Alphonsus – Cráitéar mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh thoir de Mhuir na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus Alpitragus. Tá Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón mbliain 1221 go 1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna heolaíochtaí, agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná Sabio, nó an Fear Críonna, agus Astrólogo, nó an tAstralaí.
Monday, July 26, 2021
Alpheratz
Alpheratz nó Sirah nó Alpha Andromedae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat, agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.
Tá Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.
Tá roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta, mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le haithint ar a speictream.
Alphekka
Alphekka nó Alphecca nó Gemma nó An tSeoid nó Alpha Coronae Borealis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian, agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.
Is gnách Alphecca Meridiana a thabhairt ar Alpha Coronae Australis, is é sin, an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.
Alpha Centauri
Alpha Centauri nó Toliman nó Bungula a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ag an imtharraingt.
Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A. Cosúil leis sin is fearr leis an Aontas gan ”Toliman”, ainm traidisiúnta eile a thagraíos d’Alpha Centauri, a thabhairt ach ar Alpha Centauri B feasta.
Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.
Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.
Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.
Alnitak
Alnitak nó Zeta Orionis a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sí suite faoi thuairim is ceithre chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta inti féin í.
Alnair
Alnair (focal Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:
Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s’againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d’fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.
Alnilam
Alnilam nó Epsilon Orionis atá ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá inti, is é sin, réalta the ghorm í. Tá sí suite faoi thuairim is dhá mhíle solasbhliain dínn, agus í tríocha oiread chomh trom leis an nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an lá is faide anonn.
Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis
Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...
-
"THE USUAL RULES": The "usual rules" of initial mutation after the combination of a simple preposition and a following ...
-
MUNSTER IRISH – GAEILGE NA MUMHAN Munster Irish dialects are those spoken in Kerry, Co. Cork, and in Co. Waterford. When we speak...
-
MUNSTER IRISH – GAEILGE NA MUMHAN Munster Irish dialects are those spoken in Kerry, Co. Cork, and in Co. Waterford. When we speak of...