Tuesday, April 20, 2021

Abhac

 

Abhac abhacréalta a thugtar ar réalta nach fathach d’aon chineál í. Mar sin is abhaic iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s’againn, mar shampla.


Rud eile é abhac bán, nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go bunúsach cé go mbíonn an t-abhac bán tipiciúil ar aon trastomhas leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais leis an nGrian. Tá na réaltaí den chineál sin bán toisc go bhfuil siad te. Níl an teas seo ag teacht as aon imoibriú núicléach, áfach – níl ann ach iarsmaí teasa ó na laethanta a bhí an réalta gníomhach go fóill.


Abhac donn atá i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a haon a choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach is dual do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá hidrigin a dó (comhleá an deoitéiriam) mar shampla.

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...