Friday, July 16, 2021

Alfa-cháithnín

 

Alfa-cháithnín a thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.

Núicléas trom ag astú alfa-cháithnín - cáithnín atá comhdhéanta as dhá phrótón agus dhá neodrón. Pictiúr: Inductiveload, Vicipéid an Bhéarla


Nuair a thiocfas moill ar an alfa-cháithnín sa damhna, bainfidh sé dhá leictreon óna thimpeallacht agus iompóidh sé ina adamh héiliam. Dá thoradh sin bíonn boilgeoga beaga héiliam le fáil sna mianta úráiniam – bíonn na hadaimh úráiniam ag astú alfa-radaíocht, chomh maith lena lán núiclídí troma eile a bhíos coitianta sna mianta sin.

Alderamin

 

Alderamin: Is é Alderamin nó Alpha Cephei an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann. Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta phríomhsheichimh.

Aldebaran

 

Aldebaran: Is é Aldebaran nó Alpha Tauri an réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl sé mórán níos troime ná an Ghrian s’againn cé go bhfuil sé i bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é a d’fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.

Alcyone

 

Alcyone: Is í Alcyone nó Eta Tauri an ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh. Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.

Alcor

 

Alcor: Is é Alcor nó 80 Ursae Majoris Arundhati leathbhádóir na réalta úd Mizar Zeta Ursae Majoris. Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach abhac fann.

Albireo

 

Albireo: Is é Albireo nó Beta Cygni an cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo Ac ar an dá réalta sin inniu.


Fathachréalta fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí iad – is é sin, réaltaí teo gorma.

Aladáid

 

Aladáid géag shnáthaide a thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.

Johannes Remy, staraí Fionlannach, ag míniú na lochtanna ar an "alt" a scríobh Putin faoi bhaint stairiúil na hÚcráine leis an Rúis

Na laigí a aithnítear ar an alt a scríobh Vladimir Putin faoin Úcráin agus a stair  Scríobh Vladimir Putin alt faoi stair na hÚcráine agus f...