta a imríos reanna neimhe ar a chéile lena
n-imtharraingt, go háirithe más é is toradh don idirghníomhú seo
ná go bhfuil a dtréimhsí imrothluithe i gcoibhneas simplí a
chéile. Sampla den athshondas é go gcríochnaíonn Neiptiún trí
imrothlú timpeall na Gréine san am chéanna a thógas sé ar
Phlútón dhá imrothlú a chur de.
Taobh
amuigh den réalteolaíocht, tugann lucht na fisice athshondas ar an
dóigh a bhfuil dhá thonnchrith ag dul i bhfeidhm ar a chéile, agus
tonnchrith nua á chruthú mar chomhthoradh.
Aurora
borealis agus
aurora
australis
a
thugtar ar na gealáin a fheictear timpeall an dá phol agus an
ghrianghaoth ag bualadh faoi mhaighnéadsféar an Domhain. Is cuid
súl iad na gealáin seo go minic, agus iad ag cur na n-ildathanna
díobh. Seasann aurora
borealis do
na gealáin a bhíos le feiceáil timpeall an phoil thuaidh – an
chaor aduaidh
– agus is ionann aurora
australis agus
an
chaor aneas.
Bíonn gealáin chosúla le feiceáil ar na pláinéid eile freisin.
Saighneáin
a thugtar ar na gealáin freisin.
No comments:
Post a Comment