Io
an
ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d'Iúpatar, agus is minic a
thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí
(cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh
slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile
taobh istigh ag na fórsaí taoide,
is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh
ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar
aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na
bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a
fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an
tsulfair.
Tá
Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s'againn, agus í ar an dara
ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus
níos lú ná Ganymede agus Callisto.
Lárainciam
– Is é an lárainciam dúil uimhir a 103, agus is é an giorrúchán
a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Lr.
Fuair
sé a ainm ó Ernest Orlando Lawrence (an
t-eolaí a chéadcheap an cioglatrón),
agus glactar leis go bhfuil sé cosúil leis an lúitéitiam, an dúil
atá os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl, ó
thaobh na ceimice de:
is é an lúitéitiam an ceann is troime de na lantanóidigh, agus is
é an lárainciam
an ceann is troime de na hachtanóidigh. Sin
a bhfuil le rá i dtaobh an lárainciam i ndáiríre, nó is dúil
éagobhsaí radaighníomhach é,
agus is
beag úsáid
phraiticiúil a
thig
a bhaint as.
An t-iseatóp is cobhsaí atá aige is é lárainciam a 266 é, agus
é aon
uair déag ar leathré.
Leaptón
a thugtar ar bhuncháithnín
éadrom, cosúil leis an leictreon. Ní
féidir leis na leaptóin páirt a ghlacadh san idirghníomhú láidir
(is é an t-idirghníomhú láidir is cúis leis an bhfórsa a
choinníos núicléas an adaimh le chéile). Ba
é an leictreon an chéad leaptón a haithníodh. Leaptón eile é an
múón, agus é i bhfad níos troime ná an leictreon, cé nach
bhfuil sé chomh trom leis na baróin.
Léaráid
Hertzsprung-Russell a
thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí
i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é
sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na
haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar
Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d'fhorbair í
tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b'as na
Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí,
na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a
aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá
réasúnta scartha ó chéile.
Línte
Fraunhofer a
thugtar ar na línte dubha a d'aithin agus a mhapáil an t-optaiceoir
Gearmánach Joseph Fraunhofer ar speictream na Gréine ón mbliain
1814 ar aghaidh. (Breis
is deich mbliana roimhe sin, chuir an fisiceoir Sasanach William Hyde
Wollaston sonrú sna línte mar rud, ach ní dhearna sé miontaighde
orthu mar a rinne Fraunhofer.) Mar
a tuigeadh do Gustav Kirchhoff agus Robert Bunsen leathchéad bliain
ina dhiaidh sin, tá na línte seo suite in aon áit ar scála na
dtonnfhad nó na minicíochtaí agus línte ionsúcháin a lán dúl
ceimiceach coitianta, agus mar sin is é is cúis leis na línte seo
ná go bhfuil solas na Gréine ag dul trí atmaisféar na Gréine
agus an Domhain ina bhfuil na dúile seo ar fáil.
Litiam
a
thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li
an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i
núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i
dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 aonad
ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht,
nó 7Li,
an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li,
sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha
sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh
timpeall ar a
cúig sna heiseamail
nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan
adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.
Is
í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1.
Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán
(níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an
sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a
thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+,
a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin,
cosúil leis na miotail alcaileacha
eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam.
Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.
Níl
an litiam ach 0.53 g/cm3
ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh
dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is
go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar
dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn
an imoibriúcháin.
Is
gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a
chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le
hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin
áfach tá an litiam ábalta
imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid
litiam Li3N
a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i
gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin. Is
féidir nítrid sóidiam le
struchtúr cosúil (Na3N)
a tháirgeadh,
ach is comhdhúil iontach éagobhsaí í a
thitfeas as a chéile ar an toirt agus nach bhfuil inti go bunúsach
ach éacht saotharlainne gan tábhacht phraiticiúil
ar bith.
Is
é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina
chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach.
Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é
sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.
Livearmóiriam
atá againn ar dhúil uimhir a
116, agus is é Lv an
tsiombail cheimiceach. Dúil
radaighníomhach é agus níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil
aige ach 57 milleasoicind ar
leathré. Mar sin, is dócha nach bhfaighidh na heolaithe amach mórán
faoi airíonna ceimiceacha na dúile seo choíche. Fuair an dúil a
hainm ó Livermore i gCalifornia, áit a bhfuil saotharlann
thábhachtach fisice núicléiche.
An
Mhaighdean
– Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í
le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé,
an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an
réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad
Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta
Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán
réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo
chomh maith.
Mangainéis
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 25. Ceann de na miotail
trasdultacha í an mhangainéis, agus is é an giorrúchán a
shiombalaíos í sna foirmlí ceimiceacha ná Mn.
54.94
an meáchan adamhach, agus is é an t-aon iseatóp nádúrtha atá
ann ná mangainéis a cúig déag is dhá scór. Miotal
liath sobhriste í an mhangainéis atá araiciseach chun
imoibriúcháin. Mar
sin tagann smúid ocsaíde uirthi agus aer nó uisce ag dul i
bhfeidhm uirthi.
Tá
an mhangainéis réasúnta coitianta sa dúlra. Ba é an ceimiceoir
Gearmánach Johann Gottfried Gahn a d'aonraigh an chéad eiseamal
mangainéise sa bhliain 1772, ach roimhe sin féin bhí ceimiceoirí
eile ag déanamh go raibh dúil cheimiceach ar leith ar fáil sna
mianraí mangainéise, cé nach raibh siad ábalta an dúil sin a
scaradh ó na dúile eile.
Is
féidir leis an mangainéis a lán staideanna éagsúla ocsaídiúcháin
a bheith aici ina cuid comhdhúl, ach is í +2 an uimhir
ocsaídiúcháin is coitianta. Bíonn
dath pinc ag dul leis an staid ocsaídiúcháin áirithe sin. Is
é +7 an uimhir ocsaídiúcháin is airde atá ag an mangainéis,
agus í ag baint leis an ian sármhanganáite MnO4+.
Tá
dath corcra san ian seo. Is
í an tsármhanganáit photaisiam KMnO4
an chomhdhúil is tábhachtaí ina bhfuil teacht ar an ian seo.
Baintear
úsáid as an tsármhanganáit photaisiam mar imoibreán sna
saotharlanna, ós rud é gur ocsaídeoir maith í. Thairis
sin, is féidir sármhanganáití a mheascadh tríd an ngloine leáite
ar mhaithe leis an dath. Is
iomaí comhdhúil eile de chuid na mangainéise a bhfuil dath inti
áfach: mar shampla úsáidtear an dé-ocsaíd mhangainéise MnO2
le dath donn
a chur sa ghloine. Tugtar
pirealúisít ar an dé-ocsaíd seo mar mhianra nádúrtha.
Úsáidtear
mangainéis i gcómhiotalú – cuirtear leis an gcruach agus leis an
alúmanam í. Bíonn iarsmaí beaga mangainéise ag teastáil ó
orgánach an duine, ach san am chéanna tá dáileoga ró-arda
dainséarach go leor, nó déanann siad dochar do na néaróga.
Markab
nó
Markeb
a
thugtar ar cheithre réalta éagsúla:
-
Alpha
Pegasi. Cé
gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú
réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is
é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh
sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a
thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is
fiche dínn.
-
Tau
Pegasi. Tugtar
Salm
nó
Kerb
ar
an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina
fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn,
a bheag nó a mhór.
-
k
Puppis (tabhair
faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa
atá
againn ansin, ach an ghnáthlitir k!).
Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme
inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina
dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad
go leith de sholasbhlianta dínn.
-
Kappa
Velorum. Déréalta
i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad
agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá
leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a
rachaidís i bhfeidhm ort.
Mars
atá
ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad
sa ghrianchóras s'againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na
Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá
ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin
bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s'againn, agus
dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha
agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.
Tá
Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa
agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an
pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb'fhearr ”an
pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath
sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré”
Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an
chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas
go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.
Bhí
sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar
dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine
go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach
Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a
aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur
uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain
a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha
a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta
faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis
cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt
leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid
canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna
canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an
oiread.
Maidir
le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is
ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad
gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig
a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte
gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá
atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don
dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach
bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh
ar na caidhpeanna go tráthrialta.
Tá
bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain,
ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin –
dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na
séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an
t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh
an Domhan i gcuimhne duit.
Ceist
mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d'aon chineál ar fáil ar
Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla,
cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice
Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i
gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na
baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh
plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é
atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann
caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht taobh thíos de
dhromchla Mharsa.
Is
dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití
de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar
dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn
eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta
ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon
duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc
gur bhain sé úsáid an orláiste nó
an chloig
as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major,
de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar
leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.
Maidir
le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad.
Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina
thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall
thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda
eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh
istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.
ATMAISFÉAR
MHARSA
|
Brú an aeir ar dhromchla
Mharsa
|
0.6 % de mheánbhrú an
aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
|
Dé-ocsaíd charbóin,
CO2
|
96 %
|
Argón, Ar
|
1.9 %
|
Nítrigin, N2
|
1.9 %
|
Ocsaigin, O2
|
(iarsmaí
beaga)
|
Aonocsaíd charbóin, CO
|
Meatán, CH4
|
An
Mheá
nó Libra
a
thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an
Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an
réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í –
trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is
tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile,
nó Zubenelgenubi (Alpha
Librae),
is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe
nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le
tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach
sin, is é sin, α2
Librae.
Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig
solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.
Tríd
is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle
chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá,
NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.
Mearcair
atá
ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná
atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le
fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha
is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín
níos mó ná Mearcair.
Tá
rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh
ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is
trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i
gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar
dhroim an phláinéid féin, áfach, d'fheicfeadh sé aon lá is aon
oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis
Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus
luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In
aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn
luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a
rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit
oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d'fheicfeadh sé an Ghrian ag
éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don
phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.
Cé
go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a
mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire
ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go
bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a
mhaintlín réasúnta tanaí.
Ní
féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá
ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a
dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar
Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair
nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid
is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach
le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go
leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós.
Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar
chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.
Tá
Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht,
nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012
d'aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear –
oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir
timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.
Mearcair
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó
airgead
beo,
agus is é Hg
an
tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon
mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a
bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna
teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na
saolta seo, toisc gur trom-mhiotal nimhiúil
dainséarach
atá ann. Is iad +2
(na comhdhúile mearcaracha) agus +1
(na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is
tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó
de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh
mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair
Hg+-Hg+.
Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair
is tábhachtaí.
Meathshlabhra
a
thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach
go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip
radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is
í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile
troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a
bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann
an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd
is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam,
beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath
radaighníomhach eile uirthi.
Seo
an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is
coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le
cobhsaíocht a bhaint amach:
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná
tóiriam a 234;
-
tiocfaidh
béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná
prótachtainiam a 234;
-
tiocfaidh
béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná
úráiniam a 234;
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná
tóiriam a 230;
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná
raidiam a 226;
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná
radón a 222;
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná
polóiniam a 218;
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná
luaidhe a 214;
-
tiocfaidh
béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná
biosmat a 214;
-
tiocfaidh
béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná
polóiniam a 214;
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná
luaidhe a 210;
-
tiocfaidh
béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat
a 210;
-
tiocfaidh
béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo
ná polóiniam a 210;
-
tiocfaidh
alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná
luaidhe a 206;
-
agus
is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an
meathshlabhra a fhad lena dheireadh.
Ní
mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín
simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218
an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is
toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an
ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán
do bhealaí malartacha den chineál seo.
Nuair
a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh
ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna,
gnás a d'fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic
nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar
shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam
a
thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach
iseatóip thóiriam a bhí i gceachtar
acu
ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón
ar
an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam.
Iainiam
a
bhí acu ar thóiriam a
230.
Megrez
nó Kaffa
nó Delta
Ursae Majoris atá
ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh
í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá
sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin.
A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te.
Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.
Meindiléiviam
atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a 101, agus is é Md
an
tsiombail cheimiceach. Ceann
de na hachtanóidigh thrasúránacha é, agus mar sin is dúil
éagobhsaí radaighníomhach é. Tá an t-iseatóp is cobhsaí dá
bhfuil aige aon lá déag is dhá scór ar leathré, rud a chiallaíos
gur féidir taighde áirithe a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha an
mheindiléiviam: is
iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin is féidir a aithint.
Fuair an dúil seo a hainm ó Dmitrii Mendeleyev, an t-eolaí
Rúiseach a chuir an chéad leagan de thábla peiriadach na ndúl i
dtoll le chéile.
Meitniriam
an
t-ainm a baisteadh ar dhúil cheimiceach uimhir a 109, agus is é an
tsiombail cheimiceach ná Mt.
Fuair an dúil a hainm ó Lise Meitner, fisiceoir
Ostarach agus an chéad ollamh mná le fisic sa Ghearmáin. Ba iad
Meitner, Otto Hahn agus Otto Robert Frisch na chéad fhisiceoirí a
fuair amach go raibh núicléas úráiniam
a 235
claonta chun eamhnú a dhéanamh agus neodrón á bhualadh. Dúil
throm thrasúránach, éagobhsaí
radaighníomhach,
é an meitniriam.
Merope
nó 23
Tauri –
Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm
í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé
chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon
an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.
An
Micreascóp a
thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an
Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an
réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d'ainmnigh
an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an
Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den
Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í
Gamma
Microscopii an
réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í
suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.
Mimas
–
ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a
chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad
ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le
liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní
thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas
timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac
oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an
uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd
Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis
an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann
eile sa Ghrianchóras.
Mira
Ceti nó
Omicron
Ceti –
réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl
Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus
abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo
b'ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin
baisteadh Mira,
”An Mhiorúilt”, uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a
bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a
hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna
ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh
neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go
dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite
tuairim
is
trí chéad solasbhliain uainn.
Mirfak
nó
Alpha
Persei atá
ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí
geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta
bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite
breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi
n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is
ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an
Ghrian.
Tá
Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón
réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí
– B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos
teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó,
agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.
Mizar
nó
Zeta
Ursae Majoris an
réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha.
Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur
déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is
lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta
é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an
ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór
dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar
A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.
Moscóiviam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 115, agus is é an giorrúchán
a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Mc.
Cosúil
leis na dúile troma trasúránacha go léir tá an moscóiviam chomh
radaighníomhach is go dtagann meath air sular féidir mórán a
fháil amach faoina airíonna ceimiceacha – níl an t-iseatóp is
cobhsaí dá bhfuil aige oiread is soicind amháin ar leathré. Fuair
an dúil a hainm ó Mhoscó, nó tá institiúid Dubna suite i
gcóngar don chathair sin, agus
is san institiúid sin a bhí na heolaithe in ann an chéad adamh
moscóiviam a ghineadh.
Muir
an Fhuachta nó
Mare
Frigoris a
thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in
aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí
Giovanni Riccioli a d'ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir
thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus
Harpalus.
Muir
an Neachtair nó
Mare
Nectaris atá
ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh
thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór
suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é
tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.
Muir
an tSuaimhnis
nó Mare
Serenitatis a
thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí
ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le
fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an
tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis –
is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an
tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon
in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a
Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a
thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí
oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe.
Uaidhsean a d'fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta
sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur
theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith
le duine.
Muir
na Báistí nó
Mare
Imbrium a
thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na
Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na
Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato
an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail
droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad
milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús
bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur
cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an
tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é
sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar
dhroim na Gealaí i gcoitinne.
Muir
na Gaile nó
Mare
Vaporum an
mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus
Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon
ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an
cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea
an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus,
cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná
é.
Muir
na Lionnta nó
Mare
Humorum –
ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan
na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa
mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá
imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni
Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre
chéad ciliméadar ar leithead.
Muir
na nGábh nó
Mare
Crisium an
”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na
Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead,
agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa
mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é
Giovanni Riccioli a d'ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó
Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú
haois déag.
Muir
na Sáimhe nó
Mare
Tranquillitatis
an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a
thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an
mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí.
Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí
páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong,
Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht
leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.
Muir
na Scamall nó
Mare
Nubium a
thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó
dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha
ansin iad Bullialdus agus Pitatus.
Muir
na Torthúlachta nó
Mare
Fecunditatis
– ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na
Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar
trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in
aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné
eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar
bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt
ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a
thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus
Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang'e a hAon. Bhí
Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an
Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang'e nuair a bhuail siad
dromchla na Gealaí.
Neiptiún
atá
ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s'againn – ní
áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le
hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar
agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá
go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a
thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh
agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na
heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go
bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá
maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh,
rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na
huaire.
Maidir
le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus
héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid
eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le
gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na
huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar
Neiptiún leis an teas istigh.
Néiriad
an
tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an
réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter)
Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé
nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl
mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar
fad, a bheag nó a mhór.
Niohóiniam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 113, agus is é Nh
an
tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Nihon,
arb é an leagan gnáthchainte d'ainm Seapáinise na Seapáine; is é
Nippon
an
leagan foirmiúil. Cosúil
leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil radaighníomhach é
an niohóiniam a dtagann meath uirthi chomh luath is nach furasta
mórán taighde a dhéanamh ar a saintréithe ceimiceacha. Ba
iad na fisiceoirí Seapánacha in Institiúid Riken i Wako a ghin an
chéad adamh niohóiniam, rud a mhíníos an t-ainm. Tá
Wako suite i Maoracht Saitama, díreach taobh amuigh de Thóiceo.
Nóbailiam
atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a 102.
Ceann de na hachtanóidigh é, agus is é No
an
tsiombail cheimiceach a sheasas dó. Fuair
an dúil a hainm ó Alfred Nobel, an
fear céanna
a chuir tús leis na duaiseanna clúiteacha
eolaíochta agus litríochta. Cosúil
leis na dúile troma trasúránacha eile tá an nóbailiam
an-éagobhsaí, an-radaighníomhach, ach
is féidir taighde éigin a dhéanamh ar a iompraíocht cheimiceach,
ós rud é go bhfuil an t-iseatóp is cobhsaí, nóbailiam
a 258, ocht nóiméad déag is dhá scór ar leathré. Is
iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin.
Is
éard atá sa Nua-Chatalóg
Ghinearálta
(NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg
réalteolaíoch a d'fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach
John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann
Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a
dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”,
is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach
réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus
réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.
Tá
tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i
gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar
an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D'fhoilsigh Dreyer féin cúpla
”Innéacs-Chatalóg” (Index
Catalogues, IC)
leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d'eisigh an
leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.
Núiclíd
a
thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith
ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i
núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí
iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a
dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.
Tugtar
iseatóip
ar
núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na
bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is
leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin
iad
na
núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair
iad
na
núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón
agus na neodrón in éineacht.
Mar
shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil
ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam
(hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa
núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a
trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas
ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí,
iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus
aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí. Agus
ar ndóigh is iseatóip iad an próitiam, an deoitéiriam agus an
tritiam.
Ní
bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is
eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na
núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí
na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a
thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san
am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó
ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil
le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí
sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtaí méiseatóiriam, is é sin
méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus
méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é).
Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp
de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp
radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na
hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall
mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá
iontu.
Oberon
atá
ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus
oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann
timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad
sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus
tagraíonn an t-ainm do A
Midsummer Night's Dream,
an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de
chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi
chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá
an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn
sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus
críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis)
amháin san am chéanna. Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla
Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint:
na cainneoin (chasma
an
téarma Laidine
a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad
Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur
Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid
Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le
Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na
heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá
dhráma.
Ocsaigéad
a
thugtar ar aigéid neamhorgánacha
ina
bhfuil adaimh ocsaigine timpeall an adaimh lárnaigh. Ocsaigéid iad,
mar shampla, an t-aigéad nítreach HNO3,
an t-aigéad sulfarach H2SO4,
an t-aigéad fosfarach H3PO4,
agus an t-aigéad sárchlórach HClO4.
Ar
ndóigh, níl nasc díreach idir an hidrigin agus an t-adamh lárnach
sna hocsaigéid seo, agus mar sin b'fhearr na foirmlí a scríobh mar
seo: HONO2,
(HO)2SO2,
(HO)3PO,
HOClO3.
Le
fírinne áfach tá ocsaigéid ag an bhfosfar ina bhfuil cuid de na
hadaimh hidrigine ceangailte go díreach den adamh lárnach, rud a
chiallaíos nach féidir leo
imoibriú aigéadach a dhéanamh ar aon nós.
Ocsaigin
atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is
éadroime de na calcaiginí. O
an
tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp
cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht
ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad
cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná
an dá cheann eile.
Is
ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin –
fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é
is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an
lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile
ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na
dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an
dóchán.
Tá
ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann
acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag
iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é
sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar
sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina
cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht
leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar
iasacht ón dúil eile.
Tá
dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an
”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2),
agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3).
Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an
radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe
agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an
gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga
ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh
tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan
dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.
Tá
ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na
horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an
fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá).
Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir
ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium,
nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd
Clostridium
botulinum an
cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú
bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha
seo
ón tréimhse roimh Réabhlóid
na hOcsaigine.
Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó
Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó
shin, nuair a d'éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is
gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am.
Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta,
a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a
thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag
déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í
féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá
an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.
Chomh
himoibritheach is atá an ocsaigin d'imeodh sí as an atmaisféar go
sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag
táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d'ocsaigin an Domhain tá sí
ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an
t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na
hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá
ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na
hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití
atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus
cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de
chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is
comhdhúil ocsaigine agus sileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.
Óganasan
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 118; is é Og
an
tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir
Rúiseach Yuri Oganessian, agus sin a bhfuil le rá ina leith i
ndáiríribh, nó tá an dúil seo chomh radaighníomhach is nach
féidir taighde a dhéanamh ar a hairíonna ceimiceacha. Tá
an t-óganasan suite i ngrúpa na dtriathghás i dtábla peiriadach
na ndúl, áfach.
Na
hOirínidí: Cith
dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i
réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí
Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a
bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na
hEta-Acuairídí.
Oismiam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a sé déag is trí scór. Is é
Os
an
giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Tá an t-oismiam
190.23 aonad ar mheáchan adamhach, agus is ceann de na miotail
phlatanamchosúla é. Tá sé ar an dúil is dlúithe amuigh, nó is
é an dlús atá aige ná 22.6 g/cm3.
Mar
sin, tá sé beagnach dhá oiread chomh dlúth leis an luaidhe.
Fuair
an t-oismiam a ainm ón bhfocal Gréigise a chiallaíos
”drochbholadh”. Bíonn drochbholadh as an oismiam, go
háirithe as an bpúdar
oismiam,
nó is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir agus teatrocsaíd
oismiam, OsO4,
a dhéanamh. Comhdhúil nimhiúil í an teatrocsaíd oismiam a bhfuil
drochbholadh so-aitheanta aisti.
An
tOllaomthóir (Matt
Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe
atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i
dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard
atá ann ná rud dofheicthe agus é an-trom. Tá an tOllaomthóir
suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil
air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an
Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich
gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go
neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na
réaltraí.
Ór
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus
is é Au
an
giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag
an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus
is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách
ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar
insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir
teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha
trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn
comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós
teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).
Ní
furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach
agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua
regia nó
”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”,
is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór
sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4-.
Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid
ocsaídiúcháin an óir. Is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin
chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in
éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach
H2SeO4,
ar ocsaídeoir láidir é.
Pallas
atá
ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras,
taobh istigh d'fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara
mionphláinéad is luaithe a d'aithin súil an duine, nó ba é an
réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na
naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm
córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó
Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach
aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí
faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí
go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch
idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar
ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)
Parsoic:
Tá
an focal féin parsoic
bunaithe
ar parsec
an
Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax
second,
is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a
bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an
bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn
agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind
stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d'aon
aonad réalteolaíoch amháin d'fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh
muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i
gcéin uainn (le fírinne áfach níl Proxima Centauri féin suite
chomh cóngarach sin). Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus
meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith
milliún ciliméadar.
Pasiphaë:
Ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an
réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge,
a rinne a fiannachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm
roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh
uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar
trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta,
an-éalárnach aici – tá a garphointe d'Iúpatar suite seacht
milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe
aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá
grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa
Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar
fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.
Peirséas
–
réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar
thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide,
an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a
thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha
Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is
clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar
atá, NCG869 agus NCG884.
An
Phéacóg
– réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas
na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an
Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán.
Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha
Pavonis
freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha
Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn,
agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos
cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.
An
Phéist a
thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar:
Ceann
na Péiste agus
Eireaball
na Péiste.
Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear
na bPéisteanna, suite
idir an Ceann agus an tEireaball. Is é Unukalhai nó Alpha
Serpentis an
réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor
Serpentis an
t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste.
Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta,
is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í
Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a
chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine,
rud atá i ndán don Ghrian s'againn féin i ndeireadh ama. Tá
Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn.
Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta
Serpentis an
ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í,
díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó
fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh.
Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de
sholasbhlianta dínn.
Sa
bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí
le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is
tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134
agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a
dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo
chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an
réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa
réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é
sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní
aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé
incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le
bheith infheicthe againne. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé
an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh
istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal
an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt
clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an
Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí
cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á
bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt
ar an réigiún sin den néal inniu.
An
Phéist Bheag a
thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn,
an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus
an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce –
le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta
Hydri an
réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag
forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar
aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na
réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán
don Ghrian s'againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre
solasbhliana is fiche dínn.
An
Phéist Uisce a
thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag
críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an
Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú,
an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an
Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha
Hydrae,
an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí
K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór
solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta
Hydrae atá
suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn;
fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt
sa déréalta. Maidir le Gamma
Hydrae,
is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an
nGrian s'againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt
acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana
is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach
san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.
Tá
Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar
chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard
do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát
Acre.
Tá
trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá,
M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle
chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis
sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua –
tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil
in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.
Phekda
nó
Phecda
nó
Phad
nó
Gamma
Ursae Majoris a
thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta,
taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall
ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é
sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta
phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian.
Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall
ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an
speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir
Mhóir í.
An
Phléadach nó
An
Streoillín nó
An
Croimfhleiscín nó
An
tÉillín nó
An
Scuaidrín nó
Na
Cearrbhaigh –
”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a
bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir
a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven
Sisters a
chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do
sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na
sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh,
agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope
(Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt
eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na
ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha
agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma
iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de
sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a
chuireas luan le loinnir na réaltaí.
Tugann
na Seapánaigh Subaru
ar
an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an
réaltbhraisle seo. Na Maori
sa
Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach
ná Makali'i.
Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali'i i gcultúr
traidisiúnta na Maori,
bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí
go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki.
Is
éard a bhí i gceist le Makahiki
ná
tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na
méithe i seanchreideamh na Maori.
Príomhsheicheamh
a
thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an
chuid is mó de na réaltaí. D'fhéadfá a rá gurb iad na
gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian,
Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb
ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór
cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na
habhacréaltaí bána.
Tá
gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é
sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh
(”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach
san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh
chuige, nó ”imphléascadh imtharraingthe” a dhéanamh, agus an
dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt –
neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach
(nó cothromaíocht hidreastatach) air.
Tá
”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina
croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go
núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios
radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht,
agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.
Prótachtainiam
a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór,
is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam
i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir
is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na
comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige
(prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle
déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá
gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is
impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí
le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.
Tá
ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4
agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige
iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an
dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad
de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann
na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna
orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis
áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.
Ba
iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a
d'aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air
ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná
prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil
oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis
an
focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin,
áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto
Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh
gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin
”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh.
”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an
dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i
meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas
Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den
ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.
Radaí
– is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (mar
shampla)
ag teacht as, mar a fheictear dúinne.
Radaighníomhaíocht
atá
i gceist leis an dóigh a gclaochlaíonn adaimh áirithe go dúil
eile. Is éard a thagas orthu ná meath
radaighníomhach,
rud a chiallaíos go n-astaíonn
núicléas
an adaimh cáithnín éigin. Ina dhiaidh sin beidh líon na núicléón
–
na bprótón is na neodrón sa núicléas – athraithe, nó ar a
laghad beidh a gcoibhneas athraithe, ionas nach ionann an dúil atá
i gceist.
Cineálacha
den mheath radaighníomhaíocht iad an t-alfa-mheath,
an béite-mheath,
an cnuasmheath,
an t-eamhnú
spontáineach,
an
gáma-mheath,
an
tiontú
inmheánach
agus
an leictreonghabháil.
Is
éard atá i gceist leis an alfa-mheath ná an núicléas a bheith ag
astú alfa-cháithnín.
Is
éard atá ann ná cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá
neodrón greamaithe dá chéile ag an bhfórsa núicléach ann: mar
sin is ionann é agus núicléis an iseatóip is cóitianta atá ag
an héiliam. Is
ar na dúile troma is mó a thagas alfa-mheath, an t-úráiniam féin
cuir i gcás.
Maidir
leis an mbéite-mheath,
ní aon chineál amháin meatha atá ann. Sa
bhéite-mheath
dhiúltach astóidh
an núicléas leictreon amháin (a bhfuil lucht leictreach diúltach
aige) chomh maith le neoidríonó (nó
”leictreon-fhrithneoidríonó”),
agus
tiontóidh ceann de na neodróin sa núicléas ina phrótón.
Sa
bhéite-mheath
dheimhneach astóidh
an núicléas posatrón amháin (a bhfuil lucht leictreach deimhneach
aige) agus tiontóidh ceann de na prótóin ina neodrón. Astóidh an
núicléas neoidríonó (”leictreon-neoidríonó”)
sa
chineál seo béite-mheatha chomh maith.
Cáithníní
an-éadroma iad na neoidríonónna nach ndéanann mórán
idirghníomhaíochta leis an damhna.
Is
éard atá i gceist leis an gcnuasmheath
ná
astú
mion-núicléis atá níos troime ná an t-alfa-cháithnín: núicléis
charbóin (radacarbón nó gnáthcharbón), ocsaigine, maignéisiam,
neoin agus eile a astaítear. Is
annamh a thagas cnuasmheath ar aon núiclíd, ach is núiclídí
troma iad a bhíos i gceist, agus is é an t-alfa-mheath an
gnáthmheath acu. D'fhéadfá an tátal a bhaint as an scéal nach
bhfuil san alfa-mheath féin ach an cineál is coitianta i bhfad den
chnuasmheath, mar sin.
Eamhnú
spontáineach
arís, is éard atá i gceist leis sin ná scoilteadh spontáineach
an núicléis. Ní
mór an t-eamhnú seo a scaradh ón eamhnú spreagtha sna
himoibreoirí núicléacha agus sna buamaí adamhacha. Núicléis
troma amháin a dhéanas eamhnú spontáineach, agus níl sé
róchoitianta acu féin.
Is
éard is cúis leis an ngáma-mheath
ná aistriú an núicléis ó isiméir amháin go hisiméir eile. Sa
cheimic, is é is ciall leis an isiméireacht ná go bhfuil struchtúr
an mhóilín difriúil ag comhdhúile arb ionann líon na n-adamh
éagsúla iontu – mar sin, is isiméirí iad an t-aicéatón
CH3C(O)CH3
agus an t-aicéataildéad CH3CH2C(H)O.
Maidir
leis na hisiméirí núicléacha, is ionann líon agus coibhneas na
neodrón is na bprótón iontu, ach san
am chéanna tá isiméir amháin ar leibhéal fuinnimh is airde ná
an isiméir eile, agus is dual di an fuinneamh breise a astú mar
chandam radaíochta – gáma-radaíocht.
Is
féidir leis an núicléas an bhreis fuinnimh sin a ”bhronnadh”
ar cheann de leictreoin an adaimh freisin (tiontú
inmheánach).
Ansin scaoilfear an leictreon sin –
an leictreon
tiontaithe
– agus nuair
a thitfeas leictreon eile isteach ó leictreonsceall níos airde,
astófar candam x-radaíochta. Is féidir go mbuailfidh an candam sin
leictreon eile ionas go n-astófar é chomh maith. Na leictreoin a
astaítear ar an dóigh seo, tugtar
leictreoin
Auger orthu
– ón bhfisiceoir Francach Pierre-Victor Auger a fuair siad an
t-ainm seo.
Leictreonghabháil
a
bheas ann má cheapann an núicléas ceann de na leictreoin is gaire
dó le prótón a iompú ina neodrón –
go bunúsach, beidh lucht leictreach diúltach an leictreoin de dhíth
le lucht deimhneach an phrótóin a neodrú.
Astófar
leictreon-neoidríonó sa teagmháil. Beidh an núicléas féin
flosctha le fuinneamh i ndiaidh na leictreonghabhála, agus astóidh
sé candam gáma-radaíochta nó déanfaidh sé tiontú inmheánach
ionas go scaoilfear leictreoin saor ón néal leictreon (leictreon
tiontaithe chomh maith le leictreoin de chuid Auger). Is
iad an K-sceall agus an L-sceall an dá leictreonsceall is cóngaraí
don núicléas, agus mar sin labhraítear faoi K-ghabháil agus
L-ghabháil dá réir.
Réalta
Barnard an
ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé
solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í
– is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í.
Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn
sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an
réalta ainmnithe as an bhfear a d'aithin í roimh aon duine eile,
mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne
cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an
chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar
shampla.
Réalta
Kapteyn an
gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil
ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí
suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg
fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp.
Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an
réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti
sa bhliain 1898.
Réalta
Teegarden a
thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a
fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh
eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil
le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite
cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an
dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is
M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite
i réaltbhuíon an Reithe.
Réaltra
a
thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an
imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí
orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra
agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl
s'againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá
orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus
réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir
cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí
bíseacha barracha iad mar sin.
Réaltra
an Ghuairneáin
– is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i
gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist
leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus
réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil
Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain
uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre.
Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is
féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar
theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is
féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra
”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is
abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh
cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an
dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag
tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D'fhéadfá a rá go bhfuil
an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus
dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht
chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na
réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a
fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.
Réaltra
an tSoimbréaró
– leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg
Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é
le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata
Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a
úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht
milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal
i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh
cianmhar sin uainn.
Rigel
nó Beta
Orionis a
thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí
réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta,
Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile
nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil
ón gcuid is mó d'fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach
eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta
athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go
neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an
nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an
trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus
fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm
den aicme speictreach B atá inti.
Ainm
Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos”
– cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim
is naoi gcéad solasbhliain dínn.
Rointginiam
atá ar dhúil uimhir a 111,
agus is é Rg an
tsiombail cheimiceach. Tugann an t-ainm aitheantas don fhisiceoir
Ghearmánach Wilhelm Conrad Röntgen, a rinne fionnachtain na
n-x-ghathanna (”radaíocht
Röntgen” mar a thugtar orthu ina lán teangacha). Maidir
leis na saintréithe ceimiceacha, tá an rointginiam in aon ghrúpa
leis na miotail lómhara, is é sin, an copar, an t-airgead geal agus
an t-ór, agus is féidir a thuairimiú gur miotal lómhar é féin.
Níl
ann ach teoiriceoireacht
dáiríribh, ós rud é gur dúil
éagobhsaí radaighníomhach
é an rointginiam. Is
é rointginiam a 282 an t-iseatóp is cobhsaí: níl
sé féin ach céad soicind
ar leathré.
Rutarfoirdiam
a thugtar ar dhúil cheimiceach
uimhir a 104, agus is é Rf an
giorrúchán a shiombalaíos an dúil. Bhí ainm na dúile seo ina
chnámh spairne idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe
i ré an Chogaidh Fhuair, agus na Sóivéadaigh ag tabhairt
cuirtseatóiviam (Ku)
uirthi, in ómós d'Igor Kurchatov, a bhí i
gceannas ar thaighde núicléach an Aontais Shóivéadaigh go lá
a bháis
sa bhliain 1960. Maidir leis an ainm atá ar an dúil inniu,
tagraíonn sé d'Ernest Rutherford, fisiceoir
Sasanach a bhí ina cheannródaí san fhisic adamhach. Níl
mórán eile le rá faoin rutarfoirdiam, nó cosúil leis an gcuid is
mó de na dúile trasúránacha is dúil shaorga
radaighníomhach
é a
dtagann meath uirthi go sciobtha.
An
Sciath
nó Sciath
Sobieski nó
Scutum
nó
Scutum
Sobiescianum (Polainnis:
Tarcza
Sobieskiego)
a thugtar ar an réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na
bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí
Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan
Heweliusz)
a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist
sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne
Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a
bhreith i gCath Vín, 1683.
Níl
mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala
inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt
fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti,
ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í.
Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar
dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis
na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá
chéad solasbhliain dinn.
Seaboirgiam
a thugtar ar dhúil cheimiceach
uimhir a 106, agus is é Sg an
giorrúchán. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach
Glenn Seaborg. Is beag eile
is féidir a rá i leith an tseaboirgiam, nó is dúil shaorga é atá
chomh radaighníomhach is nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a
saintréithe ceimiceacha, chomh
gearrshaolach is atá na hiseatóip is cobhsaí féin.
Siorcóiniam
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr
an
giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha.
Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an
itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón,
an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad
an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta
siorcóiniam.
Miotal
insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar
siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail
sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam
réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is
dhá scór de réir Celsius.
Is
iad an dé-ocsaíd (ZrO2),
nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4),
an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá
ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid
as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar
siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a
chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos
díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.
Tá
ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam
a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra),
siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a
dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is
ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór
(2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós
rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na
hollchruinne, níl cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Is féidir
iarsmaí d'iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam
nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór,
nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal
é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.
Sirius:
Is é Sirius nó Sotis
nó
Sopdet
nó
Alpha
Canis Majoris nó
Réalta
an Mhadra an
réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an
réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár
bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is
déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is
réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta
phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin,
ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis
an nGrian s'againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla.
Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos
gasta ná an Ghrian s'againn.
Maidir
le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán:
tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar
aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is
réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh,
ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.
Deir
téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius,
rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú
amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle
bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na
réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na
réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin,
ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na
huaire.
Tá
Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do
stát Mato Grosso in iarthar na tíre.
Sóidiam:
Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail
alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is
í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na
–
Natrium
an
t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta.
22.99
an meáchan adamhach, agus is é sóidiam a trí is fiche (23Na)
an t-aon iseatóp cobhsaí atá ann. Is
é an t-iseatóp radaighníomhach is faide leathré ná sóidiam a dó
is fiche (22Na),
agus é dhá mhíle sé
chéad bliain
ar leathré. Is
é an béite-mheath deimhneach a thagas air, is é sin, is dual dó
posatrón a astú, agus is é neon a dó is fiche (22Ne)
is toradh don mheath seo. Iseatóp
cobhsaí é an neon seo.
Cosúil
leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach
chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus
mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar
le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.
Is
é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is
coitianta dá bhfuil aige, agus is é +1
an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon
amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar
an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+
a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin
(décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3)
agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).
Má
chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann,
agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid
loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd
sóidiam,
NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó
alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san
uisce.
Is
féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an
t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an
fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá,
agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.
Spica:
Is í Spica nó Alpha
Virginis an
réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is
fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an
dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir
iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta
speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is
caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
Sraith
Balmer:
Is í sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a
sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is
laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite
i mbanda
an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanda
ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach
Johann Balmer a d'aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag
brath ar a chéile agus a d'oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a
cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní
ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid
Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus
minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.
Is
í cothromóid Rydberg ná:
(1/λ)
= RZ2[(1/n12)-(1/n22)]
inarb
ionann:
-
λ
agus
tonnfhad na líne speictrí
-
R
agus tairiseach Rydberg
-
Z
agus an uimhir adamhach, is é sin uimhir na bprótón i núicléas
an adaimh (don hidrigin, is ionann í agus a haon)
-
n1
agus an leibhéal fuinnimh óna léimeann an leictreon
-
n2
agus an leibhéal fuinnimh a léiméann an leictreon go dtí é
Nuair
atá n2
ag dul i dtreo na héigríche (∞),
tá (1/n22)
ag dul go hasamtóiteach i dtreo an neamhní. Mar sin, má ligtear
(1/n22)
ar lár sa chothromóid, is féidir íosteorainn a chomhaireamh do
thonnfhad na sraithe. Tabhair
faoi deara nach bhfuil an chothromóid seo i bhfeidhm ach i gcóras
atá comhdhéanta as núicléas agus aon leictreon amháin – go
praiticiúil is ionann sin agus adamh hidrigine. Dá
mbeadh tuilleadh leictreon ann rachadh castacht na cothromóide thar
acmhainn na matamaiticeoirí féin.
Is
é tonnfhad an chéad líne i sraith Balmer ná 656 nanaiméadar,
agus is í teorainn na sraithe ná 364.6 nanaiméadar.
Sraith
Brackett:
Is í sraith Brackett an tsraith línte i speictream na hidrigine a
sheasas do léimeanna an leictreoin idir an ceathrú leictreonsceall
is laige fuinneamh agus na leibhéil fhuinnimh os a chionn. Fuair an
tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Frederick Sumner
Brackett (1896-1988)
a d'aithin
an tsraith seo sa bhliain 1922.
Is
é tonnfhad an chéad líne i sraith Brackett ná 4051 nanaiméadar,
agus is í teorainn na sraithe ná 1458 nanaiméadar.
Sraith
Humphreys:
Is í sraith Humphreys an tsraith línte i speictream na hidrigine a
sheasas do léimeanna an leictreoin idir an séú leictreonsceall is
laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a
hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Curtis Humphreys (1898-1986)
a
rinne a fionnachtain.
Is
é tonnfhad an chéad líne sa tsraith ná 12.37 micriméadar (12,370
nanaiméadar) ,
agus is í an teorainn ná 3.282 micriméadar (3,282
nanaiméadar).
Sraith
Lyman:
Is í sraith Lyman an tsraith línte i speictream na hidrigine a
sheasas do léimeanna an leictreoin idir an leictreonsceall is laige
fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá línte speictreacha na
sraithe seo suite sa bhanda
ultraivialait, is é sin, níl siad infheicthe. Fuair an tsraith a
hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Theodore Lyman.
Is
é tonnfhad an chéad líne i sraith Lyman ná 121.6 nanaiméadar,
agus is í teorainn na sraithe ná 91.18 nanaiméadar.
Sraith
Paschen:
Is í sraith Paschen an tsraith línte i speictream na hidrigine a
sheasas do léimeanna an leictreoin idir an tríú leictreonsceall is
laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Tá línte
speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda
infridhearg, is é sin, tá a dtonnfhad níos mó ná tonnfhad an
tsolais infheicthe, agus dá réir sin, tá a minicíocht níos ísle.
Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Gearmánach Friedrich
Paschen.
Is
é tonnfhad an chéad líne i sraith Paschen ná 1875 nanaiméadar,
agus is í teorainn na sraithe ná 820.4 nanaiméadar.
Sraith
Pfund:
Is í sraith Pfund an tsraith línte i speictream na hidrigine a
sheasas do léimeanna an leictreoin idir an cúigiú leictreonsceall
is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a
hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach August Herman Pfund.
Is
é tonnfhad an chéad líne i sraith Pfund ná 7460 nanaiméadar,
agus is í teorainn na sraithe ná 2279 nanaiméadar.
Tagra
nó tagra
geodasaíochta a
thugtar ar an leibhéal tagartha airde a bhfuil meas an ”neamhní”
air – ar an ”dromchla farraige” a luaitear, abair, le hairde na
sléibhte. Le fírinne áfach is féidir an tagra a shainiú ar
dhóigheanna éagsúla.
Teicnéitiam
atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a trí
is dhá scór
i dTábla Peiriadach na nDúl, agus is é an giorrúchán a sheasas
dó sna foirmlí ceimiceacha ná Tc.
Is miotal trasdultach é, agus é in aon ghrúpa leis an mangainéis
agus an réiniam. Thar aon rud eile, áfach, is é an teicnéitiam an
dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip
radaighníomhacha acu. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil
aige ná teicnéitiam a naoi ndéag is ceithre scór (99Tc),
agus é 211,000 bliain ar leathré.
Ba
é an fisiceoir Iodálach Emilio Segrè a d'aithin an teicnéitiam an
chéad uair riamh, cé go raibh torthaí bréagdheimhneacha tugtha
roimhe sin ag eolaithe a shíl go raibh dúil a 43 fionnta acu. Ar
cuairt sna Stáit Aontaithe dó chuir Segrè suim sa chioglatrón
(luasaire cáithníní) i Saotharlann Berkeley, agus thug Ernest
Lawrence, an fear a chéadcheap an gléas, scragall úsáidte ón
gcioglatrón dó, le go bhféadfadh sé taighde a dhéanamh ar na
núiclídí radaighníomhacha a d'fhág an úsáid sa scragall. Bhí
an scragall déanta as molaibdéineam, dúil uimhir a 42, agus
teoiric ag Segrè gur iseatóp de chuid dhúil a 43 a bhí ar fáil
sa scragall. Le cuidiú óna chara Carlo Perrier, a bhí ina
mhianreolaí,
chruthaigh sé gurbh amhlaidh.
Bhí
Segrè ag obair in Ollscoil Palermo, agus d'iarr lucht rialtais an
bhardais
go mbaistfeadh sé panóirmiam
ar an dúil nua, ainm a bhí bunaithe ar an leagan Laidine d'ainm na
cathrach, Panormus. Sa bhliain 1947, aon bhliain déag i ndiaidh do
Segrè an fhionnachtain a dhéanamh, bhaist eagraíocht idirnáisiúnta
na gceimiceoirí teicnéitiam
ar
an dúil, ós rud é gur dúil shaorga (tekhnetos
an
focal Sean-Ghréigise
a chiallaíos ”saorga, daondéanta”)
í nach bhfuil ar fáil sa dúlra go
nádúrtha
– tá gaol ag an ainm le teicneolaíocht,
ar ndóigh.
Miotal
trom é an teicnéitiam a gcuirfeadh a chosúlacht platanam i
gcuimhne duit. Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta a
bhíos aige ina chuid comhdhúl ná +4, +5, agus +7. Tagann smúid
ocsaíde ar an teicnéitiam le taise an aeir, agus is féidir an
miotal a chur trí thine in atmaisféar glanocsaigine.
Teinisín
a
thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 117, agus is é an giorrúchán
a sheasas don teinisín ná Ts.
Fuair an dúil a hainm ó stát Tennessee sna Stáit Aontaithe, nó
tá saotharlann fisice núicléiche Oak Ridge suite sa stát sin.
Dúil
throm thrasúránach é
an teinisín agus é
chomh radaighníomhach is nach bhfuil na heolaithe ábalta mórán
taighde a dhéanamh ar a shaintréithe
ceimiceacha.
Triantán
an Gheimhridh:
Is é Triantán an Gheimhridh astaireacht na réaltaí úd Sirius,
Betelgeuse, agus Procyon – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta
an Mhadra Mhóir, an Bhodaigh, agus an Mhadra Bhig.
Triantán
an tSamhraidh a
thugtar ar Altair, Vega, agus Deneb in éineacht – na réaltaí is
gile i réaltbhuíonta an Iolair, na Líre, agus na hEala.
Úfó
an
giorrúchán Béarla a chiallaíos ”réad eitilte gan aithint”.
Is minic a shíltear gurb ionann úfó agus spásbhád
eachtardhomhanda, ach ní mar sin atá: dá n-aithneofaí mar
spáslong de chuid na bhfear beag uaine é, ní bheadh sé ina úfó
(is é sin, gan aithint) a thuilleadh!
Cé
go mbítear ag cur sonrú i rudaí aisteacha thuas san aer ó tháinig
an cine daonna chun saoil, ní dhearnadh coincheap ar leith den úfó
ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1947 chonaic an
t-eitleoir amaitéarach Meiriceánach Kenneth Arnold dioscaí
aisteacha ina thimpeall agus é díreach ag eitilt thart le Sliabh
Rainier (nó Sliabh Tacoma), an sliabh is airde sna Sléibhte
Cascáideacha i Stát Washington, Iarthuaisceart na Stát Aontaithe.
Is minic a chreidtear gurbh é Arnold a bhaist ainm an ”tsásair
eitilte” ar na dioscaí seo, ach is deacair a rá an mar sin a bhí
– is féidir gurbh iad na nuachtáin a bhain an chéad úsáid as
an téarma sin flying
saucer.
Níorbh
é Arnold an t-aon duine a thug tuairisc ar an gcineál seo
breathnuithe san am, agus ghlac Aerfhórsa na Stát Aontaithe imní:
an raibh sibhialtaigh tar éis sonrú a chur in aerárthaí rúnda de
chuid an Aerfhórsa féin, nó an raibh gléasra spiaireachta de
chuid na Sóivéadach i gceist? Nó an ea nach raibh ann tar éis an
tsaoil ach iomrall súl? Chuir an tAerfhórsa tús le Project
Sign,
tionscadal taighde a bhí dírithe ar a fháil amach cad é ba chúis
leis na sásair eitilte. Dealraíonn sé gur rith an míniú
”eachtardhomhanda” le daoine acu siúd a raibh baint acu leis an
tionscadal seo, cé go raibh a lán d'oifigigh an Aerfhórsa barúlach
gurbh ón Aontas Sóivéadach a tháinig na sásair, agus córas
tiomána acu nach raibh ar eolas ag innealtóirí na Stát Aontaithe.
Iad siúd a chreid sa teoiric Shóivéadach, bhí siad ag déanamh
gur cineál cogaíocht shíceolaíoch a bhí idir lámhaibh ag na
Rúisigh chomh dána dalba is a bhí na húfónna ag eitilt in
aerspás na Stát.
Ní
raibh údaráis an Aerfhórsa sásta le torthaí Project
Sign,
agus thosaigh siad ar thionscadal nua, Project
Grudge.
Sa bhliain 1949 d'eisigh Grudge
a
chuid torthaí: glacadh leis nach raibh na húfónna ag bagairt ar
shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, a fhad agus a d'fhéadfaí
a mheá, agus nach raibh iontu go bunúsach ach míthuiscintí ar
rudaí nádúrtha nó ar réadanna neamhurchóideacha eile.
Ba
é tionscadal an Leabhair Ghoirm, nó Project
Blue Book,
an tríú hiarracht oifigiúil a rinneadh sna Stáit le taighde a
dhéanamh ar na húfónna. Chaith lucht an Leabhair Ghoirm na blianta
fada ag bailiú scéalta faoi úfónna agus á n-anailísiú, agus sa
bhliain 1968, foilsíodh tuairisc faoin teideal ”Staidéar Eolaíoch
ar na Réadanna Eitilte gan Aithint”, nó ”Tuairisc Condon”,
mar is gnách í a ainmniú, ós fisiceoir darbh ainm Edward Condon a
bhí i gceannas ar an gcoiste a dhréachtaigh an tuairisc. Is iad na
torthaí a bhí le léamh ar an tuairisc seo ná nach raibh na
húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe,
ná teicneolaíocht ardfhorbartha nó cuairteoirí eachtardhomhanda
ag baint leo, de réir na fianaise a bhí ann.
Idir
an dá linn áfach tháinig cultas na n-úfónna ar an bhfód, agus
dreamanna beaga díograiseoirí ag fógairt gur spásbháid ó
phláinéid eile a bhí i gceist. Le fírinne chuir an CIA –
lárúdarás faisnéise na Stát Aontaithe – ar bun coiste taighde
dá gcuid féin faoi cheannas an fhisiceora Howard Percy Robertson,
”Painéal Robertson”, sa bhliain 1951. Ba iad torthaí oibre an
phainéil seo ná nach sna húfónna a bhí an bhagairt, ach sna
díograiseoirí: dá mbeadh lucht an Aerfhórsa, na réadlanna
réalteolaíocha agus na stáisiúin bhreathnóireachta eile curtha
thar a n-acmhainn ag tuairiscí seafóideacha faoi úfónna, ní
fhéadfaidís súil a choinneáil ar eitleáin spiaireachta an
Aontais Shóivéadaigh. Thairis sin, d'fhéadfadh na Sóivéadaigh
dochar a dhéanamh do shíocháin inmheánach na Stát Aontaithe trí
spreagadh a thabhairt do chultas na n-úfónna – mar a dúirt
paínéal Robertson.
Tríd
is tríd, ba é toradh na bhfiosruithe seo ná nach raibh rud
osnádúrtha, neamhshaolta nó neamhghnách ar bith i gceist leis na
húfónna. D'admhaigh na taighdeoirí nach raibh siad ábalta gach
uile bhreathnú a mhíniú go fóill ach san am chéanna bhí siad
dóchasach go bhfreagródh an eolaíocht gach aon cheist sa deireadh.
Xeanón
atá
ar dhúil cheimiceach uimhir a 54. Xe
an
tsiombail cheimiceach, agus
is é an meáchan adamhach atá aige ná 131.29.
Ceann de na triathgháis é an xeanón, agus ochtréad iomlán ar an
sceall is faide amuigh sa néal
leictreon
aige, rud a fhágas nach bhfuil sé araiciseach chun imoibriúcháin.
Mar sin féin is féidir leis an xeanón dul i gcomhdhúile
ceimiceacha áirithe, go háirithe leis an bhfluairín, arb é an
t-ocsaídeoir is láidre de na dúile go léir. Úsáidtear xeanón i
bhfeadáin solais, nó is dual dó solas gorm a dhéanamh má
chuirtear réimse leictreachais i bhfeidhm air.
Tá
a lán iseatóp cobhsaí ag an xeanón, ocht
gcinn acu
ar fad. Thairis
sin, tá aon raidiseatóp nádúrtha amháin aige,
agus é chomh fadsaolach is gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá
radaighníomhaíocht.
ISEATÓIP NÁDÚRTHA AN XEANÓIN
|
Maisuimhir
|
Céatadán i xeanón an dúlra
|
Radaighníomhaíocht
|
124
|
0.1
|
Ar chúiseanna teoiriciúla táthar ag déanamh go dtagann
béite-mheath dúbailte ar an iseatóp seo. Níl fianaise ar bith
ann leis an teoiric seo a fhíorú, agus mar sin glactar leis gur
núiclíd chobhsaí atá ann go praiticiúil.
|
126
|
0.09
|
cobhsaí
|
128
|
1.9
|
cobhsaí
|
129
|
26.4
|
cobhsaí
|
130
|
4.1
|
cobhsaí
|
131
|
21.2
|
cobhsaí
|
132
|
26.9
|
cobhsaí
|
134
|
10.4
|
Ar chúiseanna teoiriciúla táthar ag déanamh go dtagann
béite-mheath dúbailte ar an iseatóp seo. Níl fianaise ar bith
ann leis an teoiric seo a fhíorú, agus mar sin glactar leis gur
núiclíd chobhsaí atá ann go praiticiúil.
|
136
|
(iarsmaí beaga)
|
béite-mheath dúbailte, leathré timpeall is 2 x 1011
bliain
|
Níl
flúirse xeanóin in atmaisféar an Domhain, agus níl an triathghás
áirithe seo róraidhsiúil ar na pláinéid eile ach an oiread. Is é
Iúpatar an pláinéad is saibhre sa xeanón, rud is ábhar suime
agus suntais do na heolaithe.
X-radaíocht
a thugtar ar an radaíocht atá níos tonnfhaide ná an
gháma-radaíocht, níos tonnghiorra ná an radaíocht ultraivialait.
Ba é Wilhelm Konrad Röntgen a d'aithin an X-radaíocht an chéad
uair sa bhliain 1895, agus ina lán teangacha tugtar ”radaíocht
Röntgen” ar an gcineál seo radaíochta. Úsáidtear X-ghathanna
(is é sin, gathanna X-radaíochta) sa dochtúireacht (le pictiúirí
a thógáil de chnámha an duine bheo, ach go háirithe) agus sna
seiceálacha slándála ar na haerfoirt (le fáil amach faoina bhfuil
istigh i mála dúnta). Chomh saibhir is atá na gathanna seo i
bhfuinneamh áfach baineann priacal áirithe ailse leo, nó
déanann siad dochar do na comhdhúile íogaire bithcheimiceacha sna
cealla beo .