Tuesday, April 20, 2021

An Abhainn (Eridanus)

 

An Abhainn Eridanus a thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach, an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an Siséal agus an Giorria.


Tá an réalta is gile sa réaltbhuíon, Alpha EridaniAchernar, suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”. Réalta bhánghorm (B-réalta) í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil sí an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh geal sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad go leith de sholasbhlianta.

Beta Eridani Cursa (leagan Laidinithe den fhocal Araibise a chiallaíos ”stól coise”) suite faoi naoi solasbhliana is ceithre scór dínn. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread is fiche chomh lonrúil. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán.

Fathach M-aicme, nó fathach dearg, atá i nGamma Eridani, nó Zaurak (”Bád” as Araibis). Réalta phríomhsheichimh a bhí inti ar dtús, ach tá sí iompaithe ina fathach, mar a dhéanfas an Ghrian s’againn i ndeireadh ama. Réalta athraitheach í. Tá sí suite faoi dhá chéad solasbhliain dínn.

K-réalta í Delta Eridani, agus í díreach ar tí iompú ina fathachréalta. Tá sí beagáinín níos troime ná an Ghrian, agus í suite sách gar dúinn, nó níl sí ach faoi thríocha solasbhliain dínn. Réalta athraitheach í.

An Abhainn nó Eridanus. Cóipcheart: Till Credner/Vicipéid an Bhéarla.


Réalta thábhachtach de chuid na hAbhann í Epsilon Eridani Ran, nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn a bhfuil pláinéad aici, de réir mar a chreidtear. Tá a lán astaróidigh agus mionábhar eile ag dul timpeall na réalta seo chomh maith. Níl sí ach faoi dheich solasbhliana dínn, agus í beagáinín níos lú ná an Ghrian, de réir na maise agus an trastomhais de. Tá an Ghrian trí oiread chomh lonrúla ná Epsilon Eridani, ach tá réaltghaoth Epsilon Eridani tríocha oiread chomh láidir agus an ghrianghaoth. Réalta K-aicme í Epsilon Eridani, is é sin, beagáinín níos fuaire ná an Ghrian.

Tá réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...