Monday, July 26, 2021

Alpha Centauri

 Alpha Centauri Toliman Bungula a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ag an imtharraingt.


Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A. Cosúil leis sin is fearr leis an Aontas gan ”Toliman”, ainm traidisiúnta eile a thagraíos d’Alpha Centauri, a thabhairt ach ar Alpha Centauri B feasta.

Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.


Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.


Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.

1 comment:

  1. Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost:{shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa

    ReplyDelete

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...