Thursday, June 13, 2019

Ciclipéid na hOllchruinne: B - Clóirín

Bairiam a thugtar ar dhúil cheimiceach a 56. Ba an tsiombail cheimiceach. Ceann de na miotail chré-alcaileacha é an bairiam, cosúil leis an maignéisiam, an cailciam, agus an strointiam: tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh aige, agus ochtréad ar an dara ceann, agus mar sin is dual dó an dá leictreon sin a thabhairt ar iasacht uaidh, ionas go gcruthófar ian bairiam Ba2+Is í an t-aon staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an mbairiam ina chuid comhdhúl ná +2. Miotal airgeadgheal é an bairiam, ach nuair a oibreos an t-aer air, ní bheidh an loinnir sin i bhfad ag imeacht: chomh haraiciseach is atá an bairiam chun imoibriúcháin, is dual dó dul i gcomhdhúil le hocsaigin an aeir agus brat liath ocsaíde a tharraingt. Is féidir an bairiam a aithint ar an dath uaine a chuireas sé leis an tine, agus úsáidtear comhdhúile bairiam sna roicéid tine ealaíne ar an gcúis seo. Nimh é an bairiam, nó oibríonn na hiain bhairiam ar na néaróga.

An Balla Díreach a thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes Recta an t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.

An Balla Mór – Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:

  • Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.

  • Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.



Bá na mBoghanna Báistí nó Sinus Iridum a thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an nGealach.

Bandaí cianaigine: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus nítrigine í an chianaigin, C2N2Is iad an dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar na bandaí cianaigine is tábhachtaí. Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le bandaí cianaigine.

Bandaí ocsaíde tíotáiniam: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme) is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.

Bandaspeictream a thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de línte speictreacha.

Banda stoidiacach an banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir gheal ann.

An Bhanlámh – ceann de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.

Baralár a thugtar ar mheáchanlár nó lárphointe maise an chórais imtharraingthe (tagraíonn an réimír sin bara- don fhocal Gréigise a chiallaíos ”trom”). Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b'fhearr a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí, nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.

Barón an téarma a thagraíos do bhuncháithníní troma, go háirithe don phrótón agus don neodrón. Glactar leis go bhfuil gach barón comhdhéanta as trí chuarc éagsúla.

Bealach na Bó Finne nó an Láir Bhán nó Claí Mór na Réaltaí a thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa chiall chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas trasna na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile is nach dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is ionann an crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a fheictear dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa diosca sin. Is é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.

Réaltra bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra – nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur codanna d'aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.

An Béar Beag nó Ursa Minor a thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is gile inti. Níl sí róchosúil le haon bhéar, ach tá sí cosúil leis an gCamchéachta (astaireacht na réaltaí is gile sa Bhéar Mhór), ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre réalta ann chomh maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta Pholach, nó Alpha Ursae Minoris, suite i ndeireadh na ”coise”. Ceann de réaltaí an ”bhosca” í an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, Kochab nó Beta Ursae Minoris. Déréalta is ea an Réalta Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí í an phríomhréalta. Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul in aois cheana: K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos fuaire agus níos deirge ná an Ghrian s'againn.

An Béar Mór nó Ursa Major a thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach) suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag, an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak (Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Bearna Cassini a thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1675.

Bearna Encke – is bearna í taobh istigh d'A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna seo a hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann de ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna seo.

Bearna Hertzsprung – is éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an comhbhall is mó d'ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.

Bearnaí Kirkwood – Sa bhliain 1866 d'aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel Kirkwood bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa Ghrianchóras. Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh bheith in athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall na Gréine a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a thógas sé ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad bearnaí Kirkwood is toradh don chosc seo.

Beirilliam – Is é an beirilliam dúil cheimiceach uimhir a ceathair, agus é ar an gceann is éadroime de na miotail chré-alcaileacha. Is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ná Be, agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s2.

Tá an beirilliam 9.012 aonad ar mheáchan adamhach, agus is é beirilliam a naoi, nó 9Be, an t-aon iseatóp cobhsaí amháin. Tá beirilliam a deich, nó 10Be, réasúnta fadsaolach, agus é breis is milliún bliain ar leathré. Cruthaítear beirilliam a deich san atmaisféar de thoradh an phróisis ar a dtugtar spallúchán nó spallú: is iad na gathanna cosmacha is cúis leis an bpróiseas seo. An beirilliam radaighníomhach a ghintear ar an dóigh seo carntar in uachtar na hithreach é, agus is féidir leis na geolaithe tátail a bhaint i dtaobh ghníomhaíocht na Gréine as athruithe an chineál áirithe seo radaighníomhaíochta i gcisil na hithreach: go bunúsach, nuair a bhíos an ghrianghaoth láidir, bíonn an radaíocht chosmach lag, agus nuair a bhíos an radaíocht chosmach lag, ní tháirgtear mórán den iseatóp seo san atmaisféar.

Miotal liath sobhriste é an beirilliam le teocht an tseomra. Má thagann sé i dteagmháil leis an aer, fágfar brat ocsaigine air. Is féidir beirilliam a chur trí thine fosta, agus ar ndóigh is í an ocsaíd chéanna, BeO, is toradh don imoibriú seo.

Siúd is gur miotal atá ann, mar bheirilliam, ní bhíonn sé chomh haraiciseach chun iain a dhéanamh agus a shamhlófá le miotal cré-alcaileach – le fírinne tá sé níos cosúla leis an alúmanam ó thaobh na ceimice de, agus é ag ceangal naisc chomhfhiúsacha lena lán dúlIs í an bheiril – sileacáit an bheirilliam agus an alúmanaim Be3Al2(SiO3)6 – an mianra is tábhachtaí beirilliam, agus aithne ag an gcine daonna uirthi ó thús na staire. Is féidir beirilliam a dhéanamh as beiril, ach baintear úsáid na seoide aisti chomh maith. Níl dath ar bith sa ghlanbheiril, ach is minic a fhágas truailleáin éagsúla dath éigin ann. Tugtar smaragaid ar an mbeiril uaine, agus is éard atá i gceist leis an gcloch mhuirghorm ná beiril ghorm. Tá an bheiril órga buí, agus is é an héileadór an leagan buí-uaine.

Is mór an t-éacht miotalóireachta é beirilliam a aonrú mar dhúil, agus níor éirigh an t-éacht sin le haon duine roimh an naoú haois déag. Bhí an ceimiceoir clúiteach Gearmánach Friedrich Wöhler ar an gcéad duine, thiar sa bhliain 1827, a d'aonraigh beirilliam. Eisean a bhaist an dúil fosta, ach ina dhiaidh sin thug ceimiceoirí eile taitneamh don ainm glúiciniam, atá bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”milis”, ó tá blas milis sna salainn bheirilliam. Níl sé ciallmhar bheith ag baint an iomarca suilt as an mblas sin áfach, ós rud é gur nimh atá sa bheirilliam. Tá an beirilliam cosúil leis an maignéisiam ó thaobh na ceimice de, ach ar ndóigh níl sé in ann gnó an mhaignéisiam a dhéanamh in orgánach an duine. Mar sin, tá dochar sna comhdhúile beirilliam; thairis sin tá an miotal glan féin dainséarach go leor má análaítear isteach mar dhusta é, nó spreagann sé ailléirge agus ailse scamhóg.

Is iomaí úsáid a bhaintear as beirilliam sa teicneolaíocht. Ligeann an miotal seo an chuid is mó de na x-ghathanna tríd, agus mar sin, úsáidtear é i bhfuinneoga radaíochta na bhfeadán x-ghathach. Ní athraíonn toirt an bheirilliam mórán leis an teocht – ní fhorbraíonn an beirilliam mórán, mar a déarfá – agus mar sin is minic a úsáidtear páirteanna beaga beirilliam sa spásteicneolaíocht, mar shampla.

Bellatrix nó Gamma Orionis a thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth, ach d'éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta réasúnta athraitheach í.

Betelgeuse nó Alpha Orionis an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea, an dara ceann is gile acu, cé gurb é Alpha Orionis ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann, agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.

Na Bílidí – malairt ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is éard atá i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí an chóiméid úd Biela, ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa bhliain 1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach Wilhelm von Biela a d'aithin gur cóiméad tréimhseach a bhí ann. Cuid súl a bhí sna Bílídí faoi dheireadh na naoú haoise déag, ach is ar éigean a d'aithneofá inniu iad gan dul i dtuilleamaí teileascóip nó gléasra cianradhairc eile.

Biosmat a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla Peiriadach. Bi an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal sobhriste é an biosmat ach éireoidh sé pinc  oibríonn ocsaigin an aeir air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i mbiosmat nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air, ach tá leathré an iseatóip sin chomh fada (níos faide ná aois mheasúnaithe na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh dainséarach ná díobhálach leis na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.

Tá biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait (Bi2S3) í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3) í an bhismít.

Baintear úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht, ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan chomh nimhiúil is atá sí. Ní féidir a rá nach mbeadh nimhiúlacht éigin ag baint leis an mbiosmat féin ach níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach leis an luaidhe.

Bís a thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh bíse. Réaltra bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre. Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an Triantáin.

Bís bharrach a thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.

Bladhm a thugtar ar bhrúchtadh tobann a aithnítear mar laom láidir gile in aice le dromchla na réalta. Tugtar bladhmréaltaí ar réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan choinne. Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.

Bíonn bladhmanna le haithint ar an nGrian s'againn freisin, ó am go ham – grianbhladhmanna mar a thugtar orthu. Bíonn siad an-éagsúil ó thaobh an fhuinnimh de, agus is minic a scaoiltear saor damhna as coróin na Gréine de thoradh bladhma (rud ar a dtugtar mais-eisteilgean corónach).

Bliain a thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla, áfach.

Nuair a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an bhliain ghréine, nó an bhliain thrópaiceach, a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar an éiclipteach, mar a fheictear dúinn. Tá cineálacha eile bliana ann, áfach.

Is í an réaltbhliain an tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht bhliantúil na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na réaltaí” agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na réaltaí cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur féidir neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is fiche nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an difríocht seo.

Bliain aimhrialta a thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an Domhain).

Bliain Iúlach a thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, tá an bhliain 365.25 lá ar fad, go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an bhliain Iúlach seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í is bunús leis an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in aghaidh na bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.

Is í an bhliain Ghréagórach meánfhad na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, arb é an féilire a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97 mbliana as gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann an bhliain Ghréagórach agus 365.2425 lá.

Is ionann aon bhliain ghealaí amháin agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.

Bliain bhisigh a thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil, is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná 2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire Ghréagóra.

An Bodach an t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion, ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air, agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra, an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá, Alnilam, Alnitak agus Mintaka.

Ollfhathach dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.

Bóilíd a thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige mhór agus í ag pléascadh san atmaisféar.

Boilsciú a thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar an dóigh a ndeachaigh an Ollchruinne i bhfairsinge go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe (10-36 go 10-32 soicind i ndiaidh na hOllphléisce).

Bóiriam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 107, agus is é Bh an giorrúchán ceimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil ghearrshaolach é an bóiriam a dtagann meath radaighníomhach air go sciobtha, ionas nach furasta mórán a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha. Níl an t-iseatóp is cobhsaí, bóiriam 270, ach nóiméad agus soicind ar leathré. Fuair an dúil a hainm ón Danmhargach Niels Bohr a bhain amach Duais Nobel san fhisic sa bhliain 1922.

Bólaiméadar a thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach, x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a bhuaileas í, agus is ar an téamh seo (nó ar an sruth leictreach is toradh don téamh) a aithnítear fuinneamh na radaíochta.

Tagraíonn na focaibólaiméadracht agus bólaiméadrach do bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál radaíochta in éineacht – le hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann san áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta in éineacht, agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a fhaighimid an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais infheicthe uaithi.

Bolcán a thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a bheith ann taobh istigh d'fhithis Mhearcair. Ba é an réalteolaí Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán, thiar sna 1840idí. Ba é ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán ná go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, garphointe Mhearcair don Ghrian, an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an phláinéid) ag bogadh traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir, de réir na fisice clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus lucht a chomhaimsire go míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht seo. Ba í teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh leis an tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na teoirice sin.

Bonner Durchmusterung (tabhair faoi deara nach bhfuil ...Dürchmusterung ceart ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-) nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung agus a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.

Bórón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a cúig, agus is é an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p1, is é sin, tá trí leictreon ar an dara leictreonsceall. Mar sin, ní féidir leis an mbórón an t-ochtréad iomlán a bhaint amach ar an leictreonsceall is faide amuigh: ní bheadh sé réadúil cúig leictreon a fháil ar iasacht ó dhúile eileIna dhiaidh sin féin, is miotalóideach é an bórón.

Tá dhá iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an mbórón, mar atá, 10B agus 11B (bórón a deich agus bórón a haon déag). Go bunúsach, tá an dara ceann acu ceithre oiread chomh coitianta sa dúlra leis an gcéad cheann, ach bíonn an coibhneas seo ag luainiú go mór, agus mar sin is deacair meáchan adamhach an bhóróin a áireamh go cruinn. Tá an meáchan sin socraithe go hoifigiúil ar 10.81. Na raidiseatóip atá ag an mbórón, tiocfaidh meath radaighníomhach orthu go tapa: níl an ceann is fadsaolaí féin acu oiread is aon soicind amháin ar leathMar sin, níl

Tá allatróip éagsúla ag an mbórón: bórón dímhorfach agus cineálacha éagsúla de bhórón chriostalda (dhá chineál de bhórón rombaihéidreach chomh maith le bórón ortarombach agus bórón teitreagánach). Tá na hallatróip go léir timpeall ar 2.3 go 2.5 g/cm3 ar tiús; is é an bórón rombaihéidreach den alpha-chineál an t-allatróp is troime.

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an mbórón sna dúile ceimiceacha ná +3. Comhdhúile coitianta de chuid an bhóróin iad an t-aigéad bórach, an ocsaíd bhóróin (an trí-ocsaíd débhóróin), an nítríd bhóróinagus an bórás.

Is í an fhoirmle atá ag an aigéad bórach ná H3BO3. Tá trí hiodrocsalghrúpa (OH) timpeall ar an adamh bóróin sa mhóilín, agus dá réir sin thig linn an fhoirmle a scríobh mar B(OH)3 chomh maith. Substaint sholadach é an t-airgéad bórach, ach tá sé sothuaslagtha san uisce, agus ar ndóigh, is aigéad sách lag é. Tá sé ar fáil sa dúlra mar mhianrasasóilít a thugtar ar an aigéad bórach nádúrtha.

Is iomaí sainúsáid a bhaintear as an aigéad bórach sa tionsclaíocht. Maraíonn sé baictéir chomh maith, agus is féidir an fhluairíd hidrigine a thabhairt chun neodrachta leis an aigéad bórach, nó ceapfar na hiain fhluairíde i gcomhdhúile casta san imoibriú.

Maidir leis an ocsaíd bhóróin, substaint dhímhorfach í de ghnáth (is é sin, substaint nach bhfuil struchtúr criostalda ná leáphointe cruinn aici, cosúil leis an ngloine), ach is féidir í a iompú ina criostail leis an modh oibre ar a dtugtar ainéaladh. Úsáidtear an ocsaíi ndéantús cineálacha áirithe gloine, mar shampla.

Comhdhúil shuimiúil í an nítríd bhóróin. Tá adamh amháin bóróin sa nítríd bhóróin in aghaidh gach adamh nítrigíne, agus mar sin is í an fhoirmle cheimiceach atá aici ná BN. Is eol do chách, beagnach, go bhfuil dhá allatróp ag an gcarbón: an diamant agus an ghraifít. Thairis sin tá allatróp is annaimhe ná iad siúd ann, cosúil leis an lonsdaeilít, nó an ”diamant heicseagánach”. Anois, tá sé tábhachtach a thuiscint go bhfuil cúig leictreon ar an leictreonsceall is fada amuigh ag an nítrigín, agus trí leictreon ag an mbórón – agus ceithre cinn ag an gcarbón. Mar sin, má tá na hadaimh bóróin agus charbóin scaipthe go cothrom ar fud an chriostail, is ionann a struchtúr agus struchtúr an charbóin – d'fhéadfá a rá go bhfuil siad ag déanamh aithrise ar an gcarbón. Dá réir sin, tá fáil ar fhoirmeacha éagsúla den nítríd bhóróin: ceann a bhfuil struchtúr criostalda an diamaint aige, ceann a bhfuil struchtúr criostalda na graifíte aige, agus ceann a bhfuil struchtúr criostalda na lonsdaeilíte aige.

An bórás arís, is éard atá ann ná teitreabóráit déshóidiam. Bóráití a thugtar ar shalainn an aigéid bhóraigh, ach má pholaiméirítear ceithre mhóilín den aigéad seo, gheofar aigéad teitreabórach nó aigéad pireabórach H2B4O7Is é an bórás salann sóidiam an aigéid seo, Na2B4O7De ghnáth bíonn deich móilín uisce i struchtúr criostalda an bhóráis in aon aonad foirmle amháin, agus mar sin, is féidir deiceahiodráit na teitreabóráite (pireabóráite) sóidiam a thabhairt ar an mbórás. Tá an bórás ar fáil go nádúrtha sa dúlra agus is iomaí úsáid a bhaintear as. Amhábhar is ea an bórás do na comhdhúile bóróin a bhíos ag teastáil sa tionsclaíocht.

Grúpa suimiúil comhdhúl iad na bóráin, is é sin, hidrídí an bhóróin, nó comhdhúile an bhóróin agus na hidrigine. Shílfeá nach mbeadh ach aon chomhdhúil amháin den chineál seo ann, is é sin an tríhidríd bhóróin nó BH3. Ní mar a shíltear a bhítear áfach, nó tá an bórán simplí seo éagobhsaí, agus is dual dó démhéiriú a dhéanamh, is é sin rachaidh dhá mhóilín tríhidríde le chéile le séhidríd débhóróin B2H6 a dhéanamh. De réir na tuisceana traidisiúnta ar na naisc cheimiceacha idir na hadaimh, ní raibh an bórón in ann ach trí nasc a cheangal, agus ní raibh ach aon nasc amháin ag an hidrigin. Mar sin, fuair na ceimiceoirí an-deacair struchtúr na séhidríde sin a mhíniú, agus b'éigean dóibh teoiricí nua a cheapadh dá réir. Tá a lán hidrídí bóróin eile ann a bhfuil struchtúr neamhghnách acu ó thaobh na nasc de.

Tá na bóráin araiciseach chun imoibriúcháin, agus nimh iontu don duine dá réir. Tráth den tsaol bhí suim ag na hinnealtóirí aer- agus spástaistil iontu mar bhreosla, ach ní dhearnadh forbairt cheart ar na scéimeanna sin riamh.

An Bosca Seod a thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle Kappa Crucis, is é sin an réaltbhraisle oscailte atá le feiceáil i réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta úd Kappa Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle. Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a d'ainmnigh í.

Bósón a thugtar ar bhuncháithnín nach fearmón é. Bósóin iad na fótóin, mar shampla. Is féidir leis na bósóin an áit chéanna sa spás a ghlacadh, agus mar sin, is dual dóibh fuinneamh a iompar. Dá réir sin is leis an radaíocht is mó a shamhlaítear na bósóin, agus is leis an damhna a shamhlaítear na fearmóin.

Is iad na bósóin is tábhachtaí ná:


  • an fótón
  • na glúóin éagsúla a choinníos na cuarcanna le chéile
  • na bósóin laga (W+, W-, Z)
  • bósón Higgs

Níor éirigh leis na heolaithe an graibheatón – an buncháithnín arb é iompróir na himtharraingthe é – a aithint go fóill, is é sin níl ann ach coincheap teoiriciúil, ach is éard a thugas a lán teoiricí candambhunaithe faoi nádúr na himtharraingthe le fios ná gur bósón é an graibheatón chomh maith.

Tá bósóin ilchodacha ann chomh maith, is é sin, cáithníní atá comhdhéanta as cáithníní eile agus a bhfuil saintréithe na mbósón acu. Samplaí de seo is ea na measóin, núicléas an ghnáth-héiliam (héiliam a ceathair), núicléas an ghnáth-charbóin (carbón a dó déag), agus an deoitéarón (núicléas na tromhidrigine). Na feiniméin aisteacha a bhaineas leis an héiliam, cosúil leis an dóigh a n-iompaíonn sé ina fhorshreabh agus é á shioc i dtreo an dearbhnialais, glactar leis gur dual don núicléas mar bhósón iad.

Fuair na bósóin a n-ainm ón bhfisiceoir Indiach Satyendra Nath Bose.

Braisle is féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle) nó ar bhraisle réaltraí.

  • Is éard atá i gceist le braisle réaltaí nó réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach nó réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús. D'fhéadfá a rá go bhfuil siad ”gaolmhar” le chéile ar dhóigh ar leith, agus sin é an tuige go dtugtar ”réaltghaolmhaireacht” orthu, nó ar an mbaint atá acu le chéile.

  • Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.

An Bhrasaíl – An tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna sa bhliain 1889, nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí éagsúla do stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:

Is í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden e progresso, is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b'fhéidir ”Síocháin sa tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios. Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém príomhchathair an stáit.

Ar chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl. Manaus an phríomhchathair.

Síos ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris), Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus Adhara (Epsilon Canis Majoris).

  • Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle. Cuiabá an phríomhchathair.
  • Seasann Mirzam d'Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d'Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí. Macapá an phríomhchathair.
  • Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv. Porto Velho an phríomhchathair.
  • Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre. Boa Vista an phríomhchathair.
  • Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988. Palmas an phríomhchathair.

In aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha Carinae), mar shiombail do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle. Goiânia an phríomhchathair.

Ar dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.
  • Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
  • Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
  • Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – an réalta ar dhath an rúibín – mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi) do Bahia in oirthear na tíre.
  • Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
  • Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.

Tá réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis, le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain 1960.

Ar dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí réalta ar fad.
  • Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d'ainm an stáit.)
  • Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D'fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
  • Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.

Is í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na Brasaíle, ocht réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí bundúchasacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
  • Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
  • An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
  • Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d'Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
  • Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
  • Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
  • Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b'fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na réigiúin is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
  • Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr, go háirithe ar chuma na tithíochta, i bPernambuco.

Feictear dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus Gamma Hydrae.

  • Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
  • Seasann Gamma Hydrae d'Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d'Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d'ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.

Maidir le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639, ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d'athghabh na Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain 1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta. hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a thuill a chlú d'Einstein) a chruthú.

Ní mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi ”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov), réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais – Urca a bhí ar an gceantar den chathair ina raibh an áit aeraíochta sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh an próiseas.

Breacsholas a thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche. Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.

Nuair atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas oifigiúil ann. Ina lán teangacha tugtar ”breacsholas buirgéiseach” ar an mbreacsholas oifigiúil, toisc go bhfuil sé chomh geal amuigh, le linn an chineál seo breacsholais, is gur féidir ”ceirdeanna buirgéiseacha” a chleachtadh i gcónaí.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne, tá muir-bhreacsholas ann. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách sofheicthe, sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit na loinge a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag, níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá breacsholas réalteolaíoch ann. Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh, cé go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.

Bremsstrahlung a thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin, an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal Gearmáinise Bremsstrahlung.

Bróimín a thugtar ar dhúil uimhir a 35, arb é Br an tsiombail a sheasas di sna foirmlí ceimiceacha. Le teocht an tseomra is leacht dearg é, ach is dual dó galú go réidh. Ceann de na halaiginí é an bróimín, cosúil leis an gclóirín, agus mar sin, tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh aige – níl ach aon leictreon amháin de dhíth le hochtréad iomlán a fháil. Cosúil leis an gclóirín, tá an bróimín araiciseach chun imoibriúcháin leis an leictreon deireanach sin a fháil ar iasacht ó dhúile eile. Mar sin, is nimh láidir é an bróimín agus é aonraithe ina dhúil.

An t-ian bróimíde áfach, Br-, a bhfuil ochtréad aige, tá sé sách cobhsaí, agus dealraíonn sé gur riandúil é an bróimín san fhoirm ianach seo – is é sin, go dteastaíonn rianta beaga bróimín ó orgánach an duine le hoibriú go maith. Baintear úsáid áirithe as bróimídí (comhdhúile bróimín a bhfuil an t-ian seo iontu) mar chógaisí in aghaidh an titimis.

Tá na bróimídí cosúil leis na clóirídí ó thaobh na ceimice de: is comhdhúil chobhsaí ianach í bróimíd an tsóidiam, NaBr, a chuirfeadh clóiríd an tsóidiam (an gnáthshalann, NaCl) i gcuimhne duit. Sa chiall cheimiceach, is salainn iad na bróimídí miotail – salainn de chuid an aigéid hiodrabrómaigh. Is éard atá san aigéad hiodrabrómach ná tuaslagán uisce na bróimíde hidrigine, HBr. Aigéad láidir é an t-aigéad hiodrabrómach, díreach cosúil leis an aigéad hiodraclórach, HCl. Gás í an bhróimíd hidrigine.

Tá ocsaigéid ag an mbróimín chomh maith: an t-aigéad hipeabrómúil (HBrO, nó HOBr, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad brómúil (HBrO2, nó HOBrO), an t-aigéad brómach (HBrO3, nó HOBrO2) agus an t-aigéad sárbhrómach (HBrO4 nó HOBrO3). Ní féidir aon cheann de na hocsaigéid seo a aonrú ón uisce gan na móilíní a bhriseadh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar a n-airíonna san uisce. Chreidtí ar feadh i bhfad nach raibh san aigéad sárbhrómach ach comhdhúil theoiriciúil nárbh fhéidir a tháirgeadh ar aon nós; sa bhliain 1968, d'éirigh leis na heolaithe an chéad eiseamal d'iain sárbhrómáite BrO4- a chruthú, ach ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé nach féidir úsáid ar bith a bhaint as an aigéad sárbhrómach ná as na sárbhrómáití sa tionsclaíocht, chomh deacair is atá sé comhdhúile sárbhrómacha a tháirgeadh. (Na comhdhúile sárchlóracha, cosúil leis an aigéad sárchlórach HClO4, is scéal eile ar fad iad.)

Níl na hipeabróimítí ná na bróimítí (salainn an aigéid hipeabrómúil agus an aigéid bhrómúil) cobhsaí ar aon nós, agus ní thig mórán leas a bhaint astu. Tá an t-ian brómáite BrO3- cobhsaí go maith, áfach, agus tá tábhacht éigin ag baint le brómáit an tsóidiam NaBrO3 mar ocsaídeoir i ruaimniú na dteicstílí. Truailleáin iad na brómáití freisin: is dual do na hiain bhróimíde ocsaídiú go brómáití le solas na gréine agus an t-uisce óil a chur ó mhaithTá dochar sa bhróimín do chiseal an ózóin chomh maith, cosúil leis na halaiginí eile.

Tá bróimín ar fáil san áit a mbíonn clóirín ar fáil chomh cosúil is atá an dá dhúil le chéile ó thaobh na ceimice de, agus is gnách bróimín a bhaint as salann na farraige, ó tá iain bhróimíde measctha tríd na hiain chlóiríde.

Bruthcharraig a thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch leáite) i bhfuacht. Is é an basalt an cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.

Buaile an Bhodaigh an t-ainm Gaeilge ar réaltnéal Oiríon (M42 i gCatalóg Messier, NCG 1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta). Tá Buaile an Bhodaigh suite faoi thuairim is míle agus ceithre chéad solasbhliain dínn, agus í ar an réigiún spáis is mó a bhfuil taighde agus staidéar déanta air.

Bun-fhadlíne a thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige go dtugtar ”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.

Bunghluaisne: Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne araon.

Buningear a thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.

Caidhpeanna polacha a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu gnáthoighear (uisce reoite) nó oighear tirim (dé-ocsaíd charbóin) a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an oighear uisce.

Caidmiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht is dhá fhichid. Cd an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil seo a hainm ó Cadmus nó Kadmos, an prionsa seanársa a chuir an aibítir Fhéiníceach in oiriúint don Ghréigis agus a chuir tús le scríobh na teanga sin, mar a deir seanchas na Gréige (sa Ghaeilge féin chloisfeá nó léifeá tagairtí don ”aibítir a rinne Cadmus”). Miotal é atá in aon ghrúpa leis an tsinc agus leis an mearcair, agus cosúil leis an mearcair, is nimh dhainséarach é a áirítear ar na trom-mhiotail.

Miotal insínte é an caidmiam, agus leáphointe níos ísle aige ná ag an gcuid is mó de na miotail trasdultacha, mar atá, 321 °C. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta dá bhfuil aige ina chuid comhdhúl ná +2. Is féidir leis an gcaidmiam, áfach, iain a dhéanamh a bhfuil dhá adamh iontu, is é sin, (Cd2)2+, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gcaidmiam sna hiain seo ná +1. Tá iain dé-adamhacha den chineál seo ag an mearcair freisin.

Tá an caidmiam sách tearc i screamh an Domhain. An chuid is mó de tá sé ar fáil mar thruailliú i suilfíd nádúrtha na since, ZnS, ar a dtugtar sfalairít, seac dubh nó sincbhleindMar sin is mar sheachthoradh is mó a fhaightear caidmiam, nuair a bhítear ag aonrú since.

Tá an caidmiam nádúrtha comhdhéanta as seacht n-iseatóp: 106Cd (1.25 % de chaidmiam an dúlra), 108Cd (0.9 %), 110Cd (12.5 %), 111Cd (12.8 %), 112Cd (24.1 %), 113Cd (12.2 %), 114Cd (28.75 %) agus 116Cd (17.5 %). Dhá cheann de na hiseatóip sin is núiclídí radaighníomhacha iad, ach le fírinne is féidir neamhshuim a dhéanamh de sin, toisc go bhfuil leathré an-fhada acu (na billiúin blianta)Is é an meáchan adamhach atá ag an gcaidmiam ná 112.4 aonad.

Cé gur nimh é an caidmiam, is iomaí cineál úsáid a bhaintear as sa teicneolaíocht, go háirithe i mbatairí leictreachais agus sa leictreaplátáil (is é sin, mar chosaint ar an meirg).

Cailciam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca an tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach, Ca2+, a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 aonad ar mheáchan adamhach, agus mar sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca, cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca. Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá gur truailleán dainséarach a bheadh ann.

Ceann de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian cailciam, Ca2+, a dhéanamh.

Miotal bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach furasta é a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin – mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.

Is iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit an chailciam, CaCO3), an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an chailciam, CaMg(CO3)2), an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO+ 2H2O), an ainhidrít (an tsulfáit thirim nó CaSO4), an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2) agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X, inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clórapaitít), OH (hiodracsalapaitít) nó F (fluarapaitít). Is iad an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas cailciam.

Teastaíonn iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as na comhdhúile éagsúla cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin, úsáidtear mar chómhiotal é.

An Caimileon nó Chamaeleon a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle, an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl d'ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha Bayer: Alpha Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus Delta Chamaeleontis.

Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh agus a d'ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán, rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na spéire chomh maith le mapáil an Domhain.

Bhí Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe sin.

Réalta phríomhsheichimh F-aicme í Alpha Chamaeleontis, agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn – is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.

Maidir le Beta Chamaeleontis, tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh í.

Gamma Chamaeleontis arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn. An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin, is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an Ghrian.

Maidir le Delta Chamaeleontis, seasann an t-ainm sin do dhá réaltchóras, Delta a hAon agus Delta a Dó. Déréalta atá in Delta a hAon, agus an dá chomhréalta suite chomh cóngarach dá chéile is gur deacair iad a aithint thar a chéile. Fathachréaltaí K-aicme iad. Réalta aonair atá in Delta a Dó, agus speictream B-aicme aici. Réalta phríomhsheichimh í, agus í ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian; san am chéanna tá sí i bhfad níos lonrúla. An triúr acu tá siad suite faoi thrí chéad deich solasbhlian is dhá scór dínn, a bheag nó a mhór, ach má tá, níl Delta a Dó sách gar do Delta a hAon le haon chóras imtharraingthe amháin a dhéanamh.

Cairt Franklin-Adams a thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha (grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh. Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.

Cairteacha Wolf-Palisa a thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a fuair bás sa bhliain 1925 i Vín. Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna hastaróidigh chomh maith, agus d'aithin is a d'ainmnigh siad cuid mhór acu.

Caiseoipé a thugtar ar an réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha Cassiopeiae), Caph (Beta Cassiopeiae), Gamma Cassiopeiae (nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah (Ksora, Delta Cassiopeiae), agus Segin (Epsilon Cassiopeiae).

Tríd is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar, ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de chomhbhaill na hilréalta. Tá an réalta seo suite faoi 230 solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.

Réalta athraitheach ar aon chineál le Delta Scuti í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta. Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir ar bith aici. Tá sí ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an meánchiorcal ná idir na poil.

Réalta athraitheach eile í Gamma Cassiopeiae, agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í. Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na gile, is dócha.

Bhí Gamma Cassiopeiae tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa spás. Bhaist an spásaire Virgil ”Gus” Grissom Navi ar an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation (loingseoireacht) a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27 Eanáir 1967 – níor imigh an spásbhád sin ón gceap lainseála riamh, mar sin, agus ní raibh ach druileáil i gceist acu i ndáiríre. Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an spástaistil.

Maidir le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é Rukbat, a thagraíos d'Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.) Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.

Segin, arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh fairsing.

Tá cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta – í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.

Calafoirniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 98. Cf an tsiombail, agus fuair an dúil a hainm ó stát California sna Stáit Aontaithe, ós rud é gur ansin, i Saotharlann Lawrence Berkeley, a sintéisíodh an chéad uair í.

Cosúil leis na dúile trasúránacha eile is dúil éagobhsaí radaighníomhach é an calafoirniam. Tá an t-iseatóp is cobhsaí beagnach naoi gcéad bliain ar leathré, áfach, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha an chalafoirniam. Is iad +2, +3 agus +4 na huimhreacha ocsaídiúcháin, agus is é +3 an staid ocsaídiúcháin is coitianta, mar a bhíos ag na lantanóidigh agus ag na hachtanóidigh de ghnáth.

Baintear úsáid as calafoirniam a 252 mar foinse neodrón, leis an slabhra imoibriúcháin a thosú sna himoibreoirí núicléacha mar shampla.

Callisto: Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus Europa). Ní raibh d'ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon Mayr an leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.

Tá Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos éadroime ná é.

An Camchéachta nó an Céachta nó an tSeisreach a thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid.

RÉALTAÍ AN CHAMCHÉACHTA
AinmLitir Ghréagach in ainmníocht BayerAicme speictreachMéid dhealraitheachFad na réalta uainn (solasbhlianta)Lonrachas/mais i gcomparáid leis an nGrian
DubheAlpha Ursae MajorisK1.8124316/4.25
MerakBeta Ursae MajorisA2.47964/2.7
Phekda (Phecda, Phad)Gamma Ursae MajorisA2.484?*/3.0
MegrezDelta Ursae MajorisA3.35814/1.6
AliothEpsilon Ursae MajorisA1.8814/2.9
MizarZeta Ursae MajorisA2.178(ilréalta)
Alkaid (Benetnasch)Eta Ursae MajorisB1.91011.4/6
*) Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.

Candam a thugtar ar phacáiste beag fuinnimh, cosúil leis an bhfótón (an candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog chruinn fhuinnimh – candam - a fháil a fhreagraíos don difríocht idir an dá leibhéal.

Mar sin, má théann solas na gréine trí ghás – gás hidrigine, cuir i gcás – fágfaidh an gás línte tanaí dubha i speictream an tsolais. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil na hadaimh ag ionsú (ag sú isteach, ag ól isteach) fuinnimh ón solas agus go bhfuil an fuinneamh seo ag floscadh na leictreon, is é sin á gcur ó leibhéal amháin go leibhéal eile, agus go bhfuil dáileog chruinn fuinnimh – candam – ag teastáil leis an gcineál seo léim a chur i gcrích.

Freagraíonn fuinneamh an chandaim do thonnfhad áirithe, do mhinicíocht áirithe agus do dhath áirithe, agus fágann an t-ionsú líne ionsúcháin san áit ar an speictream a bhfuil an dath áirithe seo suite. Dá mb'amhlaidh nach mbeadh sa solas ach fuinneamh leanúnach, is dócha go bhféadfadh an leictreon fuinneamh a fhlosctha a ól isteach go leanúnach chomh maith, beag beann ar an tonnfhad agus ar an minicíocht, agus ní fheicfí línte ionsúcháin ar bith.

Is éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach – an solas infheicthe, an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht – candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.

Canóin na nÉiclipsí nó Canon der Finsternisse (Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor von Oppolzer i dtoll le chéile. D'fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí féin bás a fháil. D'oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí d'ocht míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207 roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i bhfad roimh lá na ríomhairí.

Ostarach a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus d'éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás réasúnta óg.

Canopus nó Alpha Carinae nó Soheil atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na Sean-Ghréige.

Tá Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.

Caor thine nó bóilíd a thugtar ar dhreige is gile ná gnáthréalta reatha.

An Capall Beag nó Equuleus a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce, Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha Equulei nó Kitalpha atá ar an réalta is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190 solasbhliain dínn.

Capella atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha Aurigae. Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.

Carbón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a sé, agus is é an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is iomaí foirmle cheimiceach ina bhfeictear an tsiombail seo, nó tá an carbón in ann naisc cheimiceacha a cheangal beagnach gan teorainn gan chuimse. Dá thoradh sin is é an carbón is bunús leis an mbeatha féin: na móilíní is na comhdhúile ríchasta a bhíos i mbun sainoibre sna cealla beo, ní fhéadfá a leithéidí a bhunú ar aon dúil cheimiceach eile.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an gcarbón ná 1s22s22p2Ciallaíonn an méid sin go bhfuil ceithre leictreon ar sceall na bhfiúsleictreon ag an adamh carbóin, agus go bhfuil ceithre nasc ceimiceacha ag teastáil leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Go bunúsach, is dual don charbón naisc chomhfhiúsacha a cheangal de dhúile neamh-mhiotalacha eile – gan aon trácht a dhéanamh ar na hadaimh charbóin eile.

Tá dhá iseatóp cobhsaí ag an gcarbón, mar atá, 12C (carbón a dó dhéag) agus 13C (carbón a trí dhéag). Is é an chéad cheann acu an t-iseatóp is coitianta, mar is léir ón meáchan adamhach 12.011. Is é carbón a ceathair déag, nó 14(carbón a ceathair déag), an raidiseatóp nádúrtha, agus iarsmaí de ar fáil i gcarbón an dúlra – radacarbón a thugtar ar an iseatóp seo freisin.

Níl an radacarbón ach 5730 bliain ar leathré, agus mar sin, thiocfadh meath radaighníomhach ar gach adamh de i rith na n-aeón geolaíoch, ach go bé go bhfuil buansoláthar radacarbóin ann: nuair a bhuaileas neodróin ón radaíocht chosmach núicléis nítrigine in uachtar an atmaisféir, is é is toradh dó seo ná núicléis radacarbóin, agus na núicléis seo á meascadh tríd an gcarbón i ndúlra an Domhain. Mar sin bíonn leibhéal cobhsaí radaighníomhaíochta ag carbón nádúrtha na neachanna beo go léir: bíonn siad ag ithe bia (a bhfuil carbón nádúrtha ann) agus ag baint carbóin óna dtimpeallacht ar dhóigheanna eile, agus is é an cineál seo idirghníomhaíochta a sheachnaideas tuilleadh radacarbóin in éiric na núicléas ar tháinig meath radaighníomhach orthu. Nuair a gheobhas an neach beo bás, áfach, tiocfaidh deireadh leis an malartú carbóin seo, agus tosóidh leibhéal na radaighníomhaíochta ag dul síos sa charbón atá in iarsmaí an neacha sin. Air seo atá an dátú radacarbóin bunaithe, is é sin, dátú na seaniarsmaí trí thomhas na radaighníomhaíochta iontu.

Ní hé an radacarbón an t-aon iseatóp radaighníomhaíoch atá ag an gcarbón, ach is núiclídí saorga gearrshaolacha iad na cinn eile ar fad. Is é 11(carbón a haon déag) an ceann is fadsaolaí acu, agus níl sé féin ach fiche nóiméad ar leathré.

Tá dhá allatróp nádúrtha coitianta ag an gcarbón agus é aonraithe ina dhúil ghlan: an diamant agus an ghraifít. Tá struchtúr tríthoiseach ag criostail an diamaint, agus gach adamh timpeallaithe ag ceithre cinn eile go siméidriúil. Naisc chomhfhiúsacha iad na naisc idir na hadaimh sa chriostal, agus mar sin ní seoltóir maith leictreachais é an diamant, toisc nach bhfuil leictreoin dílogánaithe ann. Mar is eol do chách, tá an diamant an-chrua freisin. Scéal eile ar fad í an ghraifít. Tá criostal na graifíte comhdhéanta as cisil déthoiseacha agus na leictreoin dílogánaithe ag sní go saor eatarthu. Mar sin tá an ghraifít sobhriste, agus í i bhfad níos fearr ag iompar sruth leictreachais ná na neamh-mhiotail tipiciúla.

Allatróp neamhchoitianta de chuid an charbóin is ea an lonsdaeilít a fuair a hainm ó Kathleen Lonsdale, criostalagrafaí Éireannach. Is gnách ”diamant heicseagánach” a thabhairt ar an lonsdaeilít, toisc go bhfuil struchtúr heicseagánach ag an gcriostal lonsdaeilíte. Tá an lonsdaeilít an-chrua, cosúil leis an diamant. Níl lonsdaeilít ar fáil i ndúlra an Domhain, ach is féidir teacht uirthi ar dhreigítí ón spás ó am go ham.

Maidir le comhdhúile an charbóin, is féidir a rá gur eolaíocht ar leith é a dtaighde – eolaíocht ar a dtugtar ”an cheimic orgánach”, agus is í an cheimic neamhorgánach atá i gceist leis an taighde ar chomhdhúile na ndúl eile. Is iad na naisc idir na hadaimh charbóin, na slabhraí fada carbóin, is bunús leis an idirdhealú seo. Mar sin féin, is féidir a rá gur fearr comhdhúile áirithe carbóin a áireamh ar na substaintí ”neamhorgánacha”, cosúil leis an dé-ocsaíd charbóin CO2 agus an aonocsaíd charbóin CONí mór an cheimic orgánach a aithint thar an mbithcheimic: is í an bhithcheimic ná ceimic na n-orgánach beo. D'fhéadfá a rá gur brainse den cheimic orgánach í an bhithcheimic, ach ar ndóigh tá ról ag substaintí áirithe neamhorgánacha féin sa bhithcheimic (is substaint neamhorgánach í an ocsaigin ghlan, O2, mar shampla).

Is féidir leis an adamh carbóin nasc dúbailte nó triarach a cheangal de cheann eile. Mar sin tá nasc dúbailte i móilín na heitéine C2H4, agus nasc triarach i móilín na haiceitiléine C2H2. Hiodracarbóin iad an dá chomhdhúil seo, chomh maith leis an meatán CH4 agus an t-eatán CH3CH3, nach bhfuil ach naisc shimplí iontu.

Na feidhmeanna casta a bhíos ag na comhdhúile bithcheimiceacha sna cealla beo, tá siad bunaithe ar adamhghrúpaí a bhfuil saintréithe speisialta acu – feidhmghrúpaí, mar a thugtar orthu. Samplaí d'fheidhmghrúpaí iad an grúpa aildéadach -C(H)O (úsáidtear na lúibíní lena chur in iúl nach bhfuil nasc ar bith idir an adamh hidrigine H agus an t-adamh ocsaigine O), an grúpa hiodrocsaile -OH ar a n-aithnítear na halcóil is na feanóil (féach an t-eatanól, is é sin, an gnáthalcól C2H5OH), an grúpa carbocsaile -C(O)OH a bhíos ag na haigéid charbocsaile cosúil leis an aigéad formach HC(O)OH nó an t-aigéad aicéiteach CH3C(O)OH, agus a lán eile. Is féidir leis na comhdhúile orgánacha dhá fheidhmghrúpa nó níos mó a bheith acu: sampla maith de seo is ea na haimínaigéad, a bhfuil idir aimínghrúpa -NH2 agus carbocsailghrúpa -C(O)OH acu.

Castor an t-ainm traidisiúnta ar Alpha Geminorum, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Chúpla. Le fírinne is ilréalta (séréalta) é Castor. Tá trí dhéréalta ann: Castor A, Castor B, agus Castor C, cé gur mar aon réalta amháin a aithníos súil an duine an t-iomlán. Glactar leis go bhfuil Castor C ag fithisiú an dá dhéréalta eile. Déréaltaí speictreascópacha iad na déréaltaí seo go léir, is é sin ní féidir iad a aithint mar dhéréaltaí gan breathnuithe a dhéanamh ar an speictream. Tá an córas go léir suite cuíosach cóngarach dúinn, is é sin, níl sé ach faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.

Is A-réaltaí iad Castor Aa agus Castor Ba (is é sin, an dá chomhréalta is gile), agus an dá cheann acu dhá-trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir na maise. Abhaic dhearga iad Castor Ab agus Castor Bb (is é sin, compánaigh an dá chomhréalta is gile). Maidir le Castor C, tá dhá abhac dearga ann. Bladhmréaltaí iad na habhaic dhearga go léir i gcóras Castor.

Catalóg Ghinearálta Boss an chatalóg réalteolaíoch a d'fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC (General Catalogue an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d'fhoilsigh athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh maith lena athair roimhe.

Catalóg Messier a thugtar ar an gcatalóg réalteolaíoch a chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d'oibrigh sé amach catalóg de réadanna a d'fhéadfaí a thógáil in ainriocht cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige Ginearálta).

Is í an Chatalóg Réaltghrafach an chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an Chatalóg Réaltghrafach), nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná sin, síos go 14 ar mhéid (Carte du Ciel nó ”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan). Bhí an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte seo.

Bhí an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh sí chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha bliain á tabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sí bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte du Ciel, i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt a ghlacadh san obair a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.

Ar feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na réaltaí go tuiscint theoiriciúil a bhforbartha) le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.

Catóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu – caitiain, mar a thugtar orthu.

Ceann na Péiste a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na bPéisteanna. Is í Alpha Serpentis, nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa dromchla ná an Ghrian s'againn.

Ceantar na Gréine a thugtar ar an réigiún spáis timpeall ár ngrianchórais. Is féidir a rá go bhfuil na réaltaí úd Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar sin de réir gach sainmhíniú.

Cearnóg Mhór Pheigeasais a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:
  • Alpha Pegasi, nó Markab;
  • Beta Pegasi, nó Scheat;
  • Gamma Pegasi, nó Algenib;
  • agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.

Ceartairde (dronairde, ceartéirí, dronéirí) a thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí), ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Gualainn nó stua í an cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama (uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna, stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire is fiche agus ciorcal iomlán. Má úsáidtear aonaid stua seachas aonaid ama leis an gcomhordanáid seo a thabhairt le fios, ní ghlaofar ceartairde/dronairde uirthi ach uair-uillinn.

Is iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a d'fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí maithe a bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí” agus ”dronairde” a úsáid. Ina lán teangacha tá ainm an choincheapa seo bunaithe ar ascensio recta (”éirí ceart”) na Laidine (right ascension as Béarla, Rektaszension as Gearmáinis, ascension droite as Fraincis, rektascensja as Polainnis, rektaskensio as Fionlainnis).

Ceathramhán: Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo. Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí a úsáidtear.

Focal é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar an Réalt-Aistear (Star Trek) freisin, mar chuid den ”teicneachabaireacht” – is é sin, de na focail a bhfuil cuma na heolaíochta orthu agus iad ceaptha le craiceann na hinchreidteachta a chur ar chomhrá na n-aisteoirí sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí, de réir mar is dealraitheach, go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina cheathramháin, agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an nós seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san fhíor-réalteolaíocht.

An Ceathramhán, nó An Ceathramhán Múrach, a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na gCuadraintídí ainmnithe as. Quadrans nó Quadrans Muralis an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.

Ceathrú an téarma a thagraíos ar an gcuma atá ar an ngealach nuair atá leath a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is é sin, is ionann ”ceathrú” i gcaint na réalteolaithe agus ”leathghealach” i gcaint na ngnáthdhaoine. Tá an ghealach i mbéal ceathrún nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin roimh an ngealach lán. Is í an cheathrú dheireanach atá ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad, is é sin roimh an nua-ré. D'fhéadfá an dara ceathrú a thabhairt ar an ngealach lán, ach ní gnáthúsáid a bheadh ann: níl sé coitianta ”ceathrú” a thabhairt ach ar an dá leathghealach.

Ceiféas a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf, Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í Alderamin, nó Alpha Cephei, an réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil. Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.

Errai, nó Gamma Cephei, an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.

Alfirk, nó Beta Cephei, an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.

Réalta athraitheach de chineál ar leith í Delta Cephei. Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta – d'fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di. Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla, ó F go G agus ar ais.

Tá aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar atá, na Ceifidí. Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.

Ceilt a bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil an Ghealach idir sinn agus í.

Más í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt air sin, ach éiclips nó urú (gréine).

Céimeanna na Gealaí a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an nua-ré ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin ar an nGealach, agus í ag fás. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na nua-ré tá an Ghealach i mbéal ceathrún, agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán. Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-ré nó iomlán gealaí ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís, agus í ag dul i laghad anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh na nua-ré, níl ach leath an diosca soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an cheathrú dheireanach. Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.

Tugtar mí shionadach nó mí ghealaí ar an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá sé naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag luainiú idir 29.8 lá agus 29.26 lá, de réir is mar a bhíos imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.

Céim stua a thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is seascadú cuid) den chiorcal iomlán.

An Ceinteár (Centaurus an leagan Laidine, Centauri an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.

Is í an tríréalta úd Alpha Centauri, an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Toliman, nó Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is ciall le proxima na Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad: is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Toliman, agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i gcónaí, cé acu atá baint cheart imtharraingthe ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag dul thar bráid. Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn, ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.

Tá Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile. Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri.

Maidir le Beta Centauri, is tríréalta í. Ainmneacha eile ar Bheta Centauri iad Agena agus Hadar. Fathachréaltaí B-aicme iad an triúr acu, agus iad suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Tá an tríréalta iomlán breis is dhá scór míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s'againn. Maidir leis an mais, tá an dá chomhréalta is troime – Beta Centauri A1 agus Beta Centauri A2 – timpeall ar dheich n-oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus an tríú ceann – Beta Centauri B – cúig oiread chomh téagartha léi. Mar is dual do na réaltaí B-aicme, tá siad go léir bánghorm, agus iad i bhfad níos teo ná an Ghrian agus i bhfad níos sciobtha ag spíonadh a gcuid hidrigine.

Gamma Centauri arís, is déréalta í. Muhlifain an t-ainm traidisiúnta. Fathaigh nó fo-fhathaigh iad an dá chomhbhall, agus is A-réaltaí iad – réaltaí bánghorma, cé nach bhfuil siad chomh te leis na B-réaltaí. Tá Gamma Centauri suite faoi chéad agus dhá scór solasbhliain dínn.

Ceinteáir a thugtar ar aicme ar leith d'astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir dearcadh ar na ceinteáir mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat – níl sí ar déanamh na liathróide).

Ba é Hidalgo an chéad cheinteár a d'aithin na réalteolaithe, thiar sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo réadanna go fóill – d'aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é. Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus agus Amycus.

Ceres an ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le fírinne ní dhearctar uirthi mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chiliméadair ar trastomhas. Tá an tríú cuid de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres. Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn an chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres, nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den dromchla oighir.

Chiron a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977. Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí – na ”ceinteáir”. Dá réir sin d'ainmnigh siad as ceann de cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d'fhithis Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean, an t-apaihéilean) taobh amuigh d'fhithis Úránais.

Ciantréimhseach: Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil tréimhsiúil nó peiriadach. (Athruithe tréimhsiúla nó peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta agus an peiriad, an tréimhse nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil, áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha, ach amháin go bhfuil siad chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an timthrialla a thomhas.

Is é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular. Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma réalteolaíochta sa Ghaeilge.

Cignídí: dreigechith iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala (Cygnus) i Mí Lúnasa.

An Chíle (ainm Laidine: Carina, ginideach: Carinae) atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta ina timpeall, ba chuid den Long (Argo Navis) í ar dtús.

Is é Canopus, nó Alpha Carinae, an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá cóngarach dúinn).

Maidir le Beta Carinae nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith. Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cf. placid an Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan, agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil. A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.

Níl a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma Argus Navis, agus baisteadh Gamma Velorum ar an réalta sin (Vela an t-ainm Laidine ar na Seolta).

Tá Eta Carinae ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s'againn. Tagann athruithe móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór” a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a chéile – tógann sé cúig bliana go leith ar an dá réalta timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach – mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae a cuid fuinnimh.

Chomh mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i stíl Eta Carinae”).

Cill fhótaileictreach: is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtugann athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.

Cineálacha lonrachais: Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtí a cúig. Sa chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian s'againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd sub-dwarf an Bhéarla, nó fo-abhac, agus D = dwarf an Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).

Ba iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith Kellman a d'oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na 1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan” nó ”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid d'Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu téann sé siar go dtí na caogaidí.

Ciogal Mheatóin: Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D'aithin an réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi mbliana déag agus 235 mhí gealaí (níl de dhifríocht ach dhá uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na seanársaíochta.

Ciogal na ngrianspotaí: peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal den chineál seo a chur di.

Ciogal Sótach: Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig lá is trí scór (365 lá), beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé aon chiogal Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís. Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach bunaithe ar Sotis, arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne, is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet), nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain Shótach uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)

Ciorcal an diallais: an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a socraítear an diallas, is é ciorcal an diallais é.

Ciorcal comhlárnach: Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne ar an réigiún eatarthu.

Ciorcal éalárnach: Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile, agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.

Ciorcal polach: Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach. Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana chomh maith.

Ciseal cúlaithe: Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine, díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte ionsúcháin ar speictream na Gréine.

Ciseal Kennelly-Heaviside: Cuid d'ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo, agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.

Fuair an ciseal a ainm ó Arthur Edwin Kennelly, innealtóir leictreach Gael-Mheiriceánach, agus ón bhfisiceoir féinteagasctha Sasanach Oliver Heaviside.

Ciseal vialait: Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní sa chuid is airde thuas d'atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.

Cisghealaí: An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é, is é sin, an spás ar ár dtaobh féin (cis) den Ghealach. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is é an cianspás é. Gineadach baininscneach é an focal sin cisghealaí go foirmiúil, ach ní úsáidfeá an fhoirm cisghealachD'fhéadfá ”an spás trasghealaí” a thabhairt ar an gcianspás chomh maith.

Claíomh Oiríon: Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon comhdhéanta as 42 OrionisTheta Orionis, agus Iota Orionis chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).

Clann chóiméad: Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean) an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach í clann Iúpatair, cuir i gcás.

Claonadh fithise: Is éard atá i gceist le claonadh na fithise ná an ghualainn idir fithis an phláinéid (nó a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid, is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó plána Laplace (an leibhéal a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).

Clóirín: Is é an clóirín dúil cheimiceach uimhir a 17, agus is é Cl an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí. Ceann de na halaiginí é an clóirín, cosúil leis an bhfluairín, an bróimín, an t-iaidín agus an t-astaitín, agus mar sin, tá aon leictreon amháin de dhíth air leis an ochtréad iomlán a bhaint amach. Is gás uaine nó buí-uaine é an clóirín le teocht an tseomra, agus é comhdhéanta as móilíní dhá adamh, Cl2Fuair an clóirín a ainm ó dhath an gháis, nó is é is brí leis an bhfocal Gréigise úd khloros ná ”bánuaine”.

Tá an clóirín 35.45 aonad ar mheáchan adamhach. Is iad na hiseatóip chobhsaí ná 35Cl (trí cheathrú cuid de chlóirín an dúlra) agus 37Cl (aon cheathrú cuid amháin de chlóirín an dúlra). Tá a leithéid d'iseatóp ann agus 36Cl freisin, ach is radanúiclíd (iseatóp radaighníomhach) é nach bhfuil ach rianta di le fáil sa dúlra.

Is í an chomhdhúil is simplí dá bhfuil ag an gclóirín ná an chlóiríd hidrigine, HCl. Má thuaslagtar san uisce é, gheofar aigéad hidreaclórach. Aigéad láidir é an t-aigéad hidreaclórach, agus mar sin, is gás nimhe í an chlóiríd hidrigine. Tagann an t-aigéad seo isteach úsáideach sa tionsclaíocht, áfach, agus mar sin is ceimiceán é a tháirgtear go forleathan ar fud an domhain.

Tugtar aqua regia nó ”uisce an rí” ar thuaslagán measctha an aigéid nítrigh agus an aigéid hidreaclóraigh. Creimeann an tuaslagán seo ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór. Is í an tríchlóiríd óir, AuCl3, is toradh don imoibriú sin.

Ocsaídeoir láidir é an clóirín agus é araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin is nimh dhainséarach é an gás clóirín, agus le fírinne ba é an chéad ghás nimhe ar baineadh triail as i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda mar arm ceimiceach ollscriostaAon duine a léigh, abair, an dán Dulce et Decorum Est le Wilfred Owen, tá a fhios aige nach ábhar magaidh é an t-ionsaí clóirín. D'éirigh an dá thaobh as an gclóirín go sciobtha, áfach, nuair a tháinig gáis ab fhearr ná é chun úsáide: an fhoisgéin (an chlóiríd charbóinile), ach go háirithe – tá dhá adamh clóirín i móilín na foisgéine chomh maith le hadamh amháin carbóin agus ceann amháin ocsaigine, is é sin, Cl2CO an fhoirmle. Cosúil leis an gclóirín, oibríonn an fhoisgéin ar na scamhóga, ionas go líontar le leacht iad – mar a bheadh an duine á bhá ar talamh tirim. Níl boladh chomh láidir as an bhfoisgéin agus atá as an gclóirín, áfach – chuirfeadh boladh na foisgéine féar tirim i gcuimhne duit. Mar sin is féidir leis an bhfoisgéin dochar tromchúiseach a dhéanamh do na scamhóga i nganfhios don tsaighdiúir – scéal eile é an clóirín, nó d'aithneodh an saighdiúir a bholadh agus rachadh sé ar lorg a ghásphúicín in am.

Nuair a rachas an clóirín i gcomhdhúile le miotail, iompóidh sé ina ian clóiríde, Cl-. Tá an t-ian clóiríde breá cobhsaí, agus níl sé nimhiúil ann féin. Clóirídí tábhachtacha iad an chlóiríd sóidiam NaCl, nó gnáthshalann, agus an chlóiríd amóiniam NH4Cl, a úsáidtear le tuilleadh blas a chur le milseáin liocrais. Cineál salann é an chlóiríd chailciam freisin, CaCl2. Is dual don chlóiríd chailciam uisce a ól chuici óna timpeallacht – is substaint thais-scópach í mar deir an téarmaíocht – agus mar sin scaiptear ar na bóithre í le hiad a choinneáil tirim. An chuid is mó de na salainn chlóiríde tá siad so-thuaslagtha san uisce, ach is í an chlóiríd airgid AgCl an eisceacht mhór. Sin é an tuige go n-úsáidtear an níotráit airgid AgNO3 mar imoibrí leis na hiain chlóiríde a aithint: má chuirtear níotráit airgid le tuaslagán a bhfuil iain chlóiríde ann, rachaidh na hiain airgid agus na hiain chlóiríde le chéile le criostail a dhéanamh, agus beidh deascadh clóiríde airgid ann ar an toirt.

Tá aithne ag an gcine daonna ar chomhdhúile clóirín cosúil leis an ngnáthshalann ón réamhstair anuas, ach ba é Carl Wilhelm Scheele an chéad cheimiceoir a d'aonraigh gás clóirín agus a rinne taighde ceart ar airíonna na substainte seosna 1770idí. Shíl sé, áfach, gur comhdhúil de shórt éigin a bhí ann. Ba é an ceimiceoir Humphry Davy ó Chorn na Breataine a d'aithin, sa bhliain 1810, gur dúil cheimiceach a bhí i gceist, agus ba eisean a bhaist an dúil sin.

Tá sraith iomlán ocsaigéad ag an gclóirín: an t-aigéad hipeaclórúil HClO (nó HOCl, de réir an fhíorstruchtúir), an t-aigéad clórúil HClO2 (nó HOClO), an t-aigéad clórach HClO3 (nó HOClO2) agus an t-aigéad sárchlórach HClO4 (HOClO3). Ní féidir ach an ceann deireanach acu a aonrú ón uisce; an trí cinn eile is comhdhúile éagobhsaí iad nach maireann taobh amuigh den tuaslagán uisce. Is féidir leo salainn a dhéanamh le hiain mhiotail, áfach – hipeaclóirítí, clóirítí agus clóráití. Ocsaídeoirí láidire iad, agus is mar ocsaídeoirí a úsáidtear iad – bléitseálann an hipeaclóirít sóidiam NaOCl teicstilí, mar shampla.

Maidir leis an aigéad sárchlórach, tá sé i bhfad níos cobhsaí ná ocsaigéid eile an chlóirín. Aigéad thar a bheith láidir é, níos láidire ná an t-aigéad nítreach féin. Is féidir é a aonrú ón uisce, ach is ábhar sophléasctha é, chomh maith lena chuid salann – na sárchlóráití. Ocsaídeoir láidir é freisin, ar ndóigh. Is é an bhaint atá ag an aigéad sárchlórach le cúrsaí an spáis ná go n-úsáidtear an tsárchlóráit amóiniam mar bhreosla sna roicéid; thairis sin d'aithin gléasra an spástaiscéalaí úd Phoenix Mars Lander sa bhliain 2008 go raibh sárchlóráit mhaignéisiam agus sárchlóráit chailciam le fáil in úir MharsaBíonn salainn an aigéid shárchlóraigh an-sothuaslagtha san uisce, de ghnáth. Tá an tsárchlóráit airgid féin sothuaslagtha san uisce agus ina lán tuaslagóirí eile. Scéal eile é áfach go bhfuil an tsárchlóráit photaisiam dothuaslagtha, agus mar sin úsáidtear an t-aigéad sa cheimic anailiseach mar imoibrí leis na hiain photaisiam, K+, a aithint.

Tá a lán ocsaídí ag an gclóirín freisin: an aonocsaíd déchlóirín Cl2O, an dé-ocsaíd chlóirín ClO2, an heacsocsaíd déchlóirín Cl2O6, an trí-ocsaíd déchlóirín Cl2O3, an heaptocsaíd déchlóirín Cl2O7, agus roinnt eile. Maidir leis an heaptocsaíd déchlóirín, is ainhidríd í don aigéad sárchlórach – is é sin má thagann sí i dteagmháin le huisce imoibreoidh sí leis an uisce le haigead sárchlórach a dhéanamh.


No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...