Matti Kassila
Chuimhnigh
cara Gaelach dom go raibh Matti Kassila, an stiúrthóir scannán ón
bhFionlainn, ag ceiliúradh a bhreithlae ar an 12ú lá de Mhí
Eanáir, agus thuig mé sin mar leid agus mar spreagadh chun cúpla
focal a bhreacadh síos le haghaidh léitheoirí an Tuairisceora faoi
Kassila agus faoin ról a bhí aige i stair na scannánaíochta
Fionlannaí. Nó bhí sé ar stiúrthóirí móra ár dtíre: aon
duine a chromfadh ar an stair sin a reic ó thús go deireadh
caithfidh sé trácht cuimsitheach a dhéanamh ar shaothar Kassila.
Nuair
a bhí mé óg, bhí seach-chiall áirithe – nó fiú cineál
seanbhlas – le haithint ar na focail vanha suomalainen elokuva,
“seanscannán Fionlannach”. B’ionann sin agus scannán dubh
agus bán a bhí suite i saol na tuaithe, agus é curtha ó mhaith ag
aisteoireacht aibhéileach aiféiseach mhéaldrámatúil. Idir an dá
linn, áfach, d’athraigh an dearcadh coitianta ar an traidisiún
scannánaíochta seo, agus d’admhaigh an chuid is mó de na
tráchtairí cultúir sna meáin go mba chóir na seanscannáin
Fhionlannacha a mheasúnú de réir théarmaí a linne féin. Ba é
an scannáneolaí Peter von Bagh (1948-2014) ba mhó a rinne ábhar
fiúntach taighde de na scannáin seo, agus d’fhoilsigh sé lear
mór leabhar faoi stiúrthóirí móra na Fionlainne i ré na
seanscannán.
Is
minic a chuirim na seanscannáin Fhionlannacha, mar choincheap
cultúrtha, i gcomparáid le scéim aistriúcháin an Ghúim. Scéim
fhiúntach – nó gúm fiúntach (mar a deirtear i nGaeilge
Bhaile an Chláir) a bhí ann, ach san am chéanna bhí an gúm sin
go mór mór faoi ionsaí ag na scríbhneoirí Gaeilge ar chúiseanna
éagsúla – más buan mo chuimhne, ba é tuairim Mháirtín Uí
Chadhain féin gur mhó i bhfad dochar na scéime seo ná an leas a
rinne sí do litríocht na Gaeilge. Níor tuigeadh ach le déanaí
gur scéim fhiúntach a bhí ann, pé locht a d’fhéadfá a fháil
uirthi: a lán de na haistriúcháin a rinneadh tá an-Ghaeilge iontu
agus lón deas léitheoireachta sna leabhair a haistríodh. Cosúil
leis sin, cé go bhfuil lorg na tobtháirgíochta ar a lán de na
seanscannáin Fhionlannacha, tuigtear dúinn inniu cén chailliúint
a bhí ann do chultúr na Fionlainne nuair a ligeadh do
thionsclaíocht dhúchasach na scannánaíochta dul i léig agus in
éag, mar a tharla go sciobtha le teacht na teilifíse sna seascaidí.
Rugadh
Matti Kassila sa bhliain 1924, agus mar sin, d’fhoghlaim sé
uraiceacht a cheirde ó stiúrthóirí móra na seanlinne, go
háirithe nuair a bhí sé ina chúntóir ag Valentin Vaala.
Stiúrthóir bisiúil a bhí i Vaala a rinne dhá scór scannán i
rith a ghairmréime, ó dheireadh na bhfichidí go túsbhlianta na
seascaidí. Le fírinne, Rúiseach a bhí ann ó thús, cé go raibh
Fionlainnis agus Sualainnis go líofa aige chomh maith lena theanga
dhúchais: Ivanov an fíor-shloinne a bhí air. Cibé faoina chúlra
pearsanta bhí suim mhór aige i litríocht dhúchasach na
Fionlainne, agus bhunaigh sé a lán scannán ar shaothair
chlasaiceacha na litríochta sin. Is é an breithiúnas a thug
Kassila féin ar Vaala gur stadin kundi (“buachaill ón
bPríomhchathair” i leathchaint Heilsincí – is é sin, fear arbh
é Heilsincí cathair a dhúchais) a bhí ann cé gur Rúiseach ab ea
é.
Cé
gur thosaigh Kassila ar a ghairmréim faoi thionchar na
seanscannánaíochta Fionlannaí, bhí i ndán dó an léim a
ghearradh ó ré na seanscannán go ré na scannán nua-aimseartha.
An chéad scannán a stiúir sé féin, is é an teideal a bhí air
ná Isäntä soittaa hanuria, is é sin “Fear an Tí ag Seinm an
Bhosca Ceoil”. Fronsa nó scigscannán den chineál is simplí atá
ann, agus é ag cur thar maoil le daoine ag baint an tátail mhíchirt
as a chéile – cineál comedy of errors atá ann mar a déarfadh an
Béarla. Compántas sorcais is cúis leis an gcuid is mó de na
míthuiscintí barrúla, agus tríd is tríd níl mórán substainte
ann mar scannán – níl mórán difríochta idir é agus
greannscannáin eile na linne.
Nuair
a chrom Kassila ar an gcéad scannán eile, áfach, tháinig chun
solais go sciobtha go raibh a chiall féin aige don cheird.
Professori Masa a bhí ar an scannán – “ollamh” is brí leis
an bhfocal professori, ar ndóigh, agus is leagan leathchainte den
ainm Matias nó Matti é an t-ainm Masa – is ionann an bunleagan
agus Maitias na Gaeilge. Le fírinne is deacair an chodarsnacht idir
an dá fhocal i dteideal an scannáin a léiriú as Gaeilge: focal é
professori nach dtig leis an bhFionlannach aonteangach a fhuaimniú i
gceart, ós rud é nach mbíonn cairn chonsan, cosúil le pr-, i dtús
na bhfocal dúchasach san Fhionlainnis, agus is fuaim choimhthíoch é
an consan úd f sa teanga chomh maith. Na fir oibre a thabharfadh
Masa ar a chéile, rachadh sé rite leo an focal professori féin a
rá gan rohvessori a dhéanamh de sa chaint.
Is
é Matias Kaarivaara laoch an scannáin: ollamh le socheolaíocht é
agus é ag lochtú na bhfear oibre, chomh haraiciseach is a bhíos
siad chun stailce, dar leis. San am chéanna áfach is fear fiosrach
é mar is dual don scoláire agus é ag sculcaireach timpeall thíos
sa chuan le tuilleadh a fháil amach faoi thuairimí an lucht oibre.
Oíche amháin cuirtear sonrú ann, ach is é an tátal a bhaineas na
fir oibre as go bhfuil sé dífhostaithe agus é ar lorg jab sna
stíbheadóirí. Mar sin, téann Matias Kaarivaara – nó “Masa
Vaara”, mar a thugas sé air féin – le stíbheadóireacht mar
mhalairt slí bheatha, agus an scannán ag caitheamh súil ar an
dóigh a gclónn sé le saol na bhfear oibre agus a bhfoghlaimíonn
sé a ndearcadh siúd ar shaol na sochaí agus ar na ceisteanna
eacnamaíochta agus oibreachais.
Cé
gur scannán grinn a bhí ann go bunúsach, bhí an t-ábhar sách
tromchúiseach, ó bhí stailceanna agus diospóidí oibreachais ag
streachailt na tíre as a chéile san am (sa bhliain 1950 a tháinig
an scannán ar an scáileán), agus na Cumannaigh ag teacht i dtír
ar na diospóidí seo, rud a bhain scanradh as a lán Fionlannach san
am. (Ní mór cuimhne a choinneáil air go raibh na Cumannaigh láidir
go leor sa tír, mar iarmhairt ó laethanta an chogaidh chathartha sa
bhliain 1918.) D’fhéadfá a rá gur iarracht ab ea Professori
Masa maolú ar na codarsnachtaí sóisialta seo agus béim a chur
ar chomleas an náisiúin go léir – rud a thug na léirmheastóirí
radacacha faoi deara freisin, agus nár thaitin leo.
Ba
iad Tauno Palo agus Ansa Ikonen a rinne na príomhpháirteanna. Ba
iadsan lánúin íocónach na scannán Fionlannach san am, agus shíl
go leor daoine go raibh siad pósta ceangailte san fhíorshaol, chomh
minic is a bhídís ag titim i ngrá ar an scáileán. Le fírinne,
ní raibh siad rómhór le chéile ar dtús, agus ní raibh siad ina
n-anamchairde ina dhiaidh sin féin, cé go raibh meas acu ar
scileanna a chéile mar aisteoirí proifisiúnta. Tauno Palo a rinne
páirt an Ollaimh, agus ba í Ansa Ikonen an t-iriseoir mná a thug
teasghrá don Ollamh.
Mhair
Kassila ag déanamh scannán i ndiaidh scannáin faoi dheifir agus
faoi dhriopás, mar ba dhual do thionsclaíocht scannánaíochta na
Fionlainne san am. Mar sin féin is féidir buaicphointí a aithint
sna táirgi creasa iompair sin féin. Sa bhliain 1951 chuaigh Radio
tekee murron – “An Raidió ina Bhuirgléir” – ar an
scáileán. Bhí an scannán seo bunaithe ar eachtra an chraoltóra
Usko Santavuori go gairid roimhe sin.
Bhris
Santavuori fuinneog i siopa seodra i Heilsincí istoíche le
caoinchead ó cheannasaí na bpóilíní agus ó úinéir an tsiopa
le fáil amach cé chomh luath a thiocfadh an patrólcharr ag fiosrú.
Ní raibh a fhios ag na póilíní patróil cad é a bhí ar shiúl,
agus shíl siad gur fíorbhuirgléir a bhí ann. Mar sin, thug siad
drochíde don chraoltóir i gcomhchlos do na héisteoirí raidió go
léir, rud a tharraing cuid mhaith calláin sna meáin. Ba é ba
chúis leis an bhforéigean, mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin,
gur shíl na póilíní go raibh comhchoirí ag Santavuori, toisc gur
chualathas é ag labhairt leis an tarchuradóir iniompartha a bhí
aige, le cur amach a thabhairt do na héisteoirí ar na himeachtaí
de réir is mar a bhí siad ag titim amach – is é an tátal a
bhain na póilíní as gur ag tabhairt rabhaidh don chomhchoirí a
bhí sé. Bhí sé le cloisteáil ar an gcraoladh féin, dáiríribh,
agus na póilíní ag fiafraí den chraoltóir go garbh: Missä
kaveri? Kaveri? (“Cá bhfuil do chompánach? Do chompánach?”)
Scannán
suimiúil eile ab ea an scéinséir Varsovan laulu – “Amhrán
Vársá”. Cineál double entendre é teideal an scannáin, nó is é
is ciall le h-“amhrán Vársá” i mbéarlagair greannmhar na
bhFionlannach ná vodca smuigleáilte ón bPolainn, “an stuif ón
bPolainn a chuirfeas ag canadh amhráin thú” mar a déarfá. Mar
sin, tá imeachtaí an scannáin suite i mblianta an toirmisc ar
bhiotáille. Cosúil leis an bProhibition sna Stáit
Aontaithe, bhí dlí i bhfeidhm san Fhionlainn sna blianta 1919-1932
a choisc déantús agus iomportáil gach cineál biotáille, agus ar
ndóigh chuaigh an smuigleáil thar fóir ar fad le linn an toirmisc
seo. Ábhar maith do scannán lán sceitimíní a bhí ann, agus sa
bhliain 1953, fuair na sluaite móra Varsovan laulu le
feiceáil.
Ba
é Åke Lindman (1928-2009) a rinne páirt an smuigléara, agus ar
ndóigh bhí cailín ag an smuigléir sa chuan choimhthíoch –
Chris Paischeff (1929-1997). Bhí Paischeff ag aisteoireacht san
Amharclann Sualainnise i Heilsincí, ach cé gur an-femme fatale
a bhí inti ó thaobh na cosúlachta de, ní raibh mórán gairmréime
i ndán di mar aisteoir i ndiaidh an scannáin seo: chaith sí an
chuid ba mhó dá saol ag obair i mórshiopa leabhar i Heilsincí.
Maidir le Lindman, áfach, ba ar a chrannsan a thiteadh sé san am
sin páirteanna na mbithiúnach a dhéanamh ar na scannáin
Fhionlannacha, rud nár thaitin mórán leis féin. Le fírinne
d’éirigh Lindman as aisteoireacht de réir a chéile agus chuaigh
sé le stiúrthóireacht scannán.
Scéinséir
maith a bhí in Varsovan laulu, ach san am chéanna bhí
amaitéarachas áirithe le haithint air mar scannán. Na smuigléirí
coimhthíocha a raibh caidreamh ag rólphearsa Lindman leo, ba é an
Béarla an teanga a bhí á labhairt acu, seachas Gearmáinis nó
Polainnis – ar ndóigh ní raibh focal Polainnise i bpluc aon duine
de na haisteoirí, ach shílfeá go mbeadh an Ghearmáinis ní
b’inchreidte i gcoimhthéasc Mhuir Bhailt, go háirithe le
taobhshúil ar chomh coitianta is a bhí salacharáil éigin
Gearmáinise ag Fionlannaigh san am. Ba é ba chúis leis an
mBéarlachas seo ná gur theastaigh ón gcomhlacht léiritheoireachta
an scannán a dhíol le dáileoirí scannán ar an gcoigríoch.
Cineál idirnáisiúntóireacht chiotach a bhí ann dar leis na
léirmheastóirí san Fhionlainn féin, agus níor éirigh leis na
hiarrachtaí sin.
Sa
bhliain 1954 rinne Kassila saothar a raibh aidhmeanna ealaíonta
leis, mar atá, Sininen viikko (“An tSeachtain Ghorm”). Bhí an
scannán seo bunaithe ar ghearrscéal leis an scríbhneoir
Fionlannach Sualainnise Jarl Hemmer, Den blå veckan. Scéal
anghrách faoi thriantán grá a bhí ann, agus rinne na scrúdóirí
cinsireacht ar an gcuid ab earótaí den scannán. Ní raibh na
léirmheastóirí róshásta leis an scannán nuair a chonaic siad an
chéad uair é. Bhí siad sásta leis an stiúrthóireacht, ach san
am chéanna, fuair siad locht ar Kassila mar scriptscríbhneoir, agus
iad barúlach nach raibh craiceann inchreidte ar scéal an ghrá
thoirmeasctha. Inniu áfach áirítear Sininen viikko ar
shaothair mhóra an stiúrthóra, agus dealraítear leis an
neoverismo Iodálach féin é.
Nuair
a bhí na caogaidí ag druidim chun deireanais, scannánaigh Kassila
dhá shaothar eile a bhí bunaithe ar litríocht dhúchasach ár
dtíre: Elokuu (“Mí Lúnasa”) agus Punainen viiva
(“An Líne Dhearg”).
Tá
Elokuu bunaithe ar mhionúrscéal le Frans Emil Sillanpää.
Ba é Sillanpää an t-aon scríbhneoir Fionlannach a bhain amach
Duais Nobel sa litríocht riamh: scríobhadh sé scéalta liriciúla
faoi shaol tuaithe na Fionlainne a raibh blas an-earótach orthu.
Cuireadh i gcomparáid le D.H. Lawrence é lena linn. Dealraíonn sé
áfach gur ar an gcoigríoch is mó a léitear inniu é: nuair a
haistríodh an t-úrscéal Nuorena nukkunut leis go teangacha
Lochlannacha, chuaigh ainm an phríomhcharachtair, Silja, chun
leitheadúlachta i gCríoch Lochlann. “A Thit ina Codladh go hÓg”
is ciall leis an teideal sin Nuorena nukkunut, agus is é an cineál
duine atá in Silja ná cailín óg a bhfuil eitinn ag creimeadh
uirthi, díreach nuair atá sí ag muscailt chun collaíochta. Mar
sin, tá an grá agus an bás in aice a chéile sa scéal, mar is
dual do Sillanpää.
Scéal
faoin gcollaíocht agus faoin mbás é Elokuu freisin: an fear
atá i gcroílár an scannáin agus an úrscéil, is scríbhneoir
drámaí é – dar leis féin – ach ó nach bhfuil a chuid
uaillmhianta scríbhneoireachta ag teacht i gcrann, caithfidh sé
leor a ghabháil leis an jab a fuair sé ag tabhairt aire do loc
canála i réigiún na loch in Oirthear na Fionlainne. Tá sé ina
dhruncaire doleigheasta, agus a chaidreamh lena bhean chéile ag dul
chun donais dá réir; is é an bás atá i ndán dó sa deireadh,
ach roimhe sin, caitheann an scannán súil ar na cumainn ghrá agus
ar na triantáin ghrá máguaird, i saol na ndaoine a bhfuil baint
acu le fear na canála.
Ansin
tháinig ré an Chigire Palmu.
Cigire
póilíní é an Cigire Palmu, agus é ina phríomhlaoch i roinnt
úrscéalta bleachtaireachta a tháinig ó pheann Mika Waltari, arbh
é an scríbhneoir ba bhisiúla dár rug ar an bpeann san Fhionlainn
riamh, is dócha. Scríobh sé roinnt úrscéalta móra stairiúla,
go háirithe Sinuhe egyptiläinen, “Sinuhe, an tÉigipteach”,
eipic mhillteanach a scannánaíodh i Hollywood féin, faoin teideal
Béarla The Egyptian.
Ní
féidir a rá gur litterateur engagé a bheadh i Waltari. I dtús a
ghairmréime liteartha bhí sé gníomhach sa ghrúpa scríbhneoirí
Tulenkantajat nó “Iompróirí na Tine” a bhí ag iarraidh
nua-aoiseachas a thabhairt isteach i litríocht na Fionlainne.
“Osclaímis na fuinneoga i dtreo na hEorpa!” an mana a bhí acu,
agus b’ionann an Eoraip agus an Fhrainc – tír nach raibh mórán
tionchair aici ar chultúr na Fionlainne roimhe sin (ná inniu féin,
le fírinne). Ba é Olavi Paavolainen, file agus scríbhneoir aistí,
ceann feadhna na nIompróirí Tine; an chuid ba mhó acu ba filí
iad, agus cé gurbh iad na prós-saothair an chuid ba thábhachtaí
dár tháinig ó pheann Waltari, bhain sé triail as an bhfilíocht
fosta: d’fhoilsigh seisean agus Paavolainen díolaim dánta faoin
teideal Valtatiet, “Na hOllbhealaí”. Dream an-éagsúil
ab ea Iompróirí na Tine. Chuaigh cuid acu le Kiila (“An
Ding”), cumann na n-ealaíontóirí Sóisialacha, sa deireadh (ina
measc siúd an file mná Katri Vala), ach níor mhair an spiorad
ceannairceach i bhfad sa chuid eile acu. Sampla acu siúd a bhí i
Waltari. Nuair a bhí tamaillín beag caite aige ag súgradh le
hidé-eolaíochtaí reibiliúnacha na linne, cosúil leis an
Sóisialachas féin, d’iompaigh sé ina haic agus ina pheann ar
díol.
Ní
hionann sin is a chur ina leith nach raibh sé ina scríbhneoir
mhaith, a mhalairt. Fear proifisiúnta a bhí ann thar aon rud eile,
agus is í an sciliúlacht ghairmiúil a fhágas a chuid leabhar
soléite suimiúil ag lucht an lae inniu féin. Scríobhadh sé
úrscéalta móra stairiúla cosúil le Sinuhe egyptiläinen;
scríobhadh sé drámaí raidió; scríobhadh sé scríbhinní
bolscaireachta i mblianta an chogaidh; scríobhadh sé scéalta a
raibh blas áirithe earótaice orthu; scríobhadh sé úrscéalta
bleachtaireachta. Agus ba iad na leaganacha scannánaithe de na
húrscéalta bleachtaireachta sin an chuid ab fhearr de shaothar
Kassila, dar leis na scoláirí scannánaíochta agus leis na
gnáthfhéachadóirí araon.
Ba
é Komisario Palmun erehdys (“Dearmad an Chigire Palmu”) ón
mbliain 1960 an chéad scannán acu seo. Sa bhliain 2012 d’fhógair
léirmheastóirí scannánaíochta na Fionlainne gurbh é an scannán
ab fhearr dá ndearnadh san Fhionlainn riamh, agus ní féidir a
shéanadh go bhfuil an ceann seo ar scannáin mhóra ár dtíre. Ba é
Joel Rinne a bhí ina Chigire, nó bhí taithí ag an aisteoir
iltaobhach amharclainne seo ar ról an bhleachtaire ó na scannáin
faoi Kuollut Mies sna 1940idí. Ba é Kuollut Mies nó
“an Fear Marbh” an laoch i dtrí scannán a bhí bunaithe ar
scéinséirí le Simo Penttilä (fíorainm Uuno Hirvonen, 1898-1971).
Údar bisiúil ab ea Penttilä a scríobhadh scéalta éadroma
eachtránaíochta faoin Iarthar Fiain agus faoi Mheiriceá Theas
chomh maith le húrscéalta bleachtaireachta faoin bhFear Marbh.
Carachtair
dhodhearmadta iad an bheirt chúntóirí a bhí ag Palmu chomh maith:
Virta (Matti Ranin) agus Kokki (Leo Jokela). Fear óg idéalach é
Virta agus é ag obair ina phóilín agus ag staidéar dlí san am
chéanna; an cineál Fionlainnise a labhraíos sé, tá sé chomh
cóngarach don chaighdeán scríofa is nach gcloisfeá a leithéid
inniu ó aon duine. Maidir le Kokki, tá seisean bunoscionn ar fad le
Virta, nó is fear ó shráid na mórchathrach é, agus é ag
labhairt leathchaint na mórchathrach.
Ní
mór cuimhne a choinneáil air gur teanga gan a leithéid eile í
seanchaint an lucht oibre i Heilsincí, chomh torrach is atá sí le
focail thruaillithe ón tSualainnis agus ón Rúisis: is minic a
bhíos sé ag dul rite le daoine ó chúigí eile na Fionlainne bun
ná barr a dhéanamh di. An teilgean cainte a chonaic muid thuas,
stadin kundi, is sampla tipiciúil é den chanúint seo: tá
dhá fhocal Sualainnise ann, stad, cathair, agus kund,
custaiméir, agus iarmhíreanna Fionlainnise curtha leo. Tháinig
athrú ar chiall an dá fhocal i gcaint na ndaoine, áfach: is é is
ciall le stadi ná Heilsincí, an phríomhchathair, nó “an
t-aon chathair san Fhionlainn” mar a déarfadh bunadh na háite
féin chomh bródúil is a bhíos siad as áit a ndúchais; agus is
éard a chiallaíos kundi ná “buachaill, díolúnach,
malrach, fear”.
Cuid
den fheistiú stáitse í canúint Kokki, nó is féidir a rá go
ndéanann an scannán craosaireacht ar atmaisféar agus ar radharcra
na príomhchathrach sna laethanta a bhí. Tá gach uile shórt ar
fáil don fhéachadóir: scéal bleachtaireachta faoi dhúnmharú,
chomh maith lena lán grinn agus magaidh, agus an t-iomlán seo i
bhfráma na seanchathrach a chuirfeadh cumha ar an té nár thug
cuairt ar Heilsincí riamh. Ní bhíonn sé furasta greann agus
dáirireacht a phósadh in aon scannán amháin, ach is é
breithiúnas na léirmheastóirí go léir gur éirigh le Kassila go
gleoite an dá rud a cheangal dá chéile ar an scannán seo.
Inniu
féin tá ráchairt mhór ar Komisario Palmun erehdys i measc
mhuintir na Fionlainne, agus caithfidh mé a admháil go bhfuil an
DVD sin ar fáil ar mo sheilf féin le breis is deich mbliana anuas.
Dúirt Kassila faoi agallamh ag comhlacht craoltóireachta na
Fionlainne sa bhliain 2012 gur casadh triúr fear – athair mór,
athair agus mac – air le déanaí a bhí chomh doirte do na
scannáin faoi Palmu is go mbíodh siad ag tagairt do na scannáin
gan stad ag labhairt le chéile dóibh. Bhí a fhios agam gur scannán
maith a bhí á stiúradh agam, ach ní raibh a fhios agam go raibh
sé chomh maith seo, arsa Kassila leis an agallóir, agus é breá
sásta leis an saothar, is dóigh liom!
An
dara scannán faoin gCigire Palmu, is é an teideal a bhí air ná
Kaasua, komisario Palmu! (“Gás, a Chigire Palmu!”). Bhí
sé bunaithe ar an úrscéal Kuka murhasi rouva Skrofin? (“Cé
a mharaigh Bn. Skrof?”). Baintreach shaibhir í bean Skrof agus í
marbh le gás sornóige, agus is léir gur dúnmharú atá i gceist.
Caithfidh Palmu agus a chuid cúntóirí fáil amach cé a rinne an
t-ainghníomh seo, agus feictear bithiúnaigh shuimiúla ar an
scannán a bhfuil amhras ar an gcigire fúthu. Duine acu é an
seanmóirí Mustapää, a ndearna Risto Mäkelä a pháirt: léiriú
ar an gcineál aisteoir a bhí ann ná go raibh ról Molotov aige sna
seachtóidí i sraithscéal teilifíse faoin bhFionlainn sa Dara
Cogadh Domhanda.
Is
deacair Mustapää a ligean i ndearmad, nó is é ionchollú an
chaimiléara reiligiúnaigh é leis na geáitsí bréagchráifeacha a
chuireas sé air féin chomh maith leis an tsaint atá aige in
oidhreacht na mná mairbhe – chuaigh sí i bpobal reiligiúnach an
tseanmóirí go gairid roimh a bás, agus Mustapää ag iarraidh a
áitiú ar na húdaráis anois go bhfuil an oidhreacht ag dul dá
phobal féin.
Maidir
leis an tríú scannán faoin mBleachtaire Palmu, is é an teideal a
bhí air ná Tähdet kertovat, komisario Palmu (“Is iad na
réaltaí a inseos an scéal, a Chigire Palmu”). Bhí Waltari
díreach ag iarraidh mórúrscéal nua stairiúil a chumadh –
Ihmiskunnan viholliset (“Naimhde an Chine Dhaonna”) an
teideal a bhí air, agus is é The Roman a baisteadh ar an
leabhar as Béarla. (Ba é an t-úrscéal céanna a bhí ina ábhar
scannail sa bhliain 2008, nuair a tháinig chun solais go raibh
léiritheoir teilifíse Meiriceánach darbh ainm Colin Slater tar éis
úrscéal stairiúil a “scríobh” cúig bliana roimhe sin nach
raibh ann go bunúsach ach athscríobh bradach ar The Roman;
Lindum Colonia a bhaist an Poncán ar an leabhar bradach seo.)
Bhí ag teip ar Waltari an t-úrscéal a chríochnú (mar a
d’iompaigh an scéal amach, ba é seo an t-úrscéal deireanach a
tháinig ó pheann an scríbhneora), agus d’fhiafraigh Mauno
Mäkelä, arbh é ceann an chomhlachta léirithe Fennada-Filmi é, an
mbeadh sé sásta éirí as an mórúrscéal go ceann tamaill le
scéal nua a bhreacadh síos faoi eachtraí an Chigire Palmu. Bhí
agus fáilte, agus níor thóg sé ach trí seachtaine ar Waltari
úrscéal nua bleachtaireachta a chumadh.
Dúnmharú
atá i gceist arís, agus is é an duine a maraíodh ná seanfhear
neamhurchóideach a mbíodh de nós aige réaltaí a bhreathnú trí
theileascóp. Ar dtús cuireann Palmu gron i mbaicle déagóirí a
mbíonn mionchoiriúlacht idir lámhaibh acu, dar leis – is dóigh
le Palmu gur féidir gurb iad siúd a mharaigh an seanfhear. Ina
dhiaidh sin, áfach, faigheann sé amach gur sean-Mhaor Airm dar
sloinne Vadenblick an fíor-dhíol drochamhrais – fear sotalach a
shíleas an dúrud de féin, nó dealraíonn sé go bhfuil sé tar
éis a bhean chéile a mharú, chomh maith le hiníon na mná céanna,
girseach óg a raibh cumann craicinn aige léi, cé nach raibh na
húdaráis in ann é a chiontú sna drochghníomhartha seo.
Bhí
Kassila le scannán eile fós a stiúradh faoin mBleachtaire Palmu,
ach sa bhliain 1963 thosaigh stailc aisteoirí a chuir deireadh le ré
órga na seanscannánaíochta san Fhionlainn. Mhair an stailc dhá
bhliain go leith, agus ba é ba thoradh di gur theip an gnó go
hiomlán ar Suomen Filmiteollisuus, arbh é an comhlacht
scannánaíochta ba mhó a bhí ann – le fírinne, ba é an
comhlacht seo Hollywood na Fionlainne san am. Ar ndóigh bhí an
teilifís ag dul chun leitheadúlachta faoin am chéanna, agus is
minic a deirtear gurbh é an meán nua seo ba mhó ba chúis le bás
na seanscannánaíochta. Is dócha áfach go mbeadh na stiúideónna
móra, SF ach go háirithe, in ann a gcuid féin a dhéanamh den
teilifís mar mheán taispeánta agus margaíochta, murach gur fhág
an stailc an gnó go léir ar fionraí i mblianta na cinniúna.
Bhí
Kassila in ann scannáin a dhéanamh i ndiaidh na ré órga féin, nó
bhí an teilifís ar fáil dó mar fhostóir nua. Bhíodh sé ag
stiúradh drámaí teilifíse, mar shampla, cosúil leis an gceann a
bhí bunaithe ar Pariisilaissolmio (“Carbhat ó Pháras”),
mionúrscéal le Mika Waltari: scéal é seo faoi fhear dháiríre
mheánaosta a raibh scéal grá aige i bPáras nuair a bhí sé óg,
agus carbhat ó Pháras aige mar chuimhneachán ar an scéal sin, rud
nach eol do na daoine ina thimpeall. Ní raibh ag éirí leis
scannáin mhaithe a dhéanamh a thuilleadh, áfach. Dealraíonn sé
go ndeachaidh fuascailt na collaíochta sna seascaidí chun dochair
dó. Bhí sé in ann scannáin a dhéanamh faoi ábhar earótach
roimh na seascaidí, toisc go raibh ciall mhaith aige d’aeistéitic
na linne sin, nuair a chaithfeadh an féachadóir an earótaic a
aithint i mionleideanna. Nuair a cuireadh an saol collaí lomnocht os
comhair na poiblíochta, áfach, ní raibh leithéidí Kassila in ann
saothar a dhéanamh a thuilleadh a bheadh oiriúnach do thoighis na
ré nua.
Rinne
Kassila iarrachtaí áirithe sracadh nua a chur sa seanábhar. Mar
shampla, tháinig scannán nua faoin gCigire Palmu ar an scáileán
sna seachtóidí, Vodkaa, komisario Palmu (“Vodca, a Chigire
Palmu”). Ní raibh an scéal bunaithe ar aon leabhar le Mika
Waltari a thuilleadh, le fírinne níor thug Waltari ach a chaoinchead
úsáid a bhaint as carachtair ina chuid scéalta. Bhí scéal an
scannáin suite sa saol chomhaimseartha, nuair a bhí tionchar
réasúnta láidir ag na Cumannaigh óga ar atmaisféar an tsaoil
chultúrtha sa tír. Mar sin, bhí gníomhaire mná de chuid Choiste
Státslándála an Aontais Shóivéadaigh (KGB) ina laoch sa scannán
(ba í Lilga Kovanko, banaisteoir Fionlannach de phór na Rúise, a
rinne an ról, ó bhí cúpla focal Rúisise ag teastáil).
Is
dócha gurb é an scéinséir Jäähyväiset presidentille
(“Slán go Deo leis an Uachtarán”) ón mbliain 1987 an scannán
ab fhearr dár stiúir Kassila sna hochtóidí. Bhí sé bunaithe ar
úrscéal le Pentti Kirstilä (1948-), a bhí i mbéal an phobail mar
scríbhneoir sciliúil scéalta bleachtaireachta sna hochtóidí,
agus an focal úd jäähyväiset ("slán go deo") fite
fuaite i dteideal a lán úrscéalta leis: Jäähyväiset
lasihevoselle (”Slán go Deo
leis an gCapaillín Gloine”), Jäähyväiset rakkaimmalle
(”Slán go Deo leis an nGrá
Geal”), agus roinnt eile acu. Sa chuid is mó d’úrscéalta
Kirstilä ba é an bleachtaire Lauri Hanhivaara an laoch, ach thairis
sin scríobh sé cúpla scéinséir faoi shaol na ndrugaí, agus
póilín eile dar sloinne Kaistila ag déanamh an ghnó sin iontu.
Is
éard is ábhar don scannán ná dúnmharfóir craiceáilte atá
meáite ar Uachtarán na tíre a mharú, fear atá splanctha i
ndiaidh na n-arm tine, agus é ag lámhach daoine nach bhfuil aithne
aige orthu ar mhaithe leis an gcleachtadh. Ba é Hannu Lauri a rinne
páirt an dúnmharfóra, agus ba mhaith a d’éirigh an ról leis –
bhí sé iontach inchreidte. Ón taobh eile de, bhí na
léirmheastóirí inbharúla nach raibh ábhar an scannáin oiriúnach
don Fhionlainn, agus iad ag síleadh gur scéinséir Meiriceánach a
bhí ann a fáisceadh isteach i bhfráma Fionlannach nach raibh sé
oiriúnach dó.
Nuair
a taispeánadh an scannán ar an teilifís le déanaí, áfach, ba é
an breithiúnas a tugadh ar an scannán go raibh craiceann na fírinne
ar an scannán inniu cé nach raibh nuair a rinneadh é. Idir an dá
linn bhí cúpla eachtra lámhaigh san Fhionlainn a d’fhág a rian
ar an atmaisféar sa tír, go háirithe na himeachtaí i Jokela sa
bhliain 2007, nuair a mharaigh fear óg darbh ainm Pekka-Eric Auvinen
deichniúr, é féin san áireamh, i scoil i Jokela (ceantar tuaithe
Tuusula in aice le Heilsincí, príomhchathair na tíre). Na tucaidí
a bhí ag Auvinen lena ainghníomh ní raibh siad ródhifriúil leis
an smaointeachas a bhí ag spreagadh an mharfóra ar an scannán ach
an oiread.
Scéinséir
ab ea an scannán deireanach freisin a stiúir Kassila, Kaikki
pelissä ón mbliain 1994. Bhí imeachtaí an scéinséara suite i
saol na scannánaíochta, ach mar a tháinig chun solais, bhí an
fíorshaol ag déanamh aithris ar an ealaín, nó chuir léiritheoir
an scannáin ina phóca féin cuid mhór den airgead a fuair an
comlacht léiriúcháin ó Fhondúireacht Scannánaíochta na
Fionlainne – ba é sin ba chúis le chomh daor is a chosain an
scannán seo, i bhfad níos daoire ná aon cheann eile san Fhionlainn
sna nóchaidí. Tharraing an scannán scannal, mar sin, agus is
deacair a rá cé acu an scannán féin nó an scannal ina dhiaidh a
bhí ní ba suimiúla.
Le
fírinne ní fhaca mé féin Kaikki pelissä riamh: b’éigean
dom ceist a chur ar chara liom a bhfuil muinín agam as mar
shaineolaí scannánaíochta, cad é mar a chuaigh an scannán i
bhfeidhm airsean. Níor áirigh sé ar shaothair mhóra Kassila é,
cé nach ar an stiúrthóir a chuir sé an locht ach ar na
haisteoirí, ó chuir siad an scannán ó mhaith le
drochaisteoireacht is le geáitsí, dar leis. Bíonn tuairimí eile
ann áfach. Nuair a chonaic Derek Hill ón iris Variety an
scannán, bhí sé breá sásta leis, agus é barúlach nach samhlófá
scannán chomh friseáilte sin le stiúrthóir chomh seanbhunaithe le
Kassila.
Bhí
Kassila pósta ar an aisteoir Aino Mantsas, a fuair bás le hailse
cíche. Ní raibh muinín aici as an “leigheaseolaíocht scoile”,
agus mar sin ní raibh sí sásta dul faoi scian an mháinlia. An mac
a saolaíodh dóibh i ndeireadh na gcaogaidí, Taavi Kassila, bhí sé
féir ina stiúrthóir scannán a raibh gealladh mór faoi sna
hochtóidí. Rinne Taavi scéinséir measartha maith sa bhliain 1988,
Petos (“An Feall”): bhí an scannán bunaithe ar imeachtaí
saoil an robálaí bainc Hilarius Sorjonen (1909-1954) a tharraing
súil an náisiúin air féin i dtús na gcaogaidí. Ba é an
stiúrthóir féin a bhreac síos an script don scannán, ach san am
chéanna bhí sé ag tarraingt ar shaothar an drámadóra Jussi
Kylätasku a scríobh dráma raidió agus dráma stáitse faoi
eachtraí Sorjonen. Ar an drochuair d’éirigh Kassila óg
as stiúrthóireacht scannán ina dhiaidh sin: cosúil lena mháthair
chuaigh sé le hasarlaíocht is le rúndiamhróireacht, agus é ag
obair ina mhúinteoir ióga inniu.
No comments:
Post a Comment