Saturday, May 18, 2019

Ciclipéid na hOllchruinne: Díobhadh - Spica


Díobhadh: Tugtar díobhadh ar an dóigh a scaiptear an solas ar a bhealach ón réalta (nó ó réad réalteolaíoch eile) chugainn agus é ag bualadh faoi dhamhna de chineálacha éagsúla. Cuid den díobhadh é an dóigh a n-ólann dusta agus gáis na hollchruinne an solas chucu féin (is é sin, ionsú an tsolais).

Tá cúiseanna éagsúla leis an díobhadh: an t-ábhar idir-réaltach (deargadh idir-réaltach), an t-atmaisféar timpeall an Domhain (díobhadh atmaisféarach) agus pé dusta atá timpeall ar an réad féin.

Is dual don dusta idir-réaltach níos mó den tsolas ardmhinicíochta (solas gorm) ná den tsolas ísealmhinicíochta (solas dearg) a ionsú, rud a chiallaíos go gcuireann an díobhadh idir-réaltach dath dearg leis an solas ó réadanna i bhfad i gcéin uainn. Sin é an fáth a dtugtar deargadh idir-réaltach ar dhíobhadh den chineál idir-réaltach. Tabhair faoi deara nach bhfuil baint ar bith ag an deargadh idir-réaltach leis an deargaistriú, ar toradh é d'iarmhairt Doppler.

Maidir leis an díobhadh atmaisféarach, is éard is cúis leis ná:
  • móilíní an aeir a bheith ag scaipeadh an tsolais (rud ar a dtugtar réscaipeadh Rayleigh)
  • na haerasóil (na deoiríní beaga uisce san aer, mar shampla) a bheith ag scaipeadh an tsolais
  • na móilíní a bheith ag ól an tsolais agus a fhuinnimh chucu – rud ar a dtugtar ionsú atmaisféarach, ar ndóigh. Is iad na móilíní ocsaigine agus ózóin is mó a shús isteach an solas ardmhinicíochta, agus is iad na móilíní uisce is mó a bhaineas den tsolas ísealmhinicíochta.


Dione atá ar an gcúigiú satailít déag is mó dá bhfuil ag timpeallú Shatarn, agus í ar an dara satailít is dlúithe ábhar acu. Go bunúsach, is éard atá in Dione ná liathróid oighir agus cloiche agus í tuairim is 1120 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Ba é Giovanni Domenico Cassini a chuir an chéad sonrú in Dione sa bhliain 1684, agus fuair an ghealach bheag seo a hainm ó John Herschel sa bhliain 1847. Ní dhearnadh léarscáiliú ceart ar Dione ach le déanaí, nuair a d'eitil an spástaiscéalaí Cassini thart le Dione. De thoradh an taighde a rinne Cassini tá a fhios ag an gcine daonna a lán i dtaobh thíreolaíocht Dione, agus fuair a lán gnéithe dá dromchla ainmneacha, an t-iomaire úd Janiculum Dorsa, mar shampla.

Diosca Airy: is é diosca Airy an diosca solais i lár an phatrúin díraonacháin a gheofar má chuirtear ga solais trí chró chruinn an lionsa. Fuair an diosca a ainm ó George Biddell Airy, matamaiticeoir agus réalteolaí Sasanach a bhí beo sa naoú haois déag.

Diosca bréagach: Tá baint ag an gcoincheap seo le diosca Airy. Go bunúsach, nuair a dhéantar breathnuithe ar na réaltaí tríd an teileascóp, is mar dhioscaí a fheictear iad. Na difríochtaí méide idir na dioscaí seo, áfach, ní bhraitheann siad ar fhíor-dhifríochtaí trastomhais idir na réaltaí atá i gceist ach ar dhifríochtaí gile. Sin é an fáth a dtugtar dioscaí bréagacha orthu.

Diosca na gréine: go bunúsach, is ionann é diosca infheicthe na gréine agus an fótaisféar.

Diosca réaltrach: an chuid den réaltra atá suite timpeall an láir agus í cosúil le diosca. Tá diosca réaltrach ag na cineálacha seo leanas de réaltraí:

  • réaltraí lionsacha: M84, NCG4111, ”Réaltra an Rotha” (ESO 350-40)
  • réaltraí bíseacha neamhbharracha: M81, M88, ”Réaltra an Triantáin” (M33)
  • réaltraí bíseacha barracha: Bealach na Bó Finne
  • réaltraí bíseacha idirmheánacha: ”Réaltra na Tine Ealaíne” (NCG6946).

Cuid de na réaltraí a bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu go bunúsach ach an diosca sin; an chuid eile is féidir bolg láir a aithint acu. An dá chineál réaltraí nach bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu ach an bolg féin: na réaltraí neamhrialta agus na réaltraí éilipseacha.

Díothú díothúchán a thugtar ar an rud a thitfeas amach má bhuaileann cáithnín agus a fhrithcháithnín a chéile. Más fíor-bhuncháithníní atá iontu, is é sin cáithníní nach bhfuil struchtúr inmheánach acu, imeoidh siad agus ní fhágfar ach candaim radaíochta. Sampla de seo is ea díothú an leictreoin agus an phosatróin. Más cáithníní iad a bhfuil struchtúr inmheánach acu – cosúil leis an bprótón agus leis an bhfrithphrótón, agus iad comhdhéanta as cuarcanna – beidh an scéal níos casta: ar dtús déanfar méasóin éagsúla, ach ansin imeoidh na méasóin féin agus cruthófar candaim radaíochta chomh maith le leictreoin, posatróin agus neoidríonónna.

Diphda: Is í Diphda nó Deneb Kaitos Beta Ceti an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.

Díraonadh díraonachán a thugtar ar an dóigh ar féidir le haon chineál tonnghluaiseachta dul thart an coirnéal – is é sin, má théann an tonnghluaiseacht ag dul trí pholl, beidh sí ag dul i ngach treo sa spás ar an taobh eile den pholl. théann solas trí scoilt an-chaol, abair, is léir go bhfeicfear banda geal – uasmhéid solais mar a déarfá – ar an dromchla a bhuailfeas an solas ina dhiaidh sin. Ach san am chéanna beidh bandaí eile – uasmhéideanna eile – le feiceáil ar an dá thaobh ón banda is gile, agus iad ag éirí níos dorcha ag dul i bhfad ón bpríomh-uasmhéid. Is é an díraonadh is cúis leis na huasmhéideanna seo. Más cró beag ciorclach atá ann, áfach, beidh diosca solais – diosca Airy – le feiceáil ar an dromchla sin, agus ciorcail ina thimpeall de bharr an díraonacháin. An dóigh a scaiptear an solas ar an dromchla a bhuaileas sé, tugtar patrún díraonacháin air.

Dírghluaisne a thugtar ar ghluaiseacht na satailíte in aon treo le rothlú an phríomhúlaigh. Gluaisne chasiompaithe a thugtar ar a mhalairt de ghluaiseacht. An tsatailít a fhanas os cionn an bhaill chéanna den Domhan (an tsatailít gheoisioncrónach nó gheochobhsaí), is sampla speisialta í den dírghluaisne, nó tá sí ag timpeallú an phláinéid in aon treo agus ar aon luas le rothlú an phláinéid.

Dlí Bode, nó dlí Titius, nó dlí Titius-Bode: Sórt teoiric nó ballaíocht hipitéise ab ea an ”dlí” seo. Is éard a dúirt an teoiric ná go bhfuil fad an phláinéid ón nGrian ag brath ar fhad an chéad phláinéid roimhe agus ar fhad an chéad phláinéid eile de réir foirmle shimplí mhatamaiticiúil:

  • is ionann fad Mhearcair ón nGrian agus 4/100 d'fhad Shatarn ón nGrian – glacaimis leis an gcéadú cuid sin mar aonad;
  • is ionann fad Véineas ón nGrian agus 7/100, is é sin, 4 + 3 aonad;
  • is ionann fad an Domhain ón nGrian agus 10/100, is é sin, 4 + 6 aonad, agus is ionann 6 agus 3 méadaithe faoi 2;
  • is ionann fad Mharsa ón nGrian agus 16/100, is é sin, 4 + 12 aonad, agus is ionann 12 agus 3 méadaithe faoi 4;
  • ansin aithnítear bearna sa seicheamh simplí matamaiticiúil seo (bheifeá ag súil le pláinéad a bheadh suite faoi 28/100 den Ghrian – is ionann 28 agus 4 + 24 aonad, agus is ionann 24 agus 3 méadaithe faoi 8);
  • ach is ionann fad Iúpatair ón nGrian agus 52/100, is é sin, 4 + 48 aonad, agus is ionann 48 agus 3 méadaithe faoi 16;
  • agus ar ndóigh is ionann fad Shatarn ón nGrian agus 100/100, is é sin, 4 + 96 aonad, agus is ionann 96 agus 3 méadaithe faoi 32.
Tá an dlí seo ainmnithe as beirt réalteolaithe Gearmánacha, Johann Elert Bode agus Johann Daniel Titius, a tháinig ar an tuiscint chéanna timpeall ar an mbliain 1770. Dealraíonn sé, áfach, go ndearna David Gregory agus Edmund Halley trácht ar an smaoineamh i dtéacsleabhar réalteolaíochta a foilsíodh i dtús na hochtú haoise déag. Is éard a chreid Bode agus Titius gur uirlis úsáideach a bhí sa ”dlí” s'acu le teacht ar phláinéid nua, agus ceart go leor bhí an dlí in ann áit Úránais a thairngreacht i gceart. Maidir leis an mbearna idir Mars agus Iúpatar, d'aithin an tIodálach Giuseppe Piazzi astaróideach – Ceres – san áit sin i dtús na naoú haoise déag.

Mar a tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, ní raibh an dlí ábalta áit Neiptiúin a thairngreacht i gceart, agus is iomaí locht eile a fuarthas ar an hipitéis. Ní dhearctar air mar dhlí nádúrtha d'aon chineál a thuilleadh, agus cuid de na réalteolaithe barúlach nach raibh ann riamh ach comhtharlúint.

Dlí Fechner – Dlí síceolaíochta é dlí Fechner a bhfuil baint aige leis an taighde réalteolaíochta. Deir dlí Fechner go bhfuil aithint an spreagthaigh (an t-athrú gile, mar shampla) i gcomhréir logartamach le láidreacht an spreagthaigh féin. Ba é Gustaf Theodor Fechner a d'oibrigh amach an dlí agus an leagan matamaiticiúil de.

Dlí imtharraingthe Newton – Is eol do chách, a bheag nó a mhór, gurbh é Isaac Newton a cheap an chéad teoiric faoin imtharraingt, is é sin, faoin dóigh a bhfuil na réadanna ag aomadh (ag tarraingt) a chéile. Is éard a deir dlí Newton ná:

  • gur fórsa í an imtharraingt;
  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir le maiseanna na réadanna atá ag aomadh a chéile; agus
  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir inbhéartaithe le cearnóg an fhaid idir na maiseanna.
Is í an chothromóid mhatamaiticiúil a chuireas an méid sin in iúl ná:

F = G[(m1m2)/r2]

inarb ionann:
  • F agus an fórsa;
  • G agus tairiseach na himtharraingthe;
  • m1 agus mais an chéad réad;
  • m2 agus mais an dara réad;
  • r agus an fad idir lárphointí an dara réad;
  • r2 agus cearnóg an fhaid sin, is é sin an fad méadaithe faoi féin.
D'athraigh tuiscint na fisice ar an imtharraingt nuair a tháinig teoiric coibhneasaíochta Einstein ar an bhfód, nó is éard a deir Einstein ná go gcuireann an imtharraingt an spás agus an t-am as a riocht timpeall an réid – go gcuarann sí an spás agus an t-am – agus nach fórsa ceart í an imtharraingt, is é sin, nach bhfuil i gceist leis ach an dóigh a mothaítear is a n-aithnítear an cuaradh sin.

Le fírinne bhí Newton féin cineál drochamhrasach i dtaobh na himtharraingthe mar fhórsa. Sa ghnáthchiall caithfidh dhá réad a bheith i dteagmháil le chéile le fórsa a chur i bhfeidhm ar a chéile, ach maidir leis an imtharraingt, oibríonn sí fiú tríd an bhfolús, gan a bheith á hiompar ag aon rud infheicthe nó inaitheanta. D'admhaigh Newton nach raibh i gceist le ”dlí Newton” ach foirmle néata phraiticiúil a cheadaigh don duine an fórsa imtharraingthe a áireamh, ach san am chéanna dúirt sé nach raibh tuiscint aige ar an rud is imtharraingt ann dáiríribh. Mar sin, nuair a mhínigh Einstein an imtharraingt mar dhíchumadh (nó mar ”chuaradh”) sa spás-am, d'fhreagair sé ceist a bhí curtha ag Newton féin.

Dlí KirchhoffLe fírinne tá a lán dlíthe nádúrtha ann a dtugtar ”dlí Kirchhoff” orthu:

Dlíthe Kirchhoff san innealtóireacht leictreach, is é sin dlí Kirchhoff faoin voltas agus dlí Kirchhoff faoin sruth leictreach. Deir an dlí faoin sruth leictreach ná, in aon phointe den chiorcad leictreach ina dtagann seoltóirí srutha le chéile, gurb ionann suim na sruthanna isteach agus na sruthanna amach ná 0. An dlí faoin voltas arís, is éard a deir sé ná gurb ionann suim an voltais ó fhoinse an tsrutha agus an voltais a chailltear sa chiorcad ná 0.

Dlí Kirchhoff faoin radaíocht theirmeach. Deir an dlí seo, ná, aon réad atá i gcothromaíocht theirmidinimiciúil, gurb ionann iad an t-astaíochas (an chomhéifeacht astúcháin) agus an ionsúiteacht dó. Tá baint ag an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Is é an dúchorp an réad teoiriciúil nach bhfuil in ann radaíocht d'aon chineál a fhrithchaitheamh, is é sin, ní dhéanann sé ach radaíocht a astú (a thál, a thabhairt uaidh) agus a ionsú (a shú isteach, a ól chuige).

Dlíthe speictreascópachta Kirchhoff: Trí dhlí atá ann:
  1. An solad, an leacht nó an gás dlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, tá sé ag astú radaíochta ag gach tonnfhad (rud a dtugtar speictream leanúnach air).
  2. An gás neamhdhlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, níl sé ag astú radaíochta ach ag tonnfhaid áirithe (speictream astúcháin).
  3. Má théann radaíocht a bhfuil speictream leanúnach aici trí ghás fhuar, bainfidh (ionsúfaidh) an gás sin tonnfhaid áirithe den radaíocht: más solas atá i gceist, aithnítear an t-ionsúchán seo mar línte dubha sa speictream (línte ionsúcháin). Sampla de na línte ionsúcháin seo iad línte Fraunhofer a d'aithin Josef von Fraunhofer, fisiceoir Gearmánach eile, roimh lá Kirchhoff féin ar speictream na gréine.

Fuair na dlíthe a n-ainm ón bhfisiceoir Gearmánach Gustav Kirchhoff (1824-1887). Mar is léir ó na samplaí seo, fear iléirimiúil a bhí ann a d’fhág lorg a láimhe ar a lán craobhacha den fhisic.

Dlí na limistéar comhionann – Tugtar Dara Dlí Kepler ar an dlí seo freisin, nó ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) a chuir i bhfriotal é an chéad lá riamh, chomh maith leis na dlíthe réalteolaíochta eile a d'aithin sé.

Nuair a bhíos an tsatailít ag teacht i gcóngar don phríomhúlach, bíonn sé ag dul i luas ar a chamchuairt timpeall an phríomhúlaigh, agus nuair a bhíos sí ag dul níos faide ón bpríomhúlach, bíonn sí ag moilliú a siúil.

Má roghnaímid dhá phointe ar chonair na satailíte agus sinn ag tarraingt líne ó gach point acu go dtí an príomhúlach, fágfar achar nó limistéar idir an chonair agus an dá líne sin. Anois, má roghnaímid dhá phointe eile a dtógann sé an tamall céanna ama ar an tsatailít an bealach eatarthu a chur di, agus sinn ag tarraingt dhá líne ó thúsphointe an bhealaigh go dtí an príomhúlach agus ó phointe deiridh an bhealaigh go dtí an príomhúlach, is é an t-achar céanna a fhágfar idir an dá líne agus an chonair.

Dlí Planck a thugtar ar an gcothromóid a d'oibrigh Max Planck amach sa bhliain 1900 le cur síos ar radaíocht an dúchoirp. Bhí an chothromóid bunaithe ar thorthaí na dturgnamh seachas ar aon tuiscint theoiriciúil. Ba é dlí Rayleigh-Jeans an míniúchán teoiriceach a bhí á fhorbairt faoin am chéanna, ach is é an toradh a thug an dlí sin ná go raibh radaíocht an dúchoirp ag dul i méadaíocht gan teorainn agus tonnfhad na radaíochta sin ag titim. Ar ndóigh, seafóid amach is amach atá sa tairngreacht seo, nó is léir nach féidir le haon chorp fuinneamh teoranta (fuinneamh a chuireas ag breo é) a iompú go fuinneamh gan teorainn – ní féidir fuinneamh a ghineadh as an neamhní, mar a deir an chéad cheann de dhlíthe na teirmidinimice (an dlí faoi imchoimeád an fhuinnimh). Is gnách catastróf ultraivialait a thabhairt ar an tairngreacht theipthe seo.

Ba é toradh na dturgnamh ná go raibh fuinneamh na radaíochta as réad a bhí á chur ag breo – go raibh an fuinneamh sin ag dul i méadaíocht agus an tonnfhad ag titim, ach gur shroich sé a bhuaicphointe ag tonnfhad áirithe le titim arís ina dhiaidh sin. Bhí Planck ábalta slonn matamaitice a dhéanamh amach leis an mbuaicphointe sin a thairngreacht, agus ba é an slonn sin dlí Planck.

Dlí Stefan-Boltzmann: Cosúil le dlí Planck, baineann an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Deir dlí Stefan-Boltzmann go bhfuil fuinneamh na radaíochta atá ag teacht as an dúchorp ag brath ar cheathrú cumhacht a theochta. Ní mór an chumhacht sin a mhéadú faoi uimhir ar a dtugtar tairiseach Stefan-Boltzmann leis an bhfuinneamh sin a fháil.

Fuair dlí Stefan-Boltzmann a ainm ón bhfisiceoir Sloivéanach Jožef Štefan (1835-1893; Josef Stefan an leagan Gearmáinise dá ainm) agus an fisiceoir Ostarach Ludwig Eduard Boltzmann (1844-1906).

Dlíthe Kepler – Is iad dlíthe Kepler na dlíthe a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, agus iad curtha i bhfocail an chéad uair ag an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630):

  • An chéad cheann de dhlíthe Kepler: Éilips í fithis an phláinéid timpeall na Gréine, agus an Ghrian suite i gceann de dhá fhócas an éilips.
  • An dara ceann de dhlíthe Kepler: is é seo dlí na limistéar comhionann.
  • An tríú ceann de dhlíthe Kepler: Tá cearnóg (dara cumhacht) na tréimhse fithisí ag brath go coibhneasta ar chiúb (tríú cumhacht) na haise leathmhóire.

Dlíthe NewtonNa dlíthe nádúrtha a stiúras an ghluaiseacht i bhfráma tagartha na táimhe, agus iad curtha i bhfocail ag Isaac Newton:
  • An chéad cheann de dhlíthe Newton: Is dual do gach réad fanacht mar a bhfuil sé nó a shean-treoluas a choinneáil (agus caithfear fórsa a chur i bhfeidhm ar an réad leis an treoluas a athrú).
  • An dara ceann de dhlíthe Newton: F = ma. Is é sin, is ionann an fórsa (F) atá ag dul i bhfeidhm ar an réad agus mais an réada (m) méadaithe faoi luasghéarú (a) an réada chéanna.
  • An tríú ceann de dhlíthe Newton: Má chuireann réad amháin fórsa i bhfeidhm ar réad eile, cuirfidh an dara réad frithfhórsa i bhfeidhm ar an gcéad réad. Is ionann an bunfhórsa agus an frithfhórsa ach amháin go bhfuil an frithfhórsa ag dul i dtreo contrártha.

Dlíthe radaíochta – Glactar leis go coitianta gurb iad dlí Planck, dlí Stefan-Boltzmann agus dlí Wien na dlíthe radaíochta, nó dlíthe radaíochta an dúchoirp. Is é an dúchorp an réad dubh nach bhfuil ag frithchaitheamh aon chineál radaíochta – is é sin, breo (luisne) de thoradh an teasa is cúis le gach radaíocht atá ag teacht as an dúchorp.

Dlí Wien – Is éard a deir dlí Wien ná go bhfuil tonnfhad na huasmhéide radaíochta i gcomhréir inbhéartach le teocht an dúchoirp. Is é sin, más ag éirí te atá an dúchorp, beidh tonnfhad na radaíochta ag dul i ngiorracht. Is féidir dlí Wien a aithint ar bhreo an iarainn: ar dtús beidh luisne dhearg ann, nó is é an solas dearg is faide tonn, ach ansin iompóidh an t-iarann flannbhuí nó buí.

Fuair an dlí a ainm ó Wilhelm Wien (1864-1928), fisiceoir Gearmánach.

Dlús – Go bunúsach is ionann an dlús (i gciall cheart an fhocail) agus mais an réada roinnte faoina thoirt. I gcóras SI is é aonad caighdeánach an dlúis ná an cíleagram roinnte faoin méadar ciúbach, kg/m3. Nuair a bhítear ag trácht ar dhlús na ngnáthshubstaintí soladacha nó leachtacha, is é an gram roinnte faoin gceintiméadar ciúbach, g/cm3, an t-aonad is mó a úsáidtear.

Substaintí samplacha
Cineál substainte
Dlús (g/cm3) faoi na gnáth-imthoscaí (teocht an tseomra, brú an atmaisféir)
Uisce, H2O
comhdhúil dhénártha
1.0
Sóidiam, Na
miotal alcaileach
0.97
Potaisiam, K
miotal alcaileach
0.86
Maignéisiam, Mg
miotal cré-alcaileach
1.74
Cailciam, Ca
miotal cré-alcaileach
1.55
Carbón (graifít) C
neamh-mhiotal
2.27
Sulfar, S, an t-allatróp is coitianta
neamh-mhiotal
2.07
Fosfar, P, an fosfar dubh
neamh-mhiotal
2.7
Iarann, Fe
miotal trasdultach
7.9
Cóbalt, Co
miotal trasdultach
8.9
Nicil, Ni
miotal trasdultach
8.9
Ór, Au
miotal lómhar
19
Airgead geal, Ag
miotal lómhar
10.5
Sinc, Zn
miotal iar-thrasdultach
7.1
Caidmiam, Cd
miotal iar-thrasdultach
8.7
Mearcair, Hg
miotal iar-thrasdultach
13.5
Copar, Cu
miotal lómhar
9
Luaidhe, Pb
miotal iar-thrasdultach
11.3
Antamón, Sb
miotalóideach
6.7
Biosmat, Bi
miotal iar-thrasdultach
9.8
Ruitéiniam, Ru
miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
12.5
Róidiam, Rh
miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
12.4
Pallaidiam, Pd
miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
12
Oismiam, Os
miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
22.6 (traidhfilín níos troime ná an t-iridiam)
Iridiam, Ir
miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
22.6 (beagáinín níos éadroime ná an t-oismiam)
Platanam, Pt
miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
21.5
Úráiniam, U
achtanóideach
19


Dlús leictreonDhá rud atá i gceist leis an dlús leictreon (nó le dlús na leictreon).
  • Nuair a bhítear ag trácht ar an adamh, is éard atá i gceist leis an dlús leictreon ná chomh dóchúil is atá sé teacht ar an leictreon in áit áirithe timpeall ar núicléas an adaimh.
  • Nuair a bhítear ag trácht ar an bplasma, is féidir tagairt do dhlús na leictreon sa phlasma. Is éard atá i gceist leis an bplasma ná an damhna te sna réaltaí, agus é comhdhéanta as núicléis atá ag snámh i bhfarraige na leictreon – is é sin tá struchtúr na n-adamh féin imithe, ionas nach féidir a rá go mbaineann an leictreon seo leis an adamh áirithe úd.
Dlús optúil – Sórt drochthéarma é ”dlús optúil”, nó tagraíonn sé do dhá rud difriúla ar féidir téarmaí is fearr ná é a úsáid fúthu:
  • comhéifeacht athraonta;
  • ionsúiteacht.
Is éard atá i gceist leis an gcomhéifeacht athraonta ná an uimhir a thagraíos do mhoilliú an tsolais sa mheán. Mar seo a áirítear í:

n = c/v
inarb ionann:
  • n agus comhéifeacht athraonta an mheáin
  • c agus luas an tsolais san fholús
  • v agus luas an tsolais sa mheán


Maidir leis an ionsúiteacht, is uimhir logartamach í ar miosúr í ar an gcuid den fhuinneamh (fuinneamh na radaíochta – fuinneamh an tsolais mar shampla) a ólas an meán isteach chuige (a shús sé isteach, a ionsús sé) in áit é a iompar nó a ligean tríd. Is é an slonn matamaitice a cheadaíos dúinn an ionsúiteacht a thabhairt ná:

A = log10(Φ'/Φ)

inarb ionann:
  • A agus ionsúiteacht
  • Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán
  • Φ' agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán
Is éard is ciall don ”fhlosc radanta” ná fuinneamh na radaíochta roinnte faoin am (is é sin, cumhacht na radaíochta), agus is é is aonad don fhlosc radanta ná an vata (W). An logartam a úsáidtear, is é an logartam deachúlach (logartam Briggs) é.

Doimhneacht optúil – Tá baint ag an doimhneacht optúil leis an ionsúiteacht (an ”dlús optúil” sa dara ciall). Is í an fhoirmle a thugas an doimhneacht optúil ná:

τ =
loge(Φ'/Φ)

inarb ionann:
  • τ (an litir Ghréagach tau) agus an doimhneacht optúil
  • Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán
  • Φ' agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán
Is í an t-aon difríocht idir an doimhneacht optúil agus an ionsúiteacht ná go n-úsáidtear an logartam nádúrtha (logartam Napier) leis an doimhneacht a thabhairt, seachas an logartam deachúlach (logartam Briggs).

An Domhan an pláinéad a bhfuil muid inár gcónaí air. Tá sé ar an gceann is mó de na pláinéid dhomhanchosúla sa Ghrianchóras, is é sin de na pláinéid nach gásfhathaigh ná oighearfhathaigh iad (is gásfhathaigh iad Iúpatar agus Satarn, agus is oighearfhathaigh iad Úránas agus Neiptiún). Tá dhá dtrian de dhromchla an Domhain, nó níos mó fós, clúdaithe ag uisce, agus an t-atmaisféar saibhir in ocsaigin – tá an dá rud riachtanach don bheatha mar a d'fhorbair sí ar an Domhan, ach is tábhachtach a thuiscint gur neachanna anaeróbacha a bhí sna chéad orgánaigh bheo ar an Domhan, is é sin gur nimh a bhí san ocsaigin dóibh. Mar sin b'éigean don bheatha éabhlóid áirithe a dhéanamh le bheith in ann leas a bhaint as ocsaigin an atmaisféir.

Aithníonn na geolaithe screamh, maintlín agus croí an Domhain thar a chéile. Is í an screamh an ciseal tanaí cloiche a chlúdaíos an pláinéad, agus í timpeall ar chúig ciliméadar ar tiús faoi na farraigí. Bíonn sí i bhfad níos tibhe faoin talamh slán, tríocha ciliméadar, fiú.

Tugtar neamhleanúnachas Mohorovičić, nó an Moho, ar an dromchla a scaras an screamh ón maintlín. Fuair an dromchla a ainm ó Andrija Mohorovičić, geolaí Crótach a bhí ina cheannródaí seismeolaíochta (is éard is seismeolaíocht ann ná an chraobh den gheolaíocht a dhéanas taighde ar na talamhchreathanna). D'aithin Mohorovičić roimh aon duine eile go bhfrithchaitheann an dromchla sin tonnta seismeacha (tonnta talamhchreatha) – is é sin nach leanann na tonnta sin a seanbhealach i ndiaidh an dromchla áirithe seo a bhualadh (sin é an fáth a dtugtar ”neamhleanúnachas” air).

Tugtar litisféar, nó sféar cloiche, ar an screamh agus ar uachtar an mhaintlín araon; taobh thíos den litisféar atá an t-astanaisféar, nó sféar na laibhe. Faoin astanaisféar atá croí an Domhain, agus is féidir struchtúr inmheánach áirithe a aithint sa chroí féin: an croí amuigh agus an croí istigh. Sreabhán slaodach atá sa chroí amuigh, ach is solad é an croí istigh. Iarann agus nicil is mó atá sa chroí. Tá an croí chomh te céanna agus dromchla na Gréine, a bheag nó a mhór – beagnach sé mhíle ceilvin.

Tá an litisféar deighilte ina phlátaí teicteonacha, agus tugtar teicteonaic ar an gcraobh den gheolaíocht a bhíos ag plé le gluaiseachtaí na bplátaí seo. Bíonn próisis éagsúla gheolaíocha ar obair áit a dtagann dhá phláta le chéile: ansin a bhíos talamhchreathanna le mothú agus bolcáin nua ag fás.

Tá an Domhan beo le bolcánachas. Le fírinne tá an Domhan eisceachtúil go maith sa Ghrianchóras chomh gníomhach is atá sé ó thaobh an bholcánachais de. Is iad na substaintí radaighníomhacha nádúrtha is mó is cúis leis an teas taobh istigh den Domhan: nuair a thagas meath radaighníomhach orthu, scaoiltear le radaíocht, is é sin le fuinneamh, agus an fuinneamh sin á chlaochlú go teas. Úráiniam, tóiriam, agus potaisiam (an t-iseatóp radaighníomhach úd 40K, nó potaisiam 40) na dúile is mó atá i gceist.

Cloch atá sa chuid is mó den Domhan, agus is éard atá sa chuid is mó den chloch ná sileacáití. Is éard atá i sileacáit ná ainian (ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) atá comhdhéanta as ocsaigin agus sileacan, agus é ceangailte de chaitiain éagsúla (iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu). Iain mhiotail is mó a bhíos ann (is é sin adaimh mhiotail a thug leictreoin ar iasacht uathu), ach bíonn iain níos casta ná sin ann.

ATMAISFÉAR AN DOMHAIN: CÉATADÁIN NA nGÁS ÉAGSÚIL SAN AER THIRIM
Nítrigin (N2)
78.09 %
Ocsaigin (O2)
20.95 %
Argón (Ar)
0.93 %
Dé-ocsaíd charbóin (CO2)
0.041 %
Neon (Ne)
0.0018 %
Héiliam (He)
0.00052 %
Meatán (CH4)
0.00018 %
Crioptón (Kr)
0.00011 %
Hidrigin (H2)
0.000055 %


Is gnách atmaisféar an Domhain a dheighilt ina chisil mar seo:

Ainm an chisil
Airde
Nótaí
An t-eisisféar
Ó sheacht gcéad go fiche míle ciliméadar
Is mó a bhaineas sainmhíniú an eisisféir le himtharraingt an Domhain ná le brú an atmaisféir. Go bunúsach tá deireadh leis an eisisféar san áit a bhfuil an ghrianghaoth níos láidire ná an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar na móilíní gáis.
AN TEIRMEASTAD – SEACHT gCÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an t-eisisféar agus an teirmisféar ó chéile
An teirmisféar
Ó ochtó ciliméadar go seacht gcéad ciliméadar
Tá an chuid seo den atmaisféar an-te, de réir chomh sciobtha is a bhíos na móilíní is na hadaimh ag gluaiseacht. Tá an gás chomh scaipthe anseo áfach nach n-aithneodh aon teirmiméadar (ná aon duine) an teocht sin – a mhalairt bheadh mothú mór fuachta ann. Bíonn na hadaimh ianaithe sa chuid seo den atmaisféar, agus mar sin tugtar ianaisféar ar an teirmisféar agus ar chodanna den mhéisisféar agus den eisisféar araon.
AN MÉISEASTAD – CEITHRE SCÓR CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar, agus an áit is fuaire san atmaisféar, de réir luas gluaiseachta na n-adamh.
An méisisféar
Ó chaoga go hochtó ciliméadar
Murab ionann agus an teirmisféar, tá an méisisféar ag dul i bhfuacht suas, fiú de réir luas gluaiseachta na n-adamh. Is é an méiseastad (an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar) an áit is fuaire san atmaisféar.
AN STRATASTAD – LEATHCHÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an strataisféar agus an méisisféar ó chéile
An strataisféar
Ó dhá chiliméadar déag go caoga ciliméadar
Tá an strataisféar níos fuaire thíos, níos teo thuas, agus é féin roinnte ina chisil éagsúla (sin é an tuige a dtugtar strataisféar air – féach focail ar nós stratum agus stratification sa Bhéarla, nó fiú sraith na Gaeilge).
AN TRÓPASTAD – DHÁ CHILIMÉADAR DÉAG OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an trópaisféar agus an strataisféar
An trópaisféar
Ó dhroim an phláinéid go dhá chiliméadar déag
An chuid den atmaisféar is aithin dúinn féin gan dul i muinín gléasra eolaíochta agus taighde. Tá an trópasféar níos teo thíos, agus níos fuaire thuas.



Domhanlíne a thugtar ar an líne a tharraingíos an réad sa spás-am – is é sin, sa spás ceathairthoiseach ina nglactar leis an am mar cheathrú toise.

Domhanloinnir a thugtar ar phláinéadloinnir an Domhain. Is í an phláinéadloinnir an solas a chaitheas an pláinéad ar thaobh na hoíche dá ghealach (nó dá chuid gealach) – as an nGrian don tsolas seo ó thús, ar ndóigh. Tugtar liathsholas na Gealaí liathbhreo na Gealaí ar an domhanloinnir a aithnítear ar an nGealach s'againn freisin.

Domhantarraingt an téarma a thagraíos d'imtharraingt an Domhain. Is mar luasghéarú a thomhaistear an domhantarraingt, is é sin, is é an méadar in aghaidh na soicinde cearnaithe (m/s2) aonad na domhantarraingthe. Is í an mheán-domhantarraingt ar dhromchla ár bpláinéid ná 9.80665 m/s2, ach is léir nach ionann an fhíor-imtharraingt i ngach áit ar fud an Domhain.

Dorn an Chlaímh an réaltbhraisle dhúbailte i bPeirséas a thugtar ar an dá réaltbhraisle úd NCG 869 agus NCG 884. Tá an dá réaltbhraisle suite faoi sheacht míle cúig chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réaltbhraislí réasúnta óg iad, ó tá cuid mhaith ollfhathachréaltaí bánghorma iontu – ní bhíonn an cineál sin réaltaí fadsaolach.

Dracóinídí – Dreigechith iad na Dracóinídí agus iad, mar dhea, ag teacht as réaltbhuíon an Dragain. I Mí Dheireadh Fómhair a bhíos siad le feiceáil.

An Dragan – Réaltbhuíon é an Dragan atá le feiceáil sa Tuaisceart, timpeall ar phol thuaidh na spéire. Is iad na réaltbhuíonta a bhfuil an Dragan ag críochantacht leo ná an tAoire, Earcail, an Lír, an Eala, Ceiféas, an Béar Beag, an Sioráf, agus an Béar Mór.

Is í Gamma Draconis nó Eltanin (Etamin, Ettamin) an réalta is gile sa Dragan, cé go dtugtar ”Gamma” uirthi i gcóras ainmníochta Bayer. K-réalta atá inti, is é sin réalta fhlannbhuí agus í níos fuaire ná an Ghrian, agus níos teo ná na réaltaí dearga sa M-aicme. Cé go bhfuil Eltanin i bhfad níos mó ná an Ghrian agus beagnach leathmhíle oiread níos gile, níl sí mórán níos téagartha – níl sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Mar sin is léir gur réalta phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, a bhí in Eltanin tráth, agus gur iompaigh sí ina fathachréalta ina dhiaidh sin, mar atá i ndán don Ghrian féin. Tá Eltanin suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn, nó cúpla solasbhliain sa bhreis air sin.

Níl in Alpha Draconis nó Thuban ach an dara réalta is gile sa réaltbhuíon. Déréalta atá i gceist, agus an dá chomhbhall beagnach trí oiread chomh téagartha leis an nGrian; scéal eile é go bhfuil ceann acu deich n-oiread chomh geal leis an gceann eile, agus é beagnach cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Tá Thuban suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn. Rud suntasach é go raibh Thuban ar an réalta ba chóngaraí do phol thuaidh an sféir neamhaí sna blianta 4000-2000 r.Chr., a bheag nó a mhór, agus go mbeidh arís, de réir mar a dhéanfas ais rothlaithe an Domhain luainíocht.

Maidir le Beta Draconis, nó Rastaban, is déréalta í, agus í ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fathachréalta atá sa chomhbhall is mó den bheirt, agus abhacréalta á fithisiú. Réalta G-aicme í an fhathachréalta, cosúil leis an nGrian. Tá sí suite faoi 380 solasbhliain dínn.

Tá an réaltnéal úd NCG 6543, nó ”Súil an Chait”, le feiceáil sa Dragan chomh maith. Réaltnéal pláinéadach atá ann.

Dreige, nó réalta reatha, a thugtar ar chnap damhna (nó dreigeoideach) a thiteas anuas ón spás agus é á fheiceáil á dhó san atmaisféar. Bóilídí iad na dreigí is gile. Dreigítí iad na dreigeoidigh a shroicheas dromchla an Domhain gan imeacht i ngal soip roimhe sin, ionas go bhfágann siad cráitéar ar an dromchla. Sidirítí a thugtar ar dhreigítí atá an-saibhir in iarann. Dreigechith atá i gceist má fheictear dreigí ag teacht as an bpointe céanna spéire (as an radaí) go tráthrialta.

Go tipiciúil is éard atá i gceist le dreigechith ná iarsmaí cóiméid, agus iad ag leanúint sheanfhithis an chóiméid sin. Dreigecheathanna mórchlúiteacha iad na Peirsidí, na Leoinidí, na Cuadraintidí agus na hAcuairidí (na hEta-Acuairidí) mar shampla. Mar a aithnítear ar na samplaí seo, is gnách na dreigecheathanna a ainmniú as an réaltbhuíon ina bhfeictear iad, agus, uaireanta, as an réalta a bhfuil an radaí suite ina haice: ansin cuirtear litir na réalta sin in ainmníocht Bayer leis an ainm (tá radaí na nAcuairidí cóngarach don réalta úd Eta Aquarii). Tugtar dreigí treallacha ar dhreigí nach cuid d'aon dreigechith iad.

Dreigít Tunguska – Is éard a bhí i gceist le dreigít Tunguska ná dreigít mhillteanach a bhuail dromchla an Domhain sa tSibéir, in aice leis an abhainn úd Podkamennaya-Tunguska nó ”Tunguska faoi Chloch” ar an 30ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1908. Phléasc an dreigít in íochtar an atmaisféir agus leag sí dhá mhíle ciliméadar cearnach de choill. An fuinneamh a scaoileadh saor b'ionann é agus míle buama adamhach den chineál a bhuail Hiroshima i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda. Mar sin féin dealraíonn sé nach bhfuair ach duine amháin, nó beirt b'fhéidir, bás sa teagmháil, toisc go raibh an áit suite i bhfad ó áitreabh daonna. Dá mbuailfeadh an dreigít cathair mhór éigin, is léir go maródh an phléasc na céadta mílte daoine.

Níl na saineolaithe féin ar aon fhocal faoi gur dreigít a bhí ann. Tá cuid acu ag áitiú gur giota cóiméid a bhí i gceist, agus tá dream eile fós ag tabhairt le fios gur brúchtadh bolcánach de chineál neamhghnách a tharla.

Drithliú a thugtar ar an dóigh a dtéann atmaisféar an Domhain i bhfeidhm ar an solas ó réaltaí agus ó réadanna réalteolaíocha eile, ionas go bhfeictear athruithe beaga ar a ngile.

Dualghluaisne a thugtar ar an dóigh a bhfuil réalta áirithe ag gluaiseacht trasna na spéire i gcomparáid leis an sféar neamhaí (is é sin, i gcomparáid le cúlra na réaltaí is na reann neimhe atá chomh cianmhar is nach féidir linn a ndualghluaisne siúd a aithint). Stua í an dualghluaisne, agus í á tomhas ina soicindí stua in aghaidh na bliana. Na réaltaí is mó dualghluaisne, is abhacréaltaí éadroma iad agus iad suite réasúnta cóngarach dúinn, cosúil le Réalta Barnard, Réalta Kapteyn agus Réalta Teegarden.

Dubhe an seanainm ar Alpha Ursae Majoris, an dara réalta is gile sa Bhéar Mhór (agus sa Chamchéachta). Déréalta atá i gceist. Fathachréalta K-aicme í an phríomhréalta, agus compánach príomhsheichimh aici a bhaineas leis an F-aicme. Tá an phríomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, breis is trí chéad oiread chomh geal, agus í suite faoi chéad trí solasbhliana is fiche den Ghrianchóras s'againn, a bheag nó a mhór. Cé gur ceann de réaltaí an Chamchéachta í Dubhe, ní bhaineann sí le réaltghaolmhaireacht an Bhéir Mhóir.

Dúibniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 105. Db an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Dubna in aice le Moscó, áit a bhfuil Institiúid Aontaithe an Taighde Núicléach (Obyedinennyi Institut Yadernykh Issledovanii). Ar feadh i bhfad ní raibh an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe in ann aontú faoi ainm na dúile seo, agus is éard a thugadh na Meiriceánaigh uirthi ná háiniam, mar thagairt don eolaí Ghearmánach Otto Hahn a dtugtar ”athair na radaiceimice” air.

Chomh radaighníomhach is atá an dúibniam, is beag is féidir a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha. Más féidir féin eiseamal dúibniam a aonrú, beidh sé te le radaighníomhaíocht agus tiocfaidh meath air go tiubh teirimeach. Is é dúibniam a 268 an t-iseatóp is fadsaolaí, agus níl sé féin mórán thar aon lá amháin ar leathré.

Dúil – Sa cheimic tugtar dúil ar chineál adaimh a bhfuil líon prótón ar leith sa núicléas aige. Tugtar uimhir adamhach (nó Z) ar líon na bprótón sa núicléas. Tá na saintréithe céanna ceimiceacha ag na hadaimh go léir ar den dúil chéanna iad, nó go bunúsach is ionann líon na leictreon sa néal leictreon agus líon na bprótón sa núicléas, agus is éard atá i gceist leis na himoibriúcháin cheimiceacha ná an dóigh a mbíonn an néal leictreon ag idirghníomhú le néal leictreon na n-adamh eile timpeall.

Cé gurb ionann líon na bprótón i núicléas gach adamh den dúil chéanna, ní hionann líon na neodrón. Tugtar iseatóip ar na leaganacha den dúil chéanna nach ionann líon na neodrón acu. Cé go bhfuil saintréithe ceimiceacha na n-iseatóp éagsúil mar a chéile, a bheag nó a mhór, is féidir leo bheith éagsúil ó thaobh na saintréithe fisiciúla de. Thar aon rud eile, bíonn iseatóip áirithe saor ó radaighníomhaíocht, agus na cinn eile radaighníomhach. Ní bhíonn ach iseatóip radaighníomhacha ag na dúile is troime, áfach. Is í an luaidhe (Z = 82) an dúil is troime a bhfuil iseatóip chobhsaí (is é sin iseatóip nach bhfuil radaighníomhach) aici. Ón taobh eile de, níl ach iseatóip radaighníomhacha ag dhá dhúil is éadroime i bhfad ná an luaidhe, mar atá, an teicnéitiam (Z = 43) agus an próiméitiam (Z = 61).

Dúpholl – Is éard atá i gceist leis an dúpholl ná réalta a rinne inphléascadh imtharraingthe, is é sin réalta a thit isteach inti féin chomh trom téagartha is a bhí sí. Réigiún sa spás-am é an dúpholl nach féidir éalú as toisc go bhfuil an imtharraingt chomh láidir.

Tugtar singilteacht ar an bpointe i gcroílár an dúphoill, agus is í an léaslíne theagmhais dromchla an dúphoill. An réad nó an neach atá taobh istigh den léaslíne theagmhais ní féidir leis teacht slán ón tsingilteacht, titfidh sé isteach inti chomh cinnte agus atá an t-am ag dul ar aghaidh – chomh cinnte is atá an Cháisc ar an Domhnach, i gciall cheart an fhocail! Ón taobh amuigh, áfach, ní fheicfear an réad sin ag baint amach an léaslíne choíche – scéal eile áfach ná go ndeargaistreofar an solas atá á fhrithchaitheamh aige, agus sa deireadh imeoidh an solas (agus an réad) as radharc ar fad. Is éard atá i gceist leis seo ná deargaistriú imtharraingteach.

An breathnóir daonna atá ag titim isteach sa dúpholl, ní aithneoidh sé an léaslíne theagmhais, má tá an dúpholl féin sách téagartha. Taobh istigh den dúpholl, áfach, tá an imtharraingt ag dul i méadaíocht chomh sciobtha is go réabfaidh sí an breathnóir as a chéile – má tá sé ag titim i ndiaidh a chos, abair, beidh an imtharraingt ag dul i bhfeidhm ar a chos i bhfad níos láidire ná ar a chloigeann. Sa deireadh thiar réabfaidh an imtharraingt struchtúr na n-adamh is na mbuncháithníní féin as a chéile.

Rith smaoineamh an dúphoill le John Mitchell, fealsamh nádúrtha ó Shasana, chomh luath leis an ochtú haois déag, ach ní raibh sé in ann teoiric chuimsitheach ná córas matamaitice a chur leis an smaoineamh – ní raibh ann go bunúsach ach marana fhánach. Tá dlúthbhaint ag coincheap an dúphoill le teoiric na coibhneasachta: ba é Karl Schwarzschild a d'oibrigh amach an chéad fhoirmle mhatamaiticiúil don dúpholl go gairid i ndiaidh dó an chéad aithne a chur ar theoiric Einstein. Is í an fhoirmle a thug Schwarzschild ná:

rs = (2GM)/(c2)

inarb ionann:
  • rs agus an fad ó lárphointe an dúphoill go dtí an léaslíne theagmhais, is é sin, ga an dúphoill. Ga Schwarzschild a thugtar air inniu i ndilchuimhne ar Schwarzschild a fuair bás go gairid i ndiaidh an fhoirmle a fhoilsiú, sa Chéad Chogadh Domhanda;
  • G agus an tairiseach imtharraingthe;
  • M agus mais an dúphoill;
  • c agus luas an tsolais san fholús.

An cineál dúpholl a bhí i gceist ag Schwarzschild ní raibh sé ag rothlú ar a ais. Ba é an Nua-Shéalannach Roy Kerr a thug cur síos ar an dúpholl atá ag rothlú, agus is dócha go bhfuil na fíor-dhúphoill ag rothlú, nó tá dlí nádúrtha ann a deir gur dual do na réadanna a sean-mhóiminteam uilleach a choinneáil. Ar na coincheapanna nua a chuir Kerr lenár dtuiscint ar an dúpholl atá an t-eirgisféar.

Deir Kerr go bhfuil cineál fáinne gluaiste timpeall ar an dúpholl atá ag rothlú, agus is é an t-ainm a bhaist na heolaithe ar an bhfáinne seo ná eirgisféar, focal a chiallaíos ”sféar na hoibre” i nGréigis. Na réadanna a thiteas isteach san eirgisféar, níl siad caillte go fóill ar nós na cinn a thiteas isteach sa dúpholl féin, ach ní féidir leo fanacht socair i gcoibhneas aon réad atá taobh amuigh den eirgisféar.

An damhna atá i ndiaidh titim isteach sa dúpholl, ní féidir linn a dhath a rá ná a fháil amach ina thaobh. Níl ach trí airí ag an dúpholl: a mhais, a lucht leictreach agus a mhóiminteam uilleach. Ní féidir, fiú, a rá cé acu as gnáthdhamhna nó as frithdhamhna atá dúpholl áirithe comhdhéanta. Seo rud a chuireas míchompord ar na fisiceoirí, nó níl a leithéid de chailleadh eolais ag cur go rómhaith le prionsabail na fisice, agus is gnách le lucht an tsaineolais paradacsa caillte an eolais sa dúpholl a thabhairt ar an dúcheist seo.

Éabhlóid réaltach a thugtar ar an dóigh a bhforbraíonn an réalta. Ar dtús níl ann ach néal móilíní gáis, agus an imtharraingt á gcarnadh le chéile, rud ar a dtugtar imphléasc imtharraingthe. Sa deireadh tá prótairéalta ann: is éard atá inti ná sféar te atá ag rothlú. Is é is cúis leis an teas ná fuinneamh na himtharraingthe. I ndiaidh a foirmithe beidh an phrótairéalta ag tarraingt tuilleadh damhna chuici, próiseas ar a dtugtar fuilleamh. Má tá an phrótairéalta sách trom, sách téagartha, tosóidh comhleá na bprótón go héiliam i gcroílár na réalta, agus ansin tá an phrótairéalta iompaithe ina réalta phríomhsheichimh.

Na réaltaí atá an-te, an-téagartha, ní fhanfaidh siad sa phríomhsheicheamh ach roinnt mhilliún blianta. Réaltaí cosúil leis an nGrian, áfach, mairfidh siad na mórmhilliúin de bhlianta ag comhleá prótóin. Sa deireadh, áfach, tiocfaidh deireadh leis an hidrigin i lár na réalta, agus aistreoidh an t-imoibriúchán go dtí na cisil taobh amuigh den chroí. Ansin rachaidh na cisil sin go mór mór i bhfairsinge, ionas go n-iompóidh leithéid na Gréine féin ina fathachréalta.

An Eala atá ar an réaltbhuíon idir Ceiféas, an Dragan, an Lir, an Sionnach, Peigeasas, agus an Laghairt. Is féidir Cros an Tuaiscirt a thabhairt ar an Eala freisin, ach le fírinne níl i gCros an Tuaiscirt ach an astaireacht atá comhdhéanta as na réaltaí is gile san Eala, is é sin Alpha Cygni (Deneb), Beta Cygni (Albireo), Gamma Cygni (Sadr), Delta Cygni (Fawaris) agus Epsilon Cygni (Aljanah nó Gienah).

Ollfhathach bán nó bánghorm den A-aicme atá in Deneb, agus é suite dhá mhíle go leith de sholasbhlianta uainn. Mar sin féin tá sé ar an naoú ceann déag is gile de réaltaí na spéire chomh mór millteanach is atá sé. Is é an réalta is gile san Eala.

Tá Albireo nó Beta Cygni ar an gcúigiú réalta is gile sa réaltbhuíon. Ilréalta atá ann. Maidir leis an gcomhbhall is mó san ilréalta seo, Albireo Aa, is fathachréalta é atá cúig oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, agus míle oiread, nó fiú míle go leith oiread, chomh geal. Tá Albireo suite faoi cheithre chéad solasbhliain dínn, nó ábhairín níos faide. K-réalta is ea Albireo Aa; maidir leis an gcompánach, Albireo B, is B-réalta é.

Maidir le Gamma Cygni nó Sadr, is ollfhathach buí F-aicme é – ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá an réalta seo suite faoi 1800 solasbhliain dínn, agus í dhá oiread déag chomh trom téagartha leis an nGrian, tríocha trí mhíle oiread chomh geal léi. Tá Sadr ar an dara réalta is gile san Eala.

Delta Cygni ar an gceathrú réalta is gile sa réaltbhuíon. Fawaris an t-ainm traidisiúnta ar an réalta, ach is é an moladh a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaíochta ná gan an t-ainm sin a úsáid ach le tagairt a dhéanamh don réalta is mó sa chóras, is é sin Delta Cygni A. Tá dhá chompánach ag Fawaris, mar atá, Delta Cygni B agus Delta Cygni C. Réalta B-aicme atá i bhFawaris, agus í céad caoga cúig oiread chomh geal leis an nGrian, cé nach bhfuil sí ach trí oiread chomh trom léi. Tá Delta Cygni B níos lú (oiread go leith chomh trom leis an nGrian), agus is F-réalta í. Maidir le Delta Cygni C, is í an chomhréalta is lú acu, agus is K-réalta í. Is mar A-réalta a fheictear Delta Cygni ón Domhan, áfach, gan dul i dtuilleamaí gléasra sofaisticiúil réaltbhreathnaithe. Tá an córas suite faoi chéad agus cúig solasbhliana is trí scór dár nGrianchóras féin, a bheag nó a mhór.

San Eala a d'aithin na réalteolaithe an chéad dúpholl, nó an chéad réad réalteolaíoch ar dócha dó gur dúpholl atá ann. Tugtar Cygnus X-1 ar an réad. Ceann den dá chomhbhall i ndéréalta é an dúpholl, agus é suite faoi 0.2 aonad réalteolaíoch dá chompánach, ar ollfhathachréalta bhánghorm é – níl d'ainm ar an réalta seo ach ”HDE 226868”. Tá an dúpholl ag baint damhna den ollfhathachréalta, nó dá réaltghaoth, agus an damhna sin ag timpeallú an dúphoill mar dhiosca fuillimh. Gintear x-radaíocht láidir sa diosca, agus is ar an radaíocht sin a d'aithin na réalteolaithe an chéad uair gur réad éigin iontach trom, iontach dlúth a bhí ann.

Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.

Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís an t-imoibriú a choinneáil ag obair gan an slabhra a bhriseadh.

Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlófar go húráiniam a 233 (233U) taobh istigh den imoibreoir féin (tugtar pórú pórúchán ar an bpróiseas seo, agus is cineál imoibreoir pórúcháin é an t-imoibreoir tóiriam). Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.

Éan Parthais atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Triantán an Deiscirt, an Compás, an Chuileog, an Caimileon, an tOchtamhán, an Phéacóg, agus an Altóir. Ba é Petrus Plancius (Pieter Platevoet) a d'ainmnigh an réaltbhuíon seo i ndeireadh na séú haoise déag, agus ba é Nicolas Louis de Lacaille a mhapáil na réaltaí is gile inti i lár na hochtú haoise déag. Apus an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo.

Níl d'ainm againn ar na réaltaí is gile féin in Éan Parthais ach na litreacha Gréagacha a bhaineas le hainmníocht Bayer.

Alpha Apodis an réalta is gile in Éan Parthais. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme í. Tá sí suite faoi 400-450 solasbhliain dínn, agus í breis is naoi gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.

Níl Beta Apodis ar an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, ach ar an tríú ceann. K-réalta atá i gceist leis an gceann seo chomh maith, agus í suite céad go leith de sholasbhlianta ón Domhan s’againn. Níl mais dhá Ghrian inti, ach tá sí iompaithe ina fathachréalta, mar atá daite don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gamma Apodis suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta den Domhan freisin. G-réalta – is é sin, réalta bhuí – atá inti chomh maith leis an nGrian, ach is fathachréalta í agus í trí scór oiread níos lonrúla.

Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha go cothrom trí chéile – staid a dtugtar teasbhás uirthi freisin.

Ní bhfuair an Ollchruinne s'againn teasbhás go fóill, mar is soiléir, agus mar sin, is féidir glacadh leis go raibh tús ag an Ollchruinne agus go bhfuil aois theoranta aici – gur tháinig an Ollchruinne chun saoil, go raibh tús aici. Dá mbeadh an Ollchruinne síoraí, is é sin dá mbeadh sí ann gan tús gan deireadh, bheadh an chothromaíocht theirmidinimiciúil bainte amach aici cheana féin, is é sin bheadh sí tar éis teasbhás a fháil. Ba iad an Tiarna Kelvin (William Thompson), an fisiceoir Gearmánach Hermann von Helmholtz, agus an t-innealtóir Albanach William John Macquorn Rankine a tháinig ar an tuiscint seo thiar sa naoú haois déag, roimh aon duine eile.

Éapacht a thugtar ar ”aois” na Gealaí ar an gcéad lá de Mhí Eanáir (nó Lá na Caille) – is é sin, cé mhéad laethanta a d’imigh ón nua-ré dheireanach. Úsáidtear an éapacht le lá na Cásca a shocrú.

Earcail atá ar an réaltbhuíon idir an Dragan, an tAoire, Coróin an Tuaiscirt, Ceann na Péiste, Fear na bPéisteanna, an tIolar, an tSaighead, an Sionnach, agus an Lír. Is iad na réaltaí is gile sa réaltbhuíon seo ná Rasalgethi (Alpha Herculis), Kornephoros (Beta Herculis), Gamma Herculis, agus Zeta Herculis.

Tá Alpha Herculis comhdhéanta as dhá dhéréalta agus iad ag timpeallú a chéile; de réir chleachtas an lae inniu ní thagraíonn an t-ainm úd Rasalgethi ach don réalta is gile den cheathrar. Tá an córas seo tuairim is 360 solasbhliain uainn. Tá an dá dhéréalta suite leathmhíle aonad réalteolaíoch ó chéile, agus iad ag críochnú imrothlú amháin timpeall a chéile in aghaidh gach 3600 bliain. Is fathachréalta dhearg M-aicme í Rasalgethi (Alpha Herculis A), agus mais dhá nó trí chéad Ghrian inti. Maidir leis an déréalta úd Alpha Herculis B, is G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí í agus í san aicme chéanna leis an nGrian.

Le fírinne tá Beta Herculis, nó Kornephoros, níos gile ná Alpha Herculis. Déréalta í, cé nach bhfuil ach aon réalta amháin infheicthe. Tá an réalta suite faoi 139 solasbhliana dínn. Is G-réalta í, díreach cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í atá céad go leith oiread chomh lonrúil, trí oiread chomh trom. Maidir leis an gcomhréalta bheag, tá sí beagáinín níos éadroime ná an Ghrian.

Maidir le Gamma Herculis, is fathachréalta bhán í, is é sin tá sí an-te, agus í ag dó a cuid hidrigine go héiliam go tiubh teirimeach. Tá sí suite faoi 193 solasbhliana dínn, agus í dhá oiread déag is ceithre scór chomh lonrúil leis an nGrian.

Tá dhá réaltbhraisle chruinneogacha le feiceáil in Earcail, mar atá, M13 agus M92. Tá an chéad cheann acu ar an réaltbhraisle is gile ar spéir an tuaiscirt, agus is féidir í a aithint gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc ar bith.

Eibleacht a thugtar ar mheascán collóideach dhá chineál leachta (nó níos mó, fiú) nach bhfuil intuaslagtha le chéile. Is éard a bhíos ann go praiticiúil ná deoiríní dofheicthe aon chineál leachta agus iad scaipthe sa chineál eile.

Éicisféar a thugtar ar chóras éiceolaíochta an phláinéid, is é sin, na éiceachórais go léir in éineacht.

Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.

Eifimiris a thugtaí, go stairiúil, ar thábla a thabharfadh eolas faoi ruthag na rinne neimhe (ruthag an phláinéid) ar an spéir, mar a bhí áirithe ag an réalteolaí roimh ré. Inniu, úsáidtear ríomhchláir le táblaí den chineál sin a chur le chéile, mar is follasach.

Éilim a bhaist na réalteolaithe George Gamow agus Ralph Alpher ar an gcineál damhna a bhí ann go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, de réir na teoirice a chuir siad faoi bhráid na n-eolaithe eile faoi dheireadh na ndaichidí.

Éinstéiniam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 99. Es an tsiombail cheimiceach, agus is léir gur in ómós don fhisiceoir chlúiteach Albert Einstein, a chéadcheap teoiric na coibhneasachta, a baisteadh an dúil seo. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an t-éinstéiniam. Mar sin féin tá an t-iseatóp is cobhsaí bliain amháin agus trí mhí go leith ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an éinstéiniam. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin atá aitheanta, agus is é an chéad cheann acu is coitianta.

Ba é an fisiceoir Meiriceánach Albert Ghiorso a chéadaithin an t-éinstéiniam sa bhliain 1952. Bhí Ghiorso agus a fhoireann ag déanamh taighde ar dhramhaíl an turgnaimh úd Ivy Mike – an chéad bhuama hidrigine ar bhain na Meiriceánaigh triail as a bhí i gceist – agus ansin a chuir siad sonrú sa dúil nua seo.

Miotal bog é an t-éinstéiniam. Is féidir eiseamal macrascópach (is é sin, infheicthe) éinstéiniam a dhéanamh, ach ní bhactar leis de ghnáth, i bhfianaise an dochar agus an dainséar atá sa dúil seo don duine de dheasca na radaighníomhaíochta.

Eipiciogal: Is éard a bhí i gceist leis na heipiciogail ná sórt ciorcail chúnta a bhí in úsáid ag na réalteolaithe le gluaiseachtaí na bpláinéad a áireamh is a shoiléiriú sula raibh glacadh forleathan leis an héilealárnachas, is é sin leis an tuiscint gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais. Glacadh leis go raibh gach pláinéad ag dul timpeall ar phointe a bhí ag fithisiú an Domhain, agus ba é an t-eipiciogal fithis an phláinéid thart ar an bpointe sin. Ba é an ciorcal iompair fithis an phointe thart ar an Domhan. Le bheith beacht níorbh é an Domhan lárphointe an chiorcal iompair ach an oiread – bhí an lárphointe sin, an t-éalárnán, suite taobh amuigh den Domhan.

Níor chuir teoiric héilealárnach Copernicus deireadh leis na heipiciogail, nó bhí Copernicus barúlach gur ciorcail fhoirfe a bhí i bhfithisí na bpláinéad, agus theastaigh eipiciogail bheaga uaidh féin leis na breathnuithe a chur in oiriúint don teoiric. Níor éirigh na réalteolaithe as na heipiciogail a úsáid ach amháin nuair a tuigeadh dóibh nach ciorcail ach éilipsí a bhí sna fithisí.

Eireaball: Is é eireaball an chóiméid is minice a bhíos i gceist leis an bhfocal ”eireaball” i gcoimhthéacs na réalteolaíochta. Is í an ghrianghaoth is cúis le foirmiú an eireabaill, an dóigh a bhfuil sí ag baint ábhair den chóiméad, nó den chóma (an sféar gáis agus deannaigh timpeall ar an gcóiméad). Le fírinne áfach tá dhá eireaball ann: an t-eireaball gás (nó an t-eireaball gásach) agus an t-eireaball deannaigh (nó an t-eireaball dusta). Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach is féidir iad a aithint thar a chéile cuid mhór den am, toisc go bhfuil an t-eireaball deannaigh níos maille ag iompú ná an t-eireaball gáis.

Eireaball maighnéadach: Is gnách a rá go bhfuil ”eireaball maighnéadach” ag an Domhan agus ag na pláinéid eile, an dóigh a síneann an ghrianghaoth maighnéadaisféar (réimse maighnéadach) na bpláinéad. Mar shampla, tá réimse maighnéadach Iúpatar sínte chomh fada amach le fithis Shatarn féin.

Eireaball na Péiste: Tá réaltbhuíon na Péiste scoilte ina dhá leath ag Fear na bPéisteanna. Tugtar Eireaball na Péiste (Serpens Cauda) ar an leath thoir. Is gnách, áfach, glacadh leis an bPéist mar aon réaltbhuíon amháin ó thaobh ainmneacha córasacha na réaltaí de, cosúil leis na litreacha in ainmníocht Bayer.

Éirí héileacach atá i gceist má fheictear réalta ag éirí ó scáth na léaslíne go gairid roimh éirí na Gréine, i ndiaidh don réalta sin a bheith dofheicthe ar feadh tréimhse éigin. Bhí éirí héileacach Sirius tábhachtach i bhféilireacht na hÉigipte, bhí féilire na nÉigipteach bunaithe ar an mbliain Shótach, is é sin, an tréimhse idir dhá éirí héileacach Sirius.

Na hÉisc a thugtar ar an réaltbhuíon idir Iompróir an Uisce (an tUisceadóir) agus an Reithe, agus ar ndóigh ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca atá ann. Sna hÉisc a haithníodh an chéad abhacréalta bhán nach bhfuil ina comhbhall d’aon déréalta nó ilréalta, mar atá, Réalta van Maanen – ba é an réalteolaí Ollannach Adriaan van Maanen a rinne a fionnachtain sa bhliain 1917. Tá réalta van Maanen suite réasúnta cóngarach, is é sin, faoi cheithre solasbhliana déag dínn.

Is é an seanainm ar Alpha Piscium Alrescha; déréalta í atá suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. A-réaltaí iad an dá chomhbhall. De réir nós an lae inniu ní thugtar Alrescha go hoifigiúil ach ar Alpha Piscium A, an ceann is mó den bheirt.

Maidir le Beta Piscium, is é an seanainm atá ar an réalta sin ná Fumalsamakah Fum as-Samaka, agus is é is ciall leis na focail Araibise sin ná ”Béal an Éisc” (cosúil le Fomalhaut a chiallaíos ”béal an mhíl mhóir”; is í Fomalhaut an réalta is gile in Iasc an Deiscirt). B-réalta í Fumalsamakah agus í suite tuairim is 410 solasbhliana uainn. Tá sí ceithre oiread agus seacht ndeichiú cuid chomh téagartha leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is leathmhíle oiread chomh lonrúil. Mar sin féin glactar leis gur réalta phríomhsheichimh í.

Gamma Piscium sách cosúil leis an nGrian ó thaobh an datha de, is é sin, is G-réalta í. Scéal eile ar fad áfach gur fathachréalta atá inti agus í tuairim is trí scór oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Tá sí suite céad agus ocht solasbhliana déag is fiche uainn.

K-réalta atá in Delta Piscium, agus is réalta aonair í (is é sin ní déréalta ná ilréalta atá inti). Fathachréalta fhlannbhuí atá inti: tá sí ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, ach tá sí beagnach ceithre chéad agus caoga oiread chomh lonrúil.

Epsilon Piscium arís, tá sí tuairim is céad solasbhliain is ceithre scór ar shiúl uainn. Tá an réalta seo breis is dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus beagnach seachtó oiread chomh lonrúil. Tá sí ar an teorainn idir a bheith ina G-réalta agus ina K-réalta; mar sin is fathachréalta fhlannbhuí í agus í traidhfilín beag níos fuaire ná an Ghrian. Tá an dá bh’fhéidir ann cé acu déréalta nó réalta aonair atá inti.

Is ilréalta í Zeta Piscium Revati, agus mar is gnách inniu, ní thagraíonn an t-ainm traidisiúnta sin Revati ach don chomhbhall is gile (Zeta Piscium Aa), de réir na téarmaíochta oifigiúla. Tugtar Zeta Piscium Aa agus Ab ar an déréalta is gile; Zeta Piscium Ba agus Bb an déréalta eile; an cúigiú réalta atá ann, is í Zeta Piscium C í. A-réaltaí iad Aa agus Ab; maidir leis na réaltaí eile, is féidir a rá gur F-réalta í Ba agus go bhfuil Bb ina G-réalta, cosúil leis an nGrian s’againn. Tá an córas casta seo suite faoi chéad is seachtó solasbhliain dínn.

Cé nach bhfuil an litir úd Eta ach ar an seachtú litir in aibítir na nGréagach, is í Eta Piscium Alpherg an réalta is gile sa réaltbhuíon – sampla is ea é de chomh míchruinn is a bhíos ainmníocht Bayer uaireanta. Déréalta í Eta Piscium, agus í comhdhéanta as Eta Piscium A agus Eta Piscium B: ní thagraíonn Alpherg go hoifigiúil ach d’Eta Piscium A inniu. Is G-réalta í Eta Piscium, cosúil leis an nGrian, ach is fathachréalta í: tá Eta Piscium A beagnach ceithre oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus í ceithre céad caoga seacht n-oiread chomh lonrúil. Tá Eta Piscium suite faoi thrí chéad go leith de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór.

Eisibhitheolaíocht réaltbhitheolaíocht a thugtar ar an mbrainse bitheolaíochta a chardálas beatha ar phláinéid eile. Mar is eol do chách, níor thángthas ar bheatha ar bith ar aon phláinéad eile go fóill, agus mar sin níl san eisibhitheolaíocht i láthair na huaire ach teoiriceoireacht.

De réir thuiscint an lae inniu ní féidir teacht ar neacha beo cliste ar aon phláinéad sa Ghrianchóras s’againn. Scéal eile é go bhfuil sé incheaptha gur fhorbair miocrorgánaigh, cinn a bheadh cosúil le víreasanna, in áit éigin. Tá tuairimíocht ann mar shampla go bhféadfaimis teacht ar bheatha shimplí den chineál sin sna cisil is airde thuas in atmaisféar Véineas.

Fathach: Is éard atá i gceist le fathach nó fathachréalta ná réalta atá i bhfad níos mó ná na réaltaí príomhsheichimh ar aon dath agus ar aon teocht léi. Tá na fathachréaltaí suite os cionn an phríomhsheichimh i léaráid Hertzsprung-Russell. Tá fathachréaltaí éagsúla ann: cuid acu bhí siad ina réaltaí príomhsheichimh ar dtús, ach ansin d'fhorbair siad go fathachréaltaí, an chuid eile bhí siad mór millteanach ó thús báire.

Glactar leis go n-iompóidh an Ghrian féin ina fathachréalta i ndeireadh báire, i gceann cúig mhíle milliún bliain, nuair a bheas an hidrigin go léir i gcroí na réalta comhleáite go héiliam. Ansin crapfaidh an croí isteach chuige féin, agus an t-ábhar taobh amuigh de á aomadh chuige ag an imtharraingt. Faoi bhrú na himtharraingte cuirfear tús nua leis an gcomhleá, ach anois, is sna sraitheanna taobh amuigh den chroí a bheas sé ag dul ar aghaidh, áit a bhfuil hidrigin fágtha fós. Rachaidh na sraitheanna sin go mór i bhfairsinge, ach ní bheidh siad chomh te céanna is a bhí dromchla na réalta ar dtús: an fuinneamh a bheas á tháirgeadh beidh sé scaipthe níos fairsinge. Mar sin rachaidh dath agus aicmiú na réalta i dtreo na fuachta, is é sin, i dtreo na deirge (aicmí K agus M).


DORNÁN FATHACHRÉALTAÍ AITHNIDIÚLA
(más déréalta nó ilréalta atá i gceist, is iad sonraí na príomhréalta sa chóras atá le léamh thíos)
Ainm
Réaltbhuíon
Mais i gcomparáid leis an nGrian
Trastomhas i gcomparáid leis an nGrian
Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian
Aicme speictreach
Albireo
An Eala
cúig oiread
deich n-oiread agus trí scór
míle agus dhá chéad oiread
K
Aldebaran
An Tarbh
aon oiread go leith
ceithre oiread is dhá scór
leathmhíle oiread
K
Alnitak
An Bodach
trí oiread déag is fiche
fiche oiread
dhá chéad go leith míle oiread (an ceathrú cuid den mhilliún)
O
Alphard
An Phéist Uisce
trí oiread
leathchéad oiread
ocht gcéad oiread
K
Altarf
An Portán
trí oiread
leathchéad oiread
sé chéad is trí scór míle oiread
K
Antares
An Scairp
dhá oiread déag
ocht gcéad is trí oiread agus ceithre scór
leathchéad is seacht míle is cúig chéad oiread
M
Arcturus
An tAoire
aon oiread amháin
cúig oiread is fiche
céad is deich n-oiread is trí scór
K
Betelgeuse
An Bodach
tá meastacháin éagsúla ann ó ocht n-oiread go fiche oiread
tuairim is míle oiread
timpeall ar chéad míle oiread (réalta an-athraitheach atá i gceist)
M
Canopus
An Chíle
tuairim is deich n-oiread
tuairim is deich oiread is trí scór
cúig mhíle déag oiread
F
Deneb
An Eala
tuairim is fiche oiread
tuairim is dhá chéad oiread
tuairim is dhá chéad míle oiread
A
Diphda (Deneb Kaitos)
An Míol Mór
dhá oiread is ocht ndeichiú cuid
seacht n-oiread is fiche
céad is dhá scór oiread
K
Eta Carinae
An Chíl
meastacháin éagsúla ó chéad oiread go dhá chéad oiread
meastacháin éagsúla ó thrí scór oiread go hocht gcéad oiread
cúig mhilliún oiread
athraitheach
Hamal
An Reithe
aon oiread go leith
cúig oiread déag
timpeall ar dheich n-oiread is ceithre scór oiread
K
Rigel
An Bodach
tuairim is fiche oiread
ceithre scór oiread
céad is fiche míle oiread
B



Feirmiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 100, agus fuair sé a ainm ón bhfisiceoir Iodálach Enrico Fermi. Iodálach eile, Albert Ghiorso, a d'aithin an feirmiam sna hiarsmaí radaighníomhacha i ndiaidh an turgnaimh úd Ivy Mike in aice le hatall Eniwetok i dtús na gcaogaidí – ba é sin an chéad triail a baineadh as an mbuama hidrigine. Fm an giorrúchán. Ceann de na hachtanóidigh é an feirmiam, agus is dúil thrasúránach é. Mar sin is dúil radaighníomhach é a dtagann meath uirthi go tiubh, ach is féidir taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an fheirmiam, ós rud é go bhfuil an t-iseatóp is cobhsaí, feirmiam a 257, céad lá ar leathré. Is iad +2 agus +3 na staideanna ocsaídiúcháin.

Fléaróiviam an t-ainm atá baiste ar dhúil cheimiceach uimhir a 114, mar thagairt don fhisiceoir Shóivéadach Georgii Flerov (nó Flyorov, de réir mar a fhuaimnítear an sloinne as Rúisis). Is é Fl an giorrúchán ceimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil thar a bheith radaighníomhach é an fléaróiviam, rud a chiallaíos nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha.

An Ghealach an t-aon satailít nádúrtha atá ag an Domhan s'againn. Go bunúsach, níl inti ach cloch: sileacáití, alúmana, aol, ocsaídí iarainn, ocsaídí tiotáiniam agus eile. Tá dhá chineál tír-raon ann, is é sin, na garbhchríocha agus na mara, mar a thugtar orthu – ar ndóigh, ní thiocfá ar bhraon uisce sna farraigí sin, nó is éard atá iontu ná ísleáin nó mánna, agus iad déanta as cloch bholcánach (basalt, brúchtcharraig).

I gcomparáid le satailítí nádúrtha eile an Ghrianchórais, níl an Ghealach beag ar aon nós. Tá sí níos mó ná Europa, is é sin, an ceann is lú de Ghealacha Galileo (na ceithre satailítí is mó atá ag Iúpatar). Thairis sin, tá sí níos mó ná aon cheann acu i gcomparáid leis an bpláinéad a bhfuil sí ag dul ina thimpeall – an príomhúlach, mar a déarfá. Tá gealacha Iúpatair agus Shatarn i bhfad níos lú i gcomparáid lena bpríomhúlach.

Is éard atá sa Ghealach, mar a chreidtear inniu, ná toradh d'imbhualadh millteanach a tharla tuairim is leathchéad milliún bliain i ndiaidh fhoirmiú an Ghrianchórais. Bhuail pláinéad ar aon mhéid le Mars faoin réamh-Dhomhan – Theia a thugas na réalteolaithe ar an imbhuailteoir seo – agus ba iad smidiríní Theia comhábhair na Gealaí. Ba dhomhain ar fad a chuaigh Theia isteach sa phláinéad s'againn, agus a rian sin le haithint ar mhaintlín agus ar chroílár an Domhain i gcónaí.

Deirtear go bhfuil rothlú na Gealaí sioncrónach leis an Domhan – is é sin, is é an taobh céanna den Ghealach a bhíos iompaithe linn an t-am ar fad. Is féidir linn, áfach, beagáinín níos mó ná leath de dhromchla ár satailíte a fheiceáil, toisc go mbíonn sí ag guagadh ar dhóigheanna éagsúla: uaireanta iompaíonn sí a pol thuaidh nó a pol theas linn, agus bíonn sí ag moilliú nó ag géarú a gluaiseachta ar a fithis, ionas gur féidir linn tuilleadh den ”tosach” nó den ”chúl” a fheiceáil in amanta difriúla. Fágann an guagadh 59 % de dhromchla na Gealaí inmhapáilte ón Domhan. Ba iad na Sóivéadaigh a chuir tús le léarscáiliú an taoibh eile den Ghealach sa bhliain 1959: ansin, d'éirigh leo taiscéalaí (is é sin spásbhád beag gan foireann) a chur ag fithisiú na Gealaí agus ag tógáil grianghrafanna.

Thug daoine daonna an chéad chuairt ar an nGealach i Mí Iúil 1969, nuair a thuirling an tIolar (Eagle) modúl tuirlingthe an spásbháid úd Apollo a hAon Déag – i Muir na Sáimhe. Ba iad na spásairí Meiriceánacha Neil Armstrong agus Buzz Aldrin a bhí ag stiúradh an mhodúil, agus an tríú fear, Michael Collins, ag fanacht leo i modúl ceannasaíochta an spásbháid a bhí ag fithisiú na Gealaí. I ndiaidh an turais, bhain Collins amach clú áirithe mar scríbhneoir leis an leabhar cuimhní cinn a bhreac sé síos faoi shaol an spásaire, Carrying the Fire.

Maidir le tábhacht na dturasanna seo don eolaíocht is don taighde, ba iad na geolaithe ba mhó a ghnóthaigh orthu, nó d'ardaigh na spásairí leo cuid mhaith cloch a thug léargas nua ar fhorbairt gheolaíoch na Gealaí. Fuair na spásairí go léir bunscolaíocht sa gheolaíocht, agus bhí Harrison Schmitt, fear den triúr spásairí ar an turas deireanach go dtí an Ghealach, ina gheolaí oilte.

Gealacha Galileo a thugtar ar na satailítí is mó atá ag Iúpatar, ceithre cinn ar fad, a ndearna Galileo Galilei a bhfionnachtain thiar sa bhliain 1610.

Is iad ainmneacha na ngealach seo ná Io, Europa, Ganymede, agus Callisto. Fuair siad na hainmneacha seo ón réalteolaí Gearmánach Simon Marius (Mayr), ach ní raibh formhór na réalteolaithe fonnmhar iad a úsáid roimh an bhfichiú haois, ó nach raibh Galileo féin sásta leo – b'fhearr leis na gealacha a uimhriú go simplí. Is gnách ainmniú na reann neimhe a fhágáil faoin duine a rinne a bhfionnachtain, agus ba é Galileo a d'aithin na gealacha seo roimh Marius. Thairis sin, deirtear go raibh meas an mhagaidh mhíchuí ag lucht na comhaimsire ar na hainmneacha a bhronn seisean. Nó tagraíonn siad do na cailíní (agus d'fhear óg amháin) a raibh cumainn ghrá ag Zeus leo de réir mhiotaseolaíocht na sean-Ghréige, agus is gnách Zeus a chomhionannú le hIúpatar, mar a rinne na Rómhánaigh fadó, ó ba nós leo gach dia de chuid na nGréagach a chomhionannú le dia dá gcuid féin.

Ba é Giovanni Battista Hodierna, dalta de chuid Galileo, a bhaist na hainmneacha Principharus, Victripharus, Cosmipharus agus Fernipharus orthu. Tagairt a bhí sna hainmneacha seo do ”Phrionsa (principe) na Tuscáine”, do Vittoria della Rovere (bean Ferdinando de Medici), Cosimo de Medici (urraí Galileo) agus Ferdinando de Medici (mac Cosimo). Ó bhí Galileo ag fáil urraíochta ó Cosimo de Medici, Ard-Diúc na Tuscáine, bhí sé féin tar éis Medicea Sidera nó ”Réaltaí Mhuintir Medici” a bhaisteadh ar na gealacha seo in éineacht.

GEALACHA GALILEO - ”RÉALTAÍ MHUINTIR MEDICI” - ”MEDICEA SIDERA”




IO (Iúpatar a hAon, Principharus)


EUROPA (Iúpatar a Dó, Victripharus)


GANYMEDE (Iúpatar a Trí, Cosmipharus)


CALLISTO (Iúpatar a Ceathair, Fernipharus)
AR MHAITHE LEIS AN gCOMPARÁID:
AN GHEALACH
TIOTÁN (an tsatailít is mó atá ag Satarn)
Meángha (leath an mheán-trastomhais, ciliméadar)
1822
1560
2630
2410
1737
2575
Tréimhse imrothlaithe (lá Domhanda)
1.77
3.55
7.15
16.7
27.3
15.9
Meánluas ar an bhfithis (ciliméadar in aghaidh na soicinde)
17.3
13.7
10.9
8.2
1.02
5.57
Mais (i gcomparáid leis an Domhan)
0.015
0.008
0.025
0.018
0.012
0.0225
Dlús (gram in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh)
3.5
3.0
1.9
1.8
3.3
1.9
Imtharraingt ar an dromchla (g-aonad)
0.183
0.134
0.146
0.126
0.1654
0.14
Treoluas éalaithe (ciliméadar in aghaidh na soicinde)
2.558
2.025
2.741
2.440
2.38
2.639
Meánteocht ar an dromchla (ceilvin)
110
102
110
134
220
94
Ailbéideacht
0.63
0.67
0.43
0.22
0.136
0.22
Cianphointe na fithise (ciliméadar)
423 400
677 000
1 071 600
1 897 000
405 400
1 257 000
Garphointe na fithise (ciliméadar)
420 000
665 000
1 069 200
1 869 000
362 600
1 187 000


Gienah Aljanah Gienah Cygni – ”Sciathán na hEala” – a thugtar go traidisiúnta ar an réalta úd Epsilon Cygni i réaltbhuíon na hEala. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme is ea í agus í suite corradh is seachtó solasbhliain dínn. Tá sí aon oiread déag chomh mór leis an nGrian (de réir an trastomhais) agus dhá oiread is trí scór chomh lonrúil. Creidtear áfach nach bhfuil sí ach aon oiread amháin níos troime ná an Ghrian – is é sin bhí sí ina réalta phríomhsheichimh ar dtús sular iompaigh sí ina fathach, díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gienah Ghurab Gienah Corvi Ala Corvi a thugtar ar Gamma Corvi, arb í an réalta is gile i réaltbhuíon an Phréacháin. Réalta the bhánghorm den aicme B í, agus í suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. Focal Araibise é Gienah a chiallaíos ”eite, sciathán”, agus mar sin, is é ”Sciathan an Phréacháin” is brí le hainm na réalta.

An Ghrian atá i gcroí an Ghrianchórais, agus is í an réalta a bhfuil muid ina tuilleamaí le haghaidh solais agus teasa. Réalta phríomhsheichimh í an Ghrian, agus is mar G-réalta a aicmítear í ó thaobh an datha de. Glactar leis nár tháinig mórathruithe uirthi le cúig mhórmhilliún (5,000,000,000) bliain, agus nach dtiocfaidh ach i gceann cúig mhórmhilliún eile, nuair a iompós sí ina fathachréalta dhearg.

Tá an Ghrian comhdhéanta as plasma. Is éard atá i gceist leis an bplasma ná gás atá chomh te is nach bhfuil na leictreoin ceangailte d'aon adamh ar leith a thuilleadh, ionas go bhfuil na núicléis ag snámh i bhfarraige na leictreoin. Nuair nach bhfuil na leictreoin eagraithe ina gcórais chasta timpeall na núicléas mar a bhíos siad sa ghnáthdhamhna, is féidir do na núicléis teacht i bhfad níos cóngaraí dá chéile. Bíonn na núicléis ag gluaiseacht go tapa sa phlasma, toisc go bhfuil an teocht chomh hard – tar éis an tsaoil níl sa teocht mar rud ach gluaiseacht – agus iad ag bualadh faoi chéile. Le linn imbhualadh den chineál sin tiocfaidh siad chomh gar dá chéile is nach bhfuil siad á n-éaradh ag an drogall a bhíos ar na luchtanna leictreacha den chineál chéanna roimh a chéile a thuilleadh, ach á n-aomadh ag an bhfórsa núicléach. Is é is toradh dó sin ná comhleá na núicléas – is é sin, na núicléis hidrigine á gcomhleá go núicléis héiliam.

An fuinneamh a ghintear sa Ghrian, is istigh sa chroí a ghintear é, áit a bhfuil ”imoibreoir núicléach” na Gréine. Taobh amuigh den chroí atá crios na radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á iompar ag an radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair. Is éard atá i gceist leis an gcomhiompar ná an dóigh a bhfuil an plasma te ag dul suas agus an plasma nach bhfuil chomh te céanna ag titim isteach. Taobh amuigh den chrios comhiompair atá an fótaisféar, nó dromchla infheicthe na Gréine, agus an t-atmaisféar: an crómaisféar, an réigiún trasdultach (idir an crómaisféar agus an choróin) agus an choróin. Taobh amuigh an choróin atá an héilisféar, agus an Domhan féin suite sa héilisféar: ní thagann deireadh leis an héilisféar ach i bhfad taobh amuigh d'fhithis Phlútóin.

An Grúpa Áitiúil a thugtar ar an ngrúpa réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Réaltra Andraiméide, Bealach na Bó Finne, agus Réaltra an Triantáin na réaltraí is mó sa ghrúpa, ach thairis sin tá cuid mhór réaltraí ann is lú ná na cinn sin, ar nós Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan.


ROINNT RÉALTRAÍ SA GHRÚPA ÁITIÚIL
Ainm
Uimhir i gcatalóg Messier
Uimhir sa Nua-Chatalóg Ghinearálta
An cineál réaltra atá ann
An réaltbhuíon ina bhfeictear an réaltra
Nótaí
Réaltra Andraiméide
M31
NCG224
Réaltra bíseach barrach
Andraiméide
An réaltra is mó sa ghrúpa
Bealach na Bó Finne
-
-
Réaltra bíseach barrach
-
An réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin
Réaltra an Triantáin
M33
NCG598
Réaltra bíseach neamhbharrach
An Triantán
An réaltra bíseach is lú sa Ghrúpa Áitiúil. Is dócha gur satailít de chuid réaltra Andraiméide atá ann
Scamall Mór Magellan
-
-
Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin
An Colgán agus an Tábla
Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann. Shíltí ar feadh i bhfad gur réaltra neamhrialta a bhí ann
Scamall Beag Magellan
-
NCG292
Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin
An Túcán agus an Phéist Uisce
Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
M32
NCG221
Réaltra éilipseach
Andraiméide
Satailít de chuid Andraiméide atá ann
SagDEG (Sagittarius Dwarf Elliptical Galaxy, Abhacréaltra Éilipseach an tSaigheadóra)
-
-
Réaltra éilipseach
An Saigheadóir
Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
SagDIG (Sagittarius Dwarf Irregular Galaxy, Abhacréaltra Neamhrialta an tSaigheadóra)
-
-
Réaltra neamhrialta
An Saigheadóir
Is é seo an réaltra is faide atá suite ó bharalár (is é sin, ó mheáchanlár) an Ghrúpa Áitiúil
Abhac an Dragain (Béarla: Draco Dwarf)
-
-
Abhacréaltra sféaróideach
An Dragan
Táthar ag déanamh go bhfuil an réaltra seo an-saibhir i ndamhna dorcha


Haisiam a thugtar ar dhúil uimhir a 108 sa tábla peiriadach, agus is é Hs an tsiombail. Fuair an dúil a hainm ó Hessen (Béarla: Hesse), ar ceann de stáit na Gearmáine é. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile, tá an haisiam chomh radaighníomhach is nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha, ach is éard a chreidtear ná go bhfuil sé cosúil go leor leis an oismiam.

Héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó sa tábla peiriadach. Mar is léir ón uimhir adamhach, tá dhá phrótón i núicléas an héiliam. Tá dhá iseatóp tábhachtacha ag an héiliam, mar atá, an ceann is coitianta, nó héiliam a ceathair, agus an ceann eile, nó héiliam a trí. Na hiseatóip eile is radanúiclídí éagobhsaí iad a dtagann meath radaighníomhach orthu go sciobtha. Tá dhá leictreon ag an héiliam, agus mar sin, is triathghás é, nó níl áit ar an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas ach d'aon leictreondís amháin. Dá réir sin ní féidir leis an héiliam dul i gcomhdhúil le dúil eile.

Tá fiuchphointe an héiliam iontach íseal, nó níl sé ach cúpla céim Celsius os cionn an dearbhnialais. Ní féidir héiliam a reo go solad gan brú ard a oibriú air. Ina áit sin, má reoitear i dtreo an dearbhnialais é faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, iompóidh sé ina fhorshreabhán a bhfuil saintréitheanna neamhghnácha aige: mar shampla ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, nó dreapfaidh sé as agus é ag dul ar fud na háite ina scannán tanaí.

Hidrigin: Is í an hidrigin dúil uimhir a haon sa tábla peiriadach, agus is í an dúil is simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ach aon phrótón amháin i núicléas na hidrigine, agus níl ach aon leictreon amháin i néal leictreon na hidrigine. Is dual do na hadaimh hidrigine móilíní dhá adamh a dhéanamh faoi na gnáth-imthoscaí ar dhroim an Domhain, ach dáiríre is dúil an-imoibríoch í an hidrigin, agus tá an chuid is mó di le fáil ceangailte i gcomhdhúile éagsúla ceimiceacha. Le fírinne tá an gás hidrigine chomh héadrom is nach bhfuil imtharraingt ár bpláinéid sách láidir lena choinneáil san atmaisféar: is dual dó éalú go dtí an spás. Sin é an tuige nach bhfuil ach iarsmaí beaga hidrigine le fáil san aer.

Nuair a rachas an hidrigin trí thine, is é an toradh a gheofar ná ocsaíd na hidrigine – is é sin, uisce. Is féidir leis an hidrigin pléasc a dhéanamh agus í ag imoibriú leis an ocsaigin. Thairis sin, tá dainséar eile ag baint le dóchan na hidrigine: tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, agus í an-te san am chéanna.

Tá trí iseatóp ag an hidrigin, agus ainmneacha ar leith orthu: an próitiam (an ghnáth-hidrigin, nach bhfuil ach prótón amháin mar núicléas aici), an deoitéiriam (hidrigin a dó – tá prótón agus neodrón amháin i núicléas an iseatóip seo), agus an tritiam (hidrigin a trí – prótón amháin agus dhá neodrón sa núicléas). Núiclíd radaighníomhaíoch é an tritiam, agus tagann béite-mheath air: is é héiliam a trí (iseatóp neamhghnách de chuid an héiliam) is toradh don mheath seo.

I réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, comhleáitear núicléis hidrigine go héiliam: an fuinneamh a thagas as an nGrian is toradh don chomhleá seo é. Ar dtús téann dhá phrótón le chéile le núicléas deoitéiriam (”deoitéarón”) a dhéanamh (déantar neodrón de cheann acu), ansin téann deoitéarón agus prótón le chéile le núicléas de chuid héiliam a trí a tháirgeadh, agus sa deireadh comhleáitear dhá núicléas den chineál seo go núicléas gnáth-héiliam (héiliam a ceathair) – scaoiltear dhá phrótón saor sa teagmháil seo. Tugtar timthriall ”prótón-prótón” air seo.

Infridhearg a thugtar ar na bandaí radaíochta idir na radathonnta agus an solas infheicthe. Tá tonnfhad na radaíochta infridheirge níos mó ná tonnfhad an tsolais, agus dá réir sin tá a minicíocht níos ísle. Is mar theas is mó a aithníos nó a mhothaíos an duine an radaíocht infridhearg.

Io an ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d'Iúpatar, agus is minic a thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí (cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile taobh istigh ag na fórsaí taoide, is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an tsulfair.

Tá Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s'againn, agus í ar an dara ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus níos lú ná Ganymede agus Callisto.

Lárainciam – Is é an lárainciam dúil uimhir a 103, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Lr. Fuair sé a ainm ó Ernest Orlando Lawrence (an t-eolaí a chéadcheap an cioglatrón), agus glactar leis go bhfuil sé cosúil leis an lúitéitiam, an dúil atá os a chionn i dtábla peiriadach na ndúl, ó thaobh na ceimice de: is é an lúitéitiam an ceann is troime de na lantanóidigh, agus is é an lárainciam an ceann is troime de na hachtanóidigh. Sin a bhfuil le rá i dtaobh an lárainciam i ndáiríre, nó is dúil éagobhsaí radaighníomhach é, agus is beag úsáid phraiticiúil a thig a bhaint as. An t-iseatóp is cobhsaí atá aige is é lárainciam a 266 é, agus é aon uair déag ar leathré.

Leaptón a thugtar ar bhuncháithnín éadrom, cosúil leis an leictreon. Ní féidir leis na leaptóin páirt a ghlacadh san idirghníomhú láidir (is é an t-idirghníomhú láidir is cúis leis an bhfórsa a choinníos núicléas an adaimh le chéile). Ba é an leictreon an chéad leaptón a haithníodh. Leaptón eile é an múón, agus é i bhfad níos troime ná an leictreon, cé nach bhfuil sé chomh trom leis na baróin.

Léaráid Hertzsprung-Russell a thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d'fhorbair í tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b'as na Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí, na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá réasúnta scartha ó chéile.

Línte Fraunhofer a thugtar ar na línte dubha a d'aithin agus a mhapáil an t-optaiceoir Gearmánach Joseph Fraunhofer ar speictream na Gréine ón mbliain 1814 ar aghaidh. (Breis is deich mbliana roimhe sin, chuir an fisiceoir Sasanach William Hyde Wollaston sonrú sna línte mar rud, ach ní dhearna sé miontaighde orthu mar a rinne Fraunhofer.) Mar a tuigeadh do Gustav Kirchhoff agus Robert Bunsen leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá na línte seo suite in aon áit ar scála na dtonnfhad nó na minicíochtaí agus línte ionsúcháin a lán dúl ceimiceach coitianta, agus mar sin is é is cúis leis na línte seo ná go bhfuil solas na Gréine ag dul trí atmaisféar na Gréine agus an Domhain ina bhfuil na dúile seo ar fáil.

Litiam a thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 aonad ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht, nó 7Li, an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li, sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh timpeall ar a cúig sna heiseamail nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1. Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán (níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+, a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin, cosúil leis na miotail alcaileacha eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam. Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.

Níl an litiam ach 0.53 g/cm3 ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn an imoibriúcháin.

Is gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin áfach tá an litiam ábalta imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid litiam Li3N a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin. Is féidir nítrid sóidiam le struchtúr cosúil (Na3N) a tháirgeadh, ach is comhdhúil iontach éagobhsaí í a thitfeas as a chéile ar an toirt agus nach bhfuil inti go bunúsach ach éacht saotharlainne gan tábhacht phraiticiúil ar bith.

Is é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach. Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.

Livearmóiriam atá againn ar dhúil uimhir a 116, agus is é Lv an tsiombail cheimiceach. Dúil radaighníomhach é agus níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ach 57 milleasoicind ar leathré. Mar sin, is dócha nach bhfaighidh na heolaithe amach mórán faoi airíonna ceimiceacha na dúile seo choíche. Fuair an dúil a hainm ó Livermore i gCalifornia, áit a bhfuil saotharlann thábhachtach fisice núicléiche.

An Mhaighdean – Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé, an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Mangainéis a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 25. Ceann de na miotail trasdultacha í an mhangainéis, agus is é an giorrúchán a shiombalaíos í sna foirmlí ceimiceacha ná Mn. 54.94 an meáchan adamhach, agus is é an t-aon iseatóp nádúrtha atá ann ná mangainéis a cúig déag is dhá scór. Miotal liath sobhriste í an mhangainéis atá araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin tagann smúid ocsaíde uirthi agus aer nó uisce ag dul i bhfeidhm uirthi.

Tá an mhangainéis réasúnta coitianta sa dúlra. Ba é an ceimiceoir Gearmánach Johann Gottfried Gahn a d'aonraigh an chéad eiseamal mangainéise sa bhliain 1772, ach roimhe sin féin bhí ceimiceoirí eile ag déanamh go raibh dúil cheimiceach ar leith ar fáil sna mianraí mangainéise, cé nach raibh siad ábalta an dúil sin a scaradh ó na dúile eile.

Is féidir leis an mangainéis a lán staideanna éagsúla ocsaídiúcháin a bheith aici ina cuid comhdhúl, ach is í +2 an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta. Bíonn dath pinc ag dul leis an staid ocsaídiúcháin áirithe sin. Is é +7 an uimhir ocsaídiúcháin is airde atá ag an mangainéis, agus í ag baint leis an ian sármhanganáite MnO4+. Tá dath corcra san ian seo. Is í an tsármhanganáit photaisiam KMnO4 an chomhdhúil is tábhachtaí ina bhfuil teacht ar an ian seo. Baintear úsáid as an tsármhanganáit photaisiam mar imoibreán sna saotharlanna, ós rud é gur ocsaídeoir maith í. Thairis sin, is féidir sármhanganáití a mheascadh tríd an ngloine leáite ar mhaithe leis an dath. Is iomaí comhdhúil eile de chuid na mangainéise a bhfuil dath inti áfach: mar shampla úsáidtear an dé-ocsaíd mhangainéise MnO2 le dath donn a chur sa ghloine. Tugtar pirealúisít ar an dé-ocsaíd seo mar mhianra nádúrtha.

Úsáidtear mangainéis i gcómhiotalú – cuirtear leis an gcruach agus leis an alúmanam í. Bíonn iarsmaí beaga mangainéise ag teastáil ó orgánach an duine, ach san am chéanna tá dáileoga ró-arda dainséarach go leor, nó déanann siad dochar do na néaróga.

Markab Markeb a thugtar ar cheithre réalta éagsúla:
  • Alpha Pegasi. Cé gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is fiche dínn.
  • Tau Pegasi. Tugtar Salm Kerb ar an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • k Puppis (tabhair faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa atá againn ansin, ach an ghnáthlitir k!). Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad go leith de sholasbhlianta dínn.
  • Kappa Velorum. Déréalta i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a rachaidís i bhfeidhm ort.

Mars atá ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad sa ghrianchóras s'againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s'againn, agus dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.

Tá Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb'fhearr ”an pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré” Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.

Bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an oiread.

Maidir le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh ar na caidhpeanna go tráthrialta.

Tá bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain, ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin – dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh an Domhan i gcuimhne duit.

Ceist mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d'aon chineál ar fáil ar Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla, cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht taobh thíos de dhromchla Mharsa.

Is dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc gur bhain sé úsáid an orláiste nó an chloig as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major, de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.

Maidir le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad. Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.

ATMAISFÉAR MHARSA
Brú an aeir ar dhromchla Mharsa
0.6 % de mheánbhrú an aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
Dé-ocsaíd charbóin, CO2
96 %
Argón, Ar
1.9 %
Nítrigin, N2
1.9 %
Ocsaigin, O2
(iarsmaí beaga)
Aonocsaíd charbóin, CO
Meatán, CH4


An MheáLibra a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í – trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile, nó Zubenelgenubi (Alpha Librae), is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach sin, is é sin, α2 Librae. Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.

Tríd is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá, NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.

Mearcair atá ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín níos mó ná Mearcair.

Tá rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar dhroim an phláinéid féin, áfach, d'fheicfeadh sé aon lá is aon oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d'fheicfeadh sé an Ghrian ag éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a mhaintlín réasúnta tanaí.

Ní féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós. Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.

Tá Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht, nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012 d'aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear – oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.

Mearcair a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó airgead beo, agus is é Hg an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na saolta seo, toisc gur trom-mhiotal nimhiúil dainséarach atá ann. Is iad +2 (na comhdhúile mearcaracha) agus +1 (na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair Hg+-Hg+. Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair is tábhachtaí.

Meathshlabhra a thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam, beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath radaighníomhach eile uirthi.

Seo an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le cobhsaíocht a bhaint amach:

  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná prótachtainiam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná úráiniam a 234;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 230;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná raidiam a 226;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná radón a 222;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 218;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná luaidhe a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná biosmat a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná polóiniam a 214;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná luaidhe a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 210;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná luaidhe a 206;
  • agus is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an meathshlabhra a fhad lena dheireadh.


Ní mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218 an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán do bhealaí malartacha den chineál seo.

Nuair a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna, gnás a d'fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam a thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach iseatóip thóiriam a bhí i gceachtar acu ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón ar an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam. Iainiam a bhí acu ar thóiriam a 230.

MegrezKaffaDelta Ursae Majoris atá ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin. A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te. Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.

Meindiléiviam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 101, agus is é Md an tsiombail cheimiceach. Ceann de na hachtanóidigh thrasúránacha é, agus mar sin is dúil éagobhsaí radaighníomhach é. Tá an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige aon lá déag is dhá scór ar leathré, rud a chiallaíos gur féidir taighde áirithe a dhéanamh ar airíonna ceimiceacha an mheindiléiviam: is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin is féidir a aithint. Fuair an dúil seo a hainm ó Dmitrii Mendeleyev, an t-eolaí Rúiseach a chuir an chéad leagan de thábla peiriadach na ndúl i dtoll le chéile.

Méiseatóiriam a thugtar, nó a thugtaí, i mbéarlagair na bhfisiceoirí ar dhá núiclíd a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam: méiseatóiriam a haon agus méiseatóiriam a dó. Is ionann méiseatóiriam a haon agus 228Ra, nó raidiam a 228, agus is ionann méiseatóiriam a dó agus 228Ac, nó achtainiam a 228. Tabhair faoi deara nach iseatóp de chuid an tóiriam aon cheann acu!

Meitniriam an t-ainm a baisteadh ar dhúil cheimiceach uimhir a 109, agus is é an tsiombail cheimiceach ná Mt. Fuair an dúil a hainm ó Lise Meitner, fisiceoir Ostarach agus an chéad ollamh mná le fisic sa Ghearmáin. Ba iad Meitner, Otto Hahn agus Otto Robert Frisch na chéad fhisiceoirí a fuair amach go raibh núicléas úráiniam a 235 claonta chun eamhnú a dhéanamh agus neodrón á bhualadh. Dúil throm thrasúránach, éagobhsaí radaighníomhach, é an meitniriam.

Merope23 Tauri – Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.

An Micreascóp a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d'ainmnigh an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í Gamma Microscopii an réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.

Mimas – ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann eile sa Ghrianchóras.

Mira Ceti Omicron Ceti – réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo b'ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin baisteadh Mira, ”An Mhiorúilt”, uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite tuairim is trí chéad solasbhliain uainn.
Mirfak Alpha Persei atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Tá Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí – B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó, agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.

Mizar Zeta Ursae Majoris an réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha. Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.

Moscóiviam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 115, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Mc. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir tá an moscóiviam chomh radaighníomhach is go dtagann meath air sular féidir mórán a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha – níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige oiread is soicind amháin ar leathré. Fuair an dúil a hainm ó Mhoscó, nó tá institiúid Dubna suite i gcóngar don chathair sin, agus is san institiúid sin a bhí na heolaithe in ann an chéad adamh moscóiviam a ghineadh.

Muir an Fhuachta Mare Frigoris a thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí Giovanni Riccioli a d'ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus Harpalus.

Muir an Neachtair Mare Nectaris atá ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.

Muir an tSuaimhnisMare Serenitatis a thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis – is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe. Uaidhsean a d'fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith le duine.

Muir na Báistí Mare Imbrium a thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar dhroim na Gealaí i gcoitinne.

Muir na Gaile Mare Vaporum an mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus, cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná é.

Muir na Lionnta Mare Humorum – ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre chéad ciliméadar ar leithead.

Muir na nGábh Mare Crisium an ”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead, agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é Giovanni Riccioli a d'ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú haois déag.

Muir na Sáimhe Mare Tranquillitatis an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí. Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong, Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.

Muir na Scamall Mare Nubium a thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha ansin iad Bullialdus agus Pitatus.

Muir na Torthúlachta Mare Fecunditatis – ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang'e a hAon. Bhí Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang'e nuair a bhuail siad dromchla na Gealaí.

Neiptiún atá ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s'againn – ní áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh, rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Maidir le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar Neiptiún leis an teas istigh.

Néiriad an tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter) Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar fad, a bheag nó a mhór.

Neoidríonó: Buncháithníní iad na neoidríonónna agus iad an-éadrom, an-do-aitheanta. Mar is léir ón ainm, níl lucht leictreach ar bith acu – tá siad neodrach sa chiall sin. Téann siad tríd an damhna gan idirghníomhaíocht ar bith, beagnach, agus mar sin ní raibh iontu ar feadh i bhfad ach ballaíocht teoirice.

Nuair a bhí na fisiceoirí ag déanamh taighde ar an gcineál meath radaighníomhaíochta ar a dtugtar béite-mheath, is é sin claochlú an neodróin go prótón agus leictreon, nó claochlú an phrótóin go neodrón agus posatrón, bhí siad inbharúla nach raibh an meath seo ag cloí leis na dlíthe imchoimeádta.

Niohóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 113, agus is é Nh an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ó Nihon, arb é an leagan gnáthchainte d'ainm Seapáinise na Seapáine; is é Nippon an leagan foirmiúil. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil radaighníomhach é an niohóiniam a dtagann meath uirthi chomh luath is nach furasta mórán taighde a dhéanamh ar a saintréithe ceimiceacha. Ba iad na fisiceoirí Seapánacha in Institiúid Riken i Wako a ghin an chéad adamh niohóiniam, rud a mhíníos an t-ainm. Tá Wako suite i Maoracht Saitama, díreach taobh amuigh de Thóiceo.

Nóbailiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 102. Ceann de na hachtanóidigh é, agus is é No an tsiombail cheimiceach a sheasas dó. Fuair an dúil a hainm ó Alfred Nobel, an fear céanna a chuir tús leis na duaiseanna clúiteacha eolaíochta agus litríochta. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile tá an nóbailiam an-éagobhsaí, an-radaighníomhach, ach is féidir taighde éigin a dhéanamh ar a iompraíocht cheimiceach, ós rud é go bhfuil an t-iseatóp is cobhsaí, nóbailiam a 258, ocht nóiméad déag is dhá scór ar leathré. Is iad +3 agus +2 na staideanna ocsaídiúcháin.

Is éard atá sa Nua-Chatalóg Ghinearálta (NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg réalteolaíoch a d'fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”, is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D'fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”Innéacs-Chatalóg” (Index Catalogues, IC) leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d'eisigh an leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.

Núiclíd a thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.

Tugtar iseatóip ar núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin iad na núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair iad na núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón agus na neodrón in éineacht.

Mar shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam (hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí.

Ní bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtar méiseatóiriam, is é sin méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é) – tabhair faoi deara nach iseatóp de chuid an tóiriam ceachtar acu! Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá iontu.

Oberon atá ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus tagraíonn an t-ainm do A Midsummer Night's Dream, an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis) amháin san am chéanna.

Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint: na cainneoin (chasma an téarma Laidine a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá dhráma.

Ocsaigéad a thugtar ar aigéid neamhorgánacha ina bhfuil adaimh ocsaigine timpeall an adaimh lárnaigh. Ocsaigéid iad, mar shampla, an t-aigéad nítreach HNO3, an t-aigéad sulfarach H2SO4, an t-aigéad fosfarach H3PO4, agus an t-aigéad sárchlórach HClO4. Ar ndóigh, níl nasc díreach idir an hidrigin agus an t-adamh lárnach sna hocsaigéid seo, agus mar sin b'fhearr na foirmlí a scríobh mar seo: HONO2, (HO)2SO2, (HO)3PO, HOClO3. Le fírinne áfach tá ocsaigéid ag an bhfosfar ina bhfuil cuid de na hadaimh hidrigine ceangailte go díreach den adamh lárnach, rud a chiallaíos nach féidir leo imoibriú aigéadach a dhéanamh ar aon nós.

Ocsaigin atá ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is éadroime de na calcaiginí. O an tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná an dá cheann eile.

Is ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin – fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an dóchán.

Tá ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar iasacht ón dúil eile.

Tá dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an ”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2), agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3). Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.

Tá ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá). Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium, nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd Clostridium botulinum an cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha seo ón tréimhse roimh Réabhlóid na hOcsaigine.

Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó shin, nuair a d'éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am. Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta, a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.

Chomh himoibritheach is atá an ocsaigin d'imeodh sí as an atmaisféar go sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d'ocsaigin an Domhain tá sí ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is comhdhúil ocsaigine agus sileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.

Óganasan a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 118; is é Og an tsiombail cheimiceach. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Rúiseach Yuri Oganessian, agus sin a bhfuil le rá ina leith i ndáiríribh, nó tá an dúil seo chomh radaighníomhach is nach féidir taighde a dhéanamh ar a hairíonna ceimiceacha. Tá an t-óganasan suite i ngrúpa na dtriathghás i dtábla peiriadach na ndúl, áfach.

Na hOirínidí: Cith dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na hEta-Acuairídí.

Oismiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a sé déag is trí scór. Is é Os an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Tá an t-oismiam 190.23 aonad ar mheáchan adamhach, agus is ceann de na miotail phlatanamchosúla é. Tá sé ar an dúil is dlúithe amuigh, nó is é an dlús atá aige ná 22.6 g/cm3. Mar sin, tá sé beagnach dhá oiread chomh dlúth leis an luaidhe.

Fuair an t-oismiam a ainm ón bhfocal Gréigise a chiallaíos ”drochbholadh”. Bíonn drochbholadh as an oismiam, go háirithe as an bpúdar oismiam, nó is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir agus teatrocsaíd oismiam, OsO4, a dhéanamh. Comhdhúil nimhiúil í an teatrocsaíd oismiam a bhfuil drochbholadh so-aitheanta aisti.

An tOllaomthóir (Matt Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard atá ann ná rud dofheicthe agus é an-trom. Tá an tOllaomthóir suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na réaltraí.

Sa bhliain 2016 d’fhógair an réalteolaí Renée Kraan-Korteweg ón Afraic Theas go raibh freagra ag a foireann eolaithe ar cheist an Ollaomthóra: is éard a dúirt sí gur aithin an fhoireann ollbhraisle réaltraí san áit a bhfuil an tOllaomthóir. Baisteadh Ollbhraisle na Seolta (a thagraíos do réaltbhuíon na Seolta) ar an ollbhraisle.

Ór a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus is é Au an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).

Ní furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua regia nó ”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4-. Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid ocsaídiúcháin an óir. Is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach H2SeO4, ar ocsaídeoir láidir é.

Pallas atá ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras, taobh istigh d'fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara mionphláinéad is luaithe a d'aithin súil an duine, nó ba é an réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)

Parsoic: Tá an focal féin parsoic bunaithe ar parsec an Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax second, is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d'aon aonad réalteolaíoch amháin d'fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i gcéin uainn (le fírinne áfach níl Proxima Centauri féin suite chomh cóngarach sin). Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar.

Aonad praiticiúil é an parsoic, toisc go bhfuil baint dhíreach aige le gluaiseacht an Domhain timpeall na Gréine. San am chéanna is dócha nach bhfuil gach duine de na heolaithe féin sásta leis, nó is éard a dúirt an fisiceoir Fionlannach Kari Enqvist ina thaobh ná gur ”aonad gránna faid é” agus go mba chóir ”pionós trom a ghearradh ar na réalteolaithe a cheap é”.

Pasiphaë: Ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge, a rinne a fionnachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta, an-éalárnach aici – tá a garphointe d'Iúpatar suite seacht milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.

Peirséas – réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide, an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar atá, NCG869 agus NCG884.

An Phéacóg – réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán. Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha Pavonis freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn, agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.

An Phéist a thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar: Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste. Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear na bPéisteanna, suite idir an Ceann agus an tEireaball.

Is é Unukalhai nó Alpha Serpentis an réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor Serpentis an t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta, is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine, rud atá i ndán don Ghrian s'againn féin i ndeireadh ama. Tá Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn.

Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta Serpentis an ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í, díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh. Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de sholasbhlianta dínn.

Sa bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134 agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le bheith infheicthe againne. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt ar an réigiún sin den néal inniu.

An Phéist Bheag a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn, an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce – le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta Hydri an réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán don Ghrian s'againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre solasbhliana is fiche dínn.

An Phéist Uisce a thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú, an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha Hydrae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta Hydrae atá suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn; fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt sa déréalta. Maidir le Gamma Hydrae, is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an nGrian s'againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.

Tá Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát Acre.

Tá trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá, M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua – tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.

Phekda Phecda Phad Gamma Ursae Majoris a thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta, taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian. Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir í.

An Phléadach An Streoillín An Croimfhleiscín An tÉillín An Scuaidrín Na Cearrbhaigh – ”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven Sisters a chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh, agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope (Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a chuireas luan le loinnir na réaltaí.

Tugann na Seapánaigh Subaru ar an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an réaltbhraisle seo. Na Maori sa Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach ná Makali'i. Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali'i i gcultúr traidisiúnta na Maori, bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki. Is éard a bhí i gceist le Makahiki ná tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na méithe i seanchreideamh na Maori.

Príomhsheicheamh a thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí. D'fhéadfá a rá gurb iad na gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian, Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána.

Tá gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh (”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh chuige, nó ”imphléascadh imtharraingthe” a dhéanamh, agus an dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt – neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach (nó cothromaíocht hidreastatach) air.

Tá ”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.

Prótachtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór, is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige (prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.

Tá ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4 agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.

Ba iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a d'aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis an focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin ”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh. ”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.

Radaí – is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (mar shampla) ag teacht as, mar a fheictear dúinne.

Radaighníomhaíocht atá i gceist leis an dóigh a gclaochlaíonn adaimh áirithe go dúil eile. Is éard a thagas orthu ná meath radaighníomhach, rud a chiallaíos go n-astaíonn núicléas an adaimh cáithnín éigin. Ina dhiaidh sin beidh líon na núicléón – na bprótón is na neodrón sa núicléas – athraithe, nó ar a laghad beidh a gcoibhneas athraithe, ionas nach ionann an dúil atá i gceist.

Cineálacha den mheath radaighníomhaíocht iad an t-alfa-mheath, an béite-mheath, an cnuasmheath, an t-eamhnú spontáineach, an gáma-mheath, an tiontú inmheánach agus an leictreonghabháil.

Is éard atá i gceist leis an alfa-mheath ná an núicléas a bheith ag astú alfa-cháithnín. Is éard atá ann ná cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón greamaithe dá chéile ag an bhfórsa núicléach ann: mar sin is ionann é agus núicléis an iseatóip is cóitianta atá ag an héiliam. Is ar na dúile troma is mó a thagas alfa-mheath, an t-úráiniam féin cuir i gcás.

Maidir leis an mbéite-mheath, ní aon chineál amháin meatha atá ann. Sa bhéite-mheath dhiúltach astóidh an núicléas leictreon amháin (a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) chomh maith le neoidríonó (nó ”leictreon-fhrithneoidríonó”), agus tiontóidh ceann de na neodróin sa núicléas ina phrótón. Sa bhéite-mheath dheimhneach astóidh an núicléas posatrón amháin (a bhfuil lucht leictreach deimhneach aige) agus tiontóidh ceann de na prótóin ina neodrón. Astóidh an núicléas neoidríonó (”leictreon-neoidríonó”) sa chineál seo béite-mheatha chomh maith. Cáithníní an-éadroma iad na neoidríonónna nach ndéanann mórán idirghníomhaíochta leis an damhna.

Is éard atá i gceist leis an gcnuasmheath astú mion-núicléis atá níos troime ná an t-alfa-cháithnín: núicléis charbóin (radacarbón nó gnáthcharbón), ocsaigine, maignéisiam, neoin agus eile a astaítear. Is annamh a thagas cnuasmheath ar aon núiclíd, ach is núiclídí troma iad a bhíos i gceist, agus is é an t-alfa-mheath an gnáthmheath acu. D'fhéadfá an tátal a bhaint as an scéal nach bhfuil san alfa-mheath féin ach an cineál is coitianta i bhfad den chnuasmheath, mar sin.

Eamhnú spontáineach arís, is éard atá i gceist leis sin ná scoilteadh spontáineach an núicléis. Ní mór an t-eamhnú seo a scaradh ón eamhnú spreagtha sna himoibreoirí núicléacha agus sna buamaí adamhacha. Núicléis troma amháin a dhéanas eamhnú spontáineach, agus níl sé róchoitianta acu féin.

Is éard is cúis leis an ngáma-mheath ná aistriú an núicléis ó isiméir amháin go hisiméir eile. Sa cheimic, is é is ciall leis an isiméireacht ná go bhfuil struchtúr an mhóilín difriúil ag comhdhúile arb ionann líon na n-adamh éagsúla iontu – mar sin, is isiméirí iad an t-aicéatón CH3C(O)CH3 agus an t-aicéataildéad CH3CH2C(H)O. Maidir leis na hisiméirí núicléacha, is ionann líon agus coibhneas na neodrón is na bprótón iontu, ach san am chéanna tá isiméir amháin ar leibhéal fuinnimh is airde ná an isiméir eile, agus is dual di an fuinneamh breise a astú mar chandam radaíochta – gáma-radaíocht.

Is féidir leis an núicléas an bhreis fuinnimh sin a ”bhronnadh” ar cheann de leictreoin an adaimh freisin (tiontú inmheánach). Ansin scaoilfear an leictreon sin – an leictreon tiontaithe – agus nuair a thitfeas leictreon eile isteach ó leictreonsceall níos airde, astófar candam x-radaíochta. Is féidir go mbuailfidh an candam sin leictreon eile ionas go n-astófar é chomh maith. Na leictreoin a astaítear ar an dóigh seo, tugtar leictreoin Auger orthu – ón bhfisiceoir Francach Pierre-Victor Auger a fuair siad an t-ainm seo.

Leictreonghabháil a bheas ann má cheapann an núicléas ceann de na leictreoin is gaire dó le prótón a iompú ina neodrón – go bunúsach, beidh lucht leictreach diúltach an leictreoin de dhíth le lucht deimhneach an phrótóin a neodrú. Astófar leictreon-neoidríonó sa teagmháil. Beidh an núicléas féin flosctha le fuinneamh i ndiaidh na leictreonghabhála, agus astóidh sé candam gáma-radaíochta nó déanfaidh sé tiontú inmheánach ionas go scaoilfear leictreoin saor ón néal leictreon (leictreon tiontaithe chomh maith le leictreoin de chuid Auger). Is iad an K-sceall agus an L-sceall an dá leictreonsceall is cóngaraí don núicléas, agus mar sin labhraítear faoi K-ghabháil agus L-ghabháil dá réir.

Réalta Barnard an ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í – is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í. Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an réalta ainmnithe as an bhfear a d'aithin í roimh aon duine eile, mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar shampla.

Réalta Kapteyn an gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp. Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1898.

Réalta Teegarden a thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite i réaltbhuíon an Reithe.

Réaltra a thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl s'againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí bíseacha barracha iad mar sin.

Réaltra an Ghuairneáin – is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D'fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

RigelBeta Orionis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta, Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil ón gcuid is mó d'fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm den aicme speictreach B atá inti.

Ainm Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos” – cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim is naoi gcéad solasbhliain dínn.

Rointginiam atá ar dhúil uimhir a 111, agus is é Rg an tsiombail cheimiceach. Tugann an t-ainm aitheantas don fhisiceoir Ghearmánach Wilhelm Conrad Röntgen, a rinne fionnachtain na n-x-ghathanna (”radaíocht Röntgen” mar a thugtar orthu ina lán teangacha). Maidir leis na saintréithe ceimiceacha, tá an rointginiam in aon ghrúpa leis na miotail lómhara, is é sin, an copar, an t-airgead geal agus an t-ór, agus is féidir a thuairimiú gur miotal lómhar é féin. Níl ann ach teoiriceoireacht dáiríribh, ós rud é gur dúil éagobhsaí radaighníomhach é an rointginiam. Is é rointginiam a 282 an t-iseatóp is cobhsaí: níl sé féin ach céad soicind ar leathré.

Rutarfoirdiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 104, agus is é Rf an giorrúchán a shiombalaíos an dúil. Bhí ainm na dúile seo ina chnámh spairne idir an tAontas Sóivéadach agus na Stáit Aontaithe i ré an Chogaidh Fhuair, agus na Sóivéadaigh ag tabhairt cuirtseatóiviam (Ku) uirthi, in ómós d'Igor Kurchatov, a bhí i gceannas ar thaighde núicléach an Aontais Shóivéadaigh go lá a bháis sa bhliain 1960. Maidir leis an ainm atá ar an dúil inniu, tagraíonn sé d'Ernest Rutherford, fisiceoir Sasanach a bhí ina cheannródaí san fhisic adamhach. Níl mórán eile le rá faoin rutarfoirdiam, nó cosúil leis an gcuid is mó de na dúile trasúránacha is dúil shaorga radaighníomhach é a dtagann meath uirthi go sciobtha.

An SciathSciath Sobieski Scutum Scutum Sobiescianum (Polainnis: Tarcza Sobieskiego) a thugtar ar an réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan Heweliusz) a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a bhreith i gCath Vín, 1683.

Níl mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti, ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í. Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá chéad solasbhliain dinn.

Seaboirgiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 106, agus is é Sg an giorrúchán. Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Glenn Seaborg. Is beag eile is féidir a rá i leith an tseaboirgiam, nó is dúil shaorga é atá chomh radaighníomhach is nach dtig mórán taighde a dhéanamh ar a saintréithe ceimiceacha, chomh gearrshaolach is atá na hiseatóip is cobhsaí féin.

Siorcóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr an giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha. Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón, an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta siorcóiniam.

Miotal insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

Is iad an dé-ocsaíd (ZrO2), nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4), an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór (2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na hollchruinne, níl cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Is féidir iarsmaí d'iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór, nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.

Sirius: Is é Sirius nó Sotis Sopdet Alpha Canis Majoris Réalta an Mhadra an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin, ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis an nGrian s'againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla. Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos gasta ná an Ghrian s'againn.

Maidir le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán: tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh, ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.

Deir téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius, rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin, ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Tá Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Mato Grosso in iarthar na tíre.

Sóidiam: Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na – Natrium an t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta. 22.99 an meáchan adamhach, agus is é sóidiam a trí is fiche (23Na) an t-aon iseatóp cobhsaí atá ann. Is é an t-iseatóp radaighníomhach is faide leathré ná sóidiam a dó is fiche (22Na), agus é dhá mhíle chéad bliain ar leathré. Is é an béite-mheath deimhneach a thagas air, is é sin, is dual dó posatrón a astú, agus is é neon a dó is fiche (22Ne) is toradh don mheath seo. Iseatóp cobhsaí é an neon seo.

Cosúil leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.

Is é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is coitianta dá bhfuil aige, agus is é +1 an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+ a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin (décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3) agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).

Má chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann, agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd sóidiam, NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san uisce.

Is féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá, agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.

Spica: Is í Spica nó Alpha Virginis an réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

No comments:

Post a Comment

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...