Thursday, November 24, 2022

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair 

Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus faoi shaol na tíre sin inniu. Ós eisean Uachtarán na Rúise, ní féidir neamhshuim a dhéanamh d’aon téacs dár tháinig óna pheannsan. Tá trácht fada ar an stair i dtús an ailt, ach is é an lá inniu is mó atá i gceist sa deireadh de. Rud soiléir é ná nach bhfuil an t-údar agus an fear a shínigh an t-alt – nach bhfuil siad sásta ach neamhspleáchas foirmeálta a cheadú don Úcráin, ar acht is go bhfanfaidh an tír sin i ndlúth-chomhghuaillíocht leis an Rúis agus í ag cloí leis na polasaithe is mian leis an Rúis. Is é príomhthéama an ailt ná gurb aon náisiún amháin iad na Rúisigh agus na hÚcránaigh agus nach bhfuil ach ciméara saorga i gceist le haon saindúchas Úcránach, scartha ón Rúis.

Is díol suime don staraí phroifisiúnta dhá ghné den alt:

1. Is dóigh leis an údar gur féidir náisiúntacht a shainmhíniú go hoibiachtúil. Má tá dhá fhéiniúlacht náisiúnta in iomaíocht le chéile tá ceann acu ceart agus an ceann eile mícheart. Seo an cineál tuiscint a bhí ag lucht leanúna na rómánsaíochta náisiúnta thiar sa naoú haois déag, tuiscint a d’imigh le fada an lá agus staidéar ceart á déanamh ar an náisiúntacht agus ar na féiniúlachtaí náisiúnta mar rudaí. Ní féidir a rá go bhfuil féiniúlacht náisiúnta ar bith ceart nó mícheart inti féin, is é an rud tábhachtach ná an bhfuil sí ag obair, is é sin an bhfuil na sluaite síoraí sásta faomhadh a thabhairt di. Níor éirigh le haon duine sainmhíniú oibiachtúil uile-oiriúnach a oibriú amach do choincheap na náisiúntachta. Ní hionann sin is a rá gur féidir linn ár rogha rud a rá – go hiarnua-aoiseach mar a déarfá – i dtaobh na náisiúntachtaí ná stair na náisiúntachtaí, ach is ionann é is a rá gurb í an tacaíocht ón bpobal a shocrós, cé acu atá féiniúlacht áirithe ann nó nach bhfuil. 


2. Deir an t-údar nach bhfuil i gceist leis an bhféiniúlacht Úcránach atá scartha ón Rúiseachas ach toradh d’insíothlú frith-Rúiseach ón gcoigríoch. Is dóigh leis gurb iad ríocht dhúbailte na Polainne agus na Liotuáine, impireacht na hOstaire is na hÚngáire agus, ina dhiaidh sin, bloc an Iarthair a chruthaigh an tÚcránachas. Ní thráchtann sé ar an ról a bhí ag an Rúis féin i bhfás agus i bhforbairt an Úcránachais. Má ghlactar leis mar fhíric bhunaidh gurb ionann iad an Rúis agus an Úcráin ó dhúchas agus nach bhfuil i gceist le féiniúlacht scartha na hÚcráine ach strainséirí naimhdeacha ón iasacht ag cur na réaltachta as a riocht, cad é mar a d’éirigh leis na naimhde sin a leithéid a chur i bhfeidhm ar an Úcráin chomh hiomlán? Cén fáth a bhfuil tacaíocht chomh forleathan, chomh fairsing ag muintir na hÚcráine leis an staid mhínádúrtha faoi láthair agus cén fáth nár éirigh leis an Rúis uilechumhachtach scéim fhrith-Rúiseach seo na naimhde a chosc, ar a bhfuil staid an lae inniu bunaithe, dar leis? 


Is iomaí botún atá san alt, is iomaí ciallú aibhéileach atá ann agus is iomaí rud ábhartha nach luaitear ann: ní féidir trácht ar gach uile rud den chineál sin i dtéacs gairid. Ní chuirfidh mé sonrú ach sa chuid is tábhachtaí acu. 

Deir an t-údar go dtéann fréamha na náisiúntachta Rúisí-Úcránaí, arb aon náisiúntacht amháin í dar leisean – deir sé go dtéann fréamha na náisiúntachta seo go blianta na Rúise Cíovaí ón 10ú go dtí an 13ú haoise. Bhí an rítheaghlach céanna ag rialú an dá thír agus b’ionann an reiligiún agus an teanga sa dá thír – chomh deireanach leis an tseachtú haois déag ba bheag an difríocht idir an Rúisis agus an Úcráinis. Tá ceist na teanga casta, áfach. An teanga a d’úsáidtí i scríbhinní na Meánaoise, ba í an tSean-Slaivis Eaglasta í. Ní teanga labhartha a bhí inti ach teanga scríofa amháin agus í bunaithe ar an gcineál Sean-Bhulgáirise a chloisfeá timpeall ar Theisealoinicé san am. Tá an teanga labhartha ina cúis achrainn idir na teangeolaithe, ach maidir le Soiscéal Peresopnytsa a breacadh síos faoi dheireadh na séú haoise déag is léir gur Úcráinis atá ann. Ní rabhthas ar aon bharúil faoin gcreideamh ach an oiread, mar ghné den chultúr a bhí ag aontú bhunadh Mhoscó agus na Polainne-Liotuáine. Sa tséú haois déag ba ghnách le muintir Mhoscó inimirceánaigh Ortadocsacha ón bPolainn-Liotuáin a athbhaisteadh, toisc nár glacadh leo mar lucht ceartchreidimh; thairis sin ní raibh eaglais Ard-Phrionsacht Mhoscó i dteagmháil leis an Eaglais Ortadocsach Dhomhanda. 

Is deacair comhnáisiúntacht na hÚcráine is na Rúise a mhíniú le tagairt don Rúis Chíovach ar chúis eile fós: is féidir cúiseanna chomh láidir céanna, agus níos láidire fós, a lua leis an Úcráin mar náisiúntacht scartha. Bhí limistéir lárnacha na Rúise Cíovaí suite san Úcráin, de réir gheograife an lae inniu, agus an Rúis nua-aimseartha i bhforimeall an stáit (Novgorod an t-aon eisceacht). Chuaigh na prionsachtaí beaga san Úcráin agus sa Rúis ó chéile nuair a d’fhorghabh na Mongólaigh an Rúis sna blianta 1237-40, nó roimhe sin féin. Deir Putin go bhfuair an Rúis Iarthar na hÚcráine “ar ais” nuair a rinneadh críochdheighilt ar an bPolainn sna blianta 1793-1795. Deir sé, fiú, go “bhfuair an tAontas Sóivéadach ar ais” (!) na críocha a ghabh sé ón bPolainn sa bhliain 1939. Bhí na críocha seo scartha ón Rúis le 500-700 bliain: cén fáth nach mbeadh an scarúint seo chomh tábhachtach le 300 bliain na haontachta le críocha na Rúise nua-aimseartha nach raibh iontu ach forimeall na ríochta san am sin? Na críocha a “fuair an Rúis ar ais” sa bhliain 1939 níor chuid de stát na Rúise iad riamh roimhe sin. Bhí trá thoir Abhainn Dnepr féin taobh amuigh de stát na Rúise ar feadh ceithre chéad bliain, ón tríú haois déag go dtí an bhliain 1654 – ina dhiaidh sin féin bhí rialtas dúchais faoi smacht na Rúise ag an limistéar sin go dtí na 1760idí. Cén fáth nach mbeadh tábhacht leis seo agus sinn ag iarraidh náisiúntacht mhuintir an limistéir a shainaithint? 

Ghlac Cosacaigh na hÚcráine, agus Bohdan Khmelnytskyi i gceannas orthu, le cumhacht na Rúise dá ndeoin féin sa bhliain 1654. Is é an chiall a bhaineas Putin as seo gur tháinig muintir na hÚcráine faoi bhratach na Rúise agus go raibh tucaidí náisiúnta nó náisiúnaíocha acu leis. Na tucaidí a bhí ag na Cosacaigh áfach bhí siad fréamhaithe sa pholaitíocht phraiticiúil den chuid ba mhó. Bhí Khmelnyts’kyi ina ghéillsineach do Ríocht na nOsmánach, is é sin don Tuirc, ar dtús, ach ansin chuaigh sé ar lorg tacaíochta ó Shár na Rúise nuair nach raibh sabhdán na Tuirce Osmánaí sásta teacht chun fortachta chuige in aghaidh na Polainne-Liotuáine. Fiú ina ghéillsineach don Rúis dó chuaigh Khmelnyts’kyi i gcomhghuaillíocht fhrith-Pholannach leis an tSualainn, cé go raibh an tSualainn díreach sáite i gcogadh eile in aghaidh na Rúise. Sna blianta a bhí chugainn bhí cuid de na Cosacaigh ina ngéillsinigh don Pholainn-Liotuáin, don Rúis agus do Ríocht na nOsmánach araon.

Deir Putin go dtugadh Khmelnytskyi russkii air féin agus ar a mhuintirsean ina chuid comhfhreagrais beag beann ar cé chuige ar seoladh an litir. Is fíor sin, ach ní mór a chur san áireamh nárbh ionann brí an fhocail ag na Cosacaigh agus inniu. Is sárannamh a d’úsáididís an focal céanna le tagairt do bhunadh na Rúise, a dtugaidís “muintir Mhoscó” orthu. Thairis sin cuireann Putin in iúl gur focal coitianta ar “imeall na tíre” ab ea ukraina san am sin. Botún amach is amach é seo. Cé go raibh de nós “slua cogaidh Zaporozhie” a thabhairt ar an bpobal a raibh Khmelnytskyi i gceannas air i gcomhthéacs an stáit, bhí “an Úcráin” in úsáid chomh maith mar ainm ar an limistéar a raibh na Cosacaigh ina sheilbh. Thiocfá ar an bhfocal i gcomhthéacs an stáit fosta, sna forógraí a dhírigh Khmelnytskyi ar an bpobal go léir, agus é ag tabhairt “hetman na hÚcráine” air féin mar theideal. 

Thrácht Putin ar ghabháltas na Rúise ar chósta na Crimé agus na Mara Duibhe sna 1780idí agus bhí an ceart aige nuair a dúirt gurbh é Novorossiia nó an Nua-Rúis a bhí ar an ngabháltas seo. B’fhíor dó fosta gur tháinig plandóirí nua ó gach taobh d’Impireacht na Rúise le socrú síos sna críocha seo. Sa choimhthéacs seo, áfach, d’fhág sé dhá fhíric thábhachtacha gan lua. An chéad rud: Cuid den limistéar seo, ba le Slua Cogaidh Zaporozhie é ó thús, agus ní fhéadfaí plandóirí nua a thabhairt isteach ansin, ach go bé gur cealaíodh an Slua Cogaidh féin agus gur díbríodh na Cosacaigh. An dara rud: amach ón gCrimé, lucht labhartha Úcráinise a bhí sa chuid is mó den mhuintir isteach sna críocha seo, rud a deimhníodh san aon daonáireamh a rinneadh anseo, sa bhliain 1897. 

Tá Putin admhálach gur cuireadh srianta leis na foilsiúcháin Úcráinise sa bhliain 1863 agus sa bhliain 1876, ach san am chéanna tá sé ag déanamh plána mín díobh agus ag cur na gcúiseanna as a riocht a bhí taobh thiar díobh. Seo rud atá seiceáilte agam féin sna bunfhoinsí cartlainne. Sa bhliain 1863 chuir Aire na gCúrsaí Inmheánacha Pyotr Valuev imlitir chuig na cinsirí inar choisc sé aon chineál litríocht Úcráinise a fhoilsiú a bheadh dírithe ar na gnáthdhaoine. Mar a chuir Valuev an imlitir i bhfoclaibh níor cheadaigh sí ach litríocht a bheadh dírithe ar an lucht ardoideachais chomh maith le caipéisí stairiúla; ní raibh sé ceadaithe a dhath eile a fhoilsiú as Úcráinis. Tá Putin ag iarraidh an nimh a bhaint den chosc seo agus é ag rá nach raibh ach “litríocht reiligiúnach agus pholaitiúil” coiscthe, cé go raibh na haibidlí agus litríocht faisnéise eile i gceist chomh maith. Deir Putin nach gcuirfí a leithéid de chosc i gcrích ar aon nós, ach go bé go ndearna na Polannaigh, agus iad ag éirí amach in aghaidh na Rúise sa bhliain 1863 – go ndearna siad iarracht a n-úsáid féin a bhaint as “ceist na hÚcráine” (le Putin na huaschamóga). Sin é an rud a dúirt Valuev, ach bhí a fhios aige féin nach mar sin a bhí. Bhí na Polannaigh cheannairceacha glan in aghaidh ghluaiseacht náisiúnta na nÚcránach, ó bhí siad féin barúlach gur leis an bPolainn críocha Iarthar na hÚcráine fad leis an abhainn úd Dnepr. Thairis sin, na srianta a cuireadh leis an bhfoilsitheoireacht Úcráinise d’fhan siad i bhfeidhm go dtí an bhliain 1905 – rud is deacair a dhlisteanú le tagairt don éirí amach a cuireadh faoi chois sa bhliain 1864.

Tá Putin ag teacht salach air féin: ar dtús luaigh sé gur ghair Lár-Chomhairle na hÚcráine, nó an Rada, Daonphoblacht den Úcráin i Mí na Samhna 1917, agus gur fhógair an Chomhairle chéanna neamhspleáchas na tíre i Mí Eanáir 1918, ach ina dhiaidh sin chuir Putin in iúl gurbh é an tAontas Sóivéadach a chruthaigh an Úcráin mar atá sí, seachas muintir na tíre féin. Thosaigh forbairt an stáit Úcránaigh i Mí an Mheithimh 1917 nuair a d’fhógair an Rada rialtas dúchais san Úcráin gan cead a lorg ón Rúis; ina dhiaidh sin chuaigh an Úcráin agus Rialtas Sealadach na Rúise i gceann comhchainteanna, agus ba é toradh na gcomhchainteanna seo gur thug an Rialtas Sealadach faomhadh don rialtas dúchais. Pé ciall a bhaintear as na himeachtaí seo, tháinig stát na hÚcráine ar an bhfód, ar a dhéanaí, nuair a gaireadh daonphoblacht den tír – is é sin, tháinig an stát sin chun saoil sular cuireadh cumhacht na mBoilséiveach i bhfeidhm ar an Úcráin. I dtoghcháin Chomhthionól Bunreachtúil na hUile Rúise ba iad Páirtí Sóisialta Réabhlóideach na hÚcráine agus Páirtí Daonlathach Sóisialta na hÚcráine a bhain amach tromlach na suíochán ón Úcráin. Mar sin bhí tacaíocht láidir ag an Daonphoblacht san Úcráin féin. Nuair a bhunaigh na Boilséivigh Poblacht Shóivéadach na hÚcráine ina dhiaidh sin, níorbh é sin chéad bhunú an stáit Úcránaigh, ach iarracht na mBoilséiveach freagra réadúil a thabhairt do na himthoscaí sa tír. 

Cháin Putin go géar an chomhghuaillíocht a shocraigh an Úcráine leis na Cumhachtaí Láir i Mí Feabhra 1918, agus é á dealramh le suíomh an lae inniu, cé nach bhfuil cúis cheart leis an analach seo: iad siúd atá ag iarraidh “cumhacht ón taobh amuigh” a chur i bhfeidhm ar an Úcráin, deir sé go mba chóir dóibh  cuimhneamh ar an dóigh ar chuir na Cumhachtaí Láir ruaig ar rialtas na tíre sa bhliain 1918 agus puipéad dá gcuid féin, an hetman Pavlo Skoropads’kyi, ag rialú na tíre ina dhiaidh sin. Is fíor go raibh an hetman seo i dtuilleamaí na gCumhachtaí Láir agus é beag beann ar mhuintir na tíre. Scéal ar fad é áfach a scéal siúd atá i gceannas ar an Úcráin inniu: fuair siad a mandáid i dtoghcháin shaora ilpháirtithe. Má fhágann an t-údar fíricí eile ar lár, is anseo a fheictear an t-easnamh is suntasaí den chineál sin: an chomhghuaillíocht a socraíodh leis na Cumhachtaí Láir, ba é ba chúis leis ná an t-ionsaí a rinne an Rúis Shóivéadach ar an Úcráin i Nollaig na bliana 1917 gan spreagadh ar bith. I dtús an chogaidh cheap an Rúis a rialtas malartach féin don Úcráin, agus ní raibh de rogha ag fíor-rialtas na tíre ach cabhair a lorg ó na Cumhachtaí Láir.

Rinne Putin trácht fada cuimsitheach ar bhunú an Aontais Shóivéadaigh sa bhliain 1922 agua ar chéad bhunreacht an Aontais chéanna ón mbliain 1924. Na stáit a d’fhág slán ag an Aontas, ba chóir dóibh, dar leisean, na críocha a thabhairt uathu ar ais a cuireadh leo i ndiaidh bhunú an Aontais. Dearcadh spéisiúil é seo más í an Úcráin atá faoi chaibidil, nó nuair a chuaigh an Úcráin san Aontas Sóivéadach go foirmiúil, ba chuid den Úcráin é limistéar Taganrog, a haistríodh sa bhliain 1926 chuig an Rúis. An bhfuil Putin fonnmhar anois limistéar Taganrog a thabhairt ar ais don Úcráin? Níos tábhachtaí fós, ní raibh stáit neamhspleácha sna poblachtaí Sóivéadacha agus ní dheachaigh siad san Aontas Sóivéadach ina ndeoin féin. Deir Putin go ndearnadh leatrom agus éagóir ar an Rúis nuair a socraíodh teorainneacha na bpoblachtaí – le fírinne áfach rinne na Boilséivigh a ndicheall teorainneacha na náisiúntachtaí agus na dteangacha a urramú. Ar ndóigh, eisceacht ab ea é an dóigh ar hathraíodh an Chrimé ón Rúis chuig an Úcráin ar chúiseanna praiticiúla eacnamaíochta sa bhliain 1954. 

Deir Putin go raibh an tAontas Sóivéadach sna 1920idí agus sna 1930idí ag dul le polasaí an Úcránachais, is é sin ag iarraidh daoine a thabhairt chun Úcránachais in aghaidh a dtola. Is aisteach an dearcadh é seo, nó, más fíor gur thosaigh polasaí an Úcránachais sa bhliain 1922, cuireadh deireadh leis an bpolasaí céanna. Cuireadh céim ar an Rúisis mar phríomhtheanga arís, agus daoradh rogha an aos intleachta san Úcráin i dtriail bréige. Faoin am céanna bhí ocras mór ag siúl na hÚcráine, gorta ba trúig bháis do 3.9 milliún duine, de réir is mar a deir feadhain taighde Acadamh na hÚcráine. Is é tuairim na staraithe Úcránacha, chomh maith lena lán staraithe Iartharacha, gur cinedhíothú a bhí ann agus é dírithe ar na hÚcránach, rud nach dtugann na staraithe Rúiseacha ná an chuid eile de staraithe an Iarthair faomhadh dó. Is léir go raibh lucht rialtais an stáit Shóivéadaigh dírithe ar dhaoine a mharú le hocras thar an ngeimhreadh 1932-1933, ach is ábhar conspóide é, arbh í an náisiúntacht an tucaid. An dóigh a rabhthas ag géarleanúint an aos intleachta áitiúil agus ag cur coireanna bréige ina leith tugann sé le fios go mór mór gurbh í an náisiúntacht Úcránach siocair na géarleanúna. Ní luann Putin an gorta ar aon nós, ach amháin nuair a bhíos sé ag cánadh na nÚcránach as a bheith ag tabhairt cinedhíothú ar “ár gcomhthragóid”. 

Ag scríobh faoi na himeachtaí sa bhliain 2014 agus ina dhiaidh sin, áfach, fágann an t-údar slán ag an réaltacht go hiomlán. Cuireann sé locht ar an Úcráin faoi na trí dhéag míle de dhaoine a maraíodh sa chogadh, agus ní luann sé beag ná mór gurbh í an Rúis a d’ionsaigh an Úcráin. Is é barúil an údair n ná, nuair a cuireadh daonphoblachtaí Donetsk agus Luhansk (mar a thugtar orthu) ar bun, gurbh iad muintir na mbólaí céanna a bhunaigh iad le teacht slán ó fhoréigean rialtas na hÚcráine. Is é fírinne an scéil áfach nach bhfuair ach aon duine amháin bás de thoradh an fhoréigin pholaitiúil idir an 23ú lá de Mhí Feabhra 2014 (nuair a tháinig deireadh le réabhlóid Maidan) agus an 12ra lá de Mhí Aibreáin sa bhliain chéanna – agus an duine seo a maraíodh, bhí sé ag glacadh páirte i léirsiú ar mhaith le neamhspleáchas na hÚcráine in Donetsk.

Is é an tátal ginearálta a bhainfeá as an alt ná gurb é barúil an údair gur aon náisiún amháin iad na Rúisigh agus na hÚcránaigh beag beann ar an tuairim atá ag na hÚcránaigh. Imprisiún láidir eile é ná nach bhfuil an t-údar ábalta locht ar bith a fháil ar pholasaithe na Rúise san Úcráin inniu ná inné. Más dóigh lena lán Úcránach gur namhad í an Rúis, an bhfuil baint ag an alt seo leis sin, meas túY?





Thursday, March 10, 2022

Na Difríochtaí idir an Rúisis agus an Úcráinis

An bhfuil difríocht mhór idir an Rúisis agus an Úcráinis? Seo m'iarracht an cheist sin a fhreagairt. Is dócha go síleann lucht na Gaeilge gur Gaeilgeoir agus saineolaí Gaeilge atá ionam thar aon rud eile, ach le fírinne ní dhearna mé staidéar foirmeálta ar an nGaeilge riamh, nó is sa léann Gearmánach agus Slavach a bhain mé amach na dintiúirí acadúla atá agam. Bhí Polainnis líofa agam sular chrom mé ar an nGaeilge a fhoghlaim i ndáiríribh, agus chaith mé na blianta fada ag iarraidh an Rúisis a cheansú. Maidir leis an Úcráinis agus an Bhealarúisis, d'fhéach mé an dá cheann acu a fhoghlaim as mo stuaim féin, agus tá mé in ann, abair, ábhar nuachta agus leathanaigh Idirlín a léamh iontu. Dá ndéanfainn mo dhicheall is dócha go n-éireodh liom sult a bhaint as litríocht ealaíonta iontu sa deireadh.

Is léir go bhfuil an Úcráinis gaolmhar go maith leis an Rúisis. Aicmítear an Úcráinis agus an Bhealarúisis i ngrúpa Oirthearach na dteangacha Slavacha chomh maith leis an Rúisis. Scéal eile áfach nár haontaíodh an Úcráin leis an Rúis sular cuireadh an Pholainn, mar stát neamhspleách, faoi chois faoi dheireadh na hochtú haoise i gCríochdheighiltí na Polainne. Dá réir sin, bhí an Úcráinis i ndlúth-theagmháil leis an bPolainnis sular thosaigh an Rúisis ag dul i bhfeidhm uirthi. An duine a bhfuil Polainnis aige - cosúil liom féin - is féidir leis cuid mhaith céille a bhaint as an Úcráinis gan staidéar ceart a dhéanamh uirthi. Tá an Rúisis níos deacra ná sin.

Maidir leis an Rúisis, is é an rud is suntasaí fúithi ná an rian domhain a d'fhág an tSean-Slaivis Eaglasta uirthi. Is í an tSean-Slaivis Eaglasta an chéad teanga liteartha a bhí ag na Slavaigh: go bunúsach is éard a bhí inti ná cineál sean-Bhulgáiris, teanga Shlavach Dheisceartach a bhí ag Constaintín (nó Coireall) agus Meatóidias, "aspail na Slavach", agus iad ag iarraidh lucht labhartha na gcanúintí Slavacha a iompú chun Críostaíochta. Bhí Constaintín agus Meatóidias dátheangach, nó d'fhoghlaim siad leagan éigin den tsean-Bhulgáiris san áit a raibh cónaí orthu i dtuaisceart na Gréige agus iad ag cleachtadh na Gréigise mar theanga chultúrtha san am chéanna. An leagan caighdeánaithe den tSlaivis a d'úsáididís ina gcuid scríbhinní, teanga Shlavach Dheisceartach a bhí ann agus tionchar na Gréigise go láidir air, idir stór focal agus struchtúr focal. Mar shampla, tá an tSlaivis Eaglasta an-saibhir i bhfocail chomhshuite den chineál nach bhfuil nádúrtha i gcaint na ndaoine.

Sheachain an Úcráinis an chuid ba mhó den tionchar Slavach Eaglasta. Bhí leagan di, an Rúitéinis Thiar, á cleachtadh sa Pholainn neamhspleách mar theanga oifigiúil in éineacht leis an bPolainnis, agus chuaigh an Pholainnis go mór mór i bhfeidhm ar an teanga seo - d'fhéadfaimis a rá go raibh an ról céanna aici i bhforbairt na hÚcráinise (agus na Bealarúisise) agus a bhí ag an tSlaivis Eaglasta i bhforbairt na Rúisise. Is furasta tionchar na Polainnise, nó comhthionchar na hÚcráinise agus na Polainnise ar a chéile, a aithint ar stór focal na dteangacha seo.

Samplaí d'fhocail Úcráinise atá níos cosúla leis na focail Pholainnise ná leis na cinn Rúisise iad seo:

Úcráinis: vybukh/вибух, Rúisis: vzryv/взрыв "pléasc", Polainnis wybuch
Úcráinis: vydavnytstvo/видавнитство, Rúisis izdatel'stvo/издательство "teach foilsitheoireachta", Polainnis wydawnictwo
Úcráinis: rik/рік, Rúisis god/год "bliain", Polainnis rok
Úcráinis: hodyna/година, Rúisis chas/час "uair (an chloig)", Polainnis godzina
Úcráinis: chas/час, Rúisis vremya/время "am", Polainnis czas

Tabhair faoi deara an focal rik. Ina lán focal Úcráinise déantar i den o agus den e sna siollaí dúnta: mar sin, is ionann rik agus rok na Polainnise - "bliain", kit agus kot na Polainnise - "cat", agus araile. Is i nua é an guta seo, agus is í an litir a sheasas di ná litir atá cosúil le litir ár n-aibítre féin. Ceann de shaintréithe sain-Úcránacha é an t-i nua seo, ní fheicfeá a leithéid sna teangacha Slavacha eile.

Is fiú cúpla focal a rá i dtaobh na lánfhuaime, nó na "pléafóine". Ceann de thréithre tipiciúla na dteangacha Slavacha Oirthearacha is ea é, agus is é is ciall leis ná guta a thagas idir dhá chonsan i dtús an fhocail, más consan leachtach (L nó R) an dara ceann acu. Féach na samplaí seo:

golova/голова "cloigeann" (gnáth-Rúisis) - glava/глава "ceann stáit; caibidil i leabhar" (iasacht ón tSlaivis Eaglasta)
gorod/город "cathair" (gnáth-Rúisis) - grad/град "cathair" (stíl shollúnta; iasacht ón tSlaivis Eaglasta)

San Úcráinis tá an lánfhuaim i bhfad níos coitianta ná sa Rúisis. A lán focal Slavach Oirthearach a chuaigh as úsáid sa Rùisis faoi bhrú na Slaivise Eaglasta maireann siad san Úcráinis i gcónaí:

plen/плен "braighdeanas, príosúnú" (Rúisis, ón tSean-Slaivis Eaglasta) - polon/полон (Úcráinis). D'fheicfeá an dara foirm sa Rúisis féin i stíleanna áirithe, ach ní thabharfadh gach foclóir Rúisise í. Cosúil leis sin, is é khorobryi/хоробрий an leagan Úcráinise den fhocal a chiallaíos "cróga", ach sa Rúisis is é khrabryi
/храбрый an focal a úsáidtear - an leagan a tháinig as an tSlaivis Eaglasta.

An litir Choireallach Г a fhuaimnítear mar G sa Rúisis, déantar H de i bhfuaimniú na hÚcráinise (agus na gcanúintí i ndeisceart na Rúise, gan aon trácht a dhéanamh ar an mBealarúisis). Mar sin, tugadh litir nua, Ґ, isteach san Úcráinis agus sa Bhealarúisis araon ina bhfuaimnítear G. Focail iasachta iad go bunúsach - ceann a tháinig ón mBéarla, ar ndóigh, chomh maith le hiasachtaí áirithe Polainnise atá réasúnta seanbhunaithe sa teanga. 

Thursday, December 23, 2021

Maidir le hIMRAM

Caithfidh sé gur chuala uasal agus íseal iomrá cheana ar an dá ghearrscéal Gaeilge de mo chuid féin a craoladh ar raidió Idirlín Mhúsaem Litríochta na hÉireann mar ghné d'fhéile litríochta IMRAM. Ba é an plean a bhí ag Liam Carson i dtús báire ná mé a chroscheistiú le haghaidh na féile agus an t-agallamh sin a chraoladh, ach sa deireadh thiar thall ghlac sé leis go mbeadh sé ródheacair an t-agallamh a dhéanamh agus mise lonnaithe san Fhionlainn: mar is gnách liom a rá, tá mé cineál bodhar ar chluais na Gaeilge, ionas nach féidir liom ceisteanna Gaeilge a thuiscint go rómhaith agus iad á gcur orm ar an teileafón nó ar fheidhmchláracha ríomhaire a dhéanas gnó an teileafóin, Skype mar shampla. Mar sin, fuair sé ní ba chiallmhaire cúpla ceann de na gearrscéalta a chraoladh a foilsíodh sa díolaim úd An Leabhar Nimhe, agus é féin sách doirte don leabhar sin. Bhuel, ní raibh mé míshásta leis an gcinneadh sin, agus mar sin tá an dá scéal le cloisteáil ar an Idirlíon anois.



Is é an téama a cheanglaíos na scéalta sa díolaim sin dá chéile ná an mhiotaseolaíocht ar chuir an scríbhneoir uafáis Meiriceánach Howard Phillips Lovecraft bun léi lena chuid scríbhinní faoi Cthulhu - nó Cuitiliú, mar a bhaist mé féin ar an neach seo as Gaeilge - agus faoi na Seanóirí Móra eile. Déithe drochaigeanta iad na Seanóirí Móra, agus is minic a bhíos na laochra i scéalta Lovecraft ag iarraidh teacht i dteagmháil leis na déithe seo chun iad a athmhuscailt - nó tá ré na Seanóirí Móra thart, agus chuaigh siad chun suain roimh theacht na sibhialtachta nua-aimseartha. Is féidir leis na daoine iad a ghairm chun beo arís agus na réaltaí san áit cheart lena aghaidh sin. Deasghnátha ar leith a theastaíos leis an athbheochan sin a chur i gcrích, agus brúidiúlacht is cruálacht gan a leithéid ag baint leis na searmanais seo. Le fírinne is í an tucaid is tábhachtaí a bhíos ag na daoine teacht chun tarrthála do na Seanóirí Móra ná an bhrúidiúlacht féin, agus fonn orthu a sult a bhaint as marú agus céasadh na ndaoine is na neacha beo eile. Sin é an t-ábhar scanraithe is mó atá sna scéalta i ndáiríribh.

Ba é an chéad duine san Fhionlainn a tharraing súil an tsaoil mhóir ar shaothar Lovecraft ná S. Albert Kivinen (fíorainm Seppo Kivinen) a bhí ina léachtóir le fealsúnaíocht onteolaíoch in Ollscoil Heilsincí. Is é an cur chuige a bhí aige ina chuid saothair ná an "cumannachas ontach", mar a bhaist sé ar a theoiric féin - ní raibh san fhocal sin "cumannachas" ach sórt magaidh, nó ní raibh baint ar bith ag a theoiric leis an gcumannachas polaitiúil. Is é an míniú a thug sé féin ar an gcumannachas fealsúnachta seo ná "go mbíonn neachanna éagsúla ann agus comhthréithe acu". Mar sin, cineál teoiric uilechoiteanta don ghnáthshiosmaid a bhí sa "chumannachas ontach".

Bhí cineálacha éagsúla caitheamh aimsire ag Kivinen, d'fhéadfá mireoga, fiú, a thabhairt orthu - na scéalta i stíl Lovecraft mar shampla. An chéad scéal den tsaghas seo a tháinig óna pheann - agus an ceann ab fhearr acu dar lena lán - ab ea Keskiyön Mato Ikaalisissa, nó Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen. Ceantar tuaithe, nó "cathair" (kaupunki) de réir théarmaíocht ár linne féin, atá in Ikaalinen agus í suite i gcúige Pirkanmaa, arb í cathair Tampere a phríomhchathair. Ar ndóigh, chaith Kivinen blianta a óige féin in Ikaalinen, agus mar sin, nuair a bhreac sé síos an scéal faoi Phéist an Mheán Oíche, shuigh sé imeachtaí an scéil in Ikaalinen, díreach mar ba ghnách le Lovecraft féin tarraingt ar chuimhní cinn a óige i bProvidence, Rhode Island.

Go tipiciúil bhí Lovecraft ag baint a leasa féin as fíorimeachtaí na staire chun craiceann na hinchreidteachta a chur ar a chuid scéalta: d'fhéadfadh sé a chasadh féin a chur sna himeachtaí agus a mhiotaseolaíocht a nascadh díobh. Ar an dóigh chéanna cheangail Kivinen a scéal faoi Phéist an Mheán Oíche de stair na Fionlainne, go háirithe de Chogadh Catharha mo thíre: faigheann fear inste an scéil leideanna i dtaobh Phéist an Mheán Oíche ó dhuine de na Gardaí Dearga, a throid sa chogadh sin. Casadh an Phéist - arrachtach a bhfuil baint aige leis na Seanóirí Móra, nó le miotaseolaíocht Chuitiliú - ar an nGarda le linn an chogaidh chéanna.

Mé féin chuaigh mé i dtuilleamaí cleasaíochta den chineál chéanna, nó tharraing mé ar Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin mar inspioráid. Chuir mé Amhlaoibh féin agus a chara, an tOllamh-Leá (is é sin dochtúir leighis - gné thábhachtach de shaothar Lovecraft féin ab ea go raibh a chuid Béarla ar maos le focail sheanársa ar tháinig sé orthu i litríocht na hochtú haoise déag, agus é barúlach gur sa tréimhse sin a bhain an teanga barr a maitheasa; le haithris a dhéanamh ar an nós seo d'athbheoigh mé an seantéarma) ar lorg áit ina raibh cultas uafáis ag iarraidh Cuitiliú agus na Seanóirí Móra eile a mhuscailt trí íobairtí daonna. Thairis sin d'inis mé scéal faoin mbéaloideasóir Proinsias Ó Conluain agus é ag dul ar lorg blúiríní eolais faoin gcultas seo ó na seanchaithe.

Maidir leis an scéal eile atá le cloisteáil ar leathanaigh an Mhúsaeim Liteartha, mar atá, An Leabhar Nimhe, is é is téama dó ná an druagántacht atá sna seanleabhair. An leabhar atá i gcroí an scéil, sórt leabhar briotaise atá inti, agus í ag athrú teaga de réir an duine atá ag breathnú uirthi. Bhí Lovecraft féin an-tugtha do na seanleabhair a d'fhág a mhuintir mar oidhreacht aige, agus shíl sé go raibh cumhacht iontu, cumhacht neamhshaolta fiú. An cineál Béarla a chleachtadh sé, ba é Béarla na seanleabhar cumhachtach é. Maidir leis an leabhar atá i gceist, is éard atá ann ná Unaussprechlichen Kulten le Friedrich Wilhelm von Junzt - ceann de na leabhair shamhailteacha a cheap Lovecraft mar phrapaí stáitse dá chuid scéalta. Le fírinne chuir sé isteach orm riamh mar fhear ceirde (is í an Ghearmáinis agus an léann a bhaineas léi an príomhábhar staidéir a bhí agam san ollscoil) gur tuiseal lom tabharthach atá i gceist leis an teideal sin. Mar sin chuir mé an réamhfhocal úd von leis, chomh maith le slabhra fada aidiachtaí a tháinig roimh unaussprechlichen

Sa scéal sin, An Leabhar Nimhe, castar orainn beirt fhear a bhfuil eolas acu ar mhiotaseolaíocht Chuitiliú, mar atá, Sergei Susi agus Joose-Alfred Kivelä. An Fionlannach a bhfuil aithne aige ar lucht na fantaisíochta agus an fhicsin eolaíochta sa tír s'againn aithneoidh sé ar an toirt gurb iad S. Albert Kivinen agus Boris Hurtta iad. Tá an bheirt acu ar shlí na fírinne anois, ar an drochuair. Scríobhadh Hurtta scéalta uafáis, scéalta Cuitilíochta san áireamh, chomh maith le Kivinen. Póilín a bhí in Hurtta agus ba é an fíorainm a bhí air ná Tarmo Talvio: is é is brí leis an bhfocal sin hurtta ná "cú fola", agus mar sin tháinig sé nádúrtha agam susi, "mac tíre", "faolchú", a chur ina áit. Agus ar ndóigh is ainmneacha iad Boris agus Sergei a bhfuil blas na Rúisise orthu. Bhí comhfhreagras éigin agam leis an mbeirt acu nuair a bhí mé ag aistriú Péist an Mheán Oíche, ach níor casadh aon duine acu ina steillebheatha riamh, mo léan géar. Fuair Hurtta bás ar an 6 Feabhra 2021, agus d'fhág Kivinen slán ag gleann seo na ndeor ar an 13 Lúnasa.

Tuesday, September 28, 2021

Mo sheanaiste faoi theicneachabaireacht an Réaltaistir

Ceann de na foinsí Béarlachais is mó i saol na Gaeilge í an tsiamsaíocht Mheiriceánach – sin rud chomh follasach agus is féidir. Ní gnách Gaeilge a chur ar na sraithscéalta teilifíse a bhfuil gnaoi an phobail orthu, ná fiú ar na leabhair mhór-ratha le scríbhneoirí éadroma. Ró-annamh a bhactar leis an teanga a chur ar leabhair nach raibh iontu ar dtús ach ficsean sainseánra (nó genre fiction mar a deir an Béarla) nó garrfhicsean (pulp fiction) agus a bhain amach clú an chlasaicigh idir an dá linn. (Tá mé féin tar éis leabhar amháin den chineál sin,  Foundation le hIsaac Asimov, a aistriú go Gaeilge. Thairis sin, tá Foundation and Empire leis an údar céanna agus A Princess of Mars le hEdgar Rice Burroughs á n-aistriú go Gaeilge agam i láthair na huaire.) Is beag an sólás do lucht na Gaeilge é, ach is féidir an fhadhb chéanna a aithint i saol na dteangacha eile – teangacha, fiú, a bhfuil stádas cobhsaí acu i saol cultúrtha agus poiblí a dtíortha.

San Fhionlainn, mar shampla, chloisfeá cliséanna na sraithscéalta Meiriceánacha go léir – sa bhunteanga – i gcoimhthéacs an chomhrá Fionlainnise. Tá an Béarla á fhoghlaim ón tríú rang bunscoile i leith. Thairis sin, ní gnách linn na sraithscéalta teilifíse a dhubáil: is fearr linn fotheidil ná athghuth. Mar sin, chuala muid criú an Enterprise, na Friends, agus laochra na sraithscéalta eile ag labhairt Béarla ar an teilí riamh, agus d’éirigh muid cleachtach ar a gcuid buafhocal. Ní hé sin an scéal atá fíor ina lán tíortha Eorpacha eile. Cé go bhfuil Gearmáinis an lae inniu torrach le focail Bhéarla, dealraíonn sé gurb as Gearmáinis a labhraíos Picard, Janeway, Worf agus Troi, gan tagairt a dhéanamh don chuid eile acu, ar theilifís na Gearmáine.

Luaigh mé an Enterprise, agus ceart go leor beidh an Star Trek go mór mór faoi chaibidil agam san aiste seo. Nó an Réaltaistear – sin é an leagan Gaeilge a múineadh dom thiar sna nóchaidí, nuair nach raibh mé ach díreach i ndiaidh ballraíocht a bhaint amach ar an bhfóram Gaeilge úd Gaelic-L.

Tá sé ina sheandeilín smolchaite ag lucht na Gaeilge ná nach bhfuil maith ar bith sna téarmaí eolaíochta a thagas as ceárta an Choiste Téarmaíochta. Cé nach bhfuil mé féin sásta le gach moladh dá n-eisíonn siad, caithfidh mé a rá go bhfuil mé tinn tuirseach de bhéal bhocht seo na nGaeilgeoirí i dtaobh na téarmaíochta oifigiúla ar na saoltaibh seo. Déarfainn go raibh téarmaí ar choincheapanna nua-aimseartha amscaí i ngach teanga ó thús. Nuair a chuaigh na cainteoirí ina dtaithí thréig an coimhthíos. Sin, nó chuir siad a gcasadh féin ar an bhfocal lena dhéanamh níos nádúrtha sa teanga.

Mar sin is é is bunrúta leis an bhfadhb áirithe seo – arís – ná nach n-úsáidtear an Ghaeilge ná na téarmaí eolaíocha Gaeilge go fairsing. Dá gcloisfeá téarmaí Gaeilge ar an teilifís an t-am ar fad, dá mbeifeá ag léamh leabhair fhaisnéise faoi bhrainsí éagsúla eolaíochta agus a gcúrsaí, agus dá mbeadh cultúr léitheoireachta an chineál sin leabhar forleathan i measc lucht na Gaeilge (ar ndóigh ba mhór an chabhair dá mbeadh na leabhair sin ann!), is dócha nach mbeadh na daoine chomh míshásta is atá siad leis na téarmaí, cé go mba iad na “drochthéarmaí” céanna a bheadh i gceist. Is é an locht is mó atá ar na téarmaí Gaeilge ná go bhfanann siad sna foclóirí in áit a bheith i gcúrsaíocht choitianta.

Patrick Stewart ina Bhorg
“Ní fiú cur inár n-aghaidh! Déanfar cuid den chnuasphobal díot!” (“Resistance is futile! You will be assimilated”) Sin é an chaint a chloisfeá ó na “Borg“. Is iad na Borg cine na gcibearg in ollchruinne fhicseanúil an Réaltaistir – daoine agus iad iompaithe ina róbait. Níl pearsantacht ná indibhidiúlacht acu, agus is é an t-aon chuspóir atá acu ná na daoine go léir a “Bhorgú” nó a “chomhshamhlú” le comhphobal agus cnuasintinn na mBorg. San eipeasóid dhúbailte “The Best of Both Worlds” (“Rogha an Dá Shaol” – is iad sin saol na ndaoine daonna agus saol na mBorg) den tsraith “Star Trek: The Next Generation”, d’éirigh leis na Borg captaen an Enterprise, Jean-Luc Picard, a chimiú agus a “chomhshamhlú”, ionas go ndearnadh Borg de. “Locutus” an t-ainm a bhí air agus é ina chibearg – focal Laidine a chiallaíos “An Té a Labhair”. Sa deireadh, d’éirigh le criú an Enterprise Picard a tharrtháil agus gléasra na mBorg a bhaint de. Ba é Patrick Stewart a rinne páirt Jean-Luc Picard sa tsraith ST:TNG. (Foinse: Vicipéid an Bhéarla.)

Is minic a bhíos na téarmaí Béarla ar choincheapanna eolaíochta lán chomh hamscaí leis na téarmaí Gaeilge. Scéal eile é áfach go gcloiseann na Béarlóirí na téarmaí seo i gcoimhthéacs na teanga nádúrtha, agus nuair atá Béarla dúchasach timpeall ar an bhfocal deacair, is furasta duit do chuid féin a dhéanamh de. Bítear ag fáil lochta ar an “teicneachabaireacht” (technobabble) ar na sraithscéalta ficsin eolaíochta, cosúil leis an Réaltaistear, go minic, nó ag gáire fúithi, ach b’fhearr liom sibhse stad den scigiúlacht sin le bhur marana a dhéanamh ar an bhfíric seo leanas: is í an teicneachabaireacht a chuireas an chosmhuintir i dtaithí na bhfocal eolaíoch agus a dhéanas cuid nádúrtha den ghnáthchaint díobh. Is é an fhadhb ná nach mbíonn na focail nuachumtha nó na téarmaí eolaíochta le cloisteáil i sruth na cainte líofa ná le léamh i gcoimhthéacs na dea-Ghaeilge. A mhalairt ar fad.

Is minic a chloiseas muid iomrá ar an dá rud “Gaeilge uafásach scoile” agus “Gaeilge Gaeltachta”, ach ar an drochuair dealraíonn sé nár bhac aon duine riamh le comparáid chórasach a dhéanamh idir an stíl a chleachtas na scríbhneoirí dúchasacha agus an cineál Gaeilge a bhíos le léamh i scríbhinní na n-údar nár fhoghlaim Gaeilge ach ar scoil. Mar sin, níl treoirleabhair ná téacsleabhair againn a mhíneodh don ghnáthléitheoir, don ghnáthscríbhneoir agus don ghnáth-Ghaeilgeoir bhocht conas a d’fhéadfadh sé “an Ghaeilge uafásach scoile” a dhí-fhoghlaim. (An ar mo chrann-sa a thitfeas sé, meas tú?)

Is deacair a rá ar ndóigh céard is dea-Ghaeilge ann, an cineál Gaeilge a mba chóir dúinn aithris a dhéanamh air, an stíl neodrach. Ina lán teangacha tá stíl na teanga liteartha chomh cobhsaí, chomh seanbhunaithe, is nach bhfuil mórán easaontais ann faoin gcineál teanga ba chóir a fhoghlaim is a chleachtadh. Bíonn scríbhneoirí cruthaitheacha ann agus a gcuid turgnamh is trialach idir lámhaibh acu ach tríd is tríd tá a fhios agat céard is dea-stíl ann mar a thuigfeadh clasaicigh na teanga an coincheap sin. Maidir le dea-stíl na Gaeilge, arís, chinn mé, na blianta ó shin, mo thuiscint féin ar na cúrsaí seo a thógáil ar dhúshraith an bhéaloidis agus na scéalaíochta traidisiúnta.

B’fhéidir nach raibh traidisiún liteartha ag muintir na Gaeltachta fadó, ach ar a laghad bhí traidisiún scéalaíochta agus seanchais acu, agus cé gur gnách linn mar Ghaeilgeoirí bheith ag caí, ag cáiseamh agus ag caoineadh an tsaibhris a cailleadh nuair a d’imigh an teanga, is é lomlán na fírinne ná go bhfuil cuid mhór den tsaibhreas chéanna againn i gcónaí. San am a chaith mé féin i mo Ghaeilgeoir chuaigh a lán ábhar béaloidis i gcló faoi chlúdach leabhair, agus de réir is mar a rinne mé staidéar ar na cinn a cheannaigh mé i rith an ama seo tháinig ciall agam do Ghaeilge na Gaeltachta. Ní féidir liom a rá go mbeinn ar aon leibhéal leis na máistrí móra ach sílim go bhfuil mé in ann aithris éigin a dhéanamh ar a bhfuil léite agam agus na hamscaíochtaí is dual do scríbhneoirí na Galltachta a sheachaint.

Cé go bhfuil na nuathéarmaí riachtanach agus géar-riachtanach, is é an rud is tábhachtaí, an rud is géire a theastaíos, ná an Ghaeilge thraidisiúnta. Caithfidh an scríbhneoir maith bheith eolach ar an ábhar agus ar na téarmaí riachtanacha, ach san am chéanna caithfidh sé a bheith ábalta na saintéarmaí a sheachaint nuair nach bhfuil gá leo. Níl sna téarmaí sin ach uirlisí de chuid na ceirde go bunúsach. Mar is eol dúinn, is namhaid í an cheird gan í a fhoghlaim agus bíonn an uirlis is úsáidí dainséarach díobhálach i lámh an duine nach bhfuil an dóigh cheart aige uirthi.

Is iomaí cineál Béarlachais a chuireas isteach ar léitheoir na Gaeilge, ar ndóigh. Ceann acu an rómhuinín a bhíos ag scríbhneoirí maithe féin as na téarmaí nuachumtha i gcoimhthéacsanna neamhoiriúnacha. Bíonn an Béarla scríofa an-difriúil leis an teanga líofa labhartha, agus na focail teibí teicniúla ag ruaigeadh na gnáthchainte as, agus is rómhinic a fheicim daoine a bhfuil a gcuid Gaeilge go hiontach ar fad nuair a labhraíos siad ag cur seaicéad ceangail an Bhéarla fhoirmiúil orthu féin nuair a thosaíos siad ag scríobh – ag scríobh Gaeilge.

Teastaíonn uathu téarmaí casta “liteartha” a chur in áit na bhfocal nádúrtha, in aithris ar nós an Bhéarla. Ní féidir leo anáil a tharraingt ná a ligean amach mar is dual don duine – tosaíonn siad ag ionanálú agus ag easanálú, nó fiú ag cleachtadh ríospráide. Anois, admhaím go mbíonn focail cosúil leis an mbeirt seo ag teastáil agus sinn ag iarraidh cúrsaí eolaíochta a phlé – shílfínn nach ndéanfá in uireasa “ionanálú”, “easanálú” nó “ríospráid” i dtráchtas leigheaseolaíochta nó fiseolaíochta. Ach má bhímid ag plé na rudaí seo i gcomhthéacs na gnáthchainte, is é an rud is tábhachtaí ná na gnáthfhocail nó na gnáthleaganacha a fhoghlaim is a úsáid, is é sin, tarraingt na hanála agus ligean amach na hanála.

Is mór an trua ar ndóigh má bhaineann daoine úsáid as “ionanálú” agus “easanálú” toisc nach bhfuil na leaganacha dúchasacha ar eolas acu agus iad ag gabháil leor leis an gcéad fhocal (nó fiú leis an aon fhocal!) a dtagann siad air san fhoclóir. Má théann siad ar lorg “inhale” agus “exhale” – focail mhóra Laidineacha sa Bhéarla féin, gheobhaidh siad ansin “ionanálaigh” agus “easanálaigh”, téarmaí troma Gaeilge nach bhfuil inghlactha ach i dtéacs foirmiúil leigheaseolaíochta, má scríobhtar téacsanna den chineál sin sa teanga ar aon nós.

Má chuirimid Gaeilge i mbéal na mBorg ar an Réaltaistear, is é an chéad leagan a mholfas lucht na Gaeilge scoile dúinn ná “comhshamhlófar sibh” nó rud éigin cosúil leis sin, Cúpla mí ó shin bhí pictiúrchomhad á scaoileadh timpeall ar an bhFacebook le haistriúcháin droch-Ghaeilge ar roinnt frásaí ón Réaltaistear – más buan mo chuimhne ní raibh oiread is ceann amháin acu in aon neasacht do bheith ceart ná intuigthe mar Ghaeilge, ach is díol suntais é gur bhain an duine bocht ónar tháinig an iarracht thruamhéileach seo – gur bhain sé úsáid as “comhshamhlú” le “assimilate” an Bhéarla a aistriú. Léiriú maith scigphictiúrtha é seo ar an meon a bhíos ag a lán agus iad ag iarraidh “an Ghaeilge a chur in oiriúint don aonú haois fichead”: is cuma faoi cheart na comhréire, faoi dhul nádúrtha na bhfocal, is é an rud is tábhachtaí ná úsáid a bhaint as téarma nuachumtha.

Is é an chéad phrionsabal atá ag gach aon aistritheoir maith ná go bhfuil sé leis an gciall a aistriú seachas malairt focail a chur ar an mbuntéacs. Ar ndóigh más ag cur malairt teanga ar fhicsean eolaíochta ar nós an Réaltaistir atáimid, is cuid den atmaisféar iad na focail mhóra nach dtuigtear ach ar éigean. Le fírinne thig a rá nach mbíonn an cineál Béarla a labhraíos na Borg ar an Réaltaistear rónádúrtha, toisc go bhfuiltear ag tabhairt le fios gur cnuaschine, cnuasphobal agus cnuasintinn iad nach dtugann aitheantas d’indibhidiúlacht ar aon nós. Is féidir a rá go bhfuilimid i gcall Gaeilge chomh mínádúrtha céanna leis an smaoineamh seo a chur in iúl.

Mar sin féin, dá mbeinnse le Gaeilge a chur ar scannáin nó ar scéalta a bhaineas le coincheap an Réaltaistir, is dócha go mbeinn ag iarraidh téarmaí speisialta a sheachaint a fhad agus ab fhéidir.  Ar ndóigh, ní féidir déanamh in uireasa rudaí ar nós “féasar” (phaser), ach níl ina leithéidí ach ainmneacha ar rudaí nach bhfuil ann ar aon nós ach taobh istigh d’ollchruinne fhicseanúil an Réaltaistir féin – ainmneacha is féidir a dhealramh le hainmneacha dílse. Cuid de na téarmaí meafaracha is féidir iad a aistriú focal ar fhocal (wormhole mar shampla – ní thuigim cén fáth nach bhféadfainn “poll péiste” a thabhairt air as Gaeilge). Maidir leis na Borg, is dóigh liom gur fearr coincheap an assimilation a aistriú go Gaeilge gan dul i muinín leis an bhfocal “comhshamhlú”: Déanfar cuid den chnuasphobal díot! Ní fiú cur inár n-aghaidh!

An focal resistance, dála an scéil. Cé gur chaith na Gaeil seacht n-aois laochais (seven heroic centuries,mar a dúirt Yeats) ag cur troda ar na Gaill, níor ceapadh focal ar leith le resistance a aistriú sa chiall mhíleata – ba leor do na Gaeil troid nó cath. Is é an focal a chuireas ligeadóirí agus casadóirí na téarmaíochta ar fáil dúinn inniu ná “frithbheartaíocht”, agus cé go bhfuil sé cineál trom, níl locht ar bith agamsa air. Scéal eile áfach go bhfaca mé an téarma “friotaíocht” go rómhinic sa chiall seo ag daoine ar mó a ngrá don Ghaeile ná a n-eolas uirthi. Is éard atá i gceist leis an bhfriotaíocht ná resistance na leictreoireachta. Dá mbeadh an teanga go maith ag an té a chrothnaigh uaidh an focal Gaeilge ar resistance, thuigfeadh sé go mb’fhearr an téarma a sheachaint agus an coincheap a chur in iúl le gnáthfhocal éigin (troid, cath, spairn lann…) mura bhfuil tú cinnte faoi aistriúchán ceart an téarma Béarla.

Monday, August 2, 2021

Alúmanam

 Alúmanam a thugtar ar dhúil uimhir a trí déag i dtábla peiriadach na ndúl. Al an tsiombail cheimiceach, agus is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p1. Mar sin, tá trí leictreon ar an sceall is faide amuigh, agus is dual don alúmanam an trí cinn sin a thabhairt ar iasacht uaidh. Dá réir sin, is é +3 an staid ocsaídiúcháin is dual don dúil seo, agus ní féidir +1 ná +2 a aithint ag an alúmanam ach amháin i gcomhdhúile díomuana. Tá an t-alúmanam 26.981 aonad ar mheáchan adamhach, agus ní díol iontais é mar sin gurb é alúmanam a 27, nó 27Al, an t-aon iseatóp nádúrtha amháin atá aige. Tá an raidiseatóp is cobhsaí, 26Al, seacht gcéad míle bliain ar leathré, agus is féidir iarsmaí de a aithint sa ghás idir-réaltach, ach más féidir féin, tá sé sábháilte a rá nach bhfuil a dhath fágtha de i ndúlra an Domhain. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ann, ní mór iad a tháirgeadh sa tsaotharlann, agus ní bhíonn siad fadsaolach ar aon nós – bíonn siad cúpla nóiméad nó cúpla soicind ar leathré, nó níos éagobhsaí fós.

Rúibín ó cheantar Dodoma sa Tansáin. Is é an cróimiam an truailleán is cúis leis an dath dearg. Foinse: Vicipéid an Bhéarla.


Miotal éadrom é an t-alúmanam. Seoltóir maith teasa agus leictreachais atá ann, agus níl nimh ná dochar ann don orgánach dhaonna. Táthar buartha faoin mbaint atá ag an alúmanam le galar Alzheimer, ach níl na saineolaithe ar aon fhocal faoin mbaint sin. Ocsaídítear an t-alúmanam go héasca, agus mar sin bíonn brat ocsaíde ar an miotal a fhágas liath é – ar an dath sin is fusa a aithnítear an t-alúmanam. Tá an ocsaíd alúmanaim, Al2O3, an-chrua, an-láidir mar shubstaint, agus díonann an brat sin an miotal ar thuilleadh ocsaídiú. Deirtear go n-éighníomhaíonn an brat ocsaíde an miotal.

Alúmanam. Foinse: Vicipéid an Bhéarla.


Cé go bhfuil an t-alúmanam ar ceann de na dúile is coitianta i screamh an domhain, agus aithne ag na daoine ar mhianraí éagsúla alúmanaim (alúm, mar shampla) ó thús na staire, níor éirigh leis an gcine daonna alúmanam a aonrú mar dhúil ach sa naoú haois déag. Ba é an Danmhargach Hans Christian Ørsted a rinne an t-éacht. Ar feadh i bhfad, áfach, ní raibh sé furasta na mianraí a dhí-ocsaídiú go miotal alúmanaim, agus bhíodh an miotal ní ba dhaoire ná an t-ór féin.


Ba iad an Meiriceánach Charles Martin Hall agus an Francach Paul Héroult a tháinig ar an modh oibre le halúmanam a tháirgeadh ar scála tionsclaíoch, i ndeireadh na naoú haoise déag. Is éard atá i gceist le próiseas Hall-Héroult – mar a thugtar air – ná leictrealú na hocsaíde alúmanaim go hocsaigin agus alúmanam. Níl sé praiticiúil an ocsaíd a leá lena leictrealú, áfach, toisc go dteastaíonn teocht breis is dhá mhíle céim Celsius chuige sin. Ba é an rud a rith le Hall agus Héroult, beag beann ar a chéile, ná an ocsaíd a thuaslagadh i gcrióilit leáite. Mianra alúmanaim í an chrióilit féin – is éard atá inti ná fluairíd potaisiam agus alúmanaim (an heicseafluaralúmanáit tríphotaisiam, K3AlF6), agus í i bhfad níos soleáite ná an ocsaíd alúmanaim.

Báicsít. Fuair an bháicsít a hainm ó Les Baux, baile beag san Fhrainc, áit ar tháinig an geolaí Francach Pierre Berthier ar an mianra seo sa bhliain 1822. Foinse: Vicipéid an Bhéarla.


An leagan den ocsaíd alúmanaim a úsáidtear le haghaidh táirgíochta is é an bháicsít é. Ocsaíd alúmanaim neamhghlan atá sa bháicsít. Tugtar corandam ar na glanchriostail ocsaíde alúmanaim, agus úsáidtear sa tseodóireacht iad. Níl dath ar bith sa ghlanchorandam, ach fágann truailleáin dathanna éagsúla ann. Tugtar rúibín ar an gcorandam dearg, agus is é an cróimiam is cúis leis an dath. Tagraíonn an focal saifír do na cineálacha daite eile den chorandam, go háirithe don chorandam ghorm.


Tá a lán mianraí alúmanaim eile sa dúlra chomh maith – na hiathchlocha, mar shampla, ar sileacáití alúmanaim iad. As an mbáicsít a bhaintear an chuid is mó den alúmanam, áfach.


Níl léamh ná scríobh ná insint bhéil ar chomh húsáideach is atá an t-alúmanam, ós miotal éadrom é agus an-teacht aniar ann. Go coitianta, measctar miotail eile tríd lena dhéanamh níos oiriúnaí d’úsáid ar leith. Baintear leas as an nglanalúmanam freisin, áfach – sa leictreonaic, ar a laghad. Go bunúsach, is é an glanalúmanam atá de dhíth más í an díontacht ar an gcreimeadh (ar an ocsaídiú) is mó atá ag teastáil, ach más í an chruacht agus an díontacht ar bhuaillí nó ar bhrú meicniúil atá de dhíth, roghnófar cómhiotal alúmanaim de chineál éigin.

An Altóir

An Altóir atá ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d’ainmneacha againn ar a cuid réaltaí ach Alpha Arae, Beta Arae, Gamma Arae agus araile.


Ara an t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann ar a dtugtar Auriga as Laidin.

Is í Beta Arae an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Is K-réalta í, is é sin réalta fhlannbhuí, agus í níos fuaire ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread agus aon chúigiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus cúig mhíle agus sé chéad oiread chomh lonrúil. Glactar leis go bhfuil suite timpeall ar shé chéad go leith de sholasbhlianta ar shiúl uainn.


Maidir le hAlpha Arae, is B-réalta í – réalta bhán nó bhánghorm atá an-te. Cé go dtugtar ”alpha” uirthi in ainmníocht Bayer, níl sí ach ar an dara réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Tá mais naoi nGrianta agus sé dheichiú cuid inti, agus í beagnach sé mhíle oiread chomh lonrúil leis an nGrian, má áirítear gach cineál radaíochta (an rud ar a dtugtar lonrachas bólaiméadrach). Tá sí ag casadh ar a hais chomh tapa is nach bhfuil déanamh na liathróide uirthi a thuilleadh – le fírinne dealraíonn sé go rachadh sí as a chéile dá mbeadh sí ag déanamh an bhulla báisín seo beagáinín níos sciobtha fós. Tá cuid mhór gáis agus deannaigh idir sinn agus Alpha Arae, rud a bhaineas de ghile na réalta mar a fheictear dúinn í (díobhadh a thugtar ar an maolú seo).


Altasamat

Altasamat is ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde (altitude), agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál altasamat é an túirín gunna chomh maith.

Feistiú simplí altasamait faoin teileascóp. Tugtar "feistiú Dobson" ar an saghas seo altasamat chomh maith. Ba é an réalteolaí amaitéarach Meiriceánach John Lowry Dobson a chéadcheap an cineál seo feistiú agus a rinne coitianta é. Bhíodh Dobson ag múineadh d'amaitéaraigh eile réalteolaíochta conas a d'fhéadfaidís a dteileascóp féin a thógáil agus feistiú altasamait a chur faoi, agus bhunaigh sé an cumann Sidewalk Astronomers leis an tuiscint ar na réaltaí a chur chun cinn i measc na gnáthmhuintire. Foinse: ECeDee/Vicipéid an Bhéarla


Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...