Monday, July 26, 2021

Alphekka

 Alphekka Alphecca Gemma An tSeoid Alpha Coronae Borealis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian, agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.


Is gnách Alphecca Meridiana a thabhairt ar Alpha Coronae Australis, is é sin, an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.

Alpha Centauri

 Alpha Centauri Toliman Bungula a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ag an imtharraingt.


Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A. Cosúil leis sin is fearr leis an Aontas gan ”Toliman”, ainm traidisiúnta eile a thagraíos d’Alpha Centauri, a thabhairt ach ar Alpha Centauri B feasta.

Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.


Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.


Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.

Alnitak

 Alnitak Zeta Orionis a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sí suite faoi thuairim is ceithre chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta inti féin í.

Alnair

 Alnair (focal Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:


  • Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s’againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d’fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

  • Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.

Alnilam

 Alnilam Epsilon Orionis atá ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá inti, is é sin, réalta the ghorm í. Tá sí suite faoi thuairim is dhá mhíle solasbhliain dínn, agus í tríocha oiread chomh trom leis an nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an lá is faide anonn.

Almach

 Almach Gamma Andromedae atá ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon Andraiméide í. (Is é moladh oifigiúil Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe inniu ná gan an t-ainm sin Almach a thabhairt ach ar an gcomhréalta is mó, is é sin, Gamma Andromedae A.) D’aithin na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú céad déag gur déréalta a bhí ann. Ceann den dá réalta sin áfach, is dóigh le lucht na ceirde inniu gur córas trí réalta ann féin é. Mar sin, córas ceithre réalta atá i nGamma Andromedae, agus é suite faoi trí chéad is caoga solasbhliain dínn. Is iad na ceithre réaltaí sin ná:


  • γ Andromedae A (”Almach” sa chiall chúng). Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.

  • γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.

  • γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.

Allatróp

 Allatróp: Is éard atá i gceist leis na hallatróip ná leaganacha éagsúla d’aon dúil cheimiceach amháin a bhfuil a saintréithe fisiciúla difriúil toisc go bhfuil eagar éagsúil ar na hadaimh i struchtúr an chriostail nó sna móilíní. Cé gurb í an dúil chéanna atá i gceist sna hallatróip éagsúla agus na hairíonna ceimiceacha céanna acu go léir, is féidir leo bheith an-difriúil, abair, ó thaobh na nimhiúlachta de, agus allatróp amháin níos araicisí chun imoibriúcháin ná an ceann eile. Mar shampla, is substaintí nimhiúla iad an t-ózón agus an fosfar bán ar an gcúis áirithe seo.


Samplaí den allatrópacht iad seo:

  • Allatróip an charbóin: an diamant, an ghraifít, an lonsdaeilít, na fullairéiní...

  • Allatróip na hocsaigine: an ghnáthocsaigin agus an t-ózón.

  • Allatróip an fhosfair: an fosfar bán, an fosfar dearg, an fosfar dubh, an fosfar corcra...

  • Allatróip an stáin: an stán miotalach agus an stán neamh-mhiotalach.

  • Allatróip an tseiléiniam: an seiléiniam miotalach, an seiléiniam liath, an seiléiniam dearg.

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...