Caithfidh sé gur chuala uasal agus íseal iomrá cheana ar an dá ghearrscéal Gaeilge de mo chuid féin a craoladh ar raidió Idirlín Mhúsaem Litríochta na hÉireann mar ghné d'fhéile litríochta IMRAM. Ba é an plean a bhí ag Liam Carson i dtús báire ná mé a chroscheistiú le haghaidh na féile agus an t-agallamh sin a chraoladh, ach sa deireadh thiar thall ghlac sé leis go mbeadh sé ródheacair an t-agallamh a dhéanamh agus mise lonnaithe san Fhionlainn: mar is gnách liom a rá, tá mé cineál bodhar ar chluais na Gaeilge, ionas nach féidir liom ceisteanna Gaeilge a thuiscint go rómhaith agus iad á gcur orm ar an teileafón nó ar fheidhmchláracha ríomhaire a dhéanas gnó an teileafóin, Skype mar shampla. Mar sin, fuair sé ní ba chiallmhaire cúpla ceann de na gearrscéalta a chraoladh a foilsíodh sa díolaim úd An Leabhar Nimhe, agus é féin sách doirte don leabhar sin. Bhuel, ní raibh mé míshásta leis an gcinneadh sin, agus mar sin tá an dá scéal le cloisteáil ar an Idirlíon anois.
Is é an téama a cheanglaíos na scéalta sa díolaim sin dá chéile ná an mhiotaseolaíocht ar chuir an scríbhneoir uafáis Meiriceánach Howard Phillips Lovecraft bun léi lena chuid scríbhinní faoi Cthulhu - nó Cuitiliú, mar a bhaist mé féin ar an neach seo as Gaeilge - agus faoi na Seanóirí Móra eile. Déithe drochaigeanta iad na Seanóirí Móra, agus is minic a bhíos na laochra i scéalta Lovecraft ag iarraidh teacht i dteagmháil leis na déithe seo chun iad a athmhuscailt - nó tá ré na Seanóirí Móra thart, agus chuaigh siad chun suain roimh theacht na sibhialtachta nua-aimseartha. Is féidir leis na daoine iad a ghairm chun beo arís agus na réaltaí san áit cheart lena aghaidh sin. Deasghnátha ar leith a theastaíos leis an athbheochan sin a chur i gcrích, agus brúidiúlacht is cruálacht gan a leithéid ag baint leis na searmanais seo. Le fírinne is í an tucaid is tábhachtaí a bhíos ag na daoine teacht chun tarrthála do na Seanóirí Móra ná an bhrúidiúlacht féin, agus fonn orthu a sult a bhaint as marú agus céasadh na ndaoine is na neacha beo eile. Sin é an t-ábhar scanraithe is mó atá sna scéalta i ndáiríribh.
Ba é an chéad duine san Fhionlainn a tharraing súil an tsaoil mhóir ar shaothar Lovecraft ná S. Albert Kivinen (fíorainm Seppo Kivinen) a bhí ina léachtóir le fealsúnaíocht onteolaíoch in Ollscoil Heilsincí. Is é an cur chuige a bhí aige ina chuid saothair ná an "cumannachas ontach", mar a bhaist sé ar a theoiric féin - ní raibh san fhocal sin "cumannachas" ach sórt magaidh, nó ní raibh baint ar bith ag a theoiric leis an gcumannachas polaitiúil. Is é an míniú a thug sé féin ar an gcumannachas fealsúnachta seo ná "go mbíonn neachanna éagsúla ann agus comhthréithe acu". Mar sin, cineál teoiric uilechoiteanta don ghnáthshiosmaid a bhí sa "chumannachas ontach".
Bhí cineálacha éagsúla caitheamh aimsire ag Kivinen, d'fhéadfá mireoga, fiú, a thabhairt orthu - na scéalta i stíl Lovecraft mar shampla. An chéad scéal den tsaghas seo a tháinig óna pheann - agus an ceann ab fhearr acu dar lena lán - ab ea Keskiyön Mato Ikaalisissa, nó Péist an Mheán Oíche in Ikaalinen. Ceantar tuaithe, nó "cathair" (kaupunki) de réir théarmaíocht ár linne féin, atá in Ikaalinen agus í suite i gcúige Pirkanmaa, arb í cathair Tampere a phríomhchathair. Ar ndóigh, chaith Kivinen blianta a óige féin in Ikaalinen, agus mar sin, nuair a bhreac sé síos an scéal faoi Phéist an Mheán Oíche, shuigh sé imeachtaí an scéil in Ikaalinen, díreach mar ba ghnách le Lovecraft féin tarraingt ar chuimhní cinn a óige i bProvidence, Rhode Island.
Go tipiciúil bhí Lovecraft ag baint a leasa féin as fíorimeachtaí na staire chun craiceann na hinchreidteachta a chur ar a chuid scéalta: d'fhéadfadh sé a chasadh féin a chur sna himeachtaí agus a mhiotaseolaíocht a nascadh díobh. Ar an dóigh chéanna cheangail Kivinen a scéal faoi Phéist an Mheán Oíche de stair na Fionlainne, go háirithe de Chogadh Catharha mo thíre: faigheann fear inste an scéil leideanna i dtaobh Phéist an Mheán Oíche ó dhuine de na Gardaí Dearga, a throid sa chogadh sin. Casadh an Phéist - arrachtach a bhfuil baint aige leis na Seanóirí Móra, nó le miotaseolaíocht Chuitiliú - ar an nGarda le linn an chogaidh chéanna.
Mé féin chuaigh mé i dtuilleamaí cleasaíochta den chineál chéanna, nó tharraing mé ar Chín Lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin mar inspioráid. Chuir mé Amhlaoibh féin agus a chara, an tOllamh-Leá (is é sin dochtúir leighis - gné thábhachtach de shaothar Lovecraft féin ab ea go raibh a chuid Béarla ar maos le focail sheanársa ar tháinig sé orthu i litríocht na hochtú haoise déag, agus é barúlach gur sa tréimhse sin a bhain an teanga barr a maitheasa; le haithris a dhéanamh ar an nós seo d'athbheoigh mé an seantéarma) ar lorg áit ina raibh cultas uafáis ag iarraidh Cuitiliú agus na Seanóirí Móra eile a mhuscailt trí íobairtí daonna. Thairis sin d'inis mé scéal faoin mbéaloideasóir Proinsias Ó Conluain agus é ag dul ar lorg blúiríní eolais faoin gcultas seo ó na seanchaithe.
Maidir leis an scéal eile atá le cloisteáil ar leathanaigh an Mhúsaeim Liteartha, mar atá, An Leabhar Nimhe, is é is téama dó ná an druagántacht atá sna seanleabhair. An leabhar atá i gcroí an scéil, sórt leabhar briotaise atá inti, agus í ag athrú teaga de réir an duine atá ag breathnú uirthi. Bhí Lovecraft féin an-tugtha do na seanleabhair a d'fhág a mhuintir mar oidhreacht aige, agus shíl sé go raibh cumhacht iontu, cumhacht neamhshaolta fiú. An cineál Béarla a chleachtadh sé, ba é Béarla na seanleabhar cumhachtach é. Maidir leis an leabhar atá i gceist, is éard atá ann ná Unaussprechlichen Kulten le Friedrich Wilhelm von Junzt - ceann de na leabhair shamhailteacha a cheap Lovecraft mar phrapaí stáitse dá chuid scéalta. Le fírinne chuir sé isteach orm riamh mar fhear ceirde (is í an Ghearmáinis agus an léann a bhaineas léi an príomhábhar staidéir a bhí agam san ollscoil) gur tuiseal lom tabharthach atá i gceist leis an teideal sin. Mar sin chuir mé an réamhfhocal úd von leis, chomh maith le slabhra fada aidiachtaí a tháinig roimh unaussprechlichen.
Sa scéal sin, An Leabhar Nimhe, castar orainn beirt fhear a bhfuil eolas acu ar mhiotaseolaíocht Chuitiliú, mar atá, Sergei Susi agus Joose-Alfred Kivelä. An Fionlannach a bhfuil aithne aige ar lucht na fantaisíochta agus an fhicsin eolaíochta sa tír s'againn aithneoidh sé ar an toirt gurb iad S. Albert Kivinen agus Boris Hurtta iad. Tá an bheirt acu ar shlí na fírinne anois, ar an drochuair. Scríobhadh Hurtta scéalta uafáis, scéalta Cuitilíochta san áireamh, chomh maith le Kivinen. Póilín a bhí in Hurtta agus ba é an fíorainm a bhí air ná Tarmo Talvio: is é is brí leis an bhfocal sin hurtta ná "cú fola", agus mar sin tháinig sé nádúrtha agam susi, "mac tíre", "faolchú", a chur ina áit. Agus ar ndóigh is ainmneacha iad Boris agus Sergei a bhfuil blas na Rúisise orthu. Bhí comhfhreagras éigin agam leis an mbeirt acu nuair a bhí mé ag aistriú Péist an Mheán Oíche, ach níor casadh aon duine acu ina steillebheatha riamh, mo léan géar. Fuair Hurtta bás ar an 6 Feabhra 2021, agus d'fhág Kivinen slán ag gleann seo na ndeor ar an 13 Lúnasa.