Tuesday, February 26, 2019

Ciclipéid na Réalteolaíochta: Domhantarraingt - Infridhearg


Domhantarraingt an téarma a thagraíos d'imtharraingt an Domhain.

Dorn an Chlaímh an réaltbhraisle dhúbailte i bPeirséas a thugtar ar an dá réaltbhraisle úd NCG 869 agus NCG 884. Tá an dá réaltbhraisle suite faoi sheacht míle cúig chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réaltbhraislí réasúnta óg iad, ó tá cuid mhaith ollfhathachréaltaí bánghorma iontu – ní bhíonn an cineál sin réaltaí fadsaolach.

Dracóinídí – Dreigechith iad na Dracóinídí agus iad, mar dhea, ag teacht as réaltbhuíon an Dragain. I Mí Dheireadh Fómhair a bhíos siad le feiceáil.

An Dragan – Réaltbhuíon é an Dragan atá le feiceáil sa Tuaisceart, timpeall ar phol thuaidh na spéire. Is iad na réaltbhuíonta a bhfuil an Dragan ag críochantacht leo ná an tAoire, Earcail, an Lír, an Eala, Ceiféas, an Béar Beag, an Sioráf, agus an Béar Mór.

Is í Gamma Draconis nó Eltanin (Etamin, Ettamin) an réalta is gile sa Dragan, cé go dtugtar ”Gamma” uirthi i gcóras ainmníochta Bayer. K-réalta atá inti, is é sin réalta fhlannbhuí agus í níos fuaire ná an Ghrian, agus níos teo ná na réaltaí dearga sa M-aicme. Cé go bhfuil Eltanin i bhfad níos mó ná an Ghrian agus beagnach leathmhíle oiread níos gile, níl sí mórán níos téagartha – níl sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Mar sin is léir gur réalta phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, a bhí in Eltanin tráth, agus gur iompaigh sí ina fathachréalta ina dhiaidh sin, mar atá i ndán don Ghrian féin. Tá Eltanin suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn, nó cúpla solasbhliain sa bhreis air sin.

Níl in Alpha Draconis nó Thuban ach an dara réalta is gile sa réaltbhuíon. Déréalta atá i gceist, agus an dá chomhbhall beagnach trí oiread chomh téagartha leis an nGrian; scéal eile é go bhfuil ceann acu deich n-oiread chomh geal leis an gceann eile, agus é beagnach cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Tá Thuban suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn. Rud suntasach é go raibh Thuban ar an réalta ba chóngaraí do phol thuaidh an sféir neamhaí sna blianta 4000-2000 r.Chr., a bheag nó a mhór, agus go mbeidh arís, de réir mar a dhéanfas ais rothlaithe an Domhain luainíocht.

Maidir le Beta Draconis, nó Rastaban, is déréalta í, agus í ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fathachréalta atá sa chomhbhall is mó den bheirt, agus abhacréalta á fithisiú. Réalta G-aicme í an fhathachréalta, cosúil leis an nGrian. Tá sí suite faoi 380 solasbhliain dínn.

Tá an réaltnéal úd NCG 6543, nó ”Súil an Chait”, le feiceáil sa Dragan chomh maith. Réaltnéal pláinéadach atá ann.

Dreige, nó réalta reatha, a thugtar ar chnap damhna (nó dreigeoideach) a thiteas anuas ón spás agus é á fheiceáil á dhó san atmaisféar. Bóilídí iad na dreigí is gile. Dreigítí iad na dreigeoidigh a shroicheas dromchla an Domhain gan imeacht i ngal soip roimhe sin, ionas go bhfágann siad cráitéar ar an dromchla. Sidirítí a thugtar ar dhreigítí atá an-saibhir in iarann. Dreigechith atá i gceist má fheictear dreigí ag teacht as an bpointe céanna spéire (as an radaí) go tráthrialta.

Go tipiciúil is éard atá i gceist le dreigechith ná iarsmaí cóiméid, agus iad ag leanúint sheanfhithis an chóiméid sin. Dreigecheathanna mórchlúiteacha iad na Peirsidí, na Leoinidí, na Cuadraintidí agus na hAcuairidí (na hEta-Acuairidí) mar shampla. Mar a aithnítear ar na samplaí seo, is gnách na dreigecheathanna a ainmniú as an réaltbhuíon ina bhfeictear iad, agus, uaireanta, as an réalta a bhfuil an radaí suite ina haice: ansin cuirtear litir na réalta sin in ainmníocht Bayer leis an ainm (tá radaí na nAcuairidí cóngarach don réalta úd Eta Aquarii). Tugtar dreigí treallacha ar dhreigí nach cuid d'aon dreigechith iad.

Dreigít Tunguska – Is éard a bhí i gceist le dreigít Tunguska ná dreigít mhillteanach a bhuail dromchla an Domhain sa tSibéir, in aice leis an abhainn úd Podkamennaya-Tunguska nó ”Tunguska faoi Chloch” ar an 30ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1908. Phléasc an dreigít in íochtar an atmaisféir agus leag sí dhá mhíle ciliméadar cearnach de choill. An fuinneamh a scaoileadh saor b'ionann é agus míle buama adamhach den chineál a bhuail Hiroshima i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda. Mar sin féin dealraíonn sé nach bhfuair ach duine amháin, nó beirt b'fhéidir, bás sa teagmháil, toisc go raibh an áit suite i bhfad ó áitreabh daonna. Dá mbuailfeadh an dreigít cathair mhór éigin, is léir go maródh an phléasc na céadta mílte daoine.

Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal faoi gur dreigít a bhí ann. Tá cuid acu ag áitiú gur píosa as cóiméad a bhí i gceist, agus tá dream eile fós ag tabhairt le fios gur brúchtadh bolcánach de chineál neamhghnách a tharla.

Drithliú a thugtar ar an dóigh a dtéann atmaisféar an Domhain i bhfeidhm ar an solas ó réaltaí agus ó réadanna eile, ionas go bhfeictear athruithe beaga ar a ngile.

Dualghluaisne a thugtar ar an dóigh a bhfuil réalta áirithe ag gluaiseacht trasna na spéire i gcomparáid leis an sféar neamhaí (is é sin, i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí is na reann neimhe atá chomh cianmhar is nach féidir linn a ndualghluaisne siúd a aithint). Stua í an dualghluaisne, agus í á tomhas ina soicindí stua in aghaidh na bliana. Na réaltaí is mó dualghluaisne, is abhacréaltaí éadroma iad agus iad suite réasúnta cóngarach dúinn, cosúil le Réalta Barnard, Réalta Kapteyn agus Réalta Teegarden.

Dubhe an seanainm ar Alpha Ursae Majoris, an dara réalta is gile sa Bhéar Mhór (agus sa Chamchéachta). Déréalta atá i gceist. Fathachréalta K-aicme í an phríomhréalta, agus compánach príomhsheichimh aici a bhaineas leis an F-aicme. Tá an phríomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, breis is trí chéad oiread chomh geal, agus í suite faoi chéad trí solasbhliana is fiche den Ghrianchóras s'againn, a bheag nó a mhór. Cé gur ceann de réaltaí an Chamchéachta í Dubhe, ní bhaineann sí le réaltghaolmhaireacht an Bhéir Mhóir.

Dúibniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 105. Db an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Dubna in aice le Moscó, áit a bhfuil Institiúid Aontaithe an Taighde Núicléach (Obyedinennyi Institut Yadernykh Issledovanii). Ar feadh i bhfad ní raibh an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe in ann aontú faoi ainm na dúile seo, agus is éard a thugadh na Meiriceánaigh uirthi ná háiniam, mar thagairt don eolaí Ghearmánach Otto Hahn a dtugtar ”athair na radaiceimice” air.

Chomh tiubh is a thagas meath radaighníomhach ar an dúibniam, is beag is féidir a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha. Is é dúibniam a 268 an t-iseatóp is fadsaolaí, agus níl sé féin mórán thar aon lá amháin ar leathré.

Dúpholl – Is éard atá i gceist leis an dúpholl ná réalta a rinne inphléascadh imtharraingthe, is é sin réalta a thit isteach inti féin chomh trom téagartha is a bhí sí. Réigiún sa spás-am é an dúpholl nach féidir éalú as toisc go bhfuil an imtharraingt chomh láidir.

Tugtar singilteacht ar an bpointe i gcroílár an dúphoill, agus is í an léaslíne theagmhais dromchla an dúphoill. An réad nó an neach atá taobh istigh den léaslíne theagmhais ní féidir leis teacht slán ón tsingilteacht, titfidh sé isteach inti chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh – chomh cinnte is atá an Cháisc ar an Domhnach, i gciall cheart an fhocail! Ón taobh amuigh, áfach, ní fheicfear an réad sin ag baint amach an léaslíne choíche – scéal eile áfach ná go ndeargaistreofar an solas atá á fhrithchaitheamh aige, agus sa deireadh imeoidh an solas (agus an réad) as radharc ar fad. Is éard atá i gceist leis seo ná deargaistriú imtharraingteach.

An breathnóir daonna atá ag titim isteach sa dúpholl, ní aithneoidh sé an léaslíne theagmhais, má tá an dúpholl féin sách téagartha. Ina dhiaidh sin, áfach, stróicfear as a chéile é. Taobh istigh den dúpholl tá an imtharraingt ag dul i méadaíocht chomh sciobtha is go réabfaidh sí an breathnóir as a chéile – má tá sé ag titim i ndiaidh a chos, abair, beidh an imtharraingt ag dul i bhfeidhm ar a chos i bhfad níos láidire ná ar a chloigeann. Sa deireadh thiar réabfaidh an imtharraingt struchtúr na n-adamh is na mbuncháithníní féin as a chéile.

Rith smaoineamh an dúphoill le John Mitchell, fealsamh nádúrtha ó Shasana, chomh luath leis an ochtú haois déag, ach ní raibh sé in ann teoiric chuimsitheach ná córas matamaitice a chur leis an smaoineamh – ní raibh ann go bunúsach ach marana fhánach. Tá dlúthbhaint ag coincheap an dúphoill le teoiric na coibhneasachta: ba é Karl Schwarzschild a d'oibrigh amach an chéad fhoirmle mhatamaiticiúil don dúpholl go gairid i ndiaidh dó an chéad aithne a chur ar theoiric Einstein. Is í an fhoirmle a thug Schwarzschild ná:

rs = (2GM)/(c2)

inarb ionann:
  • rs agus an fad ó lárphointe an dúphoill go dtí an léaslíne theagmhais, is é sin, ga an dúphoill. Ga Schwarzschild a thugtar air inniu i ndilchuimhne ar Schwarzschild a fuair bás go gairid i ndiaidh an fhoirmle a fhoilsiú, sa Chéad Chogadh Domhanda;
  • G agus an tairiseach imtharraingthe;
  • M agus mais an dúphoill;
  • c agus luas an tsolais san fholús.

An cineál dúpholl a bhí i gceist ag Schwarzschild ní raibh sé ag rothlú ar a ais. Ba é an Nua-Shéalannach Roy Kerr a thug cur síos ar an dúpholl atá ag rothlú, agus is dócha go bhfuil na fíor-dhúphoill ag rothlú, nó tá dlí nádúrtha ann a deir gur dual do na réadanna a sean-mhóiminteam uilleach a choinneáil. Ar na coincheapanna nua a chuir Kerr lenár dtuiscint ar an dúpholl atá an t-eirgisféar.

Deir Kerr go bhfuil cineál fáinne gluaiste timpeall ar an dúpholl atá ag rothlú, agus is é an t-ainm a bhaist na heolaithe ar an bhfáinne seo ná eirgisféar, focal a chiallaíos ”sféar na hoibre” i nGréigis. Na réadanna a thiteas isteach san eirgisféar, níl siad caillte go fóill ar nós na cinn a thiteas isteach sa dúpholl féin, ach ní féidir leo fanacht socair i gcoibhneas aon réad atá taobh amuigh den eirgisféar.

An damhna atá i ndiaidh titim isteach sa dúpholl, ní féidir linn a dhath a rá ná a fháil amach ina thaobh. Níl ach trí airí ag an dúpholl: a mhais, a lucht leictreach agus a mhóiminteam uilleach. Ní féidir, fiú, a rá cé acu as gnáthdhamhna nó as frithdhamhna atá dúpholl áirithe comhdhéanta. Seo rud a chuireas míchompord ar na fisiceoirí, nó níl a leithéid de chailleadh eolais ag cur go rómhaith le prionsabail na fisice, agus is gnách le lucht an tsaineolais paradacsa caillte an eolais sa dúpholl a thabhairt ar an dúcheist seo.

Éabhlóid réaltach a thugtar ar an dóigh a bhforbraíonn an réalta. Ar dtús níl ann ach néal móilíní gáis, agus an imtharraingt á gcarnadh le chéile, rud ar a dtugtar imphléasc imtharraingthe. Sa deireadh tá prótairéalta ann: is éard atá inti ná sféar te atá ag rothlú. Is é is cúis leis an teas ná fuinneamh na himtharraingthe. I ndiaidh a foirmithe beidh an phrótairéalta ag tarraingt tuilleadh damhna chuici, próiseas ar a dtugtar fuilleamh. Má tá an phrótairéalta sách trom, sách téagartha, tosóidh comhleá na bprótón go héiliam i gcroílár na réalta, agus ansin tá an phrótairéalta iompaithe ina réalta phríomhsheichimh.

Na réaltaí atá an-te, an-téagartha, ní fhanfaidh siad sa phríomhsheicheamh ach roinnt mhilliún blianta. Réaltaí cosúil leis an nGrian, áfach, mairfidh siad na mórmhilliúin de bhlianta ag comhleá prótóin. Sa deireadh, áfach, tiocfaidh deireadh leis an hidrigin i lár na réalta, agus aistreoidh an t-imoibriúchán go dtí na cisil taobh amuigh den chroí. Ansin rachaidh na cisil sin go mór mór i bhfairsinge, ionas go n-iompóidh leithéid na Gréine féin ina fathachréalta.

An Eala atá ar an réaltbhuíon idir Ceiféas, an Dragan, an Lir, an Sionnach, Peigeasas, agus an Laghairt. Is féidir Cros an Tuaiscirt a thabhairt ar an Eala freisin, ach le fírinne níl i gCros an Tuaiscirt ach an astaireacht atá comhdhéanta as na réaltaí is gile san Eala, is é sin Alpha Cygni (Deneb), Beta Cygni (Albireo), Gamma Cygni (Sadr), Delta Cygni (Fawaris) agus Epsilon Cygni (Aljanah nó Gienah).

Ollfhathach bán nó bánghorm den A-aicme atá in Deneb, agus é suite dhá mhíle go leith de sholasbhlianta uainn. Mar sin féin tá sé ar an naoú ceann déag is gile de réaltaí na spéire chomh mór millteanach is atá sé. Is é an réalta is gile san Eala.

Tá Albireo nó Beta Cygni ar an gcúigiú réalta is gile sa réaltbhuíon. Ilréalta atá ann. Maidir leis an gcomhbhall is mó san ilréalta seo, Albireo Aa, is fathachréalta é atá cúig oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, agus míle oiread, nó fiú míle go leith oiread, chomh geal. Tá Albireo suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, nó ábhairín níos faide. K-réalta is ea Albireo Aa; maidir leis an gcompánach, Albireo B, is B-réalta é.

Maidir le Gamma Cygni nó Sadr, is ollfhathach buí F-aicme é – ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá an réalta seo suite faoi 1800 solasbhliain dínn, agus í dhá oiread déag chomh trom téagartha leis an nGrian, tríocha trí mhíle oiread chomh geal léi. Tá Sadr ar an dara réalta is gile san Eala.

Tá Delta Cygni ar an gceathrú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fawaris an t-ainm traidisiúnta ar an réalta, ach is é an moladh a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta ná gan an t-ainm sin a úsáid ach le tagairt a dhéanamh don réalta is mó sa chóras, is é sin Delta Cygni A. Tá dhá chompánach ag Fawaris, mar atá, Delta Cygni B agus Delta Cygni C. Réalta B-aicme atá i bhFawaris, agus í céad caoga cúig oiread chomh geal leis an nGrian, cé nach bhfuil sí ach trí oiread chomh trom léi. Tá Delta Cygni B níos lú (oiread go leith chomh trom leis an nGrian), agus is F-réalta í. Maidir le Delta Cygni C, is í an chomhréalta is lú acu, agus is K-réalta í. Is mar A-réalta a fheictear Delta Cygni ón Domhan, áfach, gan dul i dtuilleamaí gléasra sofaisticiúil réaltbhreathnaithe. Tá an córas suite faoi chéad agus cúig solasbhliana is trí scór dár nGrianchóras féin, a bheag nó a mhór.

San Eala a d'aithin na réalteolaithe an chéad dúpholl, nó an chéad réad réalteolaíoch ar dócha dó gur dúpholl atá ann. Tugtar Cygnus X-1 ar an réad. Ceann den dá chomhbhall i ndéréalta é an dúpholl, agus é suite faoi 0.2 aonad réalteolaíoch dá chompánach, ar ollfhathachréalta bhánghorm é – níl d'ainm ar an réalta seo ach ”HDE 226868”. Tá an dúpholl ag baint damhna den ollfhathachréalta, nó dá réaltghaoth, agus an damhna sin ag timpeallú an dúphoill mar dhiosca fuillimh. Gintear x-radaíocht láidir sa diosca, agus is ar an radaíocht sin a d'aithin na réalteolaithe an chéad uair gur réad éigin iontach trom, iontach dlúth a bhí ann.

Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.

Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.

Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlófar go húráiniam a 233 (233U) taobh istigh den imoibreoir féin. Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.

Éan Parthais atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Triantán an Deiscirt, an Compás, an Chuileog, an Caimileon, an tOchtamhán, an Phéacóg, agus an Altóir. Ba é Petrus Plancius (Pieter Platevoet) a d'ainmnigh an réaltbhuíon seo i ndeireadh na séú haoise déag, agus ba é Nicolas Louis de Lacaille a mhapáil na réaltaí is gile inti i lár na hochtú haoise déag. Apus an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo.

Níl d'ainm againn ar na réaltaí is gile féin in Éan Parthais ach na litreacha Gréagacha a bhaineas le hainmníocht Bayer.

Alpha Apodis an réalta is gile in Éan Parthais. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme í. Tá sí suite faoi 400-450 solasbhliain dínn, agus í breis is naoi gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.

Níl Beta Apodis ar an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, ach ar an tríú ceann.

Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha go cothrom trí chéile – staid a dtugtar teasbhás uirthi freisin.

Ní bhfuair an Ollchruinne s'againn teasbhás go fóill, mar is soiléir, agus mar sin, is féidir glacadh leis go raibh tús ag an Ollchruinne agus go bhfuil aois theoranta aici – gur tháinig an Ollchruinne chun saoil, go raibh tús aici. Dá mbeadh an Ollchruinne síoraí, is é sin dá mbeadh sí ann gan tús gan deireadh, bheadh an chothromaíocht theirmidinimiciúil bainte amach aici cheana féin, is é sin bheadh sí tar éis teasbhás a fháil. Ba iad an Tiarna Kelvin (William Thompson), an fisiceoir Gearmánach Hermann von Helmholtz, agus an t-innealtóir Albanach William John Macquorn Rankine a tháinig ar an tuiscint seo thiar sa naoú haois déag, roimh aon duine eile.

Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.

Éinstéiniam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 99. Es an tsiombail cheimiceach, agus is léir gur in ómós don fhisiceoir chlúiteach Albert Einstein, a chéadcheap teoiric na coibhneasachta, a baisteadh an dúil seo. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an t-éinstéiniam. Mar sin féin tá an t-iseatóp is cobhsaí bliain amháin agus trí mhí go leith ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe an éinstéiniam. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin atá aitheanta, agus is é an chéad cheann acu is coitianta.

Fathach: Is éard atá i gceist le fathach nó fathachréalta ná réalta atá i bhfad níos mó ná na réaltaí príomhsheichimh ar aon dath agus ar aon teocht léi. Tá na fathachréaltaí suite os cionn an phríomhsheichimh i léaráid Hertzsprung-Russell. Tá fathachréaltaí éagsúla ann: cuid acu bhí siad ina réaltaí príomhsheichimh ar dtús, ach ansin d'fhorbair siad go fathachréaltaí, an chuid eile bhí siad mór millteanach ó thús báire.

Glactar leis go n-iompóidh an Ghrian féin ina fathachréalta i ndeireadh báire, i gceann cúig mhíle milliún bliain, nuair a bheas an hidrigin go léir i gcroí na réalta comhleáite go héiliam. Ansin crapfaidh an croí isteach chuige féin, agus an t-ábhar taobh amuigh de á aomadh chuige ag an imtharraingt. Faoi bhrú na himtharraingte cuirfear tús nua leis an gcomhleá, ach anois, is sna sraitheanna taobh amuigh den chroí a bheas sé ag dul ar aghaidh, áit a bhfuil hidrigin fágtha fós. Rachaidh na sraitheanna sin go mór i bhfairsinge, ach ní bheidh siad chomh te céanna is a bhí dromchla na réalta ar dtús: an fuinneamh a bheas á tháirgeadh beidh sé scaipthe níos fairsinge. Mar sin rachaidh dath agus aicmiú na réalta i dtreo na fuachta, is é sin, i dtreo na deirge (aicmí K agus M).


DORNÁN FATHACHRÉALTAÍ AITHNIDIÚLA
(más déréalta nó ilréalta atá i gceist, is iad sonraí na príomhréalta sa chóras atá le léamh thíos)
Ainm
Réaltbhuíon
Mais i gcomparáid leis an nGrian
Trastomhas i gcomparáid leis an nGrian
Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian
Aicme speictreach
Albireo
An Eala
cúig oiread
deich n-oiread agus trí scór
míle agus dhá chéad oiread
K
Aldebaran
An Tarbh
aon oiread go leith
ceithre oiread is dhá scór
leathmhíle oiread
K
Alnitak
An Bodach
trí oiread déag is fiche
fiche oiread
dhá chéad go leith míle oiread (an ceathrú cuid den mhilliún)
O
Alphard
An Phéist Uisce
trí oiread
leathchéad oiread
ocht gcéad oiread
K
Altarf
An Portán
trí oiread
leathchéad oiread
sé chéad is trí scór míle oiread
K
Antares
An Scairp
dhá oiread déag
ocht gcéad is trí oiread agus ceithre scór
leathchéad is seacht míle is cúig chéad oiread
M
Arcturus
An tAoire
aon oiread amháin
cúig oiread is fiche
céad is deich n-oiread is trí scór
K
Betelgeuse
An Bodach
tá meastacháin éagsúla ann ó ocht n-oiread go fiche oiread
tuairim is míle oiread
timpeall ar chéad míle oiread (réalta an-athraitheach atá i gceist)
M
Canopus
An Chíle
tuairim is deich n-oiread
tuairim is deich oiread is trí scór
cúig mhíle déag oiread
F
Deneb
An Eala
tuairim is fiche oiread
tuairim is dhá chéad oiread
tuairim is dhá chéad míle oiread
A
Diphda (Deneb Kaitos)
An Míol Mór
dhá oiread is ocht ndeichiú cuid
seacht n-oiread is fiche
céad is dhá scór oiread
K
Eta Carinae
An Chíl
meastacháin éagsúla ó chéad oiread go dhá chéad oiread
meastacháin éagsúla ó thrí scór oiread go hocht gcéad oiread
cúig mhilliún oiread
athraitheach
Hamal
An Reithe
aon oiread go leith
cúig oiread déag
timpeall ar dheich n-oiread is ceithre scór oiread
K
Rigel
An Bodach
tuairim is fiche oiread
ceithre scór oiread
céad is fiche míle oiread
B



Feirmiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 100, agus fuair sé a ainm ón bhfisiceoir Iodálach Enrico Fermi. Iodálach eile, Albert Ghiorso, a d'aithin an feirmiam sna hiarsmaí radaighníomhacha i ndiaidh an turgnaimh úd Ivy Mike in aice le hatall Eniwetok i dtús na gcaogaidí – ba é sin an chéad triail a baineadh as an mbuama hidrigine. Fm an giorrúchán. Ceann de na hachtanóidigh é an feirmiam, agus is dúil thrasúránach é. Mar sin is dúil radaighníomhach é a dtagann meath uirthi go tiubh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an fheirmiam, ós rud é go bhfuil an t-iseatóp is cobhsaí, feirmiam a 257, céad lá ar leathré. Is iad +2 agus +3 na staideanna ocsaídiúcháin.

Fléaróiviam an t-ainm atá baiste ar dhúil cheimiceach uimhir a 114, mar thagairt don fhisiceoir Shóivéadach Georgii Flerov (nó Flyorov, de réir mar a fhuaimnítear an sloinne Rúisise). Is é Fl an giorrúchán ceimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an fléaróiviam, rud a chiallaíos nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha.

An Ghealach an t-aon satailít nádúrtha atá ag an Domhan s'againn. Go bunúsach, níl inti ach cloch: sileacáití, alúmana, aol, ocsaídí iarainn, ocsaídí tiotáiniam agus eile. Tá dhá chineál tír-raon ann, is é sin, na garbhchríocha agus na mara, mar a thugtar orthu – ar ndóigh, ní thiocfá ar bhraon uisce sna farraigí sin, nó is éard atá iontu ná ísleáin nó mánna, agus iad déanta as cloch bholcánach (basalt, brúchtcharraig).

I gcomparáid le satailítí nádúrtha eile an Ghrianchórais, níl an Ghealach beag ar aon nós. Tá sí níos mó ná Europa, is é sin, an ceann is lú de Ghealacha Galileo (na ceithre satailítí is mó atá ag Iúpatar). Thairis sin, tá sí níos mó ná aon cheann acu i gcomparáid leis an bpláinéad a bhfuil sí ag dul ina thimpeall – an príomhúlach, mar a déarfá. Tá gealacha Iúpatair agus Shatarn i bhfad níos lú i gcomparáid lena bpríomhúlach.

Is éard atá sa Ghealach, mar a chreidtear inniu, ná toradh d'imbhualadh millteanach a tharla tuairim is leathchéad milliún bliain i ndiaidh fhoirmiú an Ghrianchórais. Bhuail pláinéad ar aon mhéid le Mars faoin réamh-Dhomhan – Theia a thugas na réalteolaithe ar an imbhuailteoir seo – agus ba iad smidiríní Theia comhábhair na Gealaí. Ba dhomhain ar fad a chuaigh Theia isteach sa phláinéad s'againn, agus a rian sin le haithint ar mhaintlín agus ar chroílár an Domhain i gcónaí.

Deirtear go bhfuil rothlú na Gealaí sioncrónach leis an Domhan – is é sin, is é an taobh céanna den Ghealach a bhíos iompaithe linn an t-am ar fad. Is féidir linn, áfach, beagáinín níos mó ná leath de dhromchla ár satailíte a fheiceáil, toisc go mbíonn sí ag guagadh ar dhóigheanna éagsúla: uaireanta iompaíonn sí a pol thuaidh nó a pol theas linn, agus bíonn sí ag moilliú nó ag géarú a gluaiseachta ar a fithis, ionas gur féidir linn tuilleadh den ”tosach” nó den ”chúl” a fheiceáil in amanta difriúla. Fágann an guagadh 59 % de dhromchla na Gealaí inmhapáilte ón Domhan. Ba iad na Sóivéadaigh a chuir tús le léarscáiliú an taoibh eile den Ghealach sa bhliain 1959: ansin, d'éirigh leo taiscéalaí (is é sin spásbhád beag gan foireann) a chur ag fithisiú na Gealaí agus ag tógáil grianghrafanna.

Thug daoine daonna an chéad chuairt ar an nGealach i Mí Iúil 1969, nuair a thuirling an tIolar (Eagle) modúl tuirlingthe an spásbháid úd Apollo a hAon Déag – i Muir na Sáimhe. Ba iad na spásairí Meiriceánacha Neil Armstrong agus Buzz Aldrin a bhí ag stiúradh an mhodúil, agus an tríú fear, Michael Collins, ag fanacht leo i modúl ceannasaíochta an spásbháid a bhí ag fithisiú na Gealaí. I ndiaidh an turais, bhain Collins amach clú áirithe mar scríbhneoir leis an leabhar cuimhní cinn a bhreac sé síos faoi shaol an spásaire, Carrying the Fire.

Maidir le tábhacht na dturasanna seo don eolaíocht is don taighde, ba iad na geolaithe ba mhó a ghnóthaigh orthu, nó d'ardaigh na spásairí leo cuid mhaith cloch a thug léargas nua ar fhorbairt gheolaíoch na Gealaí. Fuair na spásairí go léir bunscolaíocht sa gheolaíocht, agus bhí Harrison Schmitt, fear den triúr spásairí ar an turas deireanach go dtí an Ghealach, ina gheolaí oilte.

Gealacha Galileo a thugtar ar na satailítí is mó atá ag Iúpatar, ceithre cinn ar fad, a ndearna Galileo Galilei a bhfionnachtain thiar sa bhliain 1610.

Is iad ainmneacha na ngealach seo ná Io, Europa, Ganymede, agus Callisto. Fuair siad na hainmneacha seo ón réalteolaí Gearmánach Simon Marius (Mayr), ach ní raibh formhór na réalteolaithe fonnmhar iad a úsáid roimh an bhfichiú haois, ó nach raibh Galileo féin sásta leo – b'fhearr leis na gealacha a uimhriú go simplí. Is gnách ainmniú na reann neimhe a fhágáil faoin duine a rinne a bhfionnachtain, agus ba é Galileo a d'aithin na gealacha seo roimh Marius. Thairis sin, deirtear go raibh meas an mhagaidh mhíchuí ag lucht na comhaimsire ar na hainmneacha a bhronn seisean. Nó tagraíonn siad do na cailíní (agus d'fhear óg amháin) a raibh cumainn ghrá ag Zeus leo de réir mhiotaseolaíocht na sean-Ghréige, agus is gnách Zeus a chomhionannú le hIúpatar, mar a rinne na Rómhánaigh fadó, ó ba nós leo gach dia de chuid na nGréagach a chomhionannú le dia dá gcuid féin.

Ba é Giovanni Battista Hodierna, dalta de chuid Galileo, a bhaist na hainmneacha Principharus, Victripharus, Cosmipharus agus Fernipharus orthu. Tagairt a bhí sna hainmneacha seo do ”Phrionsa (principe) na Tuscáine”, do Vittoria della Rovere (bean Ferdinando de Medici), Cosimo de Medici (urraí Galileo) agus Ferdinando de Medici (mac Cosimo). Ó bhí Galileo ag fáil urraíochta ó Cosimo de Medici, Ard-Diúc na Tuscáine, bhí sé féin tar éis Medicea Sidera nó ”Réaltaí Mhuintir Medici” a bhaisteadh ar na gealacha seo in éineacht.

GEALACHA GALILEO - ”RÉALTAÍ MHUINTIR MEDICI” - ”MEDICEA SIDERA”




IO (Iúpatar a hAon, Principharus)


EUROPA (Iúpatar a Dó, Victripharus)


GANYMEDE (Iúpatar a Trí, Cosmipharus)


CALLISTO (Iúpatar a Ceathair, Fernipharus)
AR MHAITHE LEIS AN gCOMPARÁID:
AN GHEALACH
TIOTÁN (an tsatailít is mó atá ag Satarn)
Meángha (leath an mheán-trastomhais, ciliméadar)
1822
1560
2630
2410
1737
2575
Tréimhse imrothlaithe (lá Domhanda)
1.77
3.55
7.15
16.7
27.3
15.9
Meánluas ar an bhfithis (ciliméadar in aghaidh na soicinde)
17.3
13.7
10.9
8.2
1.02
5.57
Mais (i gcomparáid leis an Domhan)
0.015
0.008
0.025
0.018
0.012
0.0225
Dlús (gram in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh)
3.5
3.0
1.9
1.8
3.3
1.9
Imtharraingt ar an dromchla (g-aonad)
0.183
0.134
0.146
0.126
0.1654
0.14
Treoluas éalaithe (ciliméadar in aghaidh na soicinde)
2.558
2.025
2.741
2.440
2.38
2.639
Meánteocht ar an dromchla (ceilvin)
110
102
110
134
220
94
Ailbéideacht
0.63
0.67
0.43
0.22
0.136
0.22
Cianphointe na fithise (ciliméadar)
423 400
677 000
1 071 600
1 897 000
405 400
1 257 000
Garphointe na fithise (ciliméadar)
420 000
665 000
1 069 200
1 869 000
362 600
1 187 000


Gienah Aljanah Gienah Cygni – ”Sciathán na hEala” – a thugtar go traidisiúnta ar an réalta úd Epsilon Cygni i réaltbhuíon na hEala. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme is ea í agus í suite corradh is seachtó solasbhliain dínn. Tá sí aon oiread déag chomh mór leis an nGrian (de réir an trastomhais) agus dhá oiread is trí scór chomh lonrúil. Creidtear áfach nach bhfuil sí ach aon oiread amháin níos troime ná an Ghrian – is é sin bhí sí i bpríomhsheicheamh na réaltaí ar dtús sular iompaigh sí ina fathach, díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gienah Ghurab Gienah Corvi Ala Corvi a thugtar ar Gamma Corvi, arb í an réalta is gile i réaltbhuíon an Phréacháin. Réalta the bhánghorm den aicme B í, agus í suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. Focal Araibise é Gienah a chiallaíos ”eite, sciathán”, agus mar sin, is é ”Sciathan an Phréacháin” is brí le hainm na réalta.

An Ghrian atá i gcroí an Ghrianchórais, agus is í an réalta a bhfuil muid ina tuilleamaí le haghaidh solais agus teasa. Réalta phríomhsheichimh í an Ghrian, agus is mar G-réalta a aicmítear í ó thaobh an datha de. Glactar leis nár tháinig mórathruithe uirthi le cúig mhórmhilliún (5,000,000,000) bliain, agus nach dtiocfaidh ach i gceann cúig mhórmhilliún eile, nuair a iompós sí ina fathachréalta dhearg.

Tá an Ghrian comhdhéanta as plasma. Is éard atá i gceist leis an bplasma ná gás atá chomh te is nach bhfuil na leictreoin ceangailte d'aon adamh ar leith a thuilleadh, ionas go bhfuil na núicléis ag snámh i bhfarraige na leictreoin. Nuair nach bhfuil na leictreoin eagraithe ina gcórais chasta timpeall na núicléas mar a bhíos siad sa ghnáthdhamhna, is féidir do na núicléis teacht i bhfad níos cóngaraí dá chéile. Bíonn na núicléis ag gluaiseacht go tapa sa phlasma, toisc go bhfuil an teocht chomh hard – tar éis an tsaoil níl sa teocht mar rud ach gluaiseacht – agus iad ag bualadh faoi chéile. Le linn imbhualadh den chineál sin tiocfaidh siad chomh gar dá chéile is nach bhfuil siad á n-éaradh ag an drogall a bhíos ar na luchtanna leictreacha den chineál chéanna roimh a chéile a thuilleadh, ach á n-aomadh ag an bhfórsa núicléach. Is é is toradh dó sin ná comhleá na núicléas – is é sin, na núicléis hidrigine á gcomhleá go núicléis héiliam.

An fuinneamh a ghintear sa Ghrian, is istigh sa chroí a ghintear é, áit a bhfuil ”imoibreoir núicléach” na Gréine. Taobh amuigh den chroí atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á iompar ag an radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair. Is éard atá i gceist leis an gcomhiompar ná an dóigh a bhfuil an plasma te ag dul suas agus an plasma nach bhfuil chomh te céanna ag titim isteach. Taobh amuigh den chrios comhiompair atá an fótaisféar, nó dromchla infheicthe na Gréine, agus an t-atmaisféar: an crómaisféar, an réigiún trasdultach (idir an crómaisféar agus an choróin) agus an choróin. Taobh amuigh an choróin atá an héilisféar, agus an Domhan féin suite sa héilisféar: ní thagann deireadh leis an héilisféar ach i bhfad taobh amuigh d'fhithis Phlútóin.

An Grúpa Áitiúil a thugtar ar an ngrúpa réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Réaltra Andraiméide, Bealach na Bó Finne, agus Réaltra an Triantáin na réaltraí is mó sa ghrúpa, ach thairis sin tá cuid mhór réaltraí ann is lú ná na cinn sin, ar nós Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan.


ROINNT RÉALTRAÍ SA GHRÚPA ÁITIÚIL
Ainm
Uimhir i gcatalóg Messier
Uimhir sa Nua-Chatalóg Ghinearálta
An cineál réaltra atá ann
An réaltbhuíon ina bhfeictear an réaltra
Nótaí
Réaltra Andraiméide
M31
NCG224
Réaltra bíseach barrach
Andraiméide
An réaltra is mó sa ghrúpa
Bealach na Bó Finne
-
-
Réaltra bíseach barrach
-
An réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin
Réaltra an Triantáin
M33
NCG598
Réaltra bíseach neamhbharrach
An Triantán
An réaltra bíseach is lú sa Ghrúpa Áitiúil. Is dócha gur satailít de chuid réaltra Andraiméide atá ann
Scamall Mór Magellan
-
-
Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin
An Colgán agus an Tábla
Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann. Shíltí ar feadh i bhfad gur réaltra neamhrialta a bhí ann
Scamall Beag Magellan
-
NCG292
Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin
An Túcán agus an Phéist Uisce
Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
M32
NCG221
Réaltra éilipseach
Andraiméide
Satailít de chuid Andraiméide atá ann
SagDEG (Sagittarius Dwarf Elliptical Galaxy, Abhacréaltra Éilipseach an tSaigheadóra)
-
-
Réaltra éilipseach
An Saigheadóir
Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
SagDIG (Sagittarius Dwarf Irregular Galaxy, Abhacréaltra Neamhrialta an tSaigheadóra)
-
-
Réaltra neamhrialta
An Saigheadóir
Is é seo an réaltra is faide atá suite ó bharalár (is é sin, ó mheáchanlár) an Ghrúpa Áitiúil
Abhac an Dragain (Béarla: Draco Dwarf)
-
-
Abhacréaltra sféaróideach
An Dragan
Táthar ag déanamh go bhfuil an réaltra seo an-saibhir i ndamhna dorcha


Haisiam a thugtar ar dhúil uimhir a 108 sa tábla peiriadach, agus is é Hs an tsiombail. Fuair an dúil a hainm ó Hessen (Béarla: Hesse), ar ceann de stáit na Gearmáine é. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile, tá an haisiam chomh radaighníomhach is nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha, ach is éard a chreidtear ná go bhfuil sé cosúil go leor leis an oismiam.

Héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó sa tábla peiriadach. Mar is léir ón uimhir adamhach, tá dhá phrótón i núicléas an héiliam. Tá dhá iseatóp tábhachtacha ag an héiliam, mar atá, an ceann is coitianta, nó héiliam a ceathair, agus an ceann eile, nó héiliam a trí. Na hiseatóip eile is radanúiclídí éagobhsaí iad a dtagann meath radaighníomhach orthu go sciobtha. Tá dhá leictreon ag an héiliam, agus mar sin, is triathghás é, nó níl áit ar an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas ach d'aon leictreondís amháin. Dá réir sin ní féidir leis an héiliam dul i gcomhdhúil le dúil eile.

Tá fiuchphointe an héiliam iontach íseal, nó níl sé ach cúpla céim Celsius os cionn an dearbhnialais. Ní féidir héiliam a reo go solad gan brú ard a oibriú air. Ina áit sin, má reoitear i dtreo an dearbhnialais é faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, iompóidh sé ina fhorshreabhán a bhfuil saintréitheanna neamhghnácha aige: mar shampla ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, nó dreapfaidh sé as agus é ag dul ar fud na háite ina scannán tanaí.

Hidrigin: Is í an hidrigin dúil uimhir a haon sa tábla peiriadach, agus is í an dúil is simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ach aon phrótón amháin i núicléas na hidrigine, agus níl ach aon leictreon amháin i néal leictreon na hidrigine. Is dual do na hadaimh hidrigine móilíní dhá adamh a dhéanamh faoi na gnáth-imthoscaí ar dhroim an Domhain, ach dáiríre is dúil an-imoibríoch í an hidrigin, agus tá an chuid is mó di le fáil ceangailte i gcomhdhúile éagsúla ceimiceacha. Le fírinne tá an gás hidrigine chomh héadrom is nach bhfuil imtharraingt ár bpláinéid sách láidir lena choinneáil san atmaisféar: is dual dó éalú go dtí an spás. Sin é an tuige nach bhfuil ach iarsmaí beaga hidrigine le fáil san aer.

Nuair a rachas an hidrigin trí thine, is é an toradh a gheofar ná ocsaíd na hidrigine – is é sin, uisce. Is féidir leis an hidrigin pléasc a dhéanamh agus í ag imoibriú leis an ocsaigin. Thairis sin, tá dainséar eile ag baint le dóchan na hidrigine: tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, agus í an-te san am chéanna.

Tá trí iseatóp ag an hidrigin, agus ainmneacha ar leith orthu: an próitiam (an ghnáth-hidrigin, nach bhfuil ach prótón amháin mar núicléas aici), an deoitéiriam (hidrigin a dó – tá prótón agus neodrón amháin i núicléas an iseatóip seo), agus an tritiam (hidrigin a trí – prótón amháin agus dhá neodrón sa núicléas). Núiclíd radaighníomhaíoch é an tritiam, agus tagann béite-mheath air: is é héiliam a trí (iseatóp neamhghnách de chuid an héiliam) is toradh don mheath seo.

I réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, comhleáitear núicléis hidrigine go héiliam: an fuinneamh a thagas as an nGrian is toradh don chomhleá seo é. Ar dtús téann dhá phrótón le chéile le núicléas deoitéiriam (”deoitéarón”) a dhéanamh, ansin téann deoitéarón agus prótón le chéile le núicléas de chuid héiliam a trí a tháirgeadh, agus sa deireadh comhleáitear dhá núicléas den chineál seo go núicléas gnáth-héiliam (héiliam a ceathair) – scaoiltear dhá phrótón saor sa teagmháil seo. Tugtar timthriall ”prótón-prótón” air seo.

Infridhearg a thugtar ar na bandaí radaíochta idir na radathonnta agus an solas infheicthe. Tá tonnfhad na radaíochta infridheirge níos mó ná tonnfhad an tsolais, agus dá réir sin tá a minicíocht níos ísle. Is mar theas is mó a aithníos nó a mhothaíos an duine an radaíocht infridhearg.



No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...