Tuesday, April 20, 2021

An tAerchaidéal

 

An tAerchaidéal: Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia atá dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d’ainmnigh an réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha Antliae, níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian s’againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise. Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha Antliae.

Tá an réaltra seo, NCG 2997, le feiceáil i réaltbhuíon an Aerchaidéil. Foinse: Réadlann Theas na hEorpa (European Southern Observatory). 


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...