Monday, July 26, 2021

Alkaid

 

Alkaid Benetnasch Eta Ursae Majoris atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht, in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid, nó ní ball den ghrúpa sin é.

Wednesday, July 21, 2021

Alioth

 

Alioth Epsilon Ursae Majoris atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s’againn. Tá Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i mbreosla hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.

Friday, July 16, 2021

Algol

 

Algol an Deamhanréalta a thugtar ar an réalta úd Beta Persei; ainm eile as Béarla é Winking Demon, is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí leis an ainm Araibise úd Al-Ghul, agus is ionann sin mar fhocal agus ghoul an Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo a bhí i gceist.

Is é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach. Mar sin féin tugtar déréalta speictreach ar Algol, toisc gurb ar na hathruithe speictrim is lonrachais a d’aithin na réalteolaithe an chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.

Le fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí aon cheann den dá réalta eile.

Réaltaí príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is réalta den B-aicme í. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais agus an téagair, agus beagnach dhá chéad oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1, tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta, baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná níos mó, ná an Ghrian.

Bhí an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le hAlgol.

Algenib

 

Algenib an t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:


  • Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.

  • Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.

Alfa-radaíocht

 

Alfa-radaíocht an cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir le maolú uirthi go substaintiúil.


Na halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.

Alfa-mheath

 

Alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas, astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d’uimhir adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).


Ar dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach.

Dealraíonn sé gurb é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.

Alfa-cháithnín

 

Alfa-cháithnín a thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.

Núicléas trom ag astú alfa-cháithnín - cáithnín atá comhdhéanta as dhá phrótón agus dhá neodrón. Pictiúr: Inductiveload, Vicipéid an Bhéarla


Nuair a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá leictreon óna thimpeallacht agus iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá thoradh sin bíonn boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta úráiniam – bíonn na hadaimh úráiniam ag astú alfa-radaíocht, chomh maith lena lán núiclídí troma eile a bhíos coitianta sna mianta sin.

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...