Adamh: An t-aonad is lú d’aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin. Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach seo de dhíth leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir, nó an fórsa núicléach.
Taobh amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon, agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.
Tá ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite; an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.
Is iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2, 3... Más ionann n agus an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach asamataí (l) agus 0, 1, 2,...(n – 1). Más ionann l agus an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,...l, -l. Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil di: ½ agus -½.
Ní mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine, nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon déag is ceithre scór aige).
Is féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin is bunús leis an nasc ianach.
No comments:
Post a Comment