Monday, June 3, 2019

A list of allitterative runs in Irish

Alliterative runs are a feature of traditional Irish style, and you will find at least some of them in any book written by a native speaker or collected from native storytellers and tradition-keepers. So, if you want to give your Irish a traditional polish, here is a list of such runs you can study. Some are chains of adjectives, some are combinations of nouns, some of a noun and one or more adjectives.

Cuid de stíl thraidisiúnta na Gaeilge iad na ruthaig uamacha, agus tiocfaidh tú orthu i ngach leabhar le scríbhneoir a bhfuil an teanga ó dhúchas aige agus i ngach bailiúchán béaloidis a breacadh síos ó bhéalaithris na scéalaithe is na seanchaithe dúchasacha. Mar sin, más maith leat snas na teanga traidisiúnta a chur ar do chuid Gaeilge, is féidir leat staidéar a dhéanamh ar an liosta seo thíos. Cuid de na ruthaig seo is slabhraí d'aidiachtaí iad, cuid eile acu is ainmfhocail iad a bhfuil baint chomhréire éigin acu le chéile, cuid eile arís is éard atá iontu ná ainmfhocal agus aidiachta(í) á leanúint.

BEAG – BROSANTA – BLÁFAR: Bean bheag bhrosanta bhláfar ab ea í. (Sayers 1998, p. 146)

BOIGE – BREÁTHACHT: Ach de réir mar a bhíonn an t-earrach ag imeacht bíonn an aimsir ag dul i mboige agus i mbreáthacht. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 52)

BREÁ – BOG: Tá an aimsir breá bog cneasta, buíochas le Dia. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 51)

BREÁ – BROTHALLACH: Bíonn an uain go breá brothallach... (Ó Cadhlaigh 2013, p. 53)

BREÁ – BUÍ: ...roimh dheireadh an tsamhraidh bíonn an t-arbhar go breá buí... (Ó Cadhlaigh 2013, p. 54)

BRÍOMHAR – BEATHAITHE: Bíonn sé go bríomhar beathaithe, lúth is neart ina ghéaga... (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

BRISTE – BRÚITE: ...thógadar gach corp briste brúite... (Ó Dubhda 2011, p. 94)

BRISTECHROÍOCH – BRÓNACH: B'éigean do imeacht agus bóthar na coda eile do thabhairt air go bristechroíoch agus go brónach. (Sayers 1998, p. 161. Of course it should be b'éigean dó..., and bóthar na coda eile a thabhairt air, but the source uses a very dialectal orthography.)

BRÓN – BRISEADH CROÍ: Bhí sé sásta go leor ansan, cé go raibh brón agus briseadh croí air féin. (Sayers 1998, p. 163)

BRUÍON – BEARRADH: ...gan iad a bheith ag bruíon is ag bearradh ar feadh na tráthnóna. (Ó Dubhda 2011, p. 88)

CAM – CAIMILÉIREACH: Is cam caimiléireach a tháinig siad ar an saibhreas. (Ó Conaire 1970, p. 23)

CAS – CANCRACH: ...ní haon ionadh é bheith go gruama brónach agus go cas cancrach. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

CASACHT – CÁRSÁN: Bhuail casacht is cársán é. (Ó Conaire 1970, p. 24)

CÍORADH – CEANGAILT: Bhí sé cos-nochtaithe agus ceann-nochtaithe, agus a mhothall ciarghruaige gan cíoradh gan ceangailt. (Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

CÍORADH – CUR TRÍ CHÉILE: [Is iomaí] rud a cíoradh agus a cuireadh trí chéile an tráthnóna úd cois na tine. (Sayers 1998, p. 135)

CÍOS – CÁS – CATHÚ: ...is me [= agus mé] go hóg aerach, gan cíos cás ná cathú orm an uair sin. (Sayers 1998, p. 155)

CIÚIN – CIALLMHAR: Do bhí buachaill ciúin ciallmhar chun féachaint im dhiaidh...(Sayers 1998, p. 137)

CIÚIN – CNEASTA: Bhí an Mhaol féin chomh ciúin chomh cneasta san is gur dhóigh leat nár dhein sí díobháil ná dochar...(Sayers 1998, p. 155)

CRÁITE – CÉASTA: Sea, is go bhfuilimse féin cráite céasta le méid a bradaíle féin. (Ó Fiannúsa 2008, p. 11)

CRUATAN – CEALGAIREACHT: [...] b'fhuirist a aithint air nár bhain pioc de chruatan ná de chealgaireacht an tsaoil fós leis. (Ó Dubhda 2011, p. 15. Fuirist is a form of furasta 'easy' you see in Munster literature.)

CRUINN – CÚRAMACH: Mar cuirim chun oibriú na feirme mar is ceart go cruinn is go cúramach. (Ó Fiannúsa 2008, p. 9)

CUMTHA – CÓRACH: ...agus é go cumtha córach. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

DATHÚIL – DEA-CHRAICINN: Bíonn sé go dathúil dea-chraicinn. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23. Note that dathúil is an adjective, dea-chraicinn is a noun in genitive case.)

DEALBH – DÓLÁSACH: Teaghlach Dealbh Dólásach (Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

DÍCHEALLACH – DEA-IOMPRACH: Bhí cuid acu dícheallach dea-iomprach ag iarraidh iad féin is a gclanna a ardú as an bpoll salachair... (Ó Dubhda 2011, p. 40)

DIL – DÚTHRACHTACH: ...phóg sí go dil dúthrachtach é. (Sayers 1998, p. 147)

DÍOBHÁIL – DOCHAR: Bhí an Mhaol féin chomh ciúin chomh cneasta san is gur dhóigh leat nár dhein sí díobháil ná dochar...(Sayers 1998, p. 155)

DÍOCHRA – DÚTHRACHTACH: ...tá Maighistir Seán Carsuel, Ministir Shoiscéal Dé ag guí agus ag géar-atach Dé go díochra dúthrachtach fá spiorad an ghlicis agus na tuisceana agus na fírinne a neartú... (Ó Doibhlin 2006, p. 35)

DÍREACH – DAINGEAN: ”Ní fhanfaidh mé ar ao' chor”, arsa sé go díreach daingean(Ó Fiannúsa 2008, p. 16)

DÚR – DOICHEALLACH: Tá an long ag teannadh aniar leis na Sceirdí dúra doicheallacha...(Ó Conaire 1970, p. 16)

DÚTHRACHTACH – DÁIRÍRE: [D]úirt [siad] go dúthrachtach dáiríribh an phaidir álainn ghlórmhar... (Ó Fiannúsa 2008, p. 18. Dáiríribh is a common parallel form of dáiríre)

FAGHAIRT NA FEIRGE: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí... (Ó Fiannúsa 2008, p. 2)

FIALCHROBH – FÁILTIÚIL: Líon sé amach dhá thaoscán le fialchrobh fáiltiúil, óir bhí sé féin súgach cheana féin. (Ó Fiannúsa 2008, p. 7)

FIUCHADH FOLA: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí... (Ó Fiannúsa 2008, p. 2)

FÓGAIRT – FOLÁIREAMH: Do dhruid an leathchomhla gan fógairt gan foláireamh... (Ó Fiannúsa 2008, p. 19)

FUAR – FLIUCH – FIÁIN: ...bíonn tosach an earraigh go fuar fliuch fiáin... (Ó Cadhlaigh 2013, p. 52)

FUARLEACA FÍORÍOCHTAIR [IFRINN]: Glan leat as mo radharc a bhitch agus síos go fuarleaca fíoríochtair ifrinn leat!  (Ó Fiannúsa 2008, p. 3. I'd prefer to capitalize Ifrinn, because Ifreann 'Hell' is in Irish usually treated as a proper noun, being definite without definite article.)

GÁBH – GUAISEACHT: ...gan féachaint do chontúirt ná do ghábh ná do ghuaiseacht dá raibh oraibh... (Ó Doibhlin 2006, p. 36. Both gábh and guaiseacht mean 'danger', although they might be less common than dainséar, contúirt and baol. In my opinion, though, gábhadh and guais are the more common forms of these words today, at least in modern Ulster Irish literature.)

GAFA – GLÉASTA:  Agus níorbh iontaí liom an sneachta dearg ná an fear breá dathúil a fheiceáil istigh ar an urlár agam; teanga bhreá Ghaeilge aige; é gafa gléasta. (Ó Conaire 1970, p. 28)

GAOTH – GARBHSHÍON: ...cnuasaítear iad sula dtagann gaoth agus garbhshíon an gheimhridh. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 55.)

GARBH – GLASCHAORACH: Bhí culaith gharbh ghlaschaorach air...(Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

LAG – LÚBACH: Is suarach an mac a d'fhágfadh a mháthair, atá lag lúbach, léi féin... (Ó Conaire 1970, p. 12)

LEATHAN – LÁIDIR: ...a bhrollach is a ghuaillí go leathan láidir... (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

LOM – LÁNDÓITE: Na beithígh nárbh fholáir a choimeád istigh sa dúluachair bíonn siad ar a gcúilín seamrach ag iníor (fosaíocht) dóibh féin sna páirceanna glasa a bhí go lom lándóite i rith an gheimhridh. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 53)

LUATH – LÁIDIR: An duine a bhíonn go luath láidir... (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

MAITHEAS – MAITH: Nuair a thángthas go dtí an cúigiú corp mheas na daoine ná raibh maitheas ná maith leis an iniúchadh. (Ó Dubhda 2011, p. 95)

MAORGA MÓRÁLACH: Ba dhóigh leat gur túisce a bhí an fhéasóg ann ná an fear maorga mórálach ar leis í. (Ó Conaire 1970, p. 17)

MEADHRÁN – MEARATHAILL: Bhailigh an tseana-bhean a seál timpeall a seangchoirp s[h]noite is thriall go bacach i dtreo dhoras an bhotháin, mar neach go mbeadh meadhrán mearathaill air is ná mothódh ach ar éigin go raibh sé beo (Ó Fiannúsa 2008, p. 15)

MEIRBH – MÁNLA: ...d'fhreagair an tseana-bhean go meirbh mánla... (Ó Fiannúsa 2008, p. 19)

MÍN – MARBH: Nuair a chonac arís é bhí sé mín marbh. (Sayers 1998, p. 158. Chonac is the Munster synthetic form for 'I saw', chonaic mé in other dialects.)

MIONN – MÓID: ...thug sé mionn agus móid a bheith suas leis lá éigin. (Ó Dubhda 2011, p. 49. Both words mean ”oath, pledge”.)

MÓR – MAISEACH: Dá mbeadh sé d'ádh ar Éirinn go mba thír mhór í, agus rialtas dá chuid féin a bheith ag Ros na gCloch faoin bpríomh-Rialtas, é a bheith ina limistéar mór maiseach saibhir, agus dá mbeifí ag brath ar phrionsa nó ar sheanascal a thoghadh le breithiúnas a thabhairt ar cheisteanna móra tábhachtacha a bheadh ag dul idir comhairleoirí agus codladh na hoíche, is ar Éamann Rua a leagfá lámh. (Ó Conaire 1970, p. 18)

MÓRCHOMHLUADAR MEIRGEACH: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí... (Ó Fiannúsa 2008, p. 2. Personally, I would prefer sa mhórchomhluadar mheidhreach, writing standard Irish. Note that fiuchadh fola alliterates, too.)

MÚCHTA – MARBH: Bíonn muintir na gcathrach agus na mbailte móra múchta marbh ag an teas míchuibhseach...(Ó Cadhlaigh p. 53.)

OIRIRC – ONÓRACH: Nós oirirc onórach atá fós agus a bhí riamh i bhfeidhm ag na daoine... (Ó Doibhlin p. 35)

SÓNTA – SOTALACH: Mura muid atá sónta sotalach, arsa Labhras go doicheallach. (Ó Conaire 1970, p. 26)

SOS – SÍOCHÁIN: Leanais den phlámás is den mhealladh go dtí gur aontaíos, sa deireadh, ar son sosa is síochána. (Ó Dubhda 2011, p. 17.)

SUAIMHNEAS – SÍOCHÁIN: Bhí gach rud chun suaimhnis is síochána ach an t-aon rud amháin. (Ó Dubhda 2011, p. 82)

SUAITE – SCAMHAITE: ...cé go ndéarfadh daoine gur mithid don phlaosc chéanna bheith suaite scamhaite ó thonnta tréana borba na farraige... (Sayers 1998, p. 155)

SÚGACH – SULTMHAR: Bhí sé súgach; bhí sé sultmhar. (Ó Dubhda 2011, p. 31)

SUIM – STUACAÍOCHT: Líon an tiarna gloine eile amach dó, agus é ag bíogadh le neart suime agus stuacaíochta. (Ó Fiannúsa 2008, p. 8)

TALAMH – TIARNAS: Níl talamh ná tiarnas ann. (Sayers 1998, p. 162)

TOIRBHIRT – TÍOLACADH: ...ar an ábhar sin chonacthas domsa gurbh indéanta dom an saothar beag seo [...] a thoirbhirt agus a thíolacadh duitse, a thiarna... (Ó Doibhlin 2006, p. 36)

TOIRT – TÉAGAR: Ba mhíol mór ar trá é le toirt is téagar. (Ó Conaire 1970, p. 21)


Sources/Foinsí:


”Ó Cadhlaigh 2013”: Ó Cadhlaigh, Cormac: Slí an Eolais agus Eagna an Ghaeil. Evertype, Cathair na Mart 2013

”Ó Conaire 1970”: Ó Conaire, Pádhraic Óg: Éan Cuideáin. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1970

”Ó Doibhlin 2006”: Ó Doibhlin, Breandán: Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil II. Litríocht le linn an Choncais, 1536-1616. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2006

"Ó Dubhda 2011": Seán a' Chasáin (= Ó Dubhda, Seán): An Mairtíneach le Seán a' Chasáin, Coiscéim, Baile Átha Cliath 2011

"Ó Fiannúsa 2008":  Ó Fiannúsa, Pádraig: Ghaibh a Leithéid an tSlí Tráth. Cló Chois Móire, Port Láirge 2008



"Sayers 1998": Peig, A Scéal Féin. Eagarthóirí: Máire Ní Mhainnín, Liam P. Ó Murchú. An Sagart, An Daingean 1998.

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...