Tuesday, April 20, 2021

Achtanóideach

 

Achtanóideach achtainíd – Is iad na hachtanóidigh nó na hachtainídí na dúile a thagas i ndiaidh an achtainiam i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an lárainciam (Lr) an ceann deireanach acu. Tá sé idir eatarthu cé acu a áirítear an t-achtainiam féin orthu nó nach n-áirítear. Seo iad na hachtanóidigh:


Dúil

Siombail cheimiceach

Uimhir na dúile

Meáchan adamhach (nó an t-iseatóp is cobhsaí)

Achtainiam

Ac

89

(227)

Tóiriam

Th

90

232.04

Prótachtainiam

Pa

91

231.04

Úráiniam

U

92

238.03

Neiptiúiniam

N

93

(237)

Plútóiniam

Pu

94

(244)

Aimeiriciam

Am

95

(243)

Ciúiriam

Cm

96

(247)

Beircéiliam

Bk

97

(247)

Calafoirniam

Cf

98

(251)

Éinstéiniam

Es

99

(252)

Feirmiam

Fm

100

(257)

Meindiléiviam

Md

101

(258)

Nóbailiam

No

102

(259)

Láirinciam

Lr

103

(266)


Uaireanta chloisfeá gurb ionann na hachtanóidigh agus na dúile ón achtainiam go dtí an láirinciam, ach gurb iad na hachtainídí na dúile ón tóiriam go dtí an láirinciam, is é sin, nach ceann de na hachtainídí é an t-achtainiam, cé gur ceann de na hachtanóidigh é. Dealraíonn sé, áfach, nach bhfuil faomhadh oifigiúil Chumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ag an tuiscint seo.


Mar is léir ón tábla thuas, is dúile radaighníomhacha iad na hachtanóidigh, agus is beag is féidir a rá faoi na cinn deireanacha acu: mar shampla, is í an leathré atá ag an iseatóp is cobhsaí atá ag an láirinciam ná aon uair déag, agus dá réir sin, tá sé deacair dainséarach taighde a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha na dúile, nó thiocfadh meath ar do chuid láirinciam go tiubh, agus an t-eiseamal chomh te ag astú radaíochta uaidh is go mbeadh trealamh trom cosanta de dhíth ort. Ón taobh eile de, tá leathré an úráiniam agus an tóiriam chomh fada is go bhfuil siad ar fáil go nádúrtha sa dúlra, agus mar sin is féidir meáchan adamhach a áireamh, a shocrú is a shainiú dóibh. Maidir leis an bprótachtainiam, is í an leathré atá ag an iseatóp is fadsaolaí aige ná breis is tríocha míle bliain, agus é ar fáil mar thruailleán in úráiniam an dúlra agus mar dhramhaíl sna himoibreoirí núicléacha.




No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...