Éabhlóid réaltach a thugtar ar an dóigh a bhforbraíonn an réalta. Ar dtús níl ann ach néal móilíní gáis, agus an imtharraingt á gcarnadh le chéile, rud ar a dtugtar imphléasc imtharraingthe. Sa deireadh tá prótairéalta ann: is éard atá inti ná sféar te atá ag rothlú. Is é is cúis leis an teas ná fuinneamh na himtharraingthe. I ndiaidh a foirmithe beidh an phrótairéalta ag tarraingt tuilleadh damhna chuici, próiseas ar a dtugtar fuilleamh. Má tá an phrótairéalta sách trom, sách téagartha, tosóidh comhleá na bprótón go héiliam i gcroílár na réalta, agus ansin tá an phrótairéalta iompaithe ina réalta phríomhsheichimh.
Na réaltaí atá an-te, an-téagartha, ní fhanfaidh siad sa phríomhsheicheamh ach roinnt mhilliún blianta. Réaltaí cosúil leis an nGrian, áfach, mairfidh siad na mórmhilliúin de bhlianta ag comhleá prótóin. Sa deireadh, áfach, tiocfaidh deireadh leis an hidrigin i lár na réalta, agus aistreoidh an t-imoibriúchán go dtí na cisil taobh amuigh den chroí. Ansin rachaidh na cisil sin go mór mór i bhfairsinge, ionas go n-iompóidh leithéid na Gréine féin ina fathachréalta.
Sa deireadh ní fhágfar den Ghrian ach abhacréalta bhán, agus na cisil ina timpeall ag dul i bhfairsinge is á scaipeadh mar réaltnéal pláinéadach. Maidir leis na réaltai is mó, is teo, áfach, pléascfaidh siad ina n-ollnóva, agus ina dhiaidh sin déanfar neodrónréalta nó fiú dúpholl de chroí na réalta.
An Eala atá ar an réaltbhuíon idir Ceiféas, an Dragan, an Lir, an Sionnach, Peigeasas, agus an Laghairt. Is féidir Cros an Tuaiscirt a thabhairt ar an Eala freisin, ach le fírinne níl i gCros an Tuaiscirt ach an astaireacht atá comhdhéanta as na réaltaí is gile san Eala, is é sin Alpha Cygni (Deneb), Beta Cygni (Albireo), Gamma Cygni (Sadr), Delta Cygni (Fawaris) agus Epsilon Cygni (Aljanah nó Gienah).
Ollfhathach bán nó bánghorm den A-aicme atá in Deneb, agus é suite dhá mhíle go leith de sholasbhlianta uainn. Mar sin féin tá sé ar an naoú ceann déag is gile de réaltaí na spéire chomh mór millteanach is atá sé. Is é an réalta is gile san Eala.
Tá Albireo nó Beta Cygni ar an gcúigiú réalta is gile sa réaltbhuíon. Ilréalta atá ann. Maidir leis an gcomhbhall is mó san ilréalta seo, Albireo Aa, is fathachréalta é atá cúig oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, agus míle oiread, nó fiú míle go leith oiread, chomh geal. Tá Albireo suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, nó ábhairín níos faide. K-réalta is ea Albireo Aa; maidir leis an gcompánach, Albireo B, is B-réalta é.
Maidir le Gamma Cygni nó Sadr, is ollfhathach buí F-aicme é – ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá an réalta seo suite faoi 1800 solasbhliain dínn, agus í dhá oiread déag chomh trom téagartha leis an nGrian, tríocha trí mhíle oiread chomh geal léi. Tá Sadr ar an dara réalta is gile san Eala.
Tá Delta Cygni ar an gceathrú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fawaris an t-ainm traidisiúnta ar an réalta, ach is é an moladh a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta ná gan an t-ainm sin a úsáid ach le tagairt a dhéanamh don réalta is mó sa chóras, is é sin Delta Cygni A. Tá dhá chompánach ag Fawaris, mar atá, Delta Cygni B agus Delta Cygni C. Réalta B-aicme atá i bhFawaris, agus í céad caoga cúig oiread chomh geal leis an nGrian, cé nach bhfuil sí ach trí oiread chomh trom léi. Tá Delta Cygni B níos lú (oiread go leith chomh trom leis an nGrian), agus is F-réalta í. Maidir le Delta Cygni C, is í an chomhréalta is lú acu, agus is K-réalta í. Is mar A-réalta a fheictear Delta Cygni ón Domhan, áfach, gan dul i dtuilleamaí gléasra sofaisticiúil réaltbhreathnaithe. Tá an córas suite faoi chéad agus cúig solasbhliana is trí scór dár nGrianchóras féin, a bheag nó a mhór.
San Eala a chuir na réalteolaithe sonrú sa chéad réad réalteolaíoch a meastar gur dúpholl atá ann. Tugtar Cygnus X-1 ar an réad. Ceann den dá chomhbhall i ndéréalta é an dúpholl, agus é suite faoi 0.2 aonad réalteolaíoch dá chompánach, ar ollfhathachréalta bhánghorm é – níl d'ainm ar an réalta seo ach ”HDE 226868”. Tá an dúpholl ag baint damhna den ollfhathachréalta, nó dá réaltghaoth, agus an damhna sin ag timpeallú an dúphoill mar dhiosca fuillimh. Gintear x-radaíocht láidir sa diosca, agus is ar an radaíocht sin a d'aithin na réalteolaithe an chéad uair gur réad éigin iontach trom, iontach dlúth a bhí ann.
Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.
Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.
Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlófar go húráiniam a 233 (233U) taobh istigh den imoibreoir féin (tugtar pórú nó pórúchán ar an bpróiseas seo, agus is cineál imoibreoir pórúcháin é an t-imoibreoir tóiriam). Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.
Éan Parthais atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Triantán an Deiscirt, an Compás, an Chuileog, an Caimileon, an tOchtamhán, an Phéacóg, agus an Altóir. Ba é Petrus Plancius (Pieter Platevoet) a d'ainmnigh an réaltbhuíon seo i ndeireadh na séú haoise déag, agus ba é Nicolas Louis de Lacaille a mhapáil na réaltaí is gile inti i lár na hochtú haoise déag. Apus an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo.
Níl d'ainm againn ar na réaltaí is gile féin in Éan Parthais ach na litreacha Gréagacha a bhaineas le hainmníocht Bayer.
Alpha Apodis an réalta is gile in Éan Parthais. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme í. Tá sí suite faoi 400-450 solasbhliain dínn, agus í breis is naoi gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.
Níl Beta Apodis ar an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, ach ar an tríú ceann. K-réalta atá i gceist leis an gceann seo chomh maith, agus í suite céad go leith de sholasbhlianta ón Domhan s’againn. Níl mais dhá Ghrian inti, ach tá sí iompaithe ina fathachréalta, mar atá daite don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.
Tá Gamma Apodis suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta den Domhan freisin. G-réalta – is é sin, réalta bhuí – atá inti chomh maith leis an nGrian, ach is fathachréalta í agus í trí scór oiread níos lonrúla.
Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha go cothrom trí chéile – staid a dtugtar teasbhás uirthi freisin.
Ní bhfuair an Ollchruinne s'againn teasbhás go fóill, mar is soiléir, agus mar sin, is féidir glacadh leis go raibh tús ag an Ollchruinne agus go bhfuil aois theoranta aici – gur tháinig an Ollchruinne chun saoil, go raibh tús aici. Dá mbeadh an Ollchruinne síoraí, is é sin dá mbeadh sí ann gan tús gan deireadh, bheadh an chothromaíocht theirmidinimiciúil bainte amach aici cheana féin, is é sin bheadh sí tar éis teasbhás a fháil. Ba iad an Tiarna Kelvin (William Thompson), an fisiceoir Gearmánach Hermann von Helmholtz, agus an t-innealtóir Albanach William John Macquorn Rankine a tháinig ar an tuiscint seo thiar sa naoú haois déag, roimh aon duine eile.
Éapacht a thugtar ar ”aois” na Gealaí ar an gcéad lá de Mhí Eanáir (nó Lá na Caille) – is é sin, cé mhéad laethanta a d’imigh ón nua-ré dheireanach. Úsáidtear an éapacht le lá na Cásca a shocrú.
Earcail atá ar an réaltbhuíon idir an Dragan, an tAoire, Coróin an Tuaiscirt, Ceann na Péiste, Fear na bPéisteanna, an tIolar, an tSaighead, an Sionnach, agus an Lír. Is iad na réaltaí is gile sa réaltbhuíon seo ná Rasalgethi (Alpha Herculis), Kornephoros (Beta Herculis), Gamma Herculis, agus Zeta Herculis.
Tá Alpha Herculis comhdhéanta as dhá dhéréalta agus iad ag timpeallú a chéile; de réir chleachtas an lae inniu ní thagraíonn an t-ainm úd Rasalgethi ach don réalta is gile den cheathrar. Tá an córas seo tuairim is 360 solasbhliain uainn. Tá an dá dhéréalta suite leathmhíle aonad réalteolaíoch ó chéile, agus iad ag críochnú imrothlú amháin timpeall a chéile in aghaidh gach 3600 bliain. Is fathachréalta dhearg M-aicme í Rasalgethi (Alpha Herculis A), agus mais dhá nó trí chéad Ghrian inti. Maidir leis an déréalta úd Alpha Herculis B, is G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí í agus í san aicme chéanna leis an nGrian.
Le fírinne tá Beta Herculis, nó Kornephoros, níos gile ná Alpha Herculis. Déréalta í, cé nach bhfuil ach aon réalta amháin infheicthe, agus is ar an gceann sin a thugas eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe Kornephoros go hoifigiúil. Tá an réalta suite faoi 139 solasbhliana dínn. Is G-réalta í, díreach cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í atá céad go leith oiread chomh lonrúil, trí oiread chomh trom. Maidir leis an gcomhréalta bheag, tá sí beagáinín níos éadroime ná an Ghrian.
Maidir le Gamma Herculis, is fathachréalta bhán í, is é sin tá sí an-te, agus í ag dó a cuid hidrigine go héiliam go tiubh teirimeach. Tá sí suite faoi 193 solasbhliana dínn, agus í dhá oiread déag is ceithre scór chomh lonrúil leis an nGrian.
Tá dhá réaltbhraisle chruinneogacha le feiceáil in Earcail, mar atá, M13 agus M92. Tá an chéad cheann acu ar an réaltbhraisle is gile ar spéir an tuaiscirt, agus is féidir í a aithint gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc ar bith.
Eibleacht a thugtar ar mheascán collóideach dhá chineál leachta (nó níos mó, fiú) nach bhfuil intuaslagtha le chéile. Is éard a bhíos ann go praiticiúil ná deoiríní dofheicthe aon chineál leachta agus iad scaipthe sa chineál eile.
Éicisféar a thugtar ar chóras éiceolaíochta an phláinéid, is é sin, na héiceachórais go léir in éineacht.
Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.
Eifimiris a thugtaí, go stairiúil, ar thábla a thabharfadh eolas faoi ruthag na rinne neimhe (ruthag an phláinéid) ar an spéir, mar a bhí áirithe ag an réalteolaí roimh ré. Inniu, úsáidtear ríomhchláir le táblaí den chineál sin a chur le chéile, mar is follasach.
Éilim a bhaist na réalteolaithe George Gamow agus Ralph Alpher ar an gcineál damhna a bhí ann go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, de réir na teoirice a chuir siad faoi bhráid na n-eolaithe eile faoi dheireadh na ndaichidí.
Éinstéiniam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 99. Es an tsiombail cheimiceach, agus is léir gur in ómós don fhisiceoir chlúiteach Albert Einstein, a chéadcheap teoiric na coibhneasachta, a baisteadh an dúil seo. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an t-éinstéiniam. Mar sin féin tá an t-iseatóp is cobhsaí bliain amháin agus trí mhí go leith ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an éinstéiniam. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin atá aitheanta, agus is é an chéad cheann acu is coitianta.
Ba é an fisiceoir Meiriceánach Albert Ghiorso a chéadaithin an t-éinstéiniam sa bhliain 1952. Bhí Ghiorso agus a fhoireann ag déanamh taighde ar an dramhaíl radaighníomhach a d’fhág an turgnamh úd Ivy Mike ina dhiaidh – an chéad bhuama hidrigine ar bhain na Meiriceánaigh triail as a bhí i gceist – agus is ansin a tháinig siad trasna ar an dúil nua seo.
Miotal bog é an t-éinstéiniam. Is féidir eiseamal macrascópach (is é sin, sách mór le bheith infheicthe) éinstéiniam a dhéanamh, ach ní bhactar leis de ghnáth, i bhfianaise an dochar agus an dainséar atá sa dúil seo don duine de dheasca na radaighníomhaíochta.
Eipiciogal: Is éard a bhí i gceist leis na heipiciogail ná sórt ciorcail chúnta a bhí in úsáid ag na réalteolaithe le gluaiseachtaí na bpláinéad a áireamh is a shoiléiriú sula raibh glacadh forleathan leis an héilealárnachas, is é sin leis an tuiscint gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais. Glacadh leis go raibh gach pláinéad ag dul timpeall ar phointe a bhí ag fithisiú an Domhain, agus ba é an t-eipiciogal fithis an phláinéid thart ar an bpointe sin. Ba é an ciorcal iompair fithis an phointe thart ar an Domhan. Le bheith beacht níorbh é an Domhan lárphointe an chiorcal iompair ach an oiread – bhí an lárphointe sin, an t-éalárnán, suite taobh amuigh den Domhan.
Níor chuir teoiric héilealárnach Copernicus deireadh leis na heipiciogail, nó bhí Copernicus barúlach gur ciorcail fhoirfe a bhí i bhfithisí na bpláinéad, agus theastaigh eipiciogail bheaga uaidh féin leis na breathnuithe a chur in oiriúint don teoiric. Níor éirigh na réalteolaithe as na heipiciogail a úsáid ach amháin nuair a tuigeadh dóibh nach ciorcail a bhí sna fithisí ach éilipsí.
Eireaball: Is é eireaball an chóiméid is minice a bhíos i gceist leis an bhfocal ”eireaball” i gcoimhthéacs na réalteolaíochta. Is í an ghrianghaoth is cúis le foirmiú an eireabaill, an dóigh a bhfuil sí ag baint ábhair den chóiméad, nó den chóma (an sféar gáis agus deannaigh timpeall ar an gcóiméad). Le fírinne áfach tá dhá eireaball ann: an t-eireaball gáis (nó an t-eireaball gásach) agus an t-eireaball deannaigh (nó an t-eireaball dusta). Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach is féidir iad a aithint thar a chéile cuid mhór den am, toisc go bhfuil an t-eireaball deannaigh níos maille ag iompú ná an t-eireaball gáis.
Eireaball maighnéadach: Is gnách a rá go bhfuil ”eireaball maighnéadach” ag an Domhan agus ag na pláinéid eile, an dóigh a síneann an ghrianghaoth maighnéadaisféar (réimse maighnéadach) na bpláinéad. Mar shampla, tá réimse maighnéadach Iúpatar sínte chomh fada amach le fithis Shatarn féin.
Eireaball na Péiste: Tá réaltbhuíon na Péiste scoilte ina dhá leath ag Fear na bPéisteanna. Tugtar Eireaball na Péiste (Serpens Cauda) ar an leath thoir. Is gnách, áfach, glacadh leis an bPéist mar aon réaltbhuíon amháin ó thaobh ainmneacha córasacha na réaltaí de, cosúil leis na litreacha in ainmníocht Bayer. Is í Eta Serpentis an réalta is gile san Eireaball.
Éirí héileacach atá i gceist má fheictear réalta ag éirí ó scáth na léaslíne go gairid roimh éirí na Gréine, i ndiaidh don réalta sin a bheith dofheicthe ar feadh tréimhse éigin. Bhí éirí héileacach Sirius tábhachtach i bhféilireacht na hÉigipte, nó bhí féilire na nÉigipteach bunaithe ar an mbliain Shótach, is é sin, an tréimhse idir dhá éirí héileacach Sirius.
Na hÉisc a thugtar ar an réaltbhuíon idir Iompróir an Uisce (an tUisceadóir) agus an Reithe, agus ar ndóigh ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca atá ann. Sna hÉisc a haithníodh an chéad abhacréalta bhán nach bhfuil ina comhbhall d’aon déréalta nó ilréalta, mar atá, Réalta van Maanen – ba é an réalteolaí Ollannach Adriaan van Maanen a rinne a fionnachtain sa bhliain 1917. Tá réalta van Maanen suite réasúnta cóngarach, is é sin, faoi cheithre solasbhliana déag dínn.
Is é an seanainm ar Alpha Piscium ná Alrescha; déréalta í atá suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. A-réaltaí iad an dá chomhbhall. De réir nós an lae inniu ní thugtar Alrescha go hoifigiúil ach ar Alpha Piscium A, an ceann is mó den bheirt.
Maidir le Beta Piscium, is é an seanainm atá ar an réalta sin ná Fumalsamakah nó Fum as-Samaka, agus is é is ciall leis na focail Araibise sin ná ”Béal an Éisc” (cosúil le Fomalhaut a chiallaíos ”béal an mhíl mhóir”; is í Fomalhaut an réalta is gile in Iasc an Deiscirt). B-réalta í Fumalsamakah agus í suite tuairim is 410 solasbhliana uainn. Tá sí ceithre oiread agus seacht ndeichiú cuid chomh téagartha leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is leathmhíle oiread chomh lonrúil. Mar sin féin glactar leis gur réalta phríomhsheichimh í.
Tá Gamma Piscium sách cosúil leis an nGrian ó thaobh an datha de, is é sin, is G-réalta í. Scéal eile ar fad áfach gur fathachréalta atá inti agus í tuairim is trí scór oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Tá sí suite céad agus ocht solasbhliana déag is fiche uainn.
K-réalta atá in Delta Piscium, agus is réalta aonair í (is é sin ní déréalta ná ilréalta atá inti). Fathachréalta fhlannbhuí atá inti: tá sí ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, ach tá sí beagnach ceithre chéad agus caoga oiread chomh lonrúil.
Epsilon Piscium arís, tá sí tuairim is céad solasbhliain is ceithre scór ar shiúl uainn. Tá an réalta seo breis is dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus beagnach seachtó oiread chomh lonrúil. Tá sí ar an teorainn idir a bheith ina G-réalta agus ina K-réalta; mar sin is fathachréalta fhlannbhuí í agus í traidhfilín beag níos fuaire ná an Ghrian. Tá an dá bh’fhéidir ann cé acu déréalta nó réalta aonair atá inti.
Is ilréalta í Zeta Piscium nó Revati, agus mar is gnách inniu, ní thagraíonn an t-ainm traidisiúnta sin Revati ach don chomhbhall is gile (Zeta Piscium Aa), de réir na téarmaíochta oifigiúla. Tugtar Zeta Piscium Aa agus Ab ar an déréalta is gile; Zeta Piscium Ba agus Bb an déréalta eile; an cúigiú réalta atá ann, is í Zeta Piscium C í. A-réaltaí iad Aa agus Ab; maidir leis na réaltaí eile, is féidir a rá gur F-réalta í Ba agus go bhfuil Bb ina G-réalta, cosúil leis an nGrian s’againn. Tá an córas casta seo suite faoi chéad is seachtó solasbhliain dínn.
Cé nach bhfuil an litir úd Eta ach ar an seachtú litir in aibítir na nGréagach, is í Eta Piscium nó Alpherg an réalta is gile sa réaltbhuíon – sampla is ea é de chomh míchruinn is a bhíos ainmníocht Bayer uaireanta. Déréalta í Eta Piscium, agus í comhdhéanta as Eta Piscium A agus Eta Piscium B: ní thagraíonn Alpherg go hoifigiúil ach d’Eta Piscium A inniu. Is G-réalta í Eta Piscium, cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í: tá Eta Piscium A beagnach ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus í ceithre céad caoga seacht n-oiread chomh lonrúil. Tá Eta Piscium suite faoi thrí chéad go leith de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór.
Eisibhitheolaíocht nó réaltbhitheolaíocht a thugtar ar an mbrainse bitheolaíochta a chardálas beatha ar phláinéid eile. Mar is eol do chách, níor thángthas ar bheatha ar bith ar aon phláinéad eile go fóill, agus mar sin níl san eisibhitheolaíocht i láthair na huaire ach teoiriceoireacht.
De réir thuiscint an lae inniu ní féidir teacht ar neacha beo cliste ar aon phláinéad sa Ghrianchóras s’againn. Scéal eile é go bhfuil sé incheaptha gur fhorbair miocrorgánaigh, cinn a bheadh cosúil le víreasanna, in áit éigin. Tá tuairimíocht ann mar shampla go bhféadfaimis teacht ar bheatha shimplí den chineál sin sna cisil is airde thuas in atmaisféar Véineas.
Níltear cinnte, cé chomh cosúil a bheadh bitheolaíocht na neachanna eachtardhomhanda lenár mbitheolaíocht féin. Tá an bheatha ar an Domhan bunaithe ar an gcarbón mar phríomhdhúil, toisc nach bhfuil aon dúil cheimiceach eile in ann slabhraí fada d’adaimh den chineál chéanna a dhéanamh. Tá an smaoineamh ann gur féidir bithcheimic mhalartach a bhunú ar shlabhraí an tsileacain is na hocsaigine (ar an Domhan s’againn bíonn a leithéidí coitianta sna clocha – sna sileacáití). Is dócha áfach go mbeadh ról nach beag ag an gcarbón sa bhithcheimic shileacanbhunaithe freisin, chomh coitianta is a bhíos sé san ollchruinne.
Ceist chonspóideach eile é, an bhféadfadh leacht éigin eile gnó an uisce a dhéanamh don bheatha eachtardhomhanda: an amóinia, b’fhéidir. Bun scothláidir í an amóinia, agus í ina gás le teocht an tseomra, ach is féidir pláinéad fuar a shamhlú agus cónaí ar neachanna amóiniabhunaithe ansin. Ní fhéadfadh an cineál sin beatha úsáid a bhaint as an ocsaigin mar a dhéantar ar an Domhan, toisc gur dual don ghlanamóinia dul trí thine agus í ag teacht i dteagmháil leis an ocsaigin.
Cheap Carl Sagan, an réalteolaí clúiteach, na focail úd ”seoibhineachas carbóin” agus ”seoibhineachas uisce” agus é ag cur síos ar an tuiscint a bhí aige féin ar na cúrsaí seo: is éard a bhí sé a mhaíomh ná gur shíl sé nach bhféadfadh an bheatha eachtardhomhanda a bheith bunaithe ar aon bpríomhdhúil eile seachas an carbón (”seoibhineachas carbóin”), agus nach bhféadfadh sí déanamh in uireasa an uisce mar phríomhthuaslagóir (”seoibhineachas uisce”). Ní mór cuimhne a choinneáil air áfach gur féidir don bhithcheimic uiscebhunaithe charbónbhunaithe féin a bheith an-difriúil le ceimic na beatha domhanda.
Eisiompar a thugtar ar mhírialtacht thréimhsiúil áirithe i ngluaiseacht na Gealaí timpeall an Domhain. Go bunúsach is é an t-eisiompar an tionchar is mó atá ag an nGrian ar fhithis na Gealaí.
Eisteilgeáin – seo téarma a bhfuil dhá chiall aige i gcoimhthéacs na réalteolaíochta:
- Má bhuaileann dreigít an Domhan, nó pé rinn neimhe eile, beidh pléasc mhór ann agus scaoilfear ábhar san aer. Eisteilgeáin a thugtar ar an ábhar sin.
- Má thagann dhá réalta chomh cóngarach dá chéile is go mbainfidh siad ábhar dá chéile, agus an t-ábhar sin á scaoileadh chun bóthair sa spás, tabharfar eisteilgeáin ar an ábhar sin chomh maith.
Tháinig an téarma féin ón ngeolaíocht, nó is éard atá sna heisteilgeáin i gciall na geolaíochta ná ábhar a scaoilfear le linn bhrúchtadh an bholcáin, cosúil leis an laibhe (an magma) agus an teifre.
Eitilt fho-fhithiseach atá á déanamh ag na gnátheitleáin, abair – ní bhíonn siad ag fithisiú an Domhain.
Elara atá ar an ochtú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair. Níor baisteadh an t-ainm sin ar an ngealach seo ach sa bhliain 1975; roimhe sin ní raibh d’ainm oifigiúil uirthi ach ”Iúpatar a Seacht”, cé go dtugtaí ”Hera” uirthi uaireanta. Tá Elara 43 ciliméadar ar mheángha, agus is ceann de na satailítí i ngrúpa Himalia í. Is éard atá i gceist le grúpa Himalia ná cúig shatailít de chuid Iúpatair a bhfuil a bhfithiseanna ag athrú gan stad, ós rud é go bhfuil corraíl na Gréine agus na bpláinéad ag dul i bhfeidhm orthu.
Electra a thugtar ar an réalta úd 17 Tauri, agus mar is léir ón ainm sin tá sí le feiceáil i réaltbhuíon an Tairbh. Ceann de réaltaí na Pléadaí í, agus cosúil leis na cinn eile sa réaltbhraisle sin is fathachréalta bhánghorm í. Tá Electra suite tuairim is ceithre chéad solasbhliain ar shiúl uainn. Is B-réalta í, agus í beagnach míle oiread chomh lonrúil leis an nGrian s’againn. Tá sí ar an tríú réalta is gile sa bhraisle.
Enceladus an séú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Shatarn. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú ann thiar sa bhliain 1789, agus ba é an spástaiscéalaí úd Cassini a rinne an chuid is mó den mhapáil. Dá réir sin tá muid sách eolach ar Enceladus inniu. Tá ailbéideacht ard ag an ngealach seo (is é sin frithchaitear an chuid is mó den tsolas a thagas ón taobh amuigh), toisc nach bhfuil ann go bunúsach ach leac oighir timpeall croí cloiche, agus – mar a chreidtear – aigéan uisce taobh istigh idir an dá rud. Coinníonn an radaighníomhaíocht an croí agus an t-aigéan sách te, cé go bhfuil an dromchla thar a bheith fuar, de thoradh na hailbéideachta arda. Uaireanta feictear uisce an aigéin istigh ag briseadh tríd an dromchla, agus deirtear gur cineál bolcáin uisce atá ann.
Tá tír-raon saibhir athraitheach ag Enceladus, agus is gnách ainmneacha ó na finscéalta Arabacha a bhaisteadh ar ghnéithe an tír-raoin ar Enceladus: Aladdin atá ar cheann de na cráitéir mar shampla, agus Ali Baba ar cheann eile. Maidir leis an ngealach féin, fuair sí a hainm ó Enceladus nó Enkelados, fathach i miotaseolaíocht na Sean-Ghréige.
Tá Enceladus in athshondas le Dione: is é sin, nuair a chríochnós Dione aon chúrsa amháin timpeall ar Shatarn, críochnóidh Enceladus dhá cheann acu.
Epsilon Aurigae nó Almaaz an cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon an Ara – le fírinne is ilréalta í, agus de réir mar a shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta, ní thagraíonn an t-ainm Almaaz go hoifigiúil ach don chomhréalta is gile sa réaltchóras iomlán. Tá sé ina ábhar coinspóide i gcónaí cé chomh cóngarach don ghrianchóras s’againn atá Epsilon Aurigae suite: is féidir go bhfuil sí chomh cóngarach le 700 solasbhliain uainn, nó chomh cianmhar le 1600 solasbhliain uainn, nó idir eatarthu.
Réalta athraitheach (ilréalta uraitheach) í Epsilon Aurigae, nó bíonn an ghile ag titim go tráthrialta: in aghaidh na seacht mblian is fiche tagann dorchú áirithe ar an réalta, agus ní fhillfidh an tseanghile ach i gceann tuairim is dhá bhliain Dhomhanda.
An chomhréalta is gile, is é sin Almaaz sa chiall chúng, is ollfhathach F-aicme í. Maidir leis an gcomhréalta a uraíos Almaaz, creidtear gur déréalta inti féin í, agus diosca dusta ina timpeall.
Eros nó 433 Eros a thugtar ar an astaróideach arb é an chéad réad neas-Domhain a haithníodh riamh. Ceann de na hastaróidigh i nGrúpa Amor atá ann, agus cosúil lena lán astaróideach sa ghrúpa seo trasnaíonn sé fithis Mharsa ar a chamchuairt féin timpeall na Gréine. Chomh héagobhsaí is atá fithis Eros tá an priacal ann go dtosóidh sé ag trasnú fhithis an Domhain chomh maith, de dheasca na corraíola imtharraingthe, rud a chiallaíos gur féidir dó bualadh faoin Domhan sa deireadh. Ní bheidh fíorbhagairt ann ach i gceann cúpla milliún bliain, áfach.
Tá Eros fadaithe ina chosúlacht, agus cloch is mó atá ann. Tá sé ceithre ciliméadair is tríocha ar fad, aon chiliméadar déag ar leithead. Ba é an taiscéalaí úd NEAR Shoemaker an chéad spásghléas daondeanta a rinne breathnuithe ar Eros, sna blianta 1998-2001. Bhí an gléas seo ábalta an-obair a chur i gcrích ag léarscáiliú Eros, agus tá ainmneacha tugtha ar a lán gnéithe de dhromchla an astaróidigh ó shin.
Europa atá ar an gceann is lú de Ghealacha Galileo, is é sin, na ceithre gealacha is mó atá ag fithisiú Iúpatair. Tá Europa ar an séú ceann is mó de shatailítí nádúrtha na bpláinéad sa Ghrianchóras, nó sa bhreis ar an trí ghealach eile de chuid Galileo, tá an Ghealach s’againn agus Tiotán, an ghealach is mó atá ag Satarn, níos mó ná í. Ba é Galileo Galilei a d’aithin an ghealach seo in éineacht leis na trí cinn eile sa bhliain 1610, ach ba é Simon Marius a d’ainmnigh an ghealach. Le fírinne ní raibh mórán measa ag na réalteolaithe eile ar Mharius, agus ní dheachaigh an t-ainm a mhol sé in úsáid go fairsing ach san fhichiú haois. Roimhe sin, ba é ”Iúpatar a Dó” an t-ainm ba choitianta, agus ba é sin an t-ainm ab fhearr le Galileo féin. Ainm eile é ”Victripharus”, a mhol Giovanni Battista Hodierna, réalteolaí a d’fhoilsigh roinnt réaltmhapaí sa tseachtú haois déag. Tagairt a bhí ann do Vittoria della Rovere, bean Ferdinando de’ Medici; ba é Ferdinando Diúc na Tuscáine agus urraí Galileo.
Na taiscéalaithe spáis a rinne grianghrafanna de Europa ó na seachtóidí anuas – Pioneer 10, Pioneer 11, an dá Voyager agus Galileo – chuidigh siad go mór leis na réalteolaithe an ghealach seo a mhapáil agus tuairimíocht a dhéanamh faoina struchtúr inmheánach. Go prionsabalta tá Europa go léir clúdaithe le hoighear, agus dromchla an-mhín air. Tá a lán eolaithe barúlach go bhfuil dobhair uisce faoin oighear seo, ós rud é go mbíonn an ghealach seo á streachailt as a chéile ag imtharraingt Iúpatair féin agus na ngealach mór eile. Is dócha go bhfuil maintlín cloiche (sileacáite) faoin aigéan inmheánach sin, agus is dóigh le heolaithe áirithe go bhfuil croí iarainn ag an ngealach seo.
Maidir le gnéithe tíreolaíochta Europa, is fiú Conamara Chaos a lua sa chiclipéid seo. Réigiún anordúil atá ann mar is léir ón logainm, agus baisteadh an t-ainm air toisc go bhfuarthas a thír-raon cosúil le Conamara in Éirinn.
No comments:
Post a Comment