An
Béarlóir Deireanach
úrscéal
sochtheangeolaíoch le Panu Petteri Höglund
Iarúsailéim
An
rud is luaithe is cuimhin liom ó laethanta mo chéad óige ná mo
sheanmháthair ag rá amhráin faoi Iarúsailéim. Ó nach raibh
ionam san am sin ach tachrán trí bliana ní raibh a fhios agam ach
ar éigean cá dó a raibh an dán ag tagairt, ach is éard a bhí sé
a thabhairt le fios ná go raibh Iarúsailéim suite i Sasana, nó go
mba chóir dúinn Iarúsailéim a thógáil i Sasana. Mar sin, nuair
a chonaic mé an chéad fheasachán teilifíse ag tabhairt cur síos
ar an dóigh a raibh na hIosraelaigh agus na Palaistínigh in adharca
a chéile faoi Iarúsailéim, baineadh scanradh mór asam, ó shíl
mé gurbh anseo, i Sasana, a bhí na buamaí á bpléascadh is na
tancanna ag bagairt a gcuid gunnaí. D'fhéadfá a rá gur tháinig
sórt feirge orm le lucht an dá thaobh freisin: cén teideal a bhí
acusan ar Iarúsailéim, nuair ba léir d'aon duine a chuala an
t-amhrán sin gur linne, muintir Shasana, an chathair lonrúil úd?
Ansin
rinne Mamó gáire agus mhínigh sí dom nach raibh ach deisbhéalaí
filíochta i gceist le hainm na cathrach san amhrán. Thrácht sí ar
chomh tábhachtach is a bhí Iarúsailéim do lucht leanúna an trí
chreideamh a bhí ag tabhairt urraime don aon Dia amháin a bhí ann,
is é sin, an Chríostaíocht, an tIoslam agus an Giúdachas. Cé gur
náisiúnaí Sasanach ab ea í, bhí sí lách leathanaigeanta mar
dhuine agus í cairdiúil le daoine ó gach dream reiligiúnach dá
raibh ar fáil inár gcathair. Mar sin, nuair a d'inis sí scéal
Iarúsaileim dom, ní dhearna sí iarracht ar bith fabhrú d'aon
taobh i gcoimhlint an Mheán-Oirthir.
Ba
é an tátal a bhain sí as an iomlán, áfach, go raibh muidne, na
Sasanaigh, na fíor-Ghaill, an oiread sin chun tosaigh ar na
hIosraelaigh agus ar na Palaistínigh araon is go raibh muid ag
iarraidh Iarúsailéim nua a chruthú inár dtír féin, in áit a
bheith ag cur cogaidh ar a chéile faoin tseanchathair i lár an
fhásaigh. Sin é an náisiúnachas Sasanach a bhí Daideo agus Mamó
a chleachtadh, an cineál náisiúnachais lenar tógadh mise. Ní
féidir liom a rá go mbeinn saor ó gach uile shórt ciníochais nó
biogóideachta, nó tá mé torrach le peaca na sinsear díreach
cosúil leis an gcine daonna ar fad; ach is é an mothúchán is mó
a d'fhoghlaim mé a ghlacadh leis an dá dhream thuasluaite sin ná
trua, ó bhí siad chomh ceangailte sin de rudaí saolta cosúil
leis an gcathair bhocht úd, fiú i gcúrsaí creidimh. Sinne, na
Sasanaigh, áfach, ba dhaoine de shaghas eile sinn: bhí muid in ann
cathair bheannaithe dár gcuid féin a chur ar bun pé áit a raibh
cónaí orainn.
Agus
nach raibh ár gcuid cathrach tógtha againn ar fud an domhain? Bhí
lorg láimhe an tSasanaigh le feiceáil ón Astráil go Meiriceá.
Bhí bunadh na dtíortha eile ag plódú isteach sna cathracha a thóg
daoine dár muintir féin. Le fírinne nuair a chuala mé an t-amhrán
sin á chanadh ag Mamó cuireadh an chéad shíol leis an tuiscint i
mo chroí istigh gurbh í Sasana fíorthír na tairngire agus go
raibh grá ar leith ag an aon Dia amháin sin do mhuintir Shasana.
Bhí
náisiún amháin ar dhroim an domhain seo áfach nach raibh Mamó ná
Daideo ródhoirte dó: ba é náisiún na hÉireann é. Na Gaeil.
Is
léir nach raibh an tseanlánúin báúil leis an Eaglais
Chaitliceach, ”eaglais na nGael” mar a thugtar uirthi i
leathchaint na sráide, nó bhí siad barúlach go raibh an locht
céanna uirthi agus a bhí ar an dá chreideamh úd eile: go raibh na
Caitlicigh ródhoirte don Róimh mar áit ar leith ar dhroim an
domhain, díreach mar a bhí na Giúdaigh agus na Muslamaigh ag dul
thar fóir ag urramú Iarúsailéim. Dream eile ab ea na Gaeil nár
thuig go mba chóir do gach duine a leagan féin d'Iarúsailéim nó
den Róimh a thógáil san áit ar tharla sé féin ina chónaí.
Scéal
eile fós áfach go raibh na Gaeil tar éis ár dteanga a bhaint dár
mbéal.
Sin
é an scéal: a fhad is a d'fhan mé sa bhaile, ba é an Béarla
príomhtheanga mo shaoil. Nuair a chuaigh mé thar tairseach amach,
áfach, ba í an Ghaeilge an t-aon urlabhra a bhí le cloisteáil,
Gaeilge sráide Shasana agus Bhaile Átha Cliath a fuair a fuaimniú
ó Chúige Uladh, a gramadach ó Chúige Chonnacht agus a cuid
eascainí ó gach contae idir Tigh Móire agus Donncha Daoi. Ba í
teanga chrua chruálach na Tíre Duibhe í, teanga a bhí truaillithe
le crístíní agus le cacamas cainte, díreach mar a bhí
timpeallacht na mbólaí seo salaithe ag an ngual. Caithfidh mé a
admháil gurb ar éigean a bhí mé féin in ann a shamhlú go
bhféadfainn béarlagair breá bríomhar brúidiúil na sráideanna
sin a aistriú go Béarla na Banríona choíche. Teanga ab ea an
Béarla a bhí oiriúnach do na seanleabhair dhlí – díreach
cosúil le sean-Fhraincis na Normannach – agus do na hóráidí
oifigiúla. Níor ghnách leis an mBanríon féin ach cúpla focal
Béarla a rá ar mhaith leis an nós imeachta; ansin chromadh sí ar
an nGaeilge le go dtuigfeadh na géillsinigh í. Ní raibh mórán
Béarla á labhairt sa chúirt ríoga ar na saolta seo: bhí an
Bhreatnais féin ní ba líofa ag comharba na ríona.
Cé
go mbíonn lucht athbheochana an Bhéarla ag áitiú gur rud
dothuigthe doghlactha ar fad é náisiún chomh láidir, chomh
hurrúnta leis na Sasanaigh a theanga a chailleadh, tá mé
admhálach, cé gur le luachanna na gluaiseachta sin a tógadh mé,
nach raibh a dhath mínádúrtha leis an bhforbairt úd. Nuair a
thosaigh ár muintir ag socrú síos in Éirinn i ndiaidh ár
ngabháltais ar an tír sin, ní raibh an dara rogha acu i ndáiríre
ach dul leis an nGaeilge, ó bhí cultúr chomh saibhir, chomh
suimiúil, chomh láidir ag bunadh na tíre. Cláirseacha mallaithe
na nGael, mar a deir lucht athbheochana an Bhéarla – chuaigh na
cláirseacha sin i bhfeidhm agus i bhfairsinge i Sasana féin, chomh
maith le ceol na nGael, agus tháinig an teanga sna sálaí ag an
gceol.
Na
ceoltóirí agus na filí sin ó thír na nGael! Ba nós le maithe
agus le móruaisle Shasana a shíleadh nach raibh iontu siúd ach
sórt searbhóntaí ag baint an fhaobhair de chruatan laethúil an
tsaoil lena gcuid fonnadóireachta. Le fírinne ba iadsan na
ceannródaithe a chuir tús le gabháltas neamharmtha na nGael ar
Shasana. B'iomaí fonn dá gcuid a d'fhoghlaim cosmhuintir Shasana
ina n-ainneoin, agus nuair a rinne siad aithris ar na focail nár
thuig siad go fóill, thosaigh Gaelú na nGall.
Ar
ndóigh níor leor na ceoltóirí le Sasana a chur ag labhairt
Gaeilge. Is dócha nach rachaimis leis an teanga iasachta sin chomh
hiomlán seo choíche, ach go bé gurbh iad na Gaeil a thug Meiriceá
chun míntíreachais. Ó bhí Éire suite idir sinn agus an tOileán
Úr, ba dhual dúinn lucht coilínithe na mór-roinne sin a earcú as
measc na nGael. Bhuel, admhaím gurbh iomaí duine acu a fuadaíodh
óna mhuintir lena chur ar bhord an bháid bháin, sin é an cineál
fruiliú a bhí i gceist dháiríre. Pé scéal é ní raibh lucht ár
rialtais inbharúla riamh go raibh a dhath cearr le fairsinge na
Gaeilge sna coilíneachtaí. Daoine praiticiúla a bhí iontu, mar ba
dhual do mhuintir Shasana riamh. Bhí na Sasanaigh i dtaithí na
Gaeilge sa bhaile cheana féin – ghlac siad leis gur ceann de
theangacha tábhachtacha ár ríochta a bhí inti. Bhí muid ag rialú
na hÉireann le fada an lá. Níorbh adhnua le haon duine Gaeilge a
bheith á labhairt thar lear chomh maith.
Gaeilge
Mheiriceá! Gaeilge ar leith a bhí inti. Iad siúd a chuir tús leis
na Stáit Aontaithe, thugaidís Albanaigh Uladh orthu féin, agus ba
í Gaeilge Uladh a dteanga, cé go mbídís sásta Béarla a labhairt
leis na huaisle a thagadh ar cuairt ó Shasana. ”Chan fhuil”,
”cha dtuigim”, ”char glanadh an seomra go sea”, sin é an
cineál Gaeilge a chloisfeá uathusan. Ba é sin an saghas Gaeilge a
chuaigh ar fud an domhain i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, nuair
a tháinig na saighdiúirí gleoite gliondracha ó Mheiriceá leis an
ruaig a chur ar shluaite Hitler, agus orgán béil le gach fear acu
le fonn binn Gaelach a chrochadh mar chomhartha do dhíomua na
Gearmáine agus don tsaoirse a d'fhill. Sin í an teanga a chluintí
ar na scannáin Mheiriceánacha fosta, agus iad ag tonnadh isteach
chugainn ó mhonarcha na n-aislingí ar chósta thiar Mheiriceá,
Coill an Chuilinn i gCalafóirne in
aice le Cathair na nAingeal.
Agus
i dteach lucht athbheochana an Bhéarla féin ní féidir macalla na
Gaeilge áirithe sin a sheachaint. Sasanaigh go smior ab ea Daideo
agus Mamó, ach mar sin féin ba é an scannán ab fhearr leo ná
Síobtha ar Shiúl. Tá a
fhios agaibh an ceann a chaitheas súil an chumha (nó ”súil na
cumhaidhe” mar a deir an Meiriceánach) ar an saol a bhí sa
Deisceart timpeall ar bhlianta an Chogaidh Chathartha (inniu féin
tugann bunadh an Deiscirt ”an Cogadh eadar na Státaí” air).
Ní
deacair a rá cén fáth a ndearna Daideo agus Mamó an oiread sin
comhionannú le cinniúint Scarlóidín Ní Eadhra agus a muintire.
B'ionann, ar bhealach, oidhreacht chultúrtha na Sasanach agus
seansaol an Deiscirt: d'fhuadaigh an dá dhúchas le gaoth, ní raibh
ceachtar den dá ghrúpa – fíor-Ghaill Shasana agus plandóirí an
Deiscirt – in ann stoirm na n-imeachtaí a sheasamh. Ní chanann
aon duine an t-amhrán faoi Iarúsailéim i Sasana a thuilleadh, ní
léann aon duine saothar Jane Austen ná Edgar Allan Poe féin, ach
amháin in aistriúchán Gaeilge b'fhéidir.
Is
éard is ábhar don scannán sin ná an cruatan a d'fhulaing
plandóirí saibhre an Deiscirt nuair a baineadh a gcuid sclábhaithe
gorma díobh. An mb'fhearr le Mamó is le Daideo, b'fhéidir, na
Gormaigh a fhágáil in umar aimléise na daoirse go deo? Ní hea
muis. Bhí Mamó in ann na deora goirte a dhoirteadh agus í ag
smaoineamh ar sclábhaí gorm ar díoladh a bhean chéile le plandóir
eile. Bhí sí tar éis leabhair ar nós Bothán Shean-Tomáis a
léamh, sin nó Eachtraí Fhinn Óig. Thuig sí éagóir na
daoirse go maith, mar sin. Bhí dáimh aici fosta
le Máirtín Liútar Ó Cuinn, ceannaire na nGormach a bhí ag cur ar
son a gceart thall sna Stáit. San am chéanna bhí sí
inbharúla nach raibh sé ceart ná ciallmhar scód a ligean leis na
Gormaigh gan iad a ullmhú d'éilimh na saoirse. Ba chóir do na
plandóirí ceirdeanna agus scileanna proifisiúnta a mhúineadh do
na Gormaigh, ar sise, in áit iad a chur ag baint an diabhal cadáis.
”D'fhéadfá
a rá go ndearna muid an botún céanna leis na Gaeil”, ar sise lá
amháin. ”Níor mhúin muid léann ná Béarla dóibh, agus inniu
níl léann ná Béarla ag aon duine inár dtír féin.”
Cé
go raibh Mamó agus Daideo chomh ceanúil is a bhí ar eachtraí
Scarlóidín, fuair siad locht ar ghnéithe áirithe den scannán
agus den úrscéal araon. Meiriceánach de phór Chaitliceach na
hÉireann ab ea Máiréad Ní Mhistéil, an bhean ar tháinig an
scéal óna peann, agus ar ndóigh chuir sí teaghlach Gaelach
Caitliceach i lár an aonaigh sa leabhar. ”B'fhearr seanuaisle
Protastúnacha Sasanacha a dhéanamh díobh”, arsa Mamó, ”rud a
bheadh ní ba chóngaraí d'fhíorimeachtaí na staire.” Sampla de
shlítheántacht na nGael a bhí ann, dar leis an tseanbhean, an
dóigh ar cham an bhean Éireannach sin an fhírinne. ”Ó muis”,
arsa Daideo ansin. ”Is leis na Gael-Mheiriceánaigh na stiúideónna
go léir i gCoill an Chuilinn.” Agus dá réir sin bhí na
stiúideónna céanna sásta an leagan Éireannach den stair a
chraobhscaoileadh fud fad an domhain: laochra Éireannacha a
dhingeadh isteach san áit nach raibh bun ná bunús ceart leo, agus
cinnte bhí an Ghaeilge á spalpadh ag carachtair stairiúla nach
raibh focal den teanga sin acu de réir na fianaise comhaimseartha.
Ach
cinnte ní rithfeadh le haon duine de ghróintíní na ceirde scannán
Béarla a léiriú, agus ní bheadh maoiniú ná urraíocht ar fáil
dá leithéid. Ó am go ham ar ndóigh d'fheicfeá an cúpla focal ar
an scáileán, mar chuid den fheistiú stáitse agus
de ghrá na ceartstairiúlachta, rud bacach éigin cosúil le
NOT WAY IN HIM THIS HERE nó TOILETES TOO
WOMANS, agus ansin bheadh gluaiseacht an Bhéarla sna trithí
áthais go ceann coicíse, beag beann ar an drochghramadach ghránna.
An
Chathair gan Ainm
An
chathair bheag ina raibh cónaí orainn, ní raibh ainm ceart uirthi
– is é sin bhí sraith ainmneacha uirthi, mar is gnách i Sasana
ar na saolta seo, agus iad go léir mícheart. Bhí ainm amháin
uirthi i gcanúint thraidisiúnta an cheantair, ainm eile i mBéarla
na Banríona, agus dhá nó trí leagan Gaelaithe den dá cheann seo
in úsáid. Léifeá leagan amháin acu os cionn dhoras mór na
comhairle cathrach, leagan eile ar fhógrán na fáilte chois an
bhealaigh mhóir agus leagan eile fós ar an bhfógrán a d'fhág
slán agus beannacht ag an gcuairteoir. Níor bhac an Stát riamh le
logainmníocht na tíre a léarscáiliú ná a chaighdeánú mar ba
chóir. Bhí a fhios ag an uile dhomhan ainmneacha na gcathrach mór
ar nós Londain nó Learphall, agus ba chuma nó vaits leis na
húdaráis faoi ainmneacha oifigiúla na gcathrach beag. Bhí a fhios
ag a mbunadh cá raibh siad ina gcónaí, agus ní raibh suim ná
suaiméad ag daoine eile i bprochóga bochta den chineál sin cibé
scéal é.
D'fhoghlaim
mé léamh agus scríobh an Bhéarla sa bhaile, i bhfad sular
thosaigh mé ar scoil. Bhí saint agam sna leabhair, nó bhí saol
eile iontu, saol ba ghalánta, saol ab uaisle i bhfad ná gnáthlá
ár gcathrach – saol Béarla, le fiche focal a chur in aon fhocal
amháin. Bhí laochra na leabhar ag labhairt Béarla le chéile,
Béarla a bhí ag cur thar maoil le hionracas agus le múineadh. Ní
raibh a leithéid de ghlan-Bhéarla le cloisteáil sa teach s'againn
féin. Fiú nuair a thagadh seanchairde ar cuairt chugainn, ní
bhíodh ach Béarla mille maide á labhairt acu. A chanúint féin ag
gach uile dhuine acu, í foghlamtha ó fhoinsí éagsúla nach raibh
ag teacht le chéile ach ar éigean.
Duine
amháin acu b'fhéidir gur chaith sé seal i Sír Eabhrac agus seal
eile i Sír Dhorsait, agus é ag iarraidh na blúiríní a phioc sé
leis ó chaint na nGalltachtaí difriúla go léir a chur in oiriúint
dá chéile agus don chaighdeán scríofa – ach ar ndóigh ní
dheachaigh an chuid ba mhó d'fhocail chanúnacha na gceantar sin i
bprionta in aon leabhar riamh, amach ó fhoclóir mór Dhonaldson
agus Wauldron b'fhéidir. Pé Béarla a chuala mé ón tseanlánúin
ba bheag an cuidiú a bhí ann le hadhmad ceart a dhéanamh dá raibh
le rá ag na cuairteoirí i bparlús ár dtí. Ar ndóigh bhí
crampa gránna na Gaeilge ar an gcuid ba mhó de na cainteanna a
chloisfeá uathu, gan aon trácht a dhéanamh ar an lorg a d'fhág
teanga sin an tromlaigh mhóir ar dhul na bhfocal, ar an dóigh a
mbíonn siad ag brath ar a chéile agus ag dul i bhfeidhm ar a chéile
– ar an gcomhréir, mar a deir an teangeolaí.
Thou
art a bhí ag duine acu, thou
be'st ag duine eile, agus you
are ag an tríú duine. Very
good a
dúirt an fear seo, ach má dúirt, ní raibh a chéile comhrá sásta
leis sin, ó bhí sé tar éis unco
good a
fhoghlaim sa Ghalltacht ab ansa lena chroí féin, agus
an tríú duine ag áitiú go mba chóir don bheirt eile sore
good a
rá ar mhaithe leis an gcomhréiteach (agus leis an gcanúint a bhí
aige féin).
Agus cad é ba chiall leis an aidiacht úd silly?
”Amaideach”, a d'áitíodh duine as an mbeirt, agus an chuid eile
acu dianbharúlach gurbh é ”ádhúil” an cheartchiall.
Mar
sin ní teanga a bhí sa Bhéarla ach iarsmaí teanga – rácáil
agus scuabadh na nduillí a bhí scaipthe ar an talamh timpeall an
tseanchrainn mhairbh. Ar mhaithe leis an litríocht, go bunúsach, a
d'fhoghlaimeofá Béarla, ach an gcabhródh na canúintí labhartha
leat, an beagán a bhí fágtha díobh, saothar na n-údar
clasaiceach a thuiscint? Agus an bhféadfá an chaint chomhaimseartha
a chur ar pár sa chaighdeán chlasaiceach?
Seoirse
Óirbhéal ag labhairt
Is
beag trácht ar an mBéarla a d'fheicfeá ag scríbhneoirí
nua-aoiseacha Shasana, nó rinne an chuid ba mhó acu talamh slán
den Ghaeilge mar ghnáthurlabhra phobail, ach is féidir liom tagairt
a dhéanamh do cheann d'aistí móra Sheoirse Óirbhéal, scríbhneoir
agus gníomhaí Sóisialach ar chuala an saol mór iomrá air.
Mar
is eol do chách, intleachtóir meánaicmeach a bhí ann agus é idir
an dá thine Bealtaine i leith a lán rudaí: ní raibh sé cinnte cé
acu ab fhearr leis nósanna na meánaicme a thréigean ar mhaithe le
béasa an lucht oibre, nó cultúr na meánaicme a mhúineadh don
lucht oibre. Is é mo thuairim féin go raibh mo dhuine idir dhá
chomhairle i dtaobh
an Bhéarla chomh maith. I ndiaidh dó taighde a dhéanamh ar shaol
na bprólatáireach Sasanach le haghaidh a leabhair An
Bealach go Cé an Bhoigín rinne
sé a mharana ar an teagmháil a bhí aige le cainteoirí dúchais
deireanacha na háite, agus ansin bhreac sé síos cúpla alt faoi
cheist an Bhéarla. Seo sliocht as a ndúirt sé san aiste Ceist
na Teanga agus Cúis an Lucht Oibre i Sasana:
Bhí
stádas réasúnta ard ag an teanga i Scoil Éatúin mar ábhar
teagaisc, ach ar ndóigh ní rithfeadh le haon duine matamaitic, cuir
i gcás, a mhúineadh i mBéarla. Go bunúsach is é an dearcadh a
bhí ag lucht riaracháin na scoile ná gur teanga chlasaiceach a bhí
sa Bhéarla cosúil leis an Laidin agus go gcaithfeadh an fear uasal
Sasanach bheith in ann litríocht a léamh i dteanga na sinsear agus
tagairt a dhéanamh don litríocht sin ó am go ham, ach sin a raibh
ann. Níor fhoghlaim muid ceartfhuaimeanna na teanga ar aon nós, nó
b'fhearr leis na múinteoirí an ”Fuaimniú Liteartha” nó
litreary pronountiacion nach
bhfuil cosúil le canúint ar bith. Sin é an tuiscint a bhí ag na
hoideachasóirí uasalaicmeacha ar an mBéarla mar theanga.
Anseo
a aithnímid brí an ”chultúir náisiúnta” mar choincheap, de
réir thuiscint na huasalaicme: an dalta atá ag déanamh staidéir
ar an gcultúr sin ní fhoghlaimíonn sé ach litríocht a léamh –
litríocht nach bhfuil úimléid inti do lucht ár linne, litríocht
atá scríofa i stíl nach bhfuil in aon chóngar do chaint na
ndaoine.
Tá
scríbhneoirí uasalaicmeacha ann i gcónaí agus iad ag iarraidh an
tseanteanga a shaothrú
ina gcuid scríbhinní. Chuaigh an Béarla in éag mar theanga
labhartha i measc na maithe agus na móruaisle le fada, agus mar sin
ní beotheanga é an Béarla caighdeánach in aon áit ná in aon
aicme a thuilleadh. Gaeilge a labhraítear i gcúirt an Rí féin, cé
go bhfuil an cuople
of wurd
ag an
rítheaghlach go léir, ar mhaithe leis an gcur i gcéill. Níl de
réalt eolais ag na scríbhneoirí sin ach traidisiún clasaiceach na
litríochta Gallda, agus tá a fhios againn nach gcardálann scéalta
na litríochta sin ach saol na huasalaicme anallód.
Is
ar éigean a thiocfá ar chur síos ar bith ar obair choincréiteach
sa chineál sin scríbhneoireachta, ar oibriú na n-uirlisí. Tháinig
na leabhair sin ó pheann leisceoirí cruthanta, daoine nach ndearna
bang oibre riamh ina saol. Mar sin ní raibh focail ná teilgeanacha
cainte acu ar conas úsáid a bhaint as an tsluasaid nó as an gcasúr
féin. Má dhéanann scríbhneoirí uasalaicmeacha Béarla ár linne
trácht ar bith ar gharbhobair d'aon chineál nó fiú ar
ghluaiseachtaí na ngéag – comharthaí láimhe mar shampla –
aithneoidh an léitheoir ar an toirt lorg na Gaeilge ar an
bhfoclaíocht.
Tá
a lán scríbhneoirí nó smaointeoirí Sóisialacha sa tír seo
barúlach gur teanga fhrithghníomhach fhrithdhaonlathach é an
Béarla agus nach féidir litríocht lucht oibre a shamhlú sa teanga
sin ar aon nós. Ní thig liom aontú leo siúd. Tá sé furasta go
leor téarmaí Béarla a chumadh le cúrsaí ár ngluaiseachta a
chardáil, agus tá focail ar nós internationall,
soicialist,
comunist
nó laibour
seanbhunaithe sa
teanga. Scéal eile áfach go mbeadh stíl nua de dhíth le saol
laethúil na n-oibrithe monarchan a chur i míotar sa teanga.
Chloisfeá
canúintí Béarla á labhairt ag garbhrúpálaithe tionsclaíochta
anseo agus ansiúd, cé gurb í an Ghaeilge an teanga is mó a
shamhlaímid le cruinnithe Pháirtí an Lucht Oibre. Bíonn focail
Bhéarla coitianta go maith i nGaeilge na mianadóirí agus iad ag
comhrá faoi chúrsaí a gceirde. Is féidir a mhaíomh go bhfuil an
tsaoltaithí, na cainteoirí agus an teanga ann le haghaidh litríocht
lucht oibre as Béarla. Is í an fhadhb is mó ná nach bhfuil
traidisiún liteartha na teanga oiriúnach don chineál sin
scríbhneoireachta.
Tá
teacht ar
scríbhneoirí maithe
prólatáireacha i Sasana an lae inniu, fir ar nós Máirtín
Maitland nó Seoirse Mac an tSiúinéara, agus iad ag iarraidh
tuairisc a thabhairt ar shaol an fhir oibre ina gcuid gearrscéalta
agus úrscéalta. Ach is í an Ghaeilge teanga a gcuid leabhar, cé
go bhfuil an Béarla,
nó canúint Shír Eabhrac, ó dhúchas ag Maitland, ar a laghad. Is
í an Ghaeilge teanga na hoibre fónta folláine,
dar le Tadhg an mhargaidh, agus is é an Béarla béarlagair na
bhfalsóirí sna tithe móra maisiúla. Iad siúd a bhfuil Béarla
canúnach ó dhúchas acu, ní thugann siad Béarla air ach ”an
chaint shean-Ghallda”, ”seanchaint na nGall”, nó ”Gallchaint
na seandaoine”.
Tugaigí
faoi deara an dóigh a n-úsáideann an fear oibre an focal sin
”Gallda” agus é ag tagairt dá theanga dhúchais. Ní gnách
leis a rá gurb í ”seanteanga na Sasanach” í mar shampla.
Sinne, Sasanaigh an lae inniu agus teanga na hÉireann agus na hAlban
á labhairt ag ár dtromlach, ní minic a dhéanaimid ár marana ar
bhunbhrí an fhocail sin, ”Gall”. Is éard a bhí i gceist ag na
Gaeil le ”Gall” ná forghabhálaí iasachta nó fiú Lochlannach
nó Normannach, fánaí agus foghlaí mara nach raibh tír cheart
dhúchais aige. Nuair a bhíos an Sasanach ag trácht ar na canúintí
Béarla – ar chanúintí a theanga sinseartha féin – mar
”theanga Ghallda”, is sampla é de chomh nádúrtha is a bhímid
ag dearcadh orainn féin le súil an Ghaeil inár n-ainneoin. Má
choilínigh muid tír na nGael, choilínigh na Gaeil anam ár
muintire féin.
Ar
ndóigh ní féidir linn suáilcí na Gaeilge a shéanadh. Is í an
Ghaeilge teanga ár gcuid iarchoilíneachtaí i Meiriceá agus san
Astráil, agus í ag dul chun cinn ar fud an domhain mar theanga
comhchumarsáide. An cultúr ceoil agus fonnadóireachta a fuair muid
ó mhuintir na hÉireann in éineacht leis an teanga tabhaíonn sé
cairde dár dtír ar fud an tsaoil mhóir. Is féidir a rá nach
bhfuil gá againn le teanga náisiúnta ar leith, ó rinne muid ár
gcuid féin den teanga idirnáisiúnta – an Ghaeilge.
Sinne,
na Sóisialaithe, is dual dúinn bua na Gaeilge i Sasana a fháiltiú
is a cheiliúradh mar réamhtheachtaire do bhua na prólatáireachta.
Nuair a chaill an Béarla a ghreim ar an gcosmhuintir, bhí a phort
seinnte, mar is léir dúinn inniu. Rinne na boic mhóra iarrachtaí
leis an teanga a choinneáil beo agus na sluaite síoraí ag iompú
chun an Bhéarla, ach ba é an fear oibre a shocraigh an scéal sa
deireadh. Rug an Ghaeilge bua, díreach mar a bhéarfas an
Sóisialachas féin bua an lá is faide anonn.
Is
féidir a léamh ar an méid thuas go raibh tuiscint ag an
Óirbhéalach ar ghluaiseacht an Bhéarla – a bhuntuiscint féin a
chuaigh thar shean-nathanna na meán Gaeilge – agus é tar éis
cuid mhaith ama a chur de ag déanamh a mharana ar cheist na teanga
agus an dúchais. Nárbh eisean an t-aon scríbhneoir Sóisialach a
raibh fíorshuim aige i gcoincheap an tSasanachais thiar sna
tríochaidí? I ndiaidh an iomláin áfach ba é an dearcadh a bhí
aige féin ná gurbh é an Béarla teanga na mboc mór agus gurbh í
an Ghaeilge teanga an fhir ionraic oibre, agus sin a raibh de:
thaobhaigh sé leis an lucht oibre, agus b'ionann sin agus taobhú
leis an nGaeilge.
Mar
is eol don tsaol mhór go léir fuair an tÓirbhéalach bás cúpla
bliain i ndiaidh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an
scríbhneoir dóchasach as an réabhlóid Shóisialach a bhí i ndán
do Shasana, mar a shíl sé féin – nuair a bhí buamaí na
n-eitleán Gearmánach ag titim anuas ar Londain bhí mo dhuine
díreach cromtha ar leabhar a scríobh faoi bhaint an tSóisialachais
le dúchas an tSasanaigh, An Leon agus an tAonbheannach.
Chreid sé go daingean go raibh an cogadh tar éis a chruthú nach
raibh maith ar bith sa chaipitleachas. Fuair lucht rialtais na tíre
riachtanach, i mblianta an chogaidh, seilbh a ghlacadh ar acmhainní
is ar scileanna an duine aonair le cúis an chatha a chur chun cinn –
is é sin, ar mhaithe leis an gcomhleas. Ní raibh ann ach cineál
Sóisialachais, dar leisean, agus fuair an Sóisialachas sin faomhadh
an náisiúin go léir fad is a bhí an cogadh á chur. Agus nár
ghnóthaigh an Sóisialachas seo an cogadh do Shasana? Nár léir don
chosmhuintir, don daoscarshlua féin gur ghnóthaigh? Nuair a
d'fhillfeadh na saighdiúirí ó mhachairí móra an áir, an mbeidís
sásta seanslabhraí an chaipitleachais a ghlacadh orthu féin in
athuair? Nár léir nach mbeidís – go mbeidís ag éileamh
chothrom na Féinne? Agus ó bhí scileanna cogaíochta foghlamtha
acu – ó bhí ciall an
chogaidh ceannaithe acu – nach
rachaidís á éileamh le lámh láidir?
Mar
a d'iompaigh scéal Shasana amach, ní raibh an ceart ag an
Óirbhéalach. Bhí mo dhuine ag tuar réabhlóide, ach má bhí
féin, níor tháinig an tairngreacht sin isteach fíor riamh. Ba é
an rud a tharla ná go bhfuair Páirtí an Lucht Oibre guthanna na
cosmhuintire sna toghcháin, agus mar sin bhí cead ag an bpáirtí
sin a rogha cuma a chur ar shaol súgach Shasana.
An
raibh páirt ar bith ag an tseanteanga in aisling an Lucht Oibre? Ní
raibh muis. An t-aon chúis a bheadh agat, dar le foireann
idé-eolaíochta an Pháirtí, leis an mBéarla a chur chun cinn ná
an náisiúnachas. Agus nach bhfaca muid, sa Ghearmáin i ré na
Naitsithe, an deireadh atá i ndán don náisiúnachas? Fiú más
náisiúnachas mín mánla é nach dtarraingíonn Uileloscadh ar bith
ina dhiaidh, níl ann ach croitheadh na brataí ar a son féin, agus
ní chuirfidh an bhratach sin oiread is goblach amháin bia i do
bhéal. Obair tháirgiúil thionsclaíoch, sin é an rud atá de
dhíth. Na hearraí is toradh don obair sin, díolfaidh tú leis na
tíortha coimhthíocha iad, agus gheobhaidh tú luach a cheannós
saol sona socair duit. Agus nuair a bhéas am saor agat féadfaidh
tú leabhair – leabhair Ghaeilge ar ndóigh – a léamh a bhfuil
eolas nó eachtraí iontu. Nó féadfaidh tú scannáin a fheiceáil
– scannáin Ghaeilge ó fhód dúchais na n-aislingí thar lear.
Béarla
a fhoghlaim? Bhuel, cén fáth nach gceadófaí don chorrdhuine, nó
don chorr-éan chorr, staidéar a dhéanamh ar an tseanteanga? Is í
Sasana tír na gcéadta caitheamh aimsire agus na mílte mireog, tar
éis an tsaoil. Ach ar ndóigh ní hé gnó an Stáit aitheantas a
thabhairt d'aon chaitheamh aimsire amháin thar an gcuid eile. Iad
siúd a bhailíos stampaí, níl difríocht bhunúsach idir iad agus
an dream a bhíos ag iarraidh cúpla focal Béarla a labhairt le
chéile.