Saturday, March 23, 2019

Cúpla Sliocht fá dtaobh de Phaavo Rintala, an scríbhneoir Fionlannach, ó mo thréimhse Ultachais

Chan fhuil mé féin comh heolach ar shaothar dhoiciméadach Phaavo Rintala agus ba chóir domh ach, ar ámharaí an tsaoil, bhí a fhios agam go rabh monagraf scríofa ag Kai Ekholm ar an taobh seo den údar agus, mar sin, tharraing mé ar an tobar bheannaithe seo agus mé ar lorg tuilleadh faisnéise.

Nuair a chardáil Paavo Rintala cúrsaí an chogaidh, bhí sé go mór mór faoi thionchar Lev Tolstoy. Bhunaigh Tolstoy a mhór-úrscéal, "An Cogadh agus an tSíocháin", ar an smaoitiú gurb iad na sluaite síoraí inneall gluaiste na staire, rud atá le haithne ar an chur síos a thug sé ar na cathanna: cha rabh a fhios ag aon duine de na hoifigigh arda cad é a bhí ar obair i bpáirc an áir, agus ba ar chrann na ngnáthshaighdiúirí a thit sé buaidh a bhreith ar an namhaid de réir na tuigse ab fhearr a rabh acu.


Gidh go rabh meas mór ag Rintala ar smaoiteoireacht Tolstoy bhí sé eadar eatarthu i dtaobh an tsíochánachais ag an scríbhneoir mhór. Cibé fá dtaobh den lochtú a rinne Rintala ar Chogadh na Leanstana - an cogadh ins na bliantaibh 1941-1944, nuair a bhí an Fhionlainn ag treisiú le hiarracht Hitler an tAontas Sóivéadach a chloí - bhí sé barúlach agus bhí sé dianbharúlach gur cogadh cóir ceart a bhí i gceist le Cogadh an Gheimhridh ins na bliantaibh 1939-1940, nuair a bhí an Fhionlainn ina haonar ag cosaint a saoirseachta ar na trúpaí Sóivéadacha. Bhí iarsmaí Chogadh an Gheimhridh le feiceáilt ina thimpeall ag Rintala i gcónaí, go háithrid na seansaighdiúirí ar fhág an cogadh ciothram orthu. An mbeadh sé ceart síochánachas saonta sóntach agus dí-armáil aontaobhach a chraobhscaoileadh agus locht moráltachta a fháil ar na seansaighdiúirí céadna, a d'fhiafraigh Rintala de féin. Ins an bhliain 1981, agus é ag tuirsiú de ghluaiseacht na síochána, bhí de chlaonadh ins an scríbhneoir a shílstint go rabh an ghluaiseacht sin ag déanamh dochair dá cuspóir féin, is é sin nach rabh sí ach ag spreagadh frithghnímh lena sóntacht.


Maidir leis na húdair Rúiseacha chuaigh Fedor Dostoyevsky i bhfeidhm ar Rintala fosta, go háithrid ar an tsúil a chaitheadh an scríbhneoir Fionlannach ar anam agus ar intinn a chuid laochra. Ins an am chéadna áfach bhí Rintala in ann laigí Dostoyevsky a aithne. Bhí sé inbharúla gur réamhtheachtaire do Friedrich Nietzsche agus, fiú, don Naitsíochas a bhí ann. Caithfidh mé a aidmheáil go rabh cuid ínteacht den cheart ag mo dhuine ar a laghad, nó mar shampla ba é Dostoyevsky an t-údar ab fhearr le Joseph Goebbels.


Thaitin Herman Melville le Rintala go mór mór. Prós fearúil filiúnta a bhí i saothar Mhelville dar le Rintala, agus is dócha gur spreag réamhshampla Mhelville é i dtreo scéalaíocht an chanbháis leathain fosta.


Leabhar tábhachtach a bhí i L'Étrangere le hAlbert Camus do Rintala. D'fhoghlaim sé an dearcadh ó Chamus gur gléas í an litríocht a chuireas ar chumas na nglúnta cumarsáid is caidreamh a choinneáil le chéile. Le fírinne seo é an dearcadh atá agam féin agus a spreag chun pinn ins an Ghaeilge an chéad uair ariamh mé. Char léigh mé líne ná leathfhocal le hAlbert Camus ach in aois na tríocha bliain domh, agus mar sin creidim gurb ó Rintala a fuair mé féin an smaoitiú seo: is é sin gurb é príomhfhiúntas na litríochta Gaeilge an dóigh a gcuireann sí ar chumas na nGael meon agus intinn a gcuid réamhtheachtairí a thuigbheáilt. An cur chuige coimeádach a chleachtaim féin i gcúrsaí stíle agus gramadaí is dócha go bhfuil sé bunaithe ar an smaoiteachas seo comh maith.


Ainm eile is fiú a lua - Yrjö Kallinen. Ainm é nach gcuala mórán ins an Fhionlainn féin le fada, ach mar sin féin fear as an ghnáth a bhí ann. Bhí sé ina hipí i bhfad roimh na seascaidí, mar a déarfá. Ghlac sé páirt i gcogadh cathartha na Fionlainne ins an bhliain 1918, nuair a bhí sé dhá bhliain déag is fiche d'aois, agus daoradh chun báis i ndiaidh an chogaidh sin é, cosúil lena lán Gardaí Dearga eile. Char cuireadh an pionós i ngníomh ariamh, áfach, agus mar a d'iompaigh na cúrsaí amach bhí sé deich mbliana is ceithre scór d'aois nuair a d'fhág sé slán is beannacht ag an tsaol seo faoi dheireadh. Saor cloiche a bhí ann nár fhreastail ar scoil, ach mar sin féin rinn sé staidéar ar chraobhacha éagsúla léinn agus d'fhoghlaim sé sraith teangacha. Gidh go dteachaigh sé le síochánachas chaith sé seal ina Aire Cosanta go gairid i ndiaidh an Darna Cogadh Domhanda. Má deirim go rabh sé ina hipí roimh lá na hipithe, is éard is brí leis sin ná go raibh suim aige i reiligiúin an Chian-Oirthir i bhfad sula dteachaigh siad i bhfaisiún i dtíortha an Iarthair.


Faoi thionchar Kallinen a chuaigh Rintala ar lorg smaoiteoirí ar nós an Mháistir Eckhart (fealsamh misteach meánaoiseach ón Ghearmáin), Henri Bergson, agus C.G.Jung. Chum Rintala an t-úrscéal udaí Sissiluutnantti (tá aistriúchán Béarla ann, The Long Distance Patrol) i dtuilleamaí Jung, nó ba mhian leis coincheap na deamhantachta ag Jung a léiriú i bpríomhcharachtar an úrscéil. Níos deireanaí, áfach, chaith Rintala saothar Jung ins an truflais, agus é ag cur síos don fhealsamh nach rabh ann ach oidhre bocht ar Dostoyevsky.


Luaigh Ekholm Stephen Crane fosta - údar an Red Badge of Courage, úrscéal tábhachtach fá dtaobh de Chogadh Chathartha na Stát Aontaithe. Go bhfios domh char cuireadh Fionlainnis ar an leabhar sin ariamh - le fírinne cha rabh a fhios beo agam féin a leathbhreac de leabhar a bheith ann sular thagair mo chailín [inniu, mo bhean chéile] don úrscéal sin agus sinn ag labhairt fá dtaobh den litríocht go gairid i ndiaidh ár gcéad choinne. Chuaigh an t-úrscéal seo go mór i gcion ar Rintala, ó thug sé cur síos síceolaíoch, impriseanach ar chogadh chathartha na Stát.


Chan fhuil anseo ach cuid de na scríbhneoirí a rabh tionchar acu ar Rintala dar le hEkholm, ach is dócha go dtugann na deismireachtaí seo féin le fios an cineál oibre a bhí eadar lámhaibh ag Rintala - scríbhneoireacht shíceolaíoch, caitheamh na súile ar intinn an laoich.


I gcúrsaí staire chuir Rintala suim mhór i scríbhinní Charles Leonard Lundin fá dtaobh de ról na Fionlainne ins an Darna Cogadh Domhanda. Ollamh Meiriceánach a bhí i Lundin agus é ag léachtóireacht in Ollscoil Indiana, agus mar a deir Google fuair sé bás faoi dheireadh na nóchaidí. Tá cuma na Sualainnise ar an tsloinneadh sin Lundin, agus is dócha go rabh gaolta ag mo dhuine ins an Fhionlainn. Cibé scéal é, fuair Lundin locht ar "theoiric an adhmad farraige", agus mar sin d'fhear glúin óg cheannairceach an chultúir Fhionlannaigh an-fháilte roimh a chuid saothair.


Is éard a bhí i gceist le "teoiric an adhmad farraige" ná iarracht an staraí Arvi Korhonen a bheag a dhéanamh den pháirt a ghlac muid in Oibríocht Barbarossa, nó ionsaí na Gearmáine ar an Aontas Sóivéadach ins an bhliain 1941. D'fhéach Korhonen lena thaispeáint nach rabh ins an Fhionlainn ach "adhmad farraige" a bhfuair fórsaí dostiúrtha na staire domhanda greim air, ar dhóigh is nach rabh le déanamh againn ach taobhú leis an Ghearmáin. Bhí Lundin inbharúla nach raibh ins an adhmad farraige ach iarracht leis heasaontas a chur ó dhoras [?], agus é féin bhí sé claonta i dtaobh an "fhreasúra síochána" agus an "tseisir". Agus anois dealraíonn sé go bhfuil míniúchán ínteacht de dhíth.


Feisirí Daonlathacha Sóisialta a bhí ins an "tseisear", agus ba é Karl Harald Wiik an fear ba chliúití acu. Go bunúsach ba feisirí ó eite chlí an pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta iad, agus iad míshásta leis an fhaomhadh a thug a bpáirtí féin do chomhoibriú na Fionlainne leis an Ghearmáin Naitsíoch. Nuair a thoisigh Oibríocht Barbarossa, bhí an Seisear i dtóin an phríosúin, agus gidh nach rabh an páirtí róshásta leis an chimiú seo, cha rabh mórán le déanamh ach fá dtaobh de.


Bheirthear an Freasúra Síochána, aríst, ar na polaiteoirí buirgéiseacha a bhí ag éileamh, ón bhliain 1943 i leith, go socrófaí conradh síochána leis an Aontas Sóivéadach, beag beann ar an Ghearmáin. I dtosach báire cha rabh ach club liobrálach de mhic léinn a rabh Sualainnis ó dhúchas acu ag plé leis an chineál seo smaoitíocha, ach in imeacht ama fuair siad tacaíocht óna lán polaiteoirí, Urho Kekkonen ina measc.


Bhí an-tionchar ag Lundin ar Phaavo Rintala ins na seascaidío. Scríbhneoirí eile a rabh suim acu i saothar Lundin ins an am a bhí i bPaavo Haavikko agus Veijo Meri, agus iad ina n-intleachtóirí óga nua-aoiseacha ins na caogaidí. Ba é a phrós a thabhaigh a chliú do Mheri. Scríobhadh Haavikko filíocht, ach thairis sin ba staraí amaitéarach é a rabh a shúil féin ar stair na Fionlainne agus a bharúil féin d'imeachtaí na staire aige. I ndiaidh na seascaidí áfach d'fhuaraigh Rintala i dtaobh Lundin beagáinín, agus é ag rádh go rabh seisean agus na scríbhneoirí eile, roimhe sin, ag adhradh Lundin thar a cheart, gan locht ar bith a fháil ar an Mheiriceánach.


Cibé scéal é bhí Rintala ar aon fhocal le Lundin nach rabh lucht ceannais na Fionlainne i mbliantaibh an chogaidh ábalta a thuigbheáilt comh lag is a bhí arm na Fionlainne ó thaobh an trealaimh de, ná comh láidir is a bhí na trúpaí Sóivéadacha. Thairis sin d'aontaigh Paavo Rintala le Lundin fá dtaobh de comh lag is a bhí Líne Mhannerheim, an líne chosanta in Oirthear na Fionlainne, rud nár thuig lucht ceannais an Airm i mbliantaibh an chogaidh dar leis an bheirt acu.


(---)



Ins an bhliain 1966 a d'fhoilsigh Rintala Sotilaiden äänet, nó Glórtha na Saighdiúirí. Bhí an leabhar seo bunaithe ar chuimhní cinn na saighdiúirí i gcartlann na dtaifeadtaí ag comhlacht náisiúnta craolacháin na Fionlainne, nó thug an comhlacht ar Rintala an t-ábhar fuaime seo a iompó ina leabhar. Bhí taithí cogaidh ann ó trí chéad saighdiúir, agus iad an-éagsúil ó thaobh na céimíochta agus an chineál trúpaí a rabh baint acu leofa. Bhí eadar ghnáthshaighdiúirí agus oifigigh ann.


Bhí Rintala dírithe ar a chruthú nár thit an drioll ar an dreall ag na saighdiúirí nuair a d'éirigh leis na Rúisigh briseadh fríd na línte cosanta ag Beloostrov ar an 9ú agus an 10ú lá de Mheitheamh 1944, ach gur cúlú ciallmhar faoi ordú is faoi inneall a bhí ann. Is é an bharúil a bhí ag an Ghinearál Karl Lennart Oesch mar shampla go bhféadfadh líne chosainta na bhFionlannach an fód a sheasamh in aghaidh na Sóivéadach. Cha rabh Rintala ar aon fhocal le hOesch, áfach, nó ba é a léamh féin go raibh na Rúisigh i ndiaidh an oiread sin saighdiúirí a chomhchruinniú ag Beloostrov is nach rabh na Fionlannaigh in ann acu ar aon nós, agus go rabh na gnáthshaighdiúirí ag teitheadh lena n-anam cionn is go rabh siad i ndiaidh breith cheart a thabhairt ar na himthoscaí.


Nuair a tháinig Sotilaiden äänet ar an mhargadh, saothar liteartha gan réamhshampla a bhí ann, ins an Fhionlainn ar a laghad. Tá sé sábháilte a rádh go rabh Rintala ina cheannródaí ag iarraidh teicníochtaí na húrscéalaíochta doiciméadaí a thabhairt isteach i litríocht na Fionlainne agus mar a thuigim is beag scríbhneoir a lean é. Deirtear go mbíonn na teiciníochtaí céadna in úsáid ag Sofi Oksanen, an scríbhneoir Fionlannach de phór na hEastóine a d'fhoilsigh drámaí agus úrscéalta fá dtaobh de via dolorosa na nEastónach faoi bhráca an stáit Shóivéadaigh. Ar mhí-ámharaí an tsaoil chan fhuil a dhath le hOksanen léite agam, agus mar sin cha dtig liom a cuid saothar a chur i gcomparáid lena bhfuil scríofa ag Rintala.


Ins an bhliain 1967 d'fhoilsigh Rintala saothar doiciméadach úr fá dtaobh den Darna Cogadh Domhanda mar ab aithin don ghnáthshaighdiúir Fhionlannach é - Sodan ja rauhan äänet, is é sin Glórtha an Chogaidh agus na Síochána. Is éard is ábhar don leabhar seo ná na cathanna i ndeireadh Chogadh na Leanstana, nuair a bhí na fórsaí Fionlannacha in ann caol, caoi agus inneall catha a chur orthu féin nuair a bhí siad i ndiaidh cúlú a dhéanamh roimh na Rúisigh. I mbreis air sin áfach thug Rintala cur síos ar chás na n-iarshaighdiúirí i sochaí a linne féin, ins an bhliain 1967. Cuid mhaith de na fir a bhí faoi agallamh aige bhí siad dífhostaithe ins an am, agus iad i gcruachás go háithrid nuair a bhí fuacht an gheimhridh ag cúngú orthu. Na fir seo a shábháil an tir in am an ghátair, a d'áitigh Rintala - agus féach comh gann is a thál an tír a buíochas orthu. - Rinneadh dráma den leabhar seo fosta, agus chuaigh sé ar stáitse ar Lá Caille na bliana 1967.


Ins an bhliain 1969 a d'fhoilsigh Rintala an chéad leabhar eile a bhí bunaithe ar ábhar dhoiciméadach ó shaighdiúirí aonair. An turas seo áfach bhí sé ag tabhairt tuairisce ar eachtraí na saighdiúirí Gearmánacha i dTuaisceart na Fionlainne. Is é an breithiúnas coitianta a bíos ag na Fionlannaigh ar an chuidiú a fuarthas ó na Gearmánaigh i dtuaisceart na tíre ná nach rabh a gcuid iarrachtaí thar moladh beirte. Is é an fuadar ba mhó a bhí fúthu ná an bóthar iarainn ó Leningrad/Cathair Pheadair go Murmansk a bhriseadh.


Cuan chois na Mara Arctaí é Murmansk, agus cuan straitéiseach a bhí ann, nó nuair a thoiligh na Meiriceánaigh trealamh cogaidh a sholáthar do na Rúisigh de réir an Achta Léas-Iasachta, bhí cuid mhaith den trealamh chéadna ag goil go Murmansk, rud atá le léamh, mar shampla, ar an úrscéal sceitimíní le hAlistair MacLean HMS UlyssesBa é port na bolscaireachta Cumannaí ná nach rabh na Meiriceánaigh sásta ach drochthrealamh a thabhairt do na Sóivéadaigh, ach nuair a tháinig deireadh leis an aoireacht pholaitiúil ins an Rúis, chualathas port eile ar fad ó na seansaighdiúirí ins an tír. Bhí sé ina dheilín ag na bolscairí ar feadh na mbliantach fada ná nach rabh maith ar bith ins na heitleáin chogaidh den déanamh Bell Airacobra a tugadh do na Sóivéadaigh. Dealraíonn sé gur fíor nach rabh siad fóirsteanach don chogadh mara a bhí na Meiriceánaigh a chur ar na Seapánaigh, ach bhí na Rúisigh buíoch beannachtach as na "hAerchobraí", ó chruthaigh siad thar barr ar fad faoi imthoscaí an chathéadain thoir. Bhí na heitleoirí Sóivéadacha an-dóite dá gcuid "Cobraí". Is cuimhneach liom leathanach gréasáin amháin: bhí duine de na seaneitleoirí faoi agallamh ansin, agus Rúisis bhreá nádúrtha na cosmhuintire á labhairt aige. Nuair a thug sé a chur síos féin ar an Aerchobra, cha rabh sé spárálach ar an mholadh a fuair an t-eitleán agus an "Meiriceánach cliste" a dhear í uaidh. Ba léir gur fear ceirde a bhí ann agus é ábalta acra mhaith oibre a aithne nuair a chonaic sé í, agus d'aithneofá ar a chuid focal fosta an dóigh a dteachaidh an t-eitleán seo i bhfeidhm air i dtús: gur togha meaisín a bhí ann a cheadóchadh dá thír an cogadh a bhuachan. Le fírinne seo peaca eole dá dtearn an Cumannachas: buíoch beannachtach is uile mar a bhí na gnáth-Rúisigh de Mheiriceá as an chuidiú a fuair siad i mblianta an chogaidh rinne coimiseáir pholaitiúla Stailín spior spear den bhuíochas sin i ndiaidh an chogaidh, agus mar is eol dúinn chuaigh sléacht orthu siúd a rabh de mhisneach iontu canúint a chur ar an bhuíochas sin. 


Ach cromaimis ar ais ar Rintala anois. Is é an scéal a d'inis sé ins an leabhar udaí Napapiirin äänet ná scéal saighdiúra darbh ainm Paul a ghlac páirt in iarrachtaí na bhfórsaí Gearmánacha an bóthar iarainn ó Mhurmansk a bhriseadh. Thairis sin tá cuid mhaith ábhair ann a bhaineans le lá scríofa an leabhair. Ins an aguisín d'fhoilsigh Rintala a lán "athlíricí" greannmhara nó tarcaisneacha a chum na saighdiúirí Gearmánacha don amhrán chliúiteach udaí Lili Marleen, amhrán a bhí á chanadh ag na saighdiúirí i ngach aon arm i mbliantaibh an Darna Cogadh Domhanda, gidh gur amhrán Gearmánach a bhí ann ar tús.

Ins an bhliain 1967 chum Rintala a dhráma doiciméadach Amerikkalainen passio - níor cuireadh an dráma i gcló ariamh, go bhfios domh. Is é is ábhar don dráma seo ná an t-aon saighdiúir Meiriceánach amháin a cuireadh chun báis ins na Stáit Aontaithe mar thréigtheoir airm i rith an Darna Cogadh Domhanda, mar atá, Eddie Slovik. Leis an tsaothar seo bhí Rintala ag iarraidh aithris a dhéanamh ar amharclannaíocht dhoiciméadach chomhaimseartha na Gearmáine, cosúil le saothar Heiner Kipphardt, Peter Weiss nó Rolf Hochhuth. Ins an am sin bhí Kipphardt i ndiaidh In der Sache J. Robert Oppenheimer a fhoilsiú cheana féin, agus bhí Der Stellvertreter le Rolf Hochhuth i mbéal an phobail ins an bhliain 1963 - dráma a chaith súil ar chaidreamh na hEaglaise Caitlicí leis an Ghearmáin nuair a bhí an t-éag mór ag siúl ar na Giúdaigh ins na campaí báis.

Ins an bhliain 1968 tháinig Leningradin kohtalosinfonia i gcló. Caithfidh mé a aidmheáil gurb é an ceann seo an t-aon saothar doiciméadach amháin le Rintala a léigh mé féin [sular chrom mé ar na nótaí seo a bhreacadh síos as Gaeilge] - ar ndóighe tá St. Petersburgin salakuljetus ann, ach tá níos mó den "fhíricsean" ná den doiciméadachas ann, mar a d'úirt Ekholm féin. Cibé fá dtaobh de sin is é léigear Leningrad is ábhar don "tSiansa Cinniúna" seo. Is éard ab áil le Rintala a dhéanamh ná cuimhní cinn mhuintir Leningrad ó laetha an léigir a chur i míotar, gan a chloigeann a bhuaireamh leis an staraíocht. 

Nuair a d'fhoilsigh Rintala an leabhar seo, d'úirt na meáin Fionlainnise ná go mba é sin an chéad leabhar cuimsitheach fá dtaobh den léigear sin a scríobhadh ariamh. Cha rabh iomlán an chirt acu, nó bhí leabhar staire le Sasanach ínteach i gcló roimhe sin féin, ach is dócha gurb é an chéad chur síos doiciméadach ar thaithí mhuintir na cathrach é. Char foilsíodh leabhar cosúil ins an Aontas Sóivéadach féin ach deich mbliana ina dhiaidh sin - Blokadnaya kniga ("Leabhar an Léigir"). [Dealraíonn sé go bhfuil níos mó ná aon aistriúchán Béarla amháin ann: Leningrad under Siege agus The Book of the Blockade.] Ba iad Daniil Granin agus Ales Adamovich a scríobh an saothar sin. Chan fhuil mé ró-eolach ar Ghranin [nó cha rabh, nuair a scríobh mé na nótaí seo!], ach tá a fhios agam go rabh Adamovich ina threallchogaí sa Bhealarúis, nó i ndiaidh an leabhair sin scríobh sé an script don scannán udaí Idi i smotri ("Tar go bhfeice tú"), scannán fá dtaobh de chinniúint na mBealarúiseach le linn an chogaidh. 

Fuair Rintala cead a chuid agallamh féin a dhéanamh, ach ar ndóighe bhí an rúnseirbhís, Coiste Slándála an Stáit [is é sin an KGB], ag coinneáil súile air. Ba é Rudolf Sykiäinen a d'ionchollaigh an tsúil sin ina phearsa - Fionlannach eitneach ón Aontas Sóivéadach a bhí ann, agus é ag obair ina iriseoir ins an Fhionlainn. Go hoifigiúil, ba í an nuachtghníomhaireacht udaí APN (níos déanaí, RIA-Novosti) a d'íocadh a pháighe le Sykiäinen, ach is iomaí Fionlannach a chreid ins an am agus a chreideas i gcónaí gur spiaire de chuid an KGB a bhí ann i ndáiríribh.

Dhiúltaigh Sykiäinen do na ráflaí seo ina chuimhní cinn, ach is doiligh mórán creidiúna a thabhairt dá shéanadh. Ar ndóighe tá sé incheaptha nach gníomhaire de chuid na státslándála a bhí ann ach diabhal bocht a bhí ag cabhrú le lucht na rúnseirbhíse ó nach rabh an darna suí ins an bhuaile aige, ach cibé fá dtaobh de sin bhí sé ina bhall de Pháirtí uilechumhachtach Chumannach an Aontais Shóivéadaigh, agus é ina aoire pholaitiúil ag Rintala.

Fear de chineál eile ar fad a bhí in Efim Etkind, áfach. Seanchara le Rintala a bhí ann, ollamh, fear léinn agus taighdeoir litríochta a rabh an chuid ba mhó dle radh d'easaontóirí polaitiúla an Aontais Shóivéadaigh faoi chomaoin aige as an chuidiú a fuair siad uaidh. Is é an t-éacht ba mhó a rinne Etkind áfach ná gur choinnigh sé lámhscríbhinn an úrscéil udaí Zhizn' i sud'ba ("An Saol agus an Chinniúint") i dtaisce nuair a fuair an t-údar féin Vasilii Grossman bás. Úrscéal fá dtaobh de chath Stalingrad atá ann go bunúsach ach thairis sin tá cur síos ann ar chinniúint na nGiúdach ins an Uileloscadh comh maith le comparáid an Naitsíochais leis an Stailíneachas - agus ba é an rud deireanach seo a chaill an leabhar agus an scríbhneoir. Chuaigh an lámhscríbhinn le thine i bhfoirnéis an KGB, agus d'úirt fear na ceastóireachta le Grossman nach bhféadfaí a úrscéal a fhoilsiú ins an Rúis go ceann na gcéadta bliain. Cailleadh an leagan críochnaithe, mar sin, ach d'éirigh le hEfim Etkind an darna rud ab fhearr a chur i gcrích, nó chuir sé leagan iomlán in eagar as an dá lámhscríbhinn uireasacha a bhí ar fáil dó, agus d'fhéach sé chuige gur foilsíodh an ceann seo ar an choigríoch. Maidir leis an Rúis féin, tháinig an t-úrscéal i gcló ansin ins an bhliain 1989. Bhí an t-údar ag iompar na bhfód le cúig bliana fichead cheana, ach ar a laghad fuair na Rúisigh an chéad radharc ar a leabhar i bhfad ní ba luaithe ná mar a shíl fear an KGB. (ar lean) 

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...