Thursday, June 13, 2019

Ciclipéid na hOllchruinne: Éabhlóid réaltach - X-radaíocht

Éabhlóid réaltach a thugtar ar an dóigh a bhforbraíonn an réalta. Ar dtús níl ann ach néal móilíní gáis, agus an imtharraingt á gcarnadh le chéile, rud ar a dtugtar imphléasc imtharraingthe. Sa deireadh tá prótairéalta ann: is éard atá inti ná sféar te atá ag rothlú. Is é is cúis leis an teas ná fuinneamh na himtharraingthe. I ndiaidh a foirmithe beidh an phrótairéalta ag tarraingt tuilleadh damhna chuici, próiseas ar a dtugtar fuilleamhMá tá an phrótairéalta sách trom, sách téagartha, tosóidh comhleá na bprótón go héiliam i gcroílár na réalta, agus ansin tá an phrótairéalta iompaithe ina réalta phríomhsheichimh.

Na réaltaí atá an-te, an-téagartha, ní fhanfaidh siad sa phríomhsheicheamh ach roinnt mhilliún blianta. Réaltaí cosúil leis an nGrian, áfach, mairfidh siad na mórmhilliúin de bhlianta ag comhleá prótóin. Sa deireadh, áfach, tiocfaidh deireadh leis an hidrigin i lár na réalta, agus aistreoidh an t-imoibriúchán go dtí na cisil taobh amuigh den chroí. Ansin rachaidh na cisil sin go mór mór i bhfairsinge, ionas go n-iompóidh leithéid na Gréine féin ina fathachréalta.

Sa deireadh ní fhágfar den Ghrian ach abhacréalta bhán, agus na cisil ina timpeall ag dul i bhfairsinge is á scaipeadh mar réaltnéal pláinéadach. Maidir leis na réaltai is mó, is teo, áfach, pléascfaidh siad ina n-ollnóva, agus ina dhiaidh sin déanfar neodrónréalta nó fiú dúpholl de chroí na réalta.

An Eala atá ar an réaltbhuíon idir Ceiféas, an Dragan, an Lir, an Sionnach, Peigeasas, agus an Laghairt. Is féidir Cros an Tuaiscirt a thabhairt ar an Eala freisin, ach le fírinne níl i gCros an Tuaiscirt ach an astaireacht atá comhdhéanta as na réaltaí is gile san Eala, is é sin Alpha Cygni (Deneb), Beta Cygni (Albireo), Gamma Cygni (Sadr), Delta Cygni (Fawaris) agus Epsilon Cygni (Aljananó Gienah).

Ollfhathach bán nó bánghorm den A-aicme atá in Deneb, agus é suite dhá mhíle go leith de sholasbhlianta uainn. Mar sin féin tá sé ar an naoú ceann déag is gile de réaltaí na spéire chomh mór millteanach is atá séIs é an réalta is gile san Eala.

Tá Albireo nó Beta Cygni ar an gcúigiú réalta is gile sa réaltbhuíon. Ilréalta atá ann. Maidir leis an gcomhbhall is mó san ilréalta seo, Albireo Aa, is fathachréalta é atá cúig oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, agus míle oiread, nó fiú míle go leith oiread, chomh geal. Tá Albireo suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, nó ábhairín níos faide. K-réalta is ea Albireo Aa; maidir leis an gcompánach, Albireo B, is B-réalta é.

Maidir le Gamma Cygni nó Sadr, is ollfhathach buí F-aicme é – ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá an réalta seo suite faoi 1800 solasbhliain dínn, agus í dhá oiread déag chomh trom téagartha leis an nGrian, tríocha trí mhíle oiread chomh geal léi. Tá Sadr ar an dara réalta is gile san Eala.

Tá Delta Cygni ar an gceathrú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fawaris an t-ainm traidisiúnta ar an réalta, ach is é an moladh a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta ná gan an t-ainm sin a úsáid ach le tagairt a dhéanamh don réalta is mó sa chóras, is é sin Delta Cygni A. Tá dhá chompánach ag Fawaris, mar atá, Delta Cygni B agus Delta Cygni C. Réalta B-aicme atá i bhFawaris, agus í céad caoga cúig oiread chomh geal leis an nGrian, cé nach bhfuil sí ach trí oiread chomh trom léi. Tá Delta Cygni B níos lú (oiread go leith chomh trom leis an nGrian), agus is F-réalta í. Maidir le Delta Cygni C, is í an chomhréalta is lú acu, agus is K-réalta í. Is mar A-réalta a fheictear Delta Cygni ón Domhan, áfach, gan dul i dtuilleamaí gléasra sofaisticiúil réaltbhreathnaithe.  Tá an córas suite faoi chéad agus cúig solasbhliana is trí scór dár nGrianchóras féin, a bheag nó a mhór.

San Eala a d'aithin na réalteolaithe an chéad dúpholl, nó an chéad réad réalteolaíoch ar dócha dó gur dúpholl atá ann. Tugtar Cygnus X-1 ar an réad. Ceann den dá chomhbhall i ndéréalta é an dúpholl, agus é suite faoi 0.2 aonad réalteolaíoch dá chompánach, ar ollfhathachréalta bhánghorm é – níl d'ainm ar an réalta seo ach ”HDE 226868”. Tá an dúpholl ag baint damhna den ollfhathachréalta, nó dá réaltghaoth, agus an damhna sin ag timpeallú an dúphoill mar dhiosca fuillimh. Gintear x-radaíocht láidir sa diosca, agus is ar an radaíocht sin a d'aithin na réalteolaithe an chéad uair gur réad éigin iontach trom, iontach dlúth a bhí ann.

Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.

Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.

Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlófar go húráiniam a 233 (233U) taobh istigh den imoibreoir féin (tugtar pórú nó pórúchán ar an bpróiseas seo, agus is cineál imoibreoir pórúcháin é an t-imoibreoir tóiriam). Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.

Éan Parthais atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Triantán an Deiscirt, an Compás, an Chuileog, an Caimileon, an tOchtamhán, an Phéacóg, agus an Altóir. Ba é Petrus Plancius (Pieter Platevoet) a d'ainmnigh an réaltbhuíon seo i ndeireadh na séú haoise déag, agus ba é Nicolas Louis de Lacaille a mhapáil na réaltaí is gile inti i lár na hochtú haoise déag. Apus an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo.

Níl d'ainm againn ar na réaltaí is gile féin in Éan Parthais ach na litreacha Gréagacha a bhaineas le hainmníocht Bayer.

Alpha Apodis an réalta is gile in Éan Parthais. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme í. Tá sí suite faoi 400-450 solasbhliain dínn, agus í breis is naoi gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.

Níl Beta Apodis ar an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, ach ar an tríú ceann. K-réalta atá i gceist leis an gceann seo chomh maith, agus í suite céad go leith de sholasbhlianta ón Domhan s’againn. Níl mais dhá Ghrian inti, ach tá sí iompaithe ina fathachréalta, mar atá daite don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Tá Gamma Apodis suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta den Domhan freisin. G-réalta – is é sin, réalta bhuí – atá inti chomh maith leis an nGrian, ach is fathachréalta í agus í trí scór oiread níos lonrúla.

Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha go cothrom trí chéile – staid a dtugtar teasbhás uirthi freisin.

Ní bhfuair an Ollchruinne s'againn teasbhás go fóill, mar is soiléir, agus mar sin, is féidir glacadh leis go raibh tús ag an Ollchruinne agus go bhfuil aois theoranta aici – gur tháinig an Ollchruinne chun saoil, go raibh tús aici. Dá mbeadh an Ollchruinne síoraí, is é sin dá mbeadh sí ann gan tús gan deireadh, bheadh an chothromaíocht theirmidinimiciúil bainte amach aici cheana féin, is é sin bheadh sí tar éis teasbhás a fháil. Ba iad an Tiarna Kelvin (William Thompson), an fisiceoir Gearmánach Hermann von Helmholtz, agus an t-innealtóir Albanach William John Macquorn Rankine a tháinig ar an tuiscint seo thiar sa naoú haois déag, roimh aon duine eile.

Éapacht a thugtar ar ”aois” na Gealaí ar an gcéad lá de Mhí Eanáir (nó Lá na Caille) – is é sin, cé mhéad laethanta a d’imigh ón nua-ré dheireanach. Úsáidtear an éapacht le lá na Cásca a shocrú.

Earcail atá ar an réaltbhuíon idir an Dragan, an tAoire, Coróin an Tuaiscirt, Ceann na Péiste, Fear na bPéisteanna, an tIolar, an tSaighead, an Sionnach, agus an Lír. Is iad na réaltaí is gile sa réaltbhuíon seo ná Rasalgethi (Alpha Herculis), Kornephoros (Beta Herculis), Gamma Herculis, agus Zeta Herculis.

Tá Alpha Herculis comhdhéanta as dhá dhéréalta agus iad ag timpeallú a chéile; de réir chleachtas an lae inniu ní thagraíonn an t-ainm úd Rasalgethi ach don réalta is gile den cheathrar. Tá an córas seo tuairim is 360 solasbhliain uainn. Tá an dá dhéréalta suite leathmhíle aonad réalteolaíoch ó chéile, agus iad ag críochnú imrothlú amháin timpeall a chéile in aghaidh gach 3600 bliain. Is fathachréalta dhearg M-aicme í Rasalgethi (Alpha Herculis A), agus mais dhá nó trí chéad Ghrian inti. Maidir leis an déréalta úd Alpha Herculis B, is G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí í agus í san aicme chéanna leis an nGrian.

Le fírinne tá Beta Herculisnó Kornephoros, níos gile ná Alpha Herculis. Déréalta í, cé nach bhfuil ach aon réalta amháin infheicthe. Tá an réalta suite faoi 139 solasbhliana dínn. Is G-réalta í, díreach cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í atá céad go leith oiread chomh lonrúil, trí oiread chomh trom. Maidir leis an gcomhréalta bheag, tá sí beagáinín níos éadroime ná an Ghrian.

Maidir le Gamma Herculis, is fathachréalta bhán í, is é sin tá sí an-te, agus í ag dó a cuid hidrigine go héiliam go tiubh teirimeach. Tá sí suite faoi 193 solasbhliana dínn, agus í dhá oiread déag is ceithre scór chomh lonrúil leis an nGrian.

Tá dhá réaltbhraisle chruinneogacha le feiceáil in Earcail, mar atá, M13 agus M92. Tá an chéad cheann acu ar an réaltbhraisle is gile ar spéir an tuaiscirt, agus is féidir í a aithint gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc ar bith.

Eibleacht a thugtar ar mheascán collóideach dhá chineál leachta (nó níos mó, fiú) nach bhfuil intuaslagtha le chéile. Is éard a bhíos ann go praiticiúil ná deoiríní dofheicthe aon chineál leachta agus iad scaipthe sa chineál eile.

Éicisféar a thugtar ar chóras éiceolaíochta an phláinéid, is é sin, na héiceachórais go léir in éineacht.

Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.

Eifimiris a thugtaí, go stairiúil, ar thábla a thabharfadh eolas faoi ruthag na rinne neimhe (ruthag an phláinéid) ar an spéir, mar a bhí áirithe ag an réalteolaí roimh ré. Inniu, úsáidtear ríomhchláir le táblaí den chineál sin a chur le chéile, mar is follasach.

Éilim bhaist na réalteolaithe George Gamow agus Ralph Alpher ar an gcineál damhna a bhí ann go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, de réir na teoirice a chuir siad faoi bhráid na n-eolaithe eile faoi dheireadh na ndaichidí.

Éinstéiniam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 99. Es an tsiombail cheimiceach, agus is léir gur in ómós don fhisiceoir chlúiteach Albert Einstein, a chéadcheap teoiric na coibhneasachta, a baisteadh an dúil seo. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an t-éinstéiniam. Mar sin féin tá an t-iseatóp is cobhsaí bliain amháin agus trí mhí go leith ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an éinstéiniam. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin atá aitheanta, agus is é an chéad cheann acu is coitianta.

Ba é an fisiceoir Meiriceánach Albert Ghiorso a chéadaithin an t-éinstéiniam sa bhliain 1952. Bhí Ghiorso agus a fhoireann ag déanamh taighde ar dhramhaíl an turgnaimh úd Ivy Mike – an chéad bhuama hidrigine ar bhain na Meiriceánaigh triail as a bhí i gceist – agus ansin a chuir siad sonrú sa dúil nua seo.

Miotal bog é an t-éinstéiniam. Is féidir eiseamal macrascópach (is é sin, infheicthe) éinstéiniam a dhéanamh, ach ní bhactar leis de ghnáth, i bhfianaise an dochar agus an dainséar atá sa dúil seo don duine de dheasca na radaighníomhaíochta.

Eipiciogal: Is éard a bhí i gceist leis na heipiciogail ná sórt ciorcail chúnta a bhí in úsáid ag na réalteolaithe le gluaiseachtaí na bpláinéad a áireamh is a shoiléiriú sula raibh glacadh forleathan leis an héilealárnachas, is é sin leis an tuiscint gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais. Glacadh leis go raibh gach pláinéad ag dul timpeall ar phointe a bhí ag fithisiú an Domhain, agus ba é an t-eipiciogal fithis an phláinéid thart ar an bpointe sin. Ba é an ciorcal iompair fithis an phointe thart ar an Domhan. Le bheith beacht níorbh é an Domhan lárphointe an chiorcal iompair ach an oiread – bhí an lárphointe sin, an t-éalárnán, suite taobh amuigh den Domhan.

Níor chuir teoiric héilealárnach Copernicus deireadh leis na heipiciogail, nó bhí Copernicus barúlach gur ciorcail fhoirfe a bhí i bhfithisí na bpláinéad, agus theastaigh eipiciogail bheaga uaidh féin leis na breathnuithe a chur in oiriúint don teoiricNíor éirigh na réalteolaithe as na heipiciogail a úsáid ach amháin nuair a tuigeadh dóibh nach ciorcail ach éilipsí a bhí sna fithisí.

Eireaball: Is é eireaball an chóiméid is minice a bhíos i gceist leis an bhfocal ”eireaball” i gcoimhthéacs na réalteolaíochta. Is í an ghrianghaoth is cúis le foirmiú an eireabaill, an dóigh a bhfuil sí ag baint ábhair den chóiméad, nó den chóma (an sféar gáis agus deannaigh timpeall ar an gcóiméad). Le fírinne áfach tá dhá eireaball ann: an t-eireaball gás (nó an t-eireaball gásach) agus an t-eireaball deannaigh (nó an t-eireaball dusta). Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach is féidir iad a aithint thar a chéile cuid mhór den am, toisc go bhfuil an t-eireaball deannaigh níos maille ag iompú ná an t-eireaball gáis.

Eireaball maighnéadach: Is gnách a rá go bhfuil ”eireaball maighnéadach” ag an Domhan agus ag na pláinéid eile, an dóigh a síneann an ghrianghaoth maighnéadaisféar (réimse maighnéadach) na bpláinéad. Mar shampla, tá réimse maighnéadach Iúpatair sínte chomh fada amach le fithis Shatarn féin.

Eireaball na Péiste: Tá réaltbhuíon na Péiste scoilte ina dhá leath ag Fear na bPéisteanna. Tugtar Eireaball na Péiste (Serpens Cauda) ar an leath thoir. Is gnách, áfach, glacadh leis an bPéist mar aon réaltbhuíon amháin ó thaobh ainmneacha córasacha na réaltaí de, cosúil leis na litreacha in ainmníocht Bayer.

Éirí héileacach atá i gceist má fheictear réalta ag éirí ó scáth na léaslíne go gairid roimh éirí na Gréine, i ndiaidh don réalta sin a bheith dofheicthe ar feadh tréimhse éigin. Bhí éirí héileacach Sirius tábhachtach i bhféilireacht na hÉigipte,  bhí féilire na nÉigipteach bunaithe ar an mbliain Shótach, is é sin, an tréimhse idir dhá éirí héileacach Sirius.

Na hÉisc a thugtar ar an réaltbhuíon idir Iompróir an Uisce (an tUisceadóir) agus an Reithe, agus ar ndóigh ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca atá annSna hÉisc a haithníodh an chéad abhacréalta bhán nach bhfuil ina comhbhall d’aon déréalta nó ilréalta, mar atá, Réalta van Maanen – ba é an réalteolaí Ollannach Adriaan van Maanen a rinne a fionnachtain sa bhliain 1917Tá réalta van Maanen suite réasúnta cóngarach, is é sin, faoi cheithre solasbhliana déag dínn.

Is é an seanainm ar Alpha Piscium ná Alrescha; déréalta í atá suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. A-réaltaí iad an dá chomhbhall. De réir nós an lae inniu ní thugtar Alrescha go hoifigiúil ach ar Alpha Piscium A, an ceann is mó den bheirt.

Maidir le Beta Piscium, is é an seanainm atá ar an réalta sin ná Fumalsamakah nó Fum as-Samaka, agus is é is ciall leis na focail Araibise sin ná ”Béal an Éisc” (cosúil le Fomalhaut a chiallaíos ”béal an mhíl mhóir”; is í Fomalhaut an réalta is gile in Iasc an Deiscirt). B-réalta í Fumalsamakah agus í suite tuairim is 410 solasbhliana uainn. Tá sí ceithre oiread agus seacht ndeichiú cuid chomh téagartha leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is leathmhíle oiread chomh lonrúil. Mar sin féin glactar leis gur réalta phríomhsheichimh í.

Tá Gamma Piscium sách cosúil leis an nGrian ó thaobh an datha de, is é sin, is G-réalta í. Scéal eile ar fad áfach gur fathachréalta atá inti agus í tuairim is trí scór oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Tá sí suite céad agus ocht solasbhliana déag is fiche uainn.

K-réalta atá in Delta Piscium, agus is réalta aonair í (is é sin ní déréalta ná ilréalta atá inti). Fathachréalta fhlannbhuí atá inti: tá sí ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, ach tá sí beagnach ceithre chéad agus caoga oiread chomh lonrúil.

Epsilon Piscium arís, tá sí tuairim is céad solasbhliain is ceithre scór ar shiúl uainn. Tá an réalta seo breis is dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus beagnach seachtó oiread chomh lonrúil. Tá sí ar an teorainn idir a bheith ina G-réalta agus ina K-réalta; mar sin is fathachréalta fhlannbhuí í agus í traidhfilín beag níos fuaire ná an Ghrian. Tá an dá bh’fhéidir ann cé acu déréalta nó réalta aonair atá inti.

Is ilréalta í Zeta Piscium nó Revati, agus mar is gnách inniu, ní thagraíonn an t-ainm traidisiúnta sin Revati ach don chomhbhall is gile (Zeta Piscium Aa), de réir na téarmaíochta oifigiúla. Tugtar Zeta Piscium Aa agus Ab ar an déréalta is gile; Zeta Piscium Ba agus Bb an déréalta eile; an cúigiú réalta atá ann, is í Zeta Piscium C í. A-réaltaí iad Aa agus Ab; maidir leis na réaltaí eile, is féidir a rá gur F-réalta í Ba agus go bhfuil Bb ina G-réalta, cosúil leis an nGrian s’againn. Tá an córas casta seo suite faoi chéad is seachtó solasbhliain dínn.

Cé nach bhfuil an litir úd Eta ach ar an seachtú litir in aibítir na nGréagach, is í Eta Piscium nó Alpherg an réalta is gile sa réaltbhuíon – sampla is ea é de chomh míchruinn is a bhíos ainmníocht Bayer uaireanta. Déréalta í Eta Piscium, agus í comhdhéanta as Eta Piscium A agus Eta Piscium B: ní thagraíonn Alpherg go hoifigiúil ach d’Eta Piscium A inniu. Is G-réalta í Eta Piscium, cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í: tá Eta Piscium A beagnach ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus í ceithre céad caoga seacht n-oiread chomh lonrúil. Tá Eta Piscium suite faoi thrí chéad go leith de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór.

Eisibhitheolaíocht nó réaltbhitheolaíocht a thugtar ar an mbrainse bitheolaíochta a chardálas beatha ar phláinéid eile. Mar is eol do chách, níor thángthas ar bheatha ar bith ar aon phláinéad eile go fóill, agus mar sin níl san eisibhitheolaíocht i láthair na huaire ach teoiriceoireacht.

De réir thuiscint an lae inniu ní féidir teacht ar neacha beo cliste ar aon phláinéad sa Ghrianchóras s’againn. Scéal eile é go bhfuil sé incheaptha gur fhorbair miocrorgánaigh, cinn a bheadh cosúil le víreasanna, in áit éigin. Tá tuairimíocht ann mar shampla go bhféadfaimis teacht ar bheatha shimplí den chineál sin sna cisil is airde thuas in atmaisféar Véineas.

Níltear cinnte, cé chomh cosúil a bheadh bitheolaíocht na neachanna eachtardhomhanda lenár mbitheolaíocht féin. Tá an bheatha ar an Domhan bunaithe ar an gcarbón mar phríomhdhúil, toisc nach bhfuil aon dúil cheimiceach eile in ann slabhraí fada d’adaimh den chineál chéanna a dhéanamh. Tá an smaoineamh ann gur féidir bithcheimic mhalartach a bhunú ar shlabhraí an tsileacain is na hocsaigine (ar an Domhan s’againn bíonn a leithéidí coitianta sna clocha). Is dócha áfach go mbeadh ról nach beag ag an gcarbón sa bhithcheimic shileacanbhunaithe freisin, chomh coitianta is a bhíos sé san ollchruinne.

Ceist chonspóideach eile é, an bhféadfadh leacht éigin eile gnó an uisce a dhéanamh don bheatha eachtardhomhanda: an amóinia, b’fhéidir. Bun scothláidir í an amóinia, agus í ina gás le teocht an tseomra, ach is féidir pláinéad fuar a shamhlú agus cónaí ar neachanna amóiniabhunaithe ansin. Ní fhéadfadh an cineál sin beatha úsáid a bhaint as an ocsaigin mar a dhéantar ar an Domhan, toisc gur dual don ghlanamóinia dul trí thine agus í ag teacht i dteagmháil leis an ocsaigin.

Cheap Carl Sagan, an réalteolaí clúiteach, na focail úd ”seoibhineachas carbóin” agus ”seoibhineachas uisce” ar an tuiscint a bhí aige féin ar na cúrsaí seo: is éard a bhí sé a mhaíomh ná gur shíl sé nach bhféadfadh an bheatha eachtardhomhanda a bheith bunaithe ar aon bpríomhdhúil eile seachas an carbón (”seoibhineachas carbóin”), agus nach bhféadfadh sí déanamh in uireasa an uisce mar phríomhthuaslagóir (”seoibhineachas uisce”). Ní mór cuimhne a choinneáil air gur féidir don bhithcheimic uiscebhunaithe charbónbhunaithe a bheith an-difriúil le ceimic na beatha domhanda.

Eisiompar a thugtar ar mhírialtacht thréimhsiúil áirithe i ngluaiseacht na Gealaí timpeall an Domhain. Go bunúsach is é an t-eisiompar an tionchar is mó atá ag an nGrian ar fhithis na Gealaí.

Eisteilgeáin – seo téarma a bhfuil dhá chiall aige i gcoimhthéacs na réalteolaíochta:
  • Má bhuaileann dreigít an Domhan, nó pé rinn neimhe eile, beidh pléasc mhór ann agus scaoilfear ábhar san aer. Eisteilgeáin a thugtar ar an ábhar sin.
  • Má thagann dhá réalta chomh cóngarach dá chéile is go mbainfidh siad ábhar dá chéile, agus an t-ábhar sin á scaoileadh chun bóthair sa spás, tabharfar eisteilgeáin ar an ábhar sin chomh maith.
Tháinig an téarma féin ón ngeolaíocht, nó is éard atá sna heisteilgeáin i gciall na geolaíochta ná ábhar a scaoilfear le linn bhrúchtadh an bholcáin, cosúil leis an laibhe (an magma) agus an teifre.

Elara atá ar an ochtú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair. Níor baisteadh an t-ainm sin ar an ngealach seo ach sa bhliain 1975; roimhe sin ní raibh d’ainm oifigiúil uirthi ach ”Iúpatar a Seacht”, cé go dtugtaí ”Hera” uirthi uaireanta. Tá Elara 43 ciliméadar ar mheángha, agus is ceann de na satailítí i ngrúpa Himalia í. Is éard atá i gceist le grúpa Himalia ná cúig shatailít de chuid Iúpatair a bhfuil a bhfithiseanna ag athrú gan stad, ós rud é go bhfuil corraíl na Gréine agus na bpláinéad ag dul i bhfeidhm orthu.

Electra a thugtar ar an réalta úd 17 Tauri, agus mar is léir ón ainm sin tá sí le feiceáil i réaltbhuíon an Tairbh. Ceann de réaltaí na Pléadaí í, agus cosúil leis na cinn eile sa réaltbhraisle sin is fathachréalta bhánghorm í. Tá Electra suite tuairim is ceithre chéad solasbhliain ar shiúl uainn. Is B-réalta í, agus í beagnach míle oiread chomh lonrúil leis an nGrian s’againn. Tá sí ar an tríú réalta is gile sa bhraisle.

Enceladus an séú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Shatarn. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú ann thiar sa bhliain 1789, agus ba é an spástaiscéalaí úd Cassini a rinne an chuid is mó den mhapáil. Dá réir sin tá muid sách eolach ar Enceladus inniu. Tá ailbéideacht ard ag an ngealach seo (is é sin frithchaitear an chuid is mó den tsolas a thagas ón taobh amuigh), toisc nach bhfuil ann go bunúsach ach leac oighir timpeall croí cloiche, agus – mar a chreidtear – aigéan uisce taobh istigh idir an dá rud. Coinníonn an radaighníomhaíocht an croí agus an t-aigéan sách te, cé go bhfuil an dromchla thar a bheith fuar, de thoradh na hailbéideachta arda. Uaireanta feictear uisce an aigéin istigh ag briseadh tríd an dromchla, agus deirtear gur cineál bolcáin uisce atá ann.

Tá tír-raon saibhir athraitheach ag Enceladus, agus is gnách ainmneacha ó na finscéalta Arabacha a bhaisteadh ar ghnéithe an tír-raoin ar Enceladus: Aladdin atá ar cheann de na cráitéir mar shampla, agus Ali Baba ar cheann eile. Maidir leis an ngealach féin, fuair sí a hainm ó Enceladus nó Enkelados, fathach i miotaseolaíocht na Sean-Ghréige.

Tá Enceladus in athshondas le Dione: is é sin, nuair a chríochnós Dione aon chúrsa amháin timpeall ar Shatarn, críochnóidh Enceladus dhá cheann acu.

Fathach: Is éard atá i gceist le fathach nó fathachréalta ná réalta atá i bhfad níos mó ná na réaltaí príomhsheichimh ar aon dath agus ar aon teocht léi. Tá na fathachréaltaí suite os cionn an phríomhsheichimh i léaráid Hertzsprung-Russell. Tá fathachréaltaí éagsúla ann: cuid acu bhí siad ina réaltaí príomhsheichimh ar dtús, ach ansin d'fhorbair siad go fathachréaltaí, an chuid eile bhí siad mór millteanach ó thús báire.

Glactar leis go n-iompóidh an Ghrian féin ina fathachréalta i ndeireadh báire, i gceann cúig mhíle milliún bliain, nuair a bheas an hidrigin go léir i gcroí na réalta comhleáite go héiliam. Ansin crapfaidh an croí isteach chuige féin, agus an t-ábhar taobh amuigh de á aomadh chuige ag an imtharraingt. Faoi bhrú na himtharraingte cuirfear tús nua leis an gcomhleá, ach anois, is sna sraitheanna taobh amuigh den chroí a bheas sé ag dul ar aghaidh, áit a bhfuil hidrigin fágtha fós. Rachaidh na sraitheanna sin go mór i bhfairsinge, ach ní bheidh siad chomh te céanna is a bhí dromchla na réalta ar dtús: an fuinneamh a bheas á tháirgeadh beidh sé scaipthe níos fairsinge. Mar sin rachaidh dath agus aicmiú na réalta i dtreo na fuachta, is é sin, i dtreo na deirge (aicmí K agus M).


DORNÁN FATHACHRÉALTAÍ AITHNIDIÚLA
(más déréalta nó ilréalta atá i gceist, is iad sonraí na príomhréalta sa chóras atá le léamh thíos)
AinmRéaltbhuíonMais i gcomparáid leis an nGrianTrastomhas i gcomparáid leis an nGrianLonrachas i gcomparáid leis an nGrianAicme speictreach
AlbireoAn Ealacúig oireaddeich n-oiread agus trí scórmíle agus dhá chéad oireadK
AldebaranAn Tarbhaon oiread go leithceithre oiread is dhá scórleathmhíle oireadK
AlnitakAn Bodachtrí oiread déag is fichefiche oireaddhá chéad go leith míle oiread (an ceathrú cuid den mhilliún)O
AlphardAn Phéist Uiscetrí oireadleathchéad oireadocht gcéad oireadK
AltarfAn Portántrí oireadleathchéad oireadsé chéad is trí scór míle oireadK
AntaresAn Scairpdhá oiread déagocht gcéad is trí oiread agus ceithre scórleathchéad is seacht míle is cúig chéad oireadM
ArcturusAn tAoireaon oiread amháincúig oiread is fichecéad is deich n-oiread is trí scórK
BetelgeuseAn Bodachtá meastacháin éagsúla ann ó ocht n-oiread go fiche oireadtuairim is míle oireadtimpeall ar chéad míle oiread (réalta an-athraitheach atá i gceist)M
CanopusAn Chíletuairim is deich n-oireadtuairim is deich oiread is trí scórcúig mhíle déag oireadF
DenebAn Ealatuairim is fiche oireadtuairim is dhá chéad oireadtuairim is dhá chéad míle oireadA
Diphda (Deneb Kaitos)An Míol Mórdhá oiread is ocht ndeichiú cuidseacht n-oiread is fichecéad is dhá scór oireadK
Eta CarinaeAn Chílmeastacháin éagsúla ó chéad oiread go dhá chéad oireadmeastacháin éagsúla ó thrí scór oiread go hocht gcéad oireadcúig mhilliún oireadathraitheach
HamalAn Reitheaon oiread go leithcúig oiread déagtimpeall ar dheich n-oiread is ceithre scór oireadK
RigelAn Bodachtuairim is fiche oireadceithre scór oireadcéad is fiche míle oireadB



Feirmiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 100, agus fuair sé a ainm ón bhfisiceoir Iodálach Enrico Fermi. Iodálach eile, Albert Ghiorso, a d'aithin an feirmiam sna hiarsmaí radaighníomhacha i ndiaidh an turgnaimh úd Ivy Mike in aice le hatall Eniwetok i dtús na gcaogaidí – ba é sin an chéad triail a bhain na Meiriceánaigh as an mbuama hidrigineFm an giorrúchán. Ceann de na hachtanóidigh é an feirmiam, agus is dúil thrasúránach é. Mar sin is dúil radaighníomhach é a dtagann meath uirthi go tiubh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an fheirmiam, ós rud é go bhfuil an t-iseatóp is cobhsaí, feirmiam a 257, céad lá ar leathré. Is iad +2 agus +3 na staideanna ocsaídiúcháin.

Fléaróiviam an t-ainm atá baiste ar dhúil cheimiceach uimhir a 114, mar thagairt don fhisiceoir Shóivéadach Georgii Flerov (nó Flyorov, de réir mar a fhuaimnítear an sloinne as Rúisis). Is é Fl an giorrúchán ceimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an fléaróiviam, rud a chiallaíos nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha.

An Ghealach an t-aon satailít nádúrtha atá ag an Domhan s'againn. Go bunúsach, níl inti ach cloch: sileacáití, alúmana, aol, ocsaídí iarainn, ocsaídí tiotáiniam agus eile. Tá dhá chineál tír-raon ann, is é sin, na garbhchríocha agus na mara, mar a thugtar orthu – ar ndóigh, ní thiocfá ar bhraon uisce sna farraigí sin, nó is éard atá iontu ná ísleáin nó mánna, agus iad déanta as cloch bholcánach (basalt, brúchtcharraig).

I gcomparáid le satailítí nádúrtha eile an Ghrianchórais, níl an Ghealach beag ar aon nós. Tá sí níos mó ná Europa, is é sin, an ceann is lú de Ghealacha Galileo (na ceithre satailítí is mó atá ag Iúpatar). Thairis sin, tá sí níos mó ná aon cheann acu i gcomparáid leis an bpláinéad a bhfuil sí ag dul ina thimpeall – an príomhúlach, mar a déarfá. Tá gealacha Iúpatair agus Shatarn i bhfad níos lú i gcomparáid lena bpríomhúlach.

Is éard atá sa Ghealach, mar a chreidtear inniu, ná toradh d'imbhualadh millteanach a tharla tuairim is leathchéad milliún bliain i ndiaidh fhoirmiú an Ghrianchórais. Bhuail pláinéad ar aon mhéid le Mars faoin réamh-Dhomhan – Theia a thugas na réalteolaithe ar an imbhuailteoir seo – agus ba iad smidiríní Theia comhábhair na Gealaí. Ba dhomhain ar fad a chuaigh Theia isteach sa phláinéad s'againn, agus a rian sin le haithint ar mhaintlín agus ar chroílár an Domhain i gcónaí.

Deirtear go bhfuil rothlú na Gealaí sioncrónach leis an Domhan – is é sin, is é an taobh céanna den Ghealach a bhíos iompaithe linn an t-am ar fad. Is féidir linn, áfach, beagáinín níos mó ná leath de dhromchla ár satailíte a fheiceáil, toisc go mbíonn sí ag guagadh ar dhóigheanna éagsúla: uaireanta iompaíonn sí a pol thuaidh nó a pol theas linn, agus bíonn sí ag moilliú nó ag géarú a gluaiseachta ar a fithis, ionas gur féidir linn tuilleadh den ”tosach” nó den ”chúl” a fheiceáil in amanta difriúla. Fágann an guagadh 59 % de dhromchla na Gealaí inmhapáilte ón Domhan. Ba iad na Sóivéadaigh a chuir tús le léarscáiliú an taoibh eile den Ghealach sa bhliain 1959: ansin, d'éirigh leo taiscéalaí (is é sin spásbhád beag gan foireann) a chur ag fithisiú na Gealaí agus ag tógáil grianghrafanna.

Thug daoine daonna an chéad chuairt ar an nGealach i Mí Iúil 1969, nuair a thuirling an tIolar (Eagle) – modúl tuirlingthe an spásbháid úd Apollo a hAon Déag – i Muir na Sáimhe. Ba iad na spásairí Meiriceánacha Neil Armstrong agus Buzz Aldrin a bhí ag stiúradh an mhodúil, agus an tríú fear, Michael Collins, ag fanacht leo i modúl ceannasaíochta an spásbháid a bhí ag fithisiú na Gealaí. I ndiaidh an turais, bhain Collins amach clú áirithe mar scríbhneoir leis an leabhar cuimhní cinn a bhreac sé síos faoi shaol an spásaire, Carrying the Fire.

Maidir le tábhacht na dturasanna seo don eolaíocht is don taighde, ba iad na geolaithe ba mhó a ghnóthaigh orthu, nó d'ardaigh na spásairí leo cuid mhaith cloch a thug léargas nua ar fhorbairt gheolaíoch na Gealaí. Fuair na spásairí go léir bunscolaíocht sa gheolaíocht, agus bhí Harrison Schmitt, fear den triúr spásairí ar an turas deireanach go dtí an Ghealach, ina gheolaí oilte.

Gealacha Galileo a thugtar ar na satailítí is mó atá ag Iúpatar, ceithre cinn ar fad, a ndearna Galileo Galilei a bhfionnachtain thiar sa bhliain 1610.

Is iad ainmneacha na ngealach seo ná Io, Europa, Ganymede, agus Callisto. Fuair siad na hainmneacha seo ón réalteolaí Gearmánach Simon Marius (Mayr), ach ní raibh formhór na réalteolaithe fonnmhar iad a úsáid roimh an bhfichiú haois, ó nach raibh Galileo féin sásta leo – b'fhearr leis na gealacha a uimhriú go simplí. Is gnách ainmniú na reann neimhe a fhágáil faoin duine a rinne a bhfionnachtain, agus ba é Galileo a d'aithin na gealacha seo roimh Marius. Thairis sin, deirtear go raibh meas an mhagaidh mhíchuí ag lucht na comhaimsire ar na hainmneacha a bhronn seisean. Nó tagraíonn siad do na cailíní (agus d'fhear óg amháin) a raibh cumainn ghrá ag Zeus leo de réir mhiotaseolaíocht na sean-Ghréige, agus is gnách Zeus a chomhionannú le hIúpatar, mar a rinne na Rómhánaigh fadó, ó ba nós leo gach dia de chuid na nGréagach a chomhionannú le dia dá gcuid féin.

Ba é Giovanni Battista Hodierna, dalta de chuid Galileo, a bhaist na hainmneacha Principharus, Victripharus, Cosmipharus agus Fernipharus orthu. Tagairt a bhí sna hainmneacha seo do ”Phrionsa (principe) na Tuscáine”, do Vittoria della Rovere (bean Ferdinando de Medici), Cosimo de Medici (urraí Galileo) agus Ferdinando de Medici (mac Cosimo). Ó bhí Galileo ag fáil urraíochta ó Cosimo de Medici, Ard-Diúc na Tuscáine, bhí sé féin tar éis Medicea Sidera nó ”Réaltaí Mhuintir Medici” a bhaisteadh ar na gealacha seo in éineacht.

GEALACHA GALILEO - ”RÉALTAÍ MHUINTIR MEDICI” - ”MEDICEA SIDERA”


IO (Iúpatar a hAon, Principharus)

EUROPA (Iúpatar a Dó, Victripharus)

GANYMEDE (Iúpatar a Trí, Cosmipharus)

CALLISTO (Iúpatar a Ceathair, Fernipharus)
AR MHAITHE LEIS AN gCOMPARÁID:
AN GHEALACHTIOTÁN (an tsatailít is mó atá ag Satarn)
Meángha (leath an mheán-trastomhais, ciliméadar)182215602630241017372575
Tréimhse imrothlaithe (lá Domhanda)1.773.557.1516.727.315.9
Meánluas ar an bhfithis (ciliméadar in aghaidh na soicinde)17.313.710.98.21.025.57
Mais (i gcomparáid leis an Domhan)0.0150.0080.0250.0180.0120.0225
Dlús (gram in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh; 1.0 = dlús an uisce)3.53.01.91.83.31.9
Imtharraingt ar an dromchla (g-aonad)0.1830.1340.1460.1260.16540.14
Treoluas éalaithe (ciliméadar in aghaidh na soicinde)2.5582.0252.7412.4402.382.639
Meánteocht ar an dromchla (ceilvin)11010211013422094
Ailbéideacht (an codán den tsolas ón taobh amuigh a fhrithchaitheas an ghealach)0.630.670.430.220.1360.22
Cianphointe na fithise (ciliméadar)423 400677 0001 071 6001 897 000405 4001 257 000
Garphointe na fithise (ciliméadar)420 000665 0001 069 2001 869 000362 6001 187 000


Gienah nó Aljanah nó Gienah Cygni – ”Sciathán na hEala” – a thugtar go traidisiúnta ar an réalta úd Epsilon Cygni i réaltbhuíon na hEala. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme is ea í agus í suite corradh is seachtó solasbhliain dínn. Tá sí aon oiread déag chomh mór leis an nGrian (de réir an trastomhais) agus dhá oiread is trí scór chomh lonrúil. Creidtear áfach nach bhfuil sí ach aon oiread amháin níos troime ná an Ghrian – is é sin bhí sí ina réalta phríomhsheichimh ar dtús sular iompaigh sí ina fathach, díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gienah Ghurab nó Gienah Corvi nó Ala Corvi a thugtar ar Gamma Corvi, arb í an réalta is gile i réaltbhuíon an Phréacháin. Réalta the bhánghorm den aicme B í, agus í suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. Focal Araibise é Gienah a chiallaíos ”eite, sciathán”, agus mar sin, is é ”Sciathan an Phréacháin” is brí le hainm na réalta.

An Ghrian atá i gcroí an Ghrianchórais, agus is í an réalta a bhfuil muid ina tuilleamaí le haghaidh solais agus teasa. Réalta phríomhsheichimh í an Ghrian, agus is mar G-réalta a aicmítear í ó thaobh an datha deGlactar leis nár tháinig mórathruithe uirthi le cúig mhórmhilliún (5,000,000,000) bliain, agus nach dtiocfaidh ach i gceann cúig mhórmhilliún eile, nuair a iompós sí ina fathachréalta dhearg.

Tá an Ghrian comhdhéanta as plasma. Is éard atá i gceist leis an bplasma ná gás atá chomh te is nach bhfuil na leictreoin ceangailte d'aon adamh ar leith a thuilleadh, ionas go bhfuil na núicléis ag snámh i bhfarraige na leictreoin. Nuair nach bhfuil na leictreoin eagraithe ina gcórais chasta timpeall na núicléas mar a bhíos siad sa ghnáthdhamhna, is féidir do na núicléis teacht i bhfad níos cóngaraí dá chéile. Bíonn na núicléis ag gluaiseacht go tapa sa phlasma, toisc go bhfuil an teocht chomh hard – tar éis an tsaoil níl sa teocht mar rud ach gluaiseacht – agus iad ag bualadh faoi chéile. Le linn imbhualadh den chineál sin tiocfaidh siad chomh gar dá chéile is nach bhfuil siad á n-éaradh ag an drogall a bhíos ar na luchtanna leictreacha den chineál chéanna roimh a chéile a thuilleadh, ach á n-aomadh ag an bhfórsa núicléach. Is é is toradh dó sin ná comhleá na núicléas – is é sin, na núicléis hidrigine á gcomhleá go núicléis héiliam.

An fuinneamh a ghintear sa Ghrian, is istigh sa chroí a ghintear é, áit a bhfuil ”imoibreoir núicléach” na Gréine. Taobh amuigh den chroí atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á iompar ag an radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair. Is éard atá i gceist leis an gcomhiompar ná an dóigh a bhfuil an plasma te ag dul suas agus an plasma nach bhfuil chomh te céanna ag titim isteach. Taobh amuigh den chrios comhiompair atá an fótaisféar, nó dromchla infheicthe na Gréine, agus an t-atmaisféar: an crómaisféar, an réigiún trasdultach (idir an crómaisféar agus an choróin) agus an choróin. Taobh amuigh den choróin atá an héilisféar, agus an Domhan féin suite sa héilisféar: ní thagann deireadh leis an héilisféar ach i bhfad taobh amuigh d'fhithis Phlútóin.

An Grúpa Áitiúil a thugtar ar an ngrúpa réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Réaltra Andraiméide, Bealach na Bó Finne, agus Réaltra an Triantáin na réaltraí is mó sa ghrúpa, ach thairis sin tá cuid mhór réaltraí ann is lú ná na cinn sin, ar nós Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan.


ROINNT RÉALTRAÍ SA GHRÚPA ÁITIÚIL
AinmUimhir i gcatalóg MessierUimhir sa Nua-Chatalóg GhinearáltaAn cineál réaltra atá annAn réaltbhuíon ina bhfeictear an réaltraNótaí
Réaltra AndraiméideM31NCG224Réaltra bíseach barrachAndraiméideAn réaltra is mó sa ghrúpa
Bealach na Bó Finne--Réaltra bíseach barrach-An réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin
Réaltra an TriantáinM33NCG598Réaltra bíseach neamhbharrachAn TriantánAn réaltra bíseach is lú sa Ghrúpa Áitiúil. Is dócha gur satailít de chuid réaltra Andraiméide atá ann
Scamall Mór Magellan--Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féinAn Colgán agus an TáblaSatailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann. Shíltí ar feadh i bhfad gur réaltra neamhrialta a bhí ann
Scamall Beag Magellan-NCG292Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féinAn Túcán agus an Phéist UisceSatailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
M32
NCG221Réaltra éilipseachAndraiméideSatailít de chuid Andraiméide atá ann
SagDEG (Sagittarius Dwarf Elliptical Galaxy, Abhacréaltra Éilipseach an tSaigheadóra)--Réaltra éilipseachAn SaigheadóirSatailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
SagDIG (Sagittarius Dwarf Irregular Galaxy, Abhacréaltra Neamhrialta an tSaigheadóra)--Réaltra neamhrialtaAn SaigheadóirIs é seo an réaltra is faide atá suite ó bharalár (is é sin, ó mheáchanlár) an Ghrúpa Áitiúil
Abhac an Dragain (Béarla: Draco Dwarf)--Abhacréaltra sféaróideachAn DraganTáthar ag déanamh go bhfuil an réaltra seo an-saibhir i ndamhna dorcha


Haisiam a thugtar ar dhúil uimhir a 108 sa tábla peiriadach, agus is é Hs an tsiombail. Fuair an dúil a hainm ó Hessen (Béarla: Hesse), ar ceann de stáit na Gearmáine é. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile, tá an haisiam chomh radaighníomhach is nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha, ach is éard a chreidtear ná go bhfuil sé cosúil go leor leis an oismiam.

Héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó sa tábla peiriadach. Mar is léir ón uimhir adamhach, tá dhá phrótón i núicléas an héiliam. Tá dhá iseatóp tábhachtacha ag an héiliam, mar atá, an ceann is coitianta, nó héiliam a ceathair, agus an ceann eile, nó héiliam a trí. Na hiseatóip eile is radanúiclídí éagobhsaí iad a dtagann meath radaighníomhach orthu go sciobtha. Tá dhá leictreon ag an héiliam, agus mar sin, is triathghás é, nó níl áit ar an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas ach d'aon leictreondís amháin. Dá réir sin ní féidir leis an héiliam dul i gcomhdhúil le dúil eile.

Tá fiuchphointe an héiliam iontach íseal, nó níl sé ach cúpla céim Celsius os cionn an dearbhnialais. Ní féidir héiliam a reo go solad gan brú ard a oibriú air. Ina áit sin, má reoitear i dtreo an dearbhnialais é faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, iompóidh sé ina fhorshreabhán a bhfuil saintréitheanna neamhghnácha aige: mar shampla ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, nó dreapfaidh sé as agus é ag dul ar fud na háite ina scannán tanaí.

Hidrigin: Is í an hidrigin dúil uimhir a haon sa tábla peiriadach, agus is í an dúil is simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ach aon phrótón amháin i núicléas na hidrigine, agus níl ach aon leictreon amháin i néal leictreon na hidrigine. Is dual do na hadaimh hidrigine móilíní dhá adamh a dhéanamh faoi na gnáth-imthoscaí ar dhroim an Domhain, ach dáiríre is dúil an-imoibríoch í an hidrigin, agus tá an chuid is mó di le fáil ceangailte i gcomhdhúile éagsúla ceimiceacha. Le fírinne tá an gás hidrigine chomh héadrom is nach bhfuil imtharraingt ár bpláinéid sách láidir lena choinneáil san atmaisféar: is dual dó éalú go dtí an spás. Sin é an tuige nach bhfuil ach iarsmaí beaga hidrigine le fáil san aer.

Nuair a rachas an hidrigin trí thine, is é an toradh a gheofar ná ocsaíd na hidrigine – is é sin, uisce. Is féidir leis an hidrigin pléasc a dhéanamh agus í ag imoibriú leis an ocsaigin. Thairis sin, tá dainséar eile ag baint le dóchan na hidrigine: tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, agus í an-te san am chéanna.

Tá trí iseatóp ag an hidrigin, agus ainmneacha ar leith orthu: an próitiam (an ghnáth-hidrigin, nach bhfuil ach prótón amháin mar núicléas aici), an deoitéiriam (hidrigin a dó – tá prótón agus neodrón amháin i núicléas an iseatóip seo), agus an tritiam (hidrigin a trí – prótón amháin agus dhá neodrón sa núicléas). Núiclíd radaighníomhaíoch é an tritiam, agus tagann béite-mheath air: is é héiliam a trí (iseatóp neamhghnách de chuid an héiliam) is toradh don mheath seo.

I réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, comhleáitear núicléis hidrigine go héiliam: an fuinneamh a thagas as an nGrian is toradh don chomhleá seo é. Ar dtús téann dhá phrótón le chéile le núicléas deoitéiriam (”deoitéarón”) a dhéanamh (déantar neodrón de cheann acu), ansin téann deoitéarón agus prótón le chéile le núicléas de chuid héiliam a trí a tháirgeadh, agus sa deireadh comhleáitear dhá núicléas den chineál seo go núicléas gnáth-héiliam (héiliam a ceathair) – scaoiltear dhá phrótón saor sa teagmháil seo. Tugtar timthriall ”prótón-prótón” air seo.

Infridhearg a thugtar ar na bandaí radaíochta idir na radathonnta agus an solas infheicthe. Tá tonnfhad na radaíochta infridheirge níos mó ná tonnfhad an tsolais, agus dá réir sin tá a minicíocht níos ísle. Is mar theas is mó a aithníos nó a mhothaíos an duine an radaíocht infridhearg.

Io an ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d'Iúpatar, agus is minic a thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí (cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile taobh istigh ag na fórsaí taoide, is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an tsulfair.

Tá Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s'againn, agus í ar an dara ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus níos lú ná Ganymede agus Callisto.

Lárainciam – Is é an lárainciam dúil uimhir a 103, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná LrFuair sé a ainm ó Ernest Orlando Lawrence (an t-eolaí a chéadcheap an cioglatrón), agus glactar leis go bhfuil sé cosúil leis an lúitéitiam, an dúil atá os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl, ó thaobh na ceimice de: is é an lúitéitiam an ceann is troime de na lantanóidigh, agus is é an lárainciam an ceann is troime de na hachtanóidigh. Sin a bhfuil le rá i dtaobh an lárainciam i ndáiríre, nó is dúil éagobhsaí radaighníomhach é, agus is beag úsáid phraiticiúil a thig a bhaint as. An t-iseatóp is cobhsaí atá aige is é lárainciam a 266 é, agus é aon uair déag ar leathré.

Leaptón a thugtar ar bhuncháithnín éadrom, cosúil leis an leictreon. Ní féidir leis na leaptóin páirt a ghlacadh san idirghníomhú láidir (is é an t-idirghníomhú láidir is cúis leis an bhfórsa a choinníos núicléas an adaimh le chéile). Ba é an leictreon an chéad leaptón a haithníodh. Leaptón eile é an múón, agus é i bhfad níos troime ná an leictreon, cé nach bhfuil sé chomh trom leis na baróin.  

Léaráid Hertzsprung-Russell a thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d'fhorbair í tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b'as na Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí, na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá réasúnta scartha ó chéile.

Línte Fraunhofer a thugtar ar na línte dubha a d'aithin agus a mhapáil an t-optaiceoir Gearmánach Joseph Fraunhofer ar speictream na Gréine ón mbliain 1814 ar aghaidh. (Breis is deich mbliana roimhe sin, chuir an fisiceoir Sasanach William Hyde Wollaston sonrú sna línte mar rud, ach ní dhearna sé miontaighde orthu mar a rinne Fraunhofer.) Mar a tuigeadh do Gustav Kirchhoff agus Robert Bunsen leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá na línte seo suite in aon áit ar scála na dtonnfhad nó na minicíochtaí agus línte ionsúcháin a lán dúl ceimiceach coitianta, agus mar sin is é is cúis leis na línte seo ná go bhfuil solas na Gréine ag dul trí atmaisféar na Gréine agus an Domhain ina bhfuil na dúile seo ar fáil.

Litiam a thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 aonad ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht, nó 7Li, an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li, sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh timpeall ar a cúig sna heiseamail nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1. Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán (níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+, a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin, cosúil leis na miotail alcaileacha eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam. Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.

Níl an litiam ach 0.53 g/cm3 ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn an imoibriúcháin.

Is gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin áfach tá an litiam ábalta imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid litiam Li3N a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin. Is féidir nítrid sóidiam le struchtúr cosúil (Na3N) a tháirgeadh, ach is comhdhúil iontach éagobhsaí í a thitfeas as a chéile ar an toirt agus nach bhfuil inti go bunúsach ach éacht saotharlainne gan tábhacht phraiticiúil ar bith.

Is é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach. Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.

Livearmóiriam atá againn ar dhúil uimhir a 116, agus is é Lv an tsiombail cheimiceach. Dúil radaighníomhach é agus níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ach 57 milleasoicind ar leathré. Mar sin, is dócha nach bhfaighidh na heolaithe amach mórán faoi airíonna ceimiceacha na dúile seo choíche. Fuair an dúil a hainm ó Livermore i gCalifornia, áit a bhfuil saotharlann thábhachtach fisice núicléiche.

An Mhaighdean – Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé, an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Mangainéis a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 25. Ceann de na miotail trasdultacha í an mhangainéis, agus is é an giorrúchán a shiombalaíos í sna foirmlí ceimiceacha ná Mn54.94 an meáchan adamhach, agus is é an t-aon iseatóp nádúrtha atá ann ná mangainéis a cúig déag is dhá scór. Miotal liath sobhriste í an mhangainéis atá araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin tagann smúid ocsaíde uirthi agus aer nó uisce ag dul i bhfeidhm uirthi.

Tá an mhangainéis réasúnta coitianta sa dúlra. Ba é an ceimiceoir Gearmánach Johann Gottfried Gahn a d'aonraigh an chéad eiseamal mangainéise sa bhliain 1772, ach roimhe sin féin bhí ceimiceoirí eile ag déanamh go raibh dúil cheimiceach ar leith ar fáil sna mianraí mangainéise, cé nach raibh siad ábalta an dúil sin a scaradh ó na dúile eile.

Is féidir leis an mangainéis a lán staideanna éagsúla ocsaídiúcháin a bheith aici ina cuid comhdhúl, ach is í +2 an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta. Bíonn dath pinc ag dul leis an staid ocsaídiúcháin áirithe sin. Is é +7 an uimhir ocsaídiúcháin is airde atá ag an mangainéis, agus í ag baint leis an ian sármhanganáite MnO4+Tá dath corcra san ian seo. Is í an tsármhanganáit photaisiam KMnO4 an chomhdhúil is tábhachtaí ina bhfuil teacht ar an ian seo. Baintear úsáid as an tsármhanganáit photaisiam mar imoibreán sna saotharlanna, ós rud é gur ocsaídeoir maith í. Thairis sin, is féidir sármhanganáití a mheascadh tríd an ngloine leáite ar mhaithe leis an dath. Is iomaí comhdhúil eile de chuid na mangainéise a bhfuil dath inti áfach: mar shampla úsáidtear an dé-ocsaíd mhangainéise MnO2 le dath donn a chur sa ghloine. Tugtar pirealúisít ar an dé-ocsaíd seo mar mhianra nádúrtha.

Úsáidtear mangainéis i gcómhiotalú – cuirtear leis an gcruach agus leis an alúmanam í. Bíonn iarsmaí beaga mangainéise ag teastáil ó orgánach an duine, ach san am chéanna tá dáileoga ró-arda dainséarach go leor, nó déanann siad dochar do na néaróga.

Markab nó Markeb a thugtar ar cheithre réalta éagsúla:
  • Alpha Pegasi. Cé gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is fiche dínn.
  • Tau Pegasi. Tugtar Salm nó Kerb ar an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • k Puppis (tabhair faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa atá againn ansin, ach an ghnáthlitir k!). Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad go leith de sholasbhlianta dínn.
  • Kappa Velorum. Déréalta i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a rachaidís i bhfeidhm ort.

Mars atá ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad sa ghrianchóras s'againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s'againn, agus dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.

Tá Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb'fhearr ”an pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré” Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.

Bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an oiread.

Maidir le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh ar na caidhpeanna go tráthrialta.

Tá bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain, ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin – dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh an Domhan i gcuimhne duit.

Ceist mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d'aon chineál ar fáil ar Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla, cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht taobh thíos de dhromchla Mharsa.

Is dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc gur bhain sé úsáid an orláiste nó an chloig as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major, de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.

Maidir le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad. Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.

ATMAISFÉAR MHARSA
Brú an aeir ar dhromchla Mharsa0.6 % de mheánbhrú an aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
Dé-ocsaíd charbóin, CO296 %
Argón, Ar1.9 %
Nítrigin, N21.9 %
Ocsaigin, O2
(iarsmaí beaga)
Aonocsaíd charbóin, CO
Meatán, CH4


An Mheá nó Libra a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í – trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile, nó Zubenelgenubi (Alpha Librae), is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach sin, is é sin, α2 Librae. Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.

Tríd is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá, NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.

Mearcair atá ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín níos mó ná Mearcair.

Tá rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar dhroim an phláinéid féin, áfach, d'fheicfeadh sé aon lá is aon oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d'fheicfeadh sé an Ghrian ag éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a mhaintlín réasúnta tanaí.

Ní féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós. Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.

Tá Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht, nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012 d'aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear – oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.

Mearcair a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó airgead beo, agus is é Hg an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na saolta seo, toisc gur trom-mhiotal nimhiúil dainséarach atá ann. Is iad +2 (na comhdhúile mearcaracha) agus +1 (na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair Hg+-Hg+. Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair is tábhachtaí.

Meathshlabhra a thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam, beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath radaighníomhach eile uirthi.

Seo an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le cobhsaíocht a bhaint amach:

  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná prótachtainiam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná úráiniam a 234;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 230;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná raidiam a 226;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná radón a 222;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 218;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná luaidhe a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná biosmat a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná polóiniam a 214;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná luaidhe a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 210;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná luaidhe a 206;
  • agus is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an meathshlabhra a fhad lena dheireadh.


Ní mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218 an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán do bhealaí malartacha den chineál seo.

Nuair a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna, gnás a d'fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam a thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach iseatóip thóiriam a bhí i gceachtar acu ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón ar an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam. Iainiam a bhí acu ar thóiriam a 230.

Megrez nó Kaffa nó Delta Ursae Majoris atá ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin. A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te. Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.

Meindiléiviam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 101, agus is é Md an tsiombail cheimiceach. Ceann de na hachtanóidigh thrasúránacha é, agus mar sin is dúil éagobhsaí radaighníomhach é. Tá an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige aon lá déag is dhá scór ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde áirithe a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha an mheindiléiviam: is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin is féidir a aithint. Fuair an dúil seo a hainm ó Dmitrii Mendeleyev, an t-eolaí Rúiseach a chuir an chéad leagan de thábla peiriadach na ndúl i dtoll le chéile.

Méiseatóiriam a thugtar, nó a thugtaí, i mbéarlagair na bhfisiceoirí ar dhá núiclíd a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam: méiseatóiriam a haon agus méiseatóiriam a dó. Is ionann méiseatóiriam a haon agus 228Ra, nó raidiam a 228, agus is ionann méiseatóiriam a dó agus 228Ac, nó achtainiam a 228. Tabhair faoi deara nach iseatóp de chuid an tóiriam aon cheann acu!

Meitniriam an t-ainm a baisteadh ar dhúil cheimiceach uimhir a 109, agus is é an tsiombail cheimiceach ná Mt. Fuair an dúil a hainm ó Lise Meitner, fisiceoir Ostarach agus an chéad ollamh mná le fisic sa Ghearmáin. Ba iad Meitner, Otto Hahn agus Otto Robert Frisch na chéad fhisiceoirí a fuair amach go raibh núicléas úráiniam a 235 claonta chun eamhnú a dhéanamh agus neodrón á bhualadh. Dúil throm thrasúránach, éagobhsaí radaighníomhach, é an meitniriam.

Merope nó 23 Tauri – Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.

An Micreascóp a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d'ainmnigh an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í Gamma Microscopii an réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.

Mimas – ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann eile sa Ghrianchóras.

Mira Ceti nó Omicron Ceti – réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo b'ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin baisteadh Mira, ”An Mhiorúilt”, uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite tuairim is trí chéad solasbhliain uainn.
Mirfak nó Alpha Persei atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Tá Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí – B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó, agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.

Mizar nó Zeta Ursae Majoris an réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha. Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.

Moscóiviam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 115, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná McCosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir tá an moscóiviam chomh radaighníomhach is go dtagann meath air sular féidir mórán a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha – níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige oiread is soicind amháin ar leathré. Fuair an dúil a hainm ó Mhoscó, nó tá institiúid Dubna suite i gcóngar don chathair sin, agus is san institiúid sin a bhí na heolaithe in ann an chéad adamh moscóiviam a ghineadh.

Muir an Fhuachta nó Mare Frigoris a thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí Giovanni Riccioli a d'ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus Harpalus.

Muir an Neachtair nó Mare Nectaris atá ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.

Muir an tSuaimhnis nó Mare Serenitatis a thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis – is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe. Uaidhsean a d'fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith le duine.

Muir na Báistí nó Mare Imbrium a thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar dhroim na Gealaí i gcoitinne.

Muir na Gaile nó Mare Vaporum an mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus, cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná é.

Muir na Lionnta nó Mare Humorum – ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre chéad ciliméadar ar leithead.

Muir na nGábh nó Mare Crisium an ”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead, agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é Giovanni Riccioli a d'ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú haois déag.

Muir na Sáimhe nó Mare Tranquillitatis an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí. Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong, Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.

Muir na Scamall nó Mare Nubium a thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha ansin iad Bullialdus agus Pitatus.

Muir na Torthúlachta nó Mare Fecunditatis – ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang'e a hAon. Bhí Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang'e nuair a bhuail siad dromchla na Gealaí.

Neiptiún atá ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s'againn – ní áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh, rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Maidir le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar Neiptiún leis an teas istigh.

Néiriad an tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter) Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar fad, a bheag nó a mhór.

Neoidríonó: Buncháithníní iad na neoidríonónna agus iad an-éadrom, an-do-aitheanta. Mar is léir ón ainm, níl lucht leictreach ar bith acu – tá siad neodrach sa chiall sin. Téann siad tríd an damhna gan idirghníomhaíocht ar bith, beagnach, agus mar sin ní raibh iontu ar feadh i bhfad ach ballaíocht teoirice.

Nuair a bhí na fisiceoirí ag déanamh taighde ar an gcineál meath radaighníomhaíochta ar a dtugtar béite-mheath, is é sin claochlú an neodróin go prótón agus leictreon, nó claochlú an phrótóin go neodrón agus posatrón, bhí siad inbharúla nach raibh an meath seo ag cloí leis na dlíthe imchoimeádta.

Niohóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 113, agus is é Nh an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Nihon, arb é an leagan gnáthchainte d'ainm Seapáinise na Seapáine; is é Nippon an leagan foirmiúil. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil radaighníomhach é an niohóiniam a dtagann meath uirthi chomh luath is nach furasta mórán taighde a dhéanamh ar a saintréithe ceimiceacha. Ba iad na fisiceoirí Seapánacha in Institiúid Riken i Wako a ghin an chéad adamh niohóiniam, rud a mhíníos an t-ainm. Tá Wako suite i Maoracht Saitama, díreach taobh amuigh de Thóiceo.

Nóbailiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 102. Ceann de na hachtanóidigh é, agus is é No an tsiombail cheimiceach a sheasas dó. Fuair an dúil a hainm ó Alfred Nobel, an fear céanna a chuir tús leis na duaiseanna clúiteacha eolaíochta agus litríochta. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile tá an nóbailiam an-éagobhsaí, an-radaighníomhach, ach is féidir taighde éigin a dhéanamh ar a iompraíocht cheimiceach, ós rud é go bhfuil an t-iseatóp is cobhsaí, nóbailiam a 258, ocht nóiméad déag is dhá scór ar leathré. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin.

Is éard atá sa Nua-Chatalóg Ghinearálta (NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg réalteolaíoch a d'fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”, is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D'fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”Innéacs-Chatalóg” (Index Catalogues, IC) leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d'eisigh an leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.

Núiclíd a thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.

Tugtar iseatóip ar núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin iad na núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair iad na núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón agus na neodrón in éineacht.

Mar shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam (hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí.

Ní bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtar méiseatóiriam, is é sin méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é) – tabhair faoi deara nach iseatóp de chuid an tóiriam ceachtar acu! Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá iontu.

Oberon atá ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus tagraíonn an t-ainm do A Midsummer Night's Dream, an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis) amháin san am chéanna.

Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint: na cainneoin (chasma an téarma Laidine a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá dhráma.

Ocsaigéad a thugtar ar aigéid neamhorgánacha ina bhfuil adaimh ocsaigine timpeall an adaimh lárnaigh. Ocsaigéid iad, mar shampla, an t-aigéad nítreach HNO3, an t-aigéad sulfarach H2SO4, an t-aigéad fosfarach H3PO4, agus an t-aigéad sárchlórach HClO4Ar ndóigh, níl nasc díreach idir an hidrigin agus an t-adamh lárnach sna hocsaigéid seo, agus mar sin b'fhearr na foirmlí a scríobh mar seo: HONO2, (HO)2SO2, (HO)3PO, HOClO3Le fírinne áfach tá ocsaigéid ag an bhfosfar ina bhfuil cuid de na hadaimh hidrigine ceangailte go díreach den adamh lárnach, rud a chiallaíos nach féidir leo imoibriú aigéadach a dhéanamh ar aon nós.

Ocsaigin atá ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is éadroime de na calcaiginí. an tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná an dá cheann eile.

Is ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin – fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an dóchán.

Tá ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar iasacht ón dúil eile.

Tá dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an ”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2), agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3). Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.

Tá ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá). Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium, nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd Clostridium botulinum an cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha seo ón tréimhse roimh Réabhlóid na hOcsaigine.

Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó shin, nuair a d'éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am. Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta, a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.

Chomh himoibritheach is atá an ocsaigin d'imeodh sí as an atmaisféar go sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d'ocsaigin an Domhain tá sí ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is comhdhúil ocsaigine agus sileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.

Óganasan a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 118; is é Og an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Rúiseach Yuri Oganessian, agus sin a bhfuil le rá ina leith i ndáiríribh, nó tá an dúil seo chomh radaighníomhach is nach féidir taighde a dhéanamh ar a hairíonna ceimiceacha. Tá an t-óganasan suite i ngrúpa na dtriathghás i dtábla peiriadach na ndúl, áfach.

Na hOirínidí: Cith dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na hEta-Acuairídí.

Oismiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a sé déag is trí scór. Is é Os an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Tá an t-oismiam 190.23 aonad ar mheáchan adamhach, agus is ceann de na miotail phlatanamchosúla é. Tá sé ar an dúil is dlúithe amuigh, nó is é an dlús atá aige ná 22.6 g/cm3Mar sin, tá sé beagnach dhá oiread chomh dlúth leis an luaidhe. Is í cumraíocht leictreon an oismiam ná 1s22s22p63s23p63d104s24p64d105s25p64f145d66s2.

Fuair an t-oismiam a ainm ón bhfocal Gréigise a chiallaíos ”drochbholadh”. Bíonn drochbholadh as an oismiam, go háirithe as an bpúdar oismiam, nó is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir agus teatrocsaíd oismiam, OsO4, a dhéanamh. Comhdhúil nimhiúil í an teatrocsaíd oismiam a bhfuil drochbholadh so-aitheanta aisti. Is í an teatrocsaíd an chomhdhúil is cobhsaí dá bhfuil ag an oismiam, agus tá sé de chlaonadh sna comhdhúile eile claochlú go teatrocsaíd.

An tOllaomthóir (Matt Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard atá ann ná rud dofheicthe agus é an-trom. Tá an tOllaomthóir suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na réaltraí.

Sa bhliain 2016 d’fhógair an réalteolaí Renée Kraan-Korteweg ón Afraic Theas go raibh freagra ag a foireann eolaithe ar cheist an Ollaomthóra: is éard a dúirt sí gur aithin an fhoireann ollbhraisle réaltraí san áit a bhfuil an tOllaomthóir. Baisteadh Ollbhraisle na Seolta (a thagraíos do réaltbhuíon na Seolta) ar an ollbhraisle.

Ór a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus is é Au an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).

Ní furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua regia nó ”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4-. Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid ocsaídiúcháin an óir. Sa bhreis ar an aqua regia is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach H2SeO4, ar ocsaídeoir láidir é.

Pallas atá ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras, taobh istigh d'fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara mionphláinéad is luaithe a d'aithin súil an duine, nó ba é an réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)

Parsoic: Tá an focal féin parsoic bunaithe ar parsec an Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax second, is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d'aon aonad réalteolaíoch amháin d'fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i gcéin uainn (le fírinne áfach níl Proxima Centauri féin suite chomh cóngarach sin). Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar.

Aonad praiticiúil é an parsoic, toisc go bhfuil baint dhíreach aige le gluaiseacht an Domhain timpeall na Gréine. San am chéanna is dócha nach bhfuil gach duine de na heolaithe féin sásta leis, nó is éard a dúirt an fisiceoir Fionlannach Kari Enqvist ina thaobh ná gur ”aonad gránna faid é” agus go mba chóir ”pionós trom a ghearradh ar na réalteolaithe a cheap é”.

Pasiphaë: Ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge, a rinne a fionnachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta, an-éalárnach aici – tá a garphointe d'Iúpatar suite seacht milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.

Peirséas – réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide, an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar atá, NCG869 agus NCG884.

An Phéacóg – réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán. Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha Pavonis freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn, agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.

An Phéist a thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar: Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste. Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear na bPéisteanna, suite idir an Ceann agus an tEireaball.

Is é Unukalhai nó Alpha Serpentis an réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor Serpentis an t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta, is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine, rud atá i ndán don Ghrian s'againn féin i ndeireadh ama. Tá Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn.

Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta Serpentis an ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í, díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh. Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de sholasbhlianta dínn.

Sa bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134 agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le bheith infheicthe againne. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt ar an réigiún sin den néal inniu.

An Phéist Bheag a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn, an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce – le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta Hydri an réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán don Ghrian s'againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre solasbhliana is fiche dínn.

An Phéist Uisce a thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú, an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha Hydrae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta Hydrae atá suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn; fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt sa déréalta. Maidir le Gamma Hydrae, is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an nGrian s'againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.

Tá Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát Acre.

Tá trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá, M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua – tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.

Phekda nó Phecda nó Phad nó Gamma Ursae Majoris a thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta, taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian. Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir í.

Pláinéad a thugtar ar rinn neimhe atá ag fithisiú réalta agus a bhfuil a conair glanta aici, ionas nach bhfuil mionphláinéadaigh ag cur isteach uirthi. Thairis sin, is cuid de shainmhíniú an phláinéid go bhfuil sé sféarúil – ar déanamh liathróide – toisc go bhfuil sé foirmithe mar sin ag a imtharraingt féin, agus nach bhfuil sé in ann iompú ina réalta – is é sin, nach bhfuil an hidrigin ann, agus má tá féin, nach bhfuil sé in ann imoibriú comhleáite na núicléas a thosú.

An Phléadach nó An Streoillín nó An Croimfhleiscín nó An tÉillín nó An Scuaidrín nó Na Cearrbhaigh – ”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven Sisters a chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh, agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope (Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a chuireas luan le loinnir na réaltaí.

Tugann na Seapánaigh Subaru ar an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an réaltbhraisle seo. Na Maori sa Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach ná Makali'i. Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali'i i gcultúr traidisiúnta na Maori, bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki. Is éard a bhí i gceist le Makahiki ná tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na méithe i seanchreideamh na Maori.

Príomhsheicheamh a thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí. D'fhéadfá a rá gurb iad na gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian, Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána.

Tá gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh (”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh chuige, nó ”imphléascadh imtharraingthe” a dhéanamh, agus an dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt – neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach (nó cothromaíocht hidreastatach) air.

Tá ”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.

Prótachtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór, is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige (prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.

Tá ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4 agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.

Ba iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a d'aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis an focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin ”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh. ”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.

Radaí – is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (mar shampla) ag teacht as, mar a fheictear dúinne.

Radaighníomhaíocht atá i gceist leis an dóigh a gclaochlaíonn adaimh áirithe go dúil eile. Is éard a thagas orthu ná meath radaighníomhach, rud a chiallaíos go n-astaíonn núicléas an adaimh cáithnín éigin. Ina dhiaidh sin beidh líon na núicléón – na bprótón is na neodrón sa núicléas – athraithe, nó ar a laghad beidh a gcoibhneas athraithe, ionas nach ionann an dúil atá i gceist.

Cineálacha den mheath radaighníomhaíocht iad an t-alfa-mheath, an béite-mheath, an cnuasmheath, an t-eamhnú spontáineachan gáma-mheath, an tiontú inmheánach agus an leictreonghabháil.

Is éard atá i gceist leis an alfa-mheath ná an núicléas a bheith ag astú alfa-cháithnínIs éard atá ann ná cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón greamaithe dá chéile ag an bhfórsa núicléach ann: mar sin is ionann é agus núicléis an iseatóip is cóitianta atá ag an héiliam. Is ar na dúile troma is mó a thagas alfa-mheath, an t-úráiniam féin cuir i gcás.

Maidir leis an mbéite-mheath, ní aon chineál amháin meatha atá ann. Sa bhéite-mheath dhiúltach astóidh an núicléas leictreon amháin (a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) chomh maith le neoidríonó (nó ”leictreon-fhrithneoidríonó”)agus tiontóidh ceann de na neodróin sa núicléas ina phrótónSa bhéite-mheath dheimhneach astóidh an núicléas posatrón amháin (a bhfuil lucht leictreach deimhneach aige) agus tiontóidh ceann de na prótóin ina neodrón. Astóidh an núicléas neoidríonó (”leictreon-neoidríonó”) sa chineál seo béite-mheatha chomh maith. Cáithníní an-éadroma iad na neoidríonónna nach ndéanann mórán idirghníomhaíochta leis an damhna.

Is éard atá i gceist leis an gcnuasmheath ná astú mion-núicléis atá níos troime ná an t-alfa-cháithnín: núicléis charbóin (radacarbón nó gnáthcharbón), ocsaigine, maignéisiam, neoin agus eile a astaítear. Is annamh a thagas cnuasmheath ar aon núiclíd, ach is núiclídí troma iad a bhíos i gceist, agus is é an t-alfa-mheath an gnáthmheath acu. D'fhéadfá an tátal a bhaint as an scéal nach bhfuil san alfa-mheath féin ach an cineál is coitianta i bhfad den chnuasmheath, mar sin.

Eamhnú spontáineach arís, is éard atá i gceist leis sin ná scoilteadh spontáineach an núicléis. Ní mór an t-eamhnú seo a scaradh ón eamhnú spreagtha sna himoibreoirí núicléacha agus sna buamaí adamhacha. Núicléis troma amháin a dhéanas eamhnú spontáineach, agus níl sé róchoitianta acu féin.

Is éard is cúis leis an ngáma-mheath ná aistriú an núicléis ó isiméir amháin go hisiméir eile. Sa cheimic, is é is ciall leis an isiméireacht ná go bhfuil struchtúr an mhóilín difriúil ag comhdhúile arb ionann líon na n-adamh éagsúla iontu – mar sin, is isiméirí iad an t-aicéatón CH3C(O)CH3 agus an t-aicéataildéad CH3CH2C(H)O. Maidir leis na hisiméirí núicléacha, is ionann líon agus coibhneas na neodrón is na bprótón iontu, ach san am chéanna tá isiméir amháin ar leibhéal is airde fuinnimh ná an isiméir eile, agus is dual di an fuinneamh breise a astú mar chandam radaíochta – gáma-radaíocht.

Is féidir leis an núicléas an bhreis fuinnimh sin a ”bhronnadh” ar cheann de leictreoin an adaimh freisin (tiontú inmheánach). Ansin scaoilfear an leictreon sin – an leictreon tiontaithe – agus nuair a thitfeas leictreon eile isteach ó leictreonsceall níos airde, astófar candam x-radaíochta. Is féidir go mbuailfidh an candam sin leictreon eile ionas go n-astófar é chomh maith. Na leictreoin a astaítear ar an dóigh seo, tugtar leictreoin Auger orthu – ón bhfisiceoir Francach Pierre-Victor Auger a fuair siad an t-ainm seo.

Leictreonghabháil a bheas ann má cheapann an núicléas ceann de na leictreoin is gaire dó le prótón a iompú ina neodrón – go bunúsach, beidh lucht leictreach diúltach an leictreoin de dhíth le lucht deimhneach an phrótóin a neodrúAstófar leictreon-neoidríonó sa teagmháil. Beidh an núicléas féin flosctha le fuinneamh i ndiaidh na leictreonghabhála, agus astóidh sé candam gáma-radaíochta nó déanfaidh sé tiontú inmheánach ionas go scaoilfear leictreoin saor ón néal leictreon (leictreon tiontaithe chomh maith le leictreoin de chuid Auger). Is iad an K-sceall agus an L-sceall an dá leictreonsceall is cóngaraí don núicléas, agus mar sin labhraítear faoi K-ghabháil agus L-ghabháil dá réir.

Réalta Barnard an ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í – is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í. Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an réalta ainmnithe as an bhfear a d'aithin í roimh aon duine eile, mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar shampla.

Réalta Kapteyn an gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp. Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1898.

Réalta Teegarden a thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite i réaltbhuíon an Reithe.

Réaltra a thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl s'againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí bíseacha barracha iad mar sin.

Réaltra an Ghuairneáin – is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D'fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

Rigel nó Beta Orionis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta, Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil ón gcuid is mó d'fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm den aicme speictreach B atá inti.

Ainm Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos” – cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim is naoi gcéad solasbhliain dínn.

Rointginiam atá ar dhúil uimhir a 111, agus is é Rg an tsiombail cheimiceach. Tugann an t-ainm aitheantas don fhisiceoir Ghearmánach Wilhelm Conrad Röntgen, a rinne fionnachtain na n-x-ghathanna (”radaíocht Röntgen” mar a thugtar orthu ina lán teangacha). Maidir leis na saintréithe ceimiceacha, tá an rointginiam in aon ghrúpa leis na miotail lómhara, is é sin, an copar, an t-airgead geal agus an t-ór, agus is féidir a thuairimiú gur miotal lómhar é féin. Níl ann ach teoiriceoireacht dáiríribh, ós rud é gur dúil éagobhsaí radaighníomhach é an rointginiam. Is é rointginiam a 282 an t-iseatóp is cobhsaí: níl sé féin ach céad soicind ar leathré.

Rutarfoirdiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 104, agus is é Rf an giorrúchán a shiombalaíos an dúil. Bhí ainm na dúile seo ina chnámh spairne idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe i ré an Chogaidh Fhuair, agus na Sóivéadaigh ag tabhairt cuirtseatóiviam (Ku) uirthi, in ómós d'Igor Kurchatov, a bhí i gceannas ar thaighde núicléach an Aontais Shóivéadaigh go lá a bháis sa bhliain 1960. Maidir leis an ainm atá ar an dúil inniu, tagraíonn sé d'Ernest Rutherford, fisiceoir Sasanach a bhí ina cheannródaí san fhisic adamhach. Níl mórán eile le rá faoin rutarfoirdiam, nó cosúil leis an gcuid is mó de na dúile trasúránacha is dúil shaorga radaighníomhach é a dtagann meath uirthi go sciobtha.

An Sciath nó Sciath Sobieski nó Scutum nó Scutum Sobiescianum (Polainnis: Tarcza Sobieskiego) a thugtar ar an réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan Heweliusz) a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a bhreith i gCath Vín, 1683.

Níl mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti, ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í. Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá chéad solasbhliain dinn.

Seaboirgiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 106, agus is é Sg an giorrúchán. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Glenn Seaborg. Is beag eile is féidir a rá i leith an tseaboirgiam, nó is dúil shaorga é atá chomh radaighníomhach is nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a saintréithe ceimiceacha, chomh gearrshaolach is atá na hiseatóip is cobhsaí féin.

Siorcóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr an giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha. Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón, an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta siorcóiniam.

Miotal insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

Is iad an dé-ocsaíd (ZrO2), nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4), an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór (2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na hollchruinne, níl cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Is féidir iarsmaí d'iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór, nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.

Sirius: Is é Sirius nó Sotis nó Sopdet nó Alpha Canis Majoris nó Réalta an Mhadra an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin, ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis an nGrian s'againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla. Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos gasta ná an Ghrian s'againn.

Maidir le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán: tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh, ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.

Deir téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius, rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin, ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Tá Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Mato Grosso in iarthar na tíre.

Sóidiam: Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na – Natrium an t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta. 22.99 an meáchan adamhach, agus is é sóidiam a trí is fiche (23Na) an t-aon iseatóp cobhsaí atá ann. Is é an t-iseatóp radaighníomhach is faide leathré ná sóidiam a dó is fiche (22Na), agus é dhá mhíle  chéad bliain ar leathré. Is é an béite-mheath deimhneach a thagas air, is é sin, is dual dó posatrón a astú, agus is é neon a dó is fiche (22Ne) is toradh don mheath seo. Iseatóp cobhsaí é an neon seo.

Cosúil leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.

Is é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is coitianta dá bhfuil aige, agus is é +1 an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+ a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin (décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3) agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).

Má chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann, agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd sóidiam, NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san uisce.

Is féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá, agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.

Spica: Is í Spica nó Alpha Virginis an réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

Sraith Balmer: Is í sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite i mbanda an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanda ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer a d'aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag brath ar a chéile agus a d'oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.

Is í cothromóid Rydberg ná:

(1/λ) = RZ2[(1/n12)-(1/n22)]

inarb ionann:
  • λ agus tonnfhad na líne speictrí
  • R agus tairiseach Rydberg
  • Z agus an uimhir adamhach, is é sin uimhir na bprótón i núicléas an adaimh (don hidrigin, is ionann í agus a haon)
  • n1 agus an leibhéal fuinnimh óna léimeann an leictreon
  • n2 agus an leibhéal fuinnimh a léiméann an leictreon go dtí é

Nuair atá n2 ag dul i dtreo na héigríche (), tá (1/n22) ag dul go hasamtóiteach i dtreo an neamhní. Mar sin, má ligtear (1/n22) ar lár sa chothromóid, is féidir íosteorainn a chomhaireamh do thonnfhad na sraithe. Tabhair faoi deara nach bhfuil an chothromóid seo i bhfeidhm ach i gcóras atá comhdhéanta as núicléas agus aon leictreon amháin – go praiticiúil is ionann sin agus adamh hidrigine. Dá mbeadh tuilleadh leictreon ann rachadh castacht na cothromóide thar acmhainn na matamaiticeoirí féin.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Balmer ná 656 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 364.6 nanaiméadar.

Sraith Brackett: Is í sraith Brackett an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an ceathrú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil fhuinnimh os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Frederick Sumner Brackett (1896-1988) a d'aithin an tsraith seo sa bhliain 1922.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Brackett ná 4051 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 1458 nanaiméadar.

Sraith Humphreys: Is í sraith Humphreys an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an séú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Curtis Humphreys (1898-1986) a rinne a fionnachtain.

Is é tonnfhad an chéad líne sa tsraith ná 12.37 micriméadar (12,370 nanaiméadar) , agus is í an teorainn ná 3.282 micriméadar (3,282 nanaiméadar).

Sraith Lyman: Is í sraith Lyman an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda ultraivialait, is é sin, níl siad infheicthe. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Theodore Lyman.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Lyman ná 121.6 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 91.18 nanaiméadar.

Sraith Paschen: Is í sraith Paschen an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an tríú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanda infridhearg, is é sin, tá a dtonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe, agus dá réir sin, tá a minicíocht níos ísle. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Gearmánach Friedrich Paschen.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Paschen ná 1875 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 820.4 nanaiméadar.

Sraith Pfund: Is í sraith Pfund an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an cúigiú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach August Herman Pfund.

Is é tonnfhad an chéad líne i sraith Pfund ná 7460 nanaiméadar, agus is í teorainn na sraithe ná 2279 nanaiméadar.

Tagra nó tagra geodasaíochta a thugtar ar an leibhéal tagartha airde a bhfuil meas an ”neamhní” air – ar an ”dromchla farraige” a luaitear, abair, le hairde na sléibhte. Le fírinne áfach is féidir an tagra a shainiú ar dhóigheanna éagsúla.

Teicnéitiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is dhá scór i dTábla Peiriadach na nDúl, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Tc. Is miotal trasdultach é, agus é in aon ghrúpa leis an mangainéis agus an réiniam. Thar aon rud eile, áfach, is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná teicnéitiam a naoi ndéag is ceithre scór (99Tc), agus é 211,000 bliain ar leathré.

Ba é an fisiceoir Iodálach Emilio Segrè a d'aithin an teicnéitiam an chéad uair riamh, cé go raibh torthaí bréagdheimhneacha tugtha roimhe sin ag eolaithe a shíl go raibh dúil a 43 fionnta acu. Ar cuairt sna Stáit Aontaithe dó chuir Segrè suim sa chioglatrón (luasaire cáithníní) i Saotharlann Berkeley, agus thug Ernest Lawrence, an fear a chéadcheap an gléas, scragall úsáidte ón gcioglatrón dó, le go bhféadfadh sé taighde a dhéanamh ar na núiclídí radaighníomhacha a d'fhág an úsáid sa scragall. Bhí an scragall déanta as molaibdéineam, dúil uimhir a 42, agus teoiric ag Segrè gur iseatóp de chuid dhúil a 43 a bhí ar fáil sa scragall. Le cuidiú óna chara Carlo Perrier, a bhí ina mhianreolaí, chruthaigh sé gurbh amhlaidh.

Bhí Segrè ag obair in Ollscoil Palermo, agus d'iarr lucht rialtais an bhardais go mbaistfeadh sé panóirmiam ar an dúil nua, ainm a bhí bunaithe ar an leagan Laidine d'ainm na cathrach, Panormus. Sa bhliain 1947, aon bhliain déag i ndiaidh do Segrè an fhionnachtain a dhéanamh, bhaist eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí teicnéitiam ar an dúil, ós rud é gur dúil shaorga (tekhnetos an focal Sean-Ghréigise a chiallaíos ”saorga, daondéanta”) í nach bhfuil ar fáil sa dúlra go nádúrtha – tá gaol ag an ainm le teicneolaíocht, ar ndóigh.

Miotal trom é an teicnéitiam a gcuirfeadh a chosúlacht platanam i gcuimhne duit. Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta a bhíos aige ina chuid comhdhúl ná +4, +5, agus +7. Tagann smúid ocsaíde ar an teicnéitiam le taise an aeir, agus is féidir an miotal a chur trí thine in atmaisféar glanocsaigine.

Teinisín a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 117, agus is é an giorrúchán a sheasas don teinisín ná Ts. Fuair an dúil a hainm ó stát Tennessee sna Stáit Aontaithe, nó tá saotharlann fisice núicléiche Oak Ridge suite sa stát sinDúil throm thrasúránach é an teinisín agus é chomh radaighníomhach is nach bhfuil na heolaithe ábalta mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha.

Triantán an Gheimhridh: Is é Triantán an Gheimhridh astaireacht na réaltaí úd Sirius, Betelgeuse, agus Procyon – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Mhadra Mhóir, an Bhodaigh, agus an Mhadra Bhig.

Triantán an tSamhraidh a thugtar ar Altair, Vega, agus Deneb in éineacht – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Iolair, na Líre, agus na hEala.

Úfó an giorrúchán Béarla a chiallaíos ”réad eitilte gan aithint”. Is minic a shíltear gurb ionann úfó agus spásbhád eachtardhomhanda, ach ní mar sin atá: dá n-aithneofaí mar spáslong de chuid na bhfear beag uaine é, ní bheadh sé ina úfó (is é sin, gan aithint) a thuilleadh!

Cé go mbítear ag cur sonrú i rudaí aisteacha thuas san aer ó tháinig an cine daonna chun saoil, ní dhearnadh coincheap ar leith den úfó ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1947 chonaic an t-eitleoir amaitéarach Meiriceánach Kenneth Arnold dioscaí aisteacha ina thimpeall agus é díreach ag eitilt thart le Sliabh Rainier (nó Sliabh Tacoma), an sliabh is airde sna Sléibhte Cascáideacha i Stát Washington, Iarthuaisceart na Stát Aontaithe. Is minic a chreidtear gurbh é Arnold a bhaist ainm an ”tsásair eitilte” ar na dioscaí seo, ach is deacair a rá an mar sin a bhí – is féidir gurbh iad na nuachtáin a bhain an chéad úsáid as an téarma sin.

Níorbh é Arnold an t-aon duine a thug tuairisc ar an gcineál seo breathnuithe san am, agus ghlac Aerfhórsa na Stát Aontaithe imní: an raibh sibhialtaigh tar éis sonrú a chur in aerárthaí rúnda de chuid an Aerfhórsa féin, nó an raibh gléasra spiaireachta de chuid na Sóivéadach i gceist? Nó an ea nach raibh ann tar éis an tsaoil ach iomrall súl? Chuir an tAerfhórsa tús le Project Sign, tionscadal taighde a bhí dírithe ar a fháil amach cad é ba chúis leis na sásair eitilte. Dealraíonn sé gur rith an míniú ”eachtardhomhanda” le daoine acu siúd a raibh baint acu leis an tionscadal seo, cé go raibh a lán d'oifigigh an Aerfhórsa barúlach gurbh ón Aontas Sóivéadach a tháinig na sásair, agus córas tiomána acu nach raibh ar eolas ag innealtóirí na Stát Aontaithe. Iad siúd a chreid sa teoiric Shóivéadach, bhí siad ag déanamh gur cineál cogaíocht shíceolaíoch a bhí idir lámhaibh ag na Rúisigh chomh dána dalba is a bhí na húfónna ag eitilt in aerspás na Stát.

Ní raibh údaráis an Aerfhórsa sásta le torthaí Project Sign, agus thosaigh siad ar thionscadal nua, Project Grudge. Sa bhliain 1949 d'eisigh Grudge a chuid torthaí: glacadh leis nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, a fhad agus a d'fhéadfaí a mheá, agus nach raibh iontu go bunúsach ach míthuiscintí ar rudaí nádúrtha nó ar réadanna neamhurchóideacha eile.

Ba é tionscadal an Leabhair Ghoirm, nó Project Blue Book, an tríú hiarracht oifigiúil a rinneadh sna Stáit le taighde a dhéanamh ar na húfónna. Chaith lucht an Leabhair Ghoirm na blianta fada ag bailiú scéalta faoi úfónna agus á n-anailísiú, agus sa bhliain 1968, foilsíodh tuairisc faoin teideal ”Staidéar Eolaíoch ar na Réadanna Eitilte gan Aithint”, nó ”Tuairisc Condon”, mar is gnách í a ainmniú, ós fisiceoir darbh ainm Edward Condon a bhí i gceannas ar an gcoiste a dhréachtaigh an tuairisc. Is iad na torthaí a bhí le léamh ar an tuairisc seo ná nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, ná teicneolaíocht ardfhorbartha nó cuairteoirí eachtardhomhanda ag baint leo, de réir na fianaise a bhí ann.

Idir an dá linn áfach tháinig cultas na n-úfónna ar an bhfód, agus dreamanna beaga díograiseoirí ag fógairt gur spásbháid ó phláinéid eile a bhí i gceist. Le fírinne chuir an CIA – lárúdarás faisnéise na Stát Aontaithe – ar bun coiste taighde dá gcuid féin faoi cheannas an fhisiceora Howard Percy Robertson, ”Painéal Robertson”, sa bhliain 1951. Ba iad torthaí oibre an phainéil seo ná nach sna húfónna a bhí an bhagairt, ach sna díograiseoirí: dá mbeadh lucht an Aerfhórsa, na réadlanna réalteolaíocha agus na stáisiúin bhreathnóireachta eile curtha thar a n-acmhainn ag tuairiscí seafóideacha faoi úfónna, ní fhéadfaidís súil a choinneáil ar eitleáin spiaireachta an Aontais Shóivéadaigh. Thairis sin, d'fhéadfadh na Sóivéadaigh dochar a dhéanamh do shíocháin inmheánach na Stát Aontaithe trí spreagadh a thabhairt do chultas na n-úfónna – mar a dúirt paínéal Robertson.

Tríd is tríd, ba é toradh na bhfiosruithe seo ná nach raibh rud osnádúrtha, neamhshaolta nó neamhghnách ar bith i gceist leis na húfónna. D'admhaigh na taighdeoirí nach raibh siad ábalta gach uile bhreathnú a mhíniú go fóill ach san am chéanna bhí siad dóchasach go bhfreagródh an eolaíocht gach aon cheist sa deireadh.

Xeanón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 54. Xe an tsiombail cheimiceach, agus is é an meáchan adamhach atá aige ná 131.29. Ceann de na triathgháis é an xeanón, agus ochtréad iomlán ar an sceall is faide amuigh sa néal leictreon aige, rud a fhágas nach bhfuil sé araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin féin is féidir leis an xeanón dul i gcomhdhúile ceimiceacha áirithe, go háirithe leis an bhfluairín, arb é an t-ocsaídeoir is láidre de na dúile go léir. Úsáidtear xeanón i bhfeadáin solais, nó is dual dó solas gorm a dhéanamh má chuirtear réimse leictreachais i bhfeidhm air.

Tá a lán iseatóp cobhsaí ag an xeanón, ocht gcinn acu ar fad. Thairis sin, tá aon raidiseatóp nádúrtha amháin aige, agus é chomh fadsaolach is gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.

ISEATÓIP NÁDÚRTHA AN XEANÓIN
MaisuimhirCéatadán i xeanón an dúlraRadaighníomhaíocht
1240.1Ar chúiseanna teoiriciúla táthar ag déanamh go dtagann béite-mheath dúbailte ar an iseatóp seo. Níl fianaise ar bith ann leis an teoiric seo a fhíorú, agus mar sin glactar leis gur núiclíd chobhsaí atá ann go praiticiúil.
1260.09cobhsaí
1281.9cobhsaí
12926.4cobhsaí
1304.1cobhsaí
13121.2cobhsaí
13226.9cobhsaí
13410.4Ar chúiseanna teoiriciúla táthar ag déanamh go dtagann béite-mheath dúbailte ar an iseatóp seo. Níl fianaise ar bith ann leis an teoiric seo a fhíorú, agus mar sin glactar leis gur núiclíd chobhsaí atá ann go praiticiúil.
136(iarsmaí beaga)béite-mheath dúbailte, leathré timpeall is 2 x 1011 bliain
Níl flúirse xeanóin in atmaisféar an Domhain, agus níl an triathghás áirithe seo róraidhsiúil ar na pláinéid eile ach an oiread. Is é Iúpatar an pláinéad is saibhre sa xeanón, rud is ábhar suime agus suntais do na heolaithe.

Níl nimh i gciall cheart an fhocail sa xeanón, ach is féidir leis dul i bhfeidhm ar an inchinn agus néal a chur i do cheann: má análaítear isteach é, rachaidh sé tríd an mbacainn idir an fhuil agus an inchinn. Le fírinne úsáidtear mar ainéistéiseach sa mháinliacht é ar an gcúis áirithe seo. Maidir le comhdhúile an xeanóin, is ocsaídeoirí láidire iad go coitianta, agus iad an-fhonnmhar chun imoibriúcháin: dá réir sin bíonn siad i bhfad níos dainséaraí, níos díobhálaí don duine ná an gás féin.

X-radaíocht a thugtar ar an radaíocht atá níos tonnfhaide ná an gháma-radaíocht, níos tonnghiorra ná an radaíocht ultraivialait. Ba é Wilhelm Konrad Röntgen a d'aithin an X-radaíocht an chéad uair sa bhliain 1895, agus ina lán teangacha tugtar ”radaíocht Röntgen” ar an gcineál seo radaíochta. Úsáidtear X-ghathanna (is é sin, gathanna X-radaíochta) sa dochtúireacht (le pictiúirí a thógáil de chnámha an duine bheo, ach go háirithe) agus sna seiceálacha slándála ar na haerfoirt (le fáil amach faoina bhfuil istigh i mála dúnta). Chomh saibhir is atá na gathanna seo i bhfuinneamh áfach baineann priacal áirithe ailse leo, nó déanann siad dochar do na comhdhúile íogaire bithcheimiceacha sna cealla beo.



No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...