Sunday, March 24, 2019

Cúpla Sliocht fá dtaobh de Phaavo Rintala (tuilleadh)

Ins an Fhionlainn d'áitigh a lán tráchtairí ón eite dheis gur leabhar bolscaireachta a bhí ins an tSiansa Cinniúna agus nach rabh i Rintala ach oirnéis i lámh na gCumannaithe Sóivéadacha. Bhí an t-údar féin míshásta leis na líomhaintí sin, nó ba é a léamh féin ar an scéal ná nach rabh sé ach ag inse scéalta na ngnáthdhaoiní ón taobh eile, mar a chuaigh an cogadh i bhfeidhm orthu siúd.

Ón taobh eile de níor cuireadh Rúisis ar an leabhar ariamh, amach ó na bloghanna a chuaigh i gcló ar an iris liteartha udaí Sever ("An Tuaisceart") i dtús na nóchaidí. Rinne an scríbhneoir cáiliúil cogaidh Konstantin Simonov iarracht a áitiú ar na foilsitheoirí oifigiúla Sóivéadacha an leabhar a aistriú go Rúisis ina iomláine. D'éiligh na foilsitheoirí Sóivéadacha ar Rintala, áfach, na tagairtí don chanablacht i Leningrad agus d'fhrith-Ghiúdachas na Sóivéadach a bhaint den leabhar. Cha dtug Rintala isteach do na héilimh, áfach, agus mar sin cha dtáinig an leabhar i gcló ins an Aontas Sóivéadach ach an oiread.

Is dóigh liom go dtearn mé tagairt ínteach cheana don tionchar mhór a bhí ag Norman Mailer ar Rintala. Mar sin ní díol iontais é ar aon nós gur bhreac Rintala síos leabhar fá dtaobh de chogadh Vítneam fosta, leabhar a tharraing go mór mór ar Why are we in Vietnam le Mailer. Ins an am sin bhí sé as pabhar faiseanta ins na Stáit Aontaithe a dhul a dh'agallamh na saighdiúirí a bhí ag pilleadh chun an bhaile ó Vítneam, na hagallaimh a chur in eagar agus a fhoilsiú faoi chlúdach leabhair. Bhí Fraincis ag Rintala, agus rinne sé staidéar ar na díolamaí litríochta ó Vítneam a bhí ar fáil go flúirseach ins an teangaidh sin. Mar sin d'fhoghlaim sé uraiceacht an chultúir Vítneamaigh cosúil le tuismeá na Síne, bliain an tairbh, bliain an chapaill agus araile, agus scríobh sé úrscéal fá dtaobh de Vítneam fosta, Romeo ja Julia härän vuonna - "Romeo agus Juliet i mbliain an tairbh". Chaith sé súil ínteach ar na foinsí a foilsíodh ins an Ghearmáin [scríobh mé "an Ghearmáin Thiar" ach is dócha gurb í an Ghearmáin Thoir a bhí i gceist - PPH sa bhliain 2019], ach níor bhain sé mórán leasa astu, ó bhí sé barúlach go rabh siad curtha ó mhaith ag an tseanmóiríocht Chumannach iontu. 

Cha rabh Rintala féin ina Chumannach ariamh i gciall cheart an fhocail, ach nuair a bhí sé ag obair ar an tsaothar áithrid seo bhí sé go mór faoi thionchar lucht an "Tríú Domhandais", is é sin scríbhneoirí iarchoilíneacha cosúil le Franz Fanon. Bhí Fanon agus a leithéidí claonta chun Cumannachais ar bhealach ar leith, is é sin dhearc siad ar bhochtáin an Tríú Domhain mar "phrólatáireacht dhomhanda", agus iad inbharúla nach prólatáireacht cheart a bhí i lucht oibre na dtíortha saibhre, gidh go rabh seoraí cainte an phrólatáireachais go minic ina mbéal siúd. Bhí aicme oibre an Iarthair i ndiaidh an réabhlóid dhomhanda a chaitheamh i dtraipisí mar chuspóir, ach ba iad prólatáirigh an domhain, muintir an Tríú Domhan, a bhainfeadh amach an ceann scríbe seo gan cead a iarraidh ar Bhiúró Polaitiúil an Pháirtí Chumannaigh Shóivéadaigh.


Bhí Rintala barúlach fosta, mar a deir Kai Ekholm [a scríobh an leabhar úd Paavo Rintala, dokumentaristi - PPH sa bhliain 2019] nach rabh i ndaonlathas an Iarthair i ndiaidh an iomláin ach cur i gcéill. Agus d'fhéadfá a rádh gur fhoghlaim sé an drochamhras seo ó na Cumannaigh, nó ó eite chlí a linne.

Ins an bhliain 1971 d'fhoilsigh Rintala an leabhar doiciméadach udaí Viapori 1906. Ba é ab ábhar don tsaothar áithrid seo ná ceannairc Viapori ins an bhliain 1906, mar a deir teideal an leabhair féin. Is é Viapori (Sualainnis: Sveaborg) an daingean mara i gceann de na hoileáin in aice le Heilsincí. Suomenlinna atá ar an daingean inniu. Tógadh ins an 18ú haois é mar sciath chosanta a choinneochadh na Rúisigh amuigh, ach íorónta go leor nuair a phléasc Cogadh na Fionlainne amach eadar an tSualainn agus an Rúis ins an bhliain 1808, ghéill ceannasaí an daingin, Carl Olof Cronstedt, do na Rúisigh é gan mhórán troda a chur ar a shon. De thoradh an chogaidh sin shealbhaigh Impireacht na Rúise an Fhionlainn, agus rinne na Rúisigh a gcuid féin de Viapori, mar bhunáit chabhlaigh. I ndeireadh Mhí Iúil 1906 d'éirigh mairnéalaigh na bunáite amach faoi cheannas cúpla oifigeach agus le cuidiú áithrid ó Shóisialaigh Fhionlannacha.

Ba é ba spreagadh don leabhar a bhreac Rintala síos fá dtaobh den cheannairc seo ná an scannán a rinne Fionlannaigh agus Sóivéadaigh roimhe sin inar cardáladh na himeachtaí céadna. Ghlac Rintala páirt ins an scannánú agus é ag obair ina thaighdeoir agus ina scriptscríbhneoir. Mar a d'iompaigh an scéal amach ní rabh mórán maithe ins an scannán, agus ba é ba chúis leis ná nach rabh Rintala in ann treabhadh leis an stiúrthóir Shóivéadach. Barrúil go leor ba é an locht ba mhó a fuair Rintala ar an fhoireann Shóivéadach ná go rabh a ndearcadh siúd ar na himeachtaí "róchosúil le Hollywood", is é sin ró-éadrom: beirt oifigeach óga ag teacht go Viapori agus iad ag canadh amhrán, ag damhsa agus ag tarraingt réabhlóide. Cha rabh na Sóivéadaigh sásta aird ar bith a thabhairt ar an chúlra shóisialta, ar chruachás na mairnéalach, mar spreagadh don mheon réabhlóideach, - ba é sin barúil Rintala, dar le hEkholm. Cha rabh Rintala agus Sergey Kolosov, an stiúrthóir Rúiseach, in ann teacht le chéile fá dtaobh de rud ar bith. Mar sin nuair a d'fhoilsigh Rintala a leabhar féin fá dtaobh den cheannairc seo, iarracht a bhí ann an taobh den tseith a thaispeáint nach rabh Kolosov sásta a iompó le lucht féachana an scannáin.

[---]

[An leabhar Lakko, "An Stailc", a foilsíodh sa bhliain 1956]

An stailc a bhí faoi chaibidil ins an úrscéal Lakko, thit sí amach in Kemi ins an bhliain 1949. Anois tá sé tábhachtach cúpla focal a rádh i dtaobh shaol polaitiúil na Fionlainne ins an am. Thoisigh ré an neamhspleáchais ins an Fhionlainn le cogadh fuilteach cathartha ins an bhliain 1918. Ar aon taobh amháin a bhí na Sóisialaigh - na Dearga - agus ar an taobh eile a bhí na buirgéisigh, nó na Bána. Fuair na Bána cuid mhór tacaíochta ó mhuintir na tuaithe - ó na scológa bochta. Cibé scéal é bhris na Bána an cath ar na Dearga, agus d'imir na buaiteoirí an-díoltas ar na cailliúnaithe. Cuireadh cuid mhór de na Dearga chun báis, agus stiúg tuilleadh acu le hocras ins na campaí géibhinn i ndiaidh an chogaidh. D'fhág an cogadh seo goimh fhrithir ag déanamh ábhair ina lán croíthe ins an Fhionlainn, agus is é an t-ainm a bhí ar an ábhar sin ná Cumannachas. Mar sin, gidh go rabh an Fhionlainn i ndiaidh cogadh fada fuilteach a chur ag iarraidh na trúpaí Sóivéadacha a chur ó dhoras, bhí a lán lucht oibre ann agus iad ag tacú leis an Chumannachas óna gcroí amach, ó mhair an fonn díoltais orthu ó laetha an chogaidh chathartha.

Bhí taithí áithrid ag Rintala ar shaol an lucht oibre, nó nuair a bhí sé óg, chaith sé seal ag obair ina measc agus tharraing sé ar na cuimhní cinn seo nuair a bhí sé ag cur síos ar na hoibrithe in Kemi. Ba mhór eadar Kemi agus Raksila, an ceantar in Oulu ina bhfuair Rintala a chéad aithne ar phrólatáireacht na Fionlainne. Le fírinne is doiligh a rádh an rabh ainm na "prólatáireachta" tuillte i gceart ag lucht oibre Raksila. An chuid ba mhó de bhunadh Raksila bhí siad ag obair do chomhlacht iarnróid an Stáit, rud a chiallaigh, faoi imthoscaí na linne, nach rabh eagla orthu roimh an dífhostaíocht ná cúis eagla acu, nó go háithrid i mblianta an chogaidh ba eochairdhream iad na hoibrithe iarnróid agus an Stát ag déanamh a dhichill lena ngiúmaráil.

Mar a chuir sé síos ar an lucht oibre, thug Rintala le fios nach rabh an aicme seo féin díreach cosúil leis an idéalú a rinneadh uirthi i mbolscaireacht na heite clí. B'áil leis fosta a thaispeáint nach mb'ionann gluaiseacht an lucht oibre agus na Cumannaigh a bhí díleas go héag do Mhoscó, gidh go mba iad an darna dream a bhí i lár an aonaigh i meáin na linne. Ba é dearcadh Rintala ar an Chumannachas go rabh sé iontach cosúil leis an Laestaidiachas, an ghluaiseacht athbheochana creidimh a d'fhág a sliocht ar Thuaisceart na Fionlainne go léir. Ba reiligiún é an Cumannachas agus ba reiligiún é an Laestaidiachas, agus an dá chuid bunaithe ar sheoraí mórluachacha ardnósacha cainte.

Bhí Rintala go mór faoi thionchar John Dos Passos agus William Faulkner nuair a bhreac sé síos an leabhar Lakko, nó bhí sé barúlach go rabh an bheirt sin in ann cur síos gan idéalú a thabhairt ar an lucht oibre.

Is é an chiall a baineadh as an leabhar gur ionsaí fíochmhar ar na Cumannaigh a bhí ann, rud nach rabh súil ná coinne ag Rintala leis. Ar ndóighe bhí ábhar á chardáil aige nár thaitin leis na Cumannaigh: achrann inmheánach i ngluaiseacht na gceardchumann eadar na Cumannaigh agus na Daonlathaigh Shóisialta. 

Bhí an scríbhneoir ag iarraidh a dhearcadh féin ar an lucht oibre, a bhaint agus a chaidreamh féin leis an aicme sin, a chur in iúl i gcarachtar agus i bpearsantacht an laoich, Kalle Perkiö. Fear óg éirimiúil atá in Kalle, agus é eadar dhá thinidh Bhealtaine ag féacháil le háit cheart a fháil dó féin ins an tsaol. Ó thaobh amháin de is dóigh le Kalle Perkiö go bhfuil sé á thachtadh ag cnuasmheon frithindibhidiúil an lucht oibre. Ón taobh eile de is léir dó nach bhfuil cead isteach aige i saol na "ndaoiní uaisle" ná na meánaicme féin, ós rud é go bhfuil cuid mhór d'eisiatacht na buirgéiseachta is na "huaisleachta airgid" ag roinnt le meánaicme na linne. Bíonn Perkiö ag baint a shuilt as a "fhealsúnacht" féin agus é ag dréim le gairm an ealaíontóra mar ghléas beatha a chuirfeadh ar a chumas na teorainneacha righne eadar na haicmí a shárú, a thrasnú is a tharchéimniú.

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...